This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024IE1017
Opinion of the European Economic and Social Committee – Factual and legislative analysis for an effective integration of third country nationals (TCNs) in the EU labour market (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Anailís fhíorasach agus reachtach ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tír a imeascadh go héifeachtach i margadh saothair an Aontais (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Anailís fhíorasach agus reachtach ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tír a imeascadh go héifeachtach i margadh saothair an Aontais (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2024/01017
IO C, C/2025/764, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/764/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/764 |
11.2.2025 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Anailís fhíorasach agus reachtach ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tír a imeascadh go héifeachtach i margadh saothair an Aontais
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2025/764)
Rapóirtéir:
Panagiotis GKOFASComhrapóirtéir:
José Antonio MORENO DÍAZ|
Comhairleoir |
Ioannis PAPADIMOS (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa III) Gemma PINYOL (thar ceann an chomhrapóirtéara, Grúpa II) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
18.1.2024 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.10.2024 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
4.12.2024 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
592 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
137/2/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is mall agus is deacair beartas cuimsitheach a fhorbairt don Aontas Eorpach maidir le himirce an lucht saothair. Is mar sin don scéal ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm, lenar tugadh inniúlacht don Aontas i réimse na hinimirce. Is le treoracha a rialaítear beartas an Aontais. Le treoracha AE, is fíorbheag comhchuibhithe atá bainte amach ar an iomlán agus fágtar an-chuid faoi rogha na mBallstát. |
|
1.2. |
Cuireann CESE in iúl go bhfuil soghluaisteacht eagraithe an lucht saothair san Aontas á rialú le creat atá an-ilroinnte agus róchasta, creat ina gclúdaítear treoracha de chuid an Aontais agus dlíthe comhchosúla de chuid na mBallstát. Tá treoracha agus rialacháin éagsúla ann le haghaidh na gcatagóirí éagsúla oibrithe imirceacha, agus clúdaíonn gach ceann acu gnéithe agus céimeanna éagsúla den phróiseas imirce. |
|
1.3. |
Creideann CESE nach bhfuil beartas an Aontais mar chomhlánú ar na beartais náisiúnta; is ar oibrithe comhchosúla atá beartas an Aontais dírithe. Tá fadhbanna ar leith ag baint leis sin d’oibrithe ardoilte, arb ionann iad, go cainníochtúil agus go cáilíochtúil araon, agus an phríomhchatagóir oibrithe is mian leis an Aontas a mhealladh agus a choinneáil. Níor cheart don Aontas, ná ní gá dó, féachaint le beartais AE a chur in ionad beartais náisiúnta maidir le hinimirce lucht saothair. Ina ionad sin, níor cheart beartais AE ach a bheith comhlántach le beartais náisiúnta agus níor cheart don Aontas idirghabháil a dhéanamh mura bhfuil údar cuí leis sin de réir phrionsabal na coimhdeachta. |
|
1.4. |
Tá ganntanas lucht saothair ag teacht chun cinn mar dhúshlán atá i gcoitinn ar fud na hEorpa, cé nach ionann na ganntanais idir na Ballstáit éagsúla ná idir na hearnálacha éagsúla den mhargadh saothair féin. D’fhéadfadh sé freisin go mbaineann na ganntanais le dálaí saothair na hearnála nó na gairme atá i gceist. Ós dúshlán atá i gcoitinn ag an Eoraip ar fad na ganntanais sin, tá freagairt choiteann ag teastáil freisin. Dá mbainfeadh an tAontas leas as an margadh saothair aonair atá aige, seachas ligean do na 27 margadh saothair ar leithligh a rogha rud a dhéanamh, is amhlaidh is fearr a bheadh sé in ann dul san iomaíocht sa ‘rás domhanda chun tallann a mhealladh’ agus oibrithe imirceacha á lorg aige. |
|
1.5. |
Ba mhaith le CESE aird an Choimisiúin Eorpaigh a tharraingt ar rogha ghearrthéarmach maidir le hoibrithe imirceacha a imeascadh san Aontas, lena bhféadfaí cur leis an gcur chuige earnála atá ann faoi láthair le reachtaíocht lena ndírítear go sonrach ar earnálacha atá ábhartha do bheartas tionsclaíoch an Aontais. Mar chuid dá chur chuige fadtéarmach, ba cheart don Aontas comhbheartas maidir le himirce lucht saothair a shaothrú agus a chur chun feidhme, comhbheartas lena seachnófaí iomaíocht inmheánach, lena leagfaí síos cuspóirí coiteanna soiléire agus lena n-ailíneofaí sraith ionstraimí leis na cuspóirí sin. Ar an gcaoi sin, is fearr a bheadh an tAontas in ann dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta. |
|
1.6. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le rialacháin shoiléire a fhorordú maidir leis an teacht atá ag imircigh ar víosaí oibre agus ar cheadanna oibre, chomh maith leis an ngá atá lena áirithiú go n-aithneofar a ndioplómaí agus a gcáilíochtaí gairmiúla. A mhéid a bhaineann leis an bhfadhb na dioplómaí atá ag imircigh a aithint (1), bheadh sé tábhachtach caighdeáin Eorpacha cháilíochta agus inniúlachta a fhorbairt lena bhféadfaí an tsaincheist sin a réiteach. |
|
1.7. |
Ba mhaith le CESE aird ar leith a tharraingt ar an ngá atá le rochtain na n-imirceach ar mhargadh an tsaothair a éascú trí bheartais agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt arbh é ab aidhm dóibh cuimsiú imirceach (agus forálacha ar leith ann do na mná) i margadh an tsaothair a chur chun cinn. Dhéanfaí é sin trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha atá ag na himircigh agus trí chomhar éifeachtach a fhorbairt idir rialtais, ceardchumainn, eintitis shóisialta agus eagraíochtaí fostóirí maidir le gairmoiliúint d’imircigh a dhearadh agus a mhaoiniú, lena n-áiritheofaí go gcuirfí ranganna teanga agus saoránachta ar fáil d’iarrthóirí tearmainn agus do dhídeanaithe freisin. |
|
1.8. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go rachadh ionadaithe na bpobal imirceach atá aitheanta go hoifigiúil i gcomhairle le hionadaithe na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí agus le hionadaithe na gceardchumann. Leagann sé béim freisin ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh pobail imirceacha rannpháirteach sa saol sibhialta. Tionscnamh maith uile-Eorpach a bheadh ann ‘Comhairle Eorpach um Imeascadh Imirceach agus Dídeanaithe’ a bhunú, lena nascfaí comhlachais agus pobail imirceach aitheanta leis na fóraim Eorpacha éagsúla. |
|
1.9. |
Is minic gur poist nach dteastaíonn mórán scileanna chucu a bhíonn ag imircigh neamhrialta atá ag obair sa mhargadh neamhfhoirmiúil saothair. Tá an creat reachtach Eorpach maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach (Treoir 2009/52) i bhfeidhm. Ionas nach n-úsáidfeadh náisiúnaigh tríú tír bealaí neamhrialta chun teacht chun na hEorpa, d’fhéadfaí tabhairt chun rialtachta imirceach neamhrialta a áireamh i gcomhaontuithe déthaobhacha le tíortha seolta agus d’fhéadfaí comhaontuithe comhthreomhara a bheith ann chun teacht ar oibrithe ar bheagán oiliúna nó ar oibrithe séasúracha. Ar an gcaoi sin, bheadh sé de cheangal ar an tír seolta ansin aon duine a dhéanann iarracht teacht isteach san Aontas go neamhrialta a ghlacadh ar ais. |
|
1.10. |
Ba mhaith le CESE aird ar leith a thabhairt ar chás na n-iarrthóirí tearmainn agus na ndídeanaithe. Is minic a bhíonn srianta riaracháin orthu maidir le rochtain a fháil ar an margadh saothair, agus maidir le bheith féinfhostaithe, toisc nach dtugann ach líon beag tíortha Eorpacha rochtain láithreach ar an margadh saothair d’iarrthóirí tearmainn. |
|
1.11. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé toirmisc a fhorfheidhmiú ar ghníomhaireachtaí earcaíochta a bhfuarthas amach ina leith go raibh siad ag gabháil do chleachtais mhí-eiticiúla nó mhí-úsáideacha, agus a thábhachtaí atá sé dúliostaí a choinneáil de na gníomhaireachtaí a bhfuil stair an dúshaothraithe acu. Ba mhaith leis go gcuirfí cosc ar fhostóirí conarthaí a dhéanamh le gníomhaireachtaí atá ar an dúliosta agus go bhforchuirfí pionóis i gcás neamhchomhlíonadh. |
|
1.12. |
Molann CESE sásra (faireachlann) a bhunú ar an leibhéal Eorpach a bheidh ina mhol chun comhairle a thabhairt maidir le conas creataí reachtacha a fhorbairt d’fhonn: saincheisteanna a bhaineann leis an imirce a rialáil; tacú le tionscadail lena gcuirtear forbairt idirchultúrtha chun cinn; dul i ngleic leis an dúshaothrú; agus idirphlé a chur chun cinn idir taighdeoirí, lucht ceaptha beartas agus ionadaithe na sochaí sibhialta atá ag obair ar fhadhbanna imirce. |
|
1.13. |
Ba mhaith le CESE go bhforbrófaí cláir oideachais i scoileanna chun eolas ar chultúir, teangacha agus reiligiúin éagsúla a fhorbairt, agus molann sé go mbeadh imircigh rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla, ceardchumann agus comhlachas imirceach agus diaspóra. Tá sé chomh tábhachtach céanna feasacht fhrithpháirteach agus chómhalartach ar dhifríochtaí sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn ar mhaithe le tuiscint níos fearr a éascú idir na pobail óstacha agus na pobail imirceach. D’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina leith sin, ós féidir leo cuidiú le sochaithe níos eolaí a fhorbairt agus ról idir idirghabhála a bheith acu i sochaithe óstacha. |
|
1.14. |
Is é barúil CESE gurb iomchuí cur i bhfeidhm Rialachán 1231/2010 (2) ón Aontas a chur chun cinn d’fhonn rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas agus atá i staid trasteorann, ós rud é gurb é sin ceann de na príomhchoinníollacha a bhaineann le cuimsiú sóisialta agus imeascadh na n-imirceach chomh maith le rathúnas na dtíortha óstacha. |
|
1.15. |
Ba mhaith le CESE go bhfeabhsófaí agus n-éascófaí an rochtain ar chistiú an Aontais le go bhféadfaí teacht air gan stró. Chuige sin, is gá comhlántacht a áirithiú idir an dá mhórchiste lánpháirtíochta, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, trí shásraí comhordúcháin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus trína áirithiú go mbeadh rochtain ag imircigh agus dídeanaithe ar ghné an chuimsithe shóisialta de chláir CSE+, ós rud é nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit aon rud a leithdháileadh ar na himircigh, ainneoin 25 % a bheith curtha i leataobh aige don chuimsiú sóisialta. |
|
1.16. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an ghné sheachtrach á neartú trí bheith ag tacú leis an gcomhar um fhorbairt, le taidhleoireacht imirce agus le creataí comhair réigiúnaigh maidir le himirce lucht saothair laistigh agus lasmuigh de gharchomharsanacht an Aontais. A bhuí le tionscnaimh réigiúnacha, is féidir idirphlé, malartú faisnéise agus comhordú beartais a éascú i measc tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe, cuir chuige chomhchuibhithe maidir le bainistiú imirce a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, lena n-áirítear an imirce neamhrialta, an smuigleáil agus an gháinneáil. |
|
1.17. |
Molann CESE go bhféachfaí ar shásraí chun an imirce chiorclach a chur chun cinn. Is éard is imirce chiorclach ann an t-imirceach a bheith ag bogadh idir an tír tionscnaimh agus an tír cinn scríbe ar bhonn sealadach. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí na tairbhí do thíortha seolta agus do thíortha glactha araon a uasmhéadú agus dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú ag an am céanna. |
|
1.18. |
Creideann CESE go bhfuil todhchaí an fháis eacnamaíoch san Eoraip ag brath ar chumas na mór-roinne scileanna agus buanna na ndaoine a chur chun a leasa féin ar bhonn níos fearr agus teicneolaíochtaí agus gnólachtaí nuálacha a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhthosaíocht ag an Eoraip deireadh a chur leis na bacainní atá ar an rochtain atá ag imircigh ar an margadh saothair agus deiseanna a sholáthar chun a scileanna agus a dtallann a fhorbairt. Chuige sin, ós rud é go bhfuil na bearta atá ann faoi láthair ilroinnte agus neamhiomlán, tá gá le clár oibre athchóirithe níos leithne chun iomaíochas eacnamaíoch a áirithiú agus chun a chur ar chumas an Aontais dul san iomaíocht go fírinneach sa rás domhanda chun tallann a mhealladh. I mbeagán focal, is léir go bhfuil gá ag an Eoraip le beartas níos fearr maidir le himirce lucht saothair. Trí chur chuige cuimsitheach agus comhordaithe a ghlacadh, is féidir leis an Aontas leas a bhaint as soghluaisteacht an lucht saothair chun dlús a chur leis an bhfás eacnamaíoch, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus cearta na n-oibrithe uile a chaomhnú. |
2. Forléargas ar na treochtaí reatha maidir le himirce lucht saothair laistigh den Aontas
|
2.1. |
Is é an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann creat rialála uileghabhálach an Aontais maidir le hiarrthóirí tearmainn. Leis an gcomhaontú polaitiúil ar ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, cruthaítear na dálaí atá ag teastáil chun go ndéanfar an imirce a bhainistiú ar bhealach a bheidh cothrom, éifeachtúil agus inbhuanaithe san fhadtéarma, tá súil againn. |
|
2.2. |
Ina theannta sin, tá na conairí dlíthiúla ann ar leibhéal an Aontais. Treoracha atá i gceist leis na conairí dlíthiúla sin, amhail an Treoir maidir le Cárta Gorm AE, an Treoir maidir le hOibrithe Séasúracha, an Treoir maidir le hAistrithe Ionchorparáide, an Treoir um Chónaitheoirí Fadtéarmacha, an Treoir maidir le Cead Aonair agus an Treoir maidir le Mic Léinn agus Taighdeoirí. Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearna Comhairle an Aontais Eorpaigh, lena vótáil chríochnaitheach an 12 Aibreán 2024, an Treoir athbhreithnithe maidir le Cead Aonair a fhormheas. Tá sé d’aidhm ag an ionstraim athmhúnlaithe sin feabhas a chur ar na próisis iarratais, cur leis an tsoghluaisteacht sa mhargadh aonair agus é a dhéanamh ní b’éasca éalú ón dúshaothrú (3). |
|
2.3. |
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí bealaí sábháilte dleathacha a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu trí bhíthin cláir athlonnaithe an Aontais lena gcuirtear ar chumas na ndídeanaithe is leochailí an Eoraip a bhaint amach gan iallach a bheith orthu dul i muinín líonraí smuigleála coiriúla ná a mbeatha a chur i mbaol trí dhul ar bhealaí contúirteacha. |
|
2.4. |
Ar an taobh eile de sin, tá Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh ann a bhfuil sé d’aidhm aici é a dhéanamh níos éasca an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil. Aithnítear gur féidir cuidiú le tallann a mhealladh ó thríú tíortha trí mheaitseáil post a éascú agus trí dhálaí córa comhionanna a áirithiú do náisiúnaigh tríú tír. Ina fhianaise sin, tá pacáiste Soghluaisteachta Scileanna agus Tallainne (4) ann mar chuid de Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (5) chun go mbeadh sé ní b’fhusa cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha a earcú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanais ar fud an Aontais, agus sin ar gach leibhéal scileanna (6). |
|
2.5. |
Rinne an Coimisiún an plean gníomhaíochta maidir le ganntanais saothair agus scileanna a chur i láthair le deireanas. Leagtar amach ann gníomhaíochtaí i gcúig réimse (7) atá le cur chun feidhme go pras ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na gcomhpháirtithe sóisialta. Áirítear orthu sin: tacú le gníomhachtú daoine atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair; tacaíocht a sholáthar do (forbairt) scileanna, oiliúint agus oideachas; agus dálaí oibre a fheabhsú (in earnálacha áirithe). |
|
2.6. |
Chomh maith le Treoracha agus Rialacháin ar leibhéal an Aontais, tá a bheartais náisiúnta inimirce féin ag gach Ballstát lena rialaítear imirce lucht saothair. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla ceadanna oibre, ceadanna cónaithe, agus scéimeanna le haghaidh oibrithe oilte, mic léinn, taighdeoirí agus catagóirí eile imirceach a bheith san áireamh sna beartais sin. |
|
2.7. |
Tá comhaontuithe déthaobhacha ag roinnt Ballstát le tíortha nach bhfuil san Aontas chun imirce lucht saothair a éascú. D’fhéadfadh na comhaontuithe sin earnálacha nó catagóirí sonracha oibrithe a chumhdach agus foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta cuíchóirithe earcaíochta agus nósanna imeachta cuíchóirithe le haghaidh ceadanna oibre agus ceadanna cónaithe. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur cheart conairí saothair chuig an Aontas a chruthú do náisiúnaigh tríú tír mar chuid lárnach de bheartas imirce cuimsitheach agus cothrom, gan aon agó. Aithníonn an Coimisiún gur féidir an brú ar bhealaí neamhrialta a mhaolú ach conairí dlíthiúla chun na hEorpa a chruthú chun críoch oibre. Anuas air sin, aithníonn sé gur rud é sin a chuirfeadh ar chumas an Aontais agus na mBallstát tallann agus scileanna a mhealladh, rud, ar deireadh, a chuirfeadh le rathúnas eacnamaíoch an Aontais ina iomláine. |
|
3.2. |
Ina theannta sin, cuireann CESE in iúl go bhfuil gá le saothar mar gheall freisin ar an mbrú déimeagrafach atá ann, rud a léiríonn gur príomhthoisc den imirce san Eoraip í an déimeagrafaíocht. Is féidir gurb í an toisc sin a athróidh dearcadh na ndaoine i leith na gcúrsaí seo. Ní mór do na Ballstáit a riachtanais saothair a chumhdach go práinneach ach ní mór dóibh a gcórais leasa shóisialta agus pinsin a neartú freisin. D’fhéadfadh beartais réamhghníomhacha imirce feabhas suntasach a chur ar an staid dhéimeagrafach san Eoraip. |
|
3.3. |
Tá laghdú ar an lucht saothair san Eoraip, cé nach ionann an laghdú idir na Ballstáit éagsúla ná idir na hearnálacha éagsúla den mhargadh saothair féin. D’fhéadfadh sé freisin go mbaineann an laghdú le dálaí saothair na hearnála nó na gairme atá i gceist. Beidh iarmhairtí móra eacnamaíocha ag an laghdú sin. Mar shampla, beidh níos lú daoine ann chun cur leis an maoiniú do phinsin, rachaidh an tomhaltas i laghad agus beidh an chosaint shóisialta teoranta. Tá an chuid den daonra atá in aois oibre ag laghdú, rud a fhágann go bhfuil ganntanas sa lucht saothair i roinnt earnálacha, lena n-áirítear cúram sláinte, cúram sóisialta, feirmeoireacht, tógáil, fáilteachas, lónadóireacht, teicneolaíocht faisnéise agus seirbhísí airgeadais. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an imirce a bheith an-tairbheach don Eoraip, dá gcuirfí na bearta beartais is gá chun feidhme. |
|
3.4. |
Tá reitric phobalach fhrith-imirceach ann go forleathan gur ualach trom ar an gcóras cosanta sóisialta na himircigh. I gcontrárthacht leis sin, athdhearbhaíonn CESE gur mó rannchuidiú na n-imirceach, trí mheán cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta, ná an méid a fhaigheann siad i sochair aonair, rud a léiríodh i staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) le déanaí maidir le tionchar fioscach na himirce ar thíortha Eorpacha ECFE uile (8). |
|
3.5. |
Is oth le CESE, cé go n-aithnítear gur gá rochtain a thabhairt d’imircigh ar mhargadh saothair an Aontais, go bhfuil roinnt mhaith dúshlán ann nach mór a shárú sular féidir é sin a dhéanamh, dúshláin eadhon bacainní dlíthiúla, bacainní teanga agus bacainní cultúrtha, idirdhealú agus claontachtaí, aitheantas scileanna, meastóireacht agus aitheantas dintiúr, srianta soghluaisteachta, eisiamh sóisialta agus dúshláin ó thaobh imeascadh de chomh maith le rochtain theoranta ar chosaint shóisialta agus dálaí oibre dúshaothraithe i gcásanna áirithe (9). |
|
3.6. |
Creideann CESE go bhfuil rannpháirtíocht sa saol sibhialta thar a bheith tábhachtach chun ‘braistint chómhuintearais’ a chruthú i measc náisiúnaigh tríú tír sa tsochaí óstach chomh maith le coinníollacha a chruthú chun go gcuirfidís aithne ar a chéile, go gcothóidís comhpháirtíochtaí agus go nglacfaidís le chéile. |
|
3.7. |
Tá roinnt Ballstát ann a bhfuil Comhairle um Imeascadh Imirceach agus Dídeanaithe curtha ar bun acu i mbardais áirithe. Dea-chleachtas atá sa mhéid sin agus d’fhéadfaí é sin a leathnú le bheith ina bheartas uile-Eorpach. Bheadh ‘An Chomhairle Eorpach um Imeascadh Imirceach agus Dídeanaithe’ de chineál comhairleach agus bheadh sé d’aidhm aici imeascadh a neartú agus náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas faoi struchtúir agus nósanna imeachta an Aontais. |
|
3.8. |
Ba mhaith le CESE a chur i bhfios go láidir gur cheart breathnú ar an imirce mar dheis seachas mar riosca. Ar an ábhar nach bhfuil aon bheartas comhordaithe imirce ann ar an leibhéal Eorpach, tá eagla gan bhunús tagtha ar mhuintir na hEorpa ina leith, eagla a ndearna roinnt fórsaí polaitiúla agus eagraíochtaí meán í a chur chun a leasa féin chun íomhá shaofa den imirce a chruthú agus í a chur i láthair mar bhagairt. |
|
3.9. |
Cuireann CESE i gcoinne na míthuisceana coitinne gur bagairt ar an bpobal áitiúil iad na himircigh, an mhíthuiscint go dtógann lucht na himirce na poist a bhíodh ag an bpobal áitiúil agus go mbíonn na córais slándála sóisialta á gcur chun a sochair féin acu. Tarraingíonn sé aird an Choimisiúin agus aird údaráis agus shochaithe na mBallstát ar thionchar dearfach na himirce ar fhorbairt eacnamaíoch na hEorpa agus iarrann sé go ndearfaí beartais Eorpacha sa chaoi go mbainfí leas iomlán as na deiseanna a chuirtear ar fáil a bhuí leis an imirce. |
|
3.10. |
Is díol sásaimh do CESE go bhféadfadh na hathbhreithnithe a tugadh i gcrích le déanaí ar an Treoir maidir le Cárta Gorm AE, chomh maith leis na hathchóirithe leanúnacha ar an Treoir maidir le Cead Aonair, cuidiú lena bhfeidhmiú a fheabhsú. D’fhéadfaí raon feidhme na Treorach maidir le Cárta Gorm AE a leathnú, mar shampla, ach tairseacha incháilitheachta níos ísle agus níos solúbtha a thabhairt isteach. D’fhéadfadh an t-athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Cead Aonair, arb é is aidhm dó a raon feidhme a shimpliú agus a shoiléiriú, éifeachtacht na Treorach a fheabhsú, cé nach dtabharfar aghaidh ar choinníollacha iontrála d’imircigh ar bheagán oiliúna ná d’imircigh mheánoilte. |
|
3.11. |
Is díol sásaimh do CESE go bhféadfadh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (10) cabhrú le beartais na mBallstát a chomhordú. Is díol sásaimh dó freisin go n-áirítear coimircí ionsuite sa Linn Tallainne chun cleachtais dúshaothraithe agus éagóracha a sheachaint, agus cuireann sé in iúl go mbeidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag náisiúnaigh tríú tír a earcófar trí Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, a luaithe a bheidh siad fostaithe, agus a bheidh ag oibrithe an Aontais. Beidh orthu freisin dlíthe agus prionsabail an Aontais a urramú ar an gcaoi chéanna, agus sin chun a chinntiú gur mín líofa a bheidh a n-imeascadh sna pobail áitiúla. |
|
3.12. |
Tugann CESE dá aire gur féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cén chaoi ar mhaith leo na haidhmeanna atá le treoir a bhaint amach agus go bhfágann sin go mbíonn rogha leathan acu agus treoir á cur chun feidhme sa dlí náisiúnta. Is oth leis go bhfuil an creat reachtach scoite, den chuid is mó, ó phríomhréimsí beartais an Aontais. Tá drogall ar na Ballstáit úsáid a bhaint as reachtaíocht an Aontais agus sin, gan amhras, toisc go gceadaítear le rialacha an Aontais forálacha níos fabhraí a bhunú sa dlí náisiúnta. Ina fhianaise sin, seachas dúshlán rogha na mBallstát a thabhairt nó fiú rogha na mBallstát a chomhlánú, ní dhéantar le acquis reachtach an Aontais i réimse na himirce lucht saothair ach an rogha náisiúnta a threisiú. Ní éireoidh linn riamh dul i ngleic leis an dúshlán atá os ár gcomhair más ag brath ar réitigh náisiúnta atáimid mar tá gach seans ann go dtiocfadh iomaíocht chun cinn taobh istigh den Aontas féin toisc éagsúlachtaí a bheith idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an gcumas atá iontu cuspóirí na Straitéise Eorpaí maidir le tionsclaíocht a chomhlíonadh. |
An Bhruiséil, an 4 Nollaig 2024
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) IO C, C/2024/4067, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4067/oj, https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/talent-mobility-package.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin (IO L 344, 29.12.2010, lch. 1).
(3) Féach https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2024/04/12/legal-migration-council-gives-green-light-to-single-work-and-stay-permit-for-non-eu-nationals/.
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le Soghluaisteacht Scileanna agus Tallainne (COM(2023) 715 final).
(5) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (COM(2023) 716 final).
(6) IO C, C/2024/4067, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4067/oj.
(7) Tacú le gníomhachtú daoine atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair;
|
— |
Tacú le forbairt scileanna, oiliúint agus oideachas; |
|
— |
Dálaí oibre a fheabhsú in earnálacha áirithe; |
|
— |
Soghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí; |
|
— |
Tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas Eorpach. https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&furtherNews=yes&newsId=10790. |
(8) International Migration Outlook 2021 © ECFE 2021, lch. 121.
(9) Tá tuilleadh sonraí faoi seo sa staidéar ó CESE maidir le hoibrithe séasúracha, Rossella Soldi agus Simona Cavallini, 22 Aibreán 2023 – athbhreithnithe an 12 Bealtaine 2023, https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/qe-05-23-186-en-n.pdf.
(10) IO C, C/2024/4067, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4067/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/764/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)