AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.10.2024
COM(2024) 491 final
2024/0273(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle lena n‑údaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú cánach breisluacha (‘CBL’) a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc.
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 26 Márta 2024, d’iarr an Ungáir údarú chun leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagail 168 agus 168a den Treoir maidir le CBL agus chun srian a chur ar an gceart asbhainte CBL maidir le léasú gluaisteán áirithe paisinéirí nach n‑úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó, agus chun daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid phríobháideach feithiclí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. Bhí tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh ina raibh athbhreithniú ar an gcéatadán dá bhforáiltear maidir leis an gceart asbhainte a theorannú.
I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 29 Bealtaine 2024 maidir leis an iarraidh a rinne an Ungáir. Le litir dar dáta an 30 Bealtaine 2024, thug an Coimisiún fógra don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige, dar leis, chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Foráiltear le hAirteagail 168 den Treoir maidir le CBL go bhfuil duine inchánach i dteideal asbhaint a dhéanamh ar CBL a ghearrtar ar cheannacháin a dhéantar chun críche idirbheart cáinmhuirearaithe. Maidir le CBL ar chaiteachas a bhaineann le réadmhaoin ar cuid de shócmhainní gnó duine inchánach í agus a úsáidtear chun críoch gnó agus neamhghnó araon, foráiltear le hAirteagal 168a(1) den Treoir maidir le CBL nach mbeidh an CBL sin inasbhainte ach amháin i gcomhréir le cion úsáid na maoine chun críocha ghnólacht an duine inchánaigh. De bhun Airteagal 168a(2) den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit an riail sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas a bhaineann le hearraí eile ar cuid de na sócmhainní gnó iad, de réir mar a shonraíonn siad. Ceanglaítear le hAirteagal 26, mír 1, pointe (a) den Treoir chéanna gur soláthar seirbhísí ar chomaoin í úsáid earraí ar cuid de na sócmhainní gnó iad chun críoch príobháideach má bhí CBL ar na hearraí incháilithe lena asbhaint. Leis an gcóras sin is féidir CBL a asbhaineadh ar dtús a aisghabháil i ndáil leis an úsáid phríobháideach.
I gcás gluaisteáin paisinéirí, is deacair an córas sin a chur i bhfeidhm, go háirithe toisc gur deacair an deighilt idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó a shainaithint. I gcás ina gcoimeádtar taifid, cuireann siad ualach breise ar an ngnólacht agus ar an riarachán araon iad a choinneáil ar bun agus a sheiceáil.
De bhun Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach maidir le CBL chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta um bailiú CBL nó chun cineálacha áirithe imghabhála agus seachanta cánach a chosc má rinne an Chomhairle iad a údarú.
Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle, údaraítear don Ungáir faoi láthair teorainn 50 % a chur leis an gceart asbhaint a dhéanamh ar CBL a íoctar ar chaiteachas atá incháilithe lena asbhaint i leith leasú gluaisteán paisinéirí nach n‑úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó agus daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid neamhghnó gluaisteán paisinéirí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. Gluaisteáin paisinéirí a chumhdaítear leis an mbeart speisialta, is mótarfheithiclí iad atá deartha chun naonúr a iompar ar a mhéid agus ag a bhfuil ollmhais feithicle nach mó ná 5 thonna. Feithiclí atá deartha chun earraí a iompar, feithiclí ag a bhfuil feidhmeanna speisialta (i.e. trucail craenach, inneall dóiteáin, trucail mheascthóra), feithiclí atá deartha chun deichniúr nó níos mó ná deichniúr a iompar, tarracóirí agus leantóirí, eisiatar na feithiclí sin ón srian ar an gceart asbhainte CBL agus caitear leo faoi na gnáthrialacha. Daoine inchánacha nach mian leo an teorainn asbhainte 50 % a chur i bhfeidhm agus ar mian leo an asbhaint CBL a chur i bhfeidhm suas le cion na húsáide gnó iarbhír, ceadaítear dóibh é sin a dhéanamh ar choinníoll go ndéanann siad fianaise mhionsonraithe a chur in iúl maidir leis an úsáid ghnó a bhaintear as gluaisteáin paisinéirí léasaithe. Tá tréimhse bhailíochta an bhirt speisialta sin le dul in éag an 31 Nollaig 2024 tar éis síneadh a bheith curtha leis, arna fhormheas le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1774 ón gComhairle.
D’iarr an Ungáir síneadh a chur leis an údarú chun an asbhaint tosaigh a theorannú do ráta céatadáin comhréidh socraithe agus dá réir sin faoiseamh a thabhairt don ghnó ó chuntasaíocht a dhéanamh ar cháin ar an úsáid phríobháideach. Chuir an Ungáir in iúl don Choimisiún gurb ionann, den chuid is mó, na forais le fad a chur leis an mbeart agus na forais a thuairiscítear san iarraidh roimhe seo. Deimhníonn an Ungáir go bhfuil torthaí dearfacha bainte amach ag an mbeart speisialta le haghaidh cuideachtaí agus údaráis cánach araon, agus go bhfuil feidhm fós ag réasúnaíocht an mhaolaithe. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2018/1493 ón gComhairle, chuir an Ungáir tuarascáil i láthair freisin maidir leis an teorainn chéatadáin a leagtar síos don asbhaint CBL. Measann an Ungáir go bhfuil an teorainn 50 % a chuirtear i bhfeidhm iomchuí i gcónaí. De réir na sonraí a cuireadh isteach, tá méid measta na húsáide príobháidí a bhaintear as gluaisteáin chuideachta léasaithe thart ar 32 % go 53 % le linn na tréimhse 2016-2022. Ós rud é go bhfuil an meastachán bunaithe ar fhianaise indíreach agus ar thoimhdí agus go bhféadfaí rómheastachán a dhéanamh dá bhrí sin, measann an Ungáir gurb í an teorainn asbhainte 50 % ar CBL ar ionchur an teorainn is iomchuí. Thairis sin, is léir ón taithí a fuarthas ó chigireachtaí a rinne an t‑údarás cánach, mar a bhí in 2021, go gcuireann formhór mór na ndaoine inchánacha – thart ar 90-95 % – an cion in-asbhainte sainordaitheach 50 % i bhfeidhm. De réir na hUngáire, is é is cúis leis sin i gcónaí ná go saortar daoine inchánacha go soiléir, leis an gcion in-asbhainte sainordaitheach sin, ón oibleagáid taifid mhiondealaithe a choinneáil agus go bhfuil an ráta úsáide príobháidí 50 % gar go leor don staid sa chleachtas.
I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin atá ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach araon, moltar síneadh leis an mbeart speisialta atá ann faoi láthair a údarú. Ba cheart an t‑údarú a bheith bailí go ceann tréimhse theoranta eile , i.e. go dtí an 31 Nollaig 2027, chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas agus ar éifeachtacht an bhirt speisialta agus ar cibé atá nó an srian 50 % ina léiriú ceart fós ar an gcionroinnt fhoriomlán idir úsáid ghnó agus úsáid phríobháideach nó nach bhfuil. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil le haon iarraidh ar shíneadh ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a chuirtear i bhfeidhm agus ba cheart í a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta 2027.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Deonaíodh maoluithe den chineál céanna maidir leis an gceart asbhainte do Bhallstáit eile (an Eastóin, an Laitvia, an Chróit, an Pholainn, an Iodáil agus an Rómáin).
Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí sin, údaraíonn sí do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ lena gcuirtear srian leis an gceart CBL a asbhaint i ndáil le gluaisteáin paisinéirí.
D’ainneoin tionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte CBL, is iomchuí maolú den sórt sin le linn tréimhse ina bhfuiltear ag fanacht le comhchuibhiú na rialacha sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I bhfianaise na forála sa Treoir maidir le CBL ar a bhfuil an togra bunaithe, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát tar éis dó iarraidh a dhéanamh agus níl aon oibleagáid ann.
I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an nós imeachta um bailiú cánach a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Go háirithe, ós rud é go bhféadfadh gnólachtaí gan a ndliteanais uile a dhearbhú agus i bhfianaise na seiceála troma ar shonraí maidir le míleáiste le haghaidh údaráis chánach, leis an srian 50 % shimpleofaí an nós imeachta um bailiú CBL agus chuirfí cosc ar imghabháil cánach inter alia trí choinneáil taifead mícheart.
•An rogha ionstraime
An ionstraim a mholtar: Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar fhorálacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Ungáir agus ní bhaineann sé ach leis an mBallstát sin amháin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.
•Measúnú tionchair
Ceapadh an togra chun an nós imeachta um gearradh cánach a shimpliú trí dheireadh a chur leis an ngá atá ann daoine inchánacha taifid a choinneáil ar úsáid phríobháideach gluaisteán gnó léasaithe, agus, an tráth céanna, cosc a chur le cineálacha áirithe imghabhála CBL trí thaifid mhíchearta a choinneáil. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag an mbeart atá beartaithe ar ghnólachtaí agus ar an údarás fioscach araon. Shainaithin an Ungáir an réiteach mar bheart oiriúnach, beart atá inchomparáide le maoluithe eile a bhí ann roimhe agus atá ann faoi láthair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh drochthionchar ag an togra ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL.
5.EILIMINTÍ EILE
Tá teorainn ama leis an togra agus áirítear ann clásal éagtha arna shocrú don 31 Nollaig 2027.
I gcás ina mbreithneodh an Ungáir síneadh eile a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart tuarascáil ina bhfuil athbhreithniú ar an teorainn chéatadáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, agus é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2027.
2024/0273 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle lena n‑údaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE bunaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a n‑idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Tá ceanglas in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ngnó.
(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1774 ón gComhairle, údaraítear don Ungáir beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, arb é atá ann, ar thaobh amháin, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar chaiteachas a bhaineann le gluaisteáin paisinéirí nach n‑úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó, de mhaolú ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE, agus, ar an taobh eile, gan caitheamh le húsáid gluaisteáin paisinéirí a áirítear i sócmhainní gnólachta duine inchánach chun críoch neamhghnó mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin, i gcás ina raibh an gluaisteán sin faoi réir teorannú a údaraítear faoi Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493, de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin (‘an beart speisialta’).
(3)Le litir a chláraigh an Coimisiún an 26 Márta 2024, d’iarr an Ungáir údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm (‘an iarraidh ar shíneadh’).
(4)De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh ar shíneadh chuig na Ballstáit eile le litreacha dar dáta an 29 Bealtaine 2024. Le litir dar dáta an 30 Bealtaine 2024, thug an Coimisiún fógra don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 5, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493, chuir an Ungáir tuarascáil isteach, in éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, ina raibh an t‑athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar síos le haghaidh an teorannaithe ar an gceart asbhainte CBL dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, is é sin taithí iniúchóireachta cánach agus sonraí staidrimh a bhaineann le húsáid phríobháideach gluaisteán paisinéirí, deimhníonn an Ungáir go bhfuil bonn cirt fós leis an teorainn 50 % agus go bhfuil sí iomchuí i gcónaí.
(6)I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach araon trí bhailiú CBL a shimpliú agus cosc a chur ar imghabháil cánach trí thaifid mhíchearta a choinneáil, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhfuil sé iomchuí údarú a thabhairt don Ungáir leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.
(7)Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an bhirt speisialta chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar an gcéatadán iomchuí. Ba cheart dá bhrí sin a údarú don Ungáir leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2027.
(8)Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú, is é sin an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n‑aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.
(9)I gcás ina measann an Ungáir gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil athbhreithniú ar an teorainn chéatadáin a chuirtear i bhfeidhm, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, faoin 31 Márta 2027.
(10)Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1493:
‘Airteagal 5
Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2027.
Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach in Airteagal 1.’.
Airteagal 2
Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán