Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026DC0107

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/974 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre

COM/2026/107 final

An Bhruiséil,4.3.2026

COM(2026) 107 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/974 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre



CLÁR

1.RÉAMHRÁ

1.1.Cúlra

1.2.Comhthéacs an bheartais

1.3.Cumhdach Ballstát agus tíortha eile

2.ATHBHREITHNIÚ AR CHUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN

2.1.Oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

2.2.Modhanna bailithe sonraí a úsáideann na Ballstáit

2.3.Na costais agus na hualaí ar na Ballstáit maidir le sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

2.4.Seiceálacha bailíochtaithe agus cáilíochta ar na sonraí a fhaightear

2.5.Tacaíocht mhodheolaíochta a sholáthraíonn Eurostat do na Ballstáit

2.6.An chomhroinnt sonraí

2.7.Staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre

3.FORBAIRTÍ A D’FHÉADFAÍ A DHÉANAMH AMACH ANSEO AR STAITISTICÍ AR IOMPAR D’UISCEBHEALAÍ INTÍRE

4.CONCLÚIDÍ



1. RÉAMHRÁ

1.1.Cúlra

Le Rialachán (AE) 2018/974 maidir le staitisticí ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre ( 1 ) (an Rialachán), áirithítear sonraí staidrimh inchomparáide, iontaofa, comhchuibhithe, rialta agus cuimsitheacha maidir le hiompar earraí d’uiscebhealaí intíre laistigh den Aontas. Cuireann sonraí den sórt sin tacaíocht ar fáil d’aireachtaí, do chomhlachais, do chuideachtaí loingseoireachta, d’oibreoirí a úsáideann uiscebhealaí agus calafoirt intíre chun earraí a iompar, agus do lucht ceaptha beartas. Cuidíonn staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre le faireachán agus forbairt a dhéanamh ar bheartais réigiúnacha, náisiúnta agus thras-Eorpacha, tacaíonn sé le pleanáil bonneagair agus le rialú tráchta, agus soláthraíonn sé faisnéis luachmhar maidir leis an aistriú módach chuig modhanna iompair atá glan. Is foinse aonair faisnéise coitinne ar fud an Aontais iad freisin, ina dtiomsaítear sonraí maidir leis na hearraí a iompraítear d’uiscebhealaí intíre do gach tír seachas d’aibhneacha aonair.

Faoi Airteagal 9 den Rialachán, ní mór don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán á chur chun feidhme agus maidir le forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh ann amach anseo. Bhí an chéad tuarascáil le cur isteach faoin 31 Nollaig 2020 ( 2 ), agus bíonn tuarascáil eile le cur isteach gach cúig bliana. Is í seo an dara tuarascáil den sórt sin.

Mínítear i Roinn 1 den tuarascáil seo comhthéacs beartais agus cumhdach an Rialacháin sna Ballstáit agus i dtíortha eile. I Roinn 2, tugtar athbhreithniú ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) an Rialachán chun feidhme. Cumhdaítear leis sin comhlíontacht, modhanna bailithe sonraí a úsáideann Ballstáit, na costais agus an t‑ualach atá orthu, an bailíochtú sonraí agus na seiceálacha cáilíochta a dhéanann Eurostat, tacaíocht a sholáthraíonn Eurostat do na Ballstáit ó thaobh modheolaíochta de, agus faisnéis maidir le comhroinnt sonraí.

Tugtar tuairisc sa chuid dheireanach de Roinn 2 ar na forbairtí maidir le staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre. Déantar achoimre i Roinn 3 ar fhorbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an staitisticí ar iompar earraí agus paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, agus cuirtear príomhchonclúidí na tuarascála i láthair i Roinn 4.

1.2.Comhthéacs an bheartais

Tá an t‑iompar d’uiscebhealaí intíre ina chuid thábhachtach de chóras iompair na hEorpa, ina bhfuil líonra a chuimsíonn níos mó ná 49 684 ciliméadar ar fud 20 Ballstát de chuid an Aontais( 3 ). I gcomparáid le modhanna eile iompair, a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt go minic ar fhadhbanna plódaithe agus acmhainneachta, cuireann iompar d’uiscebhealaí intíre rogha mhalartach ar fáil atá níos iontaofa agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus is suntasach an acmhainneacht atá ann chun úsáid an iompair sin a leathnú. Aithnítear le fada an lá go bhfuil an t‑iompar d’uiscebhealaí intíre, chomh maith leis an iompar d’iarnród, ar cheann de na modhanna iompair earraí is éifeachtúla ó thaobh CO2 de. Meastar, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach do na tionscnaimh de chuid an Aontais a bhfuil cuspóirí mar chuid díobh maidir le haistriú módach chun astaíochtaí carbóin a laghdú in earnáil an iompair ( 4 ) . Thairis sin, gineann iompar d’uiscebhealaí intíre astaíochtaí torainn níos ísle agus soláthraíonn sé ardleibhéil sábháilteachta, buntáiste nach beag go háirithe i gcás iompar earraí contúirteacha. Maolaíonn sé freisin an ró-ualach ar líonraí bóithre i réigiúin dhlúthdhaonra ( 5 ).

I bhfianaise na láidreachtaí sin, d’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag an iompar d’uiscebhealaí intíre i gcóras iompair an Aontais. Aithníonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil acmhainneacht shuntasach fáis ag an iompar d’uiscebhealaí intíre agus tá sé tiomanta feabhas a chur ar a iomaíochas agus ar a ról laistigh den líonra lóistíochta idirmhódúil. Léirítear an gealltanas sin i gclár gníomhaíochta Naiades III( 6 ). Díríonn an clár go príomha ar níos mó lasta a aistriú chuig aibhneacha agus canálacha na hEorpa agus ar aistriú a dhéanamh i dtreo báirsí astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Áirítear ann freisin bearta chun forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus saora ó dhramhaíl le haghaidh soithí agus calafoirt intíre a spreagadh. Tá clár gníomhaíochta Naiades III ailínithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip ( 7 ) agus leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ( 8 ), arb é is aidhm dóibh iompar d’uiscebhealaí intíre agus loingseoireacht ghearrthurais a mhéadú 25 % faoi 2030 go 50 % faoi 2050.

Tá staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre Eorpacha ríthábhachtach chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscnaimh agus ar bheartais faoi chlár Naiades III agus faoi chláir eile de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol, le hiompar, agus leis an margadh aonair. Éilíonn tionscnaimh agus beartais den sórt sin eolas mionsonraithe ar scála an iompair d’uiscebhealaí intíre agus ar na bealaí ina bhfuil an modh iompair sin ag athrú le himeacht ama.

1.3.Cumhdach Ballstát agus tíortha eile

Tá feidhm dhíreach ag an Rialachán ina iomláine maidir leis na Ballstáit uile. Ní gá reachtaíocht náisiúnta a dhéanamh de. Mar sin féin, ní ann d’iompar d’uiscebhealaí intíre i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, tá éifeacht an Rialacháin teoranta dóibh siúd arb ann don mhodh iompair sin iontu.

I gcás na mBallstát sin a bhfuil iompar earraí d’uiscebhealaí intíre acu, bunaítear leis an Rialachán tairseach thar a mbeidh sé d’oibleagáid ar thíortha sonraí a sholáthar. Tá feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir leis na Ballstáit uile ina bhfuil méid iomlán na n‑earraí a iompraítear in aghaidh na bliana d’uiscebhealaí intíre níos mó ná aon mhilliún tona. Faoi láthair, tá sé d’oibleagáid ar 11 Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Chróit, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Rómáin agus an tSlóvaic) sonraí a sholáthar le haghaidh na dtáblaí éigeantacha uile seo a leanas a liostaítear in Iarscríbhinní I go IV:

·I1: Earraí arna n‑iompar de réir an chineáil earraí (sonraí bliantúla);

·II1: Iompar de réir náisiúntacht an tsoithigh agus an chineáil soithigh (sonraí bliantúla);

·III1: Iompar coimeádán de réir an chineáil earraí (sonraí bliantúla);

·IV1: Iompar de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla);

·IV2: Iompar coimeádán de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla).

I measc na dtíortha a bhfuil sé d’oibleagáid orthu sonraí a sholáthar, soláthraíonn an Bheilg, an Ungáir( 9 ) agus Lucsamburg sonraí le haghaidh Thábla roghnach II2 freisin: Trácht soithí (sonraí bliantúla) in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán.

De réir an Rialacháin, ní cheanglaítear ar thíortha a sháraíonn an tairseach aon mhilliún tona ach nach bhfuil aon trácht idirnáisiúnta ná idirthurais acu ach Tábla laghdaithe V1 a sholáthar: Iompar earraí (sonraí bliantúla), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán. Faoi láthair, níl feidhm ag an bhforáil seo ach amháin maidir leis an tSualainn. Mar sin féin, cuireann an tSualainn na táblaí éigeantacha uile ar fáil go deonach, ní hamháin an tábla bliantúil laghdaithe.

Déanann cúig Bhallstát bhreise a bhfuil gníomhaíocht iompair d’uiscebhealaí intíre acu atá faoi bhun na dtairseach a leagtar síos leis an Rialachán sonraí a sholáthar ar bhonn deonach faoi láthair: An tSeicia, an Fhionlainn, an Iodáil, an Liotuáin agus an Pholainn. Cuireann an tSeicia, an Fhionlainn agus an Pholainn isteach na táblaí éigeantacha uile a cheanglaítear leis an Rialachán. Soláthraíonn an tSeicia sonraí bliantúla freisin maidir le trácht soithí le haghaidh Thábla roghnach II2. Os a choinne sin, ní sholáthraíonn an Iodáil agus an Liotuáin ach sonraí bliantúla maidir le hiompar earraí le haghaidh Thábla laghdaithe V1. Lasmuigh den Aontas, cuireann an tSeirbia, tír is iarrathóir, sonraí ar fáil le haghaidh Thábla IV1: Iompar de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla) in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán.

De bhreis ar na táblaí sa Rialachán, chomhaontaigh Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin um Staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre, i mí Feabhra 2007, bailithe deonacha sonraí a eagrú maidir le hiompar earraí contúirteacha (Tábla A2) agus le timpistí (Tábla A3). I mí Dheireadh Fómhair 2013, chinn an Grúpa freisin bailithe deonacha sonraí a eagrú maidir le hiompar earraí de réir an chalafoirt luchtaithe/díluchtaithe (Tábla A4) agus maidir le hiompar earraí de réir an chineáil lasta (Tábla A5).

Le haghaidh na bliana tagartha 2024, rinne roinnt tíortha sonraí a chur isteach go deonach ar fud táblaí éagsúla mar a leanas:

·Thuairiscigh seacht dtír Tábla A2: An tSeicia, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic;

·Thuairiscigh cúig thír Tábla A3: An tSeicia, an Chróit, an Ungáir, an Ostair agus an Pholainn;

·Thuairiscigh ocht dtír Tábla A4: An Bhulgáir, an tSeicia, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Chróit, an Ostair, an Pholainn agus an Rómáin;

·Thuairiscigh ocht dtír Tábla A5 freisin: An Bhulgáir, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Chróit, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn agus an Rómáin.

2.ATHBHREITHNIÚ AR CHUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN

2.1.Oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

Tá na hoibleagáidí maidir le soláthar sonraí a leagtar síos sa Rialachán á gcomhlíonadh go han‑mhaith. Chuir na Ballstáit uile na tacair sonraí is gá ar fáil, ag cloí leis an modheolaíocht a comhaontaíodh agus laistigh de na sprioc-amanna a leagadh síos. Níor tugadh moilleanna beaga faoi deara ach i roinnt cásanna, agus ní raibh tionchar acu ar tháirgeadh staitisticí. Is é an toradh a bhíonn ar an ardleibhéal comhlíontachta ná staitisticí iontaofa ardcháilíochta ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre.

Ó thaobh na rúndachta de, ní thuairiscíonn formhór na mBallstát aon deacracht. Mar sin féin, ainmníonn roinnt tíortha (an Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir) a gcuid sonraí maidir leis an gcalafort luchtaithe agus an calafort díluchtaithe mar shonraí rúnda. Tá na sonraí sin ábhartha do thábla deonach nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin. Ina theannta sin, tá roinnt sonraí marcáilte ag an bhFrainc mar shonraí rúnda ón mbliain tagartha 2023 ar aghaidh. Maidir le gach cineál sonraí rúnda, cuireann Eurostat rialacha agus bearta i bhfeidhm chun a nochtadh a chosc.

2.2.Modhanna bailithe sonraí a úsáideann na Ballstáit

Tá próisis éagsúla bailithe agus tiomsaithe sonraí ann i measc na mBallstát ach cloíonn siad le sreabhadh traidisiúnta faisnéise ón mbun aníos. Tá soláthraithe éagsúla sonraí ann ó thír go tír freisin, agus is iad údaráis chalafoirt agus údaráis loic na foinsí is minice. Líonann tíortha a gcuid sonraí isteach le faisnéis a fhaightear ó raon leathan foinsí, lena n‑áirítear oifigí custaim, tíortha comharsanachta, oibreoirí príobháideacha, gnólachtaí agus gníomhaireachtaí. Baineann formhór na dtíortha tuairiscithe úsáid freisin as sonraí a fhaightear óna gcórais seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) nó ó chórais eile. Ina theannta sin, baineann gach tír tuairiscithe úsáid dhíreach nó indíreach as sonraí a bhailítear ar an leibhéal náisiúnta, chun críoch beartais nó chun iad a chomhroinnt.

Cuireann formhór na n‑údarás náisiúnta seiceálacha bailíochtaithe i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta rialaithe a forbraíodh go hinmheánach sula seoltar an fhaisnéis chuig Eurostat. Cumhdaítear leis na rialacha bailíochtaithe go leor gnéithe den phróiseas, lena n‑áirítear formáidiú agus códú sonraí. Cumhdaítear leo freisin an chomhsheasmhacht laistigh de gach tacar sonraí, idir tacair sonraí agus athróga éagsúla, agus ar fud na hamshraithe.

Foilsítear faisnéis ghinearálta maidir le bailiú agus tiomsú sonraí i meiteashonraí tagartha an Aontais( 10 ) a thugann Eurostat cothrom le dáta go rialta. Foilsítear faisnéis shonrach maidir le modheolaíochtaí náisiúnta i gcomhaid meiteashonraí náisiúnta a dtugann tíortha cothrom le dáta iad ar bhonn bliantúil. Ina theannta sin, áirítear i Lámhleabhar Tagartha Eurostat maidir le Staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre( 11 )  caibidil maidir le modheolaíochtaí náisiúnta ina bhfuil fochaibidlí maidir le foinsí, tiomsú, bailíochtú agus comhroinnt sonraí. Tá an chaibidil maidir le modheolaíochtaí náisiúnta bunaithe ar cheistneoir a seoladh chuig na Ballstáit. Rinneadh athbhreithniú ar an gceistneoir sin agus seoladh chuig tíortha é lena líonadh isteach in 2025. Déanfar freagraí na dtíortha a ionchorprú in athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an lámhleabhar tagartha.

2.3.Na costais agus na hualaí ar na Ballstáit maidir le sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

De réir na faisnéise a chuireann na Ballstáit ar fáil, measann formhór na dtíortha tuairiscithe go bhfuil an t‑ualach oibre a bhaineann le sonraí a sholáthar inghlactha. Tuairiscíonn roinnt Ballstát go gcuirtear an t‑ualach freagartha ar ghníomhairí loingseoireachta, ar chaptaein soithí, ar scipéirí, ar riaracháin chalafoirt, ar údaráis chalafoirt, ar mháistrí cuain réigiúnacha, ar chalafoirt agus ar suíomhanna lódála eile, nó ar pháirtithe eile a cheaptar mar ghníomhairí chun an fhaisnéis is gá a bhailiú.

D’fhéadfadh méadú teacht ar an ualach riaracháin i gcás inar ghá earráidí braite a cheartú de láimh nó inar ghá dul i dteagmháil an athuair le soláthróirí sonraí. D’fhéadfadh ualach breise a bheith i gceist freisin le bailiú sonraí maidir le hiompar idirthurais, rud a éilíonn uaireanta comhar déthaobhach le Ballstáit eile chun na sonraí nó na nósanna imeachta um iontráil bharúlach agus eachtarshuíomh a fháil. Ar an iomlán, ní mheastar go bhfuil costas an bhailithe agus an tuairiscithe sonraí an‑ard.

Tuairiscíonn na Ballstáit atá in ann an costas agus an t‑ualach a bhaineann le bailiú sonraí maidir le huiscebhealaí intíre a chainníochtú éagothromaíochtaí móra, ag brath ar an méid atáthar a iompar d’uiscebhealaí intíre sa tír agus ar na córais tiomsaithe sonraí. Mar sin féin, tá tairseacha bunaithe sa Rialachán maidir le méid na gníomhaíochta iompair chun an t‑ualach tuairiscithe a theorannú agus cáilíocht na staitisticí a choinneáil ag an am céanna.

Simpliú agus an t‑ualach a laghdú

Tá Eurostat ag obair chun an t‑ualach bailithe sonraí a laghdú agus coinníonn sé bealach cumarsáide ar bun leis na Ballstáit maidir leis an ábhar sin. I gcomhar leis na húdaráis staidrimh náisiúnta, tá bearta sonracha á gcur chun feidhme ag Eurostat chun an t‑ualach a bhaineann le bailiú agus tuairisciú sonraí a laghdú. Áirítear leo sin:

·maitrís achair a fhorbairt chun tacú le ríomh na dtomhas ar iompar d’uiscebhealaí intíre i dtona-ciliméadair nó i gciliméadair-paisinéara;

·uirlisí nua bailíochtaithe a d’fhorbair Eurostat, lenar féidir le tíortha tuairiscithe a gcuid sonraí a bhailíochtú sula dtarchuireann siad go hoifigiúil iad chuig Eurostat (réamhbhailíochtú) agus aiseolas a fháil maidir le hearráidí i gcás gach tacair sonraí;

·comhairliúcháin leis na Ballstáit, le tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha maidir le saincheisteanna modheolaíochta agus iarrataí nua (e.g. maidir le hiompar paisinéirí), arb é is aidhm dóibh an t‑ualach ar tháirgeadh staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre a laghdú a mhéid is féidir.

2.4.Seiceálacha bailíochtaithe agus cáilíochta ar na sonraí a fhaightear

Is iad na Ballstáit atá freagrach as sonraí a bhailiú agus a tharchur, ach déanann Eurostat gach beart is gá chun staitisticí ardcháilíochta a áirithiú agus chun aon earráid nó aon neamhréireacht sna sonraí a fhaightear a bhrath.

Ó bhí 2023 ann, tá córas sofaisticiúil bainistithe sonraí TF curtha chun feidhme ag Eurostat ina bhfuil dhá chomhpháirt fheabhsaithe: uirlisí nua bailíochtaithe sonraí, agus bogearraí cumhachtacha Córas Anailíse Staidrimh (SAS) chun sonraí maidir le hiompar d‘uiscebhealaí intíre a phróiseáil, a sheiceáil agus a fhoilsiú.

Tá nósanna imeachta maidir le tarchur agus bailíochtú sonraí thar a bheith caighdeánaithe anois. Tarchuireann tíortha tuairiscithe tacair sonraí chuig Eurostat trí thairseach EDAMIS( 12 ) trí úsáid a bhaint as struchtúr atá comhoiriúnach le caighdeán SDMX (Malartú Sonraí Staidrimh agus Meiteashonraí). Cuirtear próiseas láidir bailíochtaithe dhá chéim i bhfeidhm ansin ar na tacair sonraí a fhaightear:

·Ar an gcéad dul síos, leis an uirlis STRUVAL (‘STRUctural VALidation’), déantar gach tacar sonraí a bhailíochtú i dtéarmaí formáide, iomláine na réimsí éigeantacha, agus chruinneas an struchtúir agus na gcód a úsáidtear.

·Ar an dara dul síos, leis an uirlis CONVAL (‘CONtent VALidation’), déantar inneachar gach tacair sonraí a bhailíochtú ar bhonn rialacha agus tairseacha réamhshainithe. Ní dhéantar bailíochtú CONVAL go dtí go n‑éiríonn le tacar sonraí i mbailíochtú STRUVAL.

Faigheann tíortha tuairiscithe tuarascáil bhailíochtaithe mhionsonraithe i ndiaidh gach céime bailíochtaithe, rud a fhágann go bhfuil sé éasca aon earráid a cheartú. Tá na rialacha bailíochtaithe is infheidhme á dtabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ag Eurostat chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus chun a áirithiú go dtáirgtear staitisticí ardcháilíochta.

Tar éis do shonraí a bheith lódáilte isteach i mbunachar sonraí táirgeachta Chóras Anailíse Staidrimh (SAS) Eurostat, cuirtear seiceálacha cáilíochta mionsonraithe i bhfeidhm ar na sonraí. Baineann na seiceálacha sin le comhsheasmhacht amshraithe, comhsheasmhacht sonraí ráithiúla agus bliantúla ó thacar sonraí go chéile, agus comparáid idir torthaí ó thíortha tuairiscithe atá i gcomhpháirt lena chéile (seiceálacha scáthánacha).

Ar an iomlán, tá cáilíocht na sonraí a tharchuirtear maith. Mar sin féin, tá gá fós le hiarrachtaí chun na neamhréireanna a bhraitear trí sheiceálacha scáthánacha a laghdú agus chun feabhas a chur ar thuairisciú sonraí maidir le hiompar idirthurais d’uiscebhealaí intíre.

2.5.Tacaíocht mhodheolaíochta a sholáthraíonn Eurostat do na Ballstáit

Cuireann Eurostat tacaíocht mhodheolaíochta agus tacaíocht theicniúil leanúnach ar fáil do thíortha tuairiscithe maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme mar iarracht chun sonraí agus meiteashonraí a choinneáil ar ardcháilíocht.

Tugann cruinnithe Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin um staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre an deis do na Ballstáit, do thíortha CSTE, do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha cáilíocht sonraí, saincheisteanna modheolaíochta agus tionscadail nua a phlé. Is buanmhír ar an gclár oibre é cur chun feidhme an Rialacháin freisin ag cruinnithe bliantúla Ghrúpa Comhordaithe an Choimisiúin um staitisticí ar Iompar.

Ina theannta sin, i Lámhleabhar Tagartha Eurostat maidir le staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre, tugtar treoraíocht mhionsonraithe do thíortha tuairiscithe maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme. Déantar an lámhleabhar tagartha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta (ar bhonn bliantúil de ghnáth) chun an fhaisnéis, an doiciméadacht agus na treoirlínte is déanaí a bhaineann le bailiú staitisticí ar iompar d’uiscebhealach intíre a chur san áireamh.

Rinneadh athbhreithniú nach beag ar an nGluais um staitisticí iompair ( 13 ), a táirgeadh i ndlúthchomhar le Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip agus leis an bhFóram Idirnáisiúnta Iompair. Is é is aidhm don ghluais sainmhínithe ar staitisticí iompair a chaighdeánú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áireofar sa ghluais athbhreithnithe roinn fheabhsaithe, chothrom le dáta maidir le hiompar d’uiscebhealaí intíre ina mbeidh sainmhínithe atá ar aon dul leis na sainmhínithe sa Rialachán agus sainmhínithe nua a bhaineann le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre. Tá sé beartaithe an ghluais athbhreithnithe a fhoilsiú go luath in 2026.

2.6.An chomhroinnt sonraí

Bunachar sonraí ar líne Eurostat

Foilsíonn Eurostat na sonraí a bhailítear faoin Rialachán trína bhunachar sonraí ar líne atá inrochtana go héasca trí shuíomh gréasáin Eurostat( 14 ) . Tá 17 dtábla sa bhunachar sonraí maidir le hiompar earraí d’uiscebhealaí intíre, a thugtar cothrom le dáta go rialta agus a chomhlánaítear le comhaid mheiteashonraí mhionsonraithe Eorpacha agus náisiúnta.

Táirgí comhroinnte

Táirgeann Eurostat na ceithre alt Statistics Explained (‘staitisticí arna Mhíniú’) seo a leanas maidir le hiompar earraí d’uiscebhealaí intíre. Leis na hailt sin, déantar forléargas ar na forbairtí is tábhachtaí sa mhodh iompair sin agus anailís ar na sonraí a bhailítear faoin Rialachán a chur ar fáil do na meáin agus don phobal i gcoitinne.

1.Iompar lasta d’uiscebhealaí intíre — sonraí ráithiúla agus bliantúla( 15 )

2.staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre de réir catagóir táirge( 16 )

3.Uiscebhealaí intíre – staitisticí ar iompar coimeádán( 17 )

4.Iompar lasta d’uiscebhealaí intíre ar an leibhéal réigiúnach ( 18 )

Déantar na hailt sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain a luaithe a thugtar an bailiú sonraí le haghaidh bliain tagartha ar leith chun críche.

Modhanna eile comhroinnte

Roinntear sonraí maidir le hiompar d’uiscebhealaí intíre freisin trí ailt nuachta Eurostat (e.g. Laghdú ar iompar lasta d’uiscebhealaí intíre arís in 2023)( 19 ) agus trí fhoilseacháin eile de chuid Eurostat, amhail Príomhfhigiúirí maidir le hiompar Eorpach( 20 ) agus Príomhfhigiúirí maidir leis an Eoraip( 21 ) . Scaiptear na sonraí freisin i bhfoilseacháin Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (e.g. ina Leabhar póca Staidrimh)( 22 ) .

Áirítear sonraí maidir le hiompar earraí d’uiscebhealach intíre freisin sa Tuarascáil Faireacháin ar an bhForbairt Inbhuanaithe ( 23 ) lena mbreathnaítear ar dhul chun cinn maidir le cuspóir beartais an Aontais i dtaca le lasta a aistriú ó bhóthar go hiarnróid agus go huiscebhealaí intíre. Leis an táscaire ábhartha sa tuarascáil sin, déantar anailís ar an bhforbairt ghearrthéarmach agus fhadtéarmach sa chóimheas idir an t‑iompar d’iarnróid agus d’uiscebhealaí intíre agus an t‑iompar lasta intíre iomlán i dtona-ciliméadair.

Cuireann Eurostat asbhaintí sonraí saincheaptha ar fáil freisin arna n‑iarraidh sin don úsáideoir. Foilsítear na sonraí uile a áirítear in asbhaintí saincheaptha agus i bhfoilseacháin i mbunachar sonraí ar líne Eurostat freisin.

2.7.Staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre

Cé gur earnáil bheag é an t‑iompar d’uiscebhealaí intíre, tá an deighleog den earnáil a bhaineann le hiompar paisinéirí ag fás go tapa. Dá bhrí sin, tá sonraí maidir lena gníomhaíocht eacnamaíoch agus lena forbairt eacnamaíoch fíor-riachtanach chun breathnóireacht a dhéanamh ar an margadh agus chun beartais a fhorbairt.

Faoi láthair, ní cheanglaítear leis an Rialachán go mbaileofar staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre. Mar sin féin, ceanglaítear le hAirteagal 5 den Rialachán ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, imscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, lena n‑áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

I gcomhréir le ceanglais Airteagal 5, in 2018 d’fhorbair Eurostat agus na Ballstáit dréacht‑mhodheolaíocht chun staitisticí a thiomsú ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, a bheadh le húsáid ag na Ballstáit i dtreoirstaidéir. In 2019, thug Eurostat cómhaoiniú do sheacht mBallstát (an Ghearmáin, an Chróit, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn) chun treoirstaidéir a dhéanamh ina raibh dhá mhodúl: staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre (modúl 1); agus staitisticí ar thimpistí ar uiscebhealaí intíre (modúl 2). In 2020, rinne Eurostat suirbhé maidir le staitisticí ar iompar paisinéirí freisin leis na Ballstáit uile lena mbaineann chun na barúlacha a tugadh sna seacht treoirstaidéar a chomhlánú.

I mí Feabhra 2021, ghlac an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ( 24 ) inar cuireadh i láthair toradh na dtreoirstaidéar agus toradh shuirbhé 2020 maidir le staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre. Díríodh sa tuarascáil ar a indéanta a bheadh sé sonraí nua a bhailiú, ar cháilíocht sonraí staidrimh, ar mhodheolaíocht ghaolmhar, agus ar na costais agus na hualaí ar na Ballstáit. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go raibh dianscrúdú déanta ag na treoirstaidéir ar a indéanta a bheadh sé sonraí a bhailiú maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, agus gur léirigh siad go mbeadh sé indéanta na sonraí sin a bhailiú go pointe áirithe sna seacht dtír rannpháirteacha. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil freisin, áfach, go gcaithfí cothromaíocht a aimsiú idir an gá atá le sonraí agus infhaighteacht faisnéise agus an t‑ualach ar fhreagróirí.

Cuireadh toradh na dtreoirstaidéar i láthair ag an gcruinniú a bhí ag Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin um staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre i mí Dheireadh Fómhair 2021. Tar éis an chruinnithe sin, sheol Eurostat comhairliúchán leis na Ballstáit arbh é ab aidhm dó an mhodheolaíocht a bhí beartaithe a chur in oiriúint do bharúlacha na dtreoirstaidéar agus do nótaí tíre eile. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin, rinneadh simpliú ar na tacair sonraí a bhí beartaithe maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre chun an t‑ualach ar fhreagróirí a laghdú. Pléadh leagan athbhreithnithe den dréacht‑mhodheolaíocht ag an dara comhairliúchán tíortha i mí na Bealtaine 2022. Leis an gcomhairliúchán sin, tugadh i gcrích an plé ar an modheolaíocht a bhí beartaithe, rud a d’fhág go mbeadh ceithre thacar sonraí maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre san áireamh.

·Tacar sonraí 1: an líon paisinéirí, seachas paisinéirí aistear abhann, arna n‑iompar de réir an réigiúin bordála, an réigiúin díbhordála agus an chineáil turais (tacar sonraí bliantúil).

·Tacar sonraí 2: aistir abhann — an líon paisinéirí de réir an réigiúin bordála (tacar sonraí bliantúil).

·Tacar sonraí 3: aistir abhann — an líon turas ar cuireadh tús lena n‑aistear sa tír thuairiscithe (tacar sonraí bliantúil).

·Tacar sonraí 4: an líon soithí atá cláraithe i dtír (bíodh siad i mbun loingseoireachta ar a huiscebhealaí intíre nó ná bíodh) de réir chineál na cóiríochta, thoilleadh an tsoithigh agus aois an tsoithigh (tacar sonraí a bhailítear gach 2 bhliain).

Chun an mhodheolaíocht a comhaontaíodh a thástáil arís, chómhaoinigh Eurostat treoirthionscadail i dtaca le bailiú sonraí maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre tríd an nglao ar thograí (deontais) a d’eisigh sé in 2022. Cuireadh ceithre thogra isteach agus rinneadh iad a chómhaoiniú in 2023. Cuireadh toradh na dtionscadal sin i láthair sa chruinniú a bhí ag Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin um staitisticí ar d’Uiscebhealaí Intíre in 2025.

Leis na torthaí tionscadail sin, beifear in ann an mhodheolaíocht maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre a mhionchoigeartú de réir mar is gá. Chuir Eurostat bailchríoch ar an modheolaíocht i mí na Nollag 2025. Mar chéad chéim eile, bunóidh sé bailiú sonraí rialta deonach chun measúnú a dhéanamh ar stóinseacht na modheolaíochta san fhadtéarma agus ar éifeachtúlacht na mBallstát chun na tacair sonraí inmhianaithe a tháirgeadh. Tá sé beartaithe an chéad bhailiú sonraí deonach a dhéanamh in 2026 lena gcumhdófar an bhliain tagartha 2025.

Déanann DIMESA (Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin – Stiúrthóirí Staidrimh agus Cuntas Earnála agus Comhshaoil) ( 25 ) dul chun cinn sa réimse seo a chur i láthair agus a phlé go rialta.

3.FORBAIRTÍ A D’FHÉADFAÍ A DHÉANAMH AMACH ANSEO AR STAITISTICÍ AR IOMPAR D’UISCEBHEALAÍ INTÍRE

Tá ról ríthábhachtach ag staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre maidir le spriocanna beartais a leagan síos agus faireachán a dhéanamh orthu. Baintear é sin amach faoi láthair trí shonraí a sholáthar maidir leis na méideanna earraí a iompraítear, líon agus trácht na soithí uiscebhealaí intíre, bonneagar uiscebhealaí intíre, chomh maith le caiteachas infheistíochta agus cothabhála ar bhonneagar iompair uiscebhealaí intíre. Bailítear sonraí maidir le trealamh, bonneagar agus caiteachas ar bhonn deonach agus ní faoin Rialachán ach trí úsáid a bhaint as Ceistneoir Coiteann Eurostat/an Fhóraim Iompair Idirnáisiúnta/CEE-NA maidir le staitisticí ar iompar intíre. Soláthraíonn an bailiúchán sonraí táscairí maidir le gnéithe éagsúla, amhail:

·fad an líonra uiscebhealaí intíre inseolta;

·an líon soithí lasta de réir cineáil, bliana tógála agus acmhainne ualaigh;

·leibhéal an chaiteachais infheistíochta agus cothabhála ar bhonneagar iompair uiscebhealaí intíre.

Ina theannta sin, tá Eurostat ag lorg bealaí chun cabhrú le tíortha staitisticí reatha a thuairisciú. Sa chomhthéacs sin, forbairt amháin atá luaite ag na Ballstáit is ea tacaíocht Eurostat maidir le sonraí idirthurais a thiomsú ar bhonn maitrís achair ar leibhéal calafoirt go calafort. Tá maitrís achair den sórt sin á forbairt ag an gCoimisiún chun cuidiú leis an ualach a bhaineann le bailiú sonraí a laghdú. Trí úsáid a bhaint as an maitrís achair, is féidir leis na Ballstáit an t‑achar iomlán ó chalafort go calafort a mhiondealú sna hachair aonair a thaistealaítear i ngach ceann de na tíortha a dtéitear tríothu i rith an turais. Braitheann forbairt bhreise na maitríse achair go príomha ar shainaithint bheacht shuíomh geografach gach calafoirt. Éascóidh an mhaitrís achair ríomh Eurostat ar tháscairí maidir leis an gcion módach freisin. Chun na críche sin, áfach, moltar do na Ballstáit sonraí a sholáthar maidir le méideanna earraí de réir an chalafoirt luchtaithe/díluchtaithe, d’ainneoin gur ar bhonn deonach a dhéantar é sin.

Is minic a chuirtear sonraí maidir le hiompar d’uiscebhealaí intíre i gcomparáid le sonraí maidir le modhanna eile iompair, chun measúnú a dhéanamh ar an gcion módach. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit iompar d’uiscebhealaí intíre a thuairisciú de réir an chineáil lasta chun borradh a chur faoin inchomparáideacht le modhanna eile iompair, go háirithe iompar muirí agus iompar de bhóthar.

Thairis sin, d’fhéadfadh ról ní ba mhó a bheith ag uiscebhealaí intíre in iompar paisinéirí, ag gníomhú dóibh mar chuid fhíor-riachtanach den tsoghluaisteacht inbhuanaithe. Agus an fhéidearthacht sin á haithint aige, tá dul chun cinn suntasach déanta ag Eurostat trí mhodheolaíocht a fhorbairt don staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre agus trí thacú le treoirthionscadail ábhartha arna reáchtáil ag údaráis staidrimh náisiúnta. Mar a thuairiscítear i Roinn 2, tá sé beartaithe ag Eurostat an mhodheolaíocht ábhartha a bheachtú agus oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun bailiú deonach rialta sonraí a chur ar bun. Is é is aidhm don tionscnamh sin meastóireacht bhreise a dhéanamh ar stóinseacht na modheolaíochta.

Tá sé beartaithe ag Eurostat freisin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a staitisticí ar thimpistí ar uiscebhealaí intíre. In 2026, bunaithe ar thorthaí na dtreoirstaidéar a rinne in 2019, seolfaidh Eurostat comhairliúchán i scríbhinn le Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin um Staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre maidir lena indéanta a bheadh tacair sonraí deonach ina mbeadh athróga agus toisí sa bhreis ar na cinn a scaiptear faoi láthair, amhail leibhéal tromchúise timpiste, an cineál timpiste, an cineál soithí lena bhain, agus an líon daoine a maraíodh nó a gortaíodh.

Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar fhaisnéis faoi ghnéithe comhshaoil an iompair d’uiscebhealaí intíre agus faoi shaintréithe soithí amhail a gcineál breosla, pléifidh Eurostat leis na Ballstáit an fhéidearthacht athróga ábhartha a thabhairt isteach ar bhonn faisnéise ó fhoinsí riaracháin.

Le Rialachán (AE) 2024/3018 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staitisticí Eorpach ( 26 ). Foráiltear leis go bhféadfaidh institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile rochtain a fháil ar shonraí riaracháin agus iad a úsáid saor in aisce, ar bhealach tráthúil agus le minicíocht leordhóthanach, chun staitisticí Eorpach a tháirgeadh agus a chomhroinnt.

Sa chomhthéacs sin, pléifidh Eurostat leis na Ballstáit an fhéidearthacht sonraí riaracháin ón gcóras seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) a úsáid chun críocha staidrimh. Cuireann an córas sin seirbhísí faisnéise comhchuibhithe ar fáil chun tacú le bainistiú tráchta agus iompair i ndáil leis an loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre. Déanfaidh Eurostat imscrúdú ar an bhféidearthacht sonraí RIS maidir le trácht soithí a úsáid le haghaidh staitisticí; is éard atá sna sonraí sin faisnéis faoi shuíomhanna soithí trí chaighdeáin rianaithe agus lorgaireachta soithí RIS.

Ina theannta sin, le Treoir (AE) 2016/1629 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre ( 27 ), cuirtear coinníollacha coiteanna i bhfeidhm maidir le deimhnithe loingseoireachta intíre a eisiúint do shoithí san Aontas. Chun cur i bhfeidhm cuí na Treorach seo a áirithiú, cruthaíodh bunachar sonraí tiomnaithe – an Bunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha – chun sonraí lena sainaithnítear soithí uiscebhealaí intíre a choinneáil, agus chun sonraí maidir le saintréithe áirithe chomh maith le deimhnithe soithí a choinneáil. Féachfaidh Eurostat an bhféadfaí sonraí riaracháin a aisghabháil ón mbunachar sonraí sin chun críoch staidrimh, chun an t‑ualach bailithe sonraí ar na Ballstáit a laghdú a thuilleadh.

D’fhéadfaí cumhdach geografach an staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre a leathnú freisin mar thoradh ar mhéadú an Aontais amach anseo chun tíortha nua a chur san áireamh. Tá roinnt tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach ag tabhairt faoi threoirthionscnaimh bailithe sonraí faoi láthair maidir le hiompar lasta agus paisinéirí araon d’uiscebhealaí intíre. Maoiníodh na tionscnaimh sin leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA). Tá coinne le torthaí na dtreoirthionscadal sin in 2026 agus 2027. Tá Eurostat ag tacú i gcónaí le hiarrachtaí na dtíortha is iarrthóirí agus is iarrthóirí ionchasacha agus ag tacú le go ndéanfaidh siad dul chun cinn amach anseo maidir leis an Rialachán a chomhlíonadh, trí shaincheisteanna modheolaíochta, cáilíocht sonraí, tarchur sonraí agus próisis bhailíochtaithe a phlé.

4.CONCLÚIDÍ

Is dearfach i gcónaí an taithí agus na torthaí a fuarthas ón Rialachán a chur chun feidhme. Comhlíonann na Ballstáit na hoibleagáidí maidir le soláthar sonraí, agus is leor na hacmhainní a leithdháiltear ar leibhéal Eurostat agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun torthaí ardcháilíochta a áirithiú.

Déanann Eurostat gach beart is gá chun tacú leis na Ballstáit agus chun cuidiú leo an Rialachán a chur chun feidhme agus molann sé do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre a fháil agus a thiomsú. Tá nuachóiriú déanta ag Eurostat ar a chóras TF chun sonraí maidir le hiompar d’uiscebhealaí intíre a bhailíochtú agus a phróiseáil, rud a chuireann feabhas ar cháilíocht na sonraí sin agus a éascaíonn obair na n‑údarás staidrimh náisiúnta.

Is é Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin um Staitisticí ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre an comhlacht fós faoina bpléitear cur chun feidhme an Rialacháin agus feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh air. Ionas nach gcuirfear ualaí breise ar na Ballstáit, níl Eurostat ag smaoineamh faoi láthair ar bhailiúcháin sonraí éigeantacha bhreise a thabhairt isteach. Ina ionad sin, tá sé beartaithe ag Eurostat bailiú deonach rialta sonraí a chur ar bun maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre. Áireofar ar fhorbairtí eile a dhéanfar amach anseo aisghabháil fhéideartha sonraí riaracháin, agus bailchríoch a chur ar an maitrís achair ar leibhéal calafoirt go calafort.

Scaiptear staitisticí ar iompar d’uiscebhealaí intíre trí bhunachar sonraí ar líne Eurostat, trí ailt staidrimh agus nuachta agus trí fhoilseacháin eile de chuid an Choimisiúin. Tá an staitisticí sin luachmhar do na Ballstáit, do lucht déanta beartas, d’eagraíochtaí earnála agus do choimisiúin aibhneacha, ós rud é go gcuidíonn siad leo beartais maidir le hiompar inbhuanaithe, glan agus sábháilte a dhearadh agus a mheasúnú.

Cuidíonn an Rialachán go héifeachtúil agus go héifeachtach le staitisticí iontaofa comhchuibhithe a ghiniúint ar iompar d’uiscebhealaí intíre ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, rud a thacaíonn leis an gCoimisiún iomaíochas an iompair d’uiscebhealaí intíre agus comhtháthú lóistíochta idirmhódúil an iompair sin a chur chun cinn.

(1)

 IO L 179, 16.7.2018, lgh. 14–29. ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/974/oj .

(2) Glacadh an chéad tuarascáil an 18 Nollaig 2020 (COM(2020) 821 final).
(3)  Tá an ríomh bunaithe ar shonraí atá ar fáil ag https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/iww_if_infrastr__custom_16182625/default/table?lang=en (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis). Tá fad iomlán an líonra bunaithe ar shonraí 2023, ach amháin i gcás na Beilge inarb ó 2008 na sonraí is déanaí atá ar fáil.
(4)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021DC0324 (Ar fáil i mBéarla amháin).
(5)   https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/inland-waterways_en   (Ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais).
(6)   https://transport.ec.europa.eu/transport-modes/inland-waterways/promotion‑inland-waterway-transport/naiades-iii-action‑plan_en (Ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais).
(7)  COM(2019) 640 final;
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52019DC0640&qid=1758888521529
(8) COM(2020) 789 final; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0789&qid=1758888687830
(9) Níor thuairiscigh an Ungáir aon sonraí maidir le trácht soithí le haghaidh na mblianta tagartha 2022, 2023 ná 2024.
(10)   https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/en/iww_go_esms.htm (Ar fáil i mBéarla amháin).
(11)

https://ec.europa.eu/eurostat/documents/29567/3217334/iww_reference_manual_april_2023.pdf/95785869-c98a-7f6a-a936-b243bb5ba468 (Ar fáil i mBéarla amháin).

(12)   Córas Faisnéise Leictreonach um Riar agus Bainistiú Sreabhadh Sonraí. Is é seo an pointe iontrála aonair a úsáideann Eurostat le haghaidh malartú sonraí. https://cros.ec.europa.eu/dashboard/edamis
(13)   https://data.europa.eu/doi/10.2785/675927  (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(14)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/transport/information‑data/inland-waterways-transport (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(15)   Iompar lasta d’uiscebhealaí intíre — sonraí ráithiúla agus bliantúla (Ar fáil i mBéarla amháin).
(16)   staitisticí maidir le hiompar d’uiscebhealaí intíre de réir catagóir táirge (Ar fáil i mBéarla amháin).
(17)   Uiscebhealaí intíre – staitisticí ar iompar coimeádán (Ar fáil i mBéarla amháin).
(18)   Iompar lasta d’uiscebhealaí intíre ar an leibhéal réigiúnach (Ar fáil i mBéarla amháin).
(19)   https://ec.europa.eu/eurostat/en/web/products-eurostat-news/w/ddn‑20240920-1 (Ar fáil i mBéarla amháin).
(20)   https://data.europa.eu/doi/10.2785/9777356  (Ar fáil i mBéarla amháin).
(21)   https://data.europa.eu/doi/10.2785/318624 (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(22)

  https://data.europa.eu/doi/10.2832/16593 (Ar fáil i mBéarla amháin).

(23)

  https://data.europa.eu/doi/10.2785/98370 (Ar fáil i mBéarla amháin).

(24)  Tuarascáil an 12.2.2021 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le torthaí na dtreoirstaidéar a rinne na Ballstáit maidir le staitisticí ar iompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre de réir Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2018/974, COM(2021) 59 final;  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021DC0059 .
(25)   https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?groupID=1528  
(26)

IO L, 2024/3018, 6.12.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3018/oj .

(27) IO L 252, 16.9.2016, lgh. 118–176, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/1629/oj .
Top