Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0252

    Rialachán (AE) Uimh. 252/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí cur chun feidhme agus na cumhachtaí tarmligthe atá le tabhairt don Choimisiún

    IO L 84, 20.3.2014, p. 35–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 08/06/2015; Arna aisghairm le 32015R0754

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/252/oj

    20.3.2014   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    35


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 252/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Feabhra 2014

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí cur chun feidhme agus na cumhachtaí tarmligthe atá le tabhairt don Choimisiún

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle (2), tugtar de chumhacht don Choimisiún cuid d’fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme.

    (2)

    Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 774/94 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (3)

    D’fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 774/94 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar an Rialachán sin a ghlacadh, más rud é go ndéantar méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta a choigeartú, go háirithe trí chinneadh ón gComhairle comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

    (4)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 774/94, i dtaca leis na rialacha is gá maidir le riar na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 774/94 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/94 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

    ‘Airteagal 7

    Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá chun na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a riar agus, de réir mar is iomchuí:

    (a)

    na forálacha lena ráthaítear cineál, foinse agus tionscnamh an táirge;

    (b)

    an fhoráil maidir le haithint an doiciméid lena gceadaítear fíorú na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a); agus

    (c)

    eisiúint ceadúnas allmhairiúcháin agus a dtéarma bailíochta.

    Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8b(2).

    Airteagal 8

    D’fhonn gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus i gcás ina ndéantar méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a choigeartú ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle nó ag an gComhairle, go háirithe le cinneadh ón gComhairle lena ndéantar comhaontú le tríú tír amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a maidir leis na leasuithe a dhéantar dá thoradh sin ar an Rialachán seo.’.

    (2)

    Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 8a

    1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana amhail ón 9 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Maidir le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear fadú dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 8b

    1.   Tabharfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    D. KOURKOULAS


    (1)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nach bhfuil foilsithe go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2014.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle an 29 Márta 1994 lena n-osclófar taraifchuótaí áirithe Comhphobail do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhuiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar (IO L 91, 8.4.1994, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’.


    Ráiteas ón gCoimisiún maidir le códú

    Má ghlactar an Rialachán seo, déanfar líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha atá i gceist. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha chomh tapa agus is féidir tar éis an Rialachán sin a ghlacadh, agus ar a dhéanaí roimh an 30 Meán Fómhair 2014.


    Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

    I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime i dtaca leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, mar atá, go soláthróidh sé don Pharlaimint faisnéis agus doiciméadúchán iomlán ar a chuid cruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


    Top