Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0496

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE RESTORE - Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057

COM/2024/496 final

An Bhruiséil,21.10.2024

COM(2024) 496 final

2024/0275(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

RESTORE - Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Bhí tionchar tubaisteach ag na tubaistí nádúrtha a tharla le déanaí i Lár, in Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa ar an bpobal atá ina gcónaí sna réigiúin sin. Beidh gá le hoibreacha fairsinge atógála i roinnt mhaith cathracha, bailte agus sráidbhailte chun bonneagar agus trealamh dá ndearnadh damáiste a dheisiú agus chun atógáil níos fearr a dhéanamh chun athléimneacht aeráide agus tubaiste a áirithiú ar bhealach costéifeachtach, chun an t-ualach ar bhuiséid áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a mhaolú go tapa agus chun an baol go mbeidh géaréagothromaíochtaí críochacha ann mar thoradh ar na tubaistí sin a mhaolú. Beidh gá le bearta láithreacha chun iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach de dhíth ar dhaoine a ndéanann na tubaistí nádúrtha sin dochar dóibh, daoine a bhféadfadh sé gur chaill siad a dtithe agus a ngiuirléidí. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht chun poist a chothabháil do ghnólachtaí a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu mar gheall ar thubaiste nádúrtha ionas go mbeidh fostaithe agus daoine féinfhostaithe in ann a bpost a choinneáil ar feadh na tréimhse nach raibh siad in ann rochtain a fháil ar a ngnátháit fostaíochta. Chun dul i ngleic le héifeacht mhillteanach tubaistí nádúrtha ar shláinte daoine, ba cheart rochtain ar chúram sláinte a cheadú freisin, lena gcuimsítear daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Ní mór an Eoraip a bheith in ann tacaíocht bhreise éifeachtach a chur ar fáil go tapa trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) do na Ballstáit, do réigiúin, d’údaráis áitiúla agus do dhaoine atá buailte go dona ag tubaistí réigiúnacha, de chomhlánú ar na hacmhainní atá ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Ní mór coinne a bheith le méadú ar mhinicíocht na dtubaistí. Dá bhrí sin, le linn a bheith ag tógáil ar an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le creat lena gceadaítear solúbthacht agus tacaíocht airgeadais chun athruithe athfhillteacha ar chreat dlíthiúil an bheartais comhtháthaithe agus ualach breise riaracháin a sheachaint, agus cineál straitéiseach fadtéarmach an bheartais Comhtháthaithe á chaomhnú an tráth céanna.

Dá bhrí sin, chun cúnamh breise agus tuilleadh solúbthachta a sholáthar do na Ballstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha dochar dóibh a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, bheartaigh an Coimisiún cuspóir sonrach nua a chruthú faoi raon feidhme reatha thacaíocht CFRE. Chuirfeadh sé sin ar chumas na mBallstát ath-chlársceidealú faoina gcláir 2021-2027 faoi mhéideanna na sprice ‘Infheistíocht le haghaidh Post agus Fáis’ le haghaidh na hatógála tar éis tubaistí nádúrtha mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh nó ag a bhfuil aitheantas amhlaidh ó údarás poiblí inniúil de chuid Ballstáit.

Áirítear an cuspóir sonrach breise sin faoi Chuspóir Beartais 2 (Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar aeráidneodrach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistíocht rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn). Tacaíonn an cuspóir beartais sin go díreach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide a bhfuil sé d’aidhm aici bearta oiriúnúcháin a fhorbairt chun rioscaí an athraithe aeráide a bhainistiú, i bhfoirm tubaistí de ghnáth, amhail tuilte, falscaithe nó triomaigh.

Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach infheistíochtaí a thuar agus a threisiú agus béim ar leith á leagan ar thubaistí a chosc agus ar ullmhacht ina leith, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear réitigh dhúlrabhunaithe, chun tionchar na dtubaistí arb í an aeráid is cúis leo a mhaolú. Níor cheart iarrachtaí atógála dul chun dochair d’infheistíochtaí beartaithe fadtéarmacha i gcosc tubaistí agus in ullmhacht maidir le tubaistí.

Le CSE+, taobh istigh den raon feidhme atá aige cheana, féadfar foráil a dhéanamh freisin maidir le hacmhainní chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha tubaistí nádúrtha a mhaolú. Sa bhreis ar na bearta atá ann cheana, ba cheart tuilleadh solúbthachta a áirithiú do na Ballstáit ionas gur féidir leo cúnamh tapa agus láithreach a chur ar fáil i bhfoirm bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach. Ba cheart fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bheith in ann a bpoist a choinneáil go dtí go mbeidh siad in ann filleadh ar an obair, dá bhrí sin, ba cheart maoiniú scéimeanna oibre gearr-ama a cheadú ar bhealach níos solúbtha. Chun dul i ngleic le héifeacht mhillteanach tubaistí nádúrtha ar shláinte daoine, ba cheart rochtain ar chúram sláinte a cheadú freisin, lena gcuimsítear daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Chuirfeadh sé sin ar chumas na mBallstát a n-acmhainní CSE+ a ath-chlársceidealú laistigh de chlárthréimhse 2021-2027 chun go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as an gcúnamh breise agus as na solúbthachtaí breise.

Is féidir leis na Ballstáit úsáid a bhaint as na forálacha atá ann cheana maidir le haistriú a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060 chuig CFRE nó chuig CSE+.

I bhfianaise mhéid an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag tubaistí nádúrtha den sórt sin agus chun leachtacht a instealladh go tapa chun na riachtanais is práinní a chumhdach, na Ballstáit, agus úsáid á baint acu as an gcreat atá beartaithe, moltar go mbainfidís tairbhe as réamh-mhaoiniú breise 30 % de na méideanna atá cláraithe faoi na tosaíochtaí tiomnaithe agus as an bhféidearthacht maoiniú ón Aontas suas le 100 % a chur i bhfeidhm. Chun freagairt do na himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, i gcomhréir le hAirteagal 63(7) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh cheana féin ina gcláir go dtosóidh incháilitheacht an chaiteachais ón dáta a tharlaíonn an damáiste den chéad uair mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin oibríochtaí a roghnú le haghaidh tacaíocht faoin tosaíocht thiomnaithe atá tugtha chun críche nó atá curtha chun feidhme go hiomlán agus arb é is aidhm dóibh freagairt a thabhairt ar an tubaiste nádúrtha. Na méideanna arna n-ath-chlársceidealú le haghaidh na tosaíochta (nó na dtosaíochtaí), ní mór iad a theorannú go foriomlán d’uasmhéid 10 % de leithdháileadh an Bhallstáit ar an mbeartas comhtháthaithe náisiúnta, agus CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe le linn na clárthréimhse á gcur san áireamh. Féadfar an tosaíocht thiomnaithe a úsáid le haghaidh tubaiste nádúrtha amháin nó níos mó trí leasú ar chlár amháin nó níos mó. I gcás ina méadaítear an leithdháileadh ar an tosaíocht sin trí leasuithe ar chláir ina dhiaidh sin, íocfar an réamh-mhaoiniú breise ar an méadú ionas go gcomhfhreagraíonn an réamh-mhaoiniú breise foriomlán do 30 % de na hacmhainní a leithdháiltear ar an tosaíocht sin.

I gcás inar mian leis an mBallstát úsáid a bhaint as an tosaíocht thiomnaithe sin agus as na solúbthachtaí comhfhreagracha, ní mór an leasú comhfhreagrach ar an gclár a chur faoi bhráid an Choimisiúin ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis don damáiste tarlú den chéad uair mar thoradh ar an tubaiste. I gcás ina dtarlóidh an tubaiste nádúrtha sula dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm, ní mór an leasú seo a thíolacadh laistigh de cheithre mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach leis na cuspóirí a leanann cistí an bheartais comhtháthaithe agus tá sé teoranta do leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057. Is comhlánú é an togra ar an gcineál tacaíochta atá ar fáil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra teoranta do leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2021/1058, chomh maith le leasú ar Rialachán (AE) 2021/1057 agus tá sé comhsheasmhach go fóill le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 164, 175(3) agus 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Maidir leis an togra chun solúbthacht bhreise a sholáthar do na Ballstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha dochar dóibh tríd an deis a thabhairt oibreacha atógála ó CFRE a mhaoiniú le ráta maoiniúcháin suas le 100 % ón Aontas agus le réamh-mhaoiniú breise le haghaidh tosaíocht thiomnaithe i gcláir, ní mór Rialachán (AE) 2021/1058 a leasú. Maidir leis an togra chun solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit i gcur chun feidhme CSE+, lena n-áirítear an réamh-mhaoiniú breise agus an maoiniú suas le 100 % ón Aontas, chun iarmhairtí socheacnamaíocha tubaistí nádúrtha a mhaolú agus ina theannta sin, chun bheith in ann bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar láithreach do dhaoine dá ndéanann tubaistí nádúrtha dochar, chomh maith le scéimeanna oibre gearr-ama d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe gan bearta gníomhacha gan rochtain ar chúram sláinte lena n-áirítear do dhaoine nach bhfuil i ngarbhaol leochaileacht shocheacnamaíoch, is gá leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2021/1057. Ní féidir an méid céanna sin a bhaint amach le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.

Comhréireacht

Níl i gceist sa togra ach athrú teoranta agus spriocdhírithe nach faide raon dó ná a dteastaíonn chun cúnamh breise a chur ar fáil do na Ballstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha dochar dóibh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Seiceálacha meastóireachta/ oiriúnachta ex post na reachtaíochta reatha

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair chun an togra le haghaidh Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057 a ullmhú. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na n-athruithe teoranta spriocdhírithe reatha seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann an togra le cláir beartais chomhtháthaithe ón gclárthréimhse 2021-2027 agus ní dhéanann sé aon mhodhnú ar ghealltanais bhuiséadacha atá ann cheana. Tá sé laistigh de theorainneacha leithdháileadh foriomlán na tréimhse 2021-2027, rud a fhágann neodrach ó thaobh buiséid é.

Beidh réamh-mhaoiniú breise le híoc faoi CFRE agus CSE+ mar thoradh ar an togra agus déanfar tús-ualú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí mar thoradh air.

Le haghaidh 2025, níor beartaíodh an réamh-mhaoiniú breise sa dréachtbhuiséad. Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha agus chun tacaíocht ghasta a chur ar fáil do na Ballstáit dá ndéanann tubaistí dochar, mhol an Coimisiún na riachtanais bhreise íocaíochta a chumhdach trí litir leasaitheach a ghabhann le dréachtbhuiséad 2025. Is é EUR 3 bhilliún an méid breise le haghaidh 2025 – le haghaidh CFRE agus CSE+ i dteannta a chéile – agus comhfhreagraíonn sé do réamh-mhaoiniú 30 % le haghaidh leithdháileadh measta (EUR 10 mbilliún) na dtosaíochtaí tiomnaithe i ndiaidh na dtubaistí nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

Beidh tús-ualú páirteach íocaíochtaí mar thoradh ar an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar ráta méadaithe maoiniúcháin ón Aontais suas le 100 % i gcás CFRE agus CSE+ araon, agus beidh íocaíochtaí níos ísle ina dhiaidh sin ann ag céim níos déanaí toisc nach bhfuil aon athrú ar an imchlúdach foriomlán. Beidh an tionchar iarbhír ag brath ar ghlacadh na mBallstát.

Chun na modhnuithe atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí de réir mar leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, ná ní thugtar le fios leo athruithe ar na riachtanais íocaíochta le linn na clárthréimhse.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme an bhirt faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/1057 agus Rialachán (AE) 2021/1058.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Chun cúnamh breise agus níos mó solúbthachta a chur ar fáil do na Ballstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha dochar dóibh, tá sé beartaithe Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·cuspóir sonrach nua a thabhairt faoi Chuspóir Beartais 2 (Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar aeráidneodrach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistíocht rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn) taobh istigh de raon feidhme thacaíocht CFRE mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Ba cheart acmhainní faoin gcuspóir sonrach sin a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe clár faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis” chun tacú le hoibríochtaí atá dírithe ar dheisiú agus ar atógáil.

·foráil a dhéanamh maidir le ráta maoiniúcháin ón Aontas suas le 100 % ó bhuiséad an Aontais a chur i bhfeidhm le haghaidh tosaíocht ar leithligh arna bunú laistigh de chlár chun tacú le hoibríochtaí a bhaineann le hatógáil agus deisiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go gcuirfear tacaíocht ó ionstraimí náisiúnta eile nó ó ionstraimí eile de chuid an Aontais nó ó scéimeanna príobháideacha árachais san áireamh ionas go n-eisiafar ró-íocaíocht;

·réamh-mhaoiniú breise a sholáthar don tosaíocht ar leithligh sin trí 30 % a chur i bhfeidhm maidir le leithdháileadh na tosaíochta mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár i gcás ina mbunaítear an tosaíocht thiomnaithe nua. I gcás ina méadófar an leithdháileadh ar an tosaíocht ina dhiaidh sin mar thoradh ar thubaistí nádúrtha breise, ní íocfar an réamh-mhaoiniú breise ach amháin ar an méid faoina méadófar an leithdháileadh ar an tosaíocht;

·cur ar chumas na mBallstát oibríochtaí tacaíochta a roghnú atá críochnaithe go fisiceach nó atá curtha chun feidhme ina n-iomláine sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta go cuí, i gcás gur ag freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir é;

·sprioc-am ceithre mhí a leagan amach tar éis don damáiste de dheasca tubaiste nádúrtha tarlú den chéad uair nó tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh i gcás inar tharla tubaiste roimh an dáta sin chun leasuithe comhfhreagracha ar an gclár a chur isteach.

Chun tuilleadh solúbthachta a áirithiú do na Ballstáit mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, tá sé beartaithe Rialachán (AE) 2021/1057 a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht spriocdhírithe chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha tubaistí nádúrtha a mhaolú faoi thosaíocht thiomnaithe a bhaineann tairbhe as tuilleadh solúbthachtaí;

·foráil a dhéanamh maidir le maoiniú scéimeanna oibre gearr-ama chun leasa fostaithe agus daoine féinfhostaithe dá ndéanann tubaistí nádúrtha difear gan gá bearta gníomhacha a dhéanamh ar feadh tréimhse theoranta ama, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh iad a chlársceidealú faoin tosaíocht thiomnaithe;

·foráil a dhéanamh maidir le bearta maoiniúcháin chun tacú leis an rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear do dhaoine nach bhfuil leochaileach go socheacnamaíoch, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh iad a chlársceidealú faoin tosaíocht thiomnaithe;

·foráil a dhéanamh maidir le dáileadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a cheadú gan bearta tionlacain má tá sé chun freagairt a thabhairt ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é a chlársceidealú faoin tosaíocht thiomnaithe;

·cur ar chumas na mBallstát oibríochtaí tacaíochta a roghnú atá críochnaithe go fisiceach nó atá curtha chun feidhme ina n-iomláine sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta go cuí, i gcás gur ag freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir é;

·sprioc-am ceithre mhí a leagan amach tar éis don damáiste de dheasca na tubaiste nádúrtha tarlú nó tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh i gcás inar tharla tubaiste roimh an dáta sin chun leasuithe comhfhreagracha ar an gclár a chur isteach.

·réamh-mhaoiniú breise a sholáthar don tosaíocht thiomnaithe sin trí 30 % a chur i bhfeidhm maidir le leithdháileadh na tosaíochta mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár i gcás ina mbunaítear an tosaíocht thiomnaithe nua. I gcás ina méadófar an leithdháileadh ar an tosaíocht ina dhiaidh sin mar thoradh ar thubaistí nádúrtha breise, ní íocfar an réamh-mhaoiniú breise ach amháin ar an méid faoina méadófar an leithdháileadh ar an tosaíocht;

·beifear in ann ráta maoiniúcháin ón Aontas suas le 100 % ó bhuiséad an Aontais a chur i bhfeidhm le haghaidh na tosaíochta tiomnaithe.

Chun cineál straitéiseach fadtéarmach infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe a choimirciú, ní fhéadfaidh an méid iomlán a leithdháilfear ar thosaíochtaí tiomnaithe den sórt sin 10 % de leithdháileadh náisiúnta tosaigh iomlán CFRE, CSE+ agus an Chiste Chomhtháthaithe i dteannta a chéile i mBallstát le haghaidh na clárthréimhse 2021-2027 a shárú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go gcuirfear tacaíocht ó ionstraimí náisiúnta eile nó ó ionstraimí eile de chuid an Aontais nó ó scéimeanna príobháideacha árachais san áireamh ionas go n-eisiafar ró-íocaíocht.

2024/0275 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

RESTORE - Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164, Airteagal 175(3) agus Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 1

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bhí tionchar tubaisteach ag na tuilte a tharla le déanaí i Lár, in Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa ar an bpobal atá ina gcónaí sna réigiúin sin. Beidh gá le hoibreacha atógála fairsinge in go leor cathracha, bailte agus sráidbhailte chun bonneagar agus trealamh a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú. Beidh gá le bearta láithreacha chun iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú. Ina theannta sin, is gá do dhaoine an t-ábhar bunúsach a chaill siad láithreach; agus beidh gá le tacaíocht do chaomhnú post chun cuidiú le fostaithe agus le daoine féinfhostaithe a bpoist a choinneáil ar feadh tréimhse teoranta ama i gcásanna nach bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar a ngnátháit fostaíochta de dheasca tubaiste nádúrtha. Chun dul i ngleic le héifeacht mhillteanach tubaistí nádúrtha ar shláinte daoine, ba cheart rochtain ar chúram sláinte a cheadú freisin, lena gcuimsítear daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Tugann an fhianaise le fios gur dócha go dtiocfaidh méadú ar tharluithe tubaistí nádúrtha san am atá le teacht. Dá bhrí sin, is iomchuí creat a chruthú lena ndéantar foráil maidir le solúbthacht agus tacaíocht airgeadais, agus san am céanna, cineál straitéiseach fadtéarmach infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe á chaomhnú.

(2)Chun an t-ualach ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a laghdú go tapa agus chun an riosca go mbeidh éagothromaíochtaí críochacha nua ann a mhaolú, tá gá le tacaíocht éifeachtach trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (‘CSE+’) do na Ballstáit, réigiúin, údaráis áitiúla agus daoine a ndearna tubaistí nádúrtha den sórt sin difear mór dóibh, sa bhreis ar na hacmhainní atá ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

(3)Chun solúbthacht bhreise a chur ar fáil do Bhallstáit a ndearna tubaistí nádúrtha difear dóibh, ba cheart cuspóir sonrach nua a chur ar fáil faoin sprioc i gcomhair Infheistíocht le haghaidh post agus fáis chun tacaíocht airgeadais CFRE a dhíriú ar an atógáil mar fhreagairt ar thubaistí den sórt sin.

(4)Le cuspóir beartais 2, faoinar cheart an cuspóir sonrach nua a thabhairt isteach, tacaítear go díreach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 3 . Tá sé d’aidhm ag Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 4 bearta oiriúnúcháin a fhorbairt chun rioscaí an athraithe aeráide a bhainistiú, i bhfoirm tubaistí de ghnáth, amhail tuilte, falscaithe nó triomaigh. Ba cheart leanúnachas agus atreisiú na n-infheistíochtaí atá beartaithe i gcosc tubaistí agus in ullmhacht maidir le tubaistí, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide, a áirithiú, chun maolú a dhéanamh ar thionchar na dtubaistí nádúrtha a tharlaíonn níos minice ná riamh, lena n-áirítear tubaistí arb í an aeráid is cúis leo. Níor cheart iarrachtaí atógála dul chun dochair d’infheistíochtaí i gcosc agus ullmhacht struchtúrach fhadtéarmach maidir le tubaistí. Ba cheart cur i bhfeidhm díonadh ar an athrú aeráide agus an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a áirithiú agus infheistíocht á déanamh i mbonneagar chun athléimneacht an bhonneagair arna chistiú ag an Aontas a fheabhsú i bhfianaise tubaistí a bheidh ann amach anseo, tubaistí a tharlóidh níos minice agus níos déine, arb é an t-athrú aeráide is cúis leo.

(5)I gcomhréir le raon feidhme na tacaíochta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , féadfar a chumhdach le tacaíocht don atógáil mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha faoin gcuspóir sonrach nua athchóiriú bonneagair a ndearnadh damáiste dó nó a scriosadh, amhail bonneagar poiblí nó infheistíocht i gcaipiteal seasta le haghaidh gnólachtaí agus trealaimh, lena n-áirítear tacaíocht ag suíomh difriúil nó i bhformáid nach bhfuil comhionann leis an gceann bunaidh, más gá, ar bhealach athléimneach inbhuanaithe. Ina theannta sin, féadfar tacú le limistéir nádúrtha, an bhithéagsúlacht agus bonneagar glas a athchóiriú, lena n-áirítear tacaíocht athchóirithe ar láithreáin Natura 2000. D’fhéadfadh bearta ábhartha a bhaineann leis an athfhoraoisiú a bheith san áireamh leis sin.

(6)I gcomhthéacs na hatógála mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ba cheart tosaíocht a thabhairt sa phróiseas roghnúcháin d’oibríochtaí atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’. Is éard atá i gceist leis an bprionsabal sin úsáid a bhaint as na céimeanna téarnaimh, athshlánaithe agus atógála tar éis tubaiste chun athléimneacht pobal a mhéadú trí bhearta laghdaithe rioscaí tubaiste a chomhtháthú, mar a léirítear i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030. San am céanna, ba cheart a áirithiú go leanfaidh an tacaíocht a thabharfar do na hoibríochtaí roghnaithe de bheith comhréireach agus go mbeidh an gaol is fearr idir an méid tacaíochta agus an cuspóir maidir le hathléimneacht ó thubaistí a áirithiú. Thairis sin, i gcás ina bhfuil Ballstát incháilithe le haghaidh tacaíocht ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí riachtanacha éigeandála agus téarnaimh lena gcuirtear an bonneagar ar ais sa riocht ina raibh sé sular tharla an tubaiste nádúrtha, féadfar tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a úsáid ar bhealach comhlántach chun feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair dá ndearnadh difear chun feabhas a chur ar a acmhainneacht, a inbhuanaitheacht agus a athléimneacht i leith tubaistí nádúrtha a bheidh ann amach anseo a sheasamh. Go ginearálta, le tacaíocht CFRE, ba cheart an athléimneacht agus ullmhacht maidir le rioscaí a mhéadú.

(7)Chun ró-íocaíocht a eisiamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh forluí idir an tacaíocht a chumhdaítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus tacaíocht a fhaightear ó ionstraimí náisiúnta eile nó ó ionstraimí eile de chuid an Aontais nó ó scéimeanna árachais phríobháidigh.

(8)Chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, trí thosaíochtaí tiomnaithe, cuidiú spriocdhírithe, tapa agus láithreach a chur ar fáil chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha na dtubaistí sin a mhaolú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tacú, laistigh den tosaíocht thiomnaithe nó lasmuigh di, le bearta sealadacha do dhaoine a ndéanann na tubaistí sin difear díreach dóibh i bhfoirm bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh gan oibleagáid a bheith orthu bearta tionlacain a dhéanamh; agus, i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil údar cuí leis, scéimeanna oibre gearr-ama d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a ndéanann iarmhairtí tubaistí nádúrtha difear dóibh chun a bpoist a choinneáil fiú gan bearta gníomhacha (mura bhforchuireann an dlí náisiúnta na bearta sin) chomh maith le bearta chun rochtain ar chúram sláinte a chur ar fáil lena n-áirítear rochtain do dhaoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí le haghaidh na mbeart sealadach sin ar feadh tréimhse theoranta faoi Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

(9)Ba cheart na hacmhainní chun tacú leis an bhfreagairt don thubaistí nádúrtha a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe ag a bhfuil ráta cómhaoinithe suas le 100 %. Ba cheart a mheabhrú go bhféadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na féidearthachtaí chun leithdháiltí a aistriú idir cistí beartais comhtháthaithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 chun na hacmhainní atá ar fáil faoi na tosaíochtaí tiomnaithe sin a mhéadú. Féadfaidh siad acmhainní a ath-leithdháileadh freisin ó aon cheann de na cuspóirí beartais agus rialacha rialála á n-urramú san am céanna.

(10)Ba cheart na hacmhainní foriomlána atá clársceidealaithe faoi na tosaíochtaí tiomnaithe a theorannú d’uasmhéid 10 % de leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh an Bhallstáit le haghaidh CFRE, CSE+ agus an Chiste Comhtháthaithe. Féadfar iad a chlársceidealú trí leasú cláir amháin nó níos mó agus féadfar iad a nascadh le tubaiste amháin nó níos mó. Maidir leis an bprionsabal go bhfuil íocaíochtaí ón gCoimisiún le déanamh i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir cistithe atá ar fáil, ba cheart feidhm leanúint de bheith ag an bprionsabal sin.

(11)Chun tacaíocht láithreach a chur ar fáil d’infheistíochtaí le haghaidh atógáil mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha agus chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha na dtubaistí nádúrtha sin a mhaolú, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe eisceachtúil a chur ar fáil i ndáil leis na tosaíochtaí tiomnaithe. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir leis na méideanna sin de réamh-mhaoiniú eisceachtúil a bheith comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060.

(12)Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go hiomlán ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ba cheart a n-údaráis bhainistíochta a bheith in ann oibríochtaí tacaíochta atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán a roghnú sula gcuirfear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll gur freagairt ar an tubaiste nádúrtha sin atá san oibríocht.

(13)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1057 a leasú dá réir sin.

(14)I bhfianaise éifeachtaí millteanacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus na práinne atá le tacaíocht láithreach a thabhairt do na Ballstáit láithreach, meastar gur gá úsáid a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(15)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le tubaistí nádúrtha, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 mar a leanas:

1.Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)i mír 1, pointe (b), cuirtear an pointe (x) seo a leanas leis:

‘(x) tacú le hinfheistíochtaí atá dírithe ar an atógáil mar fhreagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh;’;

(b)cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1b. Chun críocha mhír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo, tuigfear gurb é atá i dtubaiste nádúrtha mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle*. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus (3) den Rialachán sin, ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil de chuid an Bhallstáit í mar thubaiste nádúrtha.

Déanfar na hacmhainní a leithdháiltear faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(x) den Airteagal seo a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe clár faoin sprioc i gcomhair Infheistíocht le haghaidh post agus fáis a chomhfhreagraíonn don chuspóir beartais faoi seach. Na hacmhainní a leithdháiltear faoin gcuspóir sonrach sin agus faoi na tosaíochtaí tiomnaithe a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 12b(2) de Rialachán (AE) 2021/1057, beidh siad teoranta, le haghaidh na clárthréimhse ar fad, d’uasmhéid 10 % den leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an Ciste Comhtháthaithe. Tíolacfar an leasú comhfhreagrach ar chlár laistigh de 4 mhí ón dáta a tharla an damáiste den chéad uair mar thoradh ar an tubaiste nádúrtha nó, i gcás inar tharla an tubaiste nádúrtha roimh an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin XXX/XXX seo [lena leasaítear Rialachán CFRE/CC].

Íocfaidh an Coimisiún 30 % den leithdháileadh ar an tosaíocht dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil. I gcás ina ndéanfar an leithdháileadh ar an tosaíocht sin a mhéadú ina dhiaidh sin, íocfar méid réamh-mhaoiniúcháin breise a chomhfhreagróidh do 30 % den mhéadú.

I gcomhréir le hAirteagal 90(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an gcaoi chéanna le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

De mhaolú ar Airteagal 112(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % an t-uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a leagadh síos chun tacú leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo.

Maidir le tacaíocht ó ionstraim náisiúnta eile nó ionstraim eile de chuid an Aontais nó ó scéim árachais phríobháidigh eile, tacaíocht a fuarthas le haghaidh oibríochtaí a roghnaíodh faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(x), den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tacaíocht sin a asbhaint ón gcaiteachas a áirítear san iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.

De mhaolú ar an gcéad abairt d’Airteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta oibríochtaí tacaíochta a roghnú le haghaidh tacaíochta, faoin tosaíocht thiomnaithe, atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go dtugann an oibríocht sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

_____________

* Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj).’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Tabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do chuspóir beartais 2 agus 3, cé is moite den chuspóir sonrach a leagtar amach i mír 1, pointe (b)(x).’;

2.i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 2:

(x) tacú le hinfheistíochtaí atá dírithe ar an atógáil mar fhreagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh

Aon RCO a liostaítear le haghaidh cuspóirí sonracha faoi chuspóirí beartais 1 go 4

Aon RCR a liostaítear le haghaidh cuspóirí sonracha faoi chuspóirí beartais 1 go 4

’.

Airteagal 2

I Rialachán (AE) 2021/1057, cuirtear Airteagal 12b nua isteach mar a leanas:

‘Airteagal 12b

Tacaíocht chun iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha tubaistí nádúrtha a mhaolú

1.Féadfaidh na Ballstáit Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a úsáid chun tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha tubaistí nádúrtha, a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, a mhaolú. Chun críoch an airteagail seo, tuigfear gurb é atá i dtubaiste nádúrtha mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle*. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin tubaiste nádúrtha as a n-eascraíonn damáiste díreach atá faoi bhun na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus (3) den Rialachán sin, ar choinníoll gur aithin údarás poiblí inniúil de chuid an Bhallstáit í mar thubaiste nádúrtha.

_____________

* Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj).;

2.Chun críoch mhír 1, féadfar acmhainní a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe na gclár lena mbaineann. Maidir leis na hacmhainní foriomlána le haghaidh na dtosaíochtaí tiomnaithe sin a leithdháiltear ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa de bhun Airteagail 3, mír 1b, de Rialachán (AE) 2021/1058, beidh siad teoranta, le haghaidh na clárthréimhse ar fad, d’uasmhéid 10 % den leithdháileadh náisiúnta iomlán tosaigh de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an Ciste Comhtháthaithe. Tíolacfar an leasú comhfhreagrach ar chlár laistigh de 4 mhí ón dáta a tharla an damáiste an tubaiste nádúrtha nó, i gcás inar tharla an tubaiste nádúrtha roimh an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin XXX/XXX seo [lena leasaítear Rialachán CSE+].

3.Féadfaidh an tosaíocht thiomnaithe dá dtagraítear i mír 2 tacú le haon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

4.I gcás ina bhfuil géarghá leis, agus mar bhearta sealadacha, d’féadfadh gur incháilithe do mhaoiniú ar feadh uastréimhse 18 mí ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha scéimeanna oibre gearr-ama arb é is aidhm dóibh freagairt d’iarmhairtí tubaistí nádúrtha gan gá a bheith ann iad a chomhcheangal le bearta gníomhacha, chomh maith le rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear le haghaidh daoine nach mbaineann leochaileacht shocheacnamaíoch láithreach leo.

5.De mhaolú ar Airteagal 19(4), ní cheanglófar ar na Ballstáit seachadadh bia nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a chomhlánú le bearta tionlacain faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m), den Rialachán seo, i gcás ina mbeidh an seachadadh sin le freagairt d’iarmhairtí tubaistí nádúrtha. I gcás tubaiste nádúrtha, féadfaidh an seachadadh bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh sin gan bearta tionlacain a bheith incháilithe do mhaoiniú go ceann 6 mhí ar a mhéad ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha agus i gcás ar bith tar éis an 1 Eanáir 2024.

6.De mhaolú ar an gcéad abairt d’Airteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta oibríochtaí tacaíochta a roghnú le haghaidh tacaíochta, faoin tosaíocht thiomnaithe, atá críochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go dtugann an oibríocht sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

7.Íocfaidh an Coimisiún 30 % den leithdháileadh ar an tosaíocht thiomnaithe dá dtagraítear i mír 2, mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil. I gcás ina ndéanfar an leithdháileadh ar an tosaíocht sin a mhéadú ina dhiaidh sin, íocfar méid réamh-mhaoiniúcháin breise a chomhfhreagróidh do 30 % den mhéadú.

I gcomhréir le hAirteagal 90(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

8.De mhaolú ar Airteagal 112(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % an t-uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíocht thiomnaithe a bunaíodh chun tacú le hiarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha tubaistí nádúrtha a mhaolú de bhun mhír 2.

Maidir le tacaíocht ó ionstraim náisiúnta eile nó ionstraim eile de chuid an Aontais nó ó scéim árachais phríobháidigh eile, tacaíocht a fuarthas le haghaidh oibríochtaí a roghnaíodh mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tacaíocht sin a asbhaint ón gcaiteachas a áirítear san iarratas ar íocaíocht arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

RESTORE - Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An Comhaontú Glas don Eoraip

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm don togra an méid seo a leanas a sholáthar:

(i)tacaíocht bhreise éifeachtach agus tuilleadh solúbthachta chun tacú le hoibríochtaí atógála i gcás na mBallstát, na réigiún agus na n-údarás áitiúil atá buailte go dona ag tubaistí nádúrtha trí úsáid a bhaint as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)

(ii)solúbthacht do na Ballstáit i gcur chun feidhme Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) ionas go mbeidh siad in ann bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar láithreach do dhaoine dá ndéanann tubaistí nádúrtha difear, chomh maith le scéim oibre gearr-ama d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

Is iad cuspóirí sonracha an togra ligean do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)méideanna CFRE dá gcláir a athchlárú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Post agus Fáis chun tacú le hoibríochtaí deisiúcháin agus atógála a eascraíonn as tubaistí nádúrtha amhail ón 1 Eanáir 2024 a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha acu ar dhálaí maireachtála, ar an gcomhshaol nádúrtha nó ar an ngeilleagar;

(ii)tairbhe a bhaint as ráta cómhaoinithe suas le 100 % agus réamh-mhaoiniú 30 % breise do na tosaíochtaí atá tiomnaithe chun tacú leis an atógáil laistigh de chláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Post agus Fáis;

(iii)foráil a dhéanamh maidir le maoiniú scéimeanna oibre gearr-ama faoi CSE+ chun leasa fostaithe agus daoine féinfhostaithe dá ndéanann tubaistí nádúrtha difear gan gá bearta gníomhacha a dhéanamh ar feadh tréimhse theoranta ama;

(iv)foráil a dhéanamh maidir le dáileadh bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh gan bearta tionlacain faoi CSE+ mar fhreagairt ar iarmhairtí díreacha tubaistí nádúrtha;

(v)tairbhe a bhaint as ráta cómhaoinithe suas le 100 % agus réamh-mhaoiniú 30 % breise tráth a bhunófar tosaíocht tiomnaithe nua don CSE+ faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Post agus Fáis.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra seo athchlárú EUR 10 mbilliún ag na Ballstáit agus ag na réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha ar mhéideanna CFRE agus CSE+ dá gcláir trí sholúbthacht mhéadaithe agus dreasachtaí airgeadais faoi CFRE agus CSE+ chun tacú go tapa le hoibríochtaí atógála agus deisiúcháin, chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar, agus chun tacú le scéimeanna oibre gearr-ama agus an t-ualach ar bhuiséid náisiúnta á mhaolú ag an am céanna.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Leis an togra, cuirtear ar chumas na mBallstát aon chomhtháscaire aschuir agus toraidh a roghnú le haghaidh CFRE a liostaítear le haghaidh cuspóirí sonracha faoi chuspóirí beartais 1 go 4 chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar bhaint amach oibríochtaí atógála (Iarscríbhinn I, Tábla 1). Ní leasaítear leis an togra liosta na gcomhtháscairí le haghaidh thacaíocht CSE+.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 8  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ba cheart an Rialachán a bheith go hiomlán infheidhme go luath tar éis a ghlactha, i.e. an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Faoi réir ghlacadh an togra seo ag na comhreachtóirí, tá an Coimisiún réidh chun formheas tapa na n-iarrataí ar leasuithe ar chláir arna dtíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán 2021/1060 a éascú.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Leis an togra seo, beifear in ann leanúint de chur chun feidhme na gclár, airgead a chur sa gheilleagar, agus an t-ualach a thiteann ar an gcaiteachas poiblí sna Ballstáit sin dá ndéanann tubaistí nádúrtha difear a laghdú. Ní féidir an méid céanna sin a bhaint amach le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.

Tugann tubaistí nádúrtha le déanaí údar leis an ngá atá le hacmhainneacht an Aontais a neartú chun tacaíocht mhear agus éifeachtach a thabhairt do na Ballstáit chun a n-iarrachtaí atógála a chomhlánú agus chun na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha ar dhaoine a ndéantar difear díreach dóibh a mhaolú. Is gá na forálacha atá ann faoi láthair faoi Rialachán (AE) 2021/1060 a fhorlíonadh chun solúbthacht a mhéadú i gclársceidealú chistí CFRE agus leibhéal na tacaíochta airgeadais d’oibríochtaí deisiúcháin agus atógála tar éis tubaistí nádúrtha, sa bhreis ar na hacmhainní atá ar fáil faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus chun ligean do na Ballstáit méideanna CSE+ a shlógadh chun scéimeanna oibre gearr-ama a mhaoiniú gan gá a bheith le bearta gníomhacha d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe dá ndéanann tubaistí nádúrtha difear agus chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh gan bearta tionlacain.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tá athruithe rialála glactha ag an Aontas sna blianta roimhe seo chun dlús a chur le himscaradh chistí an Aontais; mar shampla, is samplaí iad CARE agus FAST-CARE ina raibh cistí an bheartais chomhtháthaithe faoi réir athruithe spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim atá ag teacht chun cinn.

Cuireadh an taithí sin chomh maith le Rialachán STEP san áireamh i ndearadh an togra seo.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Cruthaítear leis an Rialachán seo na coinníollacha is gá chun úsáid níos éifeachtaí agus níos solúbtha a bhaint as acmhainní CFRE agus CSE+ atá ann cheana tar éis tubaistí nádúrtha mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh nó, i gcásanna cuí-réasúnaithe, tar éis tubaistí nádúrtha a aithníonn údarás poiblí inniúil de chuid Ballstáit gur tubaistí nádúrtha iad mar a shainmhíntear iad sa Rialachán sin. Comhlánaíonn sé sin na hacmhainní atá ar fáil faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Tá an togra seo comhoiriúnach go hiomlán leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha agus leis na hionstraimí reatha, agus ní theastaíonn leithreasuithe breise faoi chomhair gealltanas chun na cuspóirí a bhaint amach.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n-áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   tionchar airgeadais ó 2025 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 9

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n-áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí poiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2,1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

2,2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

N/B.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n-imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

Difreáilte/Neamhdhifreáilte. 10 .

ó thíortha de chuid CSTE 11

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 12

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

2a

05.02.01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) Caiteachas Oibríochtúil

07.02.01 Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) Caiteachas Oibríochtúil

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid á n-iarraidh - Neamhbhainteach

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

2a

Ard‑Stiúrthóireacht: REGIO

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

05.02.01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) Caiteachas Oibríochtúil

Gealltanais

(1a)

0,000

Íocaíochtaí

(2 a)

2070,000

3 003,600

-5 073,600

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe

i gcomhair AS REGIO

Gealltanais

=1a+1b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

2 070,000

3 003,600

- 5073,600

0,000*

* Leis na híocaíochtaí breise réamh-mhaoiniúcháin do CFRE in 2025 (EUR 2 070,0 milliún) agus le héifeacht an chómhaoinithe 100 % (EUR 3 003,6 milliún in 2026), déanfar íocaíochtaí a thús-ualú ó 2027 ar aghaidh agus beidh siad neodrach ó thaobh an bhuiséid de thar thréimhse CAI 2021-27. Is meastacháin iad na méideanna a chuirtear i láthair sa tábla thuas ar ath-chlársceidealú ionchasach EUR 10 mbilliún ag na Ballstáit, agus beidh na méideanna deiridh a bheidh le híoc faoi CFRE ag brath ar chinntí clársceidealaithe na mBallstát agus déanfar iad a mhaoiniú go hiomlán le hacmhainní CAI.

Ard‑Stiúrthóireacht: EMPL

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

07.02.01.

Gealltanais

(1a)

0,000

Íocaíochtaí

(2a)

930 

1 000 

- 1 930 

0,000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

0,000

Íocaíochtaí

(2b)

0,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 13

Líne bhuiséid

(3)

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe

i gcomhair AS EMPL

Gealltanais

=1a+1b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

930

1000

-1930

0,000

Leis na híocaíochtaí breise réamh-mhaoiniúcháin do CSE+ in 2025 (EUR 930 milliún) agus éifeacht an chómhaoinithe 100 % (EUR 1 000 milliún in 2026), déanfar íocaíochtaí a thús-ualú ó 2027 ar aghaidh agus beidh siad neodrach ó thaobh an bhuiséid de thar thréimhse CAI 2021-2027. Is meastacháin iad na méideanna a chuirtear i láthair sa tábla thuas ar ath-chlársceidealú ionchasach ag na Ballstáit de mhéid iomlán EUR 10 mbilliún, agus beidh na méideanna deiridh a bheidh le híoc faoi CSE+ ag brath ar chinntí clársceidealaithe na mBallstát agus déanfar iad a mhaoiniú go hiomlán le hacmhainní CAI.

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

(5)

0,000

3 000,000

4003,600

-7003,600

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2a

Gealltanais

=4+6

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

3000,000

4003,600

-7003,600

0,000

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

(5)

0,000

3 000,000

4 003,600

- 7 003,600

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6

Gealltanais

=4+6

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

3000,000

4003,600

-7003,600

0,000

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

Gealltanais

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

0,000

3000,000

4003,600

-7003,600

0,000

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha 14

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0

0

0

0

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta 
[XX.01.YY.YY]

- sa cheanncheathrú

0

0

0

0

- i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7

0

0

0

0

IOMLÁN

0

0

0

0

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an t-ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 15

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

N/B.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha

Ní áirítear sa Rialachán seo ceanglais bhreise a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo. Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060 agus áirítear iontu ceanglais a bhaineann le hábharthacht dhigiteach ó thaobh sonraí a bhailiú, a tharchur agus a stóráil agus faisnéis a mhalartú.

4.2.Sonraí

Ní áirítear sa Rialachán seo ceanglais bhreise a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo maidir le sonraí a bhailiú, a phróiseáil, a ghiniúint, a mhalartú nó a chomhroinnt. Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

4.3.Réitigh dhigiteacha

Ní áirítear sa Rialachán seo ceanglais bhreise a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo lena sainordaítear réiteach digiteach. Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

Ní áirítear sa Rialachán seo ceanglais bhreise a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo lena mbaineann seirbhísí poiblí digiteacha. Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

Ní áirítear sa Rialachán seo ceanglais bhreise a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo a bhfuil bearta sonracha cur chun feidhme riachtanach dóibh. Tá feidhm ag forálacha faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

(1)    IO C, , lch. .
(2)    IO C, , lch. .
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ - COM(2019) 640 final.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Forging a climate-resilient Europe — the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chruthú — straitéis nua an Aontais Eorpaigh um Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
(5)    Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj).
(6)    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).
(7)    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj ).
(8)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(9)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(10)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(11)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(12)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
(13)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(14)    Sonraigh thíos cá mhéad de na haonaid de choibhéis lánaimseartha arna gcur in iúl a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar féidir iad a ath-imlonnú laistigh de d’Ard-Stiúrthóireacht, maille leis na glanriachtanais atá agat.
(15)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top