EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0187

Cás C-187/23, Albausy: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Lörrach (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Márta 2023 – sna himeachtaí probháide P. M. J. T., tiomnóir

IO C 235, 3.7.2023, p. 11–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/11


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Lörrach (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Márta 2023 – sna himeachtaí probháide P. M. J. T., tiomnóir

(Cás C-187/23, Albausy (1))

(2023/C 235/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Lörrach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Páirtithe leasmhara: E. V. G.-T., P. T., F. T., G. T.

Na ceisteanna a tharchuirtear

a)

An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais (2) a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear freisin agóidí a ardaítear in imeachtaí maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais féin a eisiúint, nach gceadaítear don chúirt a scrúdú, agus nach dtagraítear ann d’agóidí a ardaítear in imeachtaí eile amháin?

b)

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar Cheist (a): An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais a léiriú sa chaoi nach gceadaítear Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint fiú i gcás inar ardaíodh agóidí in imeachtaí maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, ach go ndearnadh scrúdú orthu sin in imeachtaí maidir le deimhniú comharbais faoi dhlí na Gearmáine cheana féin?

c)

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar Cheist (a): An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear aon agóid, fiú nuair nach bhfuil bunús tugtha léi agus nach bhfuil aon fhianaise fhoirmiúil le glacadh ina leith sin?

d)

I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar Cheist (a): Cén fhoirm ina gcaithfidh an chúirt cúiseanna a thabhairt le hagóidí a dhiúltú agus an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint?


(1)  Tugtar ainm bréagach sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm páirtí sna himeachtaí.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012 L 201, lch. 107)


Top