EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0143

Cás C-143/23, Mercedes-Benz Bank agus Volkswagen Bank: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Márta 2023 – TJ, KI, FA v Mercedes-Benz Bank AG, Volkswagen Bank GmbH

IO C 235, 3.7.2023, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/8


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Márta 2023 – TJ, KI, FA v Mercedes-Benz Bank AG, Volkswagen Bank GmbH

(Cás C-143/23, Mercedes-Benz Bank agus Volkswagen Bank)

(2023/C 235/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Ravensburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: TJ, KI, FA

Cosantóirí: Mercedes-Benz Bank AG, Volkswagen Bank GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48/CE (1), más rud é, i gcás tarraingt siar ó chonradh creidmheasa tomhaltóra atá ceangailte le conradh ceannaigh gluaisteáin a cuireadh i gcrích le trádálaí ar láthair, go ríomhtar méid an chúitimh as dímheas an ghluaisteáin mhaoinithe atá le híoc ag an tomhaltóir leis an gcreidiúnaí ar thabhairt ar ais an ghluaisteáin mhaoinithe tríd an bpraghas dár cheannaigh an trádálaí an gluaisteán ar a thabhairt ar ais a bhaint ón bpraghas ar a dhíol an trádálaí an gluaisteán tráth a cheannaigh an tomhaltóir é?

2.

An bhfuil an riail a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 14(3)(b) de Threoir 2008/48 maidir le conarthaí creidmheasa tomhaltóra, atá ceangailte le conradh ceannaigh gluaisteáin, comhchuibhithe go hiomlán agus, dá bhrí sin, ceangailteach sna Ballstáit?

I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 2:

3.

An bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/48, i gcás ina bhfuil ar an iasachtaí, i ndiaidh aistarraingt ó chonradh creidmheasa tomhaltóra, atá ceangailte le conradh ceannaigh gluaisteáin, ús a comhaontaíodh sa chonradh a íoc don tréimhse idir íocaíocht na hiasachta le díoltóir an ghluaisteáin mhaoinithe agus an tráth a thugtar an gluaisteán ar ais don chreidiúnaí (nó don díoltóir)?


(1)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).


Top