Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2018/090A/01

Fógra Folúntais PE/203/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa feidhme AD, grád 14) — Ardstiúrthóireacht na hUachtaránachta — An Stiúrthóireacht do na Suíonna Iomlánacha

IO C 90A, 9.3.2018, pp. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/203/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

ARDSTIÚRTHÓIREACHT NA HUACHTARÁNACHTA — AN STIÚRTHÓIREACHT DO NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta — An Stiúrthóireacht do na Suíonna Iomlánacha, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ard-Rúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6 bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus sáreolas ar na Conarthaí;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ard-Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

Bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/203/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/203/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

ARDSTIÚRTHÓIREACHT NA hUACHTARÁNACHTA — AN STIÚRTHÓIREACHT DO NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 122 ghníomhaire: 95 oifigeach, 4 ghníomhaire shealadacha agus 23 ghníomhaire chonarthacha)

Aonaid Stiúrthóireacht A in Ardstiúrthóireacht na hUachtaránachta a stiúradh, a chomhordú agus a mhaoirsiú;

Cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin a fheidhmiú;

Tionscadail a bhainistiú;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Institiúid i gcoistí éagsúla inmheánacha agus i bhfóraim idirinstitiúideacha;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú;

Ullmhú, eagrú agus obair iardain na suíonna iomlánacha a mhaoirsiú agus a bhainistiú;

Glacadh agus seoladh doiciméad oifigiúil a mhaoirsiú agus a bhainistiú;

Glacadh agus seachadadh an phoist oifigiúil i bParlaimint na hEorpa a áirithiú;

Ceisteanna i scríbhinn, ceisteanna ó bhéal, óráidí agus gníomhartha an Aontais a mhaoirsiú agus a bhainistiú;

Cúrsaí riaracháin do na Feisirí a áirithiú.

AN tAONAD UM THAIFID NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

Saincheapadh, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar thuarascáil focal ar fhocal na ndíospóireachtaí sna suíonna iomlánacha (CRE) a dhéantar, tar éis athbhreithniú teanga, a fhoilsiú an lá dár gcionn i leagan ilteangach (eagrán “bogha ceatha”); mínithe ar vóta agus dearbhuithe i scríbhinn a rialú agus a chur isteach; foilseachán páipéir agus formáid leictreonach an CRE (Epades, Europarl, Clár na nDoiciméad) a riar;

Miontuairiscí (PV) na suíonna iomlánacha a ullmhú sa teanga bhunaidh a mbeidh, tar éis a n-aistrithe, leagan sealadach díobh sna teangacha uile ar fáil an mhaidin dár gcionn i bhfoirm pháipéir agus leictreonach (Epades, Europal, Clár na nDoiciméad); na PVanna a chomhthiomsú agus an leagan críochnaitheach a ullmhú chun go bhfoilseofar é i bhfoirm leictreonach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

Nuair a bheidh an comhthiomsú, an t-athbhreithniú agus an rialú á ndéanamh, a áirithiú go bhfuil an PV, an CRE agus an VOD (Video on demand) ar aon dul lena chéile agus ag comhlánú a chéile. A bheith rannpháirteach i gcothabháil fhorásach agus athsholáthar na bhfeidhmchlár;

Comhordú le seirbhísí AS TRAD i ndáil le haistriúchán a dhéanamh ar an PV agus i ndáil le tras-scríobh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an CRE; bainistiú na hoibre sin a riar;

Innéacs VOD-CRE a fhothú agus a rialú le linn na seisiún; iar-eagarthóireacht a dhéanamh ar an VOD i ndiaidh an tseisiúin:

Freagra a thabhairt ar cheisteanna ó na Feisirí, ó chúntóirí parlaiminteacha, ó oifigigh agus ó shaoránaigh a mhéid a bhaineann leis an PV, leis an CRE agus leis an VOD; a áirithiú go gcuirtear oiliúint i bhfeidhmchláir PV agus CRE ar fáil do na daoine atá ag obair in AS TRAD; a bheith rannpháirteach i seimineáir agus cúrsaí oiliúna inmheánacha agus seachtracha;

Saincheapadh, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar an CRE do na díospóireachtaí ag cruinnithe eile (Comhdháil na nUachtarán atá ar oscailt do na Feisirí, dearbhú ón mBanc Ceannais Eorpach os comhair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON), éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe, coistí fiosrúcháin); Miontuairiscí in FR; EN agus DE a ullmhú do Chomhdháil na nUachtarán atá ar oscailt do na Feisirí;

Tarchur na dTéacsanna Glactha chuig na seolaithe a mhaoirsiú agus a rialú.

AN tAONAD UM GHNÍOMHAÍOCHTAÍ NA bhFEISIRÍ

Ceisteanna i scríbhinn:

Bainistiú a dhéanamh ar théacsanna na gceisteanna i scríbhinn (ceisteanna tosaíochta agusceisteanna neamh-thosaíochta) a chuirtear ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, agus freisin ar na freagraí ar na ceisteanna sin agus ar fhothú bhunachar sonraí na gCeisteanna Parlaiminteacha (QP);

Fíorú a dhéanamh ar inghlacthacht QPanna, comhairle a chur ar na húdair agus faireachán a dhéanamh ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo;

Fíorú a dhéanamh ar na fasaigh do QPanna agus do cheisteanna a bhfuil freagraí orthu ar fáil cheana i seirbhísí taighde na Parlaiminte, agus faireachán a dhéanamh ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo;

Trasnálacha móra maille le díospóireacht:

Bainistiú na dtéacsanna, fíorú inghlacthachta, dul i gcomhairle leis na húdair agus maoirsiú a dhéanamh ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo; bunachar sonraí QP a fhothú, faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na freagraí agus ar a gcur sa chlár oibre;

Ceisteanna ó bhéal:

Bainistiú ar théacsanna na gceisteanna ó bhéal maille le díospóireacht a chuirtear ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí; bunachar sonraí QP a fhothú;

Tograí le haghaidh gníomhartha de chuid an Aontais:

Bainistiú ar inghlacthacht na dtéacsanna, fíorú inghlacthachta, comhairle ar na húdair, maoirsiú ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo a riar;

Miontrasnálacha:

Bainistiú ar na téacsanna, fíorú inghlacthachta, comhairle ar na húdair, maoirsiú ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo mar aon le faireachán agus bainistiú ar na freagraí a riar;

Cúraimí eile:

Faireachán ar fhorbairt na bhfeidhmchlár ríomhaireachta a úsáidtear chun bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna i scríbhinn agus ó bhéal agus ar mhiontrasnálacha agus trasnálacha móra a riar; moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar nósanna imeachta, lena n-áirítear nósanna imeachta rialála; a bheith rannpháirteach i ngrúpaí oibre.

AN tAONAD UM EAGAR AGUS OBAIR IARDAIN NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

Pleanáil agus cláir oibre na suíonna iomlánacha:

Teagmháil leis na grúpaí polaitiúla, leis na Feisirí, le seirbhísí eile na Rúnaíochta agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha eile a riar; plean an tseomra tionóil a leagan amach; féilire na bpáirt-seisiún a ullmhú; bainistiú agus nuashonrú a dhéanamh ar an treoir foghraíochta; uainchlár a leagan amach d’uachtaráin an tsuí iomlánaigh agus do na cúntóirí d’uachtaráin an tsuí; freagra a thabhairt ar iarrataí a bhaineann le heagar an tsuí iomlánaigh;

Bainistiú an tsuí iomlánaigh:

An t-am cainte, liosta na gcainteoirí, na hóráidí aon nóiméid, na mínithe ar vóta agus na fógraí ón Uachtarán a ullmhú i gcomhar le seirbhísí eile; cabhrú le huachtaráin an tsuí;

Sainchomhaid don suí iomlánach a ullmhú; bainistiú ar na suaitheantais le haghaidh rochtain ar an seomra tionóil a riar;

Na toghcháin don Uachtarán, do na Leas-Uachtaráin, do na Caestóirí agus don Ombudsman a eagrú; searmanais le haghaidh bronnadh duaiseanna ag suí iomlánach, chomh maith le searmanais shollúnta, a eagrú;

Obair iardain ag leanúint as na páirt-seisiún:

Déileáil le ceisteanna i dtaobh ord reatha na suíonna; anailís a dhéanamh ar fhadhbanna; na céimeanna iardain ag leanúint as óráidí a shainiú i gcomhar le hOifig Phearsanta an Uachtaráin; anailís a dhéanamh ar na fasaigh;

Faireachán staidrimh ar na seisiúin (tuarascálacha, leasuithe, rúin, dearbhuithe ón gComhairle agus ón gCoimisiún, óráidí eile) a cheapadh agus a chur i bhfeidhm;

Fógra a thabhairt i dtaobh téacsanna neamhbhuiséadacha arna nglacadh ag an bParlaimint;

Obair leantach ar na téacsanna a ghlactar ag an suí iomlánach a ghlacadh, a phróiseáil agus a scaipeadh;

Beartas faisnéise i dtaobh an tsuí iomlánaigh:

Fothú agus beart iardain a dhéanamh i dtaca le suíomh gréasáin an tSuí Iomlánaigh: arna bhainistiú i gcomhar le AS ITEC; comhordú leis na seirbhísí éagsúla a sholáthraíonn faisnéis; freagairt do gach iarraidh ar fhaisnéis agus ar chomhairle, bíodh sin go hinmheánach nó go seachtrach;

Faisnéis a chraobhscaoileadh i dtaobh ghníomhaíochtaí agus eagar an tsuí iomlánaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoiliúint inmheánach agus sheachtrach;

Bainistiú inmheánach:

Cúrsaí oiliúna ar leith a bhaineann le riachtanais an aonaid, cruinnithe inmheánacha, nuashonrú na mbunachar sonraí a eagrú; tacú leis na hoiliúnaithe;

Gníomhaíochtaí eile:

Cruinnithe Chomhdháil na nUachtarán atá oscailte do na Feisirí ar fad a ullmhú agus a eagrú;

A bheith rannpháirteach i meithleacha éagsúla (múnlaí na ndoiciméad, bainistiú doiciméad, cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta nua, feidhmchláir ríomhaireachta, etc.), chomh maith le forbairt ar dhéanamh ar fheidhmchláir ríomhaireachta (liosta na gcainteoirí, maoirsiú na ngníomhartha, ELVIIS, PPMS — bainistiú ar fhasaigh an tsuí iomlánaigh, bainistiú ar mhínithe ar vóta, etc,)

AN tAONAD UM AIGHNIÚ NA nDOICIMÉAD

Ullmhú na liostaí vótála, glacadh le hiarrataí ar vótáil ar leithligh, vótáil dheighilte agus vótáil le glaoch rolla, faisnéisiú agus cúnamh d’uachtaráin an tsuí iomlánaigh (vótaí sa suí iomlánach) a riar;

Fíorú, clárú, seoladh chun aistriúcháin agus obair iardain ar leasuithe agus ar thairiscintí i gcomhair rúin (taisceadh oifigiúil) a riar;

Comhréir leis na múnlaí parlaiminteacha a áirithiú: comhairle agus fíordheimhniú;

Tacaíocht agus comhairle d’Fheisirí, coistí, grúpaí polaitiúla agus foireann na Parlaiminte ar gach ceist a bhaineann leis an nós imeachta a riar;

Comhairle a thabhairt do rúnaíochtaí na gcoistí parlaiminteacha agus d’Uachtarán na Parlaiminte i dtaobh gach ceist a bhaineann le hinghlacthacht;

Fíorú, clárú, seoladh chun aistriúcháin agus obair iardain ar na tuarascálacha a ghlacann na coistí parlaiminteacha (taisceadh oifigiúil) a riar;

Staidreamh a chruthú i dtaobh cuid áirithe de na gníomhaíochtaí thuasluaite;

A bheith rannpháirteach i meithleacha idirsheirbhísí (tionscadail ríomhaireachta, na Rialacha Nós Imeachta, Parliamentary Project Portfolio) agus i ngníomhaíochtaí oiliúna atá dírithe ar na Feisirí agus a gcúntóirí, ar na grúpaí polaitiúla agus ar an bhfoireann lena mbaineann san Ardrúnaíocht.

AN tAONAD UM POST OIFIGIÚIL

Próiseáil phost oifigiúil na Parlaiminte agus litreacha nó teachtaireachtaí an Uachtaráin (clárú, achoimre agus sannadh, tacú le húsáideoirí GEDA i dtaca le clárú litreacha agus teachtaireachtaí) a riar;

An post a thagann chuig an institiúid a ghlacadh isteach agus a sheoladh ar aghaidh (fíorú, sórtáil, clárú beartán agus litreacha cláraithe, seirbhís do na cliaint);

Próiseáil an phoist amach (clárú agus postas) a riar;

Bainistiú an bhuiséid a bhaineann leis an bpost a riar.

AN tAONAD UM DHOICIMÉID OIFIGIÚLA A GHLACADH AGUS A THARCHUR

Tarchur:

Anailís nós imeachta agus substainte, fógraí, sannadh riaracháin agus digiteach a bhaineann le doiciméid oifigiúla na gcoistí parlaiminteacha a riar; craobhscaoileadh na bhfógraí atá le déanamh i miontuairiscí an tsuí iomlánaigh a riar agus nósanna imeachta chuige sin a chruthú; dul i gcomhairle le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile AE;

Achainíocha:

Glacadh, anailísiú na gcritéar rialála agus inneachair, clárú na n-achainíocha a chuireann saoránaigh nó cónaitheoirí chuig an bParlaimint a riar; teagmhálacha agus idirghníomhaíocht le rúnaíocht an Choiste um Achainíocha a riar; liosta a chur le chéile de na hachainíocha a bhféadfadh sé nach gcomhlíonann siad forálacha Airteagal 227 CFAE; bainistiú ar tharchur chuig an gcomhlacht inniúil ar liostaí 1, 3 agus 4; foilsiú mhiontuairiscí na gcruinnithe ar na hachainíocha atá cláraithe sa chlár poiblí;

An Chlárlann:

Fáil, rialú comhréireachta, inghlacthacht, clárú agus cur ar fáil na ndoiciméad oifigiúil arna gcur isteach ag na Feisirí agus ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile AE, chomh maith leis na doiciméid a thagann ó na parlaimintí náisiúnta, a riar; fógairt fhoirmiúil na nósanna imeachta (miontuairiscí) agus na ndoiciméad (suíomh gréasáin Europarl) a riar;

Coisteolaíocht:

Fáil, rialú comhréireachta agus inghlacthachta, tarchur chuig na coistí parlaiminteacha atá freagrach a riar i ndáil le bearta cur chun feidhme a bhaineann le cearta faisnéise, an ceart grinnscrúdaithe, nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, mar aon le gníomhartha tarmligthe agus doiciméid a bhaineann le cruinnithe saineolaithe náisiúnta agus misin FVO; fógraí atá le déanamh i miontuairiscí an tsuí iomlánaigh a chur in iúl; idirghníomhú le “Líonra DIAS” a riar;

Gníomhaíochtaí eile:

Fothú, maoirsiú agus cothabháil na Faireachlainne Reachtaí (OEIL) a riar; a bheith rannpháirteach i mbainistiú airgeadais OEIL; idirchaidreamh leis an gconraitheoir seachtrach;

A bheith rannpháirteach i meithleacha éagsúla agus forbairt a dhéanamh ar fheidhmchláir ríomhaireachta (OEIL, ITER, EPgreffe, petiport, petigreffe).

AN tAONAD UM RIARACHÁN DO NA FEISIRÍ

Maoirsiú na nósanna imeachta a bhaineann le tús agus deireadh théarma oifige na bhFeisirí Eorpacha agus na mBreathnadóirí a riar (tuarascáil oifigiúil don éirí as oifig a tharraingt suas agus a sheoladh chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI), an fógra sa suí iomlánach a ullmhú, na seirbhísí a chur ar an eolas, teagmháil leis na húdaráis inniúla náisiúnta, sainchomhad maidir le fíorú na ndintiúr do na Feisirí atá ag teacht isteach a ullmhú);

Rúnaíocht an Choiste Chomhairligh maidir le hIompar na bhFeisirí a riar (cruinnithe a eagrú, sainchomhaid na gcruinnithe a ullmhú, na cinntí a ghlacann an Coiste a leanúint suas);

Fáil agus clárú na n-iarrataí ar tharscaoileadh nó cosaint díolúine parlaimintí a riar (an Feisire lena mbaineann a chur ar an eolas, an fógra sa suí iomlánach a ullmhú, an sainchomhad a tharchur chuig Coiste JURI);

Bainistiú chomhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí parlaiminteacha a riar agus clár na n-idirghrúpaí a bhainistiú;

Bainistiú chlár dhearbhuithe leasanna airgeadais na bhFeisirí agus chlár na mbronntanas agus na gcuirí chuig imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe a riar;

Bainistiú ar shonraí pearsanta na bhFeisirí (gach athrú ar bhileog phearsanta na bhFeisirí a chlárú i mbunachar sonraí MEP, eadhon iad a bheith ina gcomhalta de chomhlacht de chuid na Parlaiminte nó i ngrúpa polaitiúil, athrú seoladh etc.) agus ar a gcuraclam vitae a riar;

Laissez-passer agus deimhnithe a tharraingt suas; cúnamh a thabhairt do na Feisirí sna céimeanna atá le cur i gcrích le húdarás na Beilge chun cárta aitheantais speisialta (CIS) a fháil.


Top