AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 16.6.2026
COM(2026) 824 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ
Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – bliain airgeadais 2025
Clár Ábhair
IARSCRÍBHINN 1 – FEIDHMÍOCHT BHUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH IN 2025
1. Faireachán ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais7
2. Tacaíocht bhuiséadach an Aontais d’athchóirithe13
3. Buiséad an Aontais ag tacú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais in 202520
4. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais55
Iarscríbhinn 1 – Feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh in 2025
1. Faireachán ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais
Tá buiséad an Aontais i gcroílár ghníomhaíocht bheartais an Aontais. Le blianta fada anuas, chuidigh sé le feabhas a chur ar cháilíocht an tsaoil agus ar shlite beatha daoine laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Spreagann sé infheistíocht sa todhchaí, ar mhaithe le hEoraip níos glaine, níos digití agus níos iomaíche. An tráth céanna, bhí sé ina líne tharrthála ríthábhachtach tráth géarchéime: chuidigh sé le paindéim a shárú agus na milliúin post a shábháil le linn na ndianghlasálacha, chuidigh sé le daoine agus cuideachtaí teacht slán as géarchéimeanna fuinnimh agus tá tacaíocht ríthábhachtach iontaofa á soláthar aige don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise.
Is uirlis fhíor-riachtanach é buiséad an Aontais chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Lena chuid clár, tacaíonn an buiséad le beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais. Cruthaíonn sé breisluach Eorpach trí thorthaí a fháil nach bhféadfaí a bhaint amach le caiteachas náisiúnta neamhchomhordaithe. Tá cláir an Aontais saincheaptha chun sineirgí a spreagadh, cistiú príobháideach agus poiblí a thionscnamh agus borradh comhordaithe a chur faoi thosaíochtaí an Aontais.
Cur chun feidhme an bhuiséid in 2025
In 2025, cruthaíodh go raibh sé fós d’acmhainneacht ag buiséad fadtéarmach an Aontais (an creat airgeadais ilbhliantúil) agus ag NextGenerationEU bonn taca a chur faoi fhreagairt bheartais an Aontais ar ghéarchéimeanna iomadúla – amhail cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh, suaití sna slabhraí soláthair, tubaistí nádúrtha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus géarchéimeanna daonnúla – agus go raibh ról lárnach acu i gcónaí maidir le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach. Chun é sin a bhaint amach, gealladh EUR 206.5 billiún in 2025 ó bhuiséad an Aontais () chun inbhuanaitheacht, iomaíochas agus rathúnas an Aontais a chur chun cinn, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Leis an infheistíocht sin, neartófar athléimneacht gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais, cothófar cruthú post agus cuideofar le todhchaí níos cothroime agus níos inbhuanaithe a chruthú do gach Eorpach.
Creat airgeadais ilbhliantúil: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad an Aontais 2025 de réir ceannteideal buiséid (i milliúin EUR)
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Ní hionann staid an chur chun feidhme ar fud chláir an Aontais. Sa chúigiú bliain dá gcur chun feidhme, rinne cláir faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach dul chun cinn mór i dtreo a gcuspóirí sonracha a bhaint amach. Maidir le cláir bainistíochta comhroinnte, amhail faoi chistí an bheartais comhtháthaithe, cuireadh dlús nach beag in 2025 le cur chun feidhme chláir 2021-2027. Ag deireadh 2025, bhí oibríochtaí roghnaithe ag na Ballstáit arbh fhiú 64 % iad dá leithdháileadh ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ón gCiste um Aistriú Cóir (lena n‑áirítear Interreg na hEorpa) agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus. Leis an athscrúdú meántéarma ar chláir an bheartais comhtháthaithe in 2025, cuireadh deis ar fáil chun tacaíocht a áirithiú le haghaidh na dtosaíochtaí is práinní.
San iomlán, ath‑leithdháileadh EUR 34,6 billiún de chistí an bheartais comhtháthaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais in 25 Bhallstát:
·EUR 15,2 billiún (nó 43 % den iomlán) le haghaidh iomaíochais (agus EUR 15,1billiún i gceist leis an ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (STEP);
·EUR 11,9 billiún (34 %) don chosaint;
·EUR 3,3 billiún (gar do 10 %) le haghaidh tithíochta;
·EUR 3,1 billiún (9 %) le haghaidh infheistíochtaí uisce; agus
·EUR 1,2 billiún (beagán os cionn 3 %) le haghaidh slándáil fuinnimh.
Chuir NextGenerationEU borradh breise faoi acmhainneacht bhuiséadach an Aontais chun tacú le téarnamh eacnamaíoch na hEorpa chun go mbeadh tionchar fadtéarmach fáis ann dá bharr, agus béim láidir ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas. Ó 2021 go 2026, tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), arb í sin croílár NextGenerationEU, ag soláthar EUR 577 mbilliún de chistiú i ndeontais agus in iasachtaí do na Ballstáit (), lena n‑áirítear EUR 16,4 billiún arna chistiú le hioncam ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus aistrithe ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit. In 2025, eisíocadh EUR 95,8 billiún de chistí NextGenerationEU, arna spreagadh den chuid is mó tríd na híocaíochtaí faoi STA dar méid EUR 87,3 billiún (EUR 40,1 billiún i dtacaíocht neamh‑inaisíoctha agus EUR 47,2 billiún in iasachtaí). Leis sin, maidir leis na heisíocaíochtaí iomlána faoin tSaoráid, ba iad EUR 393,4 billiún, arna roinnt i dtacaíocht neamh‑inaisíoctha dar méid EUR 237,5 billiún (66 % d’imchlúdach tacaíochta neamh‑inaisíoctha iomlán STA dar méid EUR 360 billiún ag deireadh 2025) agus EUR 155,9 billiún in iasachtaí (56 % d’imchlúdach iasachtaí iomlán STA dar méid EUR 277 mbilliún ag deireadh 2025).
In 2025, íocadh EUR 5,5 billiún le haghaidh gealltanas a rinneadh faoi roinnt clár de chuid an Aontais sa chlárthréimhse roimhe sin (2014-2020). Bhain formhór na n‑íocaíochtaí sin leis an mbeartas comhtháthaithe (lena n‑áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus Ciste Sóisialta na hEorpa), mar aon leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Réigiúnach agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht
In 2025, lean cláir an Aontais de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo a bpríomhchuspóirí a bhaint amach agus luach a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais. Is trí bhíthin táscairí feidhmíochta go háirithe a dhéantar faireachán ar dhul chun cinn i dtreo chuspóirí cláir. Le haghaidh na dtáscairí sin lena mbaineann spriocanna sainithe agus dá rabhthas in ann measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme a bhuí leis an dul chun cinn a rinneadh ina leith, measadh go raibh a bhformhór mór (79 %) ar an mbóthar ceart chun a spriocanna a bhaint amach faoi dheireadh thréimhse chur chun feidhme na gclár. Tá faisnéis mhionsonraithe ar leibhéal an chláir le fáil sna ráitis ar fheidhmíocht cláir, Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Miondealú ar chroítháscairí feidhmíochta 2021-2027 de réir dul chun cinn i dtreo spriocanna
NB: Léirítear sa ghraf an dul chun cinn arna thomhas de réir an sciar de na príomhtháscairí feidhmíochta atá ar an mbóthar ceart chun a spriocanna faoi seach a chomhlíonadh
. Ní áirítear ann táscairí nach féidir measúnú a dhéanamh orthu leis na torthaí ag an gcéim seo.
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Ní mór a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin leis an gcaiteachas agus na torthaí lena bhfuil coinne a fháil ar an láthair. Léirítear sa tábla thíos samplaí de thorthaí ó bhuiséad an Aontais a baineadh amach faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla 2014-2020 agus 2021-2027 araon.
Samplaí de thorthaí a baineadh amach
Aeráid (
)
·Rinneadh 42 ghigeavatuair de choigilteas measta éifeachtúlachta fuinnimh in aghaidh na bliana ó fhoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí de bharr an chláir InvestEU, cistí beartais comhtháthaithe, an chláir LIFE agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, sa tréimhse 2021-2025.
·Seachnaíodh 124 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana, ar lean beagnach a leath de sin as infheistíocht i mbannaí glasa NextGenerationEU. Ina theannta sin, meastar go mbeidh laghdú 962 mhilliún tona ar choibhéis dé-ocsaíde carbóin trí thionscadail an Chiste don Nuálaíocht, atá ar siúl faoi láthair nó a tugadh chun críche ag deireadh 2025, le linn a gcéad 10 mbliana d’oibríochtaí.
·Suiteáladh 108 ngigeavata breise d’acmhainneacht fuinnimh in‑athnuaite leis an gclár InvestEU, le cistí an bheartais comhtháthaithe, leis an Sásra um Aistriú Cóir agus leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, sa tréimhse 2021-2025.
Digiteach
·Soláthraíodh rochtain idirlín do 20 milliún teaghais bhreise trí líonraí fíor-ardacmhainneachta leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, le hInvestEU agus le cistí comhtháthaithe faoi dheireadh 2025.
·Chruthaigh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 10 362 theirighiotán in aghaidh an tsoicind d’acmhainneacht bhreise de bharr croí‑líonraí imscartha, lena n‑áirítear cáblaí faoi uisce, faoi dheireadh 2025.
Fostaíocht
·Tacaíodh le breis is 50 milliún duine aonair chun scileanna atá ábhartha don fhostaíocht a fháil agus cruthaíodh 360 000 post nó coinníodh ar bun iad idir 2021 agus 2025 le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais ().
·Ghlac thart ar 16 mhilliún duine páirt i ngníomhaíochtaí Chiste Sóisialta Plus na hEorpa chun feabhas a chur ar a staid fostaíochta faoi dheireadh 2025.
Dírítear sa chéad roinn eile den Iarscríbhinn seo ar thacaíocht bhuiséadach an Aontais d’athchóirithe. Tugtar tuairisc sa tríú roinn den iarscríbhinn seo ar an gcaoi ar rannchuidigh cláir an Aontais le tosaíochtaí polaitiúla. Sa cheathrú roinn den iarscríbhinn seo, maidir le tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais, soláthraítear faisnéis ar leibhéal bhuiséad an Aontais maidir le maoiniú tionscnamh a bhaineann leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht, le comhionannas inscne, leis an aistriú digiteach agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) (). Le hIarscríbhinn 4, Ráitis ar fheidhmíocht cláir, soláthraítear anailís mhionsonraithe ar na cláir aonair agus ar a bhfeidhmíocht, a chuirtear i láthair mar
shuíomh gréasáin
chun é a dhéanamh níos soláimhsithe do léitheoirí.
Faisnéis feidhmíochta a dhéanamh níos iontaofa
Leagann an Coimisiún Eorpach béim mhór ar iontaofacht a chuid faisnéise feidhmíochta agus oibríonn sé go leanúnach chun tuilleadh feabhais a chur ar a phróisis tuairiscithe feidhmíochta atá láidir cheana féin. Chun ardchaighdeáin a choinneáil ar bun, déantar sonraí maidir le croítháscairí feidhmíochta a thaifeadadh agus a bhainistiú trí bhunachar sonraí tiomnaithe bunaithe ar chórais, feidhmchláir agus táirgí (SAP) ina n‑ionchorpraítear rialacha uathoibríocha maidir le rialú cáilíochta chun cáilíocht agus iontaofacht sonraí a neartú. Ina theannta sin, maidir le ranníocaíochtaí a bhaineann leis an aeráid ó bhuiséad an Aontais, déantar meastachán orthu go díreach agus úsáid á baint as sonraí a bhaintear as córas cuntasaíochta an Choimisiúin, lena n‑áirithítear inrianaitheacht agus beachtas.
In 2025 lean an Coimisiún de chur chuige neartaithe i leith rialú a chur chun feidhme agus a chomhdhlúthú chun iontaofacht na faisnéise feidhmíochta maidir le cláir an Aontais a áirithiú. Lean ranna an Choimisiúin de thorthaí a rialuithe a thuairisciú ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2025 (ar foinse thábhachtach faisnéise iad don tuarascáil bhliantúil seo ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht), bunaithe ar an treoraíocht agus na ceanglais shonracha a eisíodh in 2023 mar fhreagairt ar mholtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí. In 2025, níor tuairiscíodh aon mhóreasnaimh maidir le hiontaofacht na faisnéise feidhmíochta i ndáil le cláir an Aontais faoi seach.
Creat feidhmíochta le haghaidh bhuiséad fadtéarmach 2028-2034
In 2025, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh buiséad fadtéarmach láidir a sheasfaidh an aimsir don tréimhse 2028-2034. Mar chuid de nuachóiriú bhuiséad an Aontais, tugtar rialachán isteach den chéad uair lena mbunaítear comhchreat feidhmíochta is infheidhme maidir leis na cláir uile: an ‘Rialachán Feidhmíochta’() .
Leis an Rialachán Feidhmíochta, déantar na ceanglais a tugadh isteach i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (Rialachán Airgeadais 2024) a oibríochtú, agus tugtar aghaidh ann ar na príomhcheachtanna a foghlaimíodh ón tréimhse 2021-2027. Áirítear orthu sin prionsabail chothrománacha a chur i bhfeidhm ar bhonn ilchineálach ar fud na gclár, amhail an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus comhionannas inscne; an ilroinnt sa sainiú ar tháscairí feidhmíochta, rud a chruthaigh castacht agus a d’fhág go raibh sé deacair torthaí a chomhiomlánú agus faireachán a dhéanamh orthu; neamhréireachtaí sna modheolaíochtaí rianaithe caiteachais; agus an iliomad tuarascálacha feidhmíochta, rud a d’fhág gur méadaíodh castacht agus gur laghdaíodh trédhearcacht.
Leis an Rialachán Feidhmíochta atá beartaithe, cuirtear creat feidhmíochta níos simplí, níos láidre agus níos aontaithe ar fáil don bhuiséad a bheidh ann amach anseo, ar creat é lena ndéanfar faireachán ar an gcaoi a gcaitear an buiséad agus ar na torthaí a bhaintear amach leis. Leis sin, méadófar trédhearcacht, cuntasacht agus comhsheasmhacht, laghdófar an t‑ualach riaracháin agus áiritheofar go mbainfear amach tosaíochtaí an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí.
|
Forálacha agus prionsabail chothrománacha chomhchuibhithe
Cur chuige aonair maidir le beartais aeráide agus comhshaoil, an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, beartais shóisialta agus comhionannas inscne a chur chun feidhme
|
Modheolaíocht choiteann chun caiteachas bhuiséad an Aontais a rianú
Modheolaíocht aonair chun faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas a thacaíonn le maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, cuspóirí comhshaoil agus sóisialta
|
Liosta coiteann de tháscairí feidhmíochta
Táscairí cuíchóirithe maidir le haschuir agus torthaí, ag aistriú ó níos mó ná 5 000 táscaire go dtí thart ar 900 táscaire, rud a fhágann gur féidir iad a chomhiomlánú ar leibhéal bhuiséad an Aontais
|
|
Tuarascáil aonair ar fheidhmíocht
Ó 32 cheanglas tuairiscithe chlárshonracha go tuarascáil aonair ar fheidhmíocht: an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht
|
An tairseach aonair
Breis agus 30 tairseach agus deais a chumasc ina bpointe iontrála aonair le haghaidh deiseanna cistiúcháin agus faisnéise faoi fheidhmíocht bhuiséad an Aontais
|
Meastóireachtaí cuíchóirithe
Tuarascáil ar chur chun feidhme ag teacht in ionad na meastóireachta meántéarma
|
Rud atá san áireamh leis an Rialachán Feidhmíochta atá beartaithe freisin, sin é an ‘tairseach aonair’, lena soláthrófar pointe iontrála aonair le haghaidh dheiseanna cistiúcháin an Aontais agus faisnéise feidhmíochta, ar nithe iad atá scaipthe ar fud ardáin iomadúla faoi láthair. Feabhsóidh an tairseach inrochtaineacht agus trédhearcacht do thairbhithe agus d’úsáideoirí féideartha faisnéise maidir le cur chun feidhme agus feidhmíocht bhuiséad an Aontais.
2. Tacaíocht bhuiséadach an Aontais d’athchóirithe
Tacaíonn buiséad an Aontais le hathchóirithe chomh maith le hinfheistíocht sna Ballstáit agus i dtíortha comhpháirtíochta. Cé go ndéantar tionscadail inláimhsithe lena gcuirtear fás agus forbairt chun cinn a mhaoiniú trí bhíthin infheistíochta, is cumasóirí iad athchóirithe a chuidíonn le tionchar agus éifeachtacht na hinfheistíochta a fheabhsú agus a spreagann athruithe agus ailíniú beartas le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.
Laistigh den Aontas, is sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go háirithe a léirítear an tsineirge idir athchóirithe agus infheistíochtaí, toisc go mbíonn eisíocaíochtaí na Saoráide bunaithe ar chlocha míle agus ar spriocanna réamhshainithe a bhaint amach. Ina theannta sin, tá coinníollachtaí ionsuite i roinnt clár de chuid an Aontais chun a áirithiú go gcaithfear airgead an Aontais go héifeachtach agus i gcomhréir le cuspóirí níos leithne an Aontais. Le cláir de chuid an Aontais lena soláthraítear cistiú do na Ballstáit nó do réigiúin, mar atá, faoin mbeartas comhtháthaithe, neartaíodh an nasc le tosaíochtaí an Aontais i bhfoirmeacha éagsúla. Ba cheart go rannchuideodh maoiniú ó bhuiséad an Aontais leis na tosaíochtaí comhroinnte sin chun breisluach AE a sholáthar. I gcás ina mbeidh tacaíocht de dhíth ar na Ballstáit, soláthraíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil saineolas agus treoraíocht shaincheaptha chun athchóirithe casta a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ó thaobh gníomhaíocht sheachtrach de, úsáideann an tAontas tacaíocht bhuiséadach choinníollach agus saoráidí infheistíochta chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun cinn i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha is iarrthóirí, maille le tíortha comhpháirtíochta eile. I dtíortha comhpháirtíochta, tá an tacaíocht chomhpháirteach d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí ábhartha go háirithe san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, sa tSaoráid don Úcráin, sa tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, agus sa tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Sa mheastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuireadh i dtábhacht an ról lárnach atá ag an tsaoráid maidir le tacú le hathchóirithe sna Ballstáit. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tugadh isteach spreagadh agus dreasachtaí airgeadais nua chun athchóirithe criticiúla lena bhfuiltear ag fanacht le fada a chur chun feidhme, a bhuí leis na ceanglais ó Rialachán STA agus leis an nasc nua idir athchóirithe agus infheistíochtaí. Go ginearálta, tugadh tús áite do chur chun feidhme na mbeart athchóirithe i gcomparáid le cur chun feidhme na n‑infheistíochtaí, ós rud é gur minic a bhíonn feidhm ‘ullmhúcháin’ ag athchóirithe i leith na n‑infheistíochtaí ábhartha, go háirithe chun tionchar na n‑infheistíochtaí ábhartha sin a uasmhéadú.
Déantar bearta athchóirithe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a dháileadh ar fud a sé cholún beartais, agus is mó an líon beart atá faoi na colúin lena gcumhdaítear beartais feabhsaithe fáis agus athléimneachta (féach an chairt dar teideal ‘Clocha míle agus spriocanna a bhaineann le hathchóirithe, de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’). Léiríonn na colúin tosaíochtaí an Aontais atá i gcomhréir leis na moltaí tírshonracha atá dírithe ar na Ballstáit ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh.
Sa mheasúnú ar mholtaí tírshonracha, a foilsíodh mar chuid de phacáiste earraigh Sheimeastar Eorpach 2025 (COM(2025) 200 final), léirítear go bhfuil méadú tagtha ar chur chun feidhme na moltaí tírshonracha a glacadh in 2019 agus in 2020 i gcomparáid leis an gcur chun feidhme roimh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Faoi mhí an Mheithimh 2025, shroich sciar na moltaí tírshonracha a glacadh in 2019-2020 agus ar taifeadadh ar a laghad dul chun cinn áirithe ina leith 79 % de na moltaí. I gcomparáid leis sin, roimh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, maidir leis na moltaí tírshonracha a glacadh in 2015-2016, taifeadadh ar a laghad dul chun cinn áirithe i gcás 62 % de na moltaí in 2021 (i.e. tar éis an mhéid chéanna ama lena gcur chun feidhme). Léiríonn sé sin maidir leis na dreasachtaí a soláthraíodh leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus an cur chuige feidhmíochtbhunaithe atá ag gabháil léi chomh maith leis an mbéim ar athchóirithe, gur rannchuidigh siad le cur chun feidhme moltaí tírshonracha a threisiú.
Clocha míle agus spriocanna in aghaidh an cholúin Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaineann le hathchóirithe
NB: Léirítear sa ghraf an líon cloch míle agus spriocanna athchóirithe de réir colún den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna gcatagóiriú mar ‘phróiseas ullmhúcháin agus rialála’ nó mar ‘sheachadadh ar an láthair’.
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Le linn na chéad 4 bliana dá cur chun feidhme, thacaigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le raon leathan príomh‑athchóirithe a sholáthar ar fud na mBallstát, lena n‑áirítear athchóirithe.
•Tá reachtaíocht tagtha i bhfeidhm chun comhlíonadh cánach a spreagadh agus chun feabhas a chur ar éifeachtacht na n‑iniúchtaí agus na rialuithe. Chuir athchóiriú amháin feabhas ar cháilíocht na mbunachar sonraí a úsáidtear chun litreacha comhlíontachta a tháirgeadh (i.e. fógraí trína dtuairiscíonn údaráis chánach na hIodáile neamhréireachtaí). Dá thoradh sin, tá méadú 30 % tagtha ar an ioncam cánach a ghintear de thoradh litreacha comhlíontachta i gcomparáid le 2019 (an Iodáil).
•Athchóirithe a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Áirítear orthu sin feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach chóras na bpinsean trí athruithe a dhéanamh ar an gcéad cholún ‘íoc-mar-a-úsáidtear’ de phinsin agus feabhas a chur ar fheidhmiú an dara colún pinsin, mar aon le smacht fioscach a fheabhsú trí uasteorainneacha caiteachais ilbhliantúla ceangailteacha (an tSlóvaic).
•Nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh bonneagar fuinnimh in‑athnuaite agus leictreachais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Leis an reachtaíocht, laghdaítear an t‑ualach riaracháin, leagtar síos spriocdhátaí soiléire, baintear srianta ar an uath‑ídiú leictreachais agus cuirtear feabhas ar leithdháileadh acmhainne an líonra (an Spáinn).
•Rochtain ar chúram leighis a áirithiú trí chóras aisíocaíochta a bhunú d’altraí chun iad a dhreasú chun oibriú i gceantair iargúlta agus trí mhéadú a dhéanamh ar an sciar daoine a gceadaítear dóibh dul i mbun oiliúint altranais (an Eastóin).
•É a chur ar a gcumas do lucht ceaptha beartas measúnú níos fearr a dhéanamh ar ualaí rialála ar FBManna agus teorainn a chur leis na hualaí sin, rud a chuir timpeallacht níos tacúla dá bhfás chun cinn (Éire).
Cistí comhtháthaithe
Faoin mbeartas comhtháthaithe, tacaítear le hathchóirithe trí na coinníollacha cumasúcháin. Áirithítear leo sin go bhfuil na coinníollacha is gá i bhfeidhm chun na cistí a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil. Cumhdaítear leo sin:
•creataí beartais agus straitéiseacha, chun a áirithiú go mbeidh na doiciméid straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, atá mar bhonn taca ag infheistíochtaí, ar ardchaighdeán agus i gcomhréir le caighdeáin an Aontais;
•creataí rialála, chun a áirithiú go gcomhlíonfar acquis an Aontais agus na hoibríochtaí arna gcómhaoiniú ag na cistí á gcur chun feidhme.
Is mór an dul chun cinn atá déanta maidir leis na coinníollacha sin a chomhlíonadh ó glacadh na cláir in 2022. Ag deireadh mhí na Nollag 2025, níor raibh ach 1,3 % de leithdháiltí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa / an Chiste Comhtháthaithe / Chiste Sóisialta na hEorpa Plus blocáilte fós mar gheall ar choinníollacha cumasúcháin neamhchomhlíonta, i gcomparáid le 22,3 % tráth a nglactha.
Léiríodh sa mheastóireacht mheántéarma ar chlárthréimhse 2021-2027 gur fhág coinníollacha cumasúcháin gur féidir creataí beartais straitéiseacha, córais agus socruithe eile a chur ar bun chun na cistí a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil.
An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
Trí shaineolas ó chúlraí difriúla a thabhairt le chéile, amhail saineolas ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ón earnáil phríobháideach agus ó Bhallstáit eile, cuidíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil leis na Ballstáit athchóirithe a dhéanamh lena gcruthaítear poist, sochaithe cuimsitheacha agus fás inbhuanaithe.
In 2025, lean an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil de bheith ag tacú le hathchóirithe atá cliste, inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta i raon leathan réimsí beartais agus gach cineál acmhainneachta riaracháin á neartú an tráth céanna, go háirithe na sásraí riaracháin inmheánacha le haghaidh athchóirithe ar fud an Aontais. Mar shampla, díríonn tionscadal na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil maidir le h
inbhuanaitheacht ilnáisiúnta san airgeadas poiblí áitiúil
ar bhonn a fhorbairt ar mhaithe le ‘buiséadú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe’ i gcórais rialachais áitiúil. Thacaigh an tionscadal le tuarascálacha a bhaineann go sonrach le cathracha a sholáthar chomh maith le tuarascálacha comhpháirteacha lena ndéantar measúnú ar chleachtais maidir le buiséadú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus modheolaíochtaí saincheaptha, príomhtháscairí feidhmíochta agus pleananna gníomhaíochta á bhforbairt an tráth céanna d’fhonn feabhas a chur ar chomhleanúnachas, trédhearcacht agus leithdháileadh acmhainní an bhuiséadaithe. Chuidigh sé sin leis an mbunobair a dhéanamh ar mhaithe le bainistíocht airgeadais institiúidithe a bheadh dírithe ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus dá dtairbheodh thart ar chúig mhilliún cónaitheoir agus a d’fheidhmeodh mar shamhail inaistrithe do bhardais eile de chuid an Aontais.
Rannchuidigh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil le tionscnóirí iomaíochais na mBallstát a threisiú, le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus ar chumas na mBallstát athchóirithe a sholáthar ar mhaithe le trádáil agus le huathriail straitéiseach oscailte (féach an
Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil – tuarascáil bhliantúil 2024
chun tuilleadh sonraí a fháil). Mar shampla, tá sé d’aidhm ag an tionscadal suaitheanta ilnáisiúnta maidir le
malartú comhair riaracháin phoiblí
comhar agus malartuithe trasteorann a chur chun cinn i measc na mBallstát chun acmhainneacht riaracháin a fhorbairt agus chun an chéad ghlúin eile de lucht ceaptha beartas san Aontas a ullmhú, rud a thabharfaidh deis do níos mó ná 800 státseirbhíseach taithí a mhalartú idir 2023 agus 2025. Baintear leas sa tionscadal as an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise idir riaracháin na mBallstát difriúil.
In 2026, tá coinne leis go ndíreofar leis an ionstraim ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus moltaí casta tírshonracha á gcur chun feidhme acu.
Gníomhaíocht sheachtrach
Tá an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III ceaptha mar ionstraim fheidhmíochtbhunaithe, lena ndéantar idirdhealú idir cúnamh maidir le raon feidhme agus déine de réir fheidhmíocht na dtairbhithe, agus tiomantas d’athchóirithe bunúsacha á dhreasú ar an gcaoi sin. Tá an cur chuige sin ag teacht le teachtaireacht 2020 maidir leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú (), inar beartaíodh cistiú méadaithe do thíortha a dhéanann dul chun cinn maidir le tosaíochtaí athchóirithe comhaontaithe. Tá measúnú feidhmíochta leabaithe sa phróiseas clársceidealaithe déthaobhach bliantúil, agus leas á bhaint as tuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an méadú, as measúnuithe saineolaithe seachtracha, as cuntais teiste faoin gcur chun feidhme agus as tuairisciú in aghaidh tháscairí an Chreata Torthaí faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III.
I gcás Shaoráid na hÚcráine, i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean na hÚcráine () leagtar amach treochlár mionsonraithe coinníollacha i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá nasctha le hathchóirithe agus infheistíocht. Is féidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sin tacaíocht dhíreach ón Aontas a spreagadh do bhuiséad na hÚcráine (Colún I den tSaoráid don Úcráin). Cuimsítear 151 chéim le plean na hÚcráine, atá eagraithe mar 15 chaibidil earnála (athchóiriú an riaracháin phoiblí; bainistíocht airgeadais phoiblí; an bhreithiúnacht; an comhrac in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid; margaí airgeadais; sócmhainní poiblí a bhainistiú; caipiteal daonna; an timpeallacht ghnó; dílárú agus beartas réigiúnach; fuinneamh; iompar; agraibhia; amhábhair chriticiúla a bhainistiú; an claochlú digiteach; an t‑aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil) agus trí chaibidil chothrománacha (próisis atógála agus nuachóirithe ar fud leibhéil uile an rialtais; sásraí agus socruithe chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; agus comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus plean na hÚcráine á ullmhú).
Chomhlíon an Úcráin 45 chéim san iomlán a bhí le déanamh le linn 2025 ar fud roinnt caibidlí den phlean, rud a spreag eisíocaíocht EUR 10,7 billiún i dtacaíocht neamh‑inaisíoctha agus in iasachtaí. Ó rolladh amach an tSaoráid don Úcráin, tá EUR 26,8 billiún san iomlán eisíoctha tríthi in aghaidh 68 gcéim (lena n‑áirítear na cúig chéim a léirítear sa mheabhrán tuisceana maidir leis an maoiniú idirlinne eisceachtúil).
Éachtaí maidir leis an athchóiriú san Úcráin
In 2025, bhain an Úcráin athchóirithe amach ar fud roinnt réimsí:
·caipiteal daonna, agraibhia, amhábhair chriticiúla a bhainistiú (5 chéim i gceist le gach ceann);
·dílárú agus beartas réigiúnach, an claochlú digiteach, an t‑aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil (4 chéim i gceist le gach ceann);
·an timpeallacht ghnó, fuinneamh (3 chéim i gceist le gach ceann);
·bainistíocht airgeadais phoiblí, an bhreithiúnacht, margaí airgeadais, sócmhainní poiblí a bhainistiú, iompar (2 chéim i gceist le gach ceann);
·athchóiriú an riaracháin phoiblí, an comhrac in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid (1 chéim i gceist le gach ceann).
Mar shampla, i réimse an aistrithe ghlais agus chosaint an chomhshaoil, sainítear i ndlí nua ‘Maidir le bunphrionsabail bheartas aeráide an stáit’ na príomhshásraí agus na príomhspriocanna le haghaidh rialachas aeráide anois. Céim thábhachtach eile sa réimse sin ba ea an dara rannchuidiú níos uaillmhianaí a glacadh – ‘Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta ón Úcráin’ le Comhaontú Pháras. I réimse an chaipitil dhaonna, le hathchóiriú ar oideachas réamhscolaíochta, tá rochtain ar oideachas réamhscolaíochta ar ardchaighdeán á shaothrú anois, arb é is aidhm dó méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban, a bhfuil leanaí réamh‑bhunscoile acu, sa lucht saothair. Maidir le dílárú, ghlac an Úcráin príomhleasuithe ar an Dlí maidir le Riarachán Stáit Áitiúil; rannchuidíonn an chéim sin go díreach le hathchóiriú an riaracháin phoiblí, ar príomhthosaíocht é faoi bhraisle ‘Bunphrionsabail’ an phróisis aontachais. Neartaíodh an comhrac in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid trí dhlí a tháinig i bhfeidhm lena n‑athchóirítear an Ghníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistiú Sócmhainní, lenar tugadh isteach roinnt feabhsuithe ar bhainistiú agus ar fheidhmiú na gníomhaireachta.
Is ionstraimí feidhmíochtbhunaithe iad an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar agus an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive agus tá eisíocaíochtaí ag brath ar chéimeanna athchóirithe comhaontaithe a bheith bainte amach ag tairbhithe. In 2025, scaoileadh EUR 396 mhilliún i réamh‑mhaoiniú agus in eisíocaíochtaí faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, lena n‑áirítear EUR 164 mhilliún le haghaidh na hAlbáine, EUR 45 mhilliún le haghaidh Mhontainéagró agus EUR 77 milliún le haghaidh na Macadóine Thuaidh. Sa bhliain chéanna, eisíocadh EUR 288,9 milliún in iasachtaí faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive. Thairis sin, oibríonn an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar mar chomhlánú leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, lena soláthraítear cúnamh teicniúil, lena n‑áirítear an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise agus tacaíocht um Nascadh, chun cuidiú le tíortha cur leis an acmhainneacht is gá chun athchóirithe a thabhairt chun cinn, agus cruthaítear dreasachtaí fioscacha leis an tsaoráid chun athchóiriú a achtú agus a chur chun feidhme an tráth céanna.
Agus Global Gateway á chur i gcrích tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, cuireann an Coimisiún athchóirithe chun cinn chun tacú leis an timpeallacht chumasúcháin infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta, i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus i gcomhlántacht le páirtithe leasmhara uile Fhoireann na hEorpa. Baineann na hathchóirithe sin le rialachas eacnamaíoch na dtíortha (e.g. soláthar poiblí, bainistiú infheistíochta poiblí nó bainistiú fiachais) nó meastar gur athchóirithe iad lena gcumasaítear tionscadail rathúla de chuid Global Gateway (e.g. uasghrádú a dhéanamh ar an gcreat rialála chun grianchumhacht nó cumhacht ghaoithe a tháirgeadh/a thráchtálú, nó le haghaidh oibreoirí i gconairí straitéiseacha iompair).
Leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin (Colún II den tSaoráid don Úcráin) agus leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, déantar caipiteal príobháideach a phlódú isteach chun infheistíochtaí a chur chun cinn, san Úcráin agus i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais faoi seach. Thairis sin, leis an tacaíocht bhuiséadach, cuireadh athchóirithe rialála chun cinn in earnálacha fuinnimh Bheinin, Oileáin Sholaimh agus Vítneam. Spreagadh fuinneamh in‑athnuaite tríthi, go háirithe trí chead a thabhairt d’institiúidí maoinithe forbraíochta an Aontais na hinfheistíochtaí sin a chistiú go díreach le tacaíocht mheasctha ón Aontas. I gcomhthéacs Global Gateway, bítear ag lorg sineirgí den sórt sin freisin, mar shampla, in Iamáice agus sa Chirgeastáin le haghaidh digitiú, sa Libéir, i Ruanda agus san Úisbéiceastáin le haghaidh slabhraí luacha talmhaíochta agus sa Mháratáin le haghaidh hidrigin ghlas.
Sa réigiún comharsanachta, tá ról chomh tábhachtach céanna ag cúnamh macrairgeadais arna mhaoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda chun athchóirithe a chur chun cinn.
San Iordáin agus i Maracó araon, trí phunann mhór tacaíochta buiséadaí, cuirtear athchóirithe chun cinn in earnálacha éagsúla amhail fuinneamh in‑athnuaite, an geilleagar ciorclach, uisce, scileanna, cosaint shóisialta nó nuachóiriú/digitiú an riaracháin phoiblí ar mhaithe le timpeallacht ghnó níos fabhraí. San Airméin, san Éigipt, san Iordáin agus sa Túinéis, comhlánaítear an iarracht sin chun athchóirithe a chur chun cinn le comhpháirtíochtaí tiomnaithe straitéiseacha cuimsitheacha. Sa réigiún comharsanachta, le cúnamh macrairgeadais do thíortha atá in anás airgeadais, cuirtear athchóirithe eacnamaíocha tábhachtacha chun cinn freisin amhail san Éigipt agus san Iordáin, áit ar bunaíodh oibríocht nua um chúnamh macrairgeadais in 2025.
Sa Phalaistín() , tá an tacaíocht d’Údarás Náisiúnta na Palaistíne (trí thacaíocht dhíreach airgeadais trí shásra PEGASE an Aontais) fréamhaithe i gclár oibre Údarás Náisiúnta na Palaistíne um athchóiriú. I gcomhthéacsanna eile leochaileacha/téarnaimh i réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice, rannchuidíonn an tAontas le neartú na bpríomhfheidhmeanna bainistíochta riaracháin agus airgeadais phoiblí agus tacaíocht á tabhairt i gcónaí dóibh (don Iaráic, don Liobáin, don Libia, d’Éimin agus, ó bhí 2025 ann, don tSiria).
Maidir leis an tacaíocht sin d’athchóirithe le bhforbraítear acmhainneacht, comhordaítear í leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, le Grúpa an Bhainc Dhomhanda, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus le Ballstáit an Aontais.
Torthaí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda ():
·110 tír a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun slógadh ioncaim, bainistíocht airgeadais phoiblí agus/nó trédhearcacht buiséid a neartú (GERF) ) An Creat torthaí faoin Eoraip Dhomhanda) 2.19);
·22 thír agus chathair a bhfuil straitéisí um athrú aeráide agus/nó straitéisí um laghdú riosca tubaiste acu: (a) forbartha nó (b) á chur chun feidhme (An Creat torthaí faoin Eoraip Dhomhanda) 2.5);
·2 thír a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun (a) beartais/straitéisí/dlíthe/rialacháin a bhaineann le cúrsaí digiteacha a fhorbairt agus/nó a athbhreithniú, (b) beartais/straitéisí/rialacháin den sórt sin a chur chun feidhme (An Creat torthaí faoin Eoraip Dhomhanda) 2.10) a) 4 agus b) 1);
·Trí thír a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun an timpeallacht infheistíochta a neartú (GERF 2.16);
·356 bheartas rialtais arna bhforbairt nó arna n‑athbhreithniú le rannpháirtíocht eagraíochtaí den tsochaí shibhialta trí thacaíocht ón Aontas (GERF 2.29);
3. Buiséad an Aontais ag tacú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais in 2025
An Compás Iomaíochais
Beidh neamhspleáchas na hEorpa ag brath ar a cumas dul san iomaíocht i ré chorrach na haimsire seo. Tá gach rud againn atá uainn le go mbeidh rath orainn anseo san Eoraip – idir an Margadh Aonair agus ár ngeilleagar sóisialta margaidh, agus go leor eile nach iad ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais
Braitheann rathúnas na hEorpa ar gheilleagar iomaíoch inbhuanaithe athléimneach a bheith aici, geilleagar a chuireann deiseanna ar fáil dá mhuintir agus dá ghnólachtaí, anois agus san am atá le teacht. Ag tógáil ar
thuarascáil Mario Draghi maidir le hiomaíochas na hEorpa
, thíolaic an Coimisiún an
Compás Iomaíochais
, in 2025, ina leagtar amach gníomhaíochtaí atá dírithe ar an mbearna nuálaíochta a dhúnadh, geilleagar an Aontais a dhícharbónú, spleáchais a laghdú, rómhaorlathas a laghdú, bacainní ar an margadh aonair a bhaint, maoiniú níos éifeachtúla a chumasú agus caipiteal príobháideach a shlógadh, scileanna agus poist dea-cháilíochta a chur chun cinn agus comhordú níos fearr a áirithiú. In 2025, rannchuidigh buiséad an Aontais leis na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealaí éagsúla.
Gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla trí shimpliú
Mar chomhlánú le húsáid bhuiséad an Aontais, in 2025 chuir an tAontas tionscnaimh ar aghaidh chun borradh a chur faoin iomaíochas trí rómhaorlathas a laghdú, cánachas a nuachóiriú agus tacú le hiomaíocht chóir, arb é is aidhm dóibh cuidiú le rath thar theorainneacha a bheith ar ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá na spriocanna soiléir: laghdú 25 % ar a laghad a dhéanamh ar an ualach riaracháin do na gnólachtaí uile agus laghdú 35 % ar a laghad d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide – lena ngearrtar EUR 37,5 billiún de chostais riaracháin athfhillteacha faoi 2029.
Is é Fís Eorpach clár suaitheanta taighde agus nuálaíochta an Aontais, agus rannchuidíonn sé le hiarrachtaí an Aontais borradh a chur faoina iomaíochas. Faoi dheireadh 2025, tháirg tionscadail Fís Eorpach breis agus 10 000 próiseas, modh agus iarratas ar chearta maoine intleachtúla nuálach; a rannchuidigh leis an tionsclaíocht, leis an nuálaíocht agus leis an bonneagar le breis agus EUR 20 billiún; agus ranníoc siad EUR 12,8 billiún le gníomhaíochtaí digiteacha, agus EUR 2,5 billiún de sin in 2025 amháin. I measc na samplaí de thionscadail a mhaoinítear faoi Fhís Eorpach, tá taighde ar athchúrsáil shábháilte na bplaisteach guaiseach agus ar réamhaisnéis fheabhsaithe na haimsire sa spás (rud a bhíonn úsáideach le haghaidh satailítí). Thairis sin, chun cur in úsáid na dteicneolaíochtaí glana, soghluaisteacht ghlan agus laghdú dramhaíola a éascú, in 2025 leithdháil an Coimisiún EUR 540 milliún faoin gclár Fís Eorpach ar ghlaonna tiomnaithe faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan () agus rinne sé méadú dar luach EUR 2,9 billiún ráthaíocht InvestEU (). Fógraíodh cistiú os cionn EUR 1,25 billiún in 2025 do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun tacú le forbairt gairme agus scileanna taighdeoirí.
Maoiníonn Fís Eorpach Ciste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí freisin, ar ionstraim caipitil fiontair atá ann chun cuidiú leis an mbearna chistiúcháin le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha san Eoraip a dhúnadh. Faoi dheireadh 2025, bhí infheistíocht os cionn EUR 1 bhilliún déanta ag an gciste ar fud 214 chuideachta agus thionscadal. Slógadh thart ar EUR 3 bhilliún d’infheistíocht phríobháideach bhreise dá thoradh sin, agus cóimheas giarála os cionn EUR 3,5 príobháideach in aghaidh gach euro poiblí le fáil ann. Leis an Scéim um Ghnólachtaí atá ag Méadú a ghabhann leis Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip de chuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpach a seoladh le déanaí, soláthraíodh EUR 300 milliún in 2025. Faoi dheireadh 2025, bhí infheistíocht dar méid thart ar EUR 1 bhilliún déanta trí shruth cistiúcháin Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpach i mbreis agus 200 cuideachta, lena n‑áirítear tionscadail maidir le ríomhaireacht chandamach, teiripí néarspreagtha agus grianchórais leictreacha tiomána uisce atá costéifeachtach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ().
Fís Eorpach: ag féachaint romhainn
In 2025, ghlac an Coimisiún clár oibre Fís Eorpach le haghaidh 2026-2027, ar fiú os cionn EUR 14 bhilliún é, lena bhfuiltear ag féachaint le rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe na hEorpa a chothú. Tá cistiú breise san áireamh leis an gclár oibre don tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’ a seoladh faoi ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, sa bhreis ar an EUR 500 milliún a fógraíodh i mí na Bealtaine 2025, rud lena méadaítear an figiúr foriomlán don tionscnamh go beagnach EUR 900 milliún in 2025-2027. Leis an gclár oibre sin, leithdháiltear EUR 634 mhilliún ar thopaicí a bhaineann le hamhábhair chriticiúla, agus tacaítear freisin le taighde ar ardábhair agus ar roghanna malartacha ar dhúil tearc-chré; agus breis agus EUR 870 milliún ar thopaicí a bhaineann leis an luachshocrú maidir le glacadh na dtorthaí taighde sa mhargadh, sa tsochaí agus i mbeartais ().
Tríd an gCiste don Nuálaíocht, bhí an tAontas ag tacú le teicneolaíochtaí, próisis nó táirgí an‑nuálach a bhfuil acmhainneacht nach beag acu astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus le tionscadail atá dírithe ar chur go mór le teicneolaíochtaí nuálacha. Faoi dheireadh 2025, bhí 197 dtionscadal á gcur chun feidhme nó curtha i gcrích. Tá éifeacht ghiarála fós ag na deontais a sholáthraítear, sa mhéid go méadaítear faoi thart ar chúig huaire iad, agus chumasaigh EUR 11,7 billiún de thacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht thart ar EUR 58 mbilliún d’infheistíochtaí a slógadh. In 2025:
•síníodh 83 chomhaontú nua deontais le haghaidh tionscadail dícharbónaithe;
•dúnadh Glao an Chiste don Nuálaíocht 2024 le haghaidh Teicneolaíocht Ghlan‑Nialasach, lenar leithdháileadh EUR 2,9 billiún chun 61 tháirge teicneolaíochta glan‑nialasachta cheannródaíocha a roghnú;
•gheall an Ciste don Nuálaíocht EUR 643 mhilliún do chúig thionscadal faoin nglao ar mhonarú ceallraí feithiclí leictreacha freisin;
•sa dara Ceant arna dhéanamh ag an gCiste don Nuálaíocht maidir le táirgeadh hidrigine in‑athnuaite (Ceant 2024 an Chiste don Nuálaíocht), síníodh sé thionscadal ar fiú EUR 270,6 milliún san iomlán iad.
[b]Thairis sin, in 2025, tríd an gCiste don Nuálaíocht, d’fhógair an Coimisiún cistiú os cionn EUR 3.5 billiún le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin, agus úsáid á baint as ioncaim ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, tionscadail atá dírithe ar thacú le táirgeadh na gceall le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha (), tionscadail atá dírithe ar phróisis thionsclaíocha a dhícharbónú (e.g. táirgeadh stroighne ísealcharbóin) (), táirgeadh hidrigine in‑athnuaite () agus long chúrsála farraige astaíochtaí nialasacha atá in ann 400 duine a iompar ar feadh 30 lá (). Mar chomhlánú leis sin, tá an Ciste don Nuálaíocht ag tacú le slabhra luacha ceallraí na hEorpa freisin: san áireamh le straitéis 2025 um threisiú leis an tionscal ceallraí, bhí Saoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí dar méid EUR 1.5 billiún arna maoiniú ag an gCiste don Nuálaíocht, lena soláthrófar iasachtaí saor ó ús.
Chuidigh InvestEU le borradh a chur faoi infheistíochtaí ar fud na hEorpa tríd an riosca d’institiúidí airgeadais a laghdú agus trína chuidiú le caipiteal príobháideach a mhealladh. Trí ráthaíochtaí a bhfuil buiséad an Aontais mar thaca leo, thacaigh sé le tionscadail i réimsí amhail bonneagar inbhuanaithe, infheistíocht shóisialta agus scileanna, fiontair bheaga agus mheánmhéide, taighde, nuálaíocht agus digitiú. Faoi dheireadh 2025, is é EUR 26,8 billiún a bhí i gceist le méid iomlán na ráthaíochta formheasta. Shroich méid na n‑oibríochtaí de chuid InvestEU a d’fhormheas comhpháirtithe cur chun feidhme EUR 80,6 billiún agus tá coinne leis go slógfar infheistíochtaí dar méid EUR 329,1 billiún dá thoradh sin, agus 69,2 % de sin le teacht ón earnáil phríobháideach. Le tacaíocht ó InvestEU, faoi 2025, tugadh tacaíocht do 91 294 fiontar agus fuair 2,1 milliún teaghlach agus fiontar leathanbhanda mear-rochtana. Trí oibríochtaí atá formheasta ag InvestEU, déantar infheistíocht i bhfuinneamh, mar shampla le EUR 500 milliún i dtionscadal SG Pan EU Wind Package [Pacáiste Gaoithe Uile-Aontais le SG] (), bonneagar inbhuanaithe, mar shampla le EUR 100 milliún i dtionscadal ‘Marguerite III (CDPE)’ (), agus nascacht dhigiteach agus bonneagar digiteach, mar shampla le EUR 350 milliún sa tionscadal chun snáithíní criostail a rolladh amach ().
In 2025 neartaíodh iomaíochas na hEorpa leis an mbeartas comhtháthaithe, go háirithe tar éis an athscrúdaithe meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, lenar ath‑leithdháileadh EUR 15.2 billiún ar an iomaíochas, agus formhór na n‑infheistíochtaí ag dul i dtreo teicneolaíochtaí agus tionscail chriticiúla faoin ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip chun spleáchais theicneolaíocha ar thíortha nach de chuid an Aontais iad a laghdú. Cuimsíodh infheistíocht leis freisin i bhforbairt scileanna atá nasctha le hacmhainneachtaí táirgeachta a dhícharbónú. Thacaigh an beartas comhtháthaithe le cistiú iomaíochais don taighde agus nuálaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus idir-réigiúnach, dícharbónú, aistriú fuinnimh agus nuálaíocht, lena n‑áirítear tríd an Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir-Réigiúnach. Thacaigh an ionstraim sin le 70 tionscadal nuálaíochta i gcéim an mhéadaithe agus an tráchtálaithe, ag díriú ar réigiúin bheagfhorbartha a chomhtháthú i slabhraí luacha Eorpacha, agus rinneadh infheistíocht EUR 301 mhilliún de chistiú ón Aontas go dtí seo.
Chun borradh a chur faoi iomaíochas na réigiún is mó a ndéanann iarrachtaí ar son an dícharbónaithe difear dóibh, bhí an Coimisiún ag brath ar an Sásra um Aistriú Cóir freisin. Faoi dheireadh 2025, leithdháileadh 58,4 % de bhuiséad iomlán an Chiste um Aistriú Cóir (EUR 15,45 billiún), an chéad cholún den sásra, ar thionscadail a roghnaíodh. Faoin dara colún den sásra, thuairiscigh comhpháirtithe cur chun feidhme Chiste InvestEU gur slógadh EUR 9,13 billiún d’infheistíocht san iomlán de thoradh oibríochtaí an Chiste. Thairis sin, sholáthair an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí, an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir, tacaíocht trí mheascán d’iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus de dheontais ó bhuiséad an Aontais, dar méid EUR 679 milliún in 2025, lena dtacaítear le hinfheistíochtaí ar fiú EUR 868 milliún iad. Thacaigh an sásra le tionscadail amhail ospidéal ollscoile sa Spáinn () agus monarcha maighnéad dúl tearc-chré san Eastóin (). Thairis sin, le colún na Saoráide Iasachta don Earnáil Phoiblí den Sásra um Aistriú Cóir, soláthraíodh tacaíocht ríthábhachtach d’údaráis phoiblí i réigiúin a raibh dúshláin shocheacnamaíocha rompu ón aistriú go dtí an aeráidneodracht, trí mheascán d’iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus de dheontais ó bhuiséad an Aontais, dar méid EUR 86 mhilliún in 2025, lena dtacaítear le hinfheistíochtaí ar fiú EUR 868 mhilliún iad.
Tá buiséad an Aontais ag tacú leis an iomaíochas tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach freisin, rud a chuidíonn leis an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do riaracháin phoiblí. Faoi dheireadh 2025, baineadh éachtaí amach leis an gclár amhail na nithe seo a leanas.
•Cuireadh tús le 19 monarcha IS a chur in úsáid i 16 Bhallstát, agus mar chuid de sin, soláthraíodh 15 shár-ríomhaire nua atá optamaithe le haghaidh na hintleachta saorga, agus rinneadh aon uasghrádú mór córais chun go ndéanfaí méadú faoi chúig ar acmhainneacht ríomhaireachta intleachta saorga an Aontais. Roghnaíodh 13 Aeróg Monarchana IS freisin chun seirbhísí Monarchana IS a leathnú chuig FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, comhlachtaí taighde áitiúla, agus institiúidí poiblí ar fud na hEorpa.
•Conarthaí a thabhairt i gcrích le haghaidh trí shár-ríomhaire nua (Daedalus sa Ghréig; Arrhenius sa tSualainn agus Alice Recoque sa Fhrainc), mar aon le huasghráduithe ar shár-ríomhairí atá ann cheana (Leonardo go Lisa san Iodáil; Discoverer go Discoverer+ sa Bhulgáir).
•Bhain Jupiter, an chéad sár-ríomhaire eicsea-scála de chuid an Aontais, a fheidhmíocht iomlán amach, arb é aon eicseaFLOPS atá i gceist, nó níos mó ná 1 chuintilliún oibríocht in aghaidh an tsoicind.
•Tríd an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach, soláthraíodh 6 ríomhaire chandamacha, ar baineadh úsáid as 2 ríomhaire chandamacha díobh den chéad uair in 2025, agus baineadh úsáid as 2 ionsamhlóir chandamacha analógacha bhreise den chéad uair faoin tionscadal HPCQS (ríomhaire ardfheidhmíochta – ionsamhlóir candamach).
•Tá 14 Spás Coiteann Sonraí Eorpacha á gcur in úsáid, lena n‑áirítear bonneagair ar féidir leo tairbhiú d’acmhainní teanga idir-inoibritheacha agus de sheirbhísí sonraí ilteangacha.
•Seoladh cúig líne phíolótacha leathsheoltóra, inar féidir le tionscal an Aontais teicneolaíochtaí agus dearaí sliseanna den chéad ghlúin eile a thástáil, turgnaimh a dhéanamh leo agus iad a bhailíochtú.
•Seoladh 30 lárionad inniúlachta sna Ballstáit uile (agus san Iorua) chun tacú le cuideachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, rochtain a fháil ar theicneolaíochtaí leathsheoltóra trí oiliúint, aistriú teicneolaíochta agus tacaíocht forbartha.
Tá buiséad an chláir don Eoraip Dhigiteach ag tacú le teicneolaíochtaí digiteacha straitéiseacha freisin, lena n‑áirítear leathsheoltóirí, trí ionstraimí airgeadais. Gealladh EUR 83,63 milliún chun tacú le teicneolaíochtaí digiteacha straitéiseacha, amhail IS, teicneolaíocht chandamach nó cibearshlándáil. Faoin gCiste um Shliseanna, gealladh EUR 98 milliún le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus feidhmeanna leathsheoltóirí. Tá coinne leis, de thoradh na n‑infheistíochtaí sin, go slógfar 14,2 oiread na méideanna a gealladh, rud a éascóidh an rochtain ar mhaoiniú do phríomhchuideachtaí ar fud na hEorpa.
In 2025, dámhadh EUR 389 milliún san iomlán ar thionscadail trí shnáithe digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. Áiríodh ar chomhaontuithe deontais a tugadh i gcrích le linn na bliana cistiú do thionscadail a bhaineann le Global Gateways a chur in úsáid (cáblaí fomhuirí go príomha), treoirthionscadail mhórscála 5G a chur in úsáid i bpobail chliste agus feadh mórchonairí iompair, agus leanúint de bhonneagar cumarsáide candamaí Eorpach idirnasctha (EuroQCI) a chur in úsáid.
In 2025, mhaoinigh an Coimisiún bonneagar iompair leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Leithdháileadh EUR 3,02 billiún ar thionscadail lena dtugtar gréasán iompair inbhuanaithe, cliste, éiceabhách agus athléimneach chun cinn. I measc na samplaí de thacaíocht ón tsaoráid tá forbairt líne iarnróid chaighdeánaigh Rail Baltica san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin (), mar aon le gréasán uile-Eorpach a fhorbairt de bhonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus idir-inoibritheach agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair leictreacha ().
An t‑ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip
Ceapadh an t‑ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (STEP) chun cumas an Aontais, chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a chruthú agus borradh a chur fúthu, a neartú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos iomaíche ar bhonn domhanda. Ó dheireadh 2025 agus ó tionscnaíodh é in 2024, tá acmhainní dar méid EUR 24 bhilliún comhthiomsaithe go carnach ag STEP ar fud 11 chlár cistiúcháin de chuid an Aontais, chun tacú le teicneolaíochtaí straitéiseacha ar fud earnálacha amhail nuálaíocht dhigiteach agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta, teicneolaíochtaí glana atá tíosach ar acmhainní agus bith‑theicneolaíocht. Is toradh é sin ar chomhiarrachtaí na gcúig chlár de chuid an Aontais atá á mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún agus ar ath‑chlársceidealú na n‑imchlúdach airgeadais ag na Ballstáit agus ag réigiúin an Aontais faoin mbeartas comhtháthaithe. San iomlán le haghaidh 2025 amháin, ba é EUR 5,3 billiún, an buiséad tosaigh a cuireadh in áirithe ag cláir atá faoi bhainistíocht dhíreach chun tacú le teicneolaíochtaí atá ábhartha do STEP, arb é sin méadú 14,6 % bliain ar bhliain go dtí an figiúr EUR 4,6 billiún a tuairiscíodh le haghaidh 2024. Go carnach, is é atá ann buiséad iomlán thart ar EUR 10 mbilliún a leithdháileadh ar ghlaonna ar thograí atá ábhartha do STEP ar fud na cúig chlár de chuid an Aontais ó tionscnaíodh STEP i mí an Mhárta 2024.
Acmhainní atá curtha in áirithe do STEP ag cláir atá faoi bhainistíocht dhíreach, de réir earnála in 2024 agus 2025 (i milliúin EUR) (
)
Maidir le cistí an bheartais comhtháthaithe, ó dheireadh mhí na Nollag 2025, glacadh 96 leasú STEP i 19 mBallstát, dar méid EUR 13.9 billiún. Is níos mó ná méadú faoi dhó é sin i gcomparáid le 2024. In 2025, tugadh earnáil nua STEP le haghaidh teicneolaíochtaí cosanta isteach tríd an athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe a glacadh i mí Mheán Fómhair 2025 () agus tríd an Rialachán Mion‑omnibus maidir le Cosaint a glacadh i mí na Nollag 2025 ().
Go dtí seo, dhámh an Coimisiún níos mó ná 600 Séala STEP ar na tionscadail is fearr feidhmíocht ina meastóireachtaí faoi seach. Ina measc sin, is in 2025 amháin a dámhadh tromlach na 451 séala. Cuideoidh an lipéad cáilíochta sin le tionscnóirí tionscadail cistiú comhlántach a dhaingniú dá dtionscadail, i gcás inar dhámh an Coimisiún cistiú orthu cheana féin chun cuid de chostais an tionscadail a chumhdach nó i gcás nár coinníodh iad le haghaidh cistiúcháin, mar gheall ar bhuiséad teoranta an ghlao.
Leithdháiltí iomlána STEP i gcláir an bheartais comhtháthaithe a glacadh ó dheireadh 2025
(i milliúin EUR)
Foilsíodh an mheastóireacht eatramhach ar STEP i mí Iúil 2025, agus tugtar le fios inti gur éirigh le STEP infheistíocht an Aontais a stiúradh go héifeachtach i dtreo teicneolaíochtaí nuálacha agus rochtain ar chistiú ón Aontas a shimpliú trí thairseach ilfhreastail ar líne, is é sin, Tairseach STEP.
•
Ré nua do chosaint agus do shlándáil na hEorpa
Ní mór gurb é seo Tráth Neamhspleáchais na hEorpa. Creidim gurb é sin misean an Aontais seo againne. A bheith in ann aire a thabhairt dár gcosaint agus dár slándáil féin ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Infheistíocht a dhéanamh sa chosaint
Chuir an tAontas dlús lena iarrachtaí cosanta in 2025 tríd an bplean dar teideal ReArm Europe / Ullmhacht 2030, lenar slógadh ionstraimí airgeadais nua chun cumais chosanta na hEorpa a neartú agus chun bearnaí infheistíochta a dhúnadh ar mhaithe le hullmhacht cosanta iomlán faoi 2030. Áirítear sa Phlean ReArm Europe / Ullmhacht 2030 Gníomhaíocht Slándála don Eoraip, lena soláthrófar suas le EUR 150 billiún in iasachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí práinneacha cosanta agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí criticiúla cumais. Léirigh na Ballstáit spéis mhór san ionstraim, agus chuir 19 mBallstát pleananna infheistíochta náisiúnta um an tionscal cosanta isteach faoin 30 Samhain 2025, lena gcumhdaítear 691 thionscadal, a raibh soláthar comhpháirteach i gceist le 65 % díobh.
Rinne an tAontas infheistíocht i dtaighde, forbairt agus nuálaíocht chomhoibríoch i réimse na cosanta freisin tríd an gCiste Eorpach Cosanta. Ina chlár oibre do 2025, leithdháil an Ciste Eorpach Cosanta beagnach EUR 1 bhilliún de chistiú agus fuair sé 410 dtogra tionscadail, an líon is mó riamh, mar fhreagairt air sin, agus cisteofar tionscadail le linn 2026 dá bharr. Faoi 2025, bhí EUR 5,1 billiún geallta don taighde agus don fhorbairt i réimse na cosanta, lenar tacaíodh le 225 thionscadal chomhoibríocha de chuid an Chiste Eorpaigh Cosanta agus gealltanas 2025 san áireamh. Fágann sé sin go bhfuil an ciste i measc na n‑infheisteoirí is mó san Aontas sa taighde agus san fhorbairt i réimse na cosanta. Mar chuid den Chiste sin, lean Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais dá thacaíocht do ghníomhaithe cosanta neamhthraidisiúnta, lena n‑áirítear FBManna. Eagraíodh dhá haiceatón cosanta i 16 shuíomh san Eoraip agus seoladh dhá thionscnamh nua: Luasaire Gnó Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais, ar clár tacaíochta 8 mí é lena soláthraítear tacaíocht spriocdhírithe shaincheaptha do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna cosanta agus dé-úsáide (lenar tacaíodh le 20 cuideachta in 2025); agus Comhar-Ardán Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais, lena mbunaítear ardán chun naisc a chothú idir nuálaithe cosanta, infheisteoirí, úsáideoirí deiridh, corparáidí agus páirtithe leasmhara ábhartha eile i réimse na cosanta, agus trínar eagraíodh ceithre himeacht ar fud na mBallstát in 2025.
In 2025, chuidigh an Gníomh maidir le Tacú le Táirgeadh Armlóin le borradh a chur faoi tháirgeadh an armlóin san Aontas, rud a rannchuidigh lena uathriail straitéiseach agus le hiomaíochas bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais. Thacaigh sé le 31 thionscadal a chur chun feidhme i réimsí amhail pléascáin, púdar, sliogáin, diúracáin agus tástáil agus athchóiriú, lena soláthraítear tacaíocht iomlán thart ar EUR 514 mhilliún.
In 2025, de thoradh an athscrúdaithe meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, aistríodh EUR 11,9 billiún i dtreo tacaíocht a thabhairt do thionscadail a bhaineann leis an gcosaint, ón tsoghluaisteacht mhíleata go dtí an tionscal cosanta agus an ullmhacht shibhialta. Den mhéid sin, leithdháileadh EUR 1,3 billiún go sonrach chun tacú le hacmhainneachtaí an tionscail cosanta.
Infheistíocht a dhéanamh i gcumais spáis
Den chéad uair riamh ar domhan, dearbhaíodh go raibh feidhm fíordheimhniúcháin seirbhíse oscailte Galileo le haghaidh na dteachtaireachtaí loingseoireachta i seirbhís i mí Iúil 2025, tar éis do dhá shatailít a bheith curtha lena bhuíon. Tugtar isteach leis sásra chun barántúlacht na sonraí loingseoireachta a tharchuirtear ó shatailítí Galileo a fhíorú, rud a chuidíonn chun cosaint a thabhairt ar bhréagriocht (tarchur comharthaí bréagacha), agus cuireann sé go mór leis an muinín as córas satailíte Galileo an Aontais, an t‑aon chóras ar domhan a bhfuil an ghné slándála sin aige.
Thairis sin, trí thionscadal suaitheanta tosaíochta an Aontais maidir le Nascacht Shlán a chomhlíonadh chun buíon satailítí ilfhithiseach a fhorbairt ina bhfuil thart ar 290 satailít – IRIS² (Bonneagar um Athléimneacht, Idirnascacht agus Slándáil trí Shatailít) –, leanadh den obair sin ar lánluas ar bhonn comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí iomaíoch agus nuálach arna bunú faoi chonradh lamháltais 12 bhliain a síníodh le cuibhreannas SpaceRISE in 2024. In 2025, síníodh roinnt fochonarthaí tábhachtacha le baill de chroífhoireann an chuibhreannais agus le príomhsholáthróirí.
Shaothraigh an Coimisiún bunú comhaontuithe idirnáisiúnta leis an Íoslainn agus leis an Iorua freisin chun go nglacfaidís páirt i gclár an Aontais um nascacht shlán agus i gclár cumarsáide satailíte rialtais an Aontais (GOVSATCOM). Tá próiseas den chineál céanna ar siúl chun go bhféadfar tús a chur le caibidlíocht fhoirmiúil leis an Úcráin.
Don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún borradh dar méid EUR 131 bhilliún a chur faoin mbuiséad cosanta agus spáis, cúig oiread an bhuiséid atá ann faoi láthair laistigh den Chiste Eorpach um Iomaíochas.
Ullmhacht agus bainistiú géarchéime an Aontais a fheabhsú
Agus é ag foghlaim ó dhúshláin a bhí ann roimhe seo agus bagairtí roimhe nach bhfacthas a leithéid riamh, tá sé d’aidhm go leanúnach ag an Aontas feabhas a chur ar a chumas coinne a bheith aige leo, iad a chosc agus freagairt dóibh. In 2025, chuir an tAontas os cionn EUR 245 mhilliún ar fáil do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Ina theannta sin, chun tacú le hathléimneacht sna Ballstáit agus i dtíortha nach de chuid an Aontais iad atá rannpháirteach sa sásra, chómhaoinigh an Coimisiún 27 dtionscadal um chosc agus ullmhacht, lena n‑áirítear 13 thionscadal faoi na deontais do thír aonair d’údaráis bainistithe riosca tubaistí agus 14 thionscadal faoi na deontais ilnáisiúnta. Neartaíodh an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a thuilleadh mar phríomh‑chúltaca na n‑acmhainneachtaí freagartha a bhíonn ar fáil d’oibríochtaí freagartha faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Tháinig méadú 19,4 % ar na hacmhainní faoin Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta le bliain anuas. In 2025, cuireadh acmhainneachtaí an Díorma Eorpaigh um Chosaint Shibhialta in úsáid le haghaidh aslonnuithe consalacha agus leighis, comhrac dóiteáin foraoise agus tacaíocht leighis éigeandála.
Freagairt Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta ar fhalscaithe in 2025
Le linn shéasúr falscaithe na hEorpa 2025, gníomhachtaíodh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta 18 n‑uaire mar fhreagairt ar fhalscaithe, agus gníomhachtaíodh 16 huaire san Eoraip é agus faoi dhó lasmuigh den Eoraip.
I measc na dtíortha a bhí buailte, bhí an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhulgáir, an Ghréig, Montainéagró, an Phortaingéil, an Spáinn agus an tSiria. Chomh maith leis sin, chómhaoinigh an Coimisiún an infhaighteacht chúltaca le haghaidh na n‑acmhainneachtaí aerchomhraic dóiteáin foraoise de chuid rescEU, lena n‑áirítear 18 n‑eitleán comhraic dóiteáin agus 4 héileacaptar i gcás iarrataí ar chúnamh.
Dóiteáin foraoise – limistéir dhóite san Aontas in 2025 (i heicteáir)
Neartaíodh rescEU, stoc-charn ullmhachta an Choimisiúin féin, in 2025, agus é ag athrú chun bheith níos gaire d’aerfhlít lánfheidhme comhraic dóiteáin ar an leibhéal Eorpach. Lean an Coimisiún den obair le socrú idirthréimhseach rescEU chun an méadú atá ag teacht ar bhagairt na bhfalscaithe ar fud na hEorpa a chomhrac. Le linn earrach 2025, rinne an Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha acmhainneachtaí comhraicthe dóiteáin a shuí ar fud an Aontais roimh ré roimh shéasúr falscaithe an tsamhraidh.
Cuidiú le daoine déileáil le tubaistí nádúrtha
In 2025, slógadh EUR 1,3 billiún trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun cabhrú leis an téarnamh agus leis an atógáil i sé Bhallstát agus in dhá thír aontachais a bhí buailte le tubaistí nádúrtha in 2024 agus 2025. Leithdháil an ciste EUR 280 milliún ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ar an Moldóiv, ar an Ostair, ar an bPolainn, ar an tSeicia agus ar an tSlóvaic tar éis tuilte, agus chuir sé EUR 1 057 milliún ar fáil don Spáinn (tuilte) agus don Fhrainc (dhá chioclón). I gcás na Spáinne, tar éis do stoirm Dana réigiún Valencia a bhualadh i mí Dheireadh Fómhair 2024, slógadh EUR 946 mhilliún, leis an gciste, arb é an dara ranníocaíocht is mó i stair an chiste é.
Slándáil inmheánach, rialú teorann agus bainistiú imirce a fheabhsú
Chun sábháilteacht agus slándáil agus rialú teorann a fheabhsú ar fud na hEorpa, agus imirce a bhainistiú, cistítear gníomhaíochtaí le buiséad an Aontais trí roinnt cistí, amhail:
•an Ciste Slándála Inmheánaí, atá dírithe ar an sceimhlitheoireacht agus ar an radacú, ar an gcoireacht eagraithe agus ar an gcibearchoireacht a chosc agus a chomhrac;
•an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena gcuirtear chun cinn bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce; agus
•an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin a bhaineann le bainistiú teorainneacha seachtracha.
EUR 336,6 milliún a bhí i mbuiséad 2025 don Chiste Slándála Inmheánaí. Áiríodh leis an méid sin EUR 195,5 milliún le haghaidh leithdháiltí tosaigh ar chláir na mBallstát, a ndírítear an sciar is mó de chun cumais na mBallstát a neartú sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta (41 %). Rud a chuirtear chun cinn go háirithe leis an gciste, sin é idir-inoibritheacht na gcóras teicneolaíochta cumarsáide agus na sásraí um malartú faisnéise ar fud na mBallstát, agus tacaíonn sé le hoibríochtaí trasteorann an tráth céanna atá dírithe ar dhrugaí a urghabháil (22 196 kg faoi 2025) nó airm (302 faoi 2025). Faoi Shaoráid Théamach an Chiste Slándála Inmheánaí, mhaoinigh an Coimisiún 13 thionscadal freisin a thosaigh in 2025, agus EUR 30 milliún i gceist chun cosaint spásanna poiblí amhail ionaid siopadóireachta, iompar poiblí, ionaid siamsaíochta agus ionaid adhartha a neartú ().
EUR 1,9 billiún a bhí i mbuiséad 2025 don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. Áiríodh leis an méid sin EUR 972,9 milliún le haghaidh leithdháiltí tosaigh ar chláir na mBallstát, a bhfuil an sciar is mó de sin ann chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt (36 %). Faoi 2025, chláraigh an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 15 635 rannpháirtí a rinne iarratas ar stádas fadtéarmach, 107 739 bhfillí dheonacha, 14 602 fhillí a aistríodh agus 4 771 iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhí cosanta idirnáisiúnta a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.
EUR 1.2 billiún a bhí i mbuiséad 2025 don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí. Déantar an sciar is mó de ranníocaíocht airgeadais an Aontais le cláir na mBallstát a leithdháileadh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip (87 %). Is é an comhbheartas maidir le víosaí 8 % den bhuiséad a leithdháiltear ar chláir na mBallstát, agus baineann na príomhéachtaí le próiseáil víosaí a dhigitiú.
I bhfianaise go bhfuil timpeallacht na bagartha ag athrú go tapa agus na rioscaí atá ag teorainneacha seachtracha an Aontais, cuireadh cistiú breise ar fáil ón Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí chun cumais rialaithe teorann a fheabhsú a thuilleadh, agus EUR 169,6 milliún chun trealamh ilghnéitheach gan chriú a cheannach, a úsáidfear le haghaidh faireachais ar theorainneacha ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (trealamh Frontex) agus EUR 250 milliún chun dróin agus córais comhraic drón a cheannach. Faoin Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, cuireadh EUR 50,55 milliún ar fáil freisin chun tacú leis na tíortha atá comhlachaithe le limistéar Schengen Comhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme. Soláthraíodh cistiú le haghaidh bainistiú teorainneacha leis an gclár Custaim freisin, rud a chuidigh le tús a chur le foireann saineolaithe Chomhghuaillíocht Chustaim an Aontais maidir le Teorainneacha, lenar feabhsaíodh comhar oibríochtúil i measc údaráis chustaim na mBallstát.
Thairis sin, tá an tslándáil inmheánach á feabhsú ag an Aontas trí infheistíocht a dhéanamh i slándáil na gcáblaí sonraí fomhuirí. Iompraíonn na cáblaí sin 99 % den trácht idirlín idir-ilchríochach, rud a fhágann go bhfuil siad fíor-riachtanach do shaol an lae inniu agus do gheilleagar na hEorpa. In 2025, ghéaraigh an Coimisiún ar a iarrachtaí chun slándáil agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil sin a mhéadú. I bplean gníomhaíochta an Aontais um shlándáil cáblaí a glacadh in 2025, chuir an tAontas EUR 20 milliún i leataobh chun slándáil cháblaí fomhuirí na hEorpa a neartú, tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach, chun tacú le moil réigiúnacha cáblaí a chruthú agus chun tástáil struis a dhéanamh ar athléimneacht an bhonneagair cáblaí faoin bhfarraige. Thairis sin, faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, roghnaíodh 25 thionscadal in 2025 arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi athléimneacht agus faoi shlándáil na gcáblaí fomhuirí agus na bpríomhnasc trastíre, agus b’fhiú EUR 186 mhilliún san iomlán i ranníocaíochtaí an Aontais iad.
Tacú le daoine, ár sochaithe agus ár samhail shóisialta a neartú
Ní mór dár ngeilleagar oibriú ar son daoine ach oiread le gnólachtaí. Agus má dhéanaimid an gnó, an tionscal agus an áit oibre a nuachóiriú, ní mór dúinn an margadh saothair agus na dálaí oibre a nuachóiriú freisin. Ní mór don Eoraip beart a dhéanamh ar son mhuintir uile na hEorpa ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Fuinneamh glan inacmhainne a sholáthar
In 2025, rinne an Coimisiún beart arb é is aidhm dó faoiseamh a sholáthar do thomhaltóirí láithreach agus claochlú fadtéarmach i dtreo córas fuinnimh dícharbónaithe, iomaíoch agus slán á shaothrú an tráth céanna aige. I mí Feabhra, thíolaic an Coimisiún plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne (). Is é is aidhm don phlean faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil billí arda fuinnimh rompu agus do thionscail atá ag streachailt le costais arda táirgthe. Réamh‑mheastar gurb é EUR 45 bhilliún an coigilteas foriomlán a bhí ann in 2025, ag ardú go EUR 130 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030 agus EUR 260 billiún faoi 2040.
I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, cuireadh tosaíocht nua maidir leis an aistriú fuinnimh chun cinn leis an athscrúdú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, a bhí dírithe ar dheireadh a chur leis an iliomad scrogall inár mbonneagar eangaí agus a chuidigh leis an Aontas Fuinnimh a iomlánú. Rinneadh thart ar EUR 1.2 billiún a ath‑leithdháileadh ar an tosaíocht nua sin don tréimhse go dtí 2027. Thairis sin, thacaigh an beartas comhtháthaithe leis an ngeilleagar ciorclach trí infheistíocht a dhéanamh i gcórais réigiúnacha agus áitiúla um bainistiú dramhaíola i dtreo na ciorclaíochta (cosc, athúsáid, athchúrsáil), agus ar an gcaoi sin laghdú a dhéanamh ar spleáchais sheachtracha ar ábhair in‑athchúrsáilte.
In 2025, dhámh an Coimisiún thart ar EUR 650 milliún ar 14 thionscadal trasteorann um bonneagar fuinnimh faoi shnáithe fuinnimh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. I measc na dtionscadal a roghnaíodh lena gcistiú, baineann sé thionscadal díobh le bonneagar leictreachais, lena n‑áirítear eangacha cliste leictreachais, agus is infheistíochtaí i mbonneagar hidrigine iad ocht dtionscadal. Sholáthair an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa an chéad deontas freisin le haghaidh oibreacha ar mhaithe le tionscadal hidrigine.
I mí Iúil, d’eisíoc an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta EUR 3.66 billiún ón gCiste don Nuachóiriú chun tacú le 34 thionscadal um fuinneamh glan. I mí Mheán Fómhair, sheol siad an Tionscnamh um Éifeachtúlacht Fuinnimh do FBManna freisin, ar clár maoiniúcháin dar méid EUR 17,5 billiún atá ann, lena bhfuil coinne go gcuideoidh sé le níos mó ná 350 000 cuideachta a dtomhaltas fuinnimh a laghdú.
I bhFeabhra 2025, rinne an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin a n‑eangacha leictreachais a shioncrónú le Líonra Mhór-roinn na hEorpa, i gcomhar leis an bPolainn. Fágann sé sin go bhfuil na stáit Bhaltacha comhtháthaithe go hiomlán i margadh fuinnimh an Aontais anois, rud a chuireann deireadh leis an spleáchas ar chórais na Bealarúise agus na Rúise. Cuireadh tús leis an tionscadal suaitheanta sin na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh in 2014, agus fuair sé níos mó ná EUR 1,2 billiún i gcistiú, arb é sin 75 % de na costais infheistíochta ().
Tá an tAontas ag tacú le fuinneamh glan tríd an gclár LIFE freisin. Ó bunaíodh é in 2021, cistíodh 267 dtionscadal leis an aistriú chuig fuinneamh glan faoi LIFE, trí ranníocaíocht iomlán EUR 427 milliún ón Aontas lena dtugtar aghaidh ar fhothú acmhainneachta, ar shlógadh infheistíochta agus ar ghlacadh sa mhargadh chun tacú leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Áirítear ar na tionscadail, i measc nithe eile, taighde ar réitigh chaighdeánaithe le teaschaidéil do thionscal an bhia agus ar úsáid foinsí in‑athnuaite ísealteochta agus dramhtheasa le haghaidh téamh ceantair.
Infheistíocht a dhéanamh i ndaoine
Idir 2021 agus 2027, tá breis agus EUR 150 billiún á infheistiú ag an Aontas chun tacú le daoine, gnólachtaí, institiúidí oideachais agus daoine eile chun an t‑oideachas agus na scileanna is gá a fhorbairt le haghaidh geilleagar Eorpach rathúil iomaíoch. Faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, cuireadh dlús leis an gcur chun feidhme, agus sroicheadh thart ar EUR 92,5 billiún faoi mhí na Nollag 2025 leis na tionscadail a roghnaíodh, agus rinneadh beagnach EUR 7 mbilliún in íocaíochtaí eatramhacha leis na Ballstáit in 2025. Tairbhíonn na daoine sin nach bhfuil ag obair mar gheall ar neamhghníomhaíocht nó dífhostaíocht de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus go príomha, agus daoine sa chatagóir sin ab ea 11,8 milliún rannpháirtí. Maidir le níos mó ná leath na rannpháirtithe uile (8,2 milliún) tá siad ar bheagán oiliúna, tá oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin acu. Agus tacaíocht á tabhairt do 3,6 milliún leanbh agus 3,9 milliún duine óg idir 18 agus 29 mbliana d’aois, soláthraíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus cúnamh nach beag do na glúnta óga. Tairbhíonn grúpaí leochaileacha go substaintiúil de thacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus freisin, lena n‑áirítear 1,3 milliún duine faoi mhíchumas, 2 mhilliún náisiúnach tríú tír agus 312 000 rannpháirtí gan dídean go dtí seo. Ina theannta sin, trí bhearta lena dtugtar aghaidh ar dhíth ábharach, thairbhigh 35,2 milliún faighteoir deiridh de thacaíocht dhíreach bhia nó de chúnamh ábharach, nó tacaíocht indíreach trí dhearbháin.
Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i ndaoine, i réigiúin agus i gcríocha trí chistí an bheartais comhtháthaithe freisin. Ó mhí na Nollag 2025, eisíocadh glaníocaíochtaí iomlána dar méid EUR 39,9 billiún faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe. Faoi dheireadh 2025, bhí oibríochtaí roghnaithe ag na Ballstáit arbh fhiú 63,4 % iad de na leithdháiltí don dá chiste sin don tréimhse 2021-2027 (i.e. EUR 185 bhilliún faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus EUR 30 billiún faoin gCiste Comhtháthaithe), agus tá coinne leis go gcuirfear dlús le rátaí íocaíochta in 2026 dá thoradh sin Tairbhíonn na réigiúin uile den bheartas comhtháthaithe, agus léiríonn measúnú ar an mbeartas faoin gclárthréimhse a bhí ann roimhe seo (2014-2020) go bhfuarthas beagnach EUR 3 ar gach euro dá cistíodh leis (). Faoi 2025, tríd an dá chiste, maoiníodh níos mó ná 3 550 000 meigeavatuair in aghaidh na bliana de choigilteas ar an tomhaltas príomhúil bliantúil, nuachóiríodh saoráidí cúraim sláinte, rud a chuir ar a gcumas dóibh freastal ar níos mó ná 9 milliún duine in aghaidh na bliana agus cumhdaíodh os cionn 26 mhilliún duine i dtionscadail dá dtugtar tacaíocht ó na cistí faoi chuimsiú na straitéisí um fhorbairt chríochach chomhtháite.
Trí Aontas na Scileanna, tacaíonn an Coimisiún le daoine oideachas agus oiliúint ardchaighdeáin a fháil agus tacaítear le foghlaim ar feadh an tsaoil. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le scileanna san Eoraip, sheol an Coimisiún Aontas na Scileanna in 2025 (). Dírítear sa straitéis seo ar iarrachtaí ar son athsciliú agus uas‑sciliú, agus ar fheabhas a chur ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ardchaighdeáin ar feadh an tsaoil. Mar chuid de sin, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún freisin an Comhshocrú um Scileanna a fheabhsú chun cuidiú le hoibrithe ar fud earnálacha straitéiseacha scileanna nua a fháil, agus é d’aidhm ann 25 mhilliún oibrí a uas‑sciliú faoi 2030. In 2025, thairbhigh 3,9 milliún duine de thionscnaimh oiliúna faoin gComhshocrú um Scileanna. Leis an gcomhshocrú, slógadh líonra de 277 600 páirtí leasmhar, a rinne infheistíocht os cionn EUR 1 bhilliún i dteannta a chéile i ngníomhaíochtaí ar son athsciliú agus uas‑sciliú in 2025, agus is é a bhí i gceist le 82 % de sin infheistíocht a rinne údaráis phoiblí trí úsáid a bhaint as cistí agus cláir náisiúnta nó de chuid an Aontais amhail Erasmus+, Fís Eorpach nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (). Comhlánaítear é sin le EUR 5,7 billiún le haghaidh bonneagar oideachais, trealaimh, forbairt scileanna agus comhar oideachais thar theorainneacha faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (lena n‑áirítear Interreg).
Ag tacú leis an tsoghluaisteacht foghlama agus oideachais
I gcaitheamh 2025, chuidigh clár Erasmus+ le soghluaisteacht thrasnáisiúnta foghlama agus comhar tras‑eagraíochta a chur chun cinn agus le saol na ndaoine san Eoraip a shaibhriú. Ó bhí 2021 ann, thacaigh Erasmus+ le níos mó ná 3,8 milliún foghlaimeoir ina ngníomhaíochtaí soghluaisteachta, agus bhain os cionn 1,5 milliún foghlaimeoir leas as soghluaisteacht Erasmus+ in 2025. In 2025, roghnaíodh 321 thionscadal fothaithe acmhainneachta, arb é is aidhm dóibh comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn idir eagraíochtaí atá gníomhach san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san óige agus sa spórt laistigh den Aontas agus lasmuigh de.
Thairis sin, ó thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá os cionn EUR 200 milliún slógtha ag an gCoimisiún trí Erasmus+ chun tacú le tionscadail lena gcuirtear gníomhaíochtaí oideachais chun cinn agus lena ndéantar lánpháirtiú daoine aonair atá ag teitheadh ón gcogadh i dtimpeallachtaí foghlama nua a éascú. Díríodh tuilleadh ar thosaíochtaí earnáilsonracha faoi ‘comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair’. Ó bhí 2023 ann, tugadh deontais dar méid EUR 48 milliún chun tacú leis an tosaíocht sin. Soláthraíodh tacaíocht freisin d’eagraíochtaí, d’fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne san Úcráin. Ó bhí 2022 ann, rinneadh conarthaí dar luach EUR 31 mhilliún san iomlán le haghaidh deontas d’eagraíochtaí de chuid na hÚcráine atá dírithe ar thionscadail fothaithe acmhainneachta san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san óige agus sa spórt.
An dlúthpháirtíocht a chothú trí obair dheonach
Tugann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deis do dhaoine óga idir 18 agus 30 bliain d’aois (35 bliana d’aois i gcás gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla) páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oibre deonaí agus dlúthpháirtíochta ar an gcoigríoch nó ina dtír féin. Ó bhí 2021 ann, cruthaíodh os cionn 120 000 deis do dhaoine óga, agus thairbhigh 12 000 tionscadal de dheontais. Thug an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach tacaíocht do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí maidir le ceithre thosaíocht trasnaí: cuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn; rannchuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; rannchuidiú le rannpháirtíocht dhaonlathach; agus rannchuidiú le luachanna an Aontais. In 2025, leathnaigh an Coimisiún na tosaíochtaí sin chun réitigh le haghaidh bainistiú dramhaíola agus athchúrsála a chur chun cinn. Chuir na deiseanna oibre deonaí trí shnáithe na Cabhrach Daonnúla ar a gcumas do nach mór 400 duine óg tacú le pobail leochaileacha i 35 thír.
Infheistíocht a dhéanamh sa chultúr
Is é clár Eoraip na Cruthaitheachta clár suaitheanta an Aontais chun tacú leis na hearnálacha cultúir agus closamhairc, trí bhuiséad don tréimhse 2021-2027 dar méid EUR 24,4 billiún, agus EUR 364,2 milliún le haghaidh 2025. Cloch mhíle mhór in 2025 ab ea an Compás Cultúir don Eoraip a ghlacadh, arb é creat straitéiseach nua do bheartas cultúir na hEorpa atá ann. Mar gheall ar an 20 tionscnamh suaitheanta atá ina gcuid de, soláthróidh an Compás Cultúir prionsabail chomhroinnte ar son comhair maidir le beartais chultúir amach anseo ar leibhéal an Aontais.
Agus buiséad EUR 182 mhilliún aige, mheall sraith na Meán 2 165 thogra incháilithe in 2025. Tugadh aitheantas gairmiúil idirnáisiúnta do roinnt mhaith saothar a cruthaíodh le tacaíocht ó shraith na Meán, lena n‑áirítear ainmniúcháin Oscar le haghaidh sé scannán a eisíodh in 2025. Mheall snáithe an Chultúir an líon is mó iarratasóirí riamh in 2025 (1 648) agus roghnaíodh 122 thionscadal.
In 2025 freisin, ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe le haghaidh thionscnamh Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa. Ó bhí 1985 ann, d’úsáid breis agus 70 cathair an teideal chun an éagsúlacht a cheiliúradh, chun a bhféiniúlacht Eorpach a neartú agus chun a dtodhchaí a mhúnlú tríd an gcultúr.
Sláinte daoine a fheabhsú
Comhlánaítear beartais náisiúnta le gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais maidir leis an tsláinte. Tá sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint agus feabhas a chur ar a sláinte, tacú le nuachóiriú agus digitiú na gcóras agus na mbonneagar sláinte, aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí críochacha maidir le rochtain ar sheirbhísí sláinte ardchaighdeáin (go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, agus i gceantair thuaithe agus iargúlta), feabhas a chur ar athléimneacht chórais sláinte na hEorpa agus na Ballstáit a chumasú chun paindéimí amach anseo a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr.
Tá an Coimisiún ag tacú le cuideachtaí nuálacha atá dírithe ar an tsláinte freisin trí HERA Invest. Faoi dheireadh 2025, chistigh HERA Invest trí fhiontar bheaga agus mheánmhéide nuálacha Eorpacha, trí iasachtaí dar méid EUR 20 milliún an ceann.
In 2025, rinne an Coimisiún infheistíocht sa mheardhiagnóisic freisin chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha. Tríd an gclár EU4Health, soláthraíodh tacaíocht airgeadais dar méid EUR 8,85 milliún do chúig chomhpháirtí ó cheithre Bhallstát chun feiste dhiagnóiseach a fhorbairt agus a thabhairt ar an margadh lena soláthraítear torthaí i dtréimhse níos lú ná uair an chloig, rud a chuideoidh le cliniceoirí an chóireáil is iomchuí a roghnú d’othair a bhfuil antaibheathaigh ag teastáil uathu.
Caitheadh níos mó ná leath de bhuiséad bliantúil EU4Health le haghaidh 2025 ar infheistíochtaí san ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna agus i ngníomhaíochtaí freagartha, lena n‑áirítear bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin méadú a dhéanamh ar ullmhacht, ar chosc agus ar phleanáil na freagartha in aghaidh galair veicteoir-iompartha, Saotharlanna Tagartha AE a bhunú, feabhas a chur ar chórais chomhtháite faireachais i dtíortha rannpháirteacha agus oiliúint a sholáthar do ghairmithe sláinte (poiblí). Bhí infheistíochtaí EU4Health ag tacú leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bhunú freisin, agus bonneagair sláinte digití trasteorann á bhforbairt, comhlachtaí rochtana sonraí sláinte á mbunú agus á leathnú chun athúsáid sonraí sláinte a chumasú.
Trí infheistíochtaí EU4Health lena dtugtar aghaidh ar ghalair neamhchoitianta, díríodh ar uirlisí TF le haghaidh diagnóise agus cóireála, amhail an uirlis teilileighis dar teideal Córas Cliniciúil um Bainistiú Othar 2.0. In 2025, rinneadh tuilleadh forbartha ar chóras na líonraí tagartha Eorpacha, trí thacaíocht dar méid EUR 77,4 milliún i ndeontais EU4Health don tréimhse 2023-2027. In 2025, thairbhigh 2,7 milliún othar a bhfuil riochtaí neamhchoitianta orthu de rochtain ar dhiagnóis agus ar chóireáil sna 24 líonra tagartha Eorpacha.
Plean Sáraithe Ailse na hEorpa
Faoi EU4Health, seoladh 24 ghníomhaíocht in 2025 faoi chur chun feidhme an chur chuige leathain maidir le hailse. Áirítear ar na gníomhaíochtaí, mar shampla, obair chomhoibríoch i réimse na hailse faoin nGníomhaíocht Chomhpháirteach ‘Cumais Dhigiteacha na nIonad Ailse san Eoraip a Fheabhsú chun Feabhas a chur ar Chosc agus ar Chúram’ chun feabhas a chur ar ríomhsheirbhísí sláinte, ar theilileigheas agus ar chórais chianfhaireacháin, agus chun feabhas a chur ar rochtain ar shonraí sláinte agus ar mhalartú na sonraí sin in ionaid ailse atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. Thairis sin, in 2025, trí thacaíocht dar méid EUR 90 milliún faoi EU4Health, sheol an Coimisiún Líonra an Aontais d’Ionaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse, arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh rochtain ag 90 % d’othair incháilithe ailse ar chosc, diagnóisiú, cóireáil agus cúram ardcháilíochta faoi 2030.
Mar pháirt de dhlúth‑ailíniú agus sineirge leis an bPlean Sáraithe Ailse, lean Misean Ailse an Aontais faoin gclár Fís Eorpach de thorthaí a fháil trí ghníomhaíochtaí a tabhairt chun cinn maidir le nochtadh comhshaoil i ndaoine óga, cóireálacha nuálacha le haghaidh ailse i leanaí agus i ndéagóirí, trialacha cliniciúla máinliachta agus idirghabhálacha i leith cothú d’othair ailse scothaosta. In 2025, d’fhorbair an Misean Ailse 25 thriail chliniciúla ilnáisiúnta, 42 uirlis nua ar mhaithe le cosc, brath agus cóireáil, agus breis agus 850 comhar lenar cuimsíodh taighde, cúram sláinte agus beartais.
Ár gcáilíocht saoil a choinneáil ar bun: slándáil bia, uisce agus an dúlra
Ní mór dár ndaonlathas beart a dhéanamh ar a son siúd atá thíos le tionchair an athraithe aeráide freisin. Ní mór dúinn daoine agus an dúlra a chosaint ar fhalscaithe fíordhíobhálacha. Ní mór dúinn ár n‑uisce luachmhar a chaomhnú, arb é an acmhainn is ríthábhachtaí i measc na n‑acmhainní nádúrtha uile. Agus ní mór dúinn an eolaíocht is fearr a chur in úsáid chun ár nAigéan a chosaint ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Córas talmhaíochta agus bia atá iomaíoch athléimneach a fhorbairt
Thug an tAontas iarrachtaí chun cinn chun córas agraibhia inbhuanaithe, iomaíoch agus athléimneach a thógáil, lena soláthrófar slándáil bia agus caighdeáin chothroma maireachtála do phobail feirmeoireachta agus tuaithe. Lean an comhbheartas talmhaíochta (CBT) dá thacaíocht don earnáil trí phleananna straitéiseacha CBT a chur chun feidhme, trí ioncaim a mhéadú agus trí athléimneacht a chothú. Tugadh aird ar leith ar thacaíocht ioncaim d’fheirmeacha beaga. In 2025, fuair 5,5 milliún feirmeoir tacaíocht dhíreach ó CBT.
Trí phacáiste simpliúcháin CBT mhí na Nollag 2025, tacaítear le hiomaíochas, athléimneacht agus digitiú na hearnála talmhaíochta trí thacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’fheirmeoirí óga agus feirmeoirí orgánacha. D’fhéadfadh na bearta sin suas le EUR 1,6 billiún in aghaidh na bliana a choigilt d’fheirmeoirí agus EUR 210 milliún do riaracháin náisiúnta. Tá solúbthacht agus simpliú ag baint leis an bpacáiste freisin maidir le láimhseáil íocaíochtaí, ceanglais áirithe agus uirlisí géarchéime.
Thairis sin, in 2025, sholáthair an tAontas, faoi CBT, tacaíocht éigeandála d’fheirmeoirí i réigiúin a bhí buailte le tubaistí ():
•EUR 73 mhilliún i dtacaíocht éigeandála d’fheirmeoirí a bhí buailte leis an athrú aeráide agus le tubaistí nádúrtha sa Chipir, sa Chróit, sa Laitvia, sa tSeicia, sa Spáinn, sa tSlóivéin agus san Ungáir ();
•EUR 1,7 milliún de thacaíocht eisceachtúil d’earnálacha an bhainne agus na muiceola sa Ghearmáin ();
•EUR 49,5 milliún de thacaíocht éigeandála d’fheirmeoirí torthaí, cnónna agus glasraí a bhí buailte leis an athrú aeráide sa Bhulgáir, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn, sa Rómáin agus san Ungáir ();
•EUR 7,3 milliún chun cuidiú le feirmeoirí i limistéir a bhí buailte le ráigeanna d’fhliú na n‑éan sa Pholainn a chúiteamh ();
•Athruithe eisceachtúla ar POSEI (an clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht) chun cuidiú le feirmeoirí in Mayotte tosú ar an táirgeadh an athuair tar éis Chioclón Chido ().
Thairis sin, sholáthair an snáithe bia de chlár an mhargaidh aonair níos mó ná EUR 240 milliún in 2025 i réimsí an rialaithe galar ainmhithe agus plandaí, shaotharlanna tagartha an Aontais agus bhanc vacsaíní an Aontais le haghaidh galair ainmhithe, rud lenar laghdaíodh rioscaí don tslándáil bia trí athléimneacht a áirithiú in aghaidh ráigeanna mórghalar trasteorann ainmhithe.
Infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar cliste maidir leis an uisce, na haigéin agus na hiascaigh
Cuimsíodh tosaíocht thiomnaithe nua maidir le hathléimneacht uisce leis an athscrúdú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe. Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí sin feabhas a chur ar an rochtain ar uisce glan, ar bhainistiú inbhuanaithe an uisce agus ar athléimneacht ó thaobh uisce de le linn triomaigh a bhíonn ann go minic agus tionchair eile de dheasca athrú aeráide, mar aon le truailliú uisce a laghdú. Ath‑leithdháileadh EUR 3,1 billiún ar an tosaíocht sin, sa bhreis ar EUR 13 bhilliún atá á chur chun feidhme cheana féin. Mar a cuireadh i dtábhacht sa Chompás Iomaíochais agus sa straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce, is colún tábhachtach do shlándáil eacnamaíoch na hEorpa é cothú sochaí a bheidh cliste ó thaobh uisce de.
Rannchuidíonn Ciste Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais le geilleagar gorm inbhuanaithe i gceantair chósta, oileánacha agus intíre, agus le forbairt na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe. Fuair na Ballstáit EUR 544,9 milliún in íocaíochtaí. Mhaoinigh na híocaíochtaí sin tionscadail amhail uas‑sciliú agus athsciliú do dhaoine a oibríonn i gcalafoirt agus timpeall orthu () agus taighde ar an meath ar phobail eascann agus bradán na hEorpa (), mar aon le taighde ar threalamh trálaeireachta optamaithe d’fhonn ídiú breosla a laghdú (). Chun tacú le caomhnú na n‑aigéan, eolaíochtaí na n‑aigéan, iascaigh inbhuanaithe, dobharshaothrú agus an geilleagar gorm, chuir an Coimisiún an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan i láthair ag Comhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin, mar aon le hinfheistíocht EUR 1 bhilliún le haghaidh an aigéin ().
In 2025 bhí leathbhreac digiteach Eorpach an Aigéin i seirbhís iomlán. Comhtháthaíodh Copernicus agus sonraí breathnóireachta muirí de chuid na hEorpa ann, rud a d’fhág go rabhthas in ann an t‑oiriúnú don athrú aeráide a shamhaltú ar bhonn ardtaifigh agus acmhainní a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Thairis sin, lean an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach de shonraí muirí a sholáthar ar bhonn inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in‑athúsáidte, rud a fhágann go bhfuil tairbhí bliantúla idir EUR 150 milliún agus EUR 400 milliún ann trí tháirgiúlacht agus nuálaíocht mhéadaithe d’úsáideoirí agus trí fhaisnéis níos fearr maidir lenár bhfarraigí agus ár n‑aigéin.
Thacaigh Misean Fís Eorpach ‘Ár n‑aigéan agus ár n‑uiscí a athbhunú’ leis an aistriú gorm agus le cosaint agus le hathbhunú na n‑éiceachóras muirí agus fionnuisce sna himchuacha farraige uile a neartú. Faoi dheireadh 2025, bhí réitigh nuálacha á bhforbairt ag 80 tionscadal ar fiú EUR 400 milliún iad i 223 shuíomh taispeána áitiúla.
Geilleagar ciorclach, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus bithéagsúlacht a chur chun cinn
Is é is aidhm don chlár LIFE tacú le haistriú an Aontais chuig geilleagar glan ciorclach iomaíoch atá athléimneach ó thaobh na haeráide de. Ó bhí 2021 ann, leis an bhfochlár geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil faoi LIFE, cistíodh 180 tionscadal lena ndírítear ar éifeachtúlacht acmhainní, cáilíocht an aeir agus na hithreach, athléimneacht uisce agus bainistiú dramhaíola agus ceimiceán contúirteach. Infheistíocht os cionn EUR 1 bhilliún atá i gceist leis na tionscadail sin, agus ranníocann LIFE EUR 530 milliún, agus áirítear ar na tionscadail gníomhaíochtaí amhail teicneolaíocht nua a fhorbairt chun grianphainéil a bhfuil a ré caite a athchúrsáil, cac feithidí (fuíoll feithidí) a thiontú ina leasacháin, mar aon le taighde ar réitigh chun mearcair in ithreacha éillithe a chobhsú.
Maoiníodh 123 thionscadal le fochlár LIFE um maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin go dtí 2025 I gcaitheamh na clárthréimhse, comhfhreagraíonn sé sin do luach tionscadail iomlán dar méid EUR 681 mhilliún agus ranníocaíocht EUR 399,2 milliún ón Aontas. I measc na dtionscadal a dámhadh in 2025 tá EUR 66 mhilliún do 24 thionscadal chaighdeánacha gníomhaíochta agus EUR 25,8 milliún le haghaidh tionscadail straitéiseacha. Leis na glaonna ar thionscadail chaighdeánacha ghníomhaíochta agus ar thionscadail straitéiseacha a seoladh in 2025, dámhfar EUR 61,5 milliún agus 30 milliún faoi seach ar thograí rathúla.
Mhaoinigh fochlár dúlra agus bithéagsúlachta LIFE 170 tionscadal lenar rannchuidíodh le dálaí feabhsaithe le haghaidh thart ar 560 speiceas fiáin agus níos mó ná 2 mhilliún heicteár de ghnáthóga faoi 2025. Cuimsítear leis na samplaí:
•an tionscadal dar luach EUR 4,8 milliún ar a dtugtar mósáic na beatha, lena n‑athbhunaítear os cionn 550 heicteár de ghnáthóga féarthalún ar fud ocht láithreán Natura 2000 sa Chróit;
•tionscadal faoi LIFE a bhaineann leis an sreabhadh abhann méid EUR 8,5 milliún, lena gcuirtear feabhas ar nascacht na n‑abhann ar fud ocht n‑abhainn sa Laitvia agus lena n‑athbhunaítear os cionn 1 034 km d’uiscebhealaí; agus
•tionscadal faoi LIFE dar méid EUR 17 milliún agus atá á chur i gcrích an athuair, lena n‑athbhunaítear 1 044 heicteár de phortaigh ardaithe agus d’eanaigh i dtrí láithreán Natura 2000 i réigiún Hannover.
Tacaíonn cistí an bheartais comhtháthaithe leis an oiriúnú don athrú aeráide, agus leithdháileadh níos mó ná EUR 14 bhilliún don tréimhse 2021-2027. Díríonn na hinfheistíochtaí sin ar rioscaí aeráide a chosc agus tugann siad tosaíocht do réitigh dhúlrabhunaithe. Dá thoradh sin, tairbheoidh níos mó ná 97 milliún duine de chosaint ar thuilte, agus níos mó ná 288 milliún duine de chosaint ar fhalscaithe. Ina theannta sin, tríd an athscrúdú meántéarma, d’ath‑leithdháil na Ballstáit cistí i dtreo an oiriúnaithe don athrú aeráide, go háirithe an riosca maidir le tuilte agus triomaigh, faoin tosaíocht ‘athléimneacht uisce’.
Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú
Baineann neamhspleáchas na hEorpa le cosaint saoirsí. An tsaoirse chun cinneadh a dhéanamh. Labhairt amach. Bogadh timpeall na mór-roinne ar fad. An tsaoirse chun vóta a chaitheamh. Grá a thabhairt. Guí. Maireachtáil in Aontas a bhfuil comhionannas ann. Is iad ár ndaonlathas agus an smacht reachta a ráthaíonn na saoirsí sin ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Daonlathas na hEorpa a chosaint
In 2025, threisigh an tAontas an athléimneacht dhaonlathach in aghaidh brúnna inmheánacha agus seachtracha agus, an tráth céanna, chumhachtaigh sé saoránaigh chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gceapadh beartas agus lena bpobail a mhúnlú. Ag tógáil ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus ar an bpacáiste maidir le cosaint an daonlathais, tíolacadh an Sciath Eorpach don Daonlathas i mí na Samhna chun institiúidí daonlathacha a neartú, sláine na dtoghchán a chosaint agus tacú le saoirse agus le hiolrachas na meán.
Chuidigh an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le tacú leis an daonlathas rannpháirteach. In 2025 leithdháil an clár os cionn EUR 1,9 milliún chun tacú le sásra an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES), rud a chuir na saoránaigh i gcroílár dhaonlathas na hEorpa trí rannpháirtíocht dhíreach i bhforbairt bheartais an Aontais a chur chun cinn. I rith na bliana, cláraíodh sé thionscnamh nua, a d’fhág go raibh 49 dtionscnamh ann idir 2021-2025, agus shroich an líon is mó riamh – ceithre thionscnamh – tairseach na milliún sínithe, rud a dheimhníonn go bhfuil méadú ag teacht ar rannpháirtíocht na saoránach ar leibhéal an Aontais ().
Fíoraontas an chomhionannais a thógáil agus an smacht reachta a chaomhnú
Leis an gclár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna, cuirtear cearta agus luachanna a chumhdaítear i gconarthaí an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha chun cinn freisin. Faoi dheireadh 2025, bhí tacaíocht tugtha leis an gclár do 6 737 n‑eagraíocht sochaí sibhialta ar fud na mBallstát uile agus na dtíortha incháilithe uile nach de chuid an Aontais iad. Sholáthair an clár tacaíocht oibríochtúil agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, go háirithe tacaíocht d’eagraíochtaí sochaí sibhialta áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus trasnáisiúnta. Thairis sin, idir 2021 agus 2025, tá coinne leis go dtairbheoidh 79 milliún duine ar a laghad de 2 155 thionscadal cistithe. I measc na samplaí de thionscadail tá comhar idir bardais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun idirdhealú a chomhrac agus cuimsiú a chur chun cinn, gníomhaíochtaí múscailte feasachta in aghaidh fuathchainte agus fuath ar líne agus imeachtaí trasnáisiúnta do shaoránaigh lena spreagtar díospóireacht ar stair, luachanna daonlathacha agus todhchaí na hEorpa agus imeachtaí trasnáisiúnta a eagrú chun machnamh a dhéanamh ar an Eoraip san am a chuaigh thart, sa lá atá inniu ann agus ar thodhchaí na hEorpa.
Tacaíonn an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna le scéimeanna dámhachtana freisin atá dírithe ar inrochtaineacht, cuimsiú agus comhionannas a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil. Tríd an nGradam don Chathair is Inrochtana agus tríd an nGradam do Phríomhchathracha Cuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa, thug an clár aitheantas do bhailte agus do chathracha a rinne gníomhaíochtaí coincréiteacha maidir le hinrochtaineacht a thabhairt chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas agus le pobail chuimsitheacha atá saor ó idirdhealú a chothú. Tríd an méid sin a dhéanamh, tharraing an Coimisiún aird ar obair eisceachtúil ar an leibhéal áitiúil, rud lenar comhroinneadh dea-chleachtas agus lenar spreagadh piarfhoghlaim i measc údaráis áitiúla.
Tacaíonn an clár um cheartas le ceartas agus le cearta bunúsacha freisin. Tacaíonn an clár um cheartas le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, le hoiliúint do bhreithiúna agus le rochtain ar cheartas. In 2025, agus an clár á chur chun feidhme, cumhdaíodh deontais gníomhaíochta maidir le comhar breithiúnach, oiliúint do bhreithiúna agus rochtain ar cheartas agus buiséad táscach iomlán dar méid EUR 15,4 milliún aige. Thairis sin, lean an clár dá thacaíocht do ghníomhaíochtaí ó Chomhairle na hEorpa i réimse an cheartais: líonra na gcomhlachtaí faireacháin príosúin, tuarascáil SPACE a sholáthar (tuarascáil bhliantúil maidir le staitisticí príosúin ina soláthraítear léargais shoiléire ar chásanna coinneála sna Ballstáit) agus staidéar bliantúil ó Choimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais Chomhairle na hEorpa maidir le héifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras ceartais i measc Bhallstáit an Aontais. Ina theannta sin, tugadh conarthaí soláthair, dar luach EUR 9,2 milliún san iomlán, i gcrích in 2025 chun tacú le huirlisí TF a fhorbairt agus a chothabháil agus le príomhbheartais an Aontais i réimse an cheartais trí ghníomhaíochtaí lena n‑áirítear staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair don athbhreithniú ar Rialachán Eurojust.
An Eoraip dhomhanda: Ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil
Trí chomhpháirtíochtaí, sin é an bealach chun cinn. Comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar leasanna coiteanna agus ar urraim don cheannasacht. Is é sin a thugann le chéile sinn anseo inniu. Is é sin cur chuige na hEorpa ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a choinneáil ar bun
Tá an tAontas tiomanta dá thacaíocht don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine i gcónaí. Faoi dheireadh 2025, bhí thart ar EUR 193,3 billiún soláthraithe ag an Aontas agus a Bhallstáit, ar cumasaíodh EUR 88,3 billiún de sin le buiséad an Aontais. In 2025 amháin, chumhdaigh an tAontas 84 % de riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na hÚcráine. Lean an Coimisiún de chúnamh an Aontais a chomhordú le comhpháirtithe eile tríd an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin.
Tacaíocht airgeadais agus eacnamaíoch
In 2025, d’eisíoc an tAontas EUR 18,1 billiún leis an Úcráin trí iasacht eisceachtúil Cúnaimh Macrairgeadais, mar chuid de thionscnamh G7 na nIasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin, ar tionscnamh é a comhaontaíodh in 2024. Chun tionscnamh G7 a chumasú, chur an tAontas an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin ar bun chun tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha a thairiscint don Úcráin, arna maoiniú tríd an ranníocaíocht airgeadais, a cruinníodh ar bhrabús amhantair urghnácha a eascraíonn as sócmhainní blocáilte Bhanc Ceannais na Rúise, a ghiaráil. Is féidir leis an Úcráin an tacaíocht sin a úsáid chun iasachtaí ón Aontas agus iasachtaí incháilithe eile ó G7 a aisíoc, lena n‑áirítear ús agus costais ghaolmhara eile.
Ina theannta sin, lean an tSaoráid don Úcráin dá thacaíocht do théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine i gcomhréir lena conair i dtreo an Aontais. Ó rolladh amach í, tá EUR 26,8 billiún eisíoctha ag an tSaoráid don Úcráin mar mhaoiniú eisceachtúil agus faoi phlean na hÚcráine. Leis an tsaoráid, fóirdheonaíodh na costais iasachtaíochta ar na hiasachtaí don Úcráin a soláthraíodh faoin tsaoráid den chéad uair in 2025, rud a thug faoiseamh do chistí náisiúnta na hÚcráine dar luach EUR 321 mhilliún.
Tá EUR 9,5 billiún san iomlán de thacaíocht ón Aontas faighte ag an gCreat Infheistíochta don Úcráin, arb é sin brainse infheistíochta na Saoráide don Úcráin, i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach ón Aontas agus oibríochtaí measctha agus tá coinne leis go slógfar suas le EUR 21.8 billiún in infheistíocht phoiblí agus phríobháideach dá thoradh sin. Go dtí seo, leithdháileadh EUR 6,9 billiún chun cláir infheistíochta a chistiú a théann chun tairbhe do mhuintir na hÚcráine go díreach – agus poist nua á gcruthú, leictreachas, teas agus uisce glan á soláthar, ag tacú le tithíocht inacmhainne, foscadáin buamála á dtógáil, bonneagar a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh á athchóiriú agus tuilleadh nach é.
Chun toilleadh criticiúil fuinnimh a athbhunú agus chun eangach náisiúnta na hÚcráine a threisiú go díreach, thacaigh an tAontas le stáisiún cumhachta teirmí iomlán a athlonnú ón Liotuáin go dtí an Úcráin i mí na Nollag 2025. Tá an stáisiún in ann cumhacht a sholáthar do thart ar mhilliún Úcránach – an oibríocht aonair is mó go dtí seo faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ().
Leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta, a leagadh amach i mí na Bealtaine 2022, leantar de bheith ag cinntiú gur féidir leis an Úcráin na hearraí atá de dhíth uirthi a iompórtáil agus táirgí talmhaíochta agus táirgí eile a easpórtáil. Cé go raibh na Lánaí Dlúthpháirtíochta ríthábhachtach d’onnmhairí talmhaíochta na hÚcráine go dtí lár -2023, d’éirigh leis an Úcráin troid in aghaidh na Rúise ó shin chun conair na Mara Duibhe a dhaingniú. Tacaíonn an tAontas le trádáil na hÚcráine atá nasctha leis an Muir Dhubh trí thacú leis an gconair sin, rud a chuireann ar chumas shoithí na hÚcráine leanúint de bheith ag easpórtáil. Ag an am céanna, tá infheistíocht déanta ag an Aontas i mbonneagar agus i gcomhordú chun a chinntiú go leanfaidh an bealach muirí sin de bheith inmharthana agus slán.
Lean an tAontas d’ionstraimí ráthaíochta creidmheasa easpórtála a úsáid le linn na bliana chun tacú le trádáil. Mar shampla, i mí an Mheithimh, rinneadh an chéad chomhaontú faoi Shaoráid Ráthaíochta Creidmheasanna Onnmhairiúcháin an Aontais don Úcráin, lenar soláthraíodh EUR 20 milliún i ráthaíochtaí d’onnmhairí an Aontais chuig an Úcráin trí Oifig Onnmhairiúcháin‑Allmhairiúcháin na Danmhairge ().
Chun feabhas a chur ar naisc iompair idir an tAontas, an Úcráin agus an Mholdóiv, faoi 2025 tá an tAontas tar éis níos mó ná EUR 2.3 billiún, lena n‑áirítear EUR 0,6 billiún de chistiú, a shlógadh ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Mar shampla, i mí Iúil, síníodh
tionscadal nua
tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun nasc iarnróid chaighdeánaigh‑AE a thógáil ón bPolainn go Sknyliv (gar do Lviv) san Úcráin le ranníocaíocht EUR 73,5 milliún ón Aontas (). I mí Mheán Fómhair, d’oscail an Úcráin a
an chéad iarnród caighdeánach‑AE
, lenar cumasaíodh taisteal díreach traenach ón Úcráin go cathracha amhail Búdaipeist san Ungáir agus Vín san Ostair ().
Tacaíocht dhaonnúil don Úcráin
In 2025, lean an tAontas de chabhair dhaonnúil a sholáthar san Úcráin agus sa Mholdóiv le haghaidh cúnamh éigeandála. Áiríodh leis sin EUR 40 milliún a leithdháileadh chun cuidiú le muintir na hÚcráine an ceathrú geimhreadh de chogadh foghach na Rúise a sheasamh, agus é ag cabhrú le comhpháirtithe cabhrach daonnúla an Aontais ábhair dídine a sheachadadh, tithe agus ionaid a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú do dhaoine easáitithe agus feabhas a chur ar rochtain ar uisce, sláintíocht agus téamh. Ó thosaigh mhór-ionradh na Rúise i mí Feabhra 2022, tá os cionn EUR 1,2 billiún leithdháilte ag an gCoimisiún le haghaidh cláir cabhrach daonnúla san Úcráin, lena n‑áirítear EUR 220 milliún in 2025.
Cabhair dhaonnúil don Úcráin agus don Mholdóiv ón Aontas agus óna Bhallstáit (2022–2025)
Ag tacú le daoine san Úcráin
Ó 2022 go 2025, sholáthair an tAontas an méid seo a leanas do mhuintir na hÚcráine (
):
·EUR 220 milliún de chistiú cabhrach daonnúla lena bhfreagraítear ar riachtanais na ndaoine is leochailí;
·EUR 100 milliún a tiomnaíodh do thacaíocht go mbeidh rochtain shábháilte ar oideachas ag leanaí san Úcráin;
·EUR 60 milliún do thionscadail atá dírithe ar acmhainneacht ollscoileanna, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus eagraíochtaí spóirt agus eagraíochtaí don óige na hÚcráine a fhorbairt faoi Erasmus+;
·EUR 65 mhilliún le haghaidh lón scoile sláintiúil saor in aisce do 700 000 dalta bunscoile san Úcráin;
·níos mó ná EUR 50 milliún chun tacú le hearnálacha chultúr agus chruthaitheachta na hÚcráine, lena n‑áirítear os cionn EUR 11,5 milliún a tiomnaíodh don oidhreacht chultúrtha;
·níos mó ná EUR 700 000 i ndeontais soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúir;
·EUR 123 mhilliún chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin.
Tacaíocht mhíleata agus taighde ar an gcosaint
Tá thart ar EUR 69,3 billiún de thacaíocht mhíleata soláthraithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit ó bhí 2022 ann tríd an tSaoráid Eorpach Síochána. Treoraíodh EUR 6,1 billiún den mhéid sin ón tSaoráid Eorpach Síochána. Ina theannta sin, tá EUR 3,7 billiún soláthraithe ag an Aontas ó fháltais shócmhainní blocáilte na Rúise, as ar treoraíodh EUR 3,3 billiún chuig an tSaoráid Eorpach Síochána agus EUR 0,4 billiún chuig an tSaoráid don Úcráin. Cuireann an tAontas oiliúint ar Fhórsaí Armtha na hÚcráine trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin, lenar cuireadh oiliúint ar thart ar 85 000 de phearsanra míleata ón Úcráin go dtí seo.
Tá ionstraimí taighde agus nuálaíochta cosanta á soláthar ag an Aontas freisin, tríd an gCiste Eorpach Cosanta go príomha. In 2025, ghlac an tAontas an rialachán chun infheistíochtaí a bhaineann leis an gcosaint i mbuiséad an Aontais a dhreasú, rud lenar cumasaíodh comhlachú na hÚcráine leis an gCiste Eorpach Cosanta, arb é ba chuspóir dó sin an comhar tionsclaíoch idir an tAontas agus an Úcráin a fheabhsú a thuilleadh. Thairis sin, d’fhógair an tAontas seoladh BraveTechEU, tionscnamh comhpháirteach idir an tAontas agus an Úcráin atá dírithe ar éiceachórais nuálaíochta cosanta an Aontais agus na hÚcráine a thabhairt níos dlúithe le chéile chun réitigh, ar cruthaíodh a gcumas ar an láthair chatha, a fhorbairt.
Bearta sriantacha
Ghlac an tAontas ceithre phacáiste bhreise de smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus na Bealarúise mar fhreagairt ar a cogadh foghach in aghaidh na hÚcráine, rud lenar gearradh thuilleadh an rochtain ar theicneolaíocht chriticiúil, ar earraí tionsclaíocha agus ar sheirbhísí airgeadais, agus lenar laghdaíodh sruthanna ioncaim na Rúise, go háirithe ó fhuinneamh. Chun éifeachtacht agus tionchar na smachtbhannaí a mhéadú, lean an tAontas ag cur tuilleadh béime fós ar bhearta chun teacht timpeall a sheachaint i réimse na trádála agus an fhuinnimh, lena n‑áirítear spriocdhíriú ar an scáthchabhlach a úsáideann an Rúis chun an chaidhp phraghais ar ola a imghabháil. An tráth céanna, threisigh an tAontas a chomhar agus a fhor-rochtain le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
Méadú an Aontais agus comharsanacht níos leithne an Aontais
In 2025, sholáthair an tAontas raon leathan tacaíochta do thíortha de chuid an mhéadaithe, lena n‑áirítear an méid seo a leanas.
•EUR 184 mhilliún de thacaíocht a eisíocadh faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar.
•Ó mhí an Mheithimh, bhí an chuid dheireanach dá EUR 60 milliún de chistí ón Aontas geallta trí Ráthaíocht na mBalcán Thiar d’Athléimneacht FBManna, rud a d’fhág go raibh EUR 886 mhilliún san iomlán de mhaoiniú ar fáil chun tacú le fás inbhuanaithe na bhfiontar beag agus meánmhéide sa réigiún.
•Eisíocadh EUR 288,9 milliún faoin tSaoráid nua Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive.
In 2025, chuir an Coimisiún bailchríoch ar an gclársceidealú le haghaidh na bpleananna gníomhaíochta ilbhliantúla ilnáisiúnta agus déthaobhacha a bhaineann leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III i bhfabhar na mBalcán Thiar agus na Tuirce,, cé is moite den Chosaiv() . Áirítear ar na gníomhaíochtaí a glacadh saoráid ilnáisiúnta agus sochaí sibhialta agus plean gníomhaíochta ilbhliantúil le haghaidh na meán do 2025-2027 ar fiú EUR 553,9 milliún é; plean gníomhaíochta ilbhliantúil lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí déthaobhacha i bhfabhar na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Macadóine Thuaidh, Mhontainéagró agus na Seirbia do 2025-2027, dar méid EUR 491,9 milliún iad; plean gníomhaíochta ilbhliantúil i bhfabhar na Tuirce do 2025-2027 dar méid EUR 311,7 milliún; agus gníomhaíocht ilbhliantúil lena dtacaítear le riachtanais fhíor-riachtanacha ar mhaithe le bainistiú dídeanaithe agus imirce sa Tuirc do 2025-2027 dar méid EUR 1,15 billiún.
Rinneadh tír is iarrthóir den Mholdóiv in 2022. Chomhoibrigh an tAontas leis an Moldóiv faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. I mí Feabhra 2025, i gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh arbh í neamhshlándáil sholáthairtí na Rúise ba chúis léi, tháinig an Coimisiún agus an Mholdóiv ar chomhaontú maidir le straitéis chuimsitheach 2 bhliain um neamhspleáchas agus athléimneacht fuinnimh, lena soláthrófaí tacaíocht thapa suas le EUR 160 milliún ón Aontas don tír. I mí an Mhárta, cruthaíodh an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive, ar uirlis maoiniúcháin nua í dar méid EUR 1,9 billiún (2025-2027) chun an Plean Fáis a chur i ngníomh. I mí an Mheithimh 2025, fuair an Mholdóiv EUR 270 milliún in iasachtaí réamh‑mhaoiniúcháin faoin tsaoráid, agus scaoileadh EUR 24,3 milliún mar thacaíocht neamh‑inaisíoctha. Tá tacaíocht airgeadais leanúnach faoin tsaoráid ag brath ar an athchóiriú a bheith curtha chun feidhme go rathúil. I mí Mheán Fómhair 2025, tar éis don Choimisiún a shuí gur chomhlíon an Mholdóiv ceithre tháscaire maidir leis an athchóiriú ón gClár Oibre, rinne sé a chéad íocaíocht thráthrialta faoin tsaoráid, lenar scaoileadh EUR 18,9 milliún in iasachtaí. Áirítear ar na hathchóirithe margaí oscailte agus iomaíocha leictreachais agus gáis a fhorbairt, mar aon le bearta chun slándáil fuinnimh a ráthú.
I gComharsanacht an Oirthir, is é Comhpháirtíocht an Oirthir an creat beartais uileghabhálach i gcónaí chun comhar réigiúnach a fheabhsú, cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn agus tíortha comhpháirtíochta a thabhairt níos gaire don Aontas. Rinneadh cúnamh trí chláir gníomhaíochta ilbhliantúla lena gcumhdaítear an tréimhse 2025-2027 a fhormheas i mí Iúil don Airméin, don Asarbaiseáin, don Bhealarúis, don Mholdóiv agus don tSeoirsia dar méid EUR 668,2 milliún san iomlán é.
I gComharsanacht an Deiscirt, glacadh clár comhair ilbhliantúil don Libia, lena ngabhann buiséad EUR 102 mhilliún chun tacú le rialachas agus cobhsú (EUR 55 mhilliún), fás eacnamaíoch agus claochlú digiteach (EUR 23,5 milliún), mar aon le gníomhú ar son na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (EUR 23,5 milliún). Thairis sin, in 2025, thacaigh an Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach leis an Éigipt (a tugadh i gcrích in 2024) le haistriú glas na hÉigipte agus lena forbairt fhoriomlán shóisialta agus eacnamaíoch. Áirítear leis an gcomhpháirtíocht oibríocht leanúnach cúnaimh macrairgeadais freisin dar méid suas le EUR 4 bhilliún chun tacú le staid airgeadais na hÉigipte, as ar eisíocadh EUR 1 bhilliún i mí Eanáir 2026. Thairis sin, i mí Mheán Fómhair 2025, d’eisíoc an tAontas an chéad tráthchuid den oibríocht leanúnach cúnaimh macrairgeadais leis an Iordáin, dar méid EUR 250 milliún. Ina theannta sin, soláthraíodh creat nua don chaidreamh idir an tAontas agus an Mheánmhuir Theas nuair a glacadh an Comhshocrú don Mheánmhuir.
In 2025, chuir an staid mhíshocair sa Mheánoirthear i dtábhacht an gá atá le cur chuige níos struchtúrtha agus níos comhordaithe maidir le comhar sa réigiún. Thíolaic an tAontas togra le haghaidh clár cuimsitheach ilbhliantúil ar mhaithe le téarnamh agus athléimneacht na Palaistíne don tréimhse 2025-2027, dar méid EUR 1,6 billiún. Thairis sin, neartaíodh an comhar agus an rannpháirtíocht le Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCSAM) agus le tíortha aonair na Murascaille, go háirithe i réimsí na slándála, an athraithe aeráide, an chomhair dhigitigh, agus an aistrithe fuinnimh. Ina theannta sin,tugadh tacaíocht EUR 139 milliún d’iarrachtaí na Siria lena geilleagar a atosú, lena n‑áirítear iarrachtaí trí fhothú treisithe acmhainneachta agus trí thacaíocht do phríomhearnálacha eacnamaíocha.
Beartas eachtrach agus caidreamh idirnáisiúnta an Aontais
Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta
Tá ról lárnach ag Global Gateway sa tacaíocht do chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta an Aontais. In 2025, lean an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ag cur go mór le straitéis Global Gateway. Eagraíodh an dara Fóram Global Gateway agus d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go raibh os cionn EUR 306 bhilliún d’infheistíochtaí slógtha ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag institiúidí airgeadais Eorpacha, de réir chur chuige Fhoireann na hEorpa, rud a sháraigh an sprioc bhunaidh de EUR 300 billiún.
Ceiliúradh 25 bliana na comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach in 2025. Trí Global Gateway, faoi 2025 bhí EUR 120 billiún slógtha ag an Aontas le haghaidh tionscadal ar fud na hAfraice. Ag Cruinniú Mullaigh G20 san Afraic Theas, ag an imeacht gealltanais deireanach den fheachtas de chuid Global Gateway dar teideal Scaling up Renewables in Africa [Ag Cur go Mór le Foinsí In‑athnuaite Fuinnimh san Afraic], slógadh EUR 15,5 billiún le haghaidh fuinneamh glan agus rochtain ar leictreachas ar fud na mór-roinne ().
Le linn 2025, soláthraíodh torthaí inbhraite de bharr Chlár Oibre Infheistíochta Global Gateway idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, rud a d’athdhearbhaigh seasamh an Aontais mar an príomhinfheisteoir sa réigiún. Chuaigh níos mó ná 80 tionscadal chun cinn ó thaobh a gcur chun feidhme de, rud a léiríonn neart chur chuige Fhoireann na hEorpa agus a thionchar coincréiteach ar an láthair, lena n‑áirítear, mar shampla: comhtháthú réigiúnach an leictreachais, an líonra ríomhaireachta ardfheidhmíochta idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib agus aisghabháil sargassum i Muir Chairib.
In 2025, slógadh EUR 12 bhilliún don Áise Láir trí phacáiste infheistíochta Global Gateway de chuid Fhoireann na hEorpa agus, ag an gcéad Fhóram Gnó riamh idir an tAontas agus an tAigéan Ciúin, d’fhógair an Coimisiún beagnach EUR 300 milliún d’infheistíochtaí de chuid Global Gateway atá tiomnaithe do réigiún iomlán an Aigéin Chiúin. Thug an tAontas tionscnamh dar luach EUR 42 mhilliún isteach freisin chun acmhainneachtaí an Aigéin Chiúin agus na hÁise a neartú maidir le sonraí Copernicus a úsáid le haghaidh pleanáil spásúlachta agus maolú ar an athrú aeráide.
Rannchuidigh an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus le leathnú Global Gateway trí rioscaí na gcomhpháirtithe airgeadais forbraíochta a chomhroinnt agus a n‑acmhainní dílse á slógadh acu, agus ar an gcaoi sin infheisteoirí breise á mealladh, go háirithe ón earnáil phríobháideach. In 2025, soláthraíodh cumhdach dar méid thart ar EUR 4 bhilliún le buiséad an Aontais le haghaidh iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, agus tá coinne leis go ndéanfar EUR 14 bhilliún d’infheistíocht iomlán a ghiaráil dá mbarr. Leis an ráthaíocht leathnaithe, cumhdaíodh ráthaíochtaí maidir le hollstruchtúr oscailte le haghaidh EUR 2,5 billiún freisin, agus infheistíocht mheasta iomlán dar méid EUR 5 bhilliún ar a laghad i gceist léi. I measc na samplaí de ráthaíochtaí maidir le hollstruchtúr oscailte faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus tá
maoiniú inbhuanaithe
a bhfuiltear ag cur go mór leis san Afraic (), rud atá ag rannchuidiú le
soláthar fuinnimh
iontaofa agus inbhuanaithe san Afraic agus i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise () agus
rochtain ar mhaoiniú
d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair faoi stiúir na mban, san Afraic agus i gComharsanacht na hEorpa ().
Mar chuid den chomhar idir an tAontas agus Tíortha agus Críocha Thar Lear, thacaigh an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n‑áirítear an Ghraonlainn, le gníomhaíochtaí chomh fada le 2025 dar méid EUR 366,3 milliún iad. In 2025, glacadh na chéad trí ghníomhaíocht idir-réigiúnacha nua dar méid EUR 4,8 milliún san iomlán: aon chlár idir-réigiúnach amháin do Chríocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince, clár atá tiomnaithe don chultúr agus clár beart tacaíochta, agus cumhdaítear na tíortha agus na críocha uile thar lear leis an dá chlár. Lean an comhar críochach de roinnt earnálacha a chumhdach ó uisce go fuinneamh, turasóireacht nó caipiteal nádúrtha. Thacaigh an tAontas, mar shampla, le cásanna amhail beartas Saint‑Barthélemy maidir le riosca tubaiste a laghdú, le tacaíocht EUR 2,5 milliún, agus leis sin, bhí ceithre fheithicil tarrthála agus cúnta faighte ag an gcríoch faoi 2025, bhí cúrsaí oiliúna reáchtáilte maidir le cuardach agus tarrtháil agus córas foláirimh súnámaí suiteáilte ann.
Tacú leis an tsíocháin agus an tslándáil
Faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, in 2025 thacaigh an tAontas le 85 idirghabháil freagartha ar ghéarchéimeanna dar méid EUR 228,85 milliún, agus le hidirghabhálacha eile a bhaineann le riachtanais ó thaobh beartas eachtrach de dar méid EUR 112,45 milliún san iomlán. Bhí an fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine san áireamh leis sin, tacaíocht do phróiseas síochána an Mheánoirthir, aghaidh a thabhairt ar éagobhsaíocht sa Liobáin, sa tSúdáin agus sa tSiria agus an bhréagaisnéis sa tSaiheil agus sa Mholdóiv a chomhrac. Thairis sin, soláthraíodh EUR 121,5 milliún don athléimneacht agus do chothú na síochána. I gcás na hAfganastáine, in 2025 ghlac an Coimisiún clár dar méid EUR 83 mhilliún chun tacú le bunriachtanais agus slite beatha faoin bprionsabal ‘ó mhná do mhná’ agus leithdháil sé EUR 38,5 milliún breise chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an easáitithe. Chun tacú le síocháin agus le slándáil san Áise Theas, sheol an tAontas clár dar méid EUR 5 mhilliún dar teideal Supporting Asian countries’ resilience to violent extremism in the digital space [Tacú le hathléimneacht thíortha na hÁise in aghaidh an antoisceachais fhoréignigh sa spás digiteach] agus ghlac sé clár réigiúnach chun tacú leis an athléimneacht agus leis an gcomhar trasteorann, go háirithe chun freagairt do dhúshláin a bhaineann le coireacht arna cumasú leis an teicneolaíocht agus le sceimhlitheoireacht.
Faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, in 2025 mhaoinigh an tAontas, le EUR 416,7 milliún san iomlán, 13 mhisean shibhialtacha de chuid an chomhbheartais slándála agus cosanta; 13 Ionadaí Speisialta AE; agus 30 gníomhaíocht maidir le neamhleathadh agus dí‑armáil atá ar siúl faoi láthair, agus seoladh 12 ghníomhaíocht in 2025.
I gcomhthéacs an Chomhaontais Dhomhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac, sheol an Coimisiún gníomhaíocht maidir leis na gnéithe airgeadais agus digiteacha a bhaineann le smuigleáil imirceach mar chuid de phacáiste cistiúcháin ón Aontas dar méid EUR 78 milliún. Baineann an Coimisiún úsáid as cistí ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht freisin i dtreo gníomhaíochtaí faoin gComhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac, lena n‑áirítear EUR 10 milliún in 2025, agus le ranníocaíocht de thart ar EUR 12 mhilliún tríd an gCiste Slándála Inmheánaí leis an gComhpháirtíocht Oibríochtúil Choiteann le tíortha nach de chuid an Aontais iad chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.
Cabhair dhaonnúil á soláthar ag an Aontas
Mar gheall ar an bhfaobhar atá ag teacht ar an gcomhthéacs geopholaitiúil faoi láthair agus de dheasca thionchair an athraithe aeráide, tá teannais ag dul in olcas, tá coinbhleachtaí atá ann cheana ag géarú agus tá síneadh á chur le géarchéimeanna atá ann ar feadh i bhfad. Sa chomhthéacs sin, leanann an tAontas de bheith ina ghníomhaí daonnúil iontaofa prionsabálta.
In 2025, lean an tAontas dá thacaíocht don Phalaistín (). Tá meath as cuimse tagtha ar an staid sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil tar éis na n‑ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar Iosrael i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus na n‑oibríochtaí míleata a rinne Iosrael dá ndeasca sin in Gaza agus sa Bhruach Thiar, rud a d’fhág go bhfuil staid dhaonnúil thubaisteach, scrios agus fulaingt ar mórscála ann, agus daonra iomlán Gaza (2,1 milliún) faoi réir rioscaí slándála agus cosanta níos déine ná a chonacthas riamh roimhe seo ann. Faoin gclár um chabhair dhaonnúil, gealladh EUR 220 milliún chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil ina bhfuil géar-neamhshlándáil bia roimh dhaonra iomlán Gaza. I mí Aibreáin 2025, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh clár ilbhliantúil agus cuimsitheach dar luach EUR 1,6 billiún do théarnamh agus athléimneacht na Palaistíne (2025-2027). Gealladh cuid de na cistí (i.e. EUR 0,5 billiún) in 2025.
Thairis sin, sholáthair an tAontas EUR 2,56 billiún in 2025 de chabhair dhaonnúil do na daoine ba leochailí. Ar an iomlán, tá thart ar 33,8 % de sciar domhanda na ranníocaíochtaí cabhrach daonnúla atá geallta á sholáthar ag an Aontas agus a Bhallstáit. I measc na samplaí den tacaíocht sin tá:
•EUR 273 mhilliún mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSúdáin, arb í an ghéarchéim easáitithe is mó ar domhan fós;
•EUR 129 milliún do Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice, mar fhreagairt ar an ngéarú suntasach ar an gcoinbhleacht in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó;;
•EUR 124 mhilliún i gcabhair dhaonnúil, go príomha slándáil bia agus cothú, do réigiún na Saiheile Láir, gan beann ar an méadú atá ag teacht ar na srianta ar rochtain na cabhrach daonnúla, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a spreagadh de dheasca easáitiú éigeantais an phobail chuig Murascaill na Guine agus chuig an Máratáin;
•EU 55 mhilliún chun aghaidh a thabhairt ar an gcoinbhleacht i Maenmar, mar aon le breis agus 1 000 tona méadrach cabhrach trí aerdhroichid dhaonnúla iomadúla;
•EUR 39 milliún i gcabhair dhaonnúil do dhídeanaithe Róihinseacha sa Bhanglaidéis;
•EUR 52 mhilliún chun cuidiú le daoine i Veiniséala rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte agus ar uisce glan, i measc nithe eile.
Cabhair dhaonnúil ón Aontas in 2025
NB: Tá EUR2 mhilliún don Áise Láir san áireamh leis an tacaíocht do Mholdóiv, don Tuirc, don Úcráin agus do Chugas Theas, arna leithdháileadh laistigh den Phlean Cur Chun Feidhme Daonnúil don Tuirc.
In 2025, leithdháileadh os cionn EUR 110 milliún le haghaidh ghníomhaíochtaí oibríochtúla ReliefEU. Le linn 2025, slógadh cistiú ó ReliefEU 118 n‑uaire san iomlán i 60 tír, agus EUR 53,5 milliún san iomlán á sholáthar i gcistiú daonnúil éigeandála céadlíne. Le hacmhainneachtaí ReliefEU, freagraíodh do 20 géarchéim a ndearna difear do 18 dtír.
Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí
Teastaíonn buiséad uainn lena n‑áiritheofar acmhainn saorghníomhaíochta na hEorpa i ndomhan atá ag athrú go tapa. Buiséad atá níos tapúla agus níos uaillmhianaí. Níos simplí agus níos solúbtha. Buiséad láidir d’uair an neamhspleáchais don Eoraip ().
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Ag obair ar bhuiséad uaillmhianach don todhchaí
In 2025, ghlac an Coimisiún a thogra le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034, a ceapadh chun buiséad níos simplí, níos solúbtha, a sheasfaidh an aimsir a sholáthar, agus chun freagairt don mhéadú atá ag teacht ar dhúshláin gheopholaitiúla, eacnamaíocha agus ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. I bhfianaise go bhfuil beagnach EUR 2 thrilliún ann (comhionann le 1,26 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais), agus thart ar EUR 25 bhilliún in aghaidh na bliana (0,11 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais) chun na hiasachtaí arna n‑úsáid le haghaidh mhaoiniú NextGenerationEU a aisíoc, sholáthródh sé buiséad níos simplí, níos solúbtha agus níos spriocdhírithe chun tacú le neamhspleáchas, slándáil, rathúnas, cuimsitheacht agus athléimneacht an Aontais sa deacáid amach romhainn.
Tá an togra ón gCoimisiún bunaithe ar thrí phríomhcholún:
•baint amach thosaíochtaí an Aontais a chothú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí nua ar fiú EUR 865 bhilliún é;
•Eoraip níos iomaíche a bhaint amach tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas agus Fís Eorpach, ar fiú EUR 409 mbilliún é;
•comhpháirtíochtaí fadtéarmacha, a rachaidh chun tairbhe do gach aon chomhpháirtí, a thógáil le tíortha nach de chuid an Aontais iad tríd an Eoraip Dhomhanda, ar fiú EUR 200 billiún é.
Comhlánaítear na príomhcholúin sin le cláir eile,, lena n‑áirítear cláir shuaitheanta an Aontais le haghaidh infheistíochtaí bonneagair (an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa) agus chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus i luachanna (Erasmus+ agus AgoraEU).
Ar an iomlán, dhéanfaí an méid seo a leanas leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile atá beartaithe:
•níos mó solúbthachta a sholáthar ar fud bhuiséad an Aontais, rud a chuirfidh ar a chumas don Aontas gníomhú agus freagairt go tapa nuair a bheidh imthosca gan choinne nó tosaíochtaí beartais nua roimhe;
•bheadh sé níos simplí, agus na cláir airgeadais de chuid an Aontais níos cuíchóirithe agus níos comhchuibhithe, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do dhaoine agus do ghnólachtaí rochtain a fháil ar dheiseanna cistiúcháin;
•bheadh sé níos inoiriúnaithe do riachtanais áitiúla, agus deis sna pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha tionchair níos spriocdhírithe a bhaint amach agus níos mó solúbthachta a bheith iontu chun tacú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ar fud an Aontais;
•borradh a chur faoi iomaíochas trí thacaíocht níos fearr do nuálaíocht, forbairt theicneolaíoch agus slabhraí soláthair slána;
•acmhainní dílse nua a bhunú chun ioncaim iomchuí a áirithiú le haghaidh thosaíochtaí an Aontais agus an brú ar an airgeadas poiblí náisiúnta á íoslaghdú an tráth céanna.
Foráiltear maidir le maoiniú nuálach leis an togra freisin, trí chúig acmhainn dhílse nua, chun an brú ar bhuiséid náisiúnta a laghdú Cuirfidh siad sin ar acmhainn an Aontais a thosaíochtaí a chistiú agus an méid atá faighte ar iasacht ag an Aontas faoi NextGenerationEU a aisíoc agus teorainn a chur leis na ranníocaíochtaí náisiúnta le buiséad an Aontais an tráth céanna. Áirítear orthu sin ioncaim ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, fáltais ón Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, acmhainn dhílis nua atá bunaithe ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach neamhbhailithe, dleacht mháil tobac agus ranníocaíocht ó chuideachtaí a oibríonn agus a dhíolann san Aontas agus a bhfuil glanláimhdeachas EUR 100 milliún ar a laghad acu.
Togra le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034
4. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais
Soláthraítear faisnéis sa roinn seo faoi mhaoiniú na dtionscnamh a bhaineann leis na cuspóirí aeráide, bithéagsúlachta, comhionannais inscne agus spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna), dá bhforáiltear i bpointe 16(d‑g) de chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 (). Soláthraítear faisnéis maidir le ranníocaíocht bhuiséad an Aontais leis an aistriú digiteach a chur chun cinn freisin.
Buiséadú glas
Úsáideann an Coimisiún an buiséadú glas chun trédhearcacht chistiú an Aontais a fheabhsú agus chun tacú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
Chun a thiomantas dá spriocanna aeráide agus comhshaoil a chur i dtábhacht, tá spriocanna caiteachais cainníochtúla leagtha síos ag an Aontas dá chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus do chistiú NextGenerationEU. Go háirithe, tá gealltanas tugtha ag an Aontas 30 % ar a laghad dá chreat airgeadais ilbhliantúil agus dá bhuiséad NextGenerationEU a thiomnú do chaiteachas is ábhartha don aeráid, agus 7,5 % de bhuiséad bliantúil 2024 agus 10 % de bhuiséid bhliantúla 2026 agus 2027 a thiomnú do chosaint agus d’fheabhsú na bithéagsúlachta.
An ranníocaíocht aeráide agus bhithéagsúlachta ionchasach (gealltanais bhuiséadacha) sa tréimhse 2021-2027 (milliún EUR)
NB: Ós féidir leis an ngníomhaíocht chéanna rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach féidir tosaíochtaí cothrománacha (e.g. figiúirí aeráide agus bithéagsúlachta) a shuimiú chun áireamh dúbailte a sheachaint.
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Léiríonn na sonraí atá ar fáil don tréimhse 2021-2027 go bhfuil buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU,
ar an mbóthar ceart chun a sprioc 30 % maidir le príomhshruthú an athraithe aeráide a bhaint amach i gcaitheamh na tréimhse, a bhuí leis an ranníocaíocht láidir ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó phlean REPowerEU. Leis na figiúirí a chuirtear i láthair
sa tuarascáil seo, úsáidtear gealltanais a rinneadh roimhe seo le haghaidh 2021-2025 agus leithreasuithe faoi chomhair gealltanais lena bhfuil coinne
le haghaidh 2026-2027 ().
Leis an gCiste don Nuálaíocht, a mhaoinítear le hioncaim ón gCóras Trádála Astaíochtaí agus a láimhseáiltear trí bhuiséad an Aontais, soláthraítear ugach tábhachtach ar mhaithe leis na cuspóirí aeráide. Rannchuidíonn an Ciste don Nuachóiriú, ionstraim sheachbhuiséid arna maoiniú ag an gCóras Trádála Astaíochtaí, le hiarrachtaí aeráide na mBallstát freisin.
Maidir le príomhshruthú na bithéagsúlachta, cé gur baineadh amach uaillmhian 2024, meastar go dtitfidh spriocanna 2026 agus 2027 faoi bhun na n‑uaillmhianta tosaigh. Tá tuilleadh sonraí le fáil sa roinn thiomnaithe maidir leis an mbithéagsúlacht thíos.
Ríomhtar na ranníocaíochtaí aeráide agus bithéagsúlachta agus iad bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar a léirítear thíos.
·Maidir le bainistíocht dhíreach, ullmhaítear meastacháin agus iad bunaithe ar na sonraí is nuashonraithe atá le fáil. I gcás meastacháin amach anseo, úsáidtear cláir oibre, spriocanna earnála agus luachanna stairiúla.
·I gcás bainistíocht chomhroinnte, cuirtear figiúirí a bhí ann roimhe seo agus figiúirí a bheidh ann amach anseo i láthair ar bhonn na gclár agus phleananna straitéiseacha CBT arna gcomhaontú leis na Ballstáit agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na tuarascálacha bliantúla.
·I gcás bainistíocht indíreach, tá na figiúirí bunaithe ar na spriocanna agus na comhaontuithe atá ann cheana le comhpháirtithe cur chun feidhme, mar aon lena dtuarascálacha bliantúla.
·Déantar athbhreithniú bliantúil ar chaiteachas roimhe seo tar éis athbhreithniú cáilíochta arna dhéanamh ag ranna an Choimisiúin, ina n‑ionchorpraítear faisnéis bhreise atá ar fáil maidir leis an tionscadal roghnaithe.
Díriú ar thorthaí ()
|
49 ghigeavatuair de choigilteas measta éifeachtúlachta fuinnimh in aghaidh na bliana ó fhoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí.
|
1 380 ghigeavatuair breise
de thoilleadh giniúna in‑athnuaite suiteáilte.
|
|
Seachnaíodh 124 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana, ar lean beagnach a leath de sin as infheistíocht i mbannaí glasa NextGenerationEU. Ina theannta sin, tá coinne leis go ndéanfar laghdú dar méid 962 mhilliún tona ar an dé-ocsaíd charbóin de thoradh an Chiste don Nuálaíocht, nó tionscadail atá ar siúl nó atá curtha i gcrích, le linn a gcéad 10 mbliana d’oibríochta.
|
Tá sé ríthábhachtach go ndíreofar go grinn ar thorthaí chun buiséadú glas agus buiséad an Aontais i gcoitinne a chur chun feidhme go héifeachtach. Na torthaí a eascraíonn as na táscairí atá ar fáil, is féidir iad a úsáid chun caiteachas níos spriocdhírithe a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar stiúradh bhuiséad an Aontais. Is féidir an t‑aistriú glas a dhéanamh níos éifeachtúla leis freisin trí fheabhas a chur ar chuntasacht. Tá an ceann deireanach sin tábhachtach freisin i bhfianaise an ghá atá le rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta iomadúla.
Tá sé ríthábhachtach díriú ar laghduithe ar astaíochtaí trí éifeachtúlacht fuinnimh agus leathnú fuinnimh in‑athnuaite chun spriocanna aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach agus chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Léiríonn na torthaí thuas go bhfuil buiséad an Aontais ag cuidiú leis na Ballstáit a meascán fuinnimh a éagsúlú agus a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile. Is é a bhíonn mar thoradh air sin costais fuinnimh níos ísle agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin aeir laghdaithe, rud a chuidíonn leis an athrú aeráide a chomhrac.
Tionchar infheistíocht NextGenerationEU a thomhas
I mí na Nollag 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún an tríú tuarascáil tionchair bhliantúil maidir le bannaí glasa NextGenerationEU. Is éacht mór ó thaobh trédhearcachta de iad an dá thuarascáil, rud a fhágann gur féidir tionchar coincréiteach aeráide na hinfheistíochta a mhaoinítear leis na bannaí sin a thomhas.
Mar fhorbairt ar chreat láidir bannaí glasa an Aontais, tá an tuarascáil bunaithe ar anailísí mionsonraithe ar na clocha míle agus na spriocanna i dtaobh infheistíocht a mhaoinítear le bannaí glasa faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Feidhmíonn sé sin mar bhonn chun a dtionchar ar an aeráid a ríomh, lenar féidir an dul chun cinn ar an gconair i dtreo todhchaí inbhuanaithe a thomhas agus nasc díreach idir cistiú agus tionchar aeráide a áirithiú.
Léirítear leis an anailís go bhféadfadh infheistíochtaí bannaí glasa NextGenerationEU 53,4 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint in aghaidh na bliana – is é sin 1,5 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais in 2022. Tugtar meastachán sa tuarascáil gurb é laghdú 14,0 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin an laghdú bliantúil atá dhéanamh faoi láthair, arb é an figiúr sin 26,2 % den mhéid iomlán a réamh‑mheasadh, agus leanann an figiúr sin dá mhéadú de réir mar a chuirtear dlús le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (i gcomparáid le 2,7 % in 2024).
Gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh airgeadas inbhuanaithe
Don tríú bliain as a chéile, sna ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo) a ghabhann le roinnt príomhchlár buiséid AE, áirítear anailís ar an gcaoi a bhfuil na gníomhaíochtaí dá gcuid dá dtugtar tacaíocht bainteach le tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe. Tá an méid sin ina thúsphointe tábhachtach d’anailísí amach anseo ar an gcaoi a rannchuidíonn caiteachas an Aontais le todhchaí níos glaise ().
Cé gur tugadh mionsonraí na hanailíse ar an ngaolmhaireacht idir na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht agus an tacsanomaíocht sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta roimhe seo i gcomhthéacs an tuairiscithe ar bhannaí glasa NextGenerationEU,
cumhdaítear cláir bhreise leis an raon feidhme, lena bhféadfaí infheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le tacsanomaíocht an Aontais.
Leis an gcur chuige sin, tugtar léargas níos cuimsithí ar ghealltanas an Aontais i leith maoiniú inbhuanaithe ar fud a thionscnamh éagsúil.
Tacaíocht do chuspóirí aeráide agus comhshaoil i mbuiséad
fadtéarmach 2028-2034
Sa mheasúnú tionchair () atá mar bhonn taca ag an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán Feidhmíochta, cuireadh i dtábhacht na ceachtanna a foghlaimíodh ón gclárthréimhse atá ann faoi láthair. Sainaithníodh ann roinnt forbairtí agus dúshláin dhearfacha, amhail easpa modheolaíochta comhchuibhithe chun ranníocaíochtaí le cuspóirí glasa a rianú ar fud chláir bhuiséadacha an Aontais, cásanna ina bhfuil an rianú idir an aeráid agus an bhithéagsúlacht ag forluí ar a chéile agus easpa spriocanna clárshonracha don bhithéagsúlacht.
Dá thoradh sin, le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034, bheartaigh an Coimisiún sprioc chaiteachais 35 % de bhuiséad an Aontais, lena gcumhdaítear na cuspóirí aeráide agus comhshaoil uile, lena n‑áirítear an geilleagar ciorclach, uisce agus aer glan, sa bhreis ar an maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus an bhithéagsúlacht, agus rioscaí go mbeadh áireamh dúbailte ann á seachaint an tráth céanna. Thairis sin, áirítear leis an togra spriocanna caiteachais clárshonracha do pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, don Chiste Eorpach um Iomaíochas, do Fís Eorpach, don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus don Eoraip Dhomhanda. Rianófar an ranníocaíocht ó chláir bhuiséid uile an Aontais le beartais aeráide agus chomhshaoil de réir modheolaíocht chomhchuibhithe a leagtar amach sa Rialachán Feidhmíochta, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann ranníocaíochtaí atá ábhartha don Chomhaontú Glas don Eoraip a rianú.
Leis an Rialachán Feidhmíochta atá beartaithe , tugtar isteach thairis sin, den chéad uair, tacar comhchuibhithe táscairí maidir le haschuir agus torthaí, is infheidhme ar fud chláir bhuiséadacha uile an Aontais. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí sonraí feidhmíochta a chomhiomlánú ar leibhéal bhuiséad an Aontais agus go neartófaí an faireachán ar an ngníomhú ar son na haeráide agus ar chosaint an chomhshaoil. Cuimsítear táscairí leis an gcreat amhail ‘astaíochtaí bliantúla gás ceaptha teasa a seachnaíodh (tCO2e)’, ‘toilleadh fuinnimh nua nó breise a suiteáladh sa ghiniúint leictreachais (MW)’ agus ‘heicteáir limistéar atá faoi chosaint nó a athbhunaíodh’.
Bheartaigh an Coimisiún cur chuige cothrománach agus córasach freisin maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhtháthú ar fud chláir uile an Aontais. Le treoraíocht maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, saineofar coinníollacha comhshaoil agus aeráide, ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i gcláir atá ann cheana.
Príomhshruthú aeráide
Samplaí d’éachtaí
|
Le tionscadail LIFE, baineadh amach laghdú de 14 162 593 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana, coigilteas bliantúil i leith fuinneamh príomhúil dar méid 8 332 ghigeavatuair agus 3 153 ghigeavatuair bhreise d’fhuinneamh in‑athnuaite a táirgeadh in aghaidh na bliana. Thairbhigh níos mó ná 3,5 milliún saoránach de leochaileacht laghdaithe i leith an athraithe aeráide.
|
Faoin Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta), tá an t‑aistriú glas á thabhairt chun cinn go gníomhach ag an Aontas i gComhpháirtíocht an Oirthir trí chláir spriocdhírithe lena bhfuil torthaí coincréiteacha á soláthar. Soláthraíonn an clár Athléimneachta EU4Climate (EUR 17 milliún) tacaíocht theicniúil agus treoirthionscadail chun an t‑oiriúnú don athrú aeráide a neartú ar an leibhéal cathrach, rud a chuidíonn le tíortha comhpháirtíochta a ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus ailíniú le reachtaíocht an Aontais.
|
|
Sa mhisean ‘Cathracha’ de chuid Fís Eorpach, tá 103 chathair tiomanta go foirmiúil don aeráidneodracht, agus tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a bheidh cothrom le thart ar 6,2 % d’iomlán an Aontais in 2023.
|
Faoi CBT, rinneadh gníomhaíochtaí chun ceapadh agus stóráil carbóin in ithreacha agus i mbithmhais a fheabhsú ar 38 % d’achar talmhaíochta an Aontais.
|
|
Tá ról lárnach ag an mBeartas Comhtháthaithe maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a neartú, ní hamháin trí infheistíochtaí bonneagair, ach trí thacaíocht freisin chun straitéisí um oiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Faoi dheireadh 2025, thacaigh na cistí le 52 straitéis a chruthú ar fud réigiúin an Aontais, rud lena n‑áirithítear cur chuige struchtúrtha fadtéarmach maidir leis an athléimneacht.
|
|
Cé mhéad a chaithimid?
Ranníocaíocht aeráide sa tréimhse 2021-2027 (i milliúin EUR)
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, meastar go ranníocfaidh buiséad an Aontais – lena n‑áirítear NextGenerationEU – EUR 662 bhilliún le cuspóirí príomhshruthaithe aeráide, arb é atá ann 34 % d’imchlúdach an bhuiséid, rud a sháraíonn an sprioc tosaigh 30 %. Ina theannta sin, tríd an gclár InvestEU, tá coinne leis go gcuideoidh buiséad an Aontais le níos mó ná EUR 128 mbilliún d’infheistíocht a shlógadh chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.
Idirdhealú a dhéanamh idir caiteachas ar mhaolú ar an athrú aeráide agus caiteachas ar oiriúnú don athrú sin
Faoi chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, gheall an Coimisiún go dtuairisceodh sé caiteachas aeráide, agus idirdhealú á dhéanamh idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i gcás inarb indéanta. Chun go mbeifí in ann an tuairisciú sin a dhéanamh, coimisiúnaíodh staidéar seachtrach chun cuidiú le modheolaíocht a fhorbairt chun caiteachas aeráide thar an dá ghné sin a imdhealú.
Ceapadh an mhodheolaíocht sa chaoi nach gcruthófaí ualaí breise riaracháin trína bheith ag cur leis an gcóras réimsí idirghabhála atá ann cheana a úsáidtear faoi
Rialachán na bhForálacha Coiteanna
le haghaidh cistí comhtháthaithe agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I gcás cláir gníomhaíochta seachtraí, úsáideadh modheolaíochtaí a bhí ann cheana, agus i gcás CBT, forbraíodh an mhodheolaíocht mar chuid de staidéar sonrach a coimisiúnaíodh le haghaidh an bheartais sin.
Ranníocaíocht aeráide sa tréimhse 2021-2025 arna himdhealú de réir maolú ar an athrú aeráide
agus oiriúnú don athrú aeráide
NB: Ní thagraíonn na figiúirí do CBT ach don tréimhse 2023-2025.
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Príomhshruthú bithéagsúlachta
Samplaí d’éachtaí
|
Déantar 65 mhilliún heicteár talún a chumhdach le tionscadail roghnaithe chun cosaint a thabhairt ar fhalscaithe faoi chistí beartais comhtháthaithe. Rannchuidíonn seirbhísí faireacháin Copernicus le faireachán a dhéanamh ar athruithe ar éiceachórais agus ar chailliúint na bithéagsúlachta,
mar thaca le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais,
Rialachán an Aontais maidir le hAthchóiriú an Dúlra, an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus tuairisciú ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe.
|
Faoi LIFE, cuireadh stop le cailliúint na bithéagsúlachta
nó aisiompaíodh í ar fud 2,0 milliún heicteár de ghnáthóga, agus thairbhigh 557 speiceas d’iarrachtaí ar son an chaomhnaithe.
|
|
Roghnaíodh 2 691 bheart a rannchuidíonn le ‘dea-stádas comhshaoil’ idir 2022 agus 2024 faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe.
|
41 mhilliún Heicteár (25,3 % de thalamh feirme an Aontais)
atá cumhdaithe le gealltanais maidir le caomhnú na bithéagsúlachta
agus leis an athchóiriú in 2024
faoi CBT.
|
Cé mhéad a chaithimid?
Ranníocaíocht bithéagsúlachta sa tréimhse 2021-2027 (i milliúin EUR)
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, tá buiséad an Aontais – lena n‑áirítear NextGenerationEU – ag ranníoc EUR 113 bhilliún, nó 5,8 % den bhuiséad iomlán, le cuspóirí príomhshruthaithe bithéagsúlachta. Cé gur baineadh amach an uaillmhian go ndéanfaí 7,5 % de bhuiséad an Aontais a leithdháileadh ar an mbithéagsúlacht in 2024, meastar go dtitfidh na spriocanna 10 % do 2026 agus 2027 faoi bhun na n‑uaillmhianta tosaigh.
Le modheolaíocht CBT don tréimhse 2023-2027, tugtar torthaí níos gráinní agus níos cruinne i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin. Ó rinneadh dréachtbhuiséad 2024, déanann an Coimisiún meastachán ar an ranníocaíocht ó CBT leis an mbithéagsúlacht trí chomhéifeachtaí an Aontais (100 %, 40 % agus 0 %) agus tosca ualúcháin (100 %, 70 % agus 50 %) a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh léiriú a thabhairt ar ranníocaíocht dhifreáilte gach cineáil idirghabhála i dtreo na gcuspóirí bithéagsúlachta. Thairis sin, i bhfianaise dhearadh CBT agus an bheartais comhtháthaithe – agus chlárú airgeadais an dá chláir – ní féidir acmhainní a shannadh do bhlianta sonracha, ós rud é go bhfuil na tionscadail de chineál ilbhliantúil nach féidir a chur i leith bliain aonair.
Príomhshruthú comhionannais inscne
Mar fhreagairt ar bhearnaí inscne leanúnacha agus ar neamhionannais thrasnacha, tá dlús curtha ag an Aontas leis na hiarrachtaí chun
a bhuiséad agus a cheapadh beartais a dhéanamh níos cuimsithí. Dúshláin amhail an ghéarchéim costais maireachtála, éagothromaíochtaí maidir leis an ualach cúraim agus rochtain mhíchothrom ar phoist dhigiteacha agus ghlasa, cuireann siad i dtábhacht gur gá infheistíocht leanúnach a dhéanamh
sa chomhionannas inscne.
Dá thoradh sin, tá príomhshruthú inscne leabaithe anois ar fud mhórbheartais agus chláir chistiúcháin an Aontais, lena n‑áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Aistriú Cóir, Fís Eorpach, CBT agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda. Leis na huirlisí sin, cuirtear chun cinn rochtain chomhionann ar acmhainní, rannpháirtíocht eacnamaíoch agus cosaint shóisialta, mar aon le cosc an fhoréigin a bhaineann le coinbhleacht agus rannpháirtíocht i bpróisis síochána – go háirithe do mhná agus do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht.
Ag féachaint chun cinn, foilsíodh straitéis nua um chomhionannas inscne do 2026–2030 i mí an Mhárta 2026, mar obair leantach ar threoirlínte polaitiúla 2024 do Choimisiún 2024-2029. Ní hamháin go gcuireann an straitéis le héachtaí roimhe seo ach leagtar tagarmharc nua síos inti freisin maidir le comhionannas inscne a thabhairt chun cinn, agus í ina céim chinntitheach ar aghaidh ó thaobh na huaillmhéine agus na cuntasachta araon de. Freagraítear sa straitéis do dhúshláin atá ag teacht chun cinn le cur chuige níos láidre agus níos réamhbhreathnaithí, agus feabhsaítear go mór leis an straitéis an chaoi a ndéantar ranníocaíochtaí airgeadais le comhionannas inscne a rianú agus a thomhas an tráth céanna.
Samplaí d’éachtaí
|
Rannchuidigh an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna go láidir leis na trí cholún
de straitéis an Aontais um chomhionannas inscne, agus comhionannas inscne le fáil in 25 % de bhuiséad an chláir
mar phríomhchuspóir. In 2025, ba é glao Daphne ba mhó a spreag é sin, arb é atá d’aidhm aige
foréigean inscnebhunaithe agus foréigean in aghaidh leanaí a chosc agus a chomhrac, réimse ar rannchuidigh EUR 15,4 milliún as EUR 23 mhilliún le scór 2. Ar an iomlán, leithdháileadh thart ar 54 % de bhuiséad an chláir ar scór inscne 1, rud a léiríonn príomhshruthú láidir na hinscne ar fud ghníomhaíochtaí an chláir.
|
|
Faoin gclár Fís Eorpach, is tosaíocht trasnaí é an comhionannas inscne. Faoin gclár, rannchuidíonn taighde
agus nuálaíocht leis an gcomhionannas inscne go príomha trí ghné na hinscne a chomhtháthú go héifeachtach in inneachar taighde agus nuálaíochta, i.e. difríochtaí gnéis agus inscne a mheas i gcuspóirí, modheolaíochtaí, bailiú sonraí, anailís agus torthaí taighde. Tacaíonn tionscadal Improve [Feabhsaigh] le híospartaigh foréigin teaghlaigh – go háirithe leo siúd ó ghrúpaí imeallaithe – trí uirlisí intleachta saorga a fhorbairt ar mhaithe le tuairisciú, brath agus cúnamh. Thairis sin, tugann tionscadal Síleáil Féir (Cnuasach 6) aghaidh ar neamhionannais inscne trí réitigh a chomhdhearadh le nuálaithe ar mná faoin tuath iad. Trí mhoil phobail, tugann sé banfheirmeoirí, oifigigh fiontraíochta, institiúidí airgeadais agus taighdeoirí le chéile chun bacainní a shainaithint, córais tacaíochta a chomhchruthú agus gnólachtaí, comhpháirtíochtaí agus moltaí beartais nua a ghiniúint.
|
|
Trí chistiú EUR 2,4 milliún, tacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus leis an tionscadal ‘FairPlusService’ [Seirbhís Chothrom Plus] san Ostair chun forbairt ghairmiúil agus oiliúint bhreise na mban ar bheagán oiliúna foirmiúla agus neamhcháilithe a fheabhsú, rud a chothaíonn comhionannas deiseanna agus an cumhachtú. Dírítear an tionscnamh ar mhná a bhfuil cáilíochtaí foirmiúla teoranta acu, agus raon beart á thairiscint chun tacú le fostaíocht, amhail dlúthaonaid ghearra oiliúna agus foghlama a sholáthar chun forbairt leanúnach scileanna a spreagadh, mar aon le seirbhísí saincheaptha comhairliúcháin agus cóitseála do chuideachtaí de chuid na hOstaire agus do na mná féin araon. Dírítear an tionscadal ar phríomhearnálacha amhail trádáil, turasóireacht, cúram sláinte agus sóisialta agus oideachas, ina soláthraítear seirbhísí comhairleacha chun bearnaí scileanna a laghdú agus dul chun cinn gairme a chur chun cinn. Comhlánaítear na seirbhísí sin le hiarrachtaí cuimsitheacha for-rochtana agus le tionscnaimh leathana le haghaidh chomhroinnt an eolais chun tionchar fadtéarmach a áirithiú. Ar an iomlán, féachtar leis an tionscadal le cobhsaíocht fostaíochta fhadtéarmach, comhionannas inscne agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a chur chun cinn do chuid de na mná is leochailí san Ostair.
|
|
Tá ról lárnach fós ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa maidir le comhionannas inscne a thabhairt chun cinn trí chur chuige déach lena gcuimsítear príomhshruthú inscne agus idirghabhálacha spriocdhírithe. Le haghaidh
thréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, tá EUR 19,9 billiún san iomlán curtha in áirithe do bhearta atá dírithe ar inscne agus ar an bpríomhshruthú inscne. Mar shampla, leis an tacaíocht sin, éascófar rannpháirtíocht na mban sa taighde agus sa nuálaíocht, déanfar dearcadh ó thaobh na hinscne de a leabú san fhorbairt uirbeach inbhuanaithe agus in aistrithe fuinnimh in‑athnuaite agus maolófar na hualaí díréireacha cúraim a bhíonn ar mhná trí fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí cúraim ar ardchaighdeán.
|
|
Thacaigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le raon leathan beart a rannchuidíonn le comhionannas inscne. Áirítear orthu sin infheistíochtaí agus athchóirithe a ceapadh go sonrach chun dul i ngleic le neamhionannais bunaithe ar inscne (scór 2, lena ranníoctar thart ar EUR 12,4 billiún leis an gcuspóir sin i gcaitheamh shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta) chomh maith le cineálacha eile infheistíochtaí agus athchóirithe a rannchuidíonn go díreach nó go hindíreach le comhionannas inscne (scór 1, a chomhfhreagraíonn do thart ar EUR 5.7 billiún). Mar shampla, beart a ceapadh go sonrach chun dul i ngleic le neamhionannais inscne is ea an t‑athchóiriú de chuid na Portaingéile chun neamhionannais idir mná agus fir a chomhrac, lena mbronntar séala ar chuideachtaí a bhfuil bearna chúng phá idir na hinscní acu. Áirítear le sampla de bhearta a rannchuidíonn go díreach nó go hindíreach le comhionannas inscne infheistíochtaí agus athchóirithe lena gcuirtear feabhas ar rochtain ar chúram fadtéarmach agus ar cháilíocht an chúraim sin, a mbíonn ualach díréireach ar mhná ina leith go traidisiúnta i dteaghlaigh sa Chipir, san Eastóin, sa Liotuáin, san Ostair, sa Pholainn, sa tSeicia, sa tSlóivéin sa tSlóvaic agus sa Spáinn.
|
|
Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III in 35 % de na gníomhaíochtaí uile a glacadh idir
2021 agus 2025, is cuspóir mór nó príomhchuspóir é an inscne, agus tá méadú ag teacht ar an líon gníomhaíochtaí tíre agus réigiúnacha inar príomhchuspóir é an comhionannas inscne. Áirítear ar na gníomhaíochtaí spriocdhírithe sin, i measc nithe eile, an troid in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe sa Mhacadóin Thuaidh trí ghníomhaíocht We care: United we stand to fight against sexual and gender-based violence [Ar ár n‑aire: Is aontaithe ár seasamh chun troid in aghaidh foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe], lena gcumhachtaítear d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta athrú dearfach san iompraíocht a spreagadh ar fud na sochaí chun mná a chosaint go héifeachtach. San Albáin, tacaíonn an tAontas le rannpháirtíocht agus ceannaireacht chomhionann tríd an tSaoráid um Chomhionannas Inscne san Albáin – Aontas ar son Comhionannas Inscne II, lena bhféachtar le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an rialachais inscne-fhreagrúil ag údaráis náisiúnta a chur chun cinn, comhionannas a neartú, idirdhealú a chomhrac, agus cumhachtú na mban agus cearta an duine a fheabhsú le haghaidh na mban, i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le comhionannas inscne.
|
|
Faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, idir 2021 agus 2025, sciar na ngníomhaíochtaí seachtracha a rannchuidíonn le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, shroich sé 83 % agus, as na gníomhaíochtaí sin, ba phríomhchuspóir é comhionannas inscne i 4,7 % acu (thart ar 90 clár ar leibhéal na tíre, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda). Mar shampla, is tionscnamh dar luach EUR 22 mhilliún é an Clár um Abhcóideacht, Forbairt Comhghuaillíochta agus Gníomhaíocht Fheimineach Chlaochlaitheach atá á mhaoiniú ag an Aontas agus á chur chun feidhme ag Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan. Neartaíonn an clár gluaiseachtaí chearta na mban chun dul i mbun abhcóideachta agus oibriú le húdaráis phoiblí maidir le hathchóirithe beartais agus dlíthiúla agus sásraí cuntasachta chun deireadh a chur le cineálacha uile an fhoréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní, go háirithe i gcomhthéacsanna ina bhfuil laghduithe ag teacht ar an spás sibhialta.
In 2025, tríd an gclár, mhúnlaigh eagraíochtaí agus gníomhaithe um chearta na mban níos mó ná 20 próiseas dhomhanda agus réigiúnacha um noirm agus beartais, amhail glacadh Chomhaontú Mercosur
maidir le hAitheantas Frithpháirteach do Bhearta Cosanta do Mhná i gCásanna Foréigin Inscnebhunaithe, daingniú Choinbhinsiún 190 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, agus creataí ilchríochacha
um cheartas agus um chuntasacht, go háirithe Coinbhinsiún an Aontais Afracaigh maidir le Deireadh a chur le Foréigean in aghaidh na mBan agus na gCailíní.
|
Cé mhéad a chaithimid?
I gcomhréir leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025, tacaíonn creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus NextGenerationEU le raon tionscnamh lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, cothromaíocht oibre is saoil, bonneagar cúraim, fiontraíocht na mban agus cothromaíocht inscne san oideachas agus i ngairmeacha. Tacaíonn cistiú tiomnaithe freisin leis an tsochaí shibhialta agus le hinstitiúidí poiblí a théann i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe.
D’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht chun caiteachas a bhaineann le hinscne a rianú ar leibhéal an chláir, i gcomhar leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus bunaithe ar thuarascáil 2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais ().
Ó bhí bliain airgeadais 2023 ann, feabhsaíodh an faireachán ar chaiteachas inscne trí
na sonraí atá imdhealaithe de réir inscne agus atá le fáil in aghaidh an chláir i ráitis feidhmíocht na gclár a chuimsiú (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo).
Leithdháileadh bhuiséad an Aontais ar scóir chomhionannais inscne
Leagtar amach thíos leithdháileadh bhuiséad an Aontais ar scóir chomhionannais inscne, bunaithe ar chomhiomlánú idirghabhálacha 2025 a cháilíonn do gach scór. I gcomhréir leis an modheolaíocht, féadfaidh clár cáiliú do scór inscne amháin nó níos mó bunaithe ar na cuspóirí atá á saothrú lena idirghabhálacha faoi seach.
·Scór 2: idirghabhálacha arb é is príomhchuspóir dóibh feabhas a chur ar chomhionannas inscne, chomhfhreagair siad do
1 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2025 agus áiríodh i 13 chlár iad.
·Scór 1: idirghabhálacha a bhfuil comhionannas inscne de chuspóir tábhachtach lántoiliúil acu (ach nach é is príomhchúis leis an idirghabháil), chomhfhreagair siad do 19 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2025 agus áiríodh in 22 chlár iad.
·Scór 0*: idirghabhálacha a d’fhéadfadh rannchuidiú le comhionannas inscne, chomhfhreagair siad do 5 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2025 agus áiríodh i dtrí gclár iad.
·Scór 0: idirghabhálacha nach n‑imríonn tionchar mór ar chomhionannas inscne, chomhfhreagair siad do 76 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2025 agus áiríodh i 53 chlár iad.
In 2025, leithdháileadh beagnach 20 % de bhuiséad an Aontais ar bhearta a thacaíonn le comhionannas inscne (scóir 2 agus 1), rud a léiríonn leanúnachas láidir ón mbliain roimhe sin agus lena ndeimhnítear go bhfuil comhionannas inscne fós ina thosaíocht láidir chomhsheasmhach laistigh de chreat airgeadais an Aontais. Léiríonn an leibhéal marthanach uaillmhéine sin nach iarracht aonuaire é comhionannas inscne a chur chun cinn, ach cuspóir a chuirtear san áireamh go córasach bliain i ndiaidh bliana i gcinntí buiséadacha. Is léiriú ar thiomantas inchreidte seasmhach é, agus go bhfuil an príomhshruthú inscne á chomhtháthú níos doimhne ar fud ionstraimí buiséadacha chomh maith leis sin. Ar bhonn níos leithne, taispeánann sé go bhfuil breithnithe inscne á leabú níos mó agus níos mó ag an Aontas i gcroílár a chaiteachais, á áirithiú go ndírítear acmhainní airgeadais ar bheartais agus ar chláir go comhsheasmhach lena dtugtar comhionannas inscne chun cinn ar fud na mBallstát.
I dtéarmaí coincréiteacha, is ionann an tosaíocht leanúnach sin agus tacaíocht airgeadais nach beag: in 2025, leithdháil an tAontas EUR 37,5 billiún san iomlán ar thionscadail lena gcuirtear comhionannas inscne chun cinn (scóir inscne 2 agus 1), rud a threisíonn scála agus inchreidteacht a ghealltanais sa réimse sin.
Ar an iomlán, is léiriú iad torthaí 2025 ar dhul chun cinn leanúnach ar fud chláir an Aontais, maidir le cur chun feidhme agus acmhainneacht neartaithe an tuairiscithe araon, rud a chumasaíonn tuiscint níos beaichte agus níos gráinní ar an gcaoi a rannchuidíonn buiséad an Aontais le comhionannas inscne. Leis an laghdú breise ar chaiteachas a aicmítear mar 0*, léirítear iarrachtaí leanúnacha chun modheolaíochtaí a bheachtú, feabhas a chur ar shoiléireacht agus caiteachas atá ábhartha ó thaobh inscne de a shainaithint ar bhealach níos fearr – rud a thacaíonn le gné inscne bhuiséad an Aontais a aithint ar bhealach níos cruinne.
An tráth céanna, tá 0* tar éis leibhéal 5 % a bhaint amach anois, ar gnáthleibhéal é sin lena bhfuil coinne, agus rud atá i gcodarsnacht shuntasach leis an méid tosaigh a tuairiscíodh in 2021, is é sin 95 %. Sa lá atá inniu ann, is léiriú é 0* go príomha ar an aga moille bunúsach a bhíonn i gceist le cineálacha áirithe tionscadal nach féidir a dtionchair ar chúrsaí inscne a léiriú ach le himeacht ama. Deimhnítear leis sin nach iad bearnaí modheolaíochta nó acmhainneachta is príomhchúis le 0* a thuilleadh, ach go gcomhfhreagraíonn sé do shaolré nádúrtha na n‑idirghabhálacha, rud a thugann le fios go bhfuil an córas ag feidhmiú anois mar a bheartaítear. Is é sin le rá, níl sé córasach a thuilleadh, comhfhreagraíonn sé do ráta nádúrtha. Mar shampla, i gcás gníomhaíochtaí áirithe ina bhfuil sé sainordaitheach an ghné inscne a chomhtháthú sa taighde agus sa nuálaíocht, amhail taighde faoin gclár Fís Eorpach, tá gá le measúnú ex post chun an chaoi ar cuireadh an méid sin chun feidhme a fhíorú. Go dtí go mbeidh fianaise den sórt sin ar fáil, sanntar 0* do na gníomhaíochtaí sin, rud a léiríonn gur dócha – ach nár léiríodh go fóill – go raibh tionchar dearfach ar chomhionannas inscne acu. Sa lá atá inniu ann, ní bhaineann 0* ach leis na cineálacha sin tionscadal.
Scóir inscne mar chéatadán de bhuiséad iomlán an Aontais in 2025
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Torthaí comhiomlána 2021-2025
Déantar athbhreithniú bliantúil ar chaiteachas roimhe seo tríd an athbhreithniú cáilíochta a dhéanann ranna an Choimisiúin, lena n‑ionchorpraítear faisnéis bhreise atá ar fáil maidir leis na tionscadail roghnaithe. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás bearta dar sannadh scór inscne 0* sna blianta roimhe seo. Sa chomhthéacs sin, thángthas ar an gconclúid san athmheasúnú, i gcaitheamh na tréimhse 2021-2025, gur rannchuidigh 13 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais le hinscne a chur chun cinn (scóir inscne 1 agus 2), arbh é a bhí ann méid mór de EUR 190 billiún i gcaitheamh na 5 bliana sin.
An tráth céanna, tá laghdú seasta tagtha ar an sciar de bhuiséad an Aontais faoi scór inscne 0* agus níl ann anois ach 3 % le haghaidh na tréimhse 4 bliana (). Léiríonn sé sin éifeachtacht iarrachtaí leanúnacha athmheasúnaithe an Choimisiúin, rud a chuir le tuiscint níos beaichte agus níos soiléire ar thacaíocht bhuiséadach an Aontais don chomhionannas inscne. Le haghaidh na tréimhse 2021-2025, sannadh scór 0 do 84 % de na leithdháiltí, i ngeall ar an athmheasúnú córasach ar chaiteachas 0* ó 2021 go 2025.
Bhí tionchar inbhraite ag na gealltanais airgeadais a rinneadh i gcaitheamh na tréimhse 5 bliana sin ar réimsí éagsúla, lena n‑áirítear fostaíocht, cosaint shóisialta agus cumhachtú eacnamaíoch, rud a threisigh ról an Aontais mar cheannaire domhanda i maoiniú comhionannais inscne.
Scóir inscne mar chéatadán de bhuiséad iomlán an Aontais (2021-2025)
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Sonraí imdhealaithe de réir inscne
I mbliana, den tríú huair, feabhsaíodh na ráitis ar fheidhmíocht an chláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo), lena soláthraítear faisnéis feidhmíochta mhionsonraithe ar leibhéal an chláir, ionas go gcuirfí san áireamh an fhaisnéis ábhartha imdhealaithe de réir inscne atá ar fáil le haghaidh gach cláir. Áirítear leis sin réimse leathan sonraí imdhealaithe de réir inscne arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar fheidhmíocht an chláir i ndáil le comhionannas inscne. I gcás cláir áirithe, go háirithe na cláir sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus faoi bhainistíocht indíreach, cuireann rialacháin na gclár agus na comhaontuithe cur chun feidhme srian ar infhaighteacht sonraí imdhealaithe de réir inscne. Ag féachaint chun cinn ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, ceanglaítear le hAirteagal 44 den Rialachán Airgeadais go ndéanfar sonraí a bhaineann le táscairí feidhmíochta na gclár airgeadais a imdhealú de réir inscne i gcás inarb indéanta, agus inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha. Ag tógáil air sin, bheartaigh an Coimisiún Rialachán Feidhmíochta i mí Iúil 2025. Foráiltear leis go ndéanfar sonraí den sórt sin a imdhealú de réir inscne le haghaidh tacar táscairí, i gcás inarb ábhartha agus inarb indéanta. Is céim thábhachtach é sin chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chomhionannas inscne i gcláir an Aontais. Comhlánaíonn sé na treoirlínte nuashonraithe maidir le rialáil níos fearr freisin, lena n‑áirithítear go gcuirfear comhionannas inscne san áireamh ón tús i measúnuithe tionchair ex ante a dhéanfar amach anseo ar chláir caiteachais ábhartha.
Samplaí de shonraí imdhealaithe de réir inscne a thuairiscítear sna ráitis ar fheidhmíocht cláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo)
·Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tuairiscíonn na Ballstáit sonraí atá imdhealaithe de réir inscne le haghaidh torthaí agus aschuir a baineadh amach le tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta laistigh de chomhtháscairí 8, 10, 11 agus 14. Mar shampla, d’fhostaigh saoráidí taighde a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 34 900 taighdeoir fireann ar coibhéis lánaimseartha iad agus 23 400 taighdeoir baineann ar coibhéis lánaimseartha iad in 2025 (comhtháscaire 8), Go dtí seo, bhí 12,9 milliún rannpháirtí san iomlán ar fud na n‑aoisghrúpaí uile páirteach san oideachas agus san oiliúint a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. As an iomlán, tuairiscíodh 7,7 milliún bean agus 5,2 milliún fear (comhtháscaire 10). Maidir leis an líon iomlán de 7 milliún duine i ngníomhaíochtaí fostaíochta nó cuardaigh poist a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, foroinntear é sin agus is é 3,7 milliún bean agus 3,3 milliún fear atá ann ar fud na n‑aoisghrúpaí uile (comhtháscaire 11). Maidir leis an líon daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois a bhí ag fáil tacaíochta ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ba é sin 863 200 fear agus 893 400 bean (comhtháscaire 14).
·Faoin gclár Fís Eorpach, ó mhí Eanáir 2026, bhí 32 % de thionscadail an chláir Fís Eorpach á gcomhordú ag mná (6 281 bhean). Tá éagsúlachtaí móra ann ar fud an chláir: tá sciar na mban níos airde i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar an eolaíocht shóisialta (Cnuasach 2: 45 %) agus níos ísle i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar an tionscal (Cnuasach 4: 23 %). Is mná iad 53,1 % de chomhaltaí bhoird agus de ghrúpaí saineolaithe Fís Eorpach, agus is iad 55,6 % de ghrúpaí saineolaithe oifigiúla (70 bean) agus 49,3 % de ghrúpaí speisialta (40 bean). I measc thaighdeoirí Fís Eorpach, ba mhná iad 38,3 % (101 142), i gcomparáid le 61,6 % i gcás na bhfear (162 705), agus chuir 0,05 % iad féin in iúl mar dhaoine neamh‑dhénártha (128).
·Faoin gclár Erasmus+, in 2024, ghlac mná le 60 % de na deiseanna soghluaisteachta a cuireadh ar fáil. Tá éagsúlacht sa dáileadh inscne ag brath ar réimse an oideachais: is san oideachas aosach atá an céatadán is airde ban (69,3 %), agus ina dhiaidh sin an t‑oideachas scoile (65,3 %), an t‑ardoideachas (60,4 %), an óige (57,6 %), an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint (54,3 %) agus an spórt (41,7 %)
·Faoi CBT, ba é 5 604 178 an líon iomlán feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht dhíreach (sonraí sealadacha le haghaidh 2024), lena n‑áirítear: mná: 1 768 426 (31,6 %); fir: 3 553 350 (63,4 %); neamh‑dhénártha 250(0.0 %); gan leitheadúlacht: 209 340 (3,7 %) agus b’fhearr leo gan a rá: 72 812 (1,3 %).
·Faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, déantar na comhtháscairí uile maidir le rannpháirtithe a mhiondealú de réir inscne. Faoi dheireadh 2025, tacaíodh le 16,0 milliún rannpháirtí, ar mhná 8,4 milliún díobh, fir 7,5 milliún díobh agus daoine neamh‑dhénártha ab ea 0,1 milliún díobh.
·Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, thairbhigh 393 418 nduine go díreach d’idirghabhálacha a dtacaíonn an tAontas leo, arb é is aidhm dóibh neamhionannas sóisialta agus eacnamaíoch a laghdú. Léiríonn na sonraí imdhealaithe de réir inscne atá ar fáil gur mná iad 202 532 ar a laghad agus gur fir iad 191 068 díobh ().
·Faoin gclár um chabhair dhaonnúil, is mar a leanas céatadán na dtairbhithe arna n‑imdhealú de réir inscne in 2025: mná 50 % , fir 42 % agus anaithnid 8 % ().
Tacú le comhionannas inscne i mbuiséad fadtéarmach 2028-2034
Le linn chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, neartaíodh buiséadú inscne trí mhodheolaíocht thiomnaithe don rianú caiteachais a thabhairt isteach in 2021 agus trí phríomhshruthú i gcláir éagsúla áirithe de chláir bhuiséadacha an Aontais. De thoradh an dul chun cinn sin, bhí thart ar 13 % de bhuiséad an Aontais ag tacú le comhionannas inscne i gcaitheamh na tréimhse 2021-2025. An tráth céanna, tá deis shoiléir ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, ós rud é go bhfuil tromlach mór an chaiteachais (thart ar 84 %) fós aicmithe faoi bhun scór 0, rud a léiríonn nach bhfuil aon ranníocaíocht shainaitheanta ann. Cuid den scéal a léirítear leis sin, sin é go bhfuil forálacha ar fud na gclár atá ar neamhréir le chéile, lena n‑áirítear forálacha maidir le faireachán, sonraí teoranta le fáil maidir le comhionannas inscne, agus mar aon leis sin, nach gcomhtháthaítear breithnithe i leith comhionannas inscne ach ar bhealach teoranta i measúnuithe tionchair atá mar bhonn taca ag bunghníomhartha chláir 2021-2027. Chuir na teorainneacha sin srian ar éifeachtacht fhoriomlán an bhuiséadaithe inscne agus cuireann siad i dtábhacht go bhfuil gá le creat níos láidre agus níos comhchuibhithe le haghaidh bhuiséad an Aontais chun tacú le cuspóirí comhionannais inscne agus chun faireachán a dhéanamh orthu.
Mar fhreagairt ar na dúshláin sin, tá an Rialachán Feidhmíochta beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034. Faoin togra ón gCoimisiún, leanfar de chomhionannas inscne a chomhtháthú go hiomlán mar phrionsabal cothrománach ar fud chláir bhuiséadacha an Aontais, i gcomhréir leis na ceanglais ón
Rialachán Airgeadais
. Leis sin, beifear in ann tacaíocht a threisiú do chuspóirí amhail rochtain chomhionann ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma, fiontraíocht na mban, rannpháirtíocht sa taighde agus sa nuálaíocht agus an troid in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe.
Den chéad uair, tugtar rialacha cothrománacha, ceangailteacha isteach leis an Rialachán Feidhmíochta chun comhionannas inscne a oibríochtú ar fud na modhanna bainistíochta uile, lena n‑áirithítear go ndéanfar breithnithe i leith comhionannas inscne a chomhtháthú i gcaitheamh an timthrialla beartais – ó phleanáil go cur chun feidhme agus meastóireacht. Neartaítear faireachán agus cuntasacht leis sin freisin trí shonraí atá imdhealaithe de réir inscne a éileamh i dtáscairí feidhmíochta i gcás inarb ábhartha agus inarb indéanta. Ina theannta sin, tugtar modheolaíocht fheabhsaithe don rianú caiteachais isteach leis, ag tógáil ar cheachtanna ón tréimhse 2021-2027, lena n‑aicmítear caiteachas de réir a rannchuidithe le comhionannas inscne (scóir 2, 1 agus 0). Tacóidh treoraíocht thiomnaithe maidir le comhionannas inscne leis an modheolaíocht rianaithe a chur chun feidhme.
Ar an iomlán, leis an gcreat atá beartaithe do chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034, ardaítear an comhionannas inscne mar phrionsabal cothrománach ar fud chláir chistiúcháin uile an Aontais, rud a neartaíonn a mhéid a chomhtháthaítear é i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán chaiteachas an Aontais. Is é is aidhm dó a áirithiú go leanfaidh comhionannas inscne de bheith lárnach mar ábhar a spreagann cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.
Rianú digiteach
Is eilimint lárnach de chlár oibre iomaíochais an Choimisiúin é an t‑aistriú digiteach. Chomh maith le hiomaíochas an Aontais a fheabhsú, lena n‑áirítear ceannaireacht i nuálaíocht IS, tá ról ríthábhachtach aige maidir leis an rathúnas, an téarnamh eacnamaíoch agus an athléimneacht a spreagadh agus réitigh nuálacha a chumasú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda an tráth céanna.
In 2021, chuir an Coimisiún i láthair a fhís maidir le claochlú digiteach an Aontais faoi 2030, lena ngabhann compás digiteach le haghaidh na deacáide digití a bhfuil ceithre ghné dhigiteacha ann:
•scileanna,
•bonneagar digiteach slán agus inbhuanaithe,
•claochlú digiteach gnólachtaí, agus
•digitiú seirbhísí poiblí.
An 14 Nollaig 2022, ghlac na comhreachtóirí Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, lena nglactar an compás digiteach agus an fhís atá aige, leag siad síos spriocanna cainníochtúla an Aontais i dtaobh na gceithre phríomhphointe atá le baint amach faoi 2030 agus bhunaigh siad sásra comhair leis na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sin.
Samplaí d’éachtaí
|
Fuair 20 milliún teaghais rochtain ar líonraí idirlín fíor-ardacmhainneachta, lena n‑áirítear líonraí 5G agus luas gigighiotáin, trí bhearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, InvestEU agus cistiú comhtháthaithe
faoi dheireadh 2025.
|
13 fhíschluiche a fuair tacaíocht dá bhforbairt ó shraith na meán den chlár Eoraip na Cruthaitheachta, fuair siad 34 ainmniúchán sna comórtais tionscail is tábhachtaí () in 2025.
|
|
Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chruthaigh croí‑líonraí imscartha, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí, 10 362 theirighiotán in aghaidh an tsoicind d’acmhainneacht bhreise in 2025.
|
In 2025, cuireadh tú le 19 monarcha IS a chur in úsáid i 16 Bhallstát, rud a chuir rochtain ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta IS, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do thaighdeoirí ar ríomhairí ardfheidhmíochta IS-optamaithe, ar oiliúint agus ar shaineolas teicniúil IS chun taighde agus feidhmeanna ceannródaíocha IS a chur chun cinn. Tairbhíonn monarchana IS den líonra sár-ríomhaireachta poiblí ceannródaíoch arna bhunú ag an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach.
|
Cé mhéad a chaithimid?
Cleachtadh athbhreithniúcháin 2026 chun meastachán a dhéanamh ar chaiteachas an Aontais ar an aistriú digiteach, rinneadh é chun buiséad 2021-2027 an Aontais a chur chun feidhme i gcaitheamh na tréimhse 2021-2025. Léiríonn na torthaí go bhfuil ranníocaíochtaí móra á gcur i dtreo phríomhghnéithe uile an aistrithe dhigitigh ag buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU. Is é uaillmhian an Choimisiúin cur leis na torthaí chun modheolaíocht chuimsitheach láidir a fhorbairt chun rannchuidiú foriomlán bhuiséad an Aontais leis an aistriú digiteach ar fud na gclár uile a thomhas.
Ar bhonn thorthaí an chleachtaidh athbhreithniúcháin, tiomnaíodh beagnach EUR 229 mbilliún de bhuiséad an Aontais (lena n‑áirítear NextGenerationEU) don aistriú digiteach idir 2021 agus 2025, arb é atá ann beagnach 14,5 % de bhuiséad iomlán an Aontais le haghaidh na tréimhse sin (). Tháinig sciar mór den mhéid sin ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a thiomnaigh EUR 150,9 mbilliún don aistriú digiteach le linn na tréimhse céanna.
Ranníocaíochtaí measta le haistriú digiteach chláir bhuiséadacha an Aontais, in 2021-2025 (go carnach) (*)
(*) Lena n‑áirítear NextGenerationEU, i milliúin EUR.
NB: Tá an scála briste ar mhaithe le hinléiteacht, ós rud é go soláthraíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta os cionn 10 n‑oiread níos mó tacaíochta don aistriú digiteach ná an chéad chlár eile is mó a rannchuidíonn leis. Is éard a chiallaíonn na giorrúcháin: STA – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; HORIZONEU – Fís Eorpach; NDICI – An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda; DIGITALEU – an clár don Eoraip dhigiteach; ESF PLUS– Ciste Sóisialta na hEorpa Plus; JTM – Sásra um Aistriú Cóir; SPACE– clár spáis an Aontais; CEF – an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; IPA III – Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III; IBMF – Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha; ISF– an Ciste Slándála Inmheánaí; CREATIVEEU – Clár Eoraip na Cruthaitheachta; CAP – an comhbheartas talmhaíochta; EMFAF – An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe; SECURE CONNECTIVITY – Clár an Aontais um Nascacht Shlán;
TSI – Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil; ESC – an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; OCT – An Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n‑áirítear leis an nGraonlainn; RIGHTS – an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; TCC – pobal Turcach na Cipire; EDF – an Ciste Eorpach Cosanta;
WBF – Saoráid na mBalcán Thiar.
Foinse: An Coimisiún Eorpach
Rannchuidíonn beagnach gach clár buiséid de chuid an Aontais leis an aistriú digiteach. I ngeall ar theorainneacha sonraí, áfach, ní fhéadfaí caiteachas a bhaineann leis an digitiú don tréimhse 2021-2025 a rianú ach amháin le haghaidh 32 cheann de na 53 chlár caiteachais a cuireadh chun feidhme in 2025.
Maidir le comhchruinniú téamach, tá iarrachtaí nach beag á ndéanamh chun tacú le digitiú na seirbhísí poiblí (go háirithe réitigh TFC rialtais agus digitiú an chúraim sláinte) agus na ngnólachtaí, agus tacaíocht láidir á díriú i dtreo fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá tuilleadh eolais le fáil sna ranna seo a leanas.
Ranníocaíochtaí measta leis an aistriú digiteach de réir príomhghnéithe digiteacha (2021-2025) (*)
(*) Lena n‑áirítear NextGenerationEU, i mbilliúin EUR.
(**) Lena n‑áirítear cláir nach bhféadfaí a imdhealú de réir catagóirí sonracha mar gheall ar theorainneacha modheolaíochta (Erasmus+, clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, Eoraip na Cruthaitheachta, CBT agus an comhbheartas iascaigh, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, clár LIFE, an Ciste Eorpach Cosanta agus Clár an Aontais um Nascacht Shlán).
Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar chleachtadh athbhreithniúcháin 2026.
Digitiú gnólachtaí agus seirbhísí poiblí
Ranníocann buiséad an Aontais (lena n‑áirítear NextGenerationEU) go mór le digitiú na n‑earnálacha príobháideacha agus poiblí. Le haghaidh na tréimhse 2021-2025, tiomnaíodh thart ar EUR 63,2 billiún do thacaíocht bhuiséad an Aontais do sheirbhísí poiblí (lena n‑áirítear digitiú na gcóras sláinte agus ceartais) agus tiomnaíodh EUR 46,2 billiún chun tacú le digitiú na ngnólachtaí. Is ranníocóirí tábhachtacha leis an infheistíocht sin iad an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Ó 2021 go 2025, úsáideadh 11.8 % de na méideanna ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe chun idirghabhálacha lena gcuirtear an t‑aistriú digiteach chun cinn a mhaoiniú, go háirithe chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le seirbhísí poiblí.
Ranníocaíochtaí measta bhuiséad an Aontais le digitiú na seirbhísí poiblí
(2021-2025) (*)
(*) Lena n‑áirítear NextGenerationEU.
(**) Fuarthas na méideanna sin de thoradh an bhirt athbhreithniúcháin a rinneadh le haghaidh 2021 go 2025 agus ní chuimsítear leo na cláir gníomhaíochta seachtraí, caiteachas faoi bainistíocht indíreach, Erasmus+, clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, Eoraip na Cruthaitheachta, CBT agus an comhbheartas iascaigh, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, clár LIFE, an Ciste Eorpach Cosanta, agus Clár an Aontais um Nascacht Shlán mar gheall ar theorainneacha modheolaíochta.
Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar chleachtadh athbhreithniúcháin 2026.
Tacú le forbairt agus cur in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus taighde
Ó 2021 go 2025, léiríonn meastacháin gur ranníoc an tAontas EUR 29,6 billiún le hinfheistíocht in acmhainneachtaí digiteacha agus le cur in úsáid ardteicneolaíochtaí, agus EUR 17,5 billiún le taighde. Áirítear ar na huimhreacha sin ranníocaíocht leis an gcuspóir digiteach ó Fhís Eorpach, arb é is príomhchuspóir dó tacú le taighde. Níl na figiúirí sin críochnaitheach go fóill agus tabharfar cothrom le dáta iad de réir mar a bheidh tuilleadh faisnéise ó thionscadail chistithe ar fáil.
Is iad an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an clár Fís Eorpach, clár spáis an Aontais, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, agus an clár don Eoraip dhigiteach na príomhchláir rannchuidithe i dtreo infheistíocht in acmhainneachtaí digiteacha agus cur in úsáid ardteicneolaíochtaí agus taighde.
Infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha
Ó 2021 go 2025, chuir buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU, go mór le bunscileanna agus ardscileanna digiteacha araon, agus meastar go ndearnadh infheistíocht EUR 32,4 billiún san iomlán. Chomh maith le tacú le forbairt scileanna digiteacha ar gach leibhéal, mar aon le seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus feidhmchláir le haghaidh scileanna digiteacha agus cuimsiú digiteach, cuireadh béim ar leith ar a bheith ag tacú le daoine óga. Is iad na príomhchláir a rannchuidíonn le feabhas a chur ar scileanna digiteacha an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 22,0 billiún) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (EUR 8,1 billiún), lena soláthraítear tacaíocht um fhostaíocht don aos óg agus um lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga.
Nascacht dhigiteach a fheabhsú
Tá buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU, ag rannchuidiú le nascacht dhigiteach a fheabhsú, rud a thabharfaidh deiseanna nua do shaoránaigh agus do ghnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as an margadh aonair digiteach agus a chuirfidh dlús leis an bhfás eacnamaíoch. Idir 2021 agus 2025, meastar gur bhain infheistíocht sa nascacht dhigiteach, lena n‑áirítear infheistíocht i líonraí leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta agus cumhdach líonra 5G, EUR 19,0 billiún amach. Is iad na príomhchláir a rannchuidíonn leis sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 12,7 billiún), cistí beartais comhtháthaithe (EUR 1,0 billiún) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Ba ghá figiúirí a tuairiscíodh cheana féin maidir leis an ranníocaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a choigeartú mar gheall ar leasuithe ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a rinneadh in 2025.
Tá ról tábhachtach ag CBT maidir le feabhas a chur ar rochtain ar leathanbhanda i limistéir thuaithe, trí thacaíocht a thabhairt do bhonneagar leathanbhanda agus rochtain fheabhsaithe ar ríomhsheirbhísí rialtais. Tá beagnach 13 mhilliún duine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe ag tairbhiú de rochtain níos fearr ar sheirbhísí agus ar bhonneagar TFC de thoradh tacaíochta ó bhuiséad an Aontais.
Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cruthaíodh 10 300 teirighiotán in aghaidh an tsoicind de thoilleadh breise trí líonraí cnámh droma a chur in úsáid, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí. Dámhadh breis agus EUR 800 milliún ar
45 thionscadal chun tacú le digitiú an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair, go háirithe trí thacaíocht
le haghaidh theicneolaíocht an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid. Tá sé d’aidhm ag an gclár freisin eangacha fuinnimh a nuachóiriú agus bonneagar nascachta digití a chur in úsáid chun tacú le haistriú digiteach an Aontais. Go sonrach, tacóidh an clár le córais 5G agus líonraí digiteacha ardacmhainneachta a chur in úsáid chun earnálacha éagsúla a athrú ó bhonn, lena n‑áirítear cúram sláinte, oideachas agus monaraíocht. Feabhsóidh sé sin an ullmhacht dhigiteach, an t‑iomaíochas agus an chuimsitheacht, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, agus rannchuideoidh sé le téarnamh agus fás eacnamaíoch an Aontais. Trí InvestEU, tá rochtain faighte ag níos mó ná dhá mhilliún teaghlach, fiontar nó saoráid phoiblí ar idirlíon ardluais. Rinne an Ciste Eorpach Infheistíochta EUR 3,6 billiún a leithdháileadh chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide sa nuálaíocht agus sa digitiú trí ráthaíocht thiomnaithe a dtacaíonn an clár InvestEU léi. Tacaíonn an ráthaíocht sin le hiarrachtaí éagsúla ar son an digitithe, lena n‑áirítear samhlacha gnó nuálacha, bainistiú slabhra soláthair agus fáil scileanna digiteacha. Agus béim á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chomhpháirteacha, tacaíonn an ciste le hinfheistíochtaí lena gcothaítear forbairt réiteach le haghaidh an tionscail dhigitigh agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta freisin.
An dá aistriú: sineirgí a shaothrú
Tá an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach fite fuaite ina chéile, rud a d’fhéadfadh sineirgí móra a chruthú. Tá buiséad an Aontais ríthábhachtach sa phróiseas sin, agus é ag gníomhú mar phríomhchumasóir chun leas a bhaint as na sineirgí sin. Soláthraíonn sé an tacaíocht airgeadais is gá le haghaidh tionscnaimh atá ailínithe le cuspóirí an dá aistriú, agus ar an gcaoi sin áirithítear gur féidir na tairbhí féideartha a bhaint amach ina n‑iomláine. Tugtar samplaí léiritheacha sa tábla thíos de roinnt de na sineirgí atá á mbaint amach le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais.
|
·Le tionscadal IM4CA, arna chistiú faoin gclár Fís Eorpach, neartaítear an gníomhú ar son na haeráide trí fheabhas a chur ar chumas na hEorpa faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin agus iad a thuiscint. Trí bhreathnóireachtaí satailíte agus ar talamh a chomhcheangal, soláthraíonn an tionscadal sonraí agus modhanna chun foinsí, linnte agus treochtaí meatáin a chainníochtú ar bhealach níos fearr, rud a thacaíonn le maolú fianaisebhunaithe agus leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide an Aontais agus spriocanna aeráide domhanda.
·Trína bheith ag tacú le heangacha cliste, amhail iad siúd faoi shraith fuinnimh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, rannchuidítear leis an bhforbairt inbhuanaithe trí fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chomhtháthú agus eangacha cliste fuinnimh a fhorbairt. Sampla de sin is ea tionscadal Danube inGrid, a bhfuil coinne leis go dtabharfar an chéad chéim de chun críche faoi dheireadh 2027. Tá teicneolaíochtaí eangaí cliste glactha sa tionscadal agus cothaítear rolladh amach bhonneagar nua-aimseartha an fhuinnimh i limistéir thrasteorann na hUngáire agus na Slóvaice leis, chun tacú go héifeachtúil leis an éileamh méadaithe ó thomhaltóirí, ó tháirgeoirí is tomhaltóirí agus ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite dáilte.
·Ina theannta sin, de thoradh na n‑infheistíochtaí i gcórais chliste fuinnimh arna maoiniú trí chistí an bheartais comhtháthaithe i gcaitheamh chlárthréimhse iomlán 2021-2027,beidh thart ar 2 mhilliún úsáideoir deiridh breise nasctha leis na córais chliste fuinnimh.
·Le tacaíocht ó chistí an bheartais comhtháthaithe, tá cuideachta uisce phoiblí sa tSairdín tar éis a seirbhís uisce a dhigitiú agus a lárú, ag soláthar uisce óil do níos mó ná 1,6 milliún cónaitheoir. Tá feabhas curtha aige ar cháilíocht a sheirbhíse trí chóras láraithe rialaithe agus fála sonraí a fhorbairt lena gcumasaítear faireachán fíor-ama, cianbhainistiú agus uirlisí chun sreafaí acmhainní uisce a ionsamhlú agus a bharrfheabhsú. Leis sin, beifear in ann idirghabhálacha spriocdhírithe a phleanáil ar bhealach níos fearr chun infhaighteacht an uisce a áirithiú i gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar an strus maidir le huisce sa réigiún.
·Mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais an talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe a nuachóiriú faoi CBT, tacaíonn pleananna straitéiseacha faoin mbeartas leis an dá aistriú trí chuidiú le feirmeoirí teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh ar féidir leo tairbhí comhshaoil agus aeráide a sholáthar freisin. Cuirtear an tacaíocht sin ar fáil trí thionscadail infheistíochta de chuid ghrúpa oibríochtúil na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta go príomha, ach freisin trí éiciscéimeanna agus trí ghealltanais agra-chomhshaoil-aeráide. Mar shampla, i bhFlóndras, is féidir le feirmeoirí innealra faoi threoir satailíte a úsáid
chun forluí agus úsáid na n‑ionchur a laghdú. Sampla eile is ea an Pas Ithreach, a chuidíonn le feirmeoirí sonraí ithreach ar leibhéal dáileachta talún a úsáid chun feabhas a chur ar bhainistiú inbhuanaithe na hithreach. Tá infheistíochtaí sa talmhaíocht bheacht beartaithe ag Ballstáit eile freisin, lena n‑áirítear an Eastóin, an Pholainn agus an Rómáin.
·Tacaíonn córas satailíte Galileo an Aontais[/b] le teicneolaíochtaí atá ina bpríomhchumasóirí le haghaidh
iompar cliste agus inbhuanaithe, agus go háirithe le haghaidh tiomáint nasctha agus uathrialaitheach. Maidir le hiompar de bhóthar, is é an toradh a bhíonn ar sheirbhísí loingseoireachta agus suite ó Galileo a úsáid raon feidhmeanna nuálacha lena gcumasaítear soghluaisteacht chliste agus digitiú iompair ilmhódaigh le bealaí taistil barrfheabhsaithe, rud a fhágann gur féidir astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú. San aeriompar, trí Bhreis‑seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí a úsáid chun bealaí eitilte a shainiú go héifeachtúil, cuidítear le hídiú breosla agus astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú.
|
Buiséad an Aontais agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe
Cad a dhéanaimid?
Le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus na 17 spriocanna forbartha inbhuanaithe agus
169 sprioc atá ann, tugadh ugach nua d’iarrachtaí domhanda chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.
Bhí ról tábhachtach ag an Aontas maidir leis an gclár oibre a mhúnlú, trí chomhairliúcháin phoiblí, trí idirphlé le comhpháirtithe agus trí ghrinntaighde. Tá an tAontas tiomanta do ról gníomhach a bheith aige chun an dul chun cinn i dtreo SFInna a uasmhéadú, mar a leagtar amach, mar shampla, sa teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Next steps for a sustainable European future’ [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip], sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ‘Delivering on the UN’s Sustainable Development Goals – A comprehensive approach’ [Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach – Cur chuige cuimsitheach] agus sa chéad athbhreithniú deonach riamh de chuid an Aontais ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh an 15 Bealtaine 2023. Thairis sin, foilsíonn Eurostat tuarascáil faireacháin go bliantúil ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe i gcomhthéacs an Aontais.
I gcomhréir le teachtaireacht 2021 ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre um rialáil níos fearr agus cuspóirí an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, rinne an Coimisiún comhtháthú SFInna i dtimthriall beartais agus buiséadach an Aontais a neartú a thuilleadh. Ar an iomlán, áirithítear leis an gcur chuige sin go ndéanfar measúnú ar na mórthograí reachtacha agus airgeadais uile i ndáil lena rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, rud a threisíonn tiomantas an Aontais don inbhuanaitheacht, don fhadbhreathnaitheacht straitéiseach agus do cheapadh beartas fianaisebhunaithe. Chuige sin, ó bhí 2021 ann, tá SFInna ábhartha le haghaidh gach togra á sainaithint go córasach ag an gCoimisiún agus tá scrúdú á dhéanamh aige ar an gcaoi a dtacaíonn an tionscnamh lena mbaint amach. Ina theannta sin, cuimseofar naisc leis na SDGanna i meastóireachtaí agus i measúnuithe tionchair tríd síos. Ar leibhéal an Aontais, tugtar aghaidh ar dhúshláin na forbartha inbhuanaithe trí bheartais agus ionstraimí rialála. A mhéid a bhaineann le beartais, rannchuidíonn buiséad an Aontais go mór leis an bhforbairt inbhuanaithe trína chláir chaiteachais trí na buiséid náisiúnta a chomhlánú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Agus an méid sin á dhéanamh, tá sé d’aidhm ag dearadh agus cur chun feidhme chláir chaiteachais an Aontais na cuspóirí i ngach réimse beartais a bhaint amach, agus an inbhuanaitheacht á cur chun cinn an tráth céanna trí thionscnaimh agus idirghabhálacha na gclár ábhartha ar bhealach nasctha comhsheasmhach. Go sonrach, rannchuidigh 49 gceann den 53 chlár caiteachais atá ag an Aontas le haghaidh 2021-2027 le sprioc SFI amháin ar a laghad a bhaint amach in 2025.
Líon na gclár 2021-2027 a rannchuidíonn le forbairt inbhuanaithe aonair
spriocanna in 2025
Foinse: An Coimisiún Eorpach
I bhfianaise chineál leathan na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú i leith aghaidh a thabhairt ar an bhforbairt inbhuanaithe, rannchuidíonn 99 % de bhuiséad an Aontais le SFInna. Ina theannta sin, tá formhór mór chláir 2021-2027 (43 as 53) ceaptha aghaidh a thabhairt ar SFInna iomadúla trína mbearta beartais. Sna ráitis ar fheidhmíocht cláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo), cuireann an Coimisiún i láthair SFInna a rannchuidíonn gach clár cistiúcháin de chuid an Aontais leo, mar aon le samplaí dá rannchuidiú. Soláthraítear samplaí sa ghrafaic eolais thíos, ar bhealach neamh‑uileghabhálach, lena léirítear an chaoi a rannchuidíonn cláir an Aontais le SDGanna.
Le hathbhreithniú deonach 2023 an Aontais ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, in éineacht le Forbairt Inbhuanaithe 2026 san Aontas Eorpach – Tuarascáil faireacháin ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais eagrán 2026, athdhearbhaíodh buiséad an Aontais mar phríomhspreagadh chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (). Ag féachaint chun cinn, threisigh an tAontas a thiomantas maidir le cur chun feidhme SFInna a chomhtháthú agus a thuairisciú go córasach ar fud chláir ábhartha uile an Aontais, lena n‑áirithítear comhleanúnachas beartais agus neart marthanach fáis i dtreo na spriocanna uile a bhaint amach.
|
|
Sa Bhulgáir, tacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus le
tionscadal lena nuachóirítear córais cosanta sóisialta
, arb é a sprioc feabhas a chur ar rochtain do ghrúpaí leochaileacha, lena n‑áirítear leanaí agus daoine faoi mhíchumas. Trí acmhainneacht na foirne a fheabhsú, áiritheoidh an Ghníomhaireacht um Chúnamh Sóisialta cúram leormhaith trí thacaíocht inniúil il-chomhpháirte a thairiscint dóibh siúd atá ar an anás, i gcomhréir le teicneolaíochtaí nua agus trí fheabhas ar a gcáilíocht saoil a áirithiú. Áirithíonn an tionscnamh sin tacaíocht níos tapúla agus níos éifeachtúla, rud a chuidíonn leis an imeallú sóisialta a chosc agus feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil.
|
|
Tacaíonn clár an mhargaidh aonair le tionscnaimh amhail bearta éigeandála chun galair ainmhithe agus plandaí a rialú, Saotharlanna Tagartha an Aontais agus banc vacsaíní an Aontais le haghaidh galair ainmhithe, lena laghdaítear rioscaí don tslándáil bia go díreach trí tháirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe a áirithiú chomh maith le hathléimneacht in aghaidh ráigeanna galar amhail fiabhras Afracach na muc, fliú éanúil, galar crúb is béil, galar an chraicinn chnapánaigh, plá na n‑athchogantach beag agus bolgach caorach agus bolgach gabhar.
Tacaíonn an clár le gníomhaíochtaí Chónaidhm Eorpach na mBanc Bia chun deonú bia a éascú agus chun méadú a dhéanamh ar sciar an bharrachais bia a chuirtear ar fáil lena chaitheamh ag an duine, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar shlándáil bia agus cur amú bia a chosc. Cuidíonn an deontas bliantúil le hacmhainneacht na cónaidhme bia a athdháileadh.
|
|
|
Leis an gclár EU4Health agus lena chláir oibre bhliantúla, soláthraítear gníomhaíochtaí chun an tionscnamh Healthier together a chur chun feidhme chomh maith le plean sáraithe ailse na hEorpa, an cur chuige cuimsitheach maidir le meabhairshláinte, agus tugtar aghaidh ar phríomhthosca riosca chun básmhaireacht anabaí ó ghalair neamhtheagmhálacha a laghdú. Cistítear leis an gclár freisin gníomhaíochtaí lena cuirtear treoraíocht ar fáil chun feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte, rud lena rannchuidítear le SFI 3.8, agus cistítear leis freisin gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar SFI 3.3 chun deireadh a chur le heipidéimí VEID/SEIF, eitinne, galar trópaiceach a bhfuil siléig déanta iontu agus heipitíteas, galair uisce-iompartha agus galair theagmhálacha eile a chomhrac. Cistítear leis an gclár gníomhaíochtaí chun acmhainneacht na dtíortha a neartú maidir le luathrabhadh, laghdú riosca agus bainistiú rioscaí náisiúnta agus domhanda sláinte, agus aghaidh á tabhairt ar SFI 3.D.
|
|
Arna mhaoiniú ag Erasmus+, dearadh an tionscadal dar teideal share the music for inclusive learning in education [comhroinn an ceol ar mhaithe leis an bhfoghlaim chuimsitheach san oideachas] chun tacú le múinteoirí aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin trí chreat praiticiúil a sholáthar agus trí dhea-chleachtais a chur os comhair an phobail chun cuimsiú agus éagsúlacht san oideachas a bhainistiú. Is é an phríomhsprioc atá aige eolas nua, príomhinniúlachtaí agus ábhair oideachais atá réidh le húsáid a chur ar fáil do mhúinteoirí réamh‑bhunscoile agus bunscoile chun úsáid éifeachtach a bhaint as an gceol mar uirlis oideolaíoch le haghaidh oideachas cuimsitheach.
Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an tionscadal cuidiú le múinteoirí a scileanna sóisialta agus digiteacha a fhorbairt trína stór digiteach agus trína acmhainní oiliúna ar líne. Cé gur dearadh an tionscadal do mhúinteoirí, is iad na mic léinn na tairbhithe deiridh, lena bhfuil coinne go dtiocfaidh feabhas ar a bhfolláine agus ar a bhfeidhmíocht acadúil de thoradh na gcleachtas cuimsitheach comhtháite sin.
|
|
|
Faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil in 2025, cuireadh tús le déanaí le roinnt tionscadal nua a bhaineann le hinscne. Mar shampla, tionscadal na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil, i dtaca leis an measúnú ar éifeachtacht na mbeartas maidir le cothromaíocht oibre agus saoil agus na mbeartas comhionannais inscne i margadh an tsaothair, tá sé ag cuidiú leis an bPortaingéil aghaidh a thabhairt ar a dúshláin dhéimeagrafacha agus sochaí níos cuimsithí agus níos cothroime a chur chun cinn, rud a rannchuidíonn le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus iomaíochas na tíre.
|
|
Soláthraíonn an tAontas uisce óil sábháilte, sláintíocht agus tacaíocht sláinteachais trína oibríochtaí cabhrach daonnúla agus trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, arb é is príomhchuspóir dó beatha daoine a shábháil agus a chaomhnú agus fulaingt na bpobal a bhfuil rioscaí tromchúiseacha sláinte comhshaoil agus neamhshlándáil uisce rompu a mhaolú i gcomhthéacs géarchéimeanna daonnúla lena bhfuil coinne, atá ar siúl faoi láthair agus a bhí ann le déanaí, mar shampla san Úcráin. Bhí an sásra gníomhach freisin san fhreagairt do limistéir faoi thuilte trí earraí neamhbhia, rochtain sláinte agus uisce agus ábhar sláintíochta agus sláinteachais, amhail mar a rinneadh san fhreagairt ar Hairicín Melissa i Muir Chairib (Cúba, Iamáice) agus i limistéir atá buailte ag crith talún amhail Maenmar. Chuir na Ballstáit na tabhartais sin ar fáil, agus chomhchistigh an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha costais iompair agus imscartha.
|
|
|
Trí Fhís Eorpach, tacaíonn an tionscadal dar teideal dar teideal ascend [in airde leat], le ranníocaíocht EUR 19,99 milliún ón Aontas, le fuinneamh inacmhainne glan i gcathracha trí dhá Cheantar Fuinnimh Ghlain Dhearfaigh a sholáthar i Lyon agus in München agus trí ocht gcathair chomhpháirtíochta a spreagadh chun a macasamhlú a ullmhú. Leis an tionscadal sin, forbraítear agus scaiptear réitigh fuinnimh inscálaithe chostéifeachtacha ar leibhéal ceantair chun dlús a chur le haistrithe uirbeacha fuinnimh.
|
|
Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, tacaíonn an tionscadal réigiúnach ‘Tacú le córas nua-aimseartha íocaíochta agus le limistéar réigiúnach infheistíochta a fhorbairt sna Balcáin Thiar’, arna chur chun feidhme ag an mBanc Domhanda, le comhpháirtithe na mBalcán Thiar dul isteach sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA). In 2025, chuaigh an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia isteach i raon feidhme geografach SEPA, tar éis don Albáin agus do Mhontainéagró, a tháinig isteach cheana féin ag deireadh 2024. Thairis sin, ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 ar aghaidh, bhí tairbhí coincréiteacha SEPA le fáil den chéad uair ag an Albáin, ag an Macadóin Thuaidh agus ag Montainéagró toisc gur tháinig siad isteach ina scéimeanna íocaíochta. Dá thoradh sin, bhí idirbhearta níos tapúla agus rinneadh suas le deich n‑oiread de laghdú ar chostais na n‑idirbheart. Meastar go bhféadfadh coigilteas suas le EUR 500 milliún in aghaidh na bliana a bheith ann do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí ach SEPA a chur chun feidhme go hiomlán i réigiún na mBalcán Thiar.
|
|
|
Tá Eoraip Dhigiteach ag rannchuidiú le claochlú digiteach níos leithne a dhéanamh ar réimsí a bhaineann le leas an phobail agus ar réimsí tionscail. Is é is aidhm d’ardchumais sár-ríomhaireachta a fháil agus a chur in úsáid iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a fheabhsú. Thairis sin, leis an líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha atá seanbhunaithe, rannchuidítear le digitiú na tionsclaíochta agus tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le hinrochtaineacht theicneolaíoch, lena n‑áirithítear go mbeidh rochtain ag gnólachtaí, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha agus ar mhaoiniú chun oiriúnú don athrú digiteach. Tacaíonn an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach le bonneagar/réitigh idir-inoibritheachta in‑athúsáidte a fhorbairt, d’fhonn tacú le claochlú digiteach na hearnála poiblí agus acmhainneacht a chruthú d’údaráis phoiblí dul i gcomhar le chéile go héifeachtach chun seirbhísí trasteorann gan uaim a chur ar bun.
|
|
Faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, tá céim 7 den chlár forbartha cosanta réigiúnaí don Afraic Thuaidh ar siúl ó 2025 go 2028 lena ngabhann buiséad (uasmhéid deontais AE) EUR 37,5 milliún. Is é príomhchuspóir na gníomhaíochta atá beartaithe tacú le tíortha neamh‑AE san Afraic Thuaidh agus ar fud bhealach imirce an Atlantaigh agus na Meánmhara chun a gcórais imirce agus tearmainn a chomhdhlúthú agus chun cur lena n‑acmhainneacht réitigh leordhóthanacha mharthanacha a sholáthar maidir le glacadh agus cosaint imirceach leochaileach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe.
|
|
|
Faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, in 2025 sheol an tAontas an tríú céim dá thionscnamh suaitheanta, Méaraí don Fhás Eacnamaíoch (2025-2028, EUR 8 milliún), atá á chur chun feidhme ag Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, rud lena dtreisítear a thacaíocht don fhorbairt eacnamaíoch áitiúil ar fud Chomhpháirtíocht an Oirthir ó bhí 2017 ann. Leis an gcéim nua sin, cumhachtaítear cathracha agus bailte san Airméin, sa Mholdóiv agus san Úcráin dul i ngleic le dúshláin amhail dídhaonrú tuaithe, cruthú post, an t‑athrú aeráide, agus an t‑aistriú digiteach, agus béim níos láidre á leagan ar phleanáil forbartha eacnamaíche áitiúil agus ar rochtain ar mhaoiniú. In 2025 amháin, chuir an tionscnamh thart ar EUR 1 mhilliún ar fáil chun tacú le rialtais áitiúla a gclaochlú eacnamaíoch féin a stiúradh.
|
|
Faoi dheireadh 2025, bhí tacaíocht tugtha ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le hacmhainneacht fhótavoltach a shuiteáil in áitribh ghnó i Lucsamburg.
|
|
|
Tá an Ciste don Nuálaíocht ceaptha chun freagairt don sprioc sin agus gníomhú go práinneach chun an t‑athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac. Is é is aidhm don tionscadal dar teideal grip [greim] táirgeadh teasa thionsclaíoch suas le 200 °C a dhícharbónú trí chur go mór le tionsclú theicneolaíocht nuálach an teaschaidéil rothlúcháin. Is é is aidhm don tionscadal dar teideal endor breosla eitlíochta inbhuanaithe leictreach a tháirgeadh chun tacú le dícharbónú na hearnála eitlíochta.
|
|
Cuireann eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑aigéan, na bhfarraigí agus na n‑acmhainní muirí chun cinn trí fheabhas a chur ar bhearta bainistíochta a ghlactar de réir comhairle eolaíoch agus trí stoic shláintiúla tuinníní a chur chun cinn san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach, agus tríd an gcreat rialachais a bhunaítear le comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe arna ndéanamh le roinnt tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad.
|
|
|
Tá EUR 9,5 billiún beartaithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun tacú leis an sprioc sin. Mar shampla, léiríonn tionscadal na bpáirceanna bithéagsúlachta uirbeacha in Turku (an Fhionlainn) prionsabail Bauhaus Eorpacha Nua trí athbhunú agus athghiniúint éiceolaíoch uirbeach a chur chun cinn trí pháirceanna bithéagsúlachta agus spásanna glasa píolótacha a chruthú. Léiríonn sé uaillmhian Turku a bheith ar cheann de ‘phríomhchathracha dúlra agus aeráide’ an domhain. Is é is aidhm don tionscadal páirc bhithéagsúlachta a bhunú i mbeidh 20 heicteár, lena soláthrófar limistéar áineasa – a bheidh ina ardán an tráth céanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail agus foghlaim ó thaithí. Tá an coincheap á thástáil ar bhonn píolótach i limistéar Skanssi Turku, agus tá tuilleadh tástálacha píolótacha níos lú beartaithe i gcomharsanachtaí fo-bhailte eile.
|
|
Rannchuidíonn bearta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála le caomhnú na síochána, cosc coinbhleachtaí, neartú na slándála idirnáisiúnta agus comhdhlúthú an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine, agus leis an tacaíocht don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine, trí chomhairle a thabhairt maidir le hathchóirithe ar an earnáil slándála, maidir leis an smacht reachta agus maidir le bainistiú teorainneacha agus trí acmhainneacht a fhorbairt ina leith, trína bheith ag tacú le tionscnaimh idirghabhála agus réitigh coinbhleachta nó trína bheith ag tacú le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach conarthaí agus coinbhinsiún idirnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar leathadh arm ollscriosta nó gnáth‑armán.
|
|
|
Tacaíonn an clár um chabhair dhaonnúil le gníomhaithe agus comhpháirtithe áitiúla chun a n‑acmhainneachtaí a threisiú mar aon le slándáil na foirne agus a gcumais teacht ar phobail i limistéir a bhfuil sé deacair teacht orthu. Cumhachtaítear an obair sin a thuilleadh trínár dtiomantas don chuimsitheacht i sásraí comhordúcháin i gcás is féidir. I Maenmar, tugtar aon trian den bhuiséad d’eagraíochtaí áitiúla, agus bíonn mórán clár ag feidhmiú trí líonraí móra comhpháirtithe áitiúla lena n‑áirithítear cabhair dhaonnúil phrionsabálta, atá íogair don chomhthéacs agus thráthúil, fiú i dtimpeallachtaí atá an‑srianta agus neamhshlán. Neartaíonn na comhpháirtíochtaí sin úinéireacht áitiúil, cuireann siad feabhas ar rochtain agus ar ghlacadh ar leibhéal an phobail, agus rannchuidíonn siad le torthaí daonnúla níos inbhuanaithe.
|