AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.4.2024
COM(2024) 162 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
ar an meastóireacht Eatramhach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019‑2027
{SWD(2024) 90 final}
1.
RÉAMHRÁ
2.
CUR CHUN FEIDHME
3.
PRÍOMHTHORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTA
3.1.
Éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas – cé chomh maith is atá ag éirí le Straitéis Óige an Aontais?
3.2
Breisluach AE – conas a rinne Straitéis Óige an Aontais difear go dtí seo agus cé dó a ndearna sí difear?
3.3
Ábharthacht – an bhfuil Straitéis Óige an Aontais fós ábhartha?
4.
CONCLÚIDÍ AGUS CEACHTANNA A FOGHLAIMÍODH
4.1 Conclúidí foriomlána agus ceachtanna a foghlaimíodh
4.2 Rannpháirtíocht na hÓige agus príomhshruthú na hÓige
4.3 Ionstraimí cumasúcháin
4.4 Deis le haghaidh simpliú
4.5 Bealach chun cinn
1.RÉAMHRÁ
Cuspóirí foriomlána Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027
-cur ar a gcumas do dhaoine óga a bheith ina n‑ailtirí ar a saol féin, tacú lena bhforbairt phearsanta agus lena bhfás pearsanta chun neamhspleáchas a bhaint amach, a n‑athléimneacht a chothú agus scileanna saoil a thabhairt dóibh chun dul i ngleic le saol atá ag athrú;
-daoine óga a spreagadh agus a fheistiú leis na hacmhainní is gá chun a bheith ina saoránaigh ghníomhacha, ina ngníomhairí dlúthpháirtíochta agus d’athrú dearfach arna spreagadh ag luachanna an Aontais agus ag féiniúlacht Eorpach;
-cinntí beartais a fheabhsú maidir leis an tionchar atá acu ar dhaoine óga i ngach earnáil (go háirithe fostaíocht, oideachas, sláinte agus cuimsiú sóisialta);
-rannchuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht i measc na hóige agus le gach cineál idirdhealaithe agus cuimsiú sóisialta daoine óga a chur chun cinn.
Is í Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (EUYS) an creat le haghaidh chomhar an Aontais i réimse na hóige ar bhonn Rún ón gComhairle an 18 Nollaig 2018. Cothaíonn EUYS rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach, i gcomhréir le hAirteagal 165 CFAE, tacaíonn sé lena rannpháirtíocht shóisialta agus shibhialta agus tá sé d’aidhm aige a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag gach duine óg chun páirt a ghlacadh sa tsochaí.
Déanann EUYS teagmháil le daoine óga, nascann sé le daoine óga agus cumhachtaíonn sé iad, agus cuireann sé rannpháirtíocht na hóige agus príomhshruthú na hóige chun cinn ar fud réimsí beartais. Spreagann sé forbairt beartas don óige, i sineirgíocht le beartais eile lena ndírítear ar dhaoine óga (e.g. oideachas agus oiliúint, fostaíocht, sláinte, cultúr agus an comhshaol) chun cuidiú leis an 11 Sprioc Eorpacha don Óige a bhaint amach.
Rinne an Coimisiún Eorpach meastóireacht eatramhach ar EUYS mar a fhoráiltear sa Rún ón gComhairle, le tacaíocht ó staidéar seachtrach (a rinneadh ó mhí Feabhra go mí na Nollag 2023) agus ó chomhairliúcháin. Rinneadh measúnú inti ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach EUYS sa mheántéarma. Rinne grúpa idirsheirbhíse de ranna an Choimisiúin maoirseacht ar an meastóireacht.
Leis an meastóireacht deimhníodh go leanann EUYS de bheith ábhartha mar chreat straitéiseach le haghaidh comhar maidir leis an óige. Sainaithníodh léi freisin roinnt réimsí feabhais, lena n‑áirítear dlús níos mó a chur le príomhshruthú na hóige thar réimsí beartais chun críoch na gcuspóirí foriomlána is fadtéarmaí, sin agus leanúint de rannpháirtíocht chuimsitheach na hóige a threisiú, an chumarsáid a fheabhsú agus tuairisciú na Ballstát a laghdú. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo príomhthorthaí na meastóireachta agus moltar inti bealaí chun cinn. Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi, soláthraítear mionsonraí maidir leis na torthaí, na comhairliúcháin agus an modh.
Leis an meastóireacht, comhlánaítear an Teachtaireacht maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022. Tá sé d’aidhm ag an dá cheann tacú le haon obair leantach a dhéanfaidh an Chomhairle, lena n‑áirítear athbhreithniú meántéarma féideartha agus Plean Oibre EUYS le haghaidh 2025‑2027, agus tús a chur le plé ar an gcéad EUYS eile tar éis 2027.
2.CUR CHUN FEIDHME
Mar chreat straitéiseach le haghaidh comhar beartais idir Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún, braitheann EUYS ar mhodh oscailte an chomhordaithe agus ar thiomantas na bpáirtithe leasmhara uile gníomhú i dtreo cuspóirí comhchoiteanna agus éifeachtaí a chruthú ar leibhéil éagsúla.
Feidhmíonn EUYS i dtimthriallta oibre 3 bliana, agus tuairiscíonn an Coimisiún ag deireadh na dtimthriallta sin ar dhul chun cinn i dTuarascáil an Aontais thríbhliantúil ar an Óige. Is í an Chomhairle, in éineacht leis an gCoimisiún, a leagann síos na tosaíochtaí i bPleananna Oibre EUYS, lena gcuimsítear dhá fhoireann trí uachtaránacht ar an gComhairle. Ba é ‘Deiseanna a chruthú don óige’ an tosaíocht théamach uileghabhálach le haghaidh 2019-2021. Le haghaidh 2022-2024, is éard atá ann ‘Rannpháirtíocht le chéile ar mhaithe le hEoraip inbhuanaithe agus chuimsitheach’.
Fíor 1. Amlíne Straitéis Óige an Aontais 2019-2027
Tacaítear le cur chun feidhme EUYS le hionstraimí arna gcistiú ag na cláir Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (e.g. Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, Tairseach Eorpach na hÓige agus an Clár Oibre Eorpach um Obair Óige).
Le Bliain Eorpach na hÓige 2022, cuireadh borradh faoin obair ar chuspóirí agus ar ionstraimí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh trína slógadh agus trína bhfor‑rochtain . I measc na ndeiseanna nua atá ann do dhaoine óga a bheith rannpháirteach bhí an t‑idirphlé beartais leis na Coimisinéirí Eorpacha agus painéil na saoránach a seoladh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
3.PRÍOMHTHORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTA
Ar bhonn na dTreoirlínte ón gCoimisiún maidir le Rialáil Níos Fearr, baintear leas sa mheastóireacht as an bhfianaise a soláthraíodh i staidéar seachtrach. Ba í an tréimhse a cumhdaíodh 2019-2022 agus cuid de 2023. Léirítear sa mheastóireacht measúnú dearfach foriomlán ar fud na gcritéar meastóireachta uile agus tacaíonn sí le cur chun feidhme leanúnach EUYS.
3.1.Éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas – cé chomh maith is atá ag éirí le Straitéis Óige an Aontais?
Éifeachtacht
Fuarthas amach sa mheastóireacht gur creat éifeachtach um chomhar straitéiseach é EUYS a tharraingíonn aird ar an óige i gceapadh beartais ar leibhéal an Aontais agus san ailíniú le cláir an Aontais, a imríonn tionchar dearfach ar bheartais óige i mBallstáit an Aontais, a fheabhsaíonn obair eagraíochtaí don óige agus a théann chun tairbhe do dhaoine óga trí ionstraimí EUYS. Chuidigh sé le rannpháirtíocht agus dlúthpháirtíocht na hóige a spreagadh agus le tacú le cumhachtú na hóige agus leis an tsaoránacht ghníomhach. Cuirtear na príomhthorthaí a bhaineann le príomhionstraimí i dtábhacht thíos:
ØIs é Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (EUYD) an ionstraim rannpháirtíochta is mó ar leibhéal an Aontais chun daoine óga a thabhairt isteach i gceapadh beartais. Le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta eile (amhail idirphlé beartais le Coimisinéirí Eorpacha, Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais agus Bonn Braite Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais), cuireadh ról an idirphlé idir lucht ceaptha beartais an Aontais agus an óige i dtábhacht freisin.
Le EUYD éascaíodh for-rochtain agus rannpháirtíocht níos mó leis an óige. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht go bhfuil fianaise theoranta ann maidir le tionchar díreach agus córasach EUYD ar cheapadh beartais agus obair leantach an Aontais agus náisiúnta. Ní i gcónaí a bhíonn páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na moltaí deiridh agus faoin obair leantach. D’fhéadfaí ról na gcomhairlí náisiúnta don óige in EUYD a shoiléiriú freisin.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
üfeabhas a chur ar shásraí chun moltaí EUYD a chur faoi bhráid lucht ceaptha beartas agus faisnéis a roinnt maidir le hobair leantach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
üborradh a chur faoi phróiseas agus for-rochtain EUYD , chun grúpaí a bhfuil sé deacair teagmháil a dhéanamh leo (e.g. daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, agus iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna agus óige na tuaithe) a spreagadh agus an dul chun cinn atá déanta ar mhaithe le mionlaigh agus le daoine óga faoi mhíchumas a choinneáil ar bun;
ütacú le daoine óga a ullmhú le haghaidh EUYD agus ról a thabhairt go córasach do chomhairlí náisiúnta don óige;
üsineirgí a mhapáil idir tionscnaimh rannpháirtíochta i bpróisis dhaonlathacha ar gach leibhéal, agus tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta dul i ngleic leis na deiseanna agus iad a chur chun cinn.
ØIs é ról Chomhordaitheoir Óige an Aontaiscomhar agus eolas trasearnála maidir leis an óige a fheabhsú sa Choimisiún agus oibriú le páirtithe leasmhara chun cumarsáid a dhéanamh le daoine óga. Bunaíodh an ról i mí an Mheithimh 2021 agus tá Comhordaitheoir Óige an Aontais anois ar thús cadhnaíochta maidir le tacú le príomhshruthú na hóige. Tacóidh Líonra Óige na gcomhfhreagraithe óige sa Choimisiún, a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Bliain Eorpach na hÓige, le Comhordaitheoir Óige an Aontais sna hiarrachtaí sin.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
ütógáil ar an méid atá bainte amach ag Comhordaitheoir Óige an Aontais le haghaidh tuilleadh rannpháirtíochta ó pháirtithe leasmhara, rannpháirtíocht idirinstitiúideach agus comhar maidir leis an óige. Fuarthas amach sa mheastóireacht go bhfuil sainordú Chomhordaitheoir Óige an Aontais fairsing agus go bhfuil gá le haird agus tacaíocht a thabhairt don chomhar agus don chumarsáid le páirtithe leasmhara seachtracha.
ØTá na cláir Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach fós ar na príomhionstraimí agus na hionstraimí is cáiliúla de chuid EUYS.
Fuarthas amach sa mheastóireacht go bhfuil ailíniú maith ann idir cuspóirí EUYS agus na cláir, mar shampla i ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige Erasmus+, DiscoverEU agus mar thacaíocht don obair don óige. Cuidíonn snáitheanna foirmiúla oideachais agus oiliúna Erasmus+ freisin le rannpháirtíocht na hóige agus le daoine óga a chumhachtú. Ailíníonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le EUYS trí obair dheonach a dhéanamh. Éascaíonn naisc le tosaíochtaí cothrománacha na gclár (cuimsiú agus éagsúlacht, an comhshaol agus an t‑athrú aeráide, an claochlú digiteach, rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht shibhialta, gníomhaíochtaí oiliúna agus comhair agus SALTOnna).
Ar na cláir agus na scéimeanna AE eile a théann chun tairbhe do dhaoine óga áirítear Fís Eorpach; Cistí bheartas comhtháthaithe an Aontais (lena n‑áirítear CSE+, CFRE, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Comhtháthaithe); an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; an Eoraip Dhigiteach; an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; EU4Health; Eoraip na Cruthaitheachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
ünaisc a chosaint idir EUYS agus Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; deiseanna le haghaidh daoine óga a chur chun cinn; agus sineirgí le cláir/cistí eile de chuid an Aontais agus le cláir/cistí náisiúnta eile a fhiosrú a thuilleadh.
ØTá Tairseach Eorpach na hÓige ar cheann de na 10 suíomh gréasáin is mó a dtugtar cuairt orthu ar europa.eu agus is bealach aitheanta é i measc daoine óga agus páirtithe leasmhara le haghaidh deiseanna agus tionscnamh. Soláthraíonn gníomhaireachtaí náisiúnta, líonra Eurodesk agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta faisnéis agus tacaíocht don óige freisin.
Tá athbheochan déanta ag Bliain Eorpach na hÓige ar Thairseach Eorpach na hÓige lena léarscáil ghníomhaíochta agus uirlisí nua le haghaidh daoine óga chun a dtuairimí a chur in iúl. A bhuí leis na nuálaíochtaí sin, soláthraítear leis an Tairseach ardán rannpháirtíochta do dhaoine óga anois.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
üleanúint de Thairseach Eorpach na hÓige a fhorbairt le hábhar soláimhsithe le haghaidh spriocghrúpaí i gcomhréir le forbairtí beartais.
ØComhlánaíonn an Clár Oibre Eorpach don Obair Óige (EYWA) EUYS, rud a neartaíonn an bonn beartais d’obair ardcháilíochta don óige. Tacaíonn Comhpháirtíocht Óige AE-Comhairle na hEorpa le EYWA le heolas agus le fianaise, go háirithe trí Ghrúpa Stiúrtha . Tacaíonncláir óige an Aontais freisin le hobair don óige agus leis an Youthpass agus cuidíonn siad le haitheantas a thabhairt d’obair don óige.
Tá deis ann le haghaidh na nithe seo a leanas:
ügníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí ar EYWA san iarracht chomhpháirteach idir an Coimisiún, Comhpháirtíocht Óige AE-Comhairle na hEorpa, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara, toisc go bhfuil na Ballstáit ag céimeanna éagsúla d’fhorbairt na hoibre don óige.
ØTá antsoghluaisteacht foghlama ríthábhachtach maidir le rannpháirtíocht, nascacht agus cumhachtú na hóige agus maidir le cur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh Oideachais. Ba tháirge insoláthartha de chuid Bhliain Eorpach na hÓige é Moladh 2022 ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga agus éascóidh sé saorálaíocht na hóige sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus i scéimeanna náisiúnta. Sna sála air sin i mí na Samhna 2023, tháinig togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle ‘An Eoraip ag Bogadh’ deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách.
Tá deis ann le haghaidh na nithe seo a leanas:
ügníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí chun tacú leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara i gcur chun feidhme na moltaí soghluaisteachta.
ØSpreagann EUYS príomhshruthú na hóige agus rannpháirtíocht na hóige ar fud réimsí beartais ar gach leibhéal chun a áirithiú go ndéanfar tionchair ar an óige a mheas agus beartais á gceapadh.
Fuarthas amach sa mheastóireacht go bhfuil níos mó béime á leagan ar an óige i straitéisí agus i mbeartais an Aontais. Is sampla suntasach é an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte
. Chuir Bliain Eorpach na hÓige agus Comhordaitheoir Óige an Aontais leis an gcomhar méadaithe sin maidir leis an óige.
Ar an leibhéal náisiúnta, is mó tionchar a bhí ag EUYS ar chláir oibre agus ar chleachtais bheartais, seachas forbairt straitéisí náisiúnta nua a thionscnamh. Leanann EUYS de bheith ina spreagadh d’ailíniú agus d’fhorbairt an bheartais óige náisiúnta, trí pháirtithe leasmhara óige a chumhachtú agus a ndlisteanacht a fheabhsú (lena n‑áirítear i súile lucht ceaptha beartas ó earnálacha eile).
Níor cumhdaíodh sa mheastóireacht úsáid ionstraimí príomhshruthaithe don óige (e.g. seiceálacha óige agus tástálacha óige). Mar sin féin, luaigh lucht ceaptha beartas náisiúnta sa Bheilg (an Pobal Pléimeannach), sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus san Ostair an taithí dhearfach atá acu ar uirlisí den sórt sin. I dtuarascáil anailíseach atá le teacht ón gCoimisiún, a fhoilseofar in 2024, cuirfear i láthair forléargas ar na cineálacha cur chuige maidir le príomhshruthú na hóige sna Ballstáit. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos éasca dea‑chleachtais a mhalartú agus gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú idir Ballstáit a mbeidh spéis acu ann.
I mí Eanáir 2024, fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022 gníomhaíochtaí chun ról níos mó a thabhairt do dhaoine óga sna cinntí a dhéanann difear dóibh agus gné na hóige a dhoimhniú i raon beartas de chuid an Aontais. Agus beartais an Aontais á gceapadh ag an gCoimisiún, bainfidh sé úsáid as poitéinseal iomlán phríomhshruthú na hóige mar chuid de chreat agus de bhosca uirlisí an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, a mbeidh seiceáil óige mar thoradh air. Comhlánófar sin leis na hionstraimí a bhaineann go sonrach leis an óige faoi EUYS.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
üa áirithiú go ndéanfar obair leantach éifeachtach ar na gníomhaíochtaí chun gné na hóige a neartú i gceapadh beartais an Aontais, agus i sineirgí gaolmhara, agus chun tacú le Ballstáit ar mian leo cineálacha cur chuige comhchosúla a ghlacadh i gceapadh beartais náisiúnta.
ØLeis an bPlean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2022 mar tháirge insoláthartha de chuid Bhliain Eorpach na hÓige, neartaíodh gné idirnáisiúnta EUYS. Cuidíonn sé le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh agus luachanna an Aontais a chur chun cinn trí rannpháirtíocht agus cumhachtú na hóige a fheabhsú i mbeartais gníomhaíochta seachtraí an Aontais.
Léirítear tionchar idirnáisiúnta EUYS freisin i bhforbairt faisnéise agus i gcomhar, sa chomhpháirtíocht Óige idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa, agus i ndearcthaí dearfacha i measc eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail UNICEF. Tacaíonn rannpháirtíocht tíortha nach Ballstáit den Aontas iad in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach le raon feidhme idirnáisiúnta na Straitéise.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
ücur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Óige a chur chun cinn a thuilleadh i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
ØD’éirigh leis an gcumarsáid maidir le EUYS faisnéis a sholáthar i leith deiseanna cistiúcháin. Tá tuairim dhearfach ag na páirtithe leasmhara faoi EUYS, tuairim atá nasctha le hardfheasacht agus le dearcadh dearfach ar na cláir Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Níor éirigh chomh maith céanna leis an gcumarsáid maidir le gníomhaíochtaí eile.
Fuarthas amach sa mheastóireacht go raibh easpa táirgí cumarsáide ann a bhí dírithe ar lucht ceaptha beartas agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá a lán faisnéise maidir le dul chun cinn EUYS i dTuarascáil an Aontais ar an Óige, ach d’fhéadfadh an mhinicíocht agus an fhormáid bac a chur ar a húsáid ag páirtithe leasmhara.
Tá sé tugtha le tuiscint ag daoine óga go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun stíleanna agus bealaí oiriúnacha a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le daoine óga.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
ücumarsáid níos fearr a dhéanamh faoi Idirphlé Óige an Aontais, faoi ghníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, faoi phríomhshruthú na hóige agus faoin mbonn eolais;
ütáirgí cumarsáide a fhorbairt do lucht ceaptha beartas agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
ütáirgí cumarsáide a thástáil le daoine óga.
ØTreisíodh bonn faireacháin agus fianaise EUYS nuair a foilsíodh Deais Óige nuashonraithe an Aontais le linn Bhliain Eorpach na hÓige. Le deaiseanna Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus tuarascálacha bliantúla, agus gníomhaireachtaí náisiúnta, soláthraítear sonraí maidir leis na cláir. Soláthraítear leis an Vicí don Óige sonraí maidir le beartais náisiúnta, léarscáileanna comparáideacha agus tuarascálacha. Is iad na foinsí sonraí sin is mó a úsáidtear i dTuarascáil an Aontais ar an Óige. Mar sin féin, níl sé éasca forléargas a bheith ag páirtithe leasmhara ar shonraí agus rochtain sholáimhsithe ar shonraí a bheith acu.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
üfeabhas a chur ar an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar theorainneacha maidir le hinfhaighteacht sonraí do pháirtithe leasmhara, chun úsáid sonraí le haghaidh faireacháin, cumarsáide agus ceaptha beartas a éascú.
Éifeachtúlacht
Bhí EUYS costéifeachtach ó thaobh luach ar airgead a sholáthar ar leibhéal an Aontais. Is cosúil go bhfuil na costais bheaga a bhaineann le EUYS comhréireach. D’aontaigh na páirtithe leasmhara gur mhó na tairbhí a bhaineann leis ná na costais a bhaineann leis. Níor chuir EUYS ualaí suntasacha riaracháin ar údaráis phoiblí ná ar pháirtithe leasmhara eile.
Tá deis ann le haghaidh na nithe seo a leanas:
üfeabhsuithe breise chun na Pleanálaithe Gníomhaíochta Náisiúnta sa Todhchaí a shimpliú (uirlis chun gur féidir leis an gCoimisiún faisnéis a bhailiú faoi bheartais náisiúnta don óige), agus tuairisciú na mBallstát a laghdú.
Comhleanúnachas
Feidhmíonn EUYS i sineirge le roinnt mhaith beartas de chuid an Aontais, trí thosaíochtaí, cuspóirí agus luachanna comhroinnte. Sampla amháin is ea an tsineirge idir rannpháirtíocht na hóige agus rannpháirtíocht leanaí. Le hArdán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais tá leanaí páirteach i gcinnteoireacht an Aontais agus tacaíonn an tArdán lena rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach, rud a rannchuidíonn le rannpháirtíocht na hóige agus le saoránacht ghníomhach in EUYS. Tacaíonn an Pacáiste Saoránachta le rannpháirtíocht dhaonlathach na saoránach óg. Leagtar béim sa phacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht daoine óga agus leanaí sa saol daonlathach, tacaíonn sé le vótálaithe óga, agus tagraítear ann do dhea‑chleachtais, lena n‑áirítear Idirphlé Óige an Aontais. Is colún den straitéis Eorpach i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) é rannpháirtíocht na hóige . Sampla eile is ea an tsineirge le beartais dhéimeagrafaíochta lena dtugtar tús áite don chomhionannas inscne, don neamh‑idirdhealú agus don chothroime idirghlúine.
Tá EUYS comhsheasmhach le hoibleagáidí idirnáisiúnta trí léiriú a thabhairt ar roinnt de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ach tá deis ann cumarsáid a dhéanamh maidir le naisc.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
üna sineirgí idir EUYS agus réimsí beartais gaolmhara a thaispeáint, go háirithe iad siúd a chuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht maidir le Bliain Eorpach na hÓige (sláinte agus folláine, an comhshaol agus an t‑athrú aeráide, oideachas agus oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus luachanna Eorpacha, fostaíocht agus cuimsiú).
3.2
Breisluach AE – conas a rinne Straitéis Óige an Aontais difear go dtí seo agus cé dó a ndearna sí difear?
Sholáthair EUYS breisluach thar an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach astu féin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·comhroinnt eolais agus malartú taithí a éascú;
·ag gníomhú mar shampla agus mar chatalaíoch d’fhorbairt beartais náisiúnta agus idirnáisiúnta;
·freagracht chomhchoiteann a chruthú chun dul i ngleic le dúshláin na hóige ar leibhéal an Aontais;
·cur leis an tuiscint ar an óige mar ghrúpa casta a éilíonn cur chuige iomlánaíoch.
Dá scoirfí de EUYS, bheadh iarmhairtí diúltacha ann, amhail an tábhacht a bhaineann le saincheisteanna óige do lucht ceaptha beartas a laghdú, comhar trasearnála ar leibhéal an Aontais a theorannú agus moill a chur ar an dul chun cinn i bhforbairt bheartas náisiúnta na hóige.
3.3
Ábharthacht – an bhfuil Straitéis Óige an Aontais fós ábhartha?
De réir na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara, i measc na ndúshlán is práinní a bhí os comhair daoine óga in 2019‑2023 tá an costas maireachtála, an chobhsaíocht airgeadais agus an bhochtaineacht; an mheabhairshláinte agus an fholláine; an comhshaol agus an t‑athrú aeráide; agus rannpháirtíocht na hóige sa chinnteoireacht.
Go ginearálta, d’fhan EUYS ábhartha maidir le riachtanais na hóige mar gheall ar a chuspóirí leathana agus na Spriocanna Eorpacha don Óige. Tá Bliain Eorpach na hÓige tar éis a hábharthacht a threisiú tríd an gcomhar treisithe maidir leis an óige idir na páirtithe leasmhara ábhartha uile. Ar bhonn na gcomhairliúchán, d’fhéadfadh EUYS aghaidh a thabhairt ar thionchar roinnt de na dúshláin nua/athéiríocha (e.g. costas maireachtála), áfach.
Tá deis ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
üníos mó infheictheachta a thabhairt d’iarrachtaí chun príomhshruthú na hóige a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i réimsí a bhaineann le riachtanais na hóige.
4.CONCLÚIDÍ AGUS CEACHTANNA A FOGHLAIMÍODH
4.1 Conclúidí foriomlána agus ceachtanna a foghlaimíodh
Leagadh béim sa mheastóireacht ar éifeachtacht agus ar thábhacht leanúnach EUYS mar chreat straitéiseach le haghaidh chomhar an Aontais, comhroinnt eolais agus na piarfhoghlama, trí acmhainní agus gníomhaíocht chomhbheartaithe a threorú i dtreo cuspóirí comhchoiteanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na hóige agus trí ghníomhaíocht agus tionscnaimh na mBallstát a chomhlánú. Go háirithe, tá EUYS fós ríthábhachtach mar ‘chatalaíoch’ ó thaobh ailíniú agus forbairt beartais de. Is sampla/samhail é le haghaidh straitéisí náisiúnta don óige agus forbairtí i mbeartas na hóige (go háirithe i mBallstáit nach bhfuil straitéis náisiúnta óige acu nó ina bhfuil sí á tógáil nó á hathnuachan) chun tacú le cóineasú na gcineálacha cur chuige beartais. Síneann an ról sin níos faide ná an tAontas freisin, mar a léirítear sa Phlean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais trína bhféadfadh EUYS tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a spreagadh chun cineálacha cur chuige comhchosúla a ghlacadh.
Cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht a ábhartha atá cuspóirí EUYS fós, agus béim láidir á leagan acu ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht, agus ar rannpháirtíocht na hóige agus ar rannpháirtíocht shibhialta. Go ginearálta, fuarthas amach go bhfreagraíonn fairsinge na gcuspóirí agus na Spriocanna Eorpacha don Óige do réimse dúshlán agus riachtanas atá ag daoine óga.
Mar sin féin, léirigh an comhairliúchán go bhfuil deis ann dul i ngleic ar bhealach níos sofheicthe leis an tionchar a bhíonn ag dúshláin nua/athéiríocha roimh dhaoine óga (go háirithe an costas maireachtála; tithíocht; an comhshaol agus an t‑athrú aeráide; digitiú; sláinte agus folláine choirp agus mheabhrach; agus dúshláin d’óige na tuaithe). Cuireann sé sin i dtreis a thábhachtaí atá cur chuige déach EUYS, i.e. príomhshruthú na hóige ar fud réimsí beartais, ag brath ar rannpháirtíocht láidir na hóige agus ar ionadaíocht na hóige; agus na hionstraimí agus na tionscnaimh shonracha in earnáil na hóige a spreagadh agus a fheabhsú.
Le Bliain Eorpach na hÓige 2022, tugadh an tAontas níos gaire do dhaoine óga, agus tarraingíodh aird ar an iliomad deiseanna atá ar fáil dóibh. Chuir sí borradh faoi rannpháirtíocht na hóige agus chuir sí dlús le príomhshruthú na hóige agus chuir sí le hábharthacht EUYS. Trí na héifeachtaí dearfacha sin a chothú agus cur leo, ar bhonn na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, neartófar cur chun feidhme agus feidhmíocht EUYS sna blianta atá le teacht.
Tá na príomhchonclúidí agus na príomhcheachtanna a foghlaimíodh ón meastóireacht dírithe ar thionchar EUYS a fheabhsú trí chuid dá ionstraimí a threisiú a thuilleadh. Cuirtear i dtábhacht iad sin thíos.
4.2 Rannpháirtíocht na hÓige agus príomhshruthú na hÓige
ØIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh: a bheith níos cuimsithí, aird a thabhairt ar obair leantach
Ní mór go leanfaidh Idirphlé Óige an Aontais de bheith ag forbairt agus ag fás. Tá sé ríthábhachtach an dul chun cinn maidir leis an gcuimsiú a baineadh amach i gcaitheamh na dtrí thimthriall dheireanacha a chosaint; leanúint den dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht daoine óga ó ghrúpaí mionlaigh agus ó dhaoine óga faoi mhíchumas; agus rannpháirtíocht aon ghrúpa faoi ghannionadaíocht (lena n‑áirítear daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, agus óige na tuaithe) a mhéadú i bpróiseas Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh. Is féidir le mionchoigeartú for‑rochtana agus cumarsáide a bheith ina gcuid de na bearta, ar aon dul le hullmhú agus le tacú na rannpháirtithe ar bhealach níos fearr (go háirithe daoine óga ar lú na deiseanna atá acu).
Ba cheart aird ar leith a leagan ar phróiseas a fhorbairt agus a thacú a thuilleadh chun moltaí ó Idirphlé Óige an Aontais a dhíriú ar pháirtithe leasmhara ábhartha ar gach leibhéal (lucht ceaptha beartas go háirithe). Tá gá freisin le sásraí chun rannpháirtithe agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoin obair leantach atá beartaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún fócas Idirphlé Óige an Aontais a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le clár oibre an Choimisiúin. Is príomhghníomhaíocht é Idirphlé Óige an Aontais a neartú sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige (lena n‑áirítear machnamh ar conas é a nascadh leis an tseiceáil óige). Tá an machnamh sin tábhachtach le haghaidh an tríú timthriall de Straitéis Óige an Aontais 2019‑2027 agus le haghaidh na straitéise a thiocfaidh ina dhiaidh tar éis 2027.
Bheadh sé tráthúil freisin níos mó sineirgí a chruthú le hionstraimí rannpháirtíochta óige eile (e.g. Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais) ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh infheictheachta, agus iarrachtaí comhpháirteacha a dhéanamh chun daoine óga agus ionadaithe óige a spreagadh le cuidiú ó eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta.
Leagtar amach gníomhaíochtaí tosaíochta chun rannpháirtíocht na hóige agus Idirphlé Óige an Aontais a fhorbairt a thuilleadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige.
ØPríomhshruthú na hÓige: dlús a chur leis, tógáil air agus leanúint ar aghaidh
Leis an meastóireacht cuireadh samplaí de thionscnaimh bheartais an Aontais i dtábhacht a bhfuil peirspictíocht na hóige ina cuid díobh. Déanann roinnt acu tagairt shainráite do EUYS freisin (e.g. an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, a forbraíodh le hionchur ó dhaoine óga). Mar sin féin, cé go bhfuil roinnt mhaith sineirgí idir beartais an Aontais, tá fianaise theoranta ann maidir le gníomhaíochtaí coincréiteacha chun leas a bhaint as comhlántachtaí agus sineirgí, agus leis sin cuirtear an deis le haghaidh tuilleadh comhar feabhsaithe ar leibhéal an Aontais i dtábhacht.
Ar bhonn na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige, tá deis ann dlús a chur leis na hiarrachtaí ar gach leibhéal chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i bpríomhshruthú na hóige ar fud na réimsí beartais uile, lena n‑áirítear trí ionstraimí coincréiteacha príomhshruthaithe.
Agus beartais an Aontais á gceapadh ag an gCoimisiún, bainfidh sé úsáid as poitéinseal iomlán phríomhshruthú na hóige mar chuid de chreat agus de bhosca uirlisí an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, a mbeidh seiceáil óige mar thoradh air. Tá mionchoigeartú a dhéanamh ar an gcur chuige in 2024 agus táthar á úsáid ar bhonn píolótach sa tréimhse chéanna chomh maith, d’fhonn an tseiceáil óige a chur i bhfeidhm maidir le tionscnaimh nua ábhartha ó chlár oibre bliantúil an Choimisiúin ó 2025 ar aghaidh. Áireofar ar na hiarrachtaí freisin for‑rochtain níos fearr le heagraíochtaí, líonraí agus daoine óga na sochaí sibhialta chun iad a spreagadh páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin le haghaidh tionscnaimh nua de chuid an Aontais, lena n‑áirítear i bpainéil na saoránach. Bunófar ardán nua na bPáirtithe Leasmhara Óige, a mbeidh an chéad chruinniú aige i bhfómhar 2024, chun malartuithe a éascú le heagraíochtaí óige, taighdeoirí óige, ionadaithe ó na Ballstáit agus institiúidí eile de chuid an Aontais. Bealaí tábhachtacha freisin chun feabhas a chur ar an bpríomhshruthú, agus a chleachtfar in 2024 chomh maith, is ea leanúint den idirphlé maidir le beartas na hóige leis na Coimisinéirí Eorpacha, cruinnithe comhchéime maidir le príomhshruthú na hóige a eagrú agus Líonra Óige inmheánach an Choimisiúin a shlógadh go rialta (go háirithe trí Chomhordaitheoir Óige an Aontais).
Tacóidh an Coimisiún freisin le hiarrachtaí náisiúnta trí ghníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí a eagrú maidir le príomhshruthú na hóige i gcomhar leis na Ballstáit, chun tuairimí a mhalartú maidir le conas daoine óga agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a rannpháirtiú agus chun peirspictíocht na hóige a chur san áireamh i bpróisis náisiúnta ceaptha beartais a mbeidh tionchar acu ar an óige. Molann an Coimisiún freisin do na Ballstáit comhordaitheoirí óige náisiúnta nó réigiúnacha a cheapadh, de réir shampla Chomhordaitheoir Óige an Aontais.
D’fhéadfadh na Ballstáit agus an Coimisiún réimsí sonracha a shainaithint freisin chun sineirgí agus comhlántachtaí a threisiú (e.g. idir rannpháirtíocht na hóige faoi EUYS agus rannpháirtíocht leanaí faoi Straitéis an Aontais um chearta an linbh agus faoin Straitéis Eorpach i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+), agus le beartais agus tionscnaimh náisiúnta sna réimsí sin) i gcomhar leis na bearta maidir le rannpháirtíocht chuimsitheach shibhialta agus rannpháirtíocht chuimsitheach ar mhaithe le hathléimneacht dhaonlathach an Aontais a leagtar amach i bpacáiste an Choimisiúin maidir le cosaint an daonlathais.
D’fhéadfadh na Ballstáit agus an Coimisiún comhoibriú freisin maidir le beartais agus tionscnaimh shonracha. Mar shampla, díriú ar dhúshláin mheabhairshláinte daoine óga; cuimhneamh ar idirnaisc leis an saol digiteach, lena n‑áirítear an intleacht shaorga, spórt agus cultúr; agus cineálacha cur chuige iomlánaíocha a shaothrú ar bhonn na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte agus na gConclúidí ón gComhairle. Mar shampla eile, oibríonn an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit tríd an bhfoghrúpa maidir le meabhairshláinte den Ghrúpa Saineolaithe um Shláinte Phoiblí
. Is féidir comhar comhchosúil a éascú i bpríomhréimsí eile, ar bhonn na ndúshlán a shainaithníonn daoine óga agus páirtithe leasmhara óige. Is féidir le húdaráis phoiblí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach tacaíocht a iarraidh freisin faoi Ionstraim an Aontas um Thacaíocht Theicniúil chun beartais atá dírithe ar dhaoine óga a cheapadh agus a chur chun feidhme.
Tá gá agus deis ann freisin chun rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara a mhéadú, agus cumarsáid níos fearr a dhéanamh maidir le cuspóir phríomhshruthú na hóige agus cineál trasearnála EUYS, agus feasacht a scaipeadh agus a ardú maidir le príomhshruthú rathúil na hóige ar gach leibhéal.
Leagtar amach gníomhaíochtaí tosaíochta chun príomhshruthú na hóige a neartú a thuilleadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige.
ØComhordaitheoir Óige an Aontais Eorpaigh: ríthábhachtach maidir le príomhshruthú na hóige, aird ar an ról
Léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil Comhordaitheoir Óige an Aontais ina cheannródaí maidir le príomhshruthú na hóige ar leibhéal an Aontais, go háirithe trí Líonra Óige inmheánach an Choimisiúin; agus go bhfuil acmhainneacht ard aige agus go bhfuil sé tábhachtach ar mhaithe leis na hiarrachtaí leanúnacha chun rannpháirtíocht daoine óga a chur chun cinn. Tugadh le fios san aiseolas ó pháirtithe leasmhara go bhfuil deis ann cur le hinfheictheacht ról agus obair Chomhordaitheoir Óige an Aontais do pháirtithe leasmhara seachtracha; agus cumarsáid níos fearr a dhéanamh agus, b’fhéidir, an sainordú a shoiléiriú a thuilleadh, ar sainordú é atá an‑leathan.
Ag tógáil ar an taithí dhearfach a fuarthas le linn Bhliain Eorpach na hÓige, beidh Comhordaitheoir Óige an Aontais in ann brath ar ardán na bPáirtithe Leasmhara Óige le haghaidh comhairliúcháin, pléití, malartuithe agus comhchruthaithe, ag pobal cleachtais ina mbeidh páirtithe leasmhara ar gach leibhéal rannpháirteach agus lena gcuirfear borradh faoi rialachas rannpháirteach EUYS.
4.3 Ionstraimí cumasúcháin
ØCláir an Aontais: tuilleadh sineirgí a fhiosrú
Is príomhionstraimí iad Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun tacú le EUYS ar leibhéal an Aontais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, naisc idir na cláir sin agus cuspóirí agus gníomhaíochtaí EUYS a chosaint. Tá deis ann freisin sineirgí a fhiosrú a thuilleadh idir na cláir sin agus cláir/cistí/ionstraimí eile ar leibhéal an Aontais (e.g. Fís Eorpach, cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil) chomh maith le cláir/cistí náisiúnta. Is féidir le Líonra Óige an Choimisiúin chomh maith le gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí é sin a éascú.
ØFaisnéis agus cumarsáid don óige: plean cumarsáide a fhorbairt
Tá deis ann EUYS agus a chomhpháirteanna agus a thorthaí idirnasctha a chur in iúl ar bhealach níos soiléire, cumarsáid a dhíriú níos mó ar lucht ceaptha beartas agus ar eagraíochtaí/cleachtóirí na sochaí sibhialta, agus táirgí a mhionchoigeartú ar Thairseach Eorpach na hÓige le haghaidh daoine óga. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin trí phlean cumarsáide a fhorbairt le haghaidh EUYS.
ØUirlisí fianaisebhunaithe: feabhas leanúnach, aird ar chumarsáid
Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun sonraí ábhartha maidir le cur chun feidhme agus feidhmíocht EUYS agus maidir le staid daoine óga atá ag athrú a chur ar fáil agus a chur in iúl do na páirtithe leasmhara uile ar bhealach tráthúil agus soláimhsithe. Sainaithníodh sa mheastóireacht gur gá leas níos fearr a bhaint as an méid atá bainte amach cheana féin. Tá deis ann acmhainní a chuíchóiriú le haghaidh lucht ceaptha beartas agus eagraíochtaí/cleachtóirí na sochaí sibhialta (atá scaipthe thar roinnt tairseacha agus suíomhanna gréasáin faoi láthair). D’fhéadfadh athbhreithniú ar mhinicíocht agus ar fhoirm Thuarascáil an Aontais ar an Óige a bheith i gceist leis sin féachaint an féidir iad a athrú chun freastal níos fearr ar riachtanais lucht féachana éagsúil.
Chun faireachán agus meastóireacht a éascú, moltar sa mheastóireacht roinnt príomhtháscairí a fhorbairt chun cuidiú le dul chun cinn a rianú agus chun nasc a sholáthar idir na cuspóirí ardleibhéil agus an réimse tionchair níos dírí atá ag EUYS (maidir le teacht chun cinn bheartais na hóige, cleachtais eagraíochtaí óige agus rannpháirtíocht na hóige) agus leanúint den obair ar rochtain ar shonraí bunaithe ar thograí an ghrúpa shaineolaithe ad hoc maidir le táscairí óige.
D’fhéadfadh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar le páirtithe leasmhara óige, oibriú i gcomhar le chéile chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar phríomhtháscairí, modheolaíochtaí agus sonraí chun faireachán a dhéanamh ar EUYS.
4.4 Deis le haghaidh simpliú
ØPleanálaithe Gníomhaíochtaí Náisiúnta don Todhchaí: roghanna eile a mheas
Sonraítear sa mheastóireacht go bhfuil deis ann ualach tuairiscithe na mBallstát a shimpliú agus a laghdú a mhéid a bhaineann le Pleanálaithe Gníomhaíochtaí Náisiúnta don Todhchaí
. Cuireadh i dtábhacht sna comhairliúcháin go raibh ualach trom ar lucht ceaptha beartas iad a chur i gcrích agus ní raibh ach úsáid theoranta le baint astu. Léirítear leis sin gur gá machnamh a dhéanamh ar bhealaí malartacha chun faisnéis a bhailiú maidir le tosaíochtaí beartais náisiúnta don óige, i gcomhar leis na Ballstáit (mar shampla tríd an Vicí don Óige agus trí shuirbhéanna simplithe).
4.5 Bealach chun cinn
Le Bliain Eorpach na hÓige 2022, cuireadh daoine óga ar bharr an chláir oibre pholaitiúil. Chruthaigh sé spreagadh agus móiminteam láidir le haghaidh tuilleadh deiseanna, spáis agus uirlisí le haghaidh rannpháirtíocht daoine óga, agus iad siúd atá ag obair leo agus ar a son. Áirítear leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige gníomhaíochtaí tosaíochta chun rath na Bliana a chothú agus a fhorbairt. Leis sin, in éineacht leis na conclúidí ón meastóireacht seo ar Straitéis Óige an Aontais, cuirtear deiseanna ar fáil chun dlús breise a chur le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais 2019‑2027 agus chun feabhas a chur ar a tionchar.
Sa mheántéarma, d’fhéadfaí na hiarrachtaí sin a shaothrú agus a leagan amach laistigh de chuspóirí na Straitéise agus na Spriocanna Eorpacha don Óige atá ann cheana (faoi na príomhréimsí rannpháirtíochta, nasctha agus cumhachta) agus i bpríomhshruthú na hóige ar gach leibhéal, trí úsáid a bhaint as na sásraí agus na próisis atá ann cheana, amhail an Plean Oibre le haghaidh 2025‑2027.
Chun cur leis na hullmhúcháin le haghaidh chomhar bheartas óige an Aontais tar éis 2027, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil nua, molann an Coimisiún próiseas éisteachta agus comhchruthaithe a sheoladh in 2025‑2026 leis na páirtithe leasmhara uile. Spreagfaidh an Coimisiún ardán na bPáirtithe Leasmhara Óige chun tuairimí agus smaointe a bhailiú, chun comhoibriú agus chun ionchuir a chomhchruthú. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm cruinnithe agus imeachtaí nó i bhfoirm feachtais ar líne, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chuid de chomhairliúcháin Idirphlé Óige an Aontais.