EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0264

Cás C-264/22, Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal da Relação de Lisboa — an Phortaingéil) — Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI) v Victoria Seguros S.A. (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha – Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 – Airteagal 4(1) – Airteagal 15(h) – Airteagal 19 – Taisme arb é árthach i mBallstát amháin ba chúis leis – Cúiteamh d’íospartach na taisme sin – Seachaíocht i gcomhréir le dlí Ballstáit eile – Éileamh ar aisíocaíocht ón tríú páirtí seachaithe – Dlí is infheidhme – Teorainn ama)

IO C 235, 3.7.2023, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/5


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal da Relação de Lisboa — an Phortaingéil) — Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI) v Victoria Seguros S.A.

(Cás C-264/22 (1), Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha - Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 - Airteagal 4(1) - Airteagal 15(h) - Airteagal 19 - Taisme arb é árthach i mBallstát amháin ba chúis leis - Cúiteamh d’íospartach na taisme sin - Seachaíocht i gcomhréir le dlí Ballstáit eile - Éileamh ar aisíocaíocht ón tríú páirtí seachaithe - Dlí is infheidhme - Teorainn ama)

(2023/C 235/06)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Lisboa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: An Ciste Ráthaíochta d’Íospartaigh um Sceimhlitheoireacht agus um Sháruithe Eile (FGTI)

Cosantóir: Victoria Seguros S.A.M.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 4(1), 15(h) agus 19 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is é an dlí lena rialaítear caingean an tríú páirtí dá bhfuil cearta an duine a ndearnadh damáiste dó seachaithe i gcoinne údar an damáiste agus lena gcinntear, go háirithe, na rialacha lena rialaítear teorainn ama na caingne sin, i bprionsabal, ná rialacha na tíre ina dtarlaíonn an damáiste sin.


(1)  IO C 284, 25.7.2022


Top