EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0775

Cás T-775/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022– PB v an Coimisiún (Conarthaí seirbhíse poiblí – Seirbhísí cúnaimh theicniúil a sholáthar don Ard-Chomhairle Bhreithiúnach agus d’údaráis na hÚcráine – Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain – Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil – Nóta dochair – Stiúrthóir na cuideachta – Bunús dlí – Dliteanas neamhchonarthach)

IO C 432, 14.11.2022, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022– PB v an Coimisiún

(Cás T-775/20) (1)

(Conarthaí seirbhíse poiblí - Seirbhísí cúnaimh theicniúil a sholáthar don Ard-Chomhairle Bhreithiúnach agus d’údaráis na hÚcráine - Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain - Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil - Nóta dochair - Stiúrthóir na cuideachta - Bunús dlí - Dliteanas neamhchonarthach)

(2022/C 432/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PB (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, J. Estrada de Solà agus A. Katsimerou, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gCosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Rebasti agus I. Demoulin, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, Cinneadh C(2020) 7151 final ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2020, maidir le beart riaracháin a chur i bhfeidhm i gcoinne stiúrthóir cuideachta [Faoi rún], lena n-aistarraingítear na méideanna a íocadh go míchuí faoin gconradh leis an tagairt TACIS/2006/101-510 agus faoin gconradh leis an tagairt CARDS/2008/166-429, a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, ar bhonn an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, aon suimeanna atá aisghabháilte ag an gCoimisiún Eorpach ar bhonn an chinnidh sin a aisíoc mar aon le EUR 10 000, faoi réir coigeartú, a íoc mar dhamáistí.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh C(2020) 7151 final ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le beart riaracháin a chur i bhfeidhm i gcoinne stiúrthóir cuideachta [Faoi rún], lena n-aistarraingítear na méideanna a íocadh go míchuí faoi chonarthaí TACIS/2006/101-510 agus CARDS/2008/166-429, ar neamnhní;

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Íocfaidh BS, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin.


(1)  IO C 72, 1.3.2021.


Top