Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0171

Cás C-171/23, UP CAFFE: Iarraidh ar réamhrialú ó Upravni sud u Zagrebu (an Chróit) a taisceadh an 20 Márta 2023 – UP CAFFE d.o.o. v Ministarstvo financija Republike Hrvatske

IO C 179, 22.5.2023, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/18


Iarraidh ar réamhrialú ó Upravni sud u Zagrebu (an Chróit) a taisceadh an 20 Márta 2023 – UP CAFFE d.o.o. v Ministarstvo financija Republike Hrvatske

(Cás C-171/23, UP CAFFE)

(2023/C 179/28)

Teanga an cháis: an Chróitis

An chúirt a rinne an tarchur

Upravni sud u Zagrebu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UP CAFFE d.o.o.

Cosantóir: Ministarstvo financija Republike Hrvatske

An cheist a tharchuirtear

An bhforchuirtear oibleagáid le dlí an Aontais ar na húdaráis náisiúnta agus ar na cúirteanna dliteanas i leith cáin bhreisluacha a chinneadh (agus gan éileamh ar aisíocaíocht a dhiúltú) i gcás ina léirítear le fíricí oibiachtúla an cháis go ndearnadh calaois CBL trí chuideachta nua a chruthú, is é sin le rá, trí chur isteach ar leanúnachas ghníomhaíocht inchánach na cuideachta roimhe sin, i gcás ina raibh a fhios ag an duine inchánach, nó inar cheart go mbeadh a fhios aige, go raibh sé rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin, agus i gcás, tráth a tharla an teagmhas inmhuirir, nach ndearna an dlí náisiúnta foráil maidir le cinneadh dliteanais den chineál sin?


Top