Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0365

    Cás T-365/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – TJ v SEGS (Státseirbhís – Foireann SEGS – Earcaíocht – Fógra folúntais – Iarratas a Diúltú iarratais – Airteagal 98 de na Rialacháin Foirne – An coincheap “ball foirne ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát” – Dliteanas)

    IO C 104, 20.3.2023, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 104/25


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – TJ v SEGS

    (Cás T-365/21) (1)

    (Státseirbhís - Foireann SEGS - Earcaíocht - Fógra folúntais - Iarratas a Diúltú iarratais - Airteagal 98 de na Rialacháin Foirne - An coincheap “ball foirne ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát” - Dliteanas)

    (2023/C 104/39)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: TJ (ionadaithe: A. Véghely, V. Luszcz agus D. Karsai, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Marquardt agus R. Spáč, Gníomhairí, agus ag M. Troncoso Ferrer, F.-M. Hislaire agus L. Lence de Frutos, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinneadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 4 Meán Fómhair 2020 lena ndiúltaítear dá iarratas ar phost [sonraí faoi rún folaithe] agus cinneadh an 23 Iúil 2020 lenar ceapadh A sa phost sin, ar neamhní agus, ar an dara dul síos, an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a d’fhulaing sé mar thoradh air sin a chúiteamh.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Cuirtear cinneadh an 4 Meán Fómhair 2020 ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) lena ndiúltaítear d’iarratas CB arna chur isteach de bhun an fhógra folúntais [sonraí faoi rún folaithe], ar neamhní.

    2.

    Cuirtear cinneadh SEGS lena gceaptar A chuig an bpost sin an 23 Iúil 2020 ar neamhní.

    3.

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

    4.

    Ordaítear do SEGS, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag TJ, a íoc.


    (1)   IO C 368, 13.9.2021.


    Top