AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.3.2025
COM(2025) 132 final
2025/0068(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt arna bunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt i ndáil leis na cinntí atá beartaithe a ghlacadh is gá le haghaidh fheidhmiú ceart chóras an Aontais maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt, cinneadh mar a leagtar amach i dTreoir 2009/16/CE.
2. Comhthéacs an Togra
2.1.Meabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt
Le Meabhrán Comhthuisceana Pháras foráiltear do chóras cigireachta ag oifigigh um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt i ndáil le longa eachtracha i gcalafoirt náisiúnta chun a fhíorú go bhfuil inniúlacht an mháistir, na n‑oifigeach agus an chriú atá ar bord, mar aon le bail na loinge agus an trealaimh atá uirthi, i gcomhréir le ceanglais na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta agus chun a fhíorú go ndéantar an soitheach a fhoireannú agus a oibriú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme. Síníodh Meabhrán Comhthuisceana Pháras an 26 Eanáir 1982.
Ionchorpraítear i dTreoir 2009/16/CE (mar a leasaítear) nósanna imeachta agus uirlisí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Tá Ballstáit uile an Aontais a bhfuil calafoirt mhuirí acu, chomh maith le Ceanada, leis an Íoslainn, leis an Iorua, le Montainéagró, agus le Cónaidhm na Rúise ina gcomhaltaí de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Níl an tAontas Eorpach ina chomhalta de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras.
2.2.An gníomh atá beartaithe ag Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras
Chun go mbeidh rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt in ann feidhmiú san Aontas ba cheart méid áirithe cinntí a ghlacadh gach bliain i gcomhthéacs Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Áirítear leo sin gealltanas cigireachta bliantúil gach Ballstáit, na meánrátaí easnaimh agus coinneála is gá le haghaidh na próifíle riosca loinge a úsáidtear chun díriú ar longa ar a ndéanfar cigireacht agus, chomh maith leis sin, chun nuashonrú a dhéanamh ar threoracha agus ar threoirlínte ar an gcaoi a bhfuil na cigireachtaí le bheith curtha i gcrích.
Glactar na cinntí sin de chomhthoil ag an gCoiste bliantúil um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt (PSCC) a thagann le chéile gach bliain i mí na Bealtaine. Cé nach bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin ag Meabhrán Comhthuisceana Pháras i leith údaráis a chomhaltaí, de bhua Threoir 2009/16/CE beidh na cinntí arna nglacadh ag comhlacht inniúil iomchuí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras ceangailteach ar Bhallstáit an Aontais.
3. AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN an AONTAIS
De bhun Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Meabhrán Comhthuisceana Pháras, nuair a iarrtar orthu gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, ní mór an seasamh sin a ghlacadh le Cinneadh ón gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún.
Le Cinneadh (AE) 2016/381 ón gComhairle, leagadh amach an seasamh a bhí le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh den Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt don tréimhse 2016-2019 agus, ina dhiaidh sin, tháinig Cinneadh (AE) 2020/722 ón gComhairle i bhfeidhm a rinne amhlaidh don tréimhse 2020-2024.
Is de réir cur chuige dhá shraith a bunaíodh an Cinneadh ón gComhairle. Leagtar amach sa Chinneadh féin na treoirphrionsabail agus na treoshuímh a bhaineann le seasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil. Rinneadh é sin a choigeartú le haghaidh gach cruinniú bliantúil den Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt i bpáipéir leathoifigiúla ón gCoimisiún a phléifear sa Mheitheal um Loingseoireacht atá ag an gComhairle. Is é is aidhm don togra seo seasamh an Aontais maidir leis an gCoiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt don tréimhse 2025-2029 a leagan amach.
Is iad saintréithe an phróisis cinnteoireachta i Meabhrán Comhthuisceana Pháras is cúis leis an gcur chuige dá bhforáiltear sa togra seo. Is é 6 seachtaine roimh chruinniú an Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt, faoi mar a shocraítear i rialacha inmheánacha Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, an dáta is déanaí is féidir le comhaltaí den Mheabhrán agus leis na tascfhórsaí aon doiciméad a thíolacadh, sin tascfhórsaí ar a bhfuil sé de chúram treoirlínte agus treoracha a fhorbairt. Is ag an bpointe sin amháin a bheidh gach aighneacht ar fáil agus a bheidh an Coimisiún in ann tús a chur lena anailís d’fhonn togra a ullmhú maidir le seasamh comhordaithe an Aontais faoi Airteagal 218(9) de CFAE a ghlacfaidh an Chomhairle ansin. Óir níl mórán ama ar fáil don anailís sin, don togra ón gCoimisiún ná do ghlacadh an togra sin ag an gComhairle, leagtar amach an próiseas a bhaineann le sonraíocht sheasamh an Aontais ó bhliain go bliain in Iarscríbhinn 2.
Ar bhonn Threoir 2009/16/CE tá inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas maidir le hábhar Mheabhrán Comhthuisceana Pháras.
4.Bunús Dlí
4.1. Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cibé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú.
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Meabhrán Comhthuisceana Pháras.
Gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa ghníomh a n‑iarrtar ar Mheabhrán Comhthuisceana Pháras é a ghlacadh. Beidh an gníomh atá beartaithe in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, mar atá Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt toisc go nglacann Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras roinnt cinntí nach mór a ghlacadh gach bliain ionas go bhfeidhmeoidh an treoir mar is ceart.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le hiompar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3. Conclúid
Is é Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2025/0068 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Síníodh Meabhrán Comhthuisceana um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt (‘Meabhrán Comhthuisceana Pháras’) i bPáras an 26 Eanáir 1982 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1982. Ina theannta sin, de bhun Roinn 7.1 de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, ionadaí amháin ó gach údarás muirí agus ón gCoimisiún atá sa Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt (‘PSCC’) agus tá na hinniúlachtaí a leagtar amach i Roinn 7.3 aige. Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt a leagan síos, óir féadann cinntí arna nglacadh ag comhlacht inniúil Mheabhrán Comhthuisceana Pháras tionchar a imirt ar ábhar reachtaíochta an Aontais, mar atá Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle amhail tríd an ngealltanas cigireachta a bhunú agus, chomh maith leis sin, tríd na meánrátaí easnaimh agus coinneála a bhunú, rátaí a úsáidtear sa phróifíl riosca loinge chun soithí a roghnú le haghaidh cigireachta agus chun nuashonrú a dhéanamh ar threoracha agus ar threoirlínte le haghaidh na cigirí a dhéanann na cigireachtaí.
(2)Le Treoir 2009/16/CE leagtar amach córas dlí an Aontais maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt agus déantar athfhoirmliú agus atreisiú ar an reachtaíocht a bhí roimhe seo ag an Aontas sa réimse sin, reachtaíocht atá i bhfeidhm ó 1995 i leith. Tá córas sin an Aontais bunaithe ar an struchtúr atá cheana ar Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt, eagraíocht idirnáisiúnta a cruthaíodh in 1982. I dtaca leis na Ballstáit, tugtar isteach le Treoir 2009/16/CE nósanna imeachta, uirlisí agus obair Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, go héifeachtach, faoi raon feidhme dhlí an Aontais.
(3)Tagann Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras le chéile go bliantúil agus i rith na gcruinnithe sin déantar cinntí i leith roinnt míreanna ar an gclár oibre, míreanna is gá chun Treoir 2009/16/CE a oibriú.
(4)Ba cheart an Cinneadh seo an tréimhse 2025-2029 a chumhdach.
(5)Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag na Ballstáit, na húdaráis mhuirí, atá ina gcomhaltaí de choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, agus tá siad ag gníomhú go comhpháirteach chun leasa an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo leagtar amach an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chruinniú bliantúil ag Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt leagtha amach.
Airteagal 2
In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo tá sonraíocht ar an seasamh atá le glacadh ó bhliain go bliain thar ceann an Aontais sna cruinnithe bliantúla ag Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún ar a dhéanaí don chruinniú bliantúil ag Coiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras in 2029.
Airteagal 4
Ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, déanfaidh Ballstáit an Aontais, ar comhaltaí iad de PSCC ar Chalafoirt Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.
Airteagal 5
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán