AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2025
COM(2025) 581 final
2025/0581(CNS)
Togra le haghaidh
TREOIR ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2020/262 a mhéid a bhaineann leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil i ndáil le tobac agus táirgí a bhaineann le tobac
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I dTreoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (‘an Treoir’ anseo feasta), leagtar amach socruithe ginearálta le haghaidh earraí atá faoi réir dleacht mháil, agus béim ar leith á leagan ar tháirgeadh, stóráil agus gluaiseacht earraí máil idir na Ballstáit. Cuireadh an Treoir in ionad Threoir 2008/118/CE ón gComhairle. Is é príomhchuspóir na Treorach ligean d’earraí gluaiseacht gan bhac laistigh den Aontas agus a áirithiú an tráth céanna go mbaileoidh na Ballstáit an fiachas ceart cánach.
Eascraíonn an leasú teicniúil seo ar an Treoir as an athbhreithniú a rinneadh ar Threoir 2011/64/AE ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe. Tá comhthéacs an tionscnaimh seo leagtha amach go cuimsitheach sa mheabhrán míniúcháin don togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac. Leis an dréacht-togra, dhéanfaí athbhreithniú ar Threoir 2011/64/AE ón gComhairle trí chánachas ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac a ailíniú níos fearr le cuspóirí sláinte agus trí oiriúnú a dhéanamh i leith forbairtí nua agus treochtaí margaidh, trí rialacha comhchuibhithe maidir le cánachas dleachta máil a thabhairt isteach le haghaidh táirgí nua (amhail táirgí tobac théite, leachtanna le haghaidh toitíní leictreonacha agus táirgí eile ina bhfuil nicitín) agus tobac amh.
Tá gá leis an togra chun an Treoir a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a bheith ann agus chun a áirithiú go mbeidh socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil infheidhme freisin maidir leis na táirgí nua-shainithe tobac agus na táirgí nua-shainithe a bhaineann le tobac agus maidir le tobac amh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tugann an togra cuspóirí na Treorach chun cinn, is é sin, feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus cánachas éifeachtach a áirithiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an t‑athbhreithniú ar an Treoir comhsheasmhach leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir 2011/64/AE ón gComhairle a bhfuil na cuspóirí céanna aige agus atá ag an Treoir sin, is é sin feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus riarachán éifeachtúil máil a áirithiú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Foráiltear leis an Airteagal sin go bhféadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha na mBallstát i réimse na cánach indírí.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith astu féin agus dá bhrí sin is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra sin prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CFAE. Ní théann na leasuithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna atá i gceist agus chun chun a áirithiú go mbeidh an margadh inmheánach ag feidhmiú go héifeachtach cuí.
•An rogha ionstraime
Treoir atá sa togra seo.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Is gá athruithe a dhéanamh ar an Treoir tar éis na n‑athruithe a mholtar san athbhreithniú ar Threoir 2011/64/AE ón gComhairle, lena n‑áirítear raon feidhme na Treorach sin a leathnú chun táirgí nua agus tobac amh a chumhdach. Rinneadh próiseas meastóireachta cheana féin ar an athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir 2011/64/AE ón gComhairle, próiseas a chuirtear i láthair go cuimsitheach i meabhrán míniúcháin an togra chun Treoir 2011/64/AE ón gComhairle a leasú.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Cuirtear an-chuid faisnéise ar fáil maidir le comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac.
Sa straitéis chomhairliúcháin don athbhreithniú ar Threoir 2011/64/AE ón gComhairle, féachadh le haiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na rialacha reatha maidir le struchtúir na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí tobac monaraithe, maidir leis an ngá atá le creat rialála an Aontais a uasghrádú agus a dtuairimí a fháil maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá cúrsaí bailithe agus úsáide saineolais leagtha amach go cuimsitheach sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac.
•Measúnú tionchair
Cuirtear an measúnú tionchair ar fáil sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Cuirtear an-chuid faisnéise ar fáil maidir le hoiriúnacht rialála agus simpliú sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ioncam do bhuiséad náisiúnta na mBallstát is ea dleacht mháil. Maidir leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a chuirtear i láthair i gcomhthráth leis an togra seo, déantar foráil leis maidir le hacmhainn dhílis nua lena n‑iarrfar sciar den íosráta le haghaidh tobac agus táirgí a bhaineann le tobac. Cé nach bhfuil sé nasctha go dlíthiúil leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir, cuireann sé leis na roghanna beartais a leagtar amach sa Treoir (agus sna hathbhreithnithe uirthi). Treisíonn sé an tiomantas i leith sláinte fhoriomlán na saoránach a chosaint agus a fheabhsú, chomh maith le maolú a dhéanamh ar shaobhadh a eascraíonn as trádáil trasteorann táirgí faoi raon feidhme na Treorach.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl gá le plean cur chun feidhme toisc gur leasú teicniúil é an togra seo.
2025/0581 (CNS)
Togra le haghaidh
TREOIR ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2020/262 a mhéid a bhaineann leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil i ndáil le tobac agus táirgí a bhaineann le tobac
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I dTreoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, leagtar síos socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil a thoibhítear ar thomhailt earraí máil áirithe, lena n‑áirítear tobac monaraithe a chumhdaítear le Treoir 2011/64/AE ón gComhairle. Cuireadh Treoir (AE) XX/XXX ón gComhairle [Oifig na bhFoilseacháin: cuir isteach uimhir agus bliain na Treorach ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac arna glacadh an lá céanna leis an Treoir seo] in ionad Threoir 2011/64/AE, lenar bunaíodh struchtúr agus rátaí dleachta máil tobac mhonaraithe, le héifeacht ón 1 Eanáir 2028. Le Treoir (AE) XX/XXX [Oifig na bhFoilseacháin: cuir isteach uimhir agus bliain na Treorach ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac arna glacadh an lá céanna leis an Treoir seo] cumhdaítear roinnt táirgí nua a fheidhmíonn mar tháirgí ionaid do thobac monaraithe, ina bhfuil tobac nó nicitín, agus tobac amh. Dá bhrí sin, ba cheart na táirgí sin go léir a chumhdach freisin sa liosta d’earraí máil a bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2020/262 maidir leo.
(2)Chun a áirithiú go mbraitear neamhrialtachtaí agus atreoruithe a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart oibríochtaí slabhra soláthair le haghaidh tobac amh a chur faoi réir na gceanglas rialaithe agus gluaiseachta de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle. I bhfianaise an ualaigh a chuirfidís ar shaothróirí beaga agus i bhfianaise an riosca theoranta calaoise a bheadh ann, ba cheart do na Ballstáit saothróirí tobac, a gcuid eagraíochtaí agus a gcuid comhlachas a dhíolmhú ó na ceanglais rialaithe agus ghluaiseachta, ar choinníoll nach mbíonn baint acu le tobac leasaithe nó triomaithe a chlaochlú ina thobac próiseáilte.
(3)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2020/262 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2020/262 mar a leanas:
in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2020/262, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)
‘(c) tobac agus táirgí a bhaineann le tobac a chumhdaítear le Treoir (AE) XX/XXX ón gComhairle*’;
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
‘Airteagal 50a
Saothróirí tobac, a gcuid eagraíochtaí agus a gcuid comhlachas
Déanfaidh na Ballstáit saothróirí tobac, a gcuid eagraíochtaí agus a gcuid comhlachas a eisiamh ó cheanglais Airteagail 14 go 21, 24 go 28, 30 go 31, 33 go 47 agus ó na ceanglais eile a bhaineann le hinmhuirireacht dleachta máil, ar choinníoll nach mbíonn baint acu le tobac leasaithe nó triomaithe a chlaochlú ina thobac próiseáilte.’
___________
* Treoir XX/XXX ón gComhairle [Oifig na bhFoilseacháin: cuir isteach uimhir agus bliain, tagairt IO agus ELI na Treorach ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac agus ar tháirgí a bhaineann le tobac arna glacadh an lá céanna leis an Treoir seo].’.
Airteagal 2
1.
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2028.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán