Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0421

    Cás C-421/20: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – Acacia Srl v Bayerische Motoren Werke AG (Tarchur chun réamhrialú – Maoin intleachtúil – Dearaí Comhphobail – Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Airteagal 82(5) – Caingean arna tabhairt os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina ndearnadh sárú nó ina bhfuil an baol go ndéanfar sárú ar a chríoch – Iarratais atá i gceangal leis na himeachtaí um shárú – An dlí is infheidhme – Airteagal 88(2) – Airteagal 89(1)(d) – Rialachán (CE) uimh 864/2007 – An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (“An Róimh II”) – Airteagal 8(2) – Tír inar sáraíodh an ceart maoine intleachtúla)

    IO C 171, 25.4.2022, p. 11–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 171, 25.4.2022, p. 10–10 (GA)

    25.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 171/10


    Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – Acacia Srl v Bayerische Motoren Werke AG

    (Cás C-421/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Maoin intleachtúil - Dearaí Comhphobail - Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Airteagal 82(5) - Caingean arna tabhairt os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina ndearnadh sárú nó ina bhfuil an baol go ndéanfar sárú ar a chríoch - Iarratais atá i gceangal leis na himeachtaí um shárú - An dlí is infheidhme - Airteagal 88(2) - Airteagal 89(1)(d) - Rialachán (CE) uimh 864/2007 - An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (“An Róimh II”) - Airteagal 8(2) - Tír inar sáraíodh an ceart maoine intleachtúla)

    (2022/C 171/13)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An Chúirt a rinne an tarchur

    Oberlandesgericht Düsseldorf

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Acacia Srl

    Cosantóir: Bayerische Motoren Werke AG

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór Airteagal 88(2) agus Airteagal 89(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail, chomh maith le hAirteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 faoin dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (“An Róimh II”) a léirmhíniú sa chaoi nach mór na cúirteanna dhearaí Comhphobail a thugadh imeachtaí um shárú os a chomhair ar bhonn Airteagal 82(5) de Rialachán Uimh. 6/2002, a bhaineann le sárú nó an baol go ndéanfar sárú laistigh de chríoch Bhallstáit aonair, scrúdú a dhéanamh ar na héilimh atá i gceangal leis na himeachtaí sin, ag iarraidh damáistí a dhámhachtain, faisnéis, doiciméid agus cuntas a thíolacadh, chomh maith le táirgí góchumtha a sheachadadh lena scriosadh, ar bhonn dhlí an Bhallstáit ina ndearnadh na sáruithe nó baol sáruithe líomhnaithe ar an dearadh Comhphobail ábhartha ar a chríoch, a thagann i gcomhthráth, in imthosca caingean arna dtionscnamh faoi Airteagal 82(5), le dlí an Bhallstáit ina bhfuil na cúirteanna sin suite.


    (1)  IO C 433 14.12.2020


    Top