This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0650
Case T-650/21: Judgment of the General Court of 22 March 2023 — Casa International v EUIPO — Interstyle (casa) (EU trade mark — Invalidity proceedings — EU figurative mark casa — Absolute ground for invalidity — No distinctive character — Descriptive character — Article 7(1)(b) and (c) of Regulation (EC) No 40/94 (now Article 7(1)(b) and (c) of Regulation (EU) 2017/1001) — No distinctive character acquired through use — Article 7(3) of Regulation No 40/94 (now Article 7(3) of Regulation 2017/1001))
Cás T-650/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Casa International v EUIPO – Interstyle (casa) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “casa” – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Easpa saincháilíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Easpa saincháilíochta trína úsáid – Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 40/94 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001 anois))
Cás T-650/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Casa International v EUIPO – Interstyle (casa) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “casa” – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Easpa saincháilíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Easpa saincháilíochta trína úsáid – Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 40/94 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001 anois))
IO C 179, 22.5.2023, p. 36–37
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/36 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Casa International v EUIPO – Interstyle (casa)
(Cás T-650/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “casa” - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Easpa saincháilíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Easpa saincháilíochta trína úsáid - Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 40/94 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001 anois))
(2023/C 179/52)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Casa International (Olen, an Bheilg) (ionadaithe: F. Cornette agus T. Poels-Ryckeboer, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: K. Doherty agus E. Markakis, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Interstyle BV (Utrecht, an Ísiltír) (ionadaí: A. Verbeek, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Iúil 2021 (Cás R 1280/2020-2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Cuirtear an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Iúil 2021 (Cás R 1280/2020-2) a mhéid a rinne sé an t-achomharc arna chomhdú ag Casa International maidir leis na hearraí seo a leanas in Aicme 16 a dhiultiú: “Páipéar, cairtchlár agus earraí déanta as na hábhair seo, nach n-áirítear i ranganna eile; ábhar clóite; stáiseanóireacht; greamacháin chun críocha stáiseanóireachta nó tí; ábhair ealaíontóirí; scuaba; clóscríobháin agus riachtanais oifige (seachas troscán); ábhair treoir agus teagaisc (seachas gaireas); ábhair phlaisteacha le haghaidh pacála (nach n-áirítear i ranganna eile); cineálacha priontála; bloic phriontála” ar neamhní. |
2. |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
3. |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |