Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0400

Cás T-400/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – ZR v EUIPO (Státseirbhís – Oifigigh – Fógra folúntais – Iarratas ar aistriú idirinstitiúideach – An chéad mhír d’Airteagal 8 de na Rialacháin Foirne – Aistriú a dhiúltú – Ord fiúntas – Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne – Cóir chomhionann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dualgas cúraim – Ceartúchán)

IO C 179, 22.5.2023, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – ZR v EUIPO

(Cás T-400/21) (1)

(Státseirbhís - Oifigigh - Fógra folúntais - Iarratas ar aistriú idirinstitiúideach - An chéad mhír d’Airteagal 8 de na Rialacháin Foirne - Aistriú a dhiúltú - Ord fiúntas - Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne - Cóir chomhionann - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Dualgas cúraim - Ceartúchán)

(2023/C 179/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ZR (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Predonzani agus K. Tóth, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Meán Fómhair 2020 lena ndiúltaítear dá hiarratas ar aistriú chuig EUIPO, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do ZR na costais a íoc.


(1)  IO C 368, 13.9.2021.


Top