EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0297

Cás C-297/23 P: Achomharc arna thabhairt an 11 Bealtaine 2023 ag Harley-Davidson Europe Ltd agus Neovia Logistics Services International i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an t-Ochtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-324/21, Harley-Davidson Europe agus Neovia Logistics Services International v an Coimisiún

IO C 235, 3.7.2023, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/22


Achomharc arna thabhairt an 11 Bealtaine 2023 ag Harley-Davidson Europe Ltd agus Neovia Logistics Services International i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an t-Ochtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-324/21, Harley-Davidson Europe agus Neovia Logistics Services International v an Coimisiún

(Cás C-297/23 P)

(2023/C 235/28)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Harley-Davidson Europe Ltd agus Neovia Logistics Services International (ionadaithe: E. Righini, avvocato agus S. Völcker, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-achomharcóirí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1.

An chéad saincheist dlí: earráidí dlí maidir le léiriú na Cúirte Ginearálta ar Airteagal 33 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (1) ón gCoimisiún (‘UCC-DA’). Theip ar an gCúirt Ghinearálta measúnú a dhéanamh ar chuspóir agus ar chomhthéacs Airteagal 33 UCC-DA, thug sí neamhaird éagórach ar cheart na dtrádálaithe freagra a thabhairt ar bhearta beartais tráchtála an Aontais Eorpaigh trína n-oibríochtaí táirgthe a athlonnú, agus rinne sí léiriú mícheart ar an gcaighdeán cruthúnais is gá chun an dualgas cruthúnais a aistriú chuig na hachomharcóirí.

2.

An dara saincheist dlí: earráidí dlí maidir le conclúid na Cúirte Ginearálta nach sáraítear le hAirteagal 33 UCC-DA teorainneacha an tarmligin a thugtar don Choimisiún le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (2) lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais.

3.

An tríú saincheist dlí: sárú ar cheart na n-achomharcóirí chun dea-riaracháin. Sheas an Chúirt Ghinearálta go héagórach leis an gCinneadh atá faoi chonspóid d’ainneoin gur cinneadh gur sáraíodh ceart na n-achomharcóirí chun éisteacht a fháil, agus rinne sí botún nuair a thug sí ar an tátal nach raibh fad nós imeachta an Choimisiúin, lena n-áirítear an tréimhse chun imeachtaí foirmiúla a thionscnamh, iomarcach mar shárú ar phrionsabal an ama réasúnach agus ionchais dhlisteanacha na n-achomharcóirí.


(1)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe i leith forálacha áirithe de (IO 2015 L 343, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).


Top