This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2023/286/02
Criteria for the assignment of cases to Chambers
Critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí
Critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí
IO C 286, 14.8.2023, p. 2–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/2 |
Critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí
(2023/C 286/02)
Le linn a comhdhála iomlánaí an 12 Iúil 2023, leag an Chúirt Ghinearálta síos, i gcomhréir le hAirteagal 25 de na Rialacha Nós Imeachta, na critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí.
Is iad seo a leanas na critéir:
|
1. |
Sannfar na cásanna chomh luath agus is féidir tar éis an t-iarratas a thaisceadh, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 de na Rialacha Nós Imeachta tráth níos déanaí, ar na Dlísheomraí comhdhéanta de thriúr Breithiúna. |
|
2. |
Leithdháilfear cásanna maidir leis an tseirbhís shibhialta, eadhon cásanna a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta idir an tAontas Eorpach agus a fhoireann, ar na ceithre Dhlísheomra atá ainmnithe go sonrach chun na críche sin sa Chinneadh lena sanntar na Breithiúna ar na Dlísheomraí, de réir uainíocht arna cinneadh de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann. |
|
3. |
Leithdháilfear cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i dTeideal IV de na Rialacha Nós Imeachta ar na sé Dhlísheomra atá ainmnithe go sonrach chun na críche sin sa chinneadh lena sanntar na Breithiúna ar na Dlísheomraí, de réir uainíocht arna cinneadh de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann. |
|
4. |
Leithdheáilfear cásanna nach iad na cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ar na Dlísheomraí de réir dhá uainíocht éagsúla ar leith arna leagan síos de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann:
|
|
5. |
Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta maolú ó na huainíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 chun ceangal idir cásanna áirithe a chur san áireamh nó chun leithdháileadh cothrom an ualaigh oibre a chinntiú. |
|
6. |
Leagtar síos na critéir chun cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí a liostaítear thuas don tréimhse ón 12 Iúil 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2025. |