EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1747

Cinneadh (AE) 2020/1747 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus 2-C-2 a ghabhann le hIarscríbhinn 2-C maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna a leasú

IO L 393, 23.11.2020, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1747/oj

23.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/17


CINNEADH (AE) 2020/1747 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus 2-C-2 a ghabhann le hIarscríbhinn 2-C maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin (1) (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019.

(2)

Tugtar in Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Mótarfheithiclí agus Páirteanna, liosta Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe in Aguisín 2-C-1 a chuireann an dá Pháirtí i bhfeidhm agus in Aguisín 2-C-2 liosta Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe a chuireann Páirtí amháin i bhfeidhm agus nár mheas an Páirtí eile fós.

(3)

Ón tráth a síníodh an Comhaontú agus mar thoradh ar an dul chun cinn a rinneadh sa phlé a rinneadh i gCoimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le cúrsaí rialála, tá dhá Rialachán breise ó na Náisiúin Aontaithe nár liostaíodh in Aguisín 2-C-1 á gcur i bhfeidhm ag na Páirtithe. Ina theannta sin, tá dhá Rialachán a bhí liostaithe in Iarscríbhinn 2-C-2 á gcur i bhfeidhm ag an dá Phairtí anois agus tá siad le haistriú chuig Iarscríbhinn 2-C-1 a ghabhann leis an gComhaontú. agus ba cheart iad a nuashonrú dá bharr sin i gcomhréir le hAirteagal 9 d’Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú. Leis an nuashonrú sin, cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le creat rialála an chaidrimh trádála fabhraí idir na Páirtithe,

(4)

De bhun mhír 3 agus fomhír 4(b) d’Airteagal 23.2 den Chomhaontú, i gcomhréir le nósanna imeachta dlíthiúla baile na bPáirtithe féin, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh chun Aguisín 2-C-1 agus Aguisín 2-C-2 d’Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bhunú ós rud é go mbeidh cinneadh beartaithe an Chomhchoiste ina cheangal ar an Aontas,

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bhunú ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le hAguisíní 2-C-1 agus Aguisín 2-C-2 d’Iarscríbhinn 2-C a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, bunófar é ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste sin (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidh ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M .ROTH


(1)  IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.

(2)  Féach doiciméad ST 12431/20 ar http://register.consilium.europa.eu.


Top