AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.7.2026
COM(2026) 362 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
de bhun Airteagal 278(a) de Chód Custaim an Aontais, maidir le dul chun cinn i bhforbairt na gcóras leictreonach dá bhforáiltear faoin gCód
{SWD(2026) 180 final}
Clár
1.
Réamhrá
2.
Achoimre feidhmiúcháin
3.
Inneachar na Tuarascála
4.
Freagrachtaí maidir le cur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais
5.
Forbhreathnú domhanda ar dhul chun cinn le córais leictreonacha Chód Custaim an Aontais
5.1
Tionscadail a cuireadh i gcrích roimh 2025
5.2
DUL·CHUN·CINN·TIONSCADAL IN 2025
5.3
RIOSCAÍ AGUS BEARTA MAOLAITHE
1.Réamhrá
Is éard atá sa doiciméad seo an tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais le haghaidh 2025 agus is é an seachtú tuarascáil, arb í an tuarascáil dheireanach í, a bhunaigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 278(a) de Chód Custaim an Aontais maidir leis an dul chun cinn i bhforbairt na gcóras leictreonach
.
Tháinig Cód Custaim an Aontais i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2016 agus i ndiaidh é a leasú in 2019
, bunaítear leis na sprioc‑amanna 2020, 2022 agus 2025 chun na tionscadail a thabhairt i gcrích de réir a chéile i dtéarmaí aistriú agus chur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais. Le linn na hidirthréimhse, d’fhéadfaí leanúint leis na córais leictreonacha agus córais pháipéir atá ann cheana a úsáid chun foirmiúlachtaí custaim a thabhairt chun críche (na ‘bearta idirthréimhseacha’ mar a thugtar orthu) go dtí go mbeidh na córais leictreonacha nua nó uasghrádaithe atá beartaithe faoi Chód Custaim an Aontais ag feidhmiú.
Sa chomhthéacs sin, tá Clár Oibre Chód Custaim an Aontais
agus an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis na Socruithe Teicniúla le haghaidh na gcóras leictreonach le léamh i gcomhar le Cód Custaim an Aontais agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.
Tá Clár Oibre Chód Custaim an Aontais ar an ionstraim dlí chun an próiseas aistrithe tríthoiseach céimseach agus casta i dtreo timpeallacht chustaim atá go hiomlán digiteach a stiúradh, agus idirspleáchais idir na córais agus staid na forbartha iarbhír á gcur san áireamh. Is éard atá ann an ionstraim a úsáidtear chun na páirtithe leasmhara sna tionscadail (na Ballstáit, an Coimisiún, oibreoirí eacnamaíocha) a stiúradh i dtreo na tionscadail a chur chun feidhme ar bhealach coiteann agus indéanta faoin 31 Nollaig 2025 mar dháta deiridh críochnaitheach an aistrithe dhigitigh. Sainítear leis an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Socruithe Teicniúla na socruithe teicniúla le haghaidh gach ceann de na córais i dtéarmaí comhpháirteanna, freagrachtaí, rochtain ar shonraí agus aistriú teicniúil.
Leis an tuarascáil seo tarraingítear ar Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais, rud a ghlac an Coimisiún an 15 Nollaig 2023, mar an bhunlíne chun an dul chun cinn a thuairisciú. Sainítear gnéithe rialachais an chláir agus an tionscadail sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil maidir le Custam (MASP-C). Cumhdaítear leis an tuarascáil an dul chun cinn a rinneadh i gcaitheamh na mblianta chun custaim lándigiteacha a bhaint amach san Aontas Eorpach in 2025, arb í an bhliain dheireanach de chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais í.
Cé go mbunaítear le Cód Custaim an Aontais an bunús dlí le haghaidh creat custaim lándigiteach comhchuibhithe ar fud an Aontais Eorpaigh agus a theorainneacha seachtracha, is réamhriachtanas é a chur chun feidhme iomlán agus aonfhoirmeach ar fud na réimsí custaim uile agus ar fud na mBallstát uile le haghaidh Aontas Custaim dea-fheidhmiúil agus soláthraítear leis an bunús don chéad chéim eile den Athchóiriú Custaim. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go gcuirfidh na Ballstáit uile a sciar de chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais atá ann faoi láthair i gcrích chun a áirithiú go mbainfidh oibreoirí eacnamaíocha agus trádálaithe an tairbhe iomlán as sula n‑aistreoidh siad isteach in Athchóiriú Custaim an Aontais. An 17 Bealtaine 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athchóiriú cuimsitheach ar an Aontas Custaim, lena n‑áirítear Cód Custaim nua an Aontais, ar claochlú mór é ar chreat custaim an Aontais. An 26 Márta 2026, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i gcruinniú tríthaobhach maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh an athchóirithe is uaillmhianaí ar rialacha custaim an Aontais ó bhí 1968 ann. Meastar anois go ndéanfaidh saineolaithe dlí agus teanga athbhreithniú ar an dréacht-téacs agus go bhformheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mhí na Samhna 2026.
Tá an tAthchóiriú Custaim bunaithe ar thrí phríomhcholún:
1)bainistiú riosca agus rialuithe custaim níos cliste trí Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh agus Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a chruthú: leis sin, déanfar nósanna imeachta a dhigitiú agus a shimpliú, costais agus rómhaorlathas a laghdú, cur chuige níos aonfhoirmí a chur chun cinn ag an teorainn sheachtrach, agus cosaint níos fearr a thabhairt don Mhargadh Aonair trí bhainistiú riosca agus forfheidhmiú níos láidre agus sonraíbhunaithe;
2)comhpháirtíocht níos láidre le gnólachtaí: comhpháirtíocht nua le hoibreoirí trádála bunaithe ar phróisis thrédhearcacha, rud a fhágfaidh go mbeidh sreabha trádála comhlíontacha in ann oibriú gan idirghníomhaíocht chustaim fhoirmiúil agus rud a laghdóidh an t‑ualach riaracháin gaolmhar;
3)creat nua-aimseartha le haghaidh na ríomhthráchtála: córas custaim ríomhthráchtála saincheaptha, rud a fhágfaidh go mbeidh ardáin ar líne ina bpríomhghníomhaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hearraí a dhíoltar ar líne go díreach le tomhaltóirí san Aontas na hoibleagáidí custaim uile.
Tá ról ríthábhachtach ag custaim maidir le sábháilteacht an Mhargaidh Aonair agus a chuid saoránach a choinneáil ar bun. Leis an Athchóiriú Custaim, beidh custaim na hEorpa in ann oiriúnú do thírdhreach na trádála idirnáisiúnta atá ag athrú go tapa. Sa chomhthéacs sin, tugtar isteach leis an athchóiriú roinnt beart spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar an bhfás tapa ar ríomhthráchtáil. Idir an dá linn, mar réiteach sealadach, chomhaontaigh an Coimisiún agus na Ballstáit i mí na Samhna 2025 an díolúine ó dhleacht a bhí i bhfeidhm go dtí seo le haghaidh beartán ar lú ná EUR 150 a luach a bhaint agus
dleacht EUR 3 a thabhairt isteach
ar na beartáin sin, ag tosú an 1 Iúil 2026. Is é is aidhm do bhaint na tairsí cothrom iomaíochta a bhaint amach idir díolacháin ríomhthráchtála agus miondíol traidisiúnta, rud a athbhunóidh cothroime agus rogha á coinneáil ar bun do thomhaltóirí an tráth céanna. Thairis sin, leis an gcomhaontú i gcruinniú tríthaobhach an 26 Márta, tá táille láimhseála á tabhairt isteach ar earraí ar luach íseal a allmhairítear isteach san Aontas, chun na costais d’údaráis chustaim a chúiteamh, ar costais iad atá ag méadú de réir a chéile. Tabharfar isteach an táille tráth nach déanaí ná an 1 Samhain 2026. A luaithe a bheidh Mol Sonraí Custaim an Aontais lánoibríochtúil, beidh feidhm ag gnáthdhleachtanna custaim.
Ba cheart a thabhairt faoi deara, ag an gcéim seo agus an fócas polaitiúil ar fad ar an Athchóiriú Custaim agus ar an ríomhthráchtáil, go bhfuil riosca ann go dtabharfar neamhaird ar na moilleanna ar chur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais mar mhoilleanna teicniúla simplí, agus go bhféadfadh iarmhairtí sistéamacha na moilleanna sin a bheith tromchúiseach don Aontas. D’fhéadfadh plódú ag mórphointí imeachta nó iontrála a bheith mar thoradh ar mhífheidhmiú nó cur in úsáid páirteach córas onnmhairiúcháin/allmhairiúcháin, rud a chruthódh agóidí, teipeanna maoirseachta agus moilleanna sa slabhra soláthair. Thairis sin, d’fhéadfadh scaoileadh earraí ardriosca (earraí dé-úsáide, earraí atá faoi réir smachtbhannaí, allmhairí tearcluacháilte) roimh anailís riosca iomlán a bheith mar thoradh ar shonraí mí-ailínithe, lena n‑áirítear trí theorainn a chur le cumas an Choimisiúin saincheisteanna a bhrath, agus straitéis freagartha a cheapadh in am.
Is tosaíocht láidir é clár digiteach Chód Custaim an Aontais a chur i gcrích go tráthúil chun na tairbhí a tugadh isteach do thrádálaithe i gCód Custaim an Aontais a bhaint amach, mar shampla, trí chomhchuibhiú breise a dhéanamh ar phróisis, trí dhigitiú trí dhearadh, agus Samhail Sonraí Custaim an Aontais atá ailínithe agus comhtháite go hidirnáisiúnta mar bhonn taca leis, agus trí shimplithe forleathana do thrádálaithe iontaofa. Sa chiall sin, tá cur i gcrích chur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais ríthábhachtach chun tacú leis an Athchóiriú Custaim agus chun cur leis agus chun Mol Sonraí Custaim an Aontais a bheidh ann amach anseo a fhorbairt, chun a áirithiú go mbeadh na simplithe móra a gealladh leis an Athchóiriú Custaim bunaithe ar bhonn láidir comhchuibhithe agus digitithe.
2.Achoimre feidhmiúcháin
Tá a bhliain chríochnaitheach chinntitheach bainte amach ag cur chun feidhme Chód Custaim an Aontais. Ó glacadh Clár Oibre Chód Custaim an Aontais in 2014, bhí iarracht chomhchoiteann an Choimisiúin, na mBallstát agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo timpeallacht chustaim lándigiteach. Faoi thús 2025, bhí 70 % den chlár oibre digiteach curtha i gcrích. Le linn 2025, rinneadh dul chun cinn mór ar an bpróiseas cur chun feidhme agus baineadh roinnt garspriocanna móra amach ar fud na gcóras tras-Eorpach agus náisiúnta araon, rud a léirítear in aistriú seasta i dtreo tírdhreach cur chun feidhme atá ‘glas’ den chuid is mó ó Bhallstát go chéile. Léirítear leis an tuarascáil seo go bhfuil cur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais beagnach curtha i gcrích ó bhí deireadh 2025 ann, mar a léirítear go físiúil i bhFíor 1. Tá na tionscadail a bhfuil dath glas orthu curtha i gcrích; léiríonn na tionscadail a bhfuil dath oráiste orthu na réimsí ina bhfuil níos lú ná 90 % de na Ballstáit réidh, agus léiríonn na tionscadail a bhfuil dath buí orthu na réimsí ina bhfuil idir 90 % agus 99 % de na Ballstáit réidh.
Fíor 1 – Forbhreathnú ar Phleanáil
Go dtí an lá atá inniu ann, tá cur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais curtha i gcrích den chuid is mó, agus tá tromlach substaintiúil chórais Chód Custaim an Aontais curtha in úsáid anois agus na Ballstáit ag obair i dtimpeallacht dhigiteach lán-chomhtháite Chód Custaim an Aontais. Tá 96 % de na córais náisiúnta uile agus 100 % de na córais láraithe thras-Eorpacha uile curtha in úsáid faoi dheireadh 2025. Níl ach líon teoranta dúshlán fós ann, agus iad tírshonrach agus tionscadalshonrach. Ní bhaineann siad a thuilleadh le struchtúr foriomlán Chód Custaim an Aontais ach baineann siad le moilleanna iarmharacha nó le saincheisteanna idirthréimhseacha i líon beag Ballstát. Is é an tionscadal um Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin an tionscadal is criticiúla. Is iad seo a leanas na tionscadail eile a bhfuil obair leantach shonrach ag teastáil ina leith i roinnt Ballstát: cur in úsáid an chórais náisiúnta um Stóráil Shealadach, agus an Chórais Allmhairiúcháin Náisiúnta, chomh maith le cur in úsáid na comhpháirte náisiúnta le haghaidh Bainistíocht Ráthaíochta, an Chórais Onnmhairiúcháin Uathoibrithe (feidhmiúlachtaí nach príomhfheidhmiúlachtaí iad), an Chórais Nua Ríomhchuidithe Idirthurais — Céim 5 (feidhmiúlachtaí nach príomhfheidhmiúlachtaí iad) agus Céim 6 (faoi mhaolú go dtí an 31 Bealtaine 2026) agus Cruthúnas ar Stádas Aontais — Céim 2 (faoi mhaolú go dtí an 1 Márta 2027).
Baineann na gníomhaíochtaí atá fágtha go príomha le cur i gcrích uasghráduithe críochnaitheacha ag roinnt Ballstát, le tástáil nó réamhchur in úsáid bailíochtuithe córais, le haistriú oibreoirí eacnamaíocha chuig córais a cuireadh in úsáid le déanaí, agus le hidirnaisc idir córais. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún trí chinneadh maidir le maolú in 2025 chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas gnó a sholáthar, go príomha chun tacú le haistriú oibreoirí eacnamaíocha chun ceanglais slándála teorann an Aontais a chur isteach in éineacht le hidirthuras (CRA2 — Eisiúint 3 agus Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) — Céim 6) agus chun lastliosta earraí custaim a chur isteach mar chruthúnas ar stádas Aontais (PoUS — Céim 2). Tá siad teoranta i gcónaí ó thaobh raon feidhme agus síneadh amlíne de, agus cuireadh sásraí faireacháin mionsonraithe i bhfeidhm chun dlúthobair leantach a dhéanamh ar an dul chun cinn go dtí go gcuirfear i gcrích go hiomlán iad.
Ina theannta sin, chinn an Coimisiún in 2025 caingne dlí a shaothrú in aghaidh 14 Bhallstát san iomlán toisc nár chomhlíon siad a n‑oibleagáidí faoi Chód Custaim an Aontais agus faoina ghníomhartha cur chun feidhme. Baineann siad sin le dhá phríomhchineál neamhchomhlíontachta: baineann an chéad cheann le córais dhigiteacha chustaim a chur in úsáid (i.e. Stóráil Shealadach le haghaidh Aeriompair, Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta, an Córas Onnmhairiúcháin Uathoibrithe, lena n‑áirítear ullmhacht oibríochtúil agus aistriú chórais na n‑oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, rud a dhéanann difear do 10 mBallstát san iomlán, agus baineann an dara ceann le tarchur an tacair iomláin de 57 n‑eilimint sonraí custaim chaighdeánaithe san fhormáid a cheanglaítear tríd an gcóras Faireachais, rud atá fíor-riachtanach chun sonraí custaim an Aontais a bhailiú, faireachán a dhéanamh orthu agus bainistiú riosca a dhéanamh orthu, rud a dhéanann difear do 13 Bhallstát san iomlán.
Tá sé cruthaithe go bhfuil gníomhaíochtaí an Choimisiúin éifeachtach i bhfianaise meascán de phleanáil, comhordú, tacaíocht do Bhallstáit shonracha, faireachán agus forfheidhmiú.
Faoi dheireadh 2025, d’éirigh le formhór na mBallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar na moilleanna. Agus tacar teoranta cur in úsáid iarmharach ag síneadh go 2026 agus, i roinnt cásanna sonracha, go 2027, sainaithnítear na bearnaí atá fós ann go soiléir, tá siad faoi cheangal ama agus tá dlúthobair leantach á déanamh orthu. Cumhdaítear iad le cinntí maidir le maolú agus/nó tá siad faoi réir faireachán treisithe agus, i gcás inar gá, tá siad faoi réir bearta forfheidhmiúcháin feabhsaithe. An tráth céanna, áfach, mar gheall ar na deacrachtaí a bhíonn roimh na Ballstáit maidir le tionscadail chriticiúla a chur chun feidhme, go háirithe córais agus comhpháirteanna náisiúnta, cuireadh i dtábhacht a leochailí atá eachtra chomhpháirteach maidir le claochlú digiteach casta, agus an Coimisiún, na 27 mBallstát agus na mílte oibreoir eacnamaíoch rannpháirteach i raon feidhme agus dáta críochnaithe a comhaontaíodh go comhchoiteann. Chuige sin, tá gá le comhtháthú córas nua leis na córais atá ann cheana agus le hidir-inoibritheacht idir réimsí éagsúla amhail onnmhairiú agus idirthuras ina dhiaidh sin. Éiríonn an chastacht níos criticiúla fós nuair a bhíonn gá le hidir-inoibritheacht le cláir chlaochlaithe neamhchustaim dhigiteacha eile amhail an timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí.
Agus breathnú siar á dhéanamh ar thaithí fhoriomlán an chlaochlaithe dhigitigh agus chur chun feidhme Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais thar thréimhse 10 mbliana, sainaithníodh patrún soiléir. Chuir na Ballstáit i dtábhacht gurb iad seo a leanas na deacrachtaí ba mhó a bhí acu chun cur i gcrích rathúil a bhaint amach: (1) struchtúir rialachais lena gcumasaítear cinnteoireacht thráthúil, (2) rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a chothú, agus (3) raon feidhme soiléir a shainiú agus a choinneáil ar bun.
Ar an iomlán, ba é sprioc-am dheireadh 2025 dúnadh foirmiúil chur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais. Agus an croíchreat digiteach faoi Chód Custaim an Aontais oibríochtúil anois ar leibhéal an Aontais, tuairiscíodh éacht mór lena dtreiseofar rialú theorainneacha seachtracha an Aontais agus sreabh trádála tráth atá suaiteacht mhór gheopholaitiúil agus gheo‑eacnamaíoch ann. Tá an tAontas Custaim in ann anois dul ar aghaidh ó aistriú agus seachadadh go comhdhlúthú agus cobhsú, agus soláthraíonn Cód Custaim an Aontais bonn láidir inchreidte don Athchóiriú Custaim atá le teacht.
3.Inneachar na Tuarascála
Is féidir na tionscadail atá liostaithe i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais a roinnt i dtrí chatagóir de chórais bunaithe ar na sainmhínithe dá ndéantar foráil sa Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis na Socruithe Teicniúla:
I)Córais lárnacha thras‑Eorpacha atá le forbairt nó le huasghrádú ag an gCoimisiún (dá n‑éilítear go minic go ndéanfaidh na Ballstáit forbairtí nó uasghrádú ar na córais náisiúnta freisin);
II)Córais dhíláraithe thras‑Eorpacha nach mór don Choimisiún a fhorbairt nó a uasghrádú ach a bhfuil comhpháirt náisiúnta acu le cur chun feidhme ag na Ballstáit;
III)Córais náisiúnta nach mór do na Ballstáit iad féin iad a fhorbairt nó a uasghrádú.
Tosaítear an tuarascáil seo trí mhíniú a thabhairt ar an modh chun an tuarascáil a chruthú agus na foinsí a úsáidtear (roinn 2) agus ansin cumhdaítear gan mhoill na freagrachtaí le haghaidh chórais leictreonacha Chód Custaim an Aontais (roinn 4). Thairis sin, tugtar forbhreathnú foriomlán léi ar na tionscadail éagsúla agus ar an dul chun cinn atá déanta acu (roinn 5) agus cuirtear i dtábhacht léi freisin na rioscaí agus na bearta maolaithe (roinn 6).
Tá Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ag gabháil leis an tuarascáil seo, doiciméad a foilsíodh in éineacht leis an tuarascáil seo, ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir le pleanáil agus dul chun cinn na dtionscadal éagsúil mar a thuairiscigh na Ballstáit faoi dheireadh Mheitheamh 2025. Thacaigh conraitheoir seachtrach leis an obair sin. Cumhdaítear an t‑eolas is déanaí ó na Ballstáit go príomha leis an tuarascáil.
Déantar an tuarascáil agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a tharraingt suas ar bhonn faisnéis a bailíodh ó na foinsí seo a leanas:
(1) pleananna tionscadail náisiúnta a gceanglaítear ar na Ballstáit iad a sholáthar dhá uair sa bhliain (Eanáir agus Meitheamh), agus iarradh iad a thabhairt cothrom le dáta arís i dtreo dheireadh 2025.
San fhaisnéis a bailíodh le haghaidh gach tionscadail áirítear dátaí sonracha, an stádas agus an dul chun cinn le haghaidh gach ceann de na garspriocanna a leagtar síos i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais;
(2) suirbhé a scaipeadh ar na Ballstáit.
Leis an bhfaisnéis, gabhadh an measúnú ar riosca, moilleanna agus cúiseanna le haon mhoilleanna den sórt sin, chomh maith leis na bearta maolaitheacha a beartaíodh agus/nó a rinneadh i ndáil leis na tionscadail. Thairis sin, ag leanúint den chur chuige a glacadh in 2023, sholáthair na Ballstáit faisnéis freisin maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na tionscadail a fhorbairt agus maidir leis an tacaíocht bhreise fhéideartha is gá;
(3) cruinnithe ardleibhéil déthaobhacha leis na Ballstáit.
Le linn na gcruinnithe déthaobhacha, faightear tuiscint iomlán agus chruinn ó na Ballstáit ar stádas gach tionscadail de chuid Chód Custaim an Aontais, lena n‑áirítear na saincheisteanna a bhí rompu, agus gintear smaointe chun feabhas a chur ar staideanna achrannacha.
(4) aschuir ó na cláir thras‑Eorpacha um chomhordú agus um fhaireachán.
Sa tuarascáil seo áirítear anailís freisin bunaithe ar fhaisnéis níos mionsonraithe arna soláthar ag na Bainisteoirí Tionscadail san Ard‑Stiúrthóireacht um Chánachas agus um an Aontas Custaim (AS TAXUD) de chuid an Choimisiúin agus arna tuairisciú ag na Ballstáit faoi chuimsiú na gClár Comhordúcháin atá i bhfeidhm ó bhí 2020 ann le haghaidh na gcóras tras‑Eorpach.
4.Freagrachtaí maidir le cur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais
De réir an struchtúir arna chomhaontú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún le haghaidh gach ceann de na córais (de chineál láraithe, díláraithe nó náisiúnta), sainítear comhroinnt róil a mhéid a bhaineann leis na freagrachtaí as forbairt, imscaradh, oibriú agus coinneáil ar bun na gcóras a bhaineann le cur chun feidhme Chód Custaim an Aontais. Leagtar an méid sin síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis na Socruithe Teicniúla ina dtugtar tuairisc ar a bhfuil i gceist le comhpháirteanna na gcóras sin, agus ar a gcineál – náisiúnta (arna fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta) nó coiteann (arna fhorbairt ar leibhéal an Aontais). Ó thaobh struchtúir de, tá na córais láraithe agus dhíláraithe de chineál tras‑Eorpach agus tá comhpháirteanna coiteanna iontu mar réamhshocrú, in éineacht le comhpháirteanna náisiúnta, uaireanta, cé nach bhfuil sna córais náisiúnta ach comhpháirteanna náisiúnta.
I gcomhréir le hAirteagal 103 de Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis na Socruithe Teicniúla, déanfaidh an Coimisiún na comhpháirteanna coiteanna a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú, agus féadfaidh na Ballstáit iad a thástáil. Déanfaidh na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhpháirteanna náisiúnta idir‑inoibritheach leis na comhpháirteanna coiteanna. Déanfaidh an Coimisiún na sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gcóras díláraithe a dhearadh agus a chothabháil i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Déanfaidh na Ballstáit comhéadain a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil chun an fheidhmiúlacht a sholáthar le haghaidh na gcóras díláraithe is gá le haghaidh malartú faisnéise le hOibreoirí Eacnamaíocha agus le daoine eile trí chomhpháirteanna náisiúnta agus comhéadain náisiúnta, mar aon le Ballstáit eile trí chomhpháirteanna coiteanna.
5.Forbhreathnú domhanda ar dhul chun cinn le córais leictreonacha Chód Custaim an Aontais
Tá 17 dtionscadal i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais as a dtagann imscaradh na gcóras leictreonach a éilítear lena n‑áirítear 14 thionscadal thras‑Eorpacha as a bhfuil an Coimisiún agus na Ballstáit freagrach (as a dtagann córais láraithe agus dhíláraithe) agus 3 thionscadal náisiúnta a thagann faoi fhreagracht na mBallstát amháin (as a dtagann córais náisiúnta).
5.1Tionscadail a cuireadh i gcrích roimh 2025
Tá na tionscadail dhigiteacha uile atá faoina fhreagracht seachadta ag an gCoimisiún. Tá tuilleadh dul chun cinn déanta ag na Ballstáit maidir leis na córais agus na comhpháirteanna. Mar a shainítear sna tuarascálacha roimhe seo, cuireadh an 12 chóras nó uasghrádú nua seo a leanas in úsáid go rathúil mar thoradh air sin:
·Córas Onnmhaireoirí Cláraithe Chód Custaim an Aontais – (nua): Arna imscaradh in 2017;
·Cinntí Custaim Chód Custaim an Aontais – (nua): Arna imscaradh in 2017;
·Rochtain Dhíreach Trádálaí Chód Custaim an Aontais ar na Córais Eorpacha Faisnéise – UUM&DS (Córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí & an tSínithe Dhigitigh) (nua): Arna imscaradh in 2017;
·Córas Chód Custaim an Aontais chun Oibreoir Eacnamaíoch a Chlárú agus a Shainaithint 2 – EORI2 (uasghrádú): Arna imscaradh in 2018;
·Faireachas 3 Chód Custaim an Aontais – SURV3 (uasghrádú): Arna imscaradh in 2018;
·Faisnéis Taraife Cheangailteach Chód Custaim an Aontais – BTI (uasghrádú): Arna imscaradh in 2019;
·Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe Chód Custaim an Aontais – OEÚ(uasghrádú): Arna imscaradh in 2019;
·Bileoga Faisnéise Chód Custaim an Aontais le haghaidh Nósanna Imeachta Speisialta – FÁIS (nua): Arna imscaradh in 2020;
·Córas Rialaithe Allmhairí 2 Chód Custaim an Aontais — Eisiúint 1 agus 2 — CRA2 — Eisiúint 1 agus 2 (uasghrádú): Arna imscaradh in 2021 agus 2023, faoi seach.
·Bainistíocht Ráthaíochta Chód Custaim an Aontais — comhpháirt 1 — GUM C1 arna imscaradh in 2024
·Céim 1 de Chruthúnas Chód Custaim an Aontais ar Stádas Aontais — PoUS arna imscaradh in 2024
·Céim 5 de Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais Chód Custaim an Aontais — NCTS C5 arna imscaradh in 2024
5.2DUL·CHUN·CINN·TIONSCADAL IN 2025
Is é is aidhm don tuarascáil seo na héachtaí, an dul chun cinn agus na dúshláin a tháinig chun cinn agus na tionscadail leanúnacha á gcur chun feidhme in 2025 ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit a chur i dtábhacht.
5.2.1 Tionscadail thras-Eorpacha
Leantar struchtúr ar leith leis na tionscadail thras-Eorpacha, a bhféadfadh lárchóras nó meascán de chomhpháirteanna lárnacha agus náisiúnta a bheith i gceist leis. Mar a luaitear in Airteagal 278(3) de Chód Custaim an Aontais, ní mór na tionscadail a chur i gcrích tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025. Cuirtear tuairisc agus dul chun cinn maidir le gach tionscadal i láthair thíos. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach roinn 3 agus roinn 4 den Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil seo.
1)Bainistíocht Ráthaíochta Chód Custaim an Aontais – GUM (nua): tá sé d’aidhm aige bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil ar chineálacha éagsúla ráthaíochtaí ar fud an Aontais a áirithiú, ag díriú ar fheabhas a chur ar an luas próiseála, inrianaitheacht, agus faireachán a dhéanamh ar ráthaíochtaí idir oifigí custaim. Déantar bainistíocht ráthaíochta ar dhá leibhéal. Go bunúsach, úsáidtear comhpháirt lárnach na bainistíochta ráthaíochta (Comhpháirt 1) chun údaruithe le haghaidh ráthaíochtaí cuimsitheacha a bhainistiú (lena n‑áirítear an méid tagartha a chlárú, arna dheighilt de réir nós imeachta custaim agus de réir an Bhallstáit lena mbaineann), agus déantar clárúchán agus bainistíocht ráthaíochtaí cuimsitheacha agus faireachán ar na méideanna tagartha gaolmhara ar an leibhéal náisiúnta i gcomhpháirt bainistíochta ráthaíochtaí a chomhlíonann Cód Custaim an Aontais (Comhpháirt 2) arna forbairt go náisiúnta, lena n‑áirítear clárúchán agus bainistíocht cineálacha eile ráthaíochtaí freisin.
Dul chun cinn: Bainistíocht Ráthaíochta (GUM) – Comhpháirt 1 lena ndéantar ráthaíochtaí is féidir a úsáid ar fud na mBallstát a bhainistiú go lárnach, tháinig sí chun bheith oibríochtúil an 11 Márta 2024 laistigh den Chóras Cinnteoireachta Custaim. I bhfianaise an idirnaisc idir an dá chomhpháirt, leanann gníomhaíochtaí tástála comhréireachta de bheith ar fáil go gcuirfidh na Ballstáit a gcórais Bainistíochta Ráthaíochta (GUM) – Comhpháirt 2 chun feidhme.
Maidir leis an gcomhpháirt náisiúnta, Bainistíocht Ráthaíochta (GUM) – Comhpháirt 2, bhí coinne leis go mbunóidh na Ballstáit naisc oibríochtúla leis an gcomhpháirt lárnach idir an 11 Márta 2024 agus an 2 Meitheamh 2025. D’áirithigh 10 mBallstát cur in úsáid tráthúil a gcomhpháirte náisiúnta.
Faoi dheireadh 2025, chuir 21 Bhallstát Bainistíocht Ráthaíochta (GUM) — C2 in úsáid, rud a chiallaíonn ráta críochnaithe 78 %. Tá sé beartaithe ag na 6 Bhallstát eile (DK, FR, GR, HR, CY agus IT) a bheith réidh go luath in 2026.
2)Córas Rialaithe Allmhairí 2 de chuid Chód Custaim an Aontais – CRA2 (uasghrádú): is é is aidhm dó Sábháilteacht agus Slándáil an tslabhra soláthair a neartú trí fheabhas a chur ar cháilíocht sonraí, ar chomhdú, ar infhaighteacht agus ar chomhroinnt ardfhaisnéise lastais.
Dul chun cinn: Leis an gCóras Rialaithe Allmhairí – Eisiúint 3, leathnaítear an raon feidhme ó aeriompar chuig trácht muirí agus uiscebhealaí intíre, trácht ar bhóithre agus iarnróid. Cé go bhfuil Eisiúintí 1 agus 2 curtha chun feidhme go hiomlán mar chuid de thionscadal CRA2, leanadh den obair ar Eisiúint 3. Tá oibreoirí eacnamaíocha le CRA2 — Eisiúint 3 a úsáid i dtrí chéim: iompróirí muirí agus uiscebhealaí intíre faoin 4 Nollaig 2024 (céim 1), trácht muirí agus uiscebhealaí intíre faoin 1 Aibreán 2025 (céim 2) agus iompróirí bóthair agus iarnróid, lena n‑áirítear earraí i gcoinsíneachtaí poist a iompraítear leis na modhanna iompair sin, faoin 1 Meán Fómhair 2025 (céim 3).
Ós rud é go mbaineann sé le lárchóras, is oibreoirí eacnamaíocha amháin a dhéanann gníomhaíochtaí tástála comhréireachta le haghaidh na heisiúna sin. I lár 2025, bhí údair imní ann i roinnt Ballstát a mhéid a bhaineann le hullmhacht na n‑oibreoirí eacnamaíocha le haghaidh chéim 3 de CRA2 — Eisiúint 3.
Maidir leis an ngá atá le comhtháthú CRA2 leis na córais teorann cliste, an líon mór oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil deacrachtaí acu clárúchán a fháil ó Bhallstát chun nascadh leis na córais TF, castacht leathadh amach chóras CRA2 agus na hacmhainní a bhfuil gá leo le haghaidh na hidir-inoibritheachta le córais náisiúnta, agus comhéadain, do na Ballstáit agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon, chomh maith le cineál sonrach casta na sásraí iompair a ndéanann an leathadh amach sin difear dóibh, lena n‑áirítear foirmeacha ilmhódacha, léiríodh go ndéanann siad difear díréireach do roinnt Ballstát agus oibreoirí eacnamaíocha níos mó ná a chéile. Chun deimhneacht dhlíthiúil, leanúnachas gnó agus aistriú rianúil chuig ceanglais CRA2 — Eisiúint 3, céim 3, a áirithiú, dheonaigh an Coimisiún maolú a d’iarr Ballstáit áirithe agus an Ríocht Aontaithe i leith Tuaisceart Éireann de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh Eisiúint 3 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 (IE, GR, ES, FR, IT, LT, HU, FI agus an Ríocht Aontaithe i·leith XI) go dtí an 31 Nollaig 2025.
Faoi dheireadh 2025, úsáidtear CRA2 i ngach Ballstát faoin sprioc-am a leagadh síos, rud a chiallaíonn ráta críochnaithe 100 %, rud a léiríonn garsprioc mhór eile a baineadh amach in 2025.
3)Cruthúnas Chód Custaim an Aontais ar Stádas Aontais – (nua): is é is aidhm dó cruthúnas go léir a stóráil, a bhainistiú agus a aisghabháil chun a léiriú go soláthraíonn trádálaithe stádas Aontais dá n‑earraí. Mar gheall ar spleáchais le Lastliosta Earraí Custaim Chód Custaim an Aontais agus leis an timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí, cuirfear an tionscadal i gcrích in dhá chéim éagsúla chun rioscaí agus neamhréireachtaí a íoslaghdú.
Dul chun cinn: Cruthúnas ar Stádas Aontais– Céim 1 tosaíodh na hoibríochtaí an 1 Márta 2024 mar a beartaíodh.
Maidir le Cruthúnas ar Stádas Aontais, PoUS — Céim 2, chuir an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla i gcrích in 2023 agus tugadh na gníomhaíochtaí tástála comhréireachta i gcrích in 2025. D’áirithigh an Coimisiún go raibh an lárchóras oibríochtúil an 15 Lúnasa 2025, i gcomhréir leis an sprioc-am dá dtagraítear i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais. Chinn roinnt Ballstát a gcóras náisiúnta a úsáid agus é a nascadh leis an gcóras lárnach (mód hibrideach). D’áirithigh ranna custaim an Choimisiúin agus na mBallstát gur seachadadh an tionscadal go tráthúil faoin sprioc-am dlíthiúil. Bhí ranna muirí na mBallstát ceaptha an t‑idirnasc idir PoUS agus an timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí a chur chun feidhme chun é a éascú do thrádálaithe agus chun é a chur ar a gcumas dóibh na sonraí uile (lena n‑áirítear sonraí an lastliosta custaim) a chur isteach trí thairseach aonair mhuirí nua ar an leibhéal náisiúnta. Chuige sin, rinneadh an dá dháta cur in úsáid i reachtaíocht an Aontais a ailíniú.
Mar sin féin, mar thoradh ar chur chun feidhme déanach na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí, bhí bacainní tábhachtacha le sárú ag na hiompróirí muirí dá mba rud é go raibh siad chun PoUS a úsáid gan na hionaid ilfhreastail mhuirí náisiúnta faoin timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí a bheith i bhfeidhm. Dá bhrí sin, dheonaigh an Coimisiún maolú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh PoUS — Céim 2 do Bhallstáit áirithe (BE, BG, CY, DE, DK, EE, IE, FI, FR, HR, IT, LV, NL, PL, PT, SE agus SI) go dtí an 1 Márta 2027.
4)Imréiteach Láraithe Allmhairiúcháin Chód Custaim an Aontais – Le córas Tras-Eorpach CCI nua áirithítear digitiú an phróisis láraithe imréitigh ar an leibhéal Eorpach mar a shainítear i gCód Custaim an Aontais. Leis sin cuirtear é ar a gcumas do thrádálaithe iontaofa dearbhú custaim a chur isteach ag an oifig custaim maoirseachta i mBallstát a mbunraíochta, le haghaidh earraí a chuirtear i láthair oifig custaim go fisiceach in aon Bhallstát eile, rud a chumasaíonn próiseáil dearbhuithe custaim agus scaoileadh fisiciúil earraí ar bhealach digiteach, éifeachtúil, intuartha agus comhordaithe i measc na n‑oifigí custaim atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla. Tá córas CCI á chur chun feidhme in dhá chéim:
Le CCI – Céim 1, cumasaítear uathphróiseáil dearbhaithe chaighdeánaigh agus shimplithe lena n‑áirítear dearbhú custaim réamhthaiscthe, chomh maith le dearbhú forlíontach de chineál tréimhsiúil nó ginearálta chun earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht, nós imeachta stórasaithe custaim, próiseáil isteach agus úsáid deiridh.
Le CCI – Céim 2,, cuirtear le Céim 1 tríd an raon feidhme a leathnú chuig na cásanna CCI uile atá fágtha, lena n‑áirítear cineálacha dearbhaithe agus sreabh próisis níos casta. Is é is aidhm dó comhtháthú digiteach agus feidhmiúlacht an imréitigh láraithe le haghaidh allmhairí ar fud an Aontais a chur i gcrích. Tá an dá chéim idirghaolmhar agus roghnaigh roinnt Ballstát an dá chéim a chur chun feidhme go comhuaineach chun iarrachtaí náisiúnta a chuíchóiriú.
Dul chun cinn: Le haghaidh CCI – Céim 1, cuireadh tús leis an gcéad chéim dá chur chun feidhme an 1 Iúil 2024 tráth a ullmhaíodh na comhpháirteanna coiteanna agus cuid de na comhpháirteanna náisiúnta. Faoin 2 Meitheamh 2025, bhí an córas ar fáil lena úsáid ag gnólachtaí Eorpacha i 10 mBallstát (BG, EE, ES, LU, LT, LV, PL, RO, HR, agus IT). Faoi mhí Dheireadh Fómhair 2025, chuaigh 2 Bhallstát eile isteach i gcóras CCI (BE agus SE).
Mar a léirítear i bhFíor 2, faoi dheireadh 2025, bhí a gcóras CCI C1 curtha in úsáid ag 17 mBallstát san iomlán (BE, BG, HR, CY, EE, FI, IE, IT, LV, LT, LU, MT, PL, RO, SI, ES, SE), rud a chiallaíonn ráta críochnaithe 63 %. Tá cur in úsáid beartaithe ag na 10 mBallstát eile (AT, CZ, DE, DK, FR, GR, HU, NL, PT, SK) le linn 2026.
Fíor 2: CCI C1 Ballstáit atá i mbun oibríochtaí (cás an 31 Nollaig 2025)
A mhéid a bhaineann le CCI — Céim 2, thug an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla chun críche in 2022. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do na trádálaithe gach cás agus próiseas CCI a chur chun feidhme, d’fhorbair an Coimisiún pacáiste sonraíochtaí teicniúla raoin feidhme iomlán lena gcomhdhlúthaítear na sonraíochtaí le haghaidh an dá chéim, i dteannta treorach. Léiríodh leis an measúnú i lár 2025, cé go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag formhór na mBallstát sna forbairtí, nár chomhlíon líon substaintiúil Ballstát an gharsprioc chríochnaitheach cur in úsáid an 2 Meitheamh 2025.
Faoi dheireadh 2025, mar a léirítear i bhFíor 3, bhí leibhéal foriomlán 44 % (12 Bhallstát) de thabhairt chun críche iomlán CCI. Bunaithe ar na pleananna tionscadail náisiúnta cothrom le dáta, tá sé beartaithe ag tromlach na mBallstát eile a ngníomhaíochtaí tástála comhréireachta a thabhairt chun críche sna chéad ráithí de 2026 agus raon feidhme iomlán CCI a chur in úsáid ina dhiaidh sin, agus beidh DE, DK, SK, GR agus CZ críochnaithe sa chéad leath de 2026 agus beidh AT, FR, NL, PT agus HU críochnaithe sa dara leath.
Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh lena chlár faireacháin ráithiúil go dtí go mbeidh CCI curtha i gcrích.
Fíor 3: CCI C2 Ballstáit atá i mbun oibríochtaí (cás an 31 Nollaig 2025).
5)Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais Chód Custaim an Aontais – (uasghrádú): is é is aidhm dó córas idirthurais an Aontais agus an córas coiteann idirthurais atá ann cheana a ailíniú le forálacha dlí Chód Custaim an Aontais, lena n‑áirítear ceanglais sonraí nua Chód Custaim an Aontais agus comhéadain le córais eile.
Dul chun cinn: Tháinig NCTS — Céim 5 chun bheith oibríochtúil an 2 Nollaig 2024 agus cuireadh deireadh leis na bearta idirthréimhseacha an 21 Eanáir 2025. Tá na Ballstáit uile ag oibriú go rathúil faoi láthair in NCTS — Céim 5. Tá roinnt Ballstát fós le feidhmiúlachtaí nach príomhfheidhmiúlachtaí iad a thabhairt chun críche.
Tá forbairt ag teacht i gcónaí ar an gCóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) mar chuid den nuachóiriú níos leithne ar phróisis chustaim ar fud an Aontais agus i dtíortha an Choinbhinsiúin maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach. Cé gur chuir na Ballstáit uile leathadh amach NCTS — Céim 5 i gcrích an 21 Eanáir 2025 agus go gcuireann 41 thír san iomlán idirthuras Aontais/comhchoiteann agus NCTS i bhfeidhm, tá an aird aistrithe anois go dtí an chéad chéim eile de NCTS.
Maidir le NCTS — Céim 6, cuirtear dhá rogha ar fáil, agus is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh cén rogha a chuireann siad chun feidhme:
·Ciallaíonn rogha gan bheith páirteach nuair nach n‑áirítear sonraí dearbhaithe iontrála achomair sa dearbhú maidir le hidirthuras, agus nuair a thaisctear dearbhú iontrála achomhair go díreach le CRA2;
·Ciallaíonn rogha a bheith páirteach nuair a áirítear sonraí dearbhaithe iontrála achomhair sa dearbhú maidir le hidirthuras agus nasctar NCTS — Céim 6 le CRA2 chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais CRA2 maidir le próisis ghnó dearbhaithe iontrála achomair (anailís riosca, moltaí rialaithe, cinntí etc.) freisin.
Rinneadh amlíne NCTS — Céim 6 a shioncrónú le hamlíne CRA2
. Sa chéad leath de 2025, thug na Ballstáit le fios go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh acu, cé gur thuairiscigh roinnt acu leibhéal meánriosca go hardriosca don chur in úsáid tráthúil faoin 1 Meán Fómhair 2025.
Ós rud é nár éirigh leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt i gceart ar an riosca moilleanna le linn 2025, d’fhág sé sin nach raibh NCTS — Céim 6 ullamh faoin 1 Meán Fómhair 2025. I gcás na mBallstát a bhaineann úsáid as an rogha gan bheith páirteach, déileáladh leis na hathruithe idirthréimhseacha íosta ar an leibhéal teicniúil. I gcás na rogha a bheith páirteach, bhí tionchar ag na moilleanna ar Bhallstáit eile agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha toisc nach mbeidís in ann tairbhiú de chomhdú cuíchóirithe sonraí idirthurais agus sábháilteachta agus slándála. Chun ualach breise ar na hoibreoirí eacnamaíocha a sheachaint (lena n‑áirítear oibreoirí tíortha comharsanacha amhail an Úcráin agus an Tuirc), dheonaigh an Coimisiún maolú do 6 Bhallstát de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid Chéim 6 den Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais go dtí an 1 Meitheamh 2026. Foráiltear leis na maoluithe sin go bhféadfaidh oibreoirí iarnróid agus bóthair nascadh le CRA2 go dtí deireadh 2025, agus go bhféadfar nascadh leis an gcóras idirthurais (NCTS — Céim 6) a idirghníomhaíonn le CRA2 go dtí an 31 Bealtaine 2026. Bhí údar leis an síneadh ama breise sin, mar aitheantas ar an bhforbairt agus ar an tástáil níos casta a bhí ag teastáil don idirnasc sin. Tá ceanglais dhlíthiúla ar na Ballstáit i gceist leis an maolú maidir le dul chun cinn a thuairisciú don Choimisiún.
Faoi dheireadh 2025, fuair 6 Bhallstát maolú foirmiúil (BG, HR, LV, PL, RO, SK) agus rinne 16 Bhallstát san iomlán (AT, BG, CY, CZ, DE, EE, ES, FI, IE, IT, LT, LU, LV, MT, PT agus SI) NCTS — Céim 6 a chur in úsáid. Agus na maoluithe a deonaíodh á gcur san áireamh, ciallaíonn sé sin ráta comhlíontachta 74 %. Tá sé sceidealaithe ag DK, FR, HU agus SE a gcóras a chur in úsáid roimh an 1 Márta 2026. Tá sé beartaithe ag na seacht mBallstát eile (BE, GR, HR, NL, PL, RO agus SK) a gcóras a chur in úsáid faoin 1 Meitheamh 2026 ar a dhéanaí, i gcomhréir leis an síneadh maidir leis an maolú.
6)Córas Onnmhairiúcháin Uathoibrithe Chód Custaim an Aontais – AES (uasghrádú): tá sé d’aidhm aige ceanglais Chód Custaim an Aontais a chur chun feidhme maidir le hearraí a onnmhairiú agus a thabhairt amach, chomh maith le Simplithe Chód Custaim an Aontais a thairgtear le haghaidh na trádála.
Dul chun cinn: De réir Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais 2023, is féidir leis na Ballstáit AES a imscaradh i dtrí chéim: príomhfheidhmiúlachtaí faoin 1 Nollaig 2023, comhéadan a dhéanamh le Mál faoin 13 Feabhra 2024 agus feidhmiúlachtaí nach príomhfheidhmiúlachtaí iad faoin 2 Nollaig 2024. Cuireadh síneadh leis an idirthréimhse d’oibreoirí eacnamaíocha go dtí an 14 Nollaig 2025. Mar sin féin, mar a shonraítear sa tuarascáil roimhe seo, ní raibh sé indéanta do na Ballstáit na comhpháirteanna náisiúnta a fhorbairt go hiomlán, toisc nach raibh roinnt Ballstát in ann sprioc-am an 2 Nollaig 2024 ná deireadh na hidirthréimhse an 11 Feabhra 2025 a chomhlíonadh agus d’iarr siad síneadh a chur leis na bearta idirthréimhseacha. Sa chomhthéacs sin, leis an leasú dlíthiúil ar an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Socruithe Teicniúla, a vótáladh an 7 Feabhra 2025 sa Choiste um an gCód Custaim agus a glacadh an 13 Márta 2025, áirítear síneadh a chur leis an idirthréimhse go dtí an 14 Nollaig 2025.
Mar a léirítear i bhFíor 4, chuir 12 Bhallstát tús le hoibríochtaí agus príomhfheidhmiúlachtaí an 1 Nollaig 2023 agus le linn 2024 agus 2025 tháinig Ballstáit eile isteach. Mar sin féin, d’éirigh an staid criticiúil arís sa dara leath de 2025 mar gheall ar chur in úsáid déanach roinnt Ballstát (HU, PT, MT, FR agus GR), rud a d’fhág go raibh deis idir meánach agus an-docht ag na hoibreoirí eacnamaíocha aistriú chuig an AES nua. I roinnt tíortha, amhail an Fhrainc, bhí riosca mór ann go mbeadh scuainí fada trucailí ag pointí imeachta an Aontais. Trí fhaireachán agus tacaíocht fheabhsaithe a sholáthair an Coimisiún agus trí rannpháirtíocht na mBallstát agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha, tháinig AES i bhfeidhm ar fud an Aontais an 15 Nollaig 2025. Ba gharsprioc mhór é an ráta críochnaithe 100 % sin do chur in úsáid AES agus a phríomhfheidhmiúlachtaí a bhaint amach, rud a rannchuidigh le cur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais.
Tá tuilleadh moilleanna ar roinnt Ballstát maidir le cur in úsáid na bhfeidhmiúlachtaí nach príomhfheidhmiúlachtaí iad.
Maidir le AES — Comhpháirt 2, rinne formhór na mBallstát an chomhpháirt a chur in úsáid in 2025.
Fíor 4: Ballstáit AES ag teacht i mbun oibríochtaí
Chun achoimre a dhéanamh ar stádas na dtionscadal tras-Eorpach a liostaítear thuas, bhí an Coimisiún ar an mbóthar ceart chun na spriocdhátaí dlíthiúla a bhaint amach, spriocdhátaí a comhaontaíodh i gcomhthéacs Chód Custaim an Aontais agus Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais. A mhéid a bhaineann le cur in úsáid chomhpháirteanna náisiúnta na gcóras tras-Eorpach sin ag na Ballstáit, sainaithníodh rioscaí tromchúiseacha maidir le moilleanna le linn 2025, go háirithe i gcás CCI, NCTS — Céim 6, CRA2 Céim 3 iarnróid agus bóthair, PoUS agus AES (féach roinn
5.3
). Faoi dheireadh 2025, cuireadh an córas a bhaineann leis an tionscadal PoUS— Céim 2 in úsáid, chuaigh AES agus na príomhfheidhmiúlachtaí i mbun oibríochtaí sna Ballstáit uile agus bhí CRA2 oibríochtúil do gach modh iompair. Tar éis 2025, tá cás neamhchomhlíontachta ann maidir le cur in úsáid feidhmiúlachtaí CCI agus AES nach príomhfheidhmiúlachtaí iad atá ar feitheamh i mBallstáit áirithe.
5.2.2 Tionscadail náisiúnta
Bhí na Ballstáit le huasghrádú a gcóras a chur i gcrích le haghaidh na dtrí thionscadal lán‑náisiúntafaoin 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le hAirteagal 278(2) de Chód Custaim an Aontais. Mar sin féin, ní raibh 22 Bhallstát in ann an sprioc‑am sin a chomhlíonadh agus, tar éis a n‑iarrata, deonaíodh maolú dóibh, lenar cuireadh síneadh leis an sprioc‑am imscartha go dtí an 31 Nollaig 2023.
I dtuarascáil na bliana seo caite léiríodh roinnt moilleanna breise go príomha ar an gCóras Allmhairiúcháin Náisiúnta agus ar an gcóras um Stóráil Shealadach. Cuirtear an dul chun cinn maidir le gach tionscadal náisiúnta in 2025 i láthair thíos agus léirítear é i bhFíor 5. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach roinn 3 den Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil seo.
1)Fógra Teachta, Fógra Cur i Láthair agus Stóráil Shealadach Chód Custaim an Aontais – (FT, FCL, SS) (uasghrádú): tá sé d’aidhm acu sin na próisis iontrála náisiúnta a uathoibriú agus malartú sonraí idir cúrsaí trádála agus custaim a chomhchuibhiú ó Bhallstát go chéile.
Dul chun cinn: Sainaithníodh i dtuarascálacha roimhe seo go raibh seachadadh tráthúil na gcóras náisiúnta i mbaol, ach rinneadh dul chun cinn substaintiúil le linn 2025. Le linn 2025, bhí moill fós ar roinnt Ballstát maidir le cur in úsáid an chórais um Stóráil Shealadach agus/nó le haistriú a n‑oibreoirí eacnamaíocha. Ós rud é go ndeachaigh na cásanna sin i bhfad thar an sprioc-am dlíthiúil, sheol an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh ocht mBallstát (AT, BE, CY, DK, GR, PT, RO agus SK) toisc nár chomhlíon siad go hiomlán an oibleagáid dhlíthiúil maidir le Stóráil Shealadach — Aeriompar a chur in úsáid.
Ag deireadh 2025, d’éirigh le formhór na mBallstát déanach a gcóras a chur in úsáid. Is féidir achoimre a dhéanamh air sin mar ráta críochnaithe 98 %. Mar a léirítear i bhFíor 5, i gcás an Fhógra Teachta agus an Fhógra Cur i Láthair, chuir na Ballstáit uile an cur chun feidhme i gcrích. I gcás na Stórála Sealadaí, bhí tuilleadh moilleanna ar thrí Bhallstát agus chuir siad dáta cur in úsáid tar éis 2025 in iúl. I gcás AT, tá cur chun feidhme iomlán beartaithe faoi mhí Aibreáin 2026, agus tá cur chun feidhme beartaithe ag GR agus SK in 2027. Ós rud é nach féidir leis an gCoimisiún glacadh le haon mhoill, tá na himeachtaí um shárú ag leanúint ar aghaidh.
2)Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta Chód Custaim an Aontais – (uasghrádú): is é is aidhm dó sin na ceanglais phróisis agus sonraí uile a bhaineann le hallmhairí earraí a chur chun feidhme mar a leagtar amach i gCód Custaim an Aontais.
Dul chun cinn: Thuairiscigh roinnt Ballstát rioscaí maidir le seachadadh tráthúil an tionscadail ó bhí 2022 ann, an sprioc-am tosaigh le haghaidh cur in úsáid Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta ag na Ballstáit. Sa chéad leath de 2025, bhí moill fós ar roinnt Ballstát maidir le cur in úsáid Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta agus/nó le haistriú a n‑oibreoirí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, thionscain an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh ocht mBallstát (AT, CZ, CY, DK, GR, FR, PT agus RO) sa chéad leath de 2025 toisc nár chomhlíon siad go hiomlán an oibleagáid dhlíthiúil Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta a chur in úsáid. Le linn 2025, rinne formhór na mBallstát (AT, CY, DK, MT, PL agus SK) beart chun aghaidh a thabhairt ar na moilleanna agus chuir siad an tionscadal i gcrích in 2025.
Faoi dheireadh 2025, chuir na Ballstáit uile seachas Ballstát amháin an córas in úsáid, rud a chiallaíonn ráta críochnaithe 96 %. I gcás CZ, tá sé beartaithe cur in úsáid iomlán a dhéanamh in R2 2026. I roinnt Ballstát, tá uasghráduithe áirithe fós ar feitheamh chun cur chun feidhme comhlíontach iomlán Chód Custaim an Aontais agus Shamhail Sonraí Custaim an Aontais a bheith acu.
3)Nósanna Imeachta Speisialta Chód Custaim an Aontais – NIS (uasghrádú): is é is aidhm dó Nósanna Imeachta Speisialta a chomhchuibhiú (i.e., stórasú custaim, úsáid deiridh, cead isteach sealadach agus próiseáil isteach/amach).
Dul chun cinn: Mar a léirítear i bhFíor 5, bhí formhór na mBallstát le Nósanna Imeachta Speisialta Allmhairiúcháin (NIS ALL) — Comhpháirt 2 a bheith acu, rud a chiallaíonn ráta críochnaithe 96 % agus is iad AT agus CZ na Ballstáit dheireanacha chun a gcóras a chur in úsáid in R2-3 2026. Maidir le Nósanna Imeachta Speisialta Onnmhairiúcháin (NIS ONN) – Comhpháirt 1, faoin 2 Nollaig 2024 tá nó beidh an córas imscartha ag formhór na mBallstát, d’ainneoin na n‑idirspleáchas leis an uathchóras onnmhairiúcháin. Rinne na Ballstáit eile (AT, FR, GR, HU, MT agus PT) an córas a chur in úsáid faoi dheireadh 2025, rud a chiallaíonn ráta críochnaithe 100 %, agus i gcás roinnt Ballstát bhí aistriú na n‑oibreoirí eacnamaíocha fós ar siúl.
Mar achoimre, rinne na Ballstáit iarrachtaí móra in 2025, agus tá na córais náisiúnta oibríochtúil anois, agus níl ach líon teoranta moilleanna criticiúla fós ann tar éis 2025, rud a fhágann gur beag Ballstát atá i staid neamhchomhlíontachta.
|
|
Fógra Teachta
|
Fógra Cur i Láthair
|
Stóráil Shealadach
|
Córas Allmhairiúcháin Náisiúnta
|
Nós Imeachta Speisialta Allmhairiúcháin
|
|
Sprioc‑am Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais
|
31/12/2022
le síneadh go dtí 31/12/2023
[1]
|
31/12/2022
le síneadh go dtí 31/12/2023
[2]
|
|
AT
|
1/7/2023
|
16/5/2023
|
15/4/2026
|
14/12/2025
|
1/9/2026
|
|
BE
|
30/6/2023
|
5/7/2023
|
29/11/2023
|
28/8/2024*
|
28/8/2024
|
|
BG
|
1/3/2023
|
10/11/2023
|
10/11/2023
|
10/11/2023
|
10/11/2023
|
|
CY
|
30/10/2024
|
30/10/2024
|
30/10/2024
|
19/5/2025
|
19/5/2025
|
|
CZ
|
5/12/2023
|
5/12/2023
|
5/12/2023
|
18/5/2026
|
18/5/2026
|
|
DE
|
Ní bhaineann le hábhar
|
6/3/2021
|
6/3/2021
|
6/3/2021
|
6/3/2021
|
|
DK
|
6/11/2023
|
6/11/2023
|
7/6/2025
|
7/6/2025*
|
7/6/2025
|
|
EE
|
1/10/2023
|
15/3/2021
|
1/7/2021
|
1/7/2021
|
1/7/2021
|
|
ES
|
1/3/2023
|
1/1/2024
|
1/1/2024
|
5/9/2023
|
5/9/2023
|
|
FI
|
31/3/2023
|
31/3/2021
|
31/12/2022
|
31/12/2022
|
31/12/2022
|
|
FR
|
30/6/2023
|
6/3/2024
|
6/3/2024
|
30/11/2024*
|
30/11/2024
|
|
GR
|
31/12/2023
|
31/12/2023
|
31/12/2027
|
6/8/2024*
|
6/8/2024
|
|
HR
|
1/7/2023
|
1/3/2023
|
17/4/2023
|
1/1/2023
|
1/1/2023
|
|
HU
|
2/4/2024
|
2/4/2024
|
2/4/2024
|
1/11/2023
|
1/11/2023
|
|
IE
|
1/7/2023
|
23/11/2020
|
23/11/2020
|
5/10/2021
|
23/11/2020
|
|
IT
|
13/12/2022
|
13/12/2022
|
13/12/2022
|
1/7/2021
|
1/7/2021
|
|
LT
|
1/3/2023
|
28/2/2023
|
31/10/2023
|
31/12//2023
|
31/12/2023
|
|
LU
|
1/3/2023
|
10/1/2023
|
10/1/2023
|
2/5/2023
|
2/5/2023
|
|
LV
|
24/9/2017
|
24/9/2017
|
24/9/2017
|
4/6/2018
|
4/6/2018
|
|
MT
|
24/3/2025
|
24/3/2025
|
24/3/2025
|
24/3/2025
|
24/3/2025
|
|
NL
|
30/6/2023
|
1/12/2023
|
1/12/2023
|
1/4/2022
|
1/4/2022
|
|
PL
|
1/7/2023
|
20/4/2025
|
20/4/2025*
|
20/4/2025*
|
01/07/2021
|
|
PT
|
30/9/2025
|
30/9/2025
|
30/9/2025
|
1/10/2025
|
30/9/2025
|
|
RO
|
1/5/2024
|
30/9/2024
|
30/8/2025
|
30/8/2025
|
30/8/2025
|
|
SE
|
1/3/2023
|
27/9/2023
|
2/12/2025
|
15/3/2022
|
23/2/2023
|
|
SI
|
1/3/2023
|
1/3/2023
|
1/03/2024
|
1/1/2022
|
1/1/2022
|
|
SK
|
1/3/2023
|
1/10/2023
|
31/3/2027*
|
30/9/2025*
|
11/6/2016
|
|
Ráta críochnaithe faoi 2025
|
100 %
|
100 %
|
89 %
|
96 %
|
93 %
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Eochair eolais
|
|
|
Cuireadh an t‑imscaradh i gcrích faoin 31/12/2025
|
|
|
Níor cuireadh an t‑imscaradh i gcrích faoin 31/12/2025
|
|
|
Níor soláthraíodh aon dáta i bPleananna Tionscadail Náisiúnta nó níl an t‑imscaradh infheidhme
|
Fíor 5: Pleanáil maidir le córais iontrála nó allmhairiúcháin náisiúnta a imscaradh
[1]
Go dtí an 31/12/2023 i gcás na mBallstát ar deonaíodh maolú dóibh.
[2]
Go dtí an 31/12/2023 le haghaidh na mBallstát ar deonaíodh maolú dóibh nó go dtí an 1/7/2024, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 2(4a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún.
* Rinneadh uasghrádú ar an gcóras náisiúnta in am ach is gá ailíniú breise a dhéanamh le Cód Custaim an Aontais agus le Samhail Sonraí Custaim an Aontais agus/nó tá aistriú na n‑oibreoirí eacnamaíocha fós ar siúl.
5.2.3 Sonraí Faireachais
I dtuarascáil na bliana seo, ba mhaith linn aird a tharraingt ar na dúshláin atá fós ann maidir leis na sonraí is gá a tharchur chuig córas Fhaireachas 3 (SURV3). Tá ról ríthábhachtach ag Córas Faireachais an Choimisiúin sa timpeallacht gheo-eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ann faoi láthair. Is é an phríomhsprioc atá aige creat cuimsitheach faireachais a chruthú lena ndéantar faireachán ar shreabha trádála, lena gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais, agus lena gcosnaítear a mhargadh inmheánach ar chleachtais éagóracha nó neamhrialta. Leis an gcóras sin, soláthraítear an bunús anailíseach chun aimhrialtachtaí trádála a bhrath, calaois a chosc, agus iomaíocht chóir a áirithiú do thionscail an Aontais. A mhéid a bhaineann le córas Fhaireachas 3, a fheidhmíonn mar chnámh droma theicniúil ailtireacht faireacháin sonraí custaim an Aontais toisc go mbailíonn agus go bpróiseálann sé sonraí trádála ó na dearbhuithe custaim a chuirtear faoi bhráid riaracháin chustaim na mBallstát, tá cáilíocht agus infhaighteacht na sonraí a thuairiscítear trí Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta ríthábhachtach.
Lean líon substaintiúil Ballstát den chuid is mó dá sonraí allmhairiúcháin a chur isteach trí úsáid a bhaint as seanchórais. Laghdaíonn an líon sin go dhá Bhallstát (AT agus FR) agus sonraí onnmhairiúcháin á mbreithniú.
I bhfianaise an mhéid thuas, sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in 2025 in aghaidh 13 Bhallstát (AT, BE, CY, CZ, DK, FR, IE, IT, MT, PT, RO, SI agus SK) toisc nár chomhlíon siad go hiomlán oibleagáidí tarchuir sonraí SURV3, go háirithe maidir le hiomláine sonraí agus comhréireacht formáide.
Cé gur éirigh le 5 Bhallstát (BE, IT, MT, RO agus SI) gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh le linn 2025, ní raibh 8 mBallstát san iomlán (AT, CY, CZ, DK, FR, IE, PT agus SK) fós ag cur tacar iomlán sonraí allmhairiúcháin isteach in SURV3 faoi dheireadh 2025. Is féidir achoimre a dhéanamh air sin mar ráta críochnaithe 70 %.
5.2.4. Staid na himeartha maidir le tíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha
Ní mór do thíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha an Aontais agus do thíortha eile amhail na páirtithe conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach an t‑aistriú i dtreo chórais leictreonacha uasghrádaithe Chód Custaim an Aontais agus na cineálacha cur chuige digiteacha nua a cuireadh ar bun leis an togra le haghaidh Athchóiriú Custaim a chur san áireamh.
Ní dhéanann an Coimisiún faireachán córasach ar an dul chun cinn i dtreo córais leictreonacha iomlána na dtíortha sin mar chuid den oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais. Mar sin féin, mar chuid den straitéis um an méadú lena n‑áirítear na Comhaontuithe Comhlachais leis an Aontas, tá straitéis dhigiteach agus timpeallacht dhigiteach a fhorbairt lena dtacaítear lena n‑ailíniú le reachtaíocht chustaim an Aontais ina príomhghné de na measúnuithe tráthrialta a dhéanann an tAontas.
Is gá do na tíortha is iarrthóirí nascadh de réir a chéile le córais Chód Custaim an Aontais nó iad a chur i bhfeidhm le linn dóibh a bheith ar an gconair i dtreo dul isteach i gcríoch chustaim an Aontais. De réir dháta beartaithe an aontachais, is féidir go gceanglófar orthu freisin feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh mar a mholtar sa phacáiste um Athchóiriú Custaim.
Amach anseo, mar ullmhúchán don Mhéadú a bhaineann le tíortha is iarrthóirí, is gá príomhghníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh go tráthrialta. Orthu sin áirítear tuairisciú ar an gcur chun feidhme digiteach agus páirt a ghlacadh i dtástáil comhréireachta chun idir‑inoibritheacht idir a gcórais náisiúnta agus córais náisiúnta na mBallstát agus an Aontais a áirithiú. Ina theannta sin, is gá don Aontas measúnú tráthrialta a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras.
5.3RIOSCAÍ AGUS BEARTA MAOLAITHE
Rinneadh comhroinnt róil a shainiú agus a chomhaontú leis na páirtithe leasmhara uile ón tús agus ba cheart urraim a thabhairt don chomhroinnt sin ar feadh shaolré an tionscadail. Ós rud é gur éirigh leis an gCoimisiún ráta críochnaithe 100 % a bhaint amach chun na lárchórais agus na comhpháirteanna atá faoina fhreagracht a chur in úsáid, agus go bhfuil leibhéal an-tábhachtach cur chun feidhme bainte amach ag na Ballstáit freisin faoin sprioc-am foriomlán 2025 don aistriú digiteach, níl na rioscaí ná na bearta maolaithe fós ábhartha ach amháin i gcás cuid bheag den chur chun feidhme digiteach foriomlán.
Mar a mhínítear freisin sna tuarascálacha roimhe seo, tá na cúiseanna foluiteacha a thuairiscigh na Ballstáit maidir leis na moilleanna ilghnéitheach agus athfhillteach den chuid is mó. Áirítear leo sin ganntanais acmhainní airgeadais agus daonna, tosaíochtaí náisiúnta TF iomaíocha agus idirthuilleamaíochtaí le tionscadail eile. Ina theannta sin, chuir na Ballstáit i dtábhacht neamhábaltacht roinnt bonneagar náisiúnta TF déileáil leis na ceanglais theicniúla, saincheisteanna acmhainneachta conraitheoirí, agus spleáchais ar pháirtithe leasmhara seachtracha. I measc na dtosca eile a chuir leis na moilleanna tá tástáil chomhréireachta leathnaithe, leibhéil ullmhachta oibreoirí eacnamaíocha, nósanna imeachta fada soláthair phoiblí, dúshláin rialachais, agus an chastacht a bhaineann le córais nua a chomhtháthú i dtírdhreacha TF atá ann cheana.
Leag na Ballstáit amach sa suirbhé freisin na gníomhaíochtaí maolaithe éagsúla a sainaithníodh agus a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na moilleanna a tháinig chun cinn. Ar na gníomhaíochtaí sin áirítear leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, modheolaíochtaí sofhreagrúla a ghlacadh, réitigh córas comhtháite a chur chun feidhme agus comhordú le conraitheoirí a neartú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus comhar a fheabhsú. Tá sé beartaithe ag Ballstáit eile gníomhaíochtaí a chur ar bun chun struchtúir eagraíochtúla a fheabhsú, próisis a chuíchóiriú agus pleanáil a bheachtú chun bainistíocht tionscadal agus cinnteoireacht a fheabhsú. Rinneadh tagairt do na bearta sin maidir le tionscadail náisiúnta agus thras‑Eorpacha araon.
A mhéid a bhaineann leis na tionscadail náisiúnta, baineadh amach ráta críochnaithe foriomlán 96 % ag deireadh 2025 le haghaidh cur in úsáid náisiúnta na gcóras náisiúnta iontrála agus allmhairiúcháin. Chomh maith leis an líon beag Ballstát déanach, tá an seanchóras agus an córas nua fós á soláthar ag roinnt Ballstát eile dá n‑oibreoirí eacnamaíocha agus/nó tá siad fós ag ullmhú le haghaidh roinnt mion-uasghráduithe ar a gcórais náisiúnta chun comhlíontacht 100 % a bheith acu le Cód Custaim an Aontais agus le Samhail Sonraí Custaim an Aontais. Tá an tabhairt chun críche iomlán ríthábhachtach i bhfianaise an tionchair ar na córais thras-Eorpacha amhail CCI, agus ar chur isteach na sonraí chuig an gCóras Faireachais. Chun go n‑oibreoidh an Córas Faireachais i gceart, tá sé ríthábhachtach go n‑aistreoidh na Ballstáit uile chuig na formáidí nua sonraí a luaithe is féidir. Leis sin, cuirfear feabhas ar infhaighteacht sonraí agus ar cháilíocht sonraí, agus neartófar cumas an chórais faireachán a dhéanamh ar shreabha trádála agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Sheol an Coimisiún bearta forfheidhmiúcháin dlí in 2025 in aghaidh na mBallstát a bhfuil moill orthu maidir le cur in úsáid a gcóras náisiúnta iontrála/allmhairiúcháin agus/nó maidir leis na sonraí is gá a chur isteach i bhFaireachas agus tionscnóidh sé caingne dlí breise in 2026 sa bhreis ar na gníomhaíochtaí leanúnacha tacaíochta agus faireacháin.
A mhéid a bhaineann leis na córais dhíláraithe thras-Eorpacha ina bhfuil comhpháirteanna náisiúnta, tá an cás an-dearfach maidir le roinnt tionscadal ach criticiúil maidir le tionscadail eile, mar a shonraítear thíos.
Thug na Ballstáit aghaidh go maith ar na rioscaí a thuairiscítear i dTuarascáil 2024 a mhéid a bhaineann le cur·in·úsáid·NCTS·—·Céim·5, rud a d’fhág gur dúnadh an idirthréimhse go rathúil an 21 Eanáir 2025. Maidir le hEisiúint 3 de CRA2 freisin, dúnadh aistriú na n‑oibreoirí eacnamaíocha in iompar de bhóthar agus d’iarnród go rathúil an 31 Nollaig 2025. Tá sé sin a bhuí le hiarrachtaí na mBallstát agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha, agus lean an Coimisiún freisin de thacaíocht a sholáthar do na Ballstáit agus d’oibreoirí eacnamaíocha ina ngníomhaíochtaí forbartha le haghaidh CRA2 — Eisiúint 3 trí mhodhanna éagsúla. Leis sin áiríodh seimineáir ghréasáin thiomnaithe a eagrú, cúnamh a thairiscint trí Cheisteanna Coitianta agus cruinnithe iomlánacha a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu chun a áirithiú go n‑ailíneofar pleananna tionscadail le garspriocanna an Choimisiúin maidir le TF a sholáthar. Ar deireadh, cuireadh feachtais chumarsáide, seisiúin oiliúna ar líne, agus doiciméadacht ar fáil i leabharlann phoiblí an Ionaid Acmhainní Cumarsáide agus Faisnéise um Riaracháin, Gnólachtaí agus Saoránaigh.
Maidir le cur chun feidhme AES, sonraítear leis an tuarascáil roimhe seo go raibh dáta oibríochtaí iarbhír beartaithe ag roinnt Ballstát le linn 2025, tar éis na sprioc-amanna tosaigh i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais. Arna iarraidh sin dóibh agus chun cur isteach ar shreabha trádála a sheachaint, chuir an Coimisiún síneadh leis an tréimhse lenar féidir leanúint de na bearta idirthréimhseacha maidir le honnmhairiú agus imeacht go dtí an 14 Nollaig 2025. Lean an Coimisiún ar aghaidh freisin leis an ‘gClár Náisiúnta um Chomhordú Riaracháin’ chun tacú leis na Ballstáit a gcomhpháirteanna náisiúnta a fhorbairt agus a chur in úsáid. Áirítear leis na gníomhaíochtaí deasc chabhrach thiomnaithe, cruinnithe fíorúla chun moilleanna forbartha na mBallstát a mhaolú, faisnéis atá cothrom le dáta a scaipeadh chuig an bpobal trádála, agus tuairisciú tráthrialta chuig an nGrúpa um Chomhordú Leictreonach Custaim agus chuig an nGrúpa um Ghnó Custaim. Ina theannta sin, eisíonn an Coimisiún tuarascálacha comhdhlúite ráithiúla ar dhul chun cinn maidir leis an aistriú chuig na córais nua ó bhí R1 2021 ann, agus KPInna á soláthar chun foláireamh a bhrath go luath. Cuireadh modúil ríomhfhoghlama, treoirdhoiciméid agus ábhar faisnéise eile ar fáil do na Ballstáit agus do na hoibreoirí eacnamaíocha. Faoin 15 Nollaig 2025, d’éirigh leis na Ballstáit uile a gcóras a chur in úsáid a mhéid a bhaineann leis na príomhfheidhmiúlachtaí, agus ba iad PT, FR agus GR na Ballstáit dheireanacha. Léiríonn sé sin gurb iad na bearta maolaithe a comhaontaíodh ag deireadh 2024 maidir leis an athrú ar dháta an aistrithe agus an faireachán feabhsaithe ar an dul chun cinn an bealach ceart chun cinn. Baineann an méid atá fós le déanamh i gcás roinnt Ballstát le cur chun feidhme na bhfeidhmiúlachtaí nach príomhfheidhmiúlachtaí iad, a ndéanfar faireachán breise orthu le linn 2026 chun a áirithiú gur féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha tairbhe a bhaint as na simplithe uile a chuireann Cód Custaim an Aontais ar fáil, amhail an tImréiteach Láraithe Onnmhairiúcháin.
Maidir leis an tionscadal PoUS — Céim 2, braitheann a oibríocht lárnach ar chur in úsáid náisiúnta. Tá an tionscadal de réir sceidil ó thaobh custaim lárnaigh de. Mar sin féin, tá moilleanna tábhachtacha ar infhaighteacht na nIonad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta ag údaráis mhuirí na mBallstát mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2024 ina gcuirtear i láthair nuashonrú 2024 ar an bPlean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil maidir le timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí a bhunú (C/2024/6300). I gcomhréir leis an gcinneadh maidir le maolú a deonaíodh, ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an gcomhéadan a sholáthar idir an córas PoUS dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 agus an tIonad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1239, gach 4 mhí ón 15 Lúnasa 2025, faoin 15ú lá tar éis an 4ú mí. Rinne an Coimisiún teagmháil leis na riaracháin chustaim i gcruinnithe an Ghrúpa um Chomhordú Leictreonach Custaim agus an Ghrúpa um Ghnó Custaim chun oibriú i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhuirí chun a saineolas maidir leis an gcur chun feidhme a thabhairt isteach.
Bhí coinne le tuilleadh cur in úsáid in 2025 le haghaidh NCTS — Céim 6 toisc go raibh coinne leis go gcomhlíonfadh oibreoirí iompair d’iarnród agus iompair de bhóthar ceanglais nua slándála custaim an Aontais ón 1 Meán Fómhair 2025. Ar na cúiseanna a mhínítear i roinn 3.7.2, roinn 4.2 agus roinn 4.5.2, cuireadh síneadh leis an dáta sin go dtí an 1 Meitheamh 2026 le haghaidh NCTS — Céim 6. I gcomhréir leis an gcinneadh maidir le maolú a deonaíodh le haghaidh NCTS — Céim 6, ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú míosúil a dhéanamh don Choimisiún Eorpach maidir le dul chun cinn atá déanta i bhforbairt an idirnaisc dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún. Is céim mhór é NCTS — Céim 6 i dtreo timpeallacht idirthurais níos comhchuibhithe agus sonraíbhunaithe ar fud na hEorpa — ach tá an t‑aistriú míchothrom. Tairbheoidh roinnt trádálaithe go tapa de chomhduithe cuíchóirithe, agus ní mór do thrádálaithe eile leanúint de dhearbhuithe idirthurais agus slándála ar leithligh a láimhseáil. Le linn an aistrithe, i gcás loingsithe ilmhódacha nó iltíre, d’fhéadfadh rialacha comhdaithe a bheith éagsúil idir an tír imeachta, an tír idirthurais agus an tír cinn scríbe. Amach anseo, meastar go mbeidh an t‑aistriú críochnaithe faoi lár 2026 agus go mbeidh na Ballstáit uile in NCTS — Céim 6. Idir an dá linn, ba cheart do na Ballstáit agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ullmhú do NCTS — Céim 6 agus ullmhacht theicniúil a áirithiú chun go mbeidh siad in ann earraí a bhogadh go rianúil tríd an tírdhreach idirthurais atá ag athrú. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an dul chun cinn.
A mhéid a bhaineann le staid chóras CCI, chaill 17 mBallstát an dáta cur in úsáid le haghaidh CCI — Céim 1 an 1 Iúil 2024 a shocraítear i gClár Oibre Chód Custaim an Aontais
agus chaill 19 mBallstát sprioc-am an 2 Meitheamh 2025 le haghaidh CCI — Céim 2. Mar gheall ar mhoilleanna na mBallstát mar aon leis na cineálacha éagsúla cur chuige i leith na forbartha córais agus cur in úsáid incriminteach le haghaidh CCI (féach Fíor 6 thíos maidir leis an bPleanáil Oibríochtúil), cruthaítear éagothroime idir cur chun feidhme raon feidhme CCI sna Ballstáit agus na ceanglais ar na hoibreoirí eacnamaíocha ó chur chun feidhme iomlán CCI.
Fíor 6: Pleanáil Oibríochtúil de réir Riaracháin Náisiúnta (RNanna) na mBallstát
Lean an Coimisiún dá ghníomhaíochtaí chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn fhorbairt na gcomhpháirteanna náisiúnta ag na Ballstáit le haghaidh thionscadal CCI agus bhunaigh sé tuarascáil chomhdhlúite ráithiúil ar dhul chun cinn ó R1 2024. Thairis sin, lean foireann gnó thiomnaithe CCI an Choimisiúin dá cuid iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar cheisteanna na mBallstát maidir le hallmhairiú agus na simplithe tráth an allmhairithe amhail imréiteach láraithe. Ina theannta sin, eagraíodh cruinnithe den Ghrúpa um Ghnó Custaim CCI chun comhordú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na hiarratais ar údarú CCI, chomh maith le cruinnithe teicniúla tráthrialta ar bhonn seachtainiúil agus coicísiúil, agus seisiúin aiseolais maidir le tástáil chomhréireachta.
Foilsíodh modúil ríomhfhoghlama agus ábhair chumarsáide ar shuíomh gréasáin Europa chun tacú leis an aistriú chuig na córais nua agus lena gcur chun feidhme. D’eisigh an Coimisiún litreacha riaracháin freisin chuig na Ballstáit a raibh moilleanna orthu maidir le cur chun feidhme thionscadal CCI tar éis an sprioc-ama dhlíthiúil.
Bíonn tionchar ag moilleanna a bhíonn ag na Ballstáit ar dhul chun cinn na gcóras tras-Eorpach ina n‑iomláine, rud a mbíonn tionchar aige, dá réir sin, ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Chuige sin, tá gá le hinfheistíocht leanúnach in acmhainní atá dírithe ar thástáil chomhréireachta, ar chomhordú agus ar ghníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh na dtionscadal tras-Eorpach, chomh maith le cothabháil leathnaithe comhpháirteanna lárnacha le linn idirthréimhsí. Tá tuilleadh cúnaimh do na Ballstáit agus faireachán ar dhul chun cinn i gceist leis freisin.
Mar achoimre, i rith 2025 rinne an Coimisiún roinnt beart freisin, a chomhlánaíonn na bearta a shainaithin agus a rinne na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta.
Ar an gcéad dul síos, d’fheabhsaigh an Coimisiún an mhaoirseacht agus an faireachán ar chlár digiteach Chód Custaim an Aontais trí mhinicíocht na dtuarascálacha ar dhul chun cinn a mhéadú agus cruinnithe agus misin dhéthaobhacha a eagrú ar leibhéal an Stiúrthóra le gach ceann de na Ballstáit. Cuireadh cur chun feidhme Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais go comhsheasmhach freisin ar chlár oibre na gcruinnithe agus na misean a rinne an tArd-Stiúrthóir agus i gcruinnithe iomlánacha ardleibhéil le hArd-Stiúrthóirí na mBallstát atá sa Ghrúpa um Beartas Custaim agus le príomhoifigigh faisnéise na mBallstát sa Líonra Príomhoifigeach Faisnéise. Moladh do na Ballstáit dlúthobair leantach a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na tionscadail atá fágtha agus bearta maolaithe a dhéanamh d’fhonn clár digiteach Chód Custaim an Aontais a chur i gcrích faoi dheireadh 2025.
Lean an Coimisiún d’úsáid a bhaint as deais an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil – Custaim (MASP‑C) bunaithe ar Athbhreithniú MASP‑C 2023 agus ar Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais 2023 chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar phríomh‑gharspriocanna an tionscadail agus chun moilleanna a shainaithint ag céim luath. Cuirtear an deais i láthair ar bhonn ráithiúil do na Ballstáit sa Ghrúpa um Chomhordú Leictreonach Custaim a thagann le chéile i gcomhpháirt leis an bpobal trádála.
Ar an dara dul síos, threisigh an Coimisiún an cúnamh a thugann sé do na Ballstáit maidir le córais thras‑Eorpacha trí chur chuige sofhreagrúil agus atriallach a ghlacadh chun córais leictreonacha Chód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh. Leis an modh sin, lena n‑áirítear fréamhshamhaltú, réiteach tapa ar shaincheisteanna agus ualach oibre cothrom don Choimisiún agus do na Ballstáit araon, cuirtear le cáilíocht an chórais agus éascaítear dul chun cinn inbhraite. Chuir na Ballstáit agus na trádálaithe fáilte roimh an gcur chuige sin.
Thairis sin, bhunaigh an Coimisiún sásra comhoibríoch i measc páirtithe leasmhara ó thús na dtionscadal chun cur le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, deacrachtaí cinnteoireachta a chosc agus trédhearcacht a áirithiú tríd an eolas is déanaí a thabhairt ar thionscadail.
Lean an Coimisiún freisin de chláir a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu le haghaidh gach ceann de na tionscadail leanúnacha a bhaineann leis na córais thras-Eorpacha CRA2, NCTS, CCI agus AES.
Ar an tríú dul síos, lorg an Coimisiún ionchur ó na Ballstáit trí shuirbhéanna agus trí mhodhanna eile maidir leis na srianta atá orthu agus maidir leis an tacaíocht is gá chun na rioscaí a mhaolú. Chuir na Ballstáit in iúl go raibh na cruinnithe déthaobhacha ar leibhéal Stiúrthóra agus an t‑idirphlé teicniúil le AS TAXUD an‑tairbheach. Lean an Coimisiún den chleachtadh chun na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dea‑chleachtais a bhailiú chun na tionscadail dhigiteacha a fhorbairt. Chuige sin, leis an suirbhé a seoladh in 2025 soláthraíodh an fhaisnéis sin agus cuireadh na torthaí le roinn 1 den Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil seo. Thairis sin, chomhroinn roinnt Ballstát a dtaithí agus a gcleachtais náisiúnta i gclaochlú digiteach Chód Custaim an Aontais le linn chruinniú ardleibhéil an Ghrúpa um Beartas Custaim i mí Iúil agus i mí na Nollag 2025 agus le linn chruinniú an Líonra Príomhoifigeach Faisnéise i mí na Samhna 2025.
Ar an gceathrú dul síos, i gcomhréir le straitéis forfheidhmithe an Aontais, chuaigh an Coimisiún i mbun comhfhreagras foirmiúil leis na Ballstáit a bhfuil moill orthu córais dhigiteacha a chur chun feidhme. Chinn an Coimisiún caingean dlí a shaothrú in aghaidh Ballstát toisc nár chomhlíon siad a n‑oibleagáidí faoi Chód Custaim an Aontais ná faoi Chlár Oibre Chód Custaim an Aontais. Cuireadh tús le nósanna imeachta um shárú in aghaidh 14 Bhallstát (AT, BE, CZ, CY, DK, FR, GR, IE, IT, MT, SK, SI, PT agus RO) i mí na Bealtaine, i mí an Mheithimhagus i mí Iúil2025 toisc nár chomhlíon siad a n‑oibleagáidí maidir leis an gcóras um Stóráil Shealadach le haghaidh Aeriompair, an Córas Allmhairiúcháin Náisiúnta ná an Córas Onnmhairiúcháin Uathoibrithe (AES) a chur in úsáid agus toisc nár chomhlíon siad a n‑oibleagáidí maidir le tarchur sonraí custaim chuig an gCóras Faireachais (SURV3).
Agus breathnú siar á dhéanamh ar thaithí fhoriomlán an aistrithe dhigitigh agus ar chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais thar thréimhse 10 mbliana, iarradh aiseolas ó na Ballstáit le linn cruinniú tiomnaithe príomhoifigeach faisnéise maidir leis na dúshláin is mó le linn chur chun feidhme digiteach Chód Custaim an Aontais. Léiríodh patrún soiléir leis na freagraí: ba iad na trí dheacracht ba mhó, le farrasbar suntasach, (1) struchtúir rialachais lena gcumasaítear cinnteoireacht thráthúil, (2) rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a chothú, agus (3) raon feidhme soiléir a shainiú agus a choinneáil ar bun. I gcásanna áirithe, cruthaíodh scaipeadh freagrachta mar gheall ar chastacht na socruithe rialachais náisiúnta. I gcláir claochlaithe dhigitigh mhórscála amhail Cód Custaim an Aontais, bíonn riosca seachadta ann go díreach mar thoradh ar chuntasacht scaipthe. Is léir ó thaithí an Choimisiúin go gcuirtear dlús leis an seachadadh nuair a bhunaítear úinéireacht, stiúradh agus comhordú lárnach ardleibhéil soiléir ar an leibhéal náisiúnta, agus go mbíonn an dul chun cinn i bhfad níos tapúla agus níos intuartha ansin.