This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TN0263
Case T-263/24: Action brought on 17 May 2024 – Noster Finance v EUIPO – Wewi Mobile (finect)
Cás-263/24: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2024 – Noster Finance v EUIPO – Wewi Mobile (finect)
Cás-263/24: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2024 – Noster Finance v EUIPO – Wewi Mobile (finect)
IO C, C/2024/4094, 8.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4094/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4094 |
8.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2024 – Noster Finance v EUIPO – Wewi Mobile (finect)
(Cás-263/24)
(C/2024/4094)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: NOSTER Finance SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: A. Lorente Berges, dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc: Wewi Mobile SL (Villena, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: An tIarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh finect – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 011 323 136
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Márta 2024, Cás R 1965/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
míreanna 2 agus 3 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
clárú an trádmhairc atá faoi chonspóid a choinneáil ar an bhforas gur léiríodh na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na seirbhísí in Aicmí 36, 38 agus 42; |
|
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 62(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4094/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)