EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1988
Council Decision (EU) 2021/1988 of 9 November 2021 appointing a member, proposed by the Federal Republic of Germany, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2021/1988 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2021/1988 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
ST/12865/2021/INIT
OJ L 405, 16.11.2021, p. 7–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 405/7 |
CINNEADH (AE) 2021/1988 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2021
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil acu nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Guido WOLF a cheapadh. |
(4) |
Mhol Rialtas na Gearmáine Florian HASSLER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Staatssekretär für politische Koordinierung und Europa im Staatsministerium Baden-Württemberg (Státrúnaí um Chomhordú Polaitiúil agus um an Eoraip in Aireacht Stáit Baden-Württemberg), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Florian HASSLER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Staatssekretär für politische Koordinierung und Europa im Staatsministerium Baden-Württemberg (Státrúnaí um Chomhordú Polaitiúil agus um an Eoraip in Aireacht Stáit Baden-Württemberg), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).