Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0017

    CÁS T-17/22: Caingean arna tabhairt an 8 Eanáir 2022 — Tóth v An Coimisiún

    IO C 84, 21.2.2022, p. 53–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 84, 21.2.2022, p. 23–23 (GA)

    21.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 84/23


    Caingean arna tabhairt an 8 Eanáir 2022 — Tóth v An Coimisiún

    (CÁS T-17/22)

    (2022/C 84/74)

    Teanga an cháis: an Ungáiris

    Páirtithe

    An tIarratasóir: Bertalan Tóth (Pécs, An Ungáir) (ionadaithe: Á. Baratta agus B. Czudar, Dlíodóirí)

    An Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    Cinneadh na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) ag diúltú rochtain ar dhoiciméad dar teideal Rapport final de l’Office européen de lutte antifraude (OLAF) OF/2015/0034/B4 relatif aux activités d’éclairage public de Élios Innovatív Zrt. a neamhniú, mar gheall gur teipeadh teacht ar chinneadh laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, (1) maidir le hiarratas daingniúcháin ar rochtain an iarratasóra.

    A ordú don fhreagróir costais go léir an cháis a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go raibh sárú ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt

    Sháraigh OLAF an oibleagáid faoina bhfuil sé cúiseanna a thabhairt, le hé a bhunú le dlí, dá dhiúltú don rochtain ar dhoiciméad dar teideal Rapport final de l’Office européen de lutte antifraude (OLAF) OF/2015/0034/B4 relatif aux activités d’éclairage public de Élios Innovatív Zrt.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil diultú an iarratais ar rochtain i gcomhréir leis an dlí

    Dhiúltaigh OLAF don iarratas ar rochtain gan aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1049/2001 a agairt, rud a thabharfadh údar do dhiúltú na n-iarratas ar rochtain.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


    Top