Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0306

    Cás T-306/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Fun Factory v EUIPO – I Love You (love you so much) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “love you so much” – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “I LOVE YOU SINCE FOREVER” roimhe seo – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 179, 22.5.2023, p. 41–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 179/41


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Fun Factory v EUIPO – I Love You (love you so much)

    (Cás T-306/22) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “love you so much” - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “I LOVE YOU SINCE FOREVER” roimhe seo - Foras coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mhearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2023/C 179/59)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Fun Factory GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaí: K.-D. Franzen, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus T. Frydendahl, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc EUIPO: I Love You, Inc. (Lewes, Delaware, na Stáit Aontaithe)

    Ábhar

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Márta 2022 (Cás R 1464/2021-4).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 284, 25.7.2022.


    Top