This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0005
Case C-5/22, Green Network (Order for repayment of costs): Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 30 March 2023 (request for a preliminary ruling from the Consiglio di Stato — Italy) — Green Network SpA v SF, YB, Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA) (Reference for a preliminary ruling — Internal market in electricity — Directive 2009/72/EC — Article 37 — Annex I — Duties and powers of the national regulatory authority — Consumer protection — Administrative management costs — Power of the national regulatory authority to order the repayment of sums paid by final customers pursuant to contractual terms that have been penalised by that authority)
Cás C-5/22, Green Network (Order for repayment of costs): Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 30 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Green Network SpA v SF, YB, Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA) (Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Treoir 2009/72/CE – Airteagal 37 – Iarscríbhinn I – Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta – Cosaint an tomhaltóra – Costais bainistíochta riaracháin – Cumhacht an údaráis rialála náisiúnta chun aisíocaíocht suimeanna a íocann custaiméirí deiridh de bhun clásail chonarthacha ar fhorchuir an t-údarás sin pionós ina leith a ordú)

IO C 179, 22.5.2023, p. 7–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 30 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Green Network SpA v SF, YB, Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA)
(Cás C-5/22, (1) Green Network (Order for repayment of costs))
(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach leictreachais - Treoir 2009/72/CE - Airteagal 37 - Iarscríbhinn I - Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta - Cosaint an tomhaltóra - Costais bainistíochta riaracháin - Cumhacht an údaráis rialála náisiúnta chun aisíocaíocht suimeanna a íocann custaiméirí deiridh de bhun clásail chonarthacha ar fhorchuir an t-údarás sin pionós ina leith a ordú)
(2023/C 179/09)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Consiglio di Stato
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Green Network SpA
Cosantóirí: SF, YB, Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA)
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 37(1)(i) agus (n) agus (4)(d) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE agus Iarscríbhinn I de Threoir 2009/72,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc ar Bhallstát an chumhacht a thabhairt don údarás rialála náisiúnta chun a ordú do ghnóthais leictreachais aisíocaíocht a dhéanamh lena gcustaiméirí deiridh den tsuim a fhreagraíonn don chomaoin a d’íoc siad mar “chostais bainistíochta riaracháin” de bhun téarma conarthach a mheasann an t-údarás sin a bheith neamhdhleathach, agus sin freisin i gcásanna nach bhfuil an t-ordú aisíocaíochta sin bunaithe ar chúiseanna cáilíochta na seirbhíse lena mbaineann a sholáthraíonn na gnóthais sin, ach ar shárú oibleagáidí trédhearcachta taraife..