This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0059
Case C-59/23 P: Appeal brought on 6 February 2023 by the Republic of Austria against the judgment of the General Court (Third Chamber) delivered on 30 November 2022 in Case T-101/18, Republic of Austria v Commission
Cás C-59/23 P: Achomharc arna thabhairt an 6 Feabhra 2023 ag Poblacht na hOstaire i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) an 30 Samhain 2022 i gCás T-101/18, Poblacht na hOstaire v an Coimisiún
Cás C-59/23 P: Achomharc arna thabhairt an 6 Feabhra 2023 ag Poblacht na hOstaire i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) an 30 Samhain 2022 i gCás T-101/18, Poblacht na hOstaire v an Coimisiún
IO C 104, 20.3.2023, p. 19–20
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/19 |
Achomharc arna thabhairt an 6 Feabhra 2023 ag Poblacht na hOstaire i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) an 30 Samhain 2022 i gCás T-101/18, Poblacht na hOstaire v an Coimisiún
(Cás C-59/23 P)
(2023/C 104/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Poblacht na hOstaire (Ionadaithe: M. Klamert agus F. Koppensteiner, Gníomhairí, agus H. Kristoferitsch, Rechtsanwalt)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóvaice, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
An t-ordú atá á lorg
Iarrann Poblacht na hOstaire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 i gCás T-101/18, Poblacht na hOstaire v an Coimisiún Eorpach a chur ar ceal ina iomláine; |
— |
glacadh leis an gcaingean ag an gcéad chéim ina hiomláine maidir le Cinneadh (AE) 2017/2112 ón gCoimisiún an 6 Márta 2017 maidir le beart/scéim cabhrach/Státchabhair SA.38454 — 2015/C (ex 2015/N) a bhfuil sé i gceist ag an Ungáir a chur chun feidhme chun tacú le dhá imoibreoir núicléacha a fhorbairt ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks II (1); |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Ardaíonn Poblacht na hOstaire ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí: easpa nós imeachta soláthair phoiblí |
Measann an t-achomharcóir go ndealraíonn sé go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc neamhdhleathach, a mhéid, murab ionann agus an méid a rialaigh an Chúirt Ghinearálta, go bhfuil tionchar ag an easpa nós imeachta soláthair phoiblí ar an nós imeachta Státchabhrach agus fágann sé go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid neamhdhleathach.
2. |
An dara saincheist dlí: díréireacht an bhirt |
Measann an t-achomharcóir gur deimhníodh go mícheart sa bhreithiúnas faoi achomharc go ndearna an Coimisiún scrúdú leordhóthanach ar an gcomhréireacht. Is fíor sin a fortiori de bharr, ar thaobh amháin, go bhfuil sé deacair a chinneadh cad go díreach atá i gceist leis an mbeart cabhrach agus, ar an taobh eile, nach bhfuil an coibhéis fóirdheontais den bheart sin socraithe.
3. |
An tríú saincheist dlí: saobhadh díréireach ar an iomaíocht agus ceannasacht a chruthú ar an margadh. |
Measann an t-achomharcóir go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart nuair a dhiúltaigh sí go raibh saobhadh díréireach ar an iomaíocht agus gur cruthaíodh ceannasacht ar an margadh. Dar leis, ní thugann an Chúirt Ghinearálta aird chuí air go scaoilfí acmhainn fuinnimh faoi réir iomaíochta ar mhargadh leictreachais léirscaoilte dá ndúnfaí stáisiún núicléach Paks I. Ina theannta sin, dhéanfaí Paks I agus II a oibriú le chéile ar feadh am níos faide ná mar a bhí beartaithe; measann an t-achomharcóir nach bhfuil neamhspleáchas na ngnóthas sin ráthaithe.
4. |
An ceathrú saincheist dlí: Sainiú neamhleor ar an gcabhair |
Measann an t-achomharcóir go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart nuair a chinn sí gur sainíodh na heilimintí den chabhair go neamhleor. Dar leis, in éagmais an nós imeachta soláthair phoiblí, leis an gcaoi nár cuireadh san áireamh costais maoinithe sheachtraigh agus leis an bhfíoras nár ríomhadh coibhéis deontais, tugtar le fios nach bhfuil méid na Státchabhrach cinnte go leordhóthanach.