This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0578
Case T-578/21: Judgment of the General Court of 29 March 2023 — Tinnus Enterprises v EUIPO — Mystic Products and Koopman International (Fluid distribution equipment) (Community design — Invalidity proceedings — Registered Community design representing fluid distribution equipment — Ground for invalidity — Non-compliance with requirements for protection — Article 25(1)(b) of Regulation (EC) No 6/2002 — Features of appearance of a product solely dictated by its technical function — Article 8(1) of Regulation No 6/2002)
Cás T-578/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – Tinnus Enterprises v EUIPO – Mystic Products and Koopman International (Trealamh dáileadh sreabhach) (Dearadh Comhphobail – Imeachtaí cúlghairme – Dearadh Comhphobail cláraithe a léiríonn trealamh chun sreabhán a dháileadh – Forais neamhbhailíochta – Neamhchomhlíonadh na gceanglas cosanta – Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Gnéithe de chuma táirge atá faoi réir a fheidhm theicniúil amháin – Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 6/2002)
Cás T-578/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – Tinnus Enterprises v EUIPO – Mystic Products and Koopman International (Trealamh dáileadh sreabhach) (Dearadh Comhphobail – Imeachtaí cúlghairme – Dearadh Comhphobail cláraithe a léiríonn trealamh chun sreabhán a dháileadh – Forais neamhbhailíochta – Neamhchomhlíonadh na gceanglas cosanta – Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Gnéithe de chuma táirge atá faoi réir a fheidhm theicniúil amháin – Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 6/2002)
IO C 179, 22.5.2023, p. 34–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
22.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 179/34 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – Tinnus Enterprises v EUIPO – Mystic Products and Koopman International (Trealamh dáileadh sreabhach)
(Cás T-578/21) (1)
(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí cúlghairme - Dearadh Comhphobail cláraithe a léiríonn trealamh chun sreabhán a dháileadh - Forais neamhbhailíochta - Neamhchomhlíonadh na gceanglas cosanta - Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Gnéithe de chuma táirge atá faoi réir a fheidhm theicniúil amháin - Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 6/2002)
(2023/C 179/49)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Tinnus Enterprises LLC (Plano, Texas, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: T. Wuttke agus J. Lewandowski, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile sna hmeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Mystic Products Import & Export, SL (Badalona, an Spáinn)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Koopman International BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe: G. van den Bergh, A. van Hoek agus B. Brouwer, Dlíodóirí)
Maidir le:
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Tinnus Enterprises LLC, go ndéanfar an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Iúil 2021 a chur ar neamhní agus a athrú (Cás R 1006/2018-3).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
2. |
Ordaítear do Tinnus Enterprises LLC a chostais féin chomh maith leis na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Koopman International BV a íoc. |