This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TB1183
Case T-1183/23 R: Order of the President of the General Court of 29 February 2024 – Zakłady Farmaceutyczne Polpharma v Commission
Cás T-1183/23 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 29 Feabhra 2024 – Zakłady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiún
Cás T-1183/23 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 29 Feabhra 2024 – Zakłady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiún
IO C, C/2024/2629, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2629/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2629 |
22.4.2024 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 29 Feabhra 2024 – Zakłady Farmaceutyczne Polpharma v an Coimisiún
(Cás T-1183/23 R)
(Nós imeachta eatramhach - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Údarú margaíochta a dheonú d’fhúmaráit démheitil Polpharma - fúmaráit dé-mheitil - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)
(C/2024/2629)
Teanga an cháis : an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Zakłady Farmaceutyczne Polpharma S.A. (Starogard Gdański, an Pholainn) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Spina agus E. Mathieu, Gníomhairí)
Maidir le:
Trína iarratas faoi Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 8928 final ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023, lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3253 final an 13 Bealtaine 2022, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhúmaráit démheitil Polpharma – fúmaráit dé-mheitil mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1), arna leasú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha. |
|
2) |
Forchoimeádtar na costais. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2629/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)