Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0516

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa 2021-2027 le haghaidh na blianta 2021-2024

COM/2025/516 final

An Bhruiséil,24.9.2025

COM(2025) 516 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa 2021-2027 le haghaidh na blianta 2021-2024



































I.Réamhrá

Le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) le haghaidh na tréimhse 2021-2027 1 , ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha ar dhul chun cinn a thíolacadh ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme SCE agus a shoiléiriú an bhfuil na hearnálacha éagsúla ar an mbóthar ceart. Glacadh Rialachán SCE i mí Iúil 2021, 6 mhí tar éis thús Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, agus cumhdófar na blianta 2021-2024 sa chéad tuarascáil seo ar dhul chun cinn.

Cuireadh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ar bun chun na gréasáin thras-Eorpacha in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha a thógáil, a fhorbairt, a nuachóiriú agus a thabhairt chun críche. Is coinníoll riachtanach í an nascacht trasteorann rianúil le haghaidh dhea-fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais. Cothaíonn sé comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach níos fearr agus rannchuidíonn sé leis an Aontas gealltanais dícharbónaithe fhadtéarmacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Is é an clár atá ann faoi láthair comharba chlár SCE 2014-2020 (SCE1) faoin CAI roimhe seo. Is é EUR 33,7 billiún an buiséad airgeadais chun clár SCE 2021-2027 (SCE2) a chur chun feidhme.

Is ionstraim í SCE a bhainistítear go lárnach. Cuirtear chun feidhme é le cuidiú ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) do na hearnálacha iompair agus fuinnimh, agus le cuidiú ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA) don earnáil dhigiteach. Tá sé bunaithe ar iomaíocht idir tionscadail arna gcur isteach ag tionscnóirí tionscadail amhail bainisteoirí bonneagair nó cuideachtaí príobháideacha le linn ghnáthghlaonna SCE ar thograí. Áirithítear leis an gcomórtas sin ardchaighdeán in ullmhú na dtionscadal agus brú chun iad a sheachadadh go tráthúil. Ráthaítear leis an tsamhail rialachais sin go bhfreastalaíonn cistí SCE ar na tosaíochtaí a leagtar síos sa Rialachán. Cuirtear SCE chun feidhme trí chláir oibre ilbhliantúla ina sonraítear an tráthchlár le haghaidh glaonna ar thograí, a n-ábhair, a mbuiséad táscach, agus na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana.

Iompar:

Maidir leis an earnáil iompair, tacaíonn SCE le tionscadail bhonneagair leasa choitinn a bhaineann leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (GTE-I) a thabhairt chun críche agus a nuachóiriú chun cuidiú le gréasán agus bonneagar tras-Eorpach iompair atá éifeachtúil, idirnasctha agus ilmhódach a fhorbairt ar mhaithe le soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán. Is é is aidhm do SCE freisin codanna de GTE-I a oiriúnú do bhonneagar iompair dé-úsáide chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht shibhialta agus mhíleata araon. EUR 25,8 billiún atá sa bhuiséad a leithdháiltear ar shnáithe SCE Iompar le haghaidh 2021-2027. Tá EUR 11,3 billiún san iomlán curtha in áirithe le haghaidh tíortha atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ón gCiste Comhtháthaithe agus EUR 1,7 billiún le haghaidh tionscadail soghluaisteachta míleata dé-úsáide.

Le clár oibre ilbhliantúil SCE Iompar, a glacadh i mí Lúnasa 2021 2 agus a leasaíodh i mí Iúil 2023 3 , cumhdaítear na glaonna bliantúla ar thograí ó 2021 go 2024. Mar gheall ar ró-shuibscríobh ard na nglaonna sin, aibíocht na dtionscadal agus an boilsciú a bhí ag dul i méid tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, leis an leasú ar an gclár oibre ilbhliantúil bhíothas in ann an buiséad uile a bhí ar fáil faoin CAI atá ann faoi láthair a thús-ualú do ghlaonna SCE Iompar 2023 agus 2024.

Fuinneamh:

Is é is aidhm do snáithe SCE atá tiomnaithe don earnáil fuinnimh (SCE Fuinneamh) tionscadail leasa choitinn agus tionscadail leasa fhrithpháirtigh a fhorbairt faoi bheartas na nGréasán Fuinnimh Tras-Eorpach (GTE-F) 4 chun an margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú a thuilleadh, idir-inoibritheacht gréasán thar theorainneacha agus earnálacha a mhéadú, dícharbónú an gheilleagair a éascú, agus slándáil an tsoláthair a áirithiú. Le SCE Fuinneamh, ba cheart comhar fuinnimh trasteorann a éascú freisin, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite. Tá buiséad EUR 5,8 billiún ag SCE Fuinneamh le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

Glacadh an chéad chlár oibre ilbhliantúil do SCE Fuinneamh i mí Lúnasa 2021 5 . Leasaíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2022 6 tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine chun cúnamh teicniúil a sholáthar le haghaidh staidéir bhreise is gá chun dlús a chur le sioncrónú chóras leictreachais na Stát Baltach le gréasán ilchríochach na hEorpa 7 .

Tháinig an Rialachán athbhreithnithe maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (GTE-F) 8 i bhfeidhm in 2022. Leagtar síos ann treoirlínte maidir le beartas an Ghréasáin Fuinnimh Thras-Eorpaigh agus an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh tionscadail leasa choitinn (TLCanna) laistigh den Aontas agus le haghaidh tionscadail leasa fhrithpháirtigh (TLFanna) le tíortha nach de chuid an Aontais iad 9 . Tá na TLCanna agus TLFanna bonneagair sin ar cheann den dá chatagóir tionscadal atá incháilithe do chistiú SCE Fuinneamh (is tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite an chatagóir eile).

Leis an athbhreithniú sin, rinneadh Rialachán GTE-F a ailíniú le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais le haghaidh 2050, rud a chuir srian le hincháilitheacht na dtionscadal bonneagair gáis dóibh siúd is gá chun deireadh a chur le leithlisiú fuinnimh na Cipire agus Mhálta. Thug sé catagóirí nua tionscadail isteach freisin: eangacha leictreachais amach ón gcósta, tionscadail hidrigine agus leictrealóirí. I bhfianaise an athbhreithnithe, glacadh liosta nua TLC agus TLF i mí na Samhna 2023, lena sainaithnítear na tionscadail roghnaithe sna catagóirí nua agus lena bhfágtar go bhfuil siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar SCE ó 2024 10 .

Glacadh clár oibre ilbhliantúil nua le haghaidh 2024-2027 i mí Feabhra 2024 11 .

Seirbhísí digiteacha:

Le buiséad de thart ar EUR 1,6 billiún, is iad cuspóirí earnáil SCE Seirbhísí Digiteacha rannchuidiú le gréasáin dhigiteacha fíor-ardacmhainneachta agus córais 5G atá sábháilte agus slán a chur in úsáid, athléimneacht agus acmhainneacht na ngréasán digiteach cnámh droma ar chríocha an Aontais a mhéadú trína nascadh le críocha comharsanacha agus digitiú an ghréasáin iompair agus na ngréasán fuinnimh a chothú. Tá cuspóirí éagsúla agus buiséad níos mó ag SCE Seirbhísí Digiteacha (2021-2027) ná mar a bhí ag SCE Teileachumarsáid (2014-2020). Díríonn SCE Seirbhísí Digiteacha ar dheontais chun bonneagar nascachta digití a bhfuil ábharthacht uile-Eorpach ag baint leis a chur in úsáid, agus leithdháil SCE Teileachumarsáid EUR 117 milliún ar ionstraimí airgeadais a thacaigh le bonneagar leathanbhanda a chur in úsáid, EUR 130 milliún ar WiFi4EU, agus an chuid eile den bhuiséad ar sheirbhísí digiteacha (thart ar EUR 900 milliún).

Glacadh an chéad chlár oibre ilbhliantúil de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha , lena gcumhdaítear na glaonna le haghaidh 2021-2023, i mí na Nollag 2021 12 leasaíodh é i mí Aibreáin 2023 13 chun athruithe ar ullmhacht agus éileamh na bpáirtithe leasmhara agus na forbairtí is déanaí i dtosaíochtaí beartais a chur san áireamh. Glacadh an dara clár oibre ilbhliantúil de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha (2024-2027) i mí Dheireadh Fómhair 2024 14 .

II.Glaonna ar thograí ó 2021 go 2024

Iompar:

Leithdháiltear SCE Iompar go príomha trí ghlaonna bliantúla ar thograí. Go dtí seo, seoladh agus tugadh i gcrích trí ghlao ghinearálta bhliantúla agus trí ghlao ar chomhtháthú, agus tá buiséad EUR 19 mbilliún ar fáil dóibh. Leithdháileadh an t-imchlúdach le haghaidh soghluaisteacht mhíleata (EUR 1,7 billiún) ina iomláine i dtrí ghlao idir 2021 agus 2023. Dúnadh an glao deireanach ar an imchlúdach ginearálta agus comhtháthaithe (EUR 2,5 billiún) i mí Eanáir 2025 agus tá an mheastóireacht fós ar siúl. Ba é an chéad ghlao é bunaithe ar Rialachán athbhreithnithe GTE-I 15 a tháinig i bhfeidhm in 2024.

Léirigh an fhreagairt ar na glaonna spéis mhór ó thionscnóirí tionscadail, agus rátaí ró-shuibscríofa suas le beagnach trí oiread an bhuiséid atá ar fáil. Léirigh cogadh foghach gan chúis na Rúise in aghaidh na hÚcráine freisin gur gá tacú le bonneagar iompair sibhialtach-míleata a fhorbairt chun dul i ngleic le hiarmhairtí na staide geopholaitiúla nua. Mar thoradh ar thionchar na bpraghsanna méadaithe ar fhuinneamh agus ar amhábhair, agus ar an easpa lucht saothair, bhí tuilleadh riachtanas cistiúcháin ann. Sa chomhthéacs sin, bhain an Coimisiún, i gcomhaontú le Coiste SCE, úsáid as an tsolúbthacht a soláthraíodh laistigh den chlár oibre ilbhliantúil le haghaidh ghlaonna 2021 agus 2022 (lena mbronntar cistí breise suas le 20 % den mhéid a léirítear sa chlár oibre tosaigh). Thairis sin, leasaíodh clár oibre ilbhliantúil SCE 2021-2027 i mí Iúil 2023 chun an buiséad uile a bhí ar fáil faoin CAI atá ann faoi láthair a thús-ualú a thuilleadh le haghaidh glaonna ar thograí SCE Iompar le haghaidh 2023 agus 2024.

Leithdháiltear cuid de bhuiséad SCE Iompar ar an tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha (SBBM), a cuireadh ar bun mar ionstraim mheasctha lena gcomhcheanglaítear deontais SCE le hionstraimí airgeadais arna soláthar ag bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó bainc thráchtála. Agus buiséad EUR 2,3 billiún aige, tá SBBM tiomnaithe do bhonneagar le haghaidh breoslaí malartacha amhail pointí athluchtaithe leictreacha, leictreachas cois cladaigh le haghaidh longa atá i mbeart feistithe, stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine etc. Dúnadh glao rollach SBBM 2021 ar thograí (ag a raibh cúig scoithdháta) ag deireadh 2023.

Seoladh an dara glao rollach SBBM ag a raibh an buiséad EUR 1 bhilliún a bhí fágtha i mí Feabhra 2024, agus trí scoithdháta gach 6 mhí go dtí tús 2026. Ba é Meán Fómhair 2024 an chéad scoithdháta. Maidir leis an scoithdháta sin, dámhadh EUR 421 mhilliún ar 39 dtogra roghnaithe..

Tábla 1: Glaonna SCE Iompar ar thograí 2021-2023

Tograí

Buiséad

Ráta ró-shuibscríofa*

Imchlúdach

Incháilithe

Rathúil

Táscach

Iarrtha

Leithdháilte

Ginearálta

909

299

8,5 billiún

30,7 billiún

9,5 billiún

3.6

Comhtháthú

214

109

8,8 billiún

19,6 billiún

9 mbilliún

2.2

SBBM

191

167

1,9 billiún

2 bhilliún

1,7 billiún

1

Soghluaisteacht mhíleata

186

95

1,7 billiún

5 bhilliún

1,7 billiún

2.9

Móriomlán

1 454

631

20,3 billiún

56,8 billiún

21,5 billiún

2.8

(*) Ráta ró-shuibscríofa: cistiú iarrtha roinnte ar bhuiséad táscach an ghlao.

Fuinneamh:

Leithdháiltear buiséad SCE Fuinneamh trí ghlaonna éagsúla: (i) an glao ar thionscadail bonneagair fuinnimh (TLCanna ar dtús, ach tá TLFanna incháilithe ó bhí 2024 ann), agus (ii) na glaonna ar chomhar trasteorann san fhuinneamh in-athnuaite (CB-RES), lena n-áirítear glao ar staidéir ullmhúcháin agus glao ar staidéir agus oibreacha teicniúla.

Rinneadh glao TLC SCE gach bliain, ag a raibh buiséad táscach EUR 785 mhilliún le haghaidh 2021, EUR 800 milliún le haghaidh 2022, EUR 750 milliún le haghaidh 2023 agus EUR 850 milliún le haghaidh 2024. Chláraigh glaonna TLC SCE rátaí arda suibscríbhinní agus bhí deontais ar fiú 95 % de bhuiséid tháscacha na nglaonna a dámhadh ar thograí cistiúcháin oiriúnacha mar thoradh orthu.

Tábla 2: Glaonna TLC SCE Fuinneamh 2021-2024

Tograí

Buiséad

Ráta ró-shuibscríofa*

Bliain

Incháilithe

Rathúil

Táscach

Iarrtha

Leithdháilte

2021

11

5

785 mhilliún

1,3 billiún

1 bhilliún

1,66

2022

19

8

800 milliún

1,3 billiún

601 mhilliún

1,68

2023

11

8

750 milliún

1,3 billiún

566 mhilliún

1,67

2024

70

41

850 milliún

3,1 billiún

1,25 billiún

3,67

Móriomlán

111

21

3,2 billiún

7 mbilliún

3,5 billiún

2,20

(*) Ráta ró-shuibscríofa: cistiú iarrtha roinnte ar bhuiséad táscach an ghlao.

Leithdháileadh méid níos airde i nglao 2021 ná mar a bhí beartaithe ar dtús i mbuiséad táscach an ghlao. Cé go ndearnadh ró-shuibscríobh ar na glaonna ar thograí ina dhiaidh sin in 2022 agus 2023, leithdháil an Coimisiún méideanna beagán níos ísle ná buiséid na nglaonna tosaigh. Is é is cúis leis sin roghnú docht na dtionscadal lena gcuirtear san áireamh aibíocht na dtionscadal agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht go mbainfear amach iad, ábharthacht na dtograí a chuirtear isteach maidir leis na critéir dhámhachtana, agus an bonn cirt atá le riachtanais chistiúcháin (bearna mhaoinithe a bheith ann nach bhféadfaí a dhúnadh gan cistiú SCE).

Osclaíodh glao 2024, a raibh buiséad táscach EUR 850 milliún aige, i mí Aibreáin 2024 agus dúnadh i mí Dheireadh Fómhair 2024 é, agus leithdháileadh EUR 1 250 milliún ar 41 de na 70 togra incháilithe mar thoradh air.

Glaonna trasteorann ar fhuinneamh in-athnuaite (CB-RES)

Eagraíodh cúig ghlao CB-RES ó bhí 2021 ann: trí ghlao ar staidéir ullmhúcháin (2021, 2022, 2023) agus dhá ghlao ar staidéir agus oibreacha teicniúla (2022, 2023). Maidir le staidéir ullmhúcháin, bhí ráta suibscríbhinne sách íseal ag an gcéad ghlao, a bhain le húrnuacht fhuinneog an chláir. Tháinig feabhas mór ar an gcóimheas cistiúcháin sa dá bhliain ina dhiaidh sin, cé go bhfuil sé fós measartha, rud a léiríonn an próiseas píblíne tionscadal a fhorbairt a oireann do na critéir.

Tábla 3: Glaonna CB-RES SCE Fuinneamh 2021-2023

Tograí

Buiséad

Ráta ró-shuibscríofa*

Bliain

Incháilithe

Rathúil

Táscach

Iarrtha

Leithdháilte

2021

3

2

1 mhilliún

473 944

298 944

0.5

2022

5

3

31 mhilliún

44 mhilliún

22 mhilliún

1,42

2023

10

9

51 mhilliún

74 mhilliún

68 milliún

1,45

Móriomlán

18

14

83 mhilliún

118 milliún

91 mhilliún

1,43

(*) Ráta ró-shuibscríofa: cistiú iarrtha roinnte ar bhuiséad táscach an ghlao.

Osclaíodh an tríú glao CB-RES ar staidéir agus oibreacha teicniúla, ag a raibh buiséad táscach EUR 80 milliún, i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus dúnadh i mí Eanáir 2025 é. Cuireadh deireadh le glaonna CB-RES ar staidéir ullmhúcháin in 2024.

Seirbhísí digiteacha:

Cumhdaíodh sna chéad trí ghlao (2021, 2022, 2023) na hábhair a bhaineann le nascacht chnámh droma le haghaidh Tairseacha Domhanda Digiteacha, 5G agus Imeall-Ríomhaireacht le haghaidh Pobail Chliste, cumhdach 5G feadh conairí iompair agus croí-líonraí le haghaidh cónaidhmeanna néalríomhaireachta uile-Eorpacha. Léiríodh leis na glaonna sin éileamh ard ar ábhair áirithe (cáblaí fomhuirí), agus éileamh níos ísle ar thopaicí eile (amhail conairí 5G, mar gheall ar an easpa ullmhacht margaidh atá ann faoi láthair). Mar thoradh air sin, rinneadh oiriúnú dinimiciúil ar an gclár oibre agus ar leithdháileadh acmhainní trí acmhainní a dhíriú ar nascacht athléimneach, ardacmhainneachta agus cheannasach laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta. Ba ionchur luachmhar é sin don dara clár oibre de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha (2024-2027).

Tábla 4: Glaonna SCE Seirbhísí Digiteacha 2021-2023

Tograí

Buiséad

Ráta ró-shuibscríofa*

Bliain

Incháilithe

Rathúil

Táscach

Iarrtha

Leithdháilte

2021

51

38

258 milliún

555 mhilliún

151 mhilliún

2,15

2022

63

38

277 milliún

923 mhilliún

260 milliún

3,33

2023

70

52

241 mhilliún 

578 milliún 

273 mhilliún

2,39

Móriomlán

184

128

776 mhilliún

2,056 bhilliún

684 mhilliún

2,64

(*) Ráta ró-shuibscríofa: cistiú iarrtha roinnte ar bhuiséad táscach an ghlao.

III.Príomhréimsí le haghaidh infheistíochtaí

Iompar:

Faoi Airteagal 3(2)(a)(i) de Rialachán SCE, ní mór do SCE Iompar rannchuidiú le gréasán tras-Eorpach iompair atá éifeachtúil, idirnasctha agus ilmhódach a fhorbairt agus le bonneagar a fhorbairt le haghaidh soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán.

Luaitear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo nach mór do SCE 60 % dá bhuiséad airgeadais a ranníoc le cuspóirí aeráide. Sháraigh SCE Iompar an sprioc sin ós rud é go bhfuil 79 % dá chistiú tiomnaithe d’iompar inbhuanaithe. Tá infheistíocht déanta aige i mbonneagar iarnróid leictrithe lena n-áirítear fochórais chomharthaíochta ghaolmhara (ERTMS), in uiscebhealaí intíre agus in iompar ilmhódach, agus in úsáid bonneagair le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha. Tá bearta cúiteacha á gcistiú ag SCE freisin le haghaidh tionscadail bhonneagair (athfhoraoisiú, bonneagar sonrach lena gcumasaítear leanúnachas gnáthóige nádúrtha nó conairí chun ainmhithe a thrasnú go sábháilte). Thairis sin, le glao 2023 ar thograí, tugadh isteach gné den ‘díonadh ar an athrú aeráide’ lena gcomhtháthaítear bearta maolaithe agus bearta oiriúnúcháin i bhforbairt tionscadal bonneagair.

Infheistíochtaí in aghaidh an mhodha iompair

Le clár SCE, maoiníodh bonneagar iompair Eorpach le níos mó ná EUR 21 bhilliún idir 2021 agus 2024. Is i dtionscadail iarnróid, a fuair níos mó ná EUR 15 bhilliún, atá formhór na hinfheistíochta sin. I measc na n-infheistíochtaí sa chatagóir sin tá tógáil agus uasghrádú iarnróid agus cur in úsáid an chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS).

Ina theannta sin, tacaíonn SCE Iompar le feabhsuithe in uisce-iompar, le níos mó ná EUR 2 bhilliún leithdháilte do chalafoirt mhuirí agus intíre, uiscebhealaí intíre, digitiú (córais faireacháin agus faisnéise um thrácht árthach - VTMIS agus seirbhísí faisnéise tráchta abhann - RIS), agus uasghráduithe críochfort. Cistíonn SCE Iompar tionscadail bhóthair freisin, amhail bóithre GTE-I a thógáil agus a uasghrádú, agus limistéir pháirceála shábháilte shlána agus córais chliste iompair (CIC) a fhorbairt. Faoin aeriompar, maoiníonn SCE bainistíocht aerthráchta (taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair - SESAR) agus uasghráduithe aerfoirt (faoi shoghluaisteacht mhíleata). Thairis sin, tacaíonn SCE Iompar le feabhsuithe bonneagair ar fud na modhanna uile chun soghluaisteacht sócmhainní míleata a éascú. Ar deireadh, leithdháiltear EUR 1,38 billiún ar bhonneagar breoslaí malartacha, tugtar an sciar is mó d’athluchtú feithiclí bóthair, agus soithí agus aerárthaí ina stad ina dhiaidh sin.

Tábla 5: Infheistíochtaí SCE Iompar in aghaidh an mhodha (2021-2024, EUR milliún) 16

Breoslaí malartacha - Aer (96)

Breoslaí malartacha - Uisce-iompar (185)

Breoslaí malartacha - Bóthar (1 103)

Iarnród
(lena n-áirítear ERTMS, Soghluaisteacht Mhíleata)

Uisce‑iompartha
(lena n-áirítear RIS, VTMIS agus Soghluaisteacht Mhíleata)

Bóthar
(lena n-áirítear CIC, Soghluaisteacht Mhíleata)

Aer
(lena n-áirítear BAT, Soghluaisteacht Mhíleata)

Breoslaí malartacha

Leithdháiltear an chuid is mó de chistiú SCE (80 %) ar thionscadail ar chroíghréasán GTE-I, tugtar 13 % don ghréasán cuimsitheach agus 7 % do thionscadail nach féidir a nascadh le cuid shonrach de ghréasán GTE-I ach atá fós tábhachtach chun é a thabhairt chun críche (e.g. SESAR, CIC, comhpháirteanna ERTMS ar bord etc.).

Nascacht trasteorann

Tacaíonn SCE Iompar le nascacht trasteorann le haghaidh taisteal rianúil san Aontas, agus tugtar 78 % de chistiú SCE Iompar do thionscadail lena dtugtar aghaidh ar naisc thrasteorann nó ar naisc atá in easnamh, lena n-áirithítear ilmhódúlacht, lena suitear bonneagar breoslaí malartacha agus lena gcomhchuibhítear córais bainistíochta tráchta. Áiríodh leis sin freisin cistiú le haghaidh cúig thionscadal shuaitheanta trasteorann (Tollán Lyon-Turin, Buntollán Brenner, Tollán Chreasa Fehmarn, Ráille Baltica, Seine-Escaut/Scheldt) agus a mbealaí rochtana.



Fíor 1: Tacaíocht SCE Iompar le haghaidh nascacht trasteorann


EUR 16,6 billiún

as buiséad iomlán SCE Iompar dar luach EUR 21,2 billiún

Cuireann formhór na dtionscadal trasteorann feabhas ar naisc iarnróid a nó iad a bhunú, ach tacaíonn SCE freisin le naisc uiscebhealaí intíre agus le roinnt stráicí bóthair. Mar shampla, fuair scrogall mór ar an Danóib i gconair na Réine/Meuse-Main-na Danóibe idir Straubing agus Vilshofen i ndeisceart na Gearmáine tacaíocht SCE chun doimhneacht agus acmhainneacht an tseolbhealaigh a mhéadú.

Bonneagar le haghaidh breoslaí malartacha

Tacaíonn SCE Iompar le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid le níos mó ná EUR 1,38 billiún, a thugtar do thionscadail go príomha lena gcuirtear stáisiúin luchtaithe in úsáid ar bhóithre GTE-I agus ar phointí athluchtaithe leictreacha. Maoinítear leis freisin suiteáil leictreachais cois cladaigh le haghaidh longa atá i mbeart feistithe, leictriú oibríochtaí aerfoirt ar an talamh, agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine.

Ó bhí 2021 ann, cuireadh thart ar 1 500 pointe soláthair le haghaidh breoslaí malartacha i bhfeidhm feadh an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair, go príomha le haghaidh feithiclí saothair éadroim. Tá coinne againn go suiteálfar leis na tionscadail a roghnaíodh go dtí seo níos mó ná 25 000 pointe soláthair le haghaidh feithiclí saothair éadroim agus beagnach 2 000 pointe soláthair le haghaidh feithiclí tromshaothair. Rannchuideoidh punann na dtionscadal breoslaí malartacha freisin le dícharbónú oibríochtaí in 63 aerfort Eorpacha agus le athluchtú cumhachta ar talamh a chur in úsáid le haghaidh soithí in 28 gcalafort Eorpacha.



Léarscáil 1: Bonneagar athluchtaithe breoslaí malartacha le tacaíocht ó SCE Iompar (2021-2024)

Soláthar breoslaí malartacha le haghaidh aerárthaí ina stad

Tíortha an Aontais (lena n-áirítear críocha thar lear)

Soláthar breoslaí malartacha le haghaidh úsáideoirí bóithre, Leictreachas

Tíortha nach de chuid an Aontais iad

Soláthar breoslaí malartacha le haghaidh úsáideoirí bóithre, Hidrigin

Soláthar breosla mhalartaigh le haghaidh úsáideoirí muirí/uiscebhealaí intíre

 

Bóithre GTE-I

Cartagrafaíocht: CINEA, Meitheamh 2025

© EuroGeographics do na línte teorann riarthacha

Digitiú an iompair

Tacaíonn SCE Iompar le digitiú an iompair Eorpaigh le glaonna sonracha ar thograí lena ndírítear ar shoghluaisteacht chliste agus idir-inoibritheach, faoin imchlúdach ginearálta agus comhtháthaithe. Tar éis na nglaonna sin, fuair 93 thionscadal níos mó ná EUR 1,4 billiún de chistiú. Tugadh beagnach leath den mhéid sin do thionscadail ERTMS (46 %), agus tionscadail SESAR (23 %) agus CIC (17 %) ina dhiaidh sin. Bhí 13 % sna tionscadail a bhain leis na córais eile (e.g. faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (eFTI), RIS, an timpeallacht Eorpach ionaid ilfhreastail mhuirí, agus VTMIS.

Iompar níos sábháilte

Tacaíonn SCE Iompar le sábháilteacht ar bhóithre trí limistéir pháirceála shábháilte shlána a thógáil, crosairí comhréidhe a bhaint, feabhas a chur ar ailíniú ar bhóithre ar chúiseanna sábháilteachta agus CIC a chur in úsáid. Faigheann 58 dtionscadal ar an iomlán maidir le sábháilteacht ar bhóithre EUR 3 bhilliún.

Soghluaisteacht mhíleata

Ceann de chuspóirí sonracha SCE Iompar is ea codanna de ghréasán GTE-I a oiriúnú do dhé-úsáid, rud a chuirfidh feabhas ar shoghluaisteacht shibhialta agus mhíleata araon. Mar thoradh air sin ba cheart gurbh fhéidir gluaiseachtaí mórscála pearsanra agus trealaimh mhíleata a dhéanamh ar fud an Aontais ar gearrfhógra i gcás géarchéimeanna. Faoi na trí ghlao ar shoghluaisteacht mhíleata (2021/2022/2023), roghnaíodh 95 thionscadal ar an iomlán in 21 Bhallstát. Tá siad measartha cothromaithe go geografach ar fud an Aontais agus tá dlús maith tionscadal acu ar thaobh an Oirthir. Tugadh 45 % den chistiú sin do thionscadail iarnróid (e.g. chun droichid iarnróid a uasghrádú, codanna iarnróid íseal-luais a thógáil le haghaidh traenacha níos faide agus níos troime, íosairde na dtollán a mhéadú), 34 % do thionscadail bhóthair (e.g. chun stráicí bóthair agus droichid a uasghrádú), 7 % do thionscadail aerfoirt (e.g. chun cumas oibriúcháin agus inrochtaineacht a mhéadú), agus tugadh an cistiú a bhí fágtha do thionscadail i gcalafoirt agus i gcríochfoirt (e.g. chun acmhainneacht agus nascacht a mhéadú).

Le SCE, is féidir maoiniú a dhéanamh ar eilimintí sineirgeacha a bhaineann le hearnáil SCE eile (suas le 20 % de na costais incháilithe). I gcás eilimintí sineirgeacha de chuid SCE Iompar, maidir le bonneagar a bhaineann le fuinneamh den chuid is mó, maoinítear iad i 34 thionscadal a fhaigheann EUR 64 mhilliún i gcistiú SCE. Mar shampla, tá sé beartaithe ag 20 tionscadal stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine agus leictrealóirí a shuiteáil, agus tá sé beartaithe ag 8 dtionscadal grianphainéil a shuiteáil in aerfoirt, i gcalafoirt agus i gcríochfoirt iarnróid.

Oibríonn SCE Iompar freisin i gcomhlántacht le Fís Eorpach, mar shampla chun aerfoirt a ghlasú. Cé go dtacaíonn SCE le bonneagar le haghaidh breoslaí malartacha agus le rochtain ar iompar poiblí, cistíonn Fís Eorpach réitigh nuálacha fuinneamhéifeachtúla nó dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh oibríochtaí aerfoirt 17 .

Fuinneamh:

Ó bhí 2021 ann, fuair glaonna TLC tograí ó chúig chineál catagóirí tionscadail (bonneagar iompair leictreachais, gáis, CO2, eangacha cliste fuinnimh, hidrigin agus leictrealóirí).

I nglao 2021, ba é leictreachas an chatagóir tionscadail ba mhó, agus b’fhiú 92 % den chistiú ón Aontas a leithdháileadh trí dheontas le haghaidh oibreacha. I nglao 2022, ba é an leictreachas an chatagóir ba mhó arís arbh fhiú 52 % den chistiú ón Aontas a leithdháileadh é (64 % nuair a chomhairtear é in éineacht le heangacha cliste fuinnimh). I nglao 2023, ba é bonneagar iompair CO2 an chatagóir ba mhó arbh fhiú 80 % den chistiú ón Aontas a leithdháileadh é. I nglao 2024, ba é leictreachas (lena n-áirítear eangacha amach ón gcósta, stóráil) an chatagóir ba mhó arís arbh fhiú 57 % den chistiú ón Aontas a leithdháileadh é (59 % nuair a chomhairtear é in éineacht le heangacha cliste fuinnimh).

Idir 2021 agus 2024, thacaigh glaonna TLC le 62 thionscadal le EUR 3,5 billiún i gcistiú SCE Fuinneamh: Staidéir ab ea 43 díobh, arbh fhiú cistiú de bheagnach EUR 431 mhilliún iad agus ba oibreacha iad na 19 gcinn eile, arbh fhiú cistiú a bhí níos mó ná EUR 3 bhilliún iad. Thacaigh glaonna CB-RES freisin le 14 thionscadal (12 staidéar agus dhá obair) le cistiú EUR 91,2 milliún.

Fíor 2: Punann SCE Fuinneamh in aghaidh na catagóire (2021-2024)

Tarchur leictreachais

Eangacha Cliste

Líonra CO2

Hidrigin agus

Leictrealóirí

3 Ghníomhaíocht

EUR 128.6 milliún

14 Ghníomhaíocht

EUR 91 mhilliún

2 Ghníomhaíocht

EUR 40.9 milliún

8

nGníomhaíocht

EUR 781.1 milliún

13 Ghníomhaíocht

EUR 83.3 milliún

3 Ghníomhaíocht

EUR 206 mhilliún

1 Ghníomhaíocht

EUR 2.8 milliún

21 Ghníomhaíocht

EUR 258 milliún

4 Ghníomhaíocht

EUR 148 milliún

1 Ghníomhaíocht

EUR 19.6 milliún

12 Ghníomhaíocht

EUR 2 bhilliún

5 Ghníomhaíocht

EUR 1.9 billiún

7 nGníomhaíocht EUR 67 milliún

Oibreacha

21 Ghníomhaíocht

EUR 3 bhilliún

Cistiú ón Aontas

76 Ghníomhaíocht

EUR 3,5 billiún

Staidéir

55 Ghníomhaíocht

EUR 481 mhilliún

CB RES

Gás

12 Ghníomhaíocht

EUR 50.2 milliún

21 Ghníomhaíocht

EUR 865 mhilliún

4 Ghníomhaíocht

EUR 209 milliún

21 Ghníomhaíocht

EUR 258 milliún

 

Leictreachas agus eangacha cliste fuinnimh

Thacaigh SCE le 16 thionscadal leictreachais, arbh fhiú níos mó ná EUR 2 bhilliún iad. I measc na dtionscadal móra a fuair deontais le haghaidh oibreacha tá: an t-idirnascaire EuroAsia idir an Ghréig agus an Chipir (EUR 658 milliún, 2021), eilimintí bonneagair breise is gá chun na Stáit Bhaltacha a shioncrónú leis an gcóras leictreachais ilchríochach (EUR 166 mhilliún, 2021), an t-idirnascaire ELMED idir an tSicil agus an Túinéis (EUR 308 milliún, 2022), agus Oileán Fuinnimh Bornholm (EUR 645 mhilliún, 2024).

Thacaigh SCE freisin le ceithre ghníomhaíocht maidir le heangacha cliste fuinnimh i gceithre TLC éagsúla, arbh fhiú EUR 209 milliún iad. Ba é EUR 100 milliún an deontas ba mhó le haghaidh oibreacha chun na gréasáin dáileacháin fuinnimh sa Bhaváir agus sa tSeicia a dhigitiú.

Gréasán dé-ocsaíde carbóin

Thacaigh SCE le 21 thionscadal bonneagair iompair CO2 arbh fhiú EUR 864 mhilliún iad. Ba é EUR 161 mhilliún an deontas ba mhó le haghaidh oibreacha le haghaidh chéim I de Mhol CO2 Dunkirk.

Oibríonn cistiú SCE maidir le bonneagar criticiúil trasteorann le haghaidh gréasáin agus stórála CO2 go mór i gcomhlántacht le Fís Eorpach a thacaíonn le tionscadail taighde chun indéantacht teicneolaíochtaí nua le haghaidh bainistíocht carbóin thionsclaíoch a fhiosrú agus chun inmharthanacht teicneolaíochtaí ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de a léiriú 18 .

Gás nádúrtha

Thacaigh SCE le ceithre thionscadal gáis arbh fhiú EUR 148 milliún iad. Ba é EUR 78 milliún an deontas ba mhó le haghaidh oibreacha le haghaidh stóráil gáis sa Bhulgáir. Ar an iomlán, cé gurbh iad tionscadail gáis nádúrtha a bhí i sciar mór den chistiú a dámhadh faoi chlár SCE I (EUR 1 454 mhilliún), tháinig laghdú ar a sciar faoi SCE II, go príomha toisc nach bhfuil siad incháilithe a thuilleadh do chistiú SCE Fuinneamh tar éis an athbhreithnithe ar Rialachán GTE-F.

Hidrigin

Thacaigh SCE le 21 thionscadal hidrigine – iad uile le haghaidh staidéar – arbh fhiú EUR 258 milliún iad. Ba é EUR 33 mhilliún an deontas ba mhó le haghaidh thionscadal ‘Cnámh Droma Hidrigine’ na Spáinne.

Foinsí fuinnimh in-athnuaite trasteorann

Tugann SCE Fuinneamh tacaíocht airgeadais do chúig thionscadal fuinnimh in-athnuaite trasteorann, a bhfuil ocht mBallstát éagsúla páirteach iontu, agus do cheithre thionscadal eile nach bhfuil stádas CB-RES acu le staidéir ullmhúcháin. Faoi 2024, deonaíodh cistiú EUR 91 mhilliún do 14 thionscadal, lena n-áirítear 12 staidéar theicniúla agus ullmhúcháin agus dhá obair. Cumhdaíonn na tionscadail réimse teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, amhail fuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus ar talamh nó grianfhuinneamh fótavoltach, agus feidhmeanna fuinnimh, amhail téamh ceantair nó táirgeadh hidrigine in-athnuaite.

Maidir le SCE Fuinneamh, baineann eilimintí sineirgeacha den chuid is mó le bonneagar iompair, amhail céanna agus suiteálacha luchtaithe long. Agus aibíocht mhéadaitheach na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a chumhdaítear le Rialachán GTE-F nua, go háirithe eangacha cliste leictreachais agus hidrigine, tá coinne le tuilleadh sineirgí leis na snáitheanna iompair agus digiteacha. San earnáil foinsí fuinnimh in-athnuaite trasteorann, díríonn tionscadail atá ag teacht chun cinn ar shlabhraí luacha hidrigine iomlána ó ghiniúint go húsáid in earnálacha amhail earnáil tionsclaíochta agus earnáil iompair.

Seirbhísí digiteacha:

Trí aghaidh a thabhairt ar thionscadail leasa choitinn agus trí dhíriú ar idirnaisc trasteorann, feidhmíonn SCE Seirbhísí Digiteacha mar chatalaíoch don éiceachóras nascachta digití ar fud an Aontais. Tar éis na chéad trí ghlao, cistíonn SCE Seirbhísí Digiteacha 117 dtionscadal faoi láthair lena gcumhdaítear na príomhábhair a leagtar amach thíos, le haghaidh buiséad iomlán os cionn EUR 640 milliún.

Nascacht chnámh droma le haghaidh Tairseacha Domhanda Digiteacha

Tacaíonn SCE Seirbhísí Digiteacha le gréasáin cnáimhe droma a chur in úsáid nó le huasghrádú mór a dhéanamh ar na líonraí atá ann cheana, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus idir an tAontas agus tíortha nach de chuid an Aontais iad. Ó bhí 2021 ann, tá tacaíocht airgeadais á cur ar fáil ag snáithe SCE Seirbhísí Digiteacha do 51 thionscadal de chuid na dTairseach Domhanda Digiteach dar luach EUR 420 milliún ar an iomlán.

Cuireann na tionscadail sin go mór le borradh a chur faoi naisc dhomhanda idir an Eoraip agus an Afraic (e.g. tionscadail Medusa na hAfraice nó Canalink-Maracó), an Meánoirthear (e.g. tionscadal BlueMed Thoir) agus an Áise (nascacht Artach), agus le comhdhlúthú na nasc idir na Ballstáit sa Mheánmhuir, san Atlantach, i Muir Bhailt agus i Mór-roinn na hEorpa (lena n-áirítear Lár agus Oirthear na hEorpa). Tacaíonn na tionscadail sin freisin le nascacht sna réigiúin is forimeallaí san Eoraip agus i dtíortha agus críocha thar lear, amhail san Aigéan Ciúin (e.g. tionscadal NUANUA), i Muir Chairib (e.g. tionscadal BCA), sna hOileáin Chanáracha (e.g. tionscadal PENCAN-X) agus i limistéar na nAsór-Maidéara (e.g. tionscadal CAM an Atlantaigh).

Is eintitis atá faoi rialú an Aontais iad tairbhithe uile na ndeontas SCE sin agus tógtar na cáblaí a chuirfear in úsáid le teicneolaíocht shlán. Chomh maith le tarchur slán teiribhearta sonraí in aghaidh an tsoicind a ráthú, áirítear i mbeagnach gach cábla cistithe teicneolaíochtaí cliste, a fheidhmíonn mar bhraiteoirí geografacha móra chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí in aice láimhe, ag gníomhú mar chórais luathrabhaidh chun an bonneagar féin a chosaint.

Leis an dara clár oibre de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha le haghaidh 2024-2027, soláthraítear EUR 542 mhilliún breise chun tionscadail nascachta cnámh droma a chomhchistiú. Beagnach EUR 1 bhilliún a bheidh in infheistíocht iomlán an Aontais sna bonneagair chriticiúla sin sa chreat airgeadais atá ann faoi láthair.

Tíortha an Aontais
Tíortha comhlachaithe

Pobal Féinrialaitheach na nOileán Canárach

Muir Chairib

An Ghraonlainn

Obair
Nach bhfuil fóirdheonaithe

Staidéar

An tAigéan Ciúin Theas

An Afraic Thiar

Léarscáil 2: Tionscadail na Tairsí Domhanda de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha

Córais 5G i limistéir ina bhfuil spreagadh socheacnamaíoch lonnaithe

Ó bhí 2021 ann, tá tacaíocht airgeadais EUR 128 milliún ar an iomlán á soláthar ag SCE Seirbhísí Digiteacha do 41 thionscadal chun 5G le haghaidh Pobail Chliste a chur in úsáid agus a ghlacadh go tapa. Leis na tionscadail chistithe, comhtháthaítear bonneagar 5G le himeall-ríomhaireacht, lena ndírítear ar 5G neamhspleách, lena gcumasaítear cásanna úsáide nuálacha amhail cian-mháinliacht, réaltacht fhíorúil don fhoghlaim, faireachán drón-bhunaithe agus eile.

Tíortha an Aontais
Tíortha comhlachaithe

Léarscáil 3: Tionscadail 5G le haghaidh Pobail Chliste

Cumhdach 5G feadh mórchonairí iompair

Ó bhí 2021 ann, tá tacaíocht airgeadais á soláthar ag SCE Seirbhísí Digiteacha do 25 thionscadal (oibreacha agus staidéir) le haghaidh chumhdach 5G gan bhriseadh feadh conairí iompair trasteorann ar fiú EUR 93 mhilliún ar an iomlán iad. Cuireann 12 cheann de na tionscadail sin bonneagar 5G neamhspleách in úsáid feadh chonairí trasteorann GTE-I, amhail mórbhealaí, iarnróid, nó conairí muirí, agus ar an gcaoi sin idir-inoibritheacht rianúil chórais náisiúnta 5G a áirithiú. Le bonneagar chonair 5G, cumasófar raon leathan seirbhísí soghluaisteachta nasctha agus uathoibrithe a sholáthar d’fheithiclí, do thiománaithe, do phaisinéirí agus do ghníomhaithe ábhartha eile.

Obair
Staidéar

Tíortha an Aontais

Tíortha comhlachaithe

Nasc
muirí

Léarscáil 4: Tionscadail le haghaidh chumhdach 5G feadh mórchonairí iompair trasteorann

Is dea-shampla iad tionscadail chonairí 5G feadh phríomhchonairí GTE-I le haghaidh sineirgí idir snáitheanna éagsúla SCE. Tacaíonn snáithe SCE Seirbhísí Digiteacha freisin le bonneagar digiteach trasteorann a chur in úsáid (i) chun dlús a chur le digitiú na n-earnálacha fuinnimh agus iompair trí idir-inoibritheacht agus caighdeánú a fheabhsú (ardáin dhigiteacha oibríochtúla) agus (ii) chun fáinne ‘óir’ de chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a spreagadh. Le glao 2022 ar ardáin dhigiteacha oibríochtúla, cistíodh tionscadal comhordúcháin agus tacaíochta lena n-ullmhaítear an bealach do thionscadal oibreacha sa dara clár oibre ilbhliantúil de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha le haghaidh 2024-2027. 

IV.Freagairt SCE ar an ngéarchéim a bhí ann le déanaí

Le blianta beaga anuas, tá sé cruthaithe ag ionstraim SCE go bhfuil sí solúbtha chun freagairt do dhúshláin agus do ghéarchéimeanna gan choinne. Le cogadh foghach gan chúis na Rúise, d’iarr an Úcráin agus an Mholdóiv comhlachas foirmiúil le clár SCE (comhaontuithe a síníodh an 9 Bealtaine agus an 6 Meitheamh 2023). Leis sin, is féidir le tairbhithe ó na tíortha sin páirt neamhspleách a ghlacadh i nglaonna SCE agus a bheith ina mbreathnóirí i gcruinnithe Choiste SCE. Tá a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta le haghaidh chláir an Aontais curtha ar fionraí ag an Aontas fad a bheidh dúshláin airgeadais a eascraíonn as an gcogadh fós ann don dá thír.

Iompar:

Tar éis don Rúis tús a chur le hionradh ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, cuireadh dlús le leithdháileadh an imchlúdaigh soghluaisteachta míleata a mhéid is féidir. Chuir an Coimisiún dlús leis an meastóireacht ar an gcéad ghlao ar thograí maidir le soghluaisteacht mhíleata in 2021 (a bhí oscailte d’iarratais go dtí mí Eanáir 2022), agus ansin sheol sé an dara glao ar shoghluaisteacht mhíleata láithreach i mí na Bealtaine 2022 (4 mhí níos luaithe ná mar a bhí beartaithe). Rinneadh an chuid eile den bhuiséad a thús-ualú, agus seoladh an glao deireanach ar thograí i mí na Bealtaine 2023. Dá bhrí sin, ionsúdh an t-imchlúdach soghluaisteachta míleata EUR 1,7 billiún díreach in 2 bhliain go leith amháin. Le linn na dtrí ghlao ar thograí, d’ardaigh an ráta ró-shuibscríofa go leanúnach ó 1.2 do ghlao 2021 go 4.7 i nglao deireanach 2023, rud a léiríonn freisin go bhfuil méadú ag teacht ar riachtanais infheistíochta le haghaidh bonneagar dé-úsáide.

Fíor 3: Treocht san éileamh ar chistiú soghluaisteachta míleata SCE (EUR milliún)

Bealtaine 2023-Meán Fómhair 2023

An tríú glao MILMOB

Bealtaine 2022-Meán Fómhair 2022

An dara glao MILMOB

Meán Fómhair 2021-Eanáir 2022

An chéad ghlao MILMOB

Ró-shuibscríobh

Cistiú SCE

Buiséad atá ar fáil

An cistiú a iarradh

Chruthaigh SCE Iompar a chineál solúbtha freisin trí fhreastal ar riachtanais chriticiúla a tháinig chun cinn ag teorainneacha seachtracha an Aontais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. Tá cistiú SCE Iompar ag tacú leis an tionscnamh ‘Lánaí Dlúthpháirtíochta’ agus ag rannchuidiú le bealaí malartacha a bhunú chun earraí a iompar chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv agus uathu araon tar éis imshuí chalafoirt na hÚcráine. Ar an iomlán (tar éis ghlaonna 2022 agus 2023 ar thograí), sholáthair SCE Iompar thart ar EUR 1,5 billiún de chistiú do thionscadail lena gcuirtear feabhas ar na lánaí dlúthpháirtíochta agus lena n-áirithítear go mbeidh nasc níos fearr ag an Úcráin agus ag an Moldóiv lena mBallstáit chomharsanacha den Aontas (an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir, an Rómáin). Ba cheart do na tionscadail sin feabhas a chur ar acmhainneacht agus ar rochtain ar phríomhphointí trasnaithe teorann GTE-I de bhóthar agus d’iarnród trí bhonneagar a leathnú agus a uasghrádú, trí fheabhas a chur ar limistéir pháirceála, saoráidí trasloingsithe agus trealamh. Áirítear sa tacaíocht don Úcráin freisin tionscadail chun leithead caighdeánach na hEorpa (Aontas Idirnáisiúnta na nIarnród) a fhorbairt san Úcráin chun feabhas a chur ar a naisc iarnróid leis na Ballstáit chomharsanacha. Is féidir na chéad torthaí a fheiceáil ar an talamh cheana féin.

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá boilsciú ard, costais mhéadaithe ar ábhair thógála, lucht saothair laghdaithe agus slabhraí soláthair suaite. Chiallaigh sé sin go raibh gá le hinstealladh tapa cistí i dtionscadail SCE chun gníomhaíochtaí beartaithe a dhéanamh. Dá bhrí sin, leasaíodh an clár oibre ilbhliantúil ionas gur féidir an buiséad uile atá ar fáil faoin CAI atá ann faoi láthair a thús-ualú chuig glaonna SCE Iompar 2023 agus 2024.

Fuinneamh:

Bhí tionchar freisin ag paindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin ar chur chun feidhme tionscadal fuinnimh arna gcistiú ag SCE, mar gheall ar an méadú géar ar phraghsanna fuinnimh, méaduithe móra ar chostais, agus ganntanais soláthair i gcomhpháirteanna le haghaidh tionscadail bhonneagair. Mar thoradh air sin, cuireadh moill ar roinnt tionscadal, go háirithe maidir leis an ngá atá le réitigh theicniúla mhalartacha a chur chun feidhme agus cistiú breise a sholáthar.

I mí na Bealtaine 2022, mar fhreagairt ar ionradh na Rúise, ghlac an Coimisiún a phlean REPowerEU 19 , as ar eascair glacadh roinnt píosaí reachtaíochta a bhfuils sé d’aidhm acu spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, foinsí soláthair gáis a éagsúlú, tomhaltas fuinnimh a laghdú, agus dlús a chur le leathadh amach foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Cé gur tháinig Rialachán SCE atá ann faoi láthair agus Rialachán GTE-F athbhreithnithe i bhfeidhm roimh phlean REPowerEU, tá siad ailínithe lena chuspóirí. Ó bhí 2013 ann, rannchuidigh tionscadail arna gcistiú ag SCE Fuinneamh le margadh fuinnimh an Aontais a chomhtháthú trí naisc thrasteorann a neartú agus trí shlándáil an tsoláthair a mhéadú. In 2021, 2022 agus 2023, leithdháileadh deontais le haghaidh oibreacha i réimse na stórála gáis lena dtabharfar aghaidh ar ábhair imní faoi shlándáil an tsoláthair gáis in oirdheisceart na hEorpa, arb é an réigiún is mó a bhfuil tionchar díreach ag ciorruithe soláthair na Rúise air.

Le Rialachán GTE-F athbhreithnithe, eisiatar catagóirí bonneagair breoslaí iontaise ó incháilitheacht le haghaidh stádas TLC agus áirítear ann catagóirí bonneagair nua atá ríthábhachtach don dícharbónú, go háirithe tionscadail hidrigine agus eangacha leictreachais amach ón gcósta. Rannchuidíonn na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite le hacmhainneachtaí breise fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid ar bhealach costéifeachtach, rud a chuidíonn le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

Seirbhísí digiteacha:

Mar a leagtar amach i raon feidhme na dtionscadal leasa choitinn san earnáil dhigiteach, is féidir le SCE cuidiú leis an nascacht dhigiteach idir an tAontas agus a chomharsana a leathnú agus a neartú. Le tionscadal an Gheata Thoir Thiar (arna chistiú faoin dara glao ar thograí), cumasófar seirbhísí digiteacha a sholáthar don Úcráin agus méadófar go díreach na féidearthachtaí agus an acmhainneacht chumarsáide leis an Úcráin agus idir tíortha an Aontais araon.

I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin agus na gcoinbhleachtaí agus na héagobhsaíochta sa Mheánoirthear, tá sé ríthábhachtach athléimneacht agus iomarcaíocht an bhonneagair dhigitigh a nascann an Eoraip leis an Áise a mhéadú. Tá trí thionscadal cur in úsáid cábla cistithe cheana féin ag SCE sa réigiún Artach, is é sin Far North Fiber, Polar Connect agus TUSASS CONNECT. Tá na tionscadail seo mar chuid den fhís nascachta Artaí, a mbeidh bealach malartach idir an Eoraip agus an Áise mar thoradh air sa deireadh.

Le roinnt tionscadal a chistítear faoin snáithe SCE Seirbhísí Digiteacha, cuirtear feabhas ar nascacht dhigiteach ar fud na hEorpa agus le réigiúin chomharsanacha, lena n-áirítear an Afraic Thuaidh agus tíortha Oirthear na hEorpa (an Úcráin agus an Mholdóiv), rud a léiríonn straitéis gheopholaitiúil níos leithne chun athléimneacht dhigiteach na hEorpa a neartú, comhtháthú eacnamaíoch a chothú agus cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn. Trí líonraí ardacmhainneachta a leathnú agus trí chaighdeáin dhigiteacha a ailíniú, gníomhaíonn an clár mar fhrithbheart i gcoinne tionchair sheachtracha, lena mbunaítear rialú ar bhonneagair dhigiteacha chriticiúla.

Tá ról tábhachtach ag SCE Seirbhísí Digiteacha freisin maidir le roghanna malartacha nascachta digití a chruthú, athléimneacht na líonraí cumarsáide a threisiú agus bealaí a fhiosrú atá in ann pointí scoir traidisiúnta ró-úsáidte amhail Canáil Shuais a sheachaint.

Agus ar deireadh, leis na diancheanglais incháilitheachta in SCE Seirbhísí Digiteacha, a bhaineann leis na tionscnóirí tionscadail agus leis an trealamh a chuirtear in úsáid, rannchuidítear le slándáil agus iontaofacht an bhonneagair chriticiúil cumarsáide digití a chistítear.

V.Staid bhuiséadach na himeartha agus measúnú ar an dul chun cinn

Ní raibh aon athrú ar bhuiséad SCE na dtrí earnáil mar thoradh ar an athbhreithniú meántéarma ar an CAI atá ann faoi láthair a tugadh i gcrích in 2024. Mar sin féin, rinneadh roinnt athruithe ar a mbuiséid sna cláir earnálacha éagsúla i gcomparáid leis na méideanna tagartha sa bhunús dlí, mar a thugtar tuairisc air thíos.

Chun cistí SCE a leithdháiltear agus tionscadail a dtacaítear leo a dhéanamh níos feiceálaí agus níos trédhearcaí, sheol CINEA deais phoiblí i mí Eanáir 2023 20 . Cumhdaítear leis an deais sin na tionscadail agus na cláir uile a bhainistíonn CINEA, lena n-áirítear na tionscadail agus na cláir sin a bhainistíonn sé le haghaidh SCE Iompar agus SCE Fuinneamh. Leis an uirlis sin, is féidir leis na daoine uile faisnéis atá cothrom le dáta a fháil faoi na tionscadail, a gcistiú agus a dtairbhithe, agus graif chun na sonraí a shamhlú. Tá dhá fhoilseachán idirghníomhacha foilsithe ag CINEA freisin ina léirítear an méid atá bainte amach ag an gclár ó bhí 2014 ann, ceann amháin le haghaidh SCE Iompar 21 agus ceann eile le haghaidh SCE Fuinneamh 22 , chomh maith le foilseachán tiomnaithe maidir le Sioncrónú Baltach 23 .

Chun faisnéis a fháil faoi leithdháileadh buiséid agus tionscadail SCE Seirbhísí Digiteacha, féach suíomh gréasáin HADEA 24 .

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi chur chun feidhme buiséadach SCE a fháil freisin ar thairseach feidhmíochta an Choimisiúin 25 . Tá an fhaisnéis sin bunaithe ar ráitis feidhmíochta an chláir a chuireann gach clár isteach gach bliain.

Iompar:

Úsáideadh EUR 250 milliún de bhuiséad SEC Iompar chun an Gníomh Eorpach um Shliseanna a mhaoiniú. Tá buiséad SCE Iompar ag tacú freisin le caiteachas riaracháin breise a eascraíonn as an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, go háirithe tionscnaimh FuelEU Maritime agus ReFuelEU Aviation agus níos déanaí a eascraíonn as an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus as an Rialachán maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair 2+.

Mar a tugadh tuairisc air roimhe seo, rinneadh buiséad SCE Iompar a thús-ualú in 2021-2024. Go dtí seo, leithdháileadh níos mó ná EUR 21 bhilliún, tar éis shíniú na dtionscadal a roghnaíodh faoi ghlaonna 2021/2022/2023 (EUR 10,5 billiún ón imchlúdach ginearálta, EUR 9,3 billiún ón imchlúdach comhtháthaithe) agus faoi na glaonna soghluaisteachta míleata (EUR 1,7 billiún ar fad ón imchlúdach soghluaisteachta míleata). Áirítear sa mhéid sin freisin EUR 1,3 billiún arna leithdháileadh ar thionscadail bhonneagair le haghaidh breoslaí malartacha faoin gcéad ghlao rollach ar SBBM.

Leithdháilfear an chuid eile de bhuiséad SCE faoi ghlao 2024 ar thograí agus faoin dara glao rollach SBBM, ag a mbeidh buiséad EUR 2,5 billiún agus EUR 1 bhilliún faoi seach. Dúnadh glao 2024 ag deireadh mhí Eanáir 2025 agus tá meastóireacht á déanamh air faoi láthair, agus seoladh an dara glao rollach SBBM i mí Feabhra 2024 agus beidh sé ar siúl go dtí tús 2026.

Síníodh na chéad chomhaontuithe deontais den CAI sin in 2022 tar éis an chéad ghlao de chuid SCE Iompar a seoladh in 2021. Ós rud é go maireann tionscadail le haghaidh staidéar ar feadh 2 bhliain go 3 bliana agus go maireann tionscadail le haghaidh oibreacha tógála ar feadh 4 bliana go 5 bliana, tá an chuid is mó de thionscadail SCE Iompar fós ag céim luath. Tá níos mó ná 600 tionscadal ar siúl faoi láthair. Níl ach cúpla tionscadal beag (23) tugtha chun críche cheana féin (e.g. bonneagar breoslaí malartacha, limistéir pháirceála shábháilte shlána). Go dtí seo, tá dul chun cinn á dhéanamh ar thionscadail de réir mar a bhí coinne leo agus i gcomhréir lena gcomhaontuithe deontais faoi seach. D’fhéadfadh sé nach mbeadh moilleanna ann ach sna blianta amach romhainn.

D’éirigh le SCE Iompar an clásal ‘úsáid é nó caill é’ a chur chun feidhme. Má chuirtear moill ar chur chun feidhme tionscadail, déantar a raon feidhme a oiriúnú agus a dheontas a laghdú dá réir sin. Cuirtear an buiséad ar fáil ansin i nglao eile ar thograí (‘athshreabha’).

Fuinneamh:

EUR 2 397 milliún a bhí i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas SCE Fuinneamh le haghaidh 2021-2023 ar dtús, lena n-áirítear EUR 5,9 milliún in ioncam a sannadh ó orduithe gnóthaithe SCE 2014-2020 a bhí ann roimhe sin in 2021 26 .

Ba é EUR 3 542 mhilliún méid iomlán na ndeontas a dámhadh ar bhonn na nglaonna ar thograí le haghaidh TLCanna agus tionscadail CB-RES in 2021-2024, agus tá glaonna 2024 CB-RES fós ar feitheamh.

Aistríodh EUR 430 milliún ó leithreasuithe faoi chomhair gealltanas SCE Fuinneamh le haghaidh na bliana 2023 chuig SCE Iompar. Léiríonn sé sin go bhfuil buiséad SCE á úsáid idir na trí earnáil ar an mbealach is éifeachtúla. In 2023, bhí punann theoranta tionscadal fós ag snáithe SCE Fuinneamh ar bronnadh cistiú orthu agus bhí moilleanna ar chur chun feidhme ag baint le cuid acu. An tráth céanna, bhí SCE Iompar ag tús-ualú a bhuiséid agus d’fhéadfadh sé úsáid a bhaint as an mbuiséad aistrithe faoi ghlaonna 2023 SCE Iompar.

Cuirfear an buiséad aistrithe ar ais chuig SCE Fuinneamh ó 2025 ar aghaidh agus tá coinne ann go ngeallfar é sna blianta ina dhiaidh sin, ós rud é go bhfuil coinne le riachtanais mhóra infheistíochta sna catagóirí nua bonneagair fuinnimh (go háirithe eangacha amach ón gcósta agus hidrigin). Deimhníodh é sin le torthaí ghlao 2024 SCE ar TLCanna agus ar TLFanna: EUR 1 250 milliún ar an iomlán a dámhadh ar na deontais, agus is iad na heangacha amach ón gcósta agus na tionscadail hidrigine atá in 24 cinn de na 41 thogra a roghnaíodh (ar fiú EUR 947 milliún nó 76 % den chistiú a leithdháileadh iad).

Seirbhísí digiteacha:

Aistríodh EUR 150 milliún den mhéid tagartha sa bhunús dlí le haghaidh SCE Seirbhísí Digiteacha chuig an nGníomh Eorpach um Shliseanna agus aistríodh EUR 110 milliún den mhéid tagartha chuig an tionscnamh Bonneagar don Athléimneacht, don Idirnascacht agus don tSlándáil trí Shatailít (IRIS²) (le haghaidh 2024-2027).

Cuireadh moill bheag ar thús chur chun feidhme SCE Seirbhísí Digiteacha, mar gheall ar mhoilleanna áirithe ar ghlacadh, ar úrnuacht an chláir, agus ar chineál nuálach ábhar áirithe (e.g. 5G le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe). Dá réir sin, cuireadh tús le tionscadail Ghlao 1 i mí Eanáir 2023, cuireadh tús le tionscadail Ghlao 2 i dtús 2024, cuireadh tús le tionscadail Ghlao 3 faoi thús 2025, agus tá coinne ann go gcuirfear tús le tionscadail Ghlao 4 faoi thús 2026.

Lean na trí ghlao faoi chlár oibre 2021-2023 an sceideal pleanála ‘ceann amháin in aghaidh na bliana’, le gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána an-mhaith i gcomhréir le leithdháiltí airgeadais, go háirithe le haghaidh tionscadail cáblaí fomhuirí a cuireadh isteach faoin nglao maidir le Tairseacha Domhanda Digiteacha.

Cé nach mbeidh na chéad torthaí tionscadal ar fáil ach ó 2025 ar aghaidh, is féidir a mheas go bhfuil an phunann tionscadal atá ann faoi láthair ar an mbóthar ceart. Tar éis na dtrí ghlao tosaigh, tá 117 dtionscadal á gcistiú ag SCE Seirbhísí Digiteacha faoi láthair lena gcumhdaítear a phríomhábhair, agus tá buiséad iomlán os cionn EUR 640 milliún ag gabháil leo.

VI.Conclúidí agus ionchas don tréimhse CAI atá fágtha

Geallfar an buiséad iomlán do shnáithe SCE Iompar in 2025 agus níl aon ghlao eile beartaithe faoin CAI atá ann faoi láthair, ach amháin má tá roinnt athshreabha teoranta cistí ann nach n-úsáideann na tionscadail.

Tá breisluach ard AE ag baint leis na tionscadail uile a roghnaítear i nglaonna SCE Iompar agus ba cheart dóibh rannchuidiú le gréasán GTE-I a thabhairt chun críche. An tráth céanna, tá riachtanais infheistíochta le haghaidh ghréasán GTE-I fós ard. De réir pháipéar seasaimh Chomhordaitheoirí GTE-I ó mhí Aibreáin 2024 27 , is é EUR 845 bhilliún an infheistíocht iomlán is gá chun croíghréasán GTE-I agus croíghréasán leathnaithe GTE-I a chur i gcrích sna 15 bliana amach romhainn. Cuirtear san áireamh san uimhir sin na ceanglais nua uile a cuireadh isteach le linn an athbhreithnithe ar Rialachán GTE-I. Maidir le tionscadail a bhfuil an breisluach AE is airde acu amháin, meastar gurb é thart ar EUR 210 mbilliún an méid atá fágtha le hinfheistiú.

Leis an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh chomh tapa agus is féidir i dtionscadail soghluaisteachta míleata lena méadaítear an cumas le haghaidh gluaiseachtaí mórscála trúpaí agus ábhair throma ar gearrfhógra. Ba cheart tionscadail den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe idir na Ballstáit chun soghluaisteacht trasteorann rianúil a chumasú.

Maidir le snáithe SCE Fuinneamh, leanfaidh an Coimisiún de ghlaonna ar thograí a eagrú le haghaidh TLCanna agus TLFanna agus le haghaidh tionscadail in-athnuaite trasteorann go dtí 2027, agus tá coinne ann go ndéanfar an buiséad iomlán a ghealladh faoi dheireadh an chláir. Tagann breisluach ard AE maidir le tionscadail SCE Fuinneamh óna rannchuidithe le comhtháthú na margaí inmheánacha fuinnimh, le slándáil an tsoláthair fuinnimh, agus le dícharbónú an chórais fuinnimh.

De réir staidéar ar riachtanais infheistíochta a foilsíodh i mí Eanáir 2025 28 , is é EUR 130 billiún ar an iomlán a bheidh sna riachtanais infheistíochta le haghaidh tionscadail leictreachais trasteorann agus naisc amach ón gcósta amháin thar 2024-2040. Tá tionscadail comhair trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite (tionscadail CB-RES) ríthábhachtach chun neamhshiméadrachtaí maidir le hacmhainneacht giniúna agus éilimh a ghiaráil, agus tá siad fíor-riachtanach cheana féin do na Ballstáit inar baineadh triail as na féidearthachtaí uile maidir le cur in úsáid atá dírithe ar an tír féin. Tá tacaíocht ón Aontas ríthábhachtach chun tionscadail den sórt sin a éascú, lena mbaineann dianchaiteachas caipitil agus leibhéal níos mó castachta agus rioscaí, mar shampla mar gheall ar an deacracht a bhaineann le comhaontuithe maidir le comhroinnt costais agus tairbhe a aimsiú idir na Ballstáit.

Cuireann an dara clár oibre de chuid SCE Seirbhísí Digiteacha (2024-2027) leis na torthaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh le cur chun feidhme an chéad chláir oibre (2021-2023) agus leis na tosaíochtaí beartais atá ag teacht chun cinn i réimse an bhonneagair nascachta digití. Leanfaidh SCE Seirbhísí Digiteacha de thacaíocht a thabhairt don nascacht chnámh droma agus d’ábhair 5G a luaitear thuas, le roinnt oiriúnuithe do na glaonna a bhaineann le 5G, atá comhtháite anois i ‘dtreoirthionscadail mhórscála 5G’ (ag tosú le Glao 4, a osclaíodh an 22 Deireadh Fómhair 2024).

Le dáileadh beartaithe an bhuiséid EUR 865 mhilliún atá ar fáil le haghaidh 2024-2027, tugtar tús áite d’acmhainneacht, athléimneacht agus slándáil nascacht trasteorann an Aontais a mhéadú, le cistiú EUR 542 mhilliún le haghaidh tairseacha domhanda nó cáblaí fomhuirí. Tosaíocht eile is ea leanúint de nascacht úrscothach a chur in úsáid le haghaidh feidhmeanna ardfhorbartha agus nuálacha, le EUR 205 mhilliún le haghaidh threoirthionscadail 5G. Tá EUR 90 milliún curtha in áirithe chun naisc chumarsáide candamaí trasteorann idir na Ballstáit a chur in úsáid.

Tá obair fós ar siúl ar an meastóireacht eatramhach ar SCE 2021-2027, chun anailís níos doimhne a dhéanamh ar chlár SCE. Cuireadh staidéar tacaíochta ar tairiscint agus i mí na Samhna 2024 d’fhoilsigh an Coimisiún an ‘Creat Faireacháin agus Meastóireachta’ (SWD(2024) 276) 29 .

(1)

  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lgh. 38-81 .

(2)

  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 5763 final ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2021 maidir le maoiniú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – Earnáil Iompair agus glacadh an chláir oibre le haghaidh 2021-2027 .

(3)

  Cinneadh Cur Chun Feidhme (2023) 4886 final ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 5763 final maidir le maoiniú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – Earnáil iompair agus glacadh an chláir oibre le haghaidh 2021-2027 .

(4)

Sainmhínithe i Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, IO L 152, 3.6.2022, lgh. 45-102 .

(5)

  Cinneadh Cur Chun Feidhme (2021) 5791 final ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 maidir le maoiniú na hearnála fuinnimh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2021-2027 .

(6)

  Cinneadh Cur Chun Feidhme (2022) 7393 final ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 5791 final maidir le maoiniú na hearnála fuinnimh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2021-2027 .

(7)

Féach: Cistiú le haghaidh tionscadail leasa choitinn (europa.eu) .

(8)

  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, IO L 152 , 3.6.2022, lgh. 45-102.

(9)

Tugadh TLFanna isteach leis an athbhreithniú ar Rialachán GTE-F in 2022 agus bhí siad incháilithe ar dtús chun iarratas a dhéanamh ar SCE Fuinneamh in 2024.

(10)

  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1041 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa IO L, 2024/1041, 8.4.2024 .

(11)

  Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (2024) 482 final ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 7393 ón gCoimisiún maidir le maoiniú na hearnála fuinnimh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus maidir le glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2021-2027 .

(12)

 Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (2021) 9463 final ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 maidir le maoiniú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – An earnáil dhigiteach agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh 2021-2025.  Clár oibre ilbhliantúil le haghaidh 2021-2023 - an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - an Clár Oibre Digiteach | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú .

(13)

 Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (2023) 2533 final ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 9463 maidir le maoiniú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – An earnáil dhigiteach agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh 2021-2025.  Clár oibre ilbhliantúil le haghaidh 2021-2023 - an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - an Clár Oibre Digiteach | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú .

(14)

  Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (2024) 6891 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2024 maidir le maoiniú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – An earnáil dhigiteach agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh 2024-2027.  

(15)

  Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, IO L, 2024/1679, 28.6.2024. .

(16)

Gan comhaontuithe deontais atá á n-ullmhú a áireamh.

(17)

  Aerfoirt iomaíocha agus inbhuanaithe a áirithiú

(18)

  Bainistíocht Carbóin Thionsclaíoch: Scéalta Idirghníomhacha. Bainistíocht carbóin thionsclaíoch arna cistiú ag an Aontas Eorpach

(19)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún (2022) 230 final an 18.5.2022 maidir le Plean REPowerEU .

(20)

  Punann Tionscadail CINEA - Fáilte | Bileog - Qlik Sense (europa.eu) .

(21)

  Bonneagar Iompair Níos Glaise don Eoraip 2014-2024: Bonneagar a thógáil a sheasfaidh an aimsir a bhuí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Iompar .

(22)

  Bonneagar fuinnimh idirnasctha inbhuanaithe don Eoraip 2014-2024: Gréasán Fuinnimh Eorpach a thógáil a sheasfaidh an aimsir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Fuinneamh .

(23)

  SCE Fuinneamh: Cistiú ionstraimeach chun sioncrónú Baltach le Líonra Mhór-roinn na hEorpa a bhaint amach .

(24)

  Maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - an Clár Oibre Digiteach - an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú .

(25)

  An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - Feidhmíocht - An Coimisiún Eorpach .

(26)

De réir an chéad chláir oibre ilbhliantúil in 2021, C(2021) 5791 final an 6 Lúnasa 2021: Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le maoiniú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus glacadh an chláir oibre ilbhliantúil le haghaidh tréimhse 2021-2027.

(27)

  Cónascadh na hEorpa. Cistiú agus maoiniú iompair atá curtha in oiriúint do na dúshláin atá amach romhainn. Páipéar Seasaimh Chomhordaitheoirí GTE-I .

(28)

  An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, Finesso, A., Kralli, A., Bene, C., Goodall, F. et al., Investment needs of European energy infrastructure to enable a carbonised economy – Final report [Riachtanais infheistíochta bhonneagar fuinnimh na hEorpa chun geilleagar dícharbónaithe a chumasú – Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025.

(29)

  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin. Creat Faireacháin agus Meastóireachta don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027 .

Top