AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.9.2024
COM(2024) 387 final
2024/0214(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n‑údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Threoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an ngabhann na ráthaíochtaí céanna le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tír a mhéid a bhaineann le formheas a bhunábhair agus na bearta a dhéantar maidir lena tháirgeadh d’fhonn é a mhargú agus a ghabhann le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear laistigh den Aontas agus a chomhlíonann forálacha na Treorach sin.
Le Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle, bunaítear forálacha maidir le coibhéis an ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha. Sa chéad áit, bunaítear leis coibhéis na gcóras a chuirtear i bhfeidhm sna tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis maidir le bunábhar a fhormheas agus a chlárú agus maidir le táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin, agus, sa dara háit, bunaítear leis rialacha ginearálta chun coibhéis an ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha a chinneadh. Sonraítear leis freisin na coinníollacha faoina bhféadfar ábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’ agus ‘cáilithe’ a tháirgtear i dtríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin a allmhairiú isteach san Aontas.
I mí Iúil 2007 ghlac Comhairle ECFE Scéim um Dheimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a Bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta (‘Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE’). Na tríú tíortha a liostaítear i gCinneadh 2008/971/CE, cuireann siad rialacha náisiúnta maidir le deimhniú ábhair atáirgthe foraoise i bhfeidhm ar bhonn na Scéime sin. In 2011 chumhdaigh rialacha na Scéime ábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’ agus ‘cáilithe’. Leasaíodh rialacha Scéim ECFE Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE in 2013 chun an chatagóir ‘tástáilte’ a áireamh.
Léirítear le scrúdú ar rialacha leasaithe ECFE go gcomhfhreagraíonn na coinníollacha maidir le formheas bunábhair den chatagóir ‘tástáilte’ sna rialacha leasaithe sin do na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 1999/105/CE.
Tá sé d’aidhm ag an togra seo an córas coibhéise maidir le hallmhairiú ábhair atáirgthe foraoise, córas a bhunaítear le Cinneadh 2008/971/CE, a leathnú chun an catagóir ‘tástáilte’ a chumhdach, i gcomhréir le rialacha leasaithe ECFE 2013. Soláthraítear leis (i) na coinníollacha chun a chinneadh an féidir a mheas maidir le hábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a allmhairítear ó thríú tír ar leith an bhfuil sé coibhéiseach le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear laistigh den Aontas agus a chomhlíonann Treoir 1999/105/CE, chomh maith le (ii) na coinníollacha breise a mhéid a bhaineann le síolta agus stoic le cur a leagtar amach i dTreoir 2008/971/CE.
An dréachtchinneadh seo, nuair a ghlacfar é, ba cheart é a chur in ionad an údaraithe sealadaigh a deonaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 ón gCoimisiún lena n‑údaraítear do gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Threoir 1999/105/CE, cinneadh a dhéanamh go dtí an 31 Nollaig 2024 an ngabhann na ráthaíochtaí céanna le hábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a tháirgtear i dtríú tír sonrach agus a ghabhann le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear laistigh den Aontas agus a chomhlíonann forálacha Threoir 1999/105/CE.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cur chun feidhme teicniúil na gceanglas atá ann cheana atá i gceist leis seo, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE. Dá bhrí sin, tá sé comhsheasmhach leis na rialacha atá ann faoi láthair maidir leis an gcatagóir ‘tástáilte’ den ábhar atáirgthe foraoise agus tá sé comhsheasmhach leis na rialacha foriomlána maidir le hallmhairithe den ábhar atáirgthe foraoise isteach san Aontas agus leis an aitheantas go bhfuil na ceanglais sna tríú tíortha lena mbaineann coibhéiseach le ceanglais an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an togra seo leanúnachas na trádála san ábhar atáirgthe foraoise a chosaint agus soláthar leanúnach d’ábhar atáirgthe foraoise ardcháilíochta a choinneáil ar bun san Aontas, cuireann an togra seo le beartais fhoriomlána an chomhbheartais talmhaíochta agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le reachtaíocht agus straitéisí gaolmhara: an Dlí Aeráide Eorpach, Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide, Straitéis foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 19(2) de Threoir 1999/105/CE, cosúil leis an ngníomh atá le leasú leis, is é sin Cinneadh 2008/971/CE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Baineann táirgeadh agus margaíocht ábhair atáirgthe foraoise leis an inniúlacht atá roinnte idir an tAontas agus a Bhallstáit, ós rud é go bhfuil an gníomh dlí lena mbaineann (Treoir 1999/105/CE) bunaithe ar Airteagal 43 CFAE (sean-Airteagal 37 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh).
Ós rud é gur ar leibhéal an Aontais den chuid is mó a rialaítear earnáil an ábhair atáirgthe foraoise, is le hinstitiúidí an Aontais is mó a bhaineann ról na reachtaíochta sa réimse sin, mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) CFAE. Ní féidir príomhchuspóirí na hearnála sin, is iad sin ábhar atáirgthe foraoise ardcháilíochta a allmhairiú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát, mar gheall ar chastacht na rialacha lena mbaineann agus na dúshláin trasteorann a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus an fhorbairt inbhuanaithe.
Dá bhrí sin, féadfaidh an Aontas cur chuige coiteann a ghlacadh maidir le hallmhairiú ábhair atáirgthe foraoise isteach san Aontas, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Is é seo an t‑aon chineál gníomhaíochta ón Aontas is féidir a dhéanamh, agus is iad na ceanglais sin na ceanglais is iomchuí, chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach, mar atá:
(i)ábhar atáirgthe foraoise ardcháilíochta a allmhairiú le haghaidh gach úsáideora san Aontas;
(ii)dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh;
(iii)cothrom na Féinne le haghaidh na n‑oibreoirí gairmiúla lena mbaineann; agus
(iv)éascú na trádála d’fhonn oiriúnú don athrú aeráide agus d’fhonn é a mhaolú.
•An rogha ionstraime
Molann an Coimisiún Cinneadh ón gComhairle, an cineál céanna ionstraime dlí agus an gníomh atá le leasú leis an togra seo (Cinneadh 2008/971/CE).
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán poiblí toisc gur tionscnamh teicniúil é seo a bhfuil leas teoranta ag an bpobal i gcoitinne ann. Thairis sin, ní dhearnadh aon chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara maidir le coibhéis le ceanglais an Aontais i leith catagóirí eile ábhair atáirgthe foraoise.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá dlúthbhaint ag an Aontas agus na Ballstáit le forbairt Scéimeanna Síolta ECFE agus Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE. Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar rialacha ECFE agus ar na rialacha náisiúnta de chuid na dtríú tíortha lena mbaineann a chuireann an Scéim sin chun feidhme, a mhéid a bhaineann leis an gcatagóir ‘tástáilte’. Léiríodh sa scrúdú sin go gcomhlíonann na coinníollacha maidir le bunábhar a fhormheas na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 1999/105/CE le haghaidh na catagóire sin. Ar an gcúis sin, meastar nach gá aon saineolas breise a bhailiú agus a úsáid, ós rud é go gcuireann an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann na rialacha ECFE a nglactar leo go coitianta i bhfeidhm i ndáil leis sin.
•Measúnú tionchair
Cuirtear na rialacha atá ann cheana chun feidhme leis an gCinneadh seo. Deonú coibhéise maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha le haghaidh allmhairí, tá sé bunaithe ar Scéimeanna ECFE agus ar mhodhanna an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta. De réir mar a fuarthas le cur i bhfeidhm Chinneadh (AE) 2021/536, níl coinne leis go mbeidh aon drochthionchar eacnamaíoch, sóisialta ná comhshaoil ann de thoradh ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir tástáilte a allmhairiú, toisc nár thuairiscigh na húdaráis inniúla, na tríú tíortha ná na hoibreoirí gairmiúla aon tionchar den sórt sin. Dá bhrí sin, ní mheastar go bhfuil gá le measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo leis an gclár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála. Níl aon tionchar ag an togra ar chostais chomhlíontachta d’oibreoirí. Níl feidhm ag an ‘Measúnú Digiteach’ maidir leis an togra seo.
•Cearta bunúsacha
Urramaíonn an Cinneadh atá beartaithe forálacha uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht buiséadach ag an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl gá le haon phlean cur chun feidhme ná le haon socrú faireacháin, meastóireachta ná tuairiscithe.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an t‑aon riail shubstainteach amháin sa togra deonaítear coibhéis le dlí an Aontais is infheidhme d’ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a tháirgtear i dtríú tíortha áirithe chun é a allmhairiú isteach san Aontas, tríd an gcatagóir sin a áireamh i raon feidhme Chinneadh 2008/971/CE.
2024/0214 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE a mhéid a bhaineann leis an ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a lipéadú agus ainmneacha na n‑údarás atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Threoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú, agus go háirithe Airteagal 19(1) agus (2) di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá feidhm ag Treoir 1999/105/CE maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú laistigh den Aontas. Baineann an Treoir sin le hábhar atáirgthe de speicis crann agus de hibridí saorga díobh a bhfuil tábhacht ag baint leo chun críoch foraoiseachta ar fud an Aontais nó i gcuid de.
(2)Le Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle cinntear, maidir le hábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’ agus ‘cáilithe’, a tháirgtear i dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin, na coinníollacha faoina ndéanfar é a allmhairiú isteach san Aontas, a mhéid a bhaineann le formheas agus clárú bunábhair foraoise agus táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin. Déanann na tríú tíortha lena mbaineann Scéim ECFE um dheimhniú ábhair atáirgthe foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa trádáil idirnáisiúnta (‘Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE’) a chur chun feidhme.
(3)Leasaíodh Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE in 2013 chun ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a áireamh i dteannta na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’ agus ‘cáilithe’ den ábhar atáirgthe foraoise, catagóirí atá sa Scéim ó bhí 2011 ann.
(4)Leis na rialacha náisiúnta maidir le deimhniú ábhair atáirgthe foraoise i gCeanada, san Eilvéis, sa Ríocht Aontaithe, san Iorua, sa tSeirbia, sa Tuirc agus sna Stáit Aontaithe (‘na tríú tíortha sonraithe’) déantar foráil maidir le hiniúchadh allamuigh oifigiúil a bheidh le déanamh le linn bailiú agus próiseáil síolta agus le linn táirgeadh stoc le cur.
(5)De réir na rialacha náisiúnta sin, ní mór do na córais maidir le formheas agus clárú bunábhair agus táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE a leanúint. Ina theannta sin, ceanglaítear leis na rialacha náisiúnta sin síolta agus stoc le cur de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a bheith deimhnithe agus na pacáistí síolta a bheith dúnta go hoifigiúil i gcomhréir le Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE.
(6)Ós rud é nárbh ann do Chinneadh ar leibhéal an Aontais i ndáil le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 ón gCoimisiún údaraíodh do na Ballstáit go sealadach, go dtí an 31 Nollaig 2024, cinneadh a dhéanamh maidir le coibhéis an ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE, tíortha lena n‑áirítear na tríú tíortha sonraithe. Bhí an t‑údarú sin riachtanach chun aon riosca go gcuirfí isteach ar allmhairiú síolta isteach sna Ballstáit a sheachaint.
(7)Má dhéantar scrúdú ar rialacha náisiúnta na dtríú tíortha sonraithe, a mhéid a bhaineann leis an gcatagóir ‘tástáilte’, feictear go meastar na coinníollacha maidir le formheas bunábhair a bheith coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE a mhéid a bhaineann le síolta agus stoic le cur.
(8)Athraíodh ainmneacha agus seoltaí roinnt de na húdaráis atá freagrach as formheas agus rialú an táirgthe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE agus dá bhrí sin ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta.
(9)Is féidir freisin úsáid a bhaint as an modhnú géiniteach chun síolta nó stoc le cur den chatagóir ‘tástáilte’ a tháirgeadh. Dá bhrí sin, agus chun roghanna eolasacha a áirithiú le haghaidh úsáideoirí an ábhair atáirgthe foraoise, ba cheart a shonrú ar lipéad ECFE agus ar lipéad an tsoláthróra ar baineadh úsáid as an gcineál sin modhnaithe i dtáirgeadh an bhunábhair le haghaidh na catagóire sin, mar a dhéantar faoi láthair i leith na catagóire ‘cáilithe’.
(10)I bhfianaise go gcuirtear an catagóir ‘tástáilte’ le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE, ba cheart Iarscríbhinn nua a chur leis an gCinneadh sin le tábla ina shonraítear na catagóirí faoina gceadaítear ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a allmhairiú isteach san Aontas chun soiléireacht agus cur i bhfeidhm ceart an Chinnidh sin a áirithiú. Tá gá leis sin chun soiléireacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht le Treoir 1999/105/CE a áirithiú, mar aon le cur i bhfeidhm ceart na rialacha sin agus roghanna eolasacha na n‑oibreoirí a chuireann an Cinneadh sin i bhfeidhm.
(11)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2008/971/CE a leasú dá réir sin.
(12)Ós rud é go rachaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/773 in éag an 31 Nollaig 2024, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2025 chun soiléireacht dhlíthiúil agus leanúnachas na rialacha lena mbaineann a áirithiú.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2008/971/CE
Leasaítear Cinneadh 2008/971/CE mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Leis an gCinneadh seo cinntear na coinníollacha faoina n‑allmhaireofar isteach san Aontas ábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte a tháirgtear i dtríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn I.’;
(2)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.Síolta agus stoc le cur de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 1999/105/CE, a tháirgtear i dtríú tíortha liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo agus a dheimhníonn go hoifigiúil na húdaráis tríú tír a liostaítear san Iarscríbhinn sin, measfar go bhfuil siad coibhéiseach le síolta agus stoc le cur a chomhlíonann Treoir 1999/105/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.’;
(3)Leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán