11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 157/1


MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Aibreánv 2022

maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 157/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165 agus 166 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair an tUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh san Aitheasc ar Staid an Aontais (1) go mbeartódh an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí Bliain Eorpach na hÓige de 2022, “ag cumhachtú na ndaoine a bhfuil oiread sin tiomnaithe acu féin do dhaoine eile”. Is é is aidhm do Bhliain Eorpach na hÓige, i measc nithe eile, “tacú le daoine óga chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna éagsúla atá ar fáil dóibh agus iad a chur chun cinn go gníomhach, ar deiseanna iad a bhaineann le beartais phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, ar mhaithe le tacú lena bhforbairt phearsanta, shóisialta, eacnamaíoch agus ghairmiúil i ndomhan glas, digiteach agus cuimsitheach, agus é mar aidhm leis sin na bacainní atá fós ann a bhaint” (2).

2.

Mar a chuirtear i dtábhacht sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tionchar COVID-19 ar an óige agus ar an spórt (2020/2864(RSP)) (3), bhí daoine óga i gcroílár na ngníomhaíochtaí a bhí spreagtha ag an dlúthpháirtíocht chun freagairt do riachtanais a bpobal i bhfianaise phaindéim COVID-19, amhail feachtais feasachta a stiúradh, bheith ag obair ar an líne thosaigh mar chuid den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus tionscnaimh saorálaíochta eile.

3.

Trína ngníomhaíochtaí saorálaíochta sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus i scéimeanna eile, tá éifeacht nithiúil á tabhairt ag daoine óga do Bhrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE), ina gcuirtear i dtábhacht mian na sínitheoirí an dlúthpháirtíocht idir pobail na hEorpa a dhoimhniú, d’Airteagal 2 CAE, ina luaitear an dlúthpháirtíocht mar cheann de na luachanna is coiteann do na Ballstáit agus d’Airteagal 3 CAE, ina luaitear gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí saorálaíochta cúnaimh dhaonnúil a dhéanann siad cuirtear an tsíocháin chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain agus tugtar urraim do dhínit an duine agus do chearta an duine.

4.

Cé go raibh an taithí leis an tSeirbhís Dheonach Eorpach (1996-2018) agus leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach rathúil, léiríodh gur gá an tsaorálaíocht thrasnáisiúnta a éascú a thuilleadh, go háirithe le haghaidh daoine óga dar lú an líon deiseanna. Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú ar an Moladh ón gComhairle an 20 Samhain 2008 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh (“an Moladh ón gComhairle, 2008”) chun Acmhainneacht Chláir Óige an Aontais a neartú i dtaca le teagmháil a dhéanamh le daoine óga agus cuidiú le pobal a thógáil (4). Léirítear é sin go háirithe in Iarscríbhinn 4 maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2019-2027. Thairis sin, sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais an 14 Deireadh Fómhair 2021 (5), tagraítear don athbhreithniú ar Mholadh 2008 ón gComhairle.

5.

Tá an chuid is mó de na saincheisteanna a ardaíodh i Moladh 2008 ón gComhairle fós ábhartha, agus coinníodh sa togra seo iad. Tá gá le Moladh 2008 ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta mar gheall ar roinnt forbairtí ó bhí 2008 ann. Is forbairtí tábhachtacha iad seoladh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh in 2016 agus cruthú scéimeanna agus gníomhaíochtaí náisiúnta nua saorálaíochta, a mbaineann gnéithe trasnáisiúnta leo (6) a chuireann deiseanna comhchosúla ar fáil do dhaoine óga uaireanta. I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (7), iarradh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, laistigh dá réimsí inniúlachta féin, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir ionstraimí cistiúcháin an Aontais agus scéimeanna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

6.

I meastóireacht ar Straitéis Óige an Aontais agus ar Mholadh 2008 ón gComhairle (8), aithníodh go raibh sé ní ba phráinní in 2015 ná mar a bhí sé in 2008 daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste a chuimsiú. Áirítear le riachtanais eile a aithníodh ach nár tugadh aghaidh orthu le Moladh 2008 dearbhú cáilíochta le haghaidh tionscadail saorálaíochta, deiseanna fothaithe acmhainneachta d’eagraíochtaí agus faireachán níos fearr ar chur chun feidhme an Mholta. Rinne sainghrúpa tuilleadh moltaí beartais (9), lenar clúdaíodh comhroinnt eolais agus líonrú, rochtain ar an tsaorálaíocht, constaicí riaracháin, feasacht, aitheantas, saorálaíocht dhigiteach agus comhthéacs an chomhshaoil, a bhí mar bhonn eolais don Mholadh atá beartaithe.

7.

Ó bhí 2008 ann, bhí tionchar tromchúiseach ag géarchéimeanna, mar shampla géarchéimeanna a chuireann isteach ar shoghluaisteacht fhisiciúil thrasnáisiúnta saorálaithe. Chuir paindéim COVID-19 i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le slándáil, sábháilteacht agus sláinte coirp agus meabhair gach rannpháirtí a áirithiú i gcónaí, lena n-áirítear forálacha a dhéanamh maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag imthosca gan choinne a bhainistiú. Thairis sin, le fada an lá, bhain coincheap na “saorálaíochta trasnáisiúnta” sa chleachtas le gníomhaíochtaí ina mbíonn soghluaisteacht fhisiciúil na saorálaithe i gceist. Tá treochtaí nua saorálaíochta tagtha chun cinn, áfach, i ngeall ar dhul chun cinn teicneolaíochta agus faoi thionchar phaindéim COVID-19. Léirigh an tsaorálaíocht dhigiteach go bhféadfadh sí an tsoghluaisteacht fhisiciúil a chomhlánú nó a bheith ina cineál roghnach eile saorálaíochta fiú, go háirithe le haghaidh daoine óga nach bhfuil in ann aistear a dhéanamh. Léirigh gné idirghlúine na saorálaíochta go soiléir freisin an tábhacht atá léi maidir le dul i ngleic leis na dúshláin dhéimeagrafacha atá le sárú ag ár sochaí. Tá ábhair imní maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an athrú aeráide ag barr chlár oibre polaitiúil an Aontais agus ní mór iad a léiriú i ngníomhaíochtaí ina mbíonn an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta i gceist.

8.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 (10) cuireadh i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le cuimsitheacht, cáilíocht agus aitheantas na n-eispéireas trasteorann faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ráthaíochtaí maidir le cáilíocht na ndeiseanna atá ar fáil agus soláthar na tacaíochta iomchuí do rannpháirtithe ag gach céim den eispéireas saorálaíochta, is réamhriachtanas iad le haghaidh na ngníomhaíochtaí saorálaíochta le go dtairbheoidh pobail agus saorálaithe óga díobh.

9.

Sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030), dheimhnigh an Chomhairle i réimse tosaíochta 1 sa chreat straitéiseach gur saincheist nithiúil ó thaobh na gníomhaíochta de é “an fhoghlaim sheachfhoirmiúil, lena n-áirítear an tsaorálaíocht, a chothú, luach a chur uirthi agus í a aithint, agus feabhas a chur ar chuimsitheacht, ar cháilíocht agus ar aitheantas gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta trasteorann”.

10.

Tá sé ar cheann de na chéad dúshláin atá le sárú ag daoine óga ar spéis leo taithí a fháil ar an tsaorálaíocht thrasnáisiúnta rochtain a fháil ar fhaisnéis sholáimhsithe maidir lena stádas agus maidir lena gcearta mar shaorálaithe, ar shuíomh gréasáin náisiúnta tiomnaithe, ionas gur féidir leo tús a chur lena ngníomhaíocht saorálaíochta trasnáisiúnta agus iad go hiomlán ar an eolas faoin tionchar a bheidh aici ar a gcearta agus ar a dteidlíochtaí slándála sóisialta sa Bhallstát óstach agus sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu (11). De bhun Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cheana féin faisnéis sholáimhsithe ar líne a sholáthar do shaoránaigh an Aontais maidir le cearta, oibleagáidí agus rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta i réimse na saorálaíochta i mBallstát eile (12).

11.

Ní féidir dul i ngleic le go leor saincheisteanna a bhaineann leis an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta ar an leibhéal náisiúnta amháin, ós rud é go mbíonn na Ballstáit seolta agus na Ballstáit óstacha i gceist leis na gníomhaíochtaí. Is féidir creataí riaracháin agus dlíthiúla le haghaidh na saorálaíochta a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Tá sé den ríthábhacht go mbeidh, ag daoine óga ar mian leo a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht saorálaíochta thrasnáisiúnta, faisnéis chuimsitheach thacúil a bhaineann leis na rialacha náisiúnta dlíthiúla agus riaracháin lena rialaítear an tsaorálaíocht, go háirithe faisnéis maidir le cumhdach slándála sóisialta sna Ballstáit seolta agus óstacha araon.

12.

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Plean Gníomhaíochta Coiste na Réigiún um imeascadh agus cuimsiú 2021-2027 (13), aithnítear ról na saorálaíochta chun daoine ar lú na deiseanna atá acu a imeascadh agus a chuimsiú. I gcás go leor acu, d’fhéadfadh sé gurb iad na gníomhaíochtaí saorálaíochta sin an deis is inrochtana soghluaisteacht trasteorann a thriail, go háirithe i bhformáidí gearrthéarma nó i ngrúpaí nó foirne.

13.

Féadfaidh bacainní riaracháin agus praiticiúla ar an tsaorálaíocht trasteorann a bheith roimh náisiúnaigh tríú tír i gcás inar gá dóibh iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrthéarmach nó fhadtéarmach nó ar chead cónaithe chun críche seirbhíse saorálaíochta i mBallstát eile. Le Treoir (AE) 2016/801, rialaítear na coinníollacha maidir le víosa fhadtéarmach nó cead cónaithe a fháil chun cead isteach i mBallstát den Aontas a fháil chun críoch seirbhíse saorálaíochta. Níl forálacha ann, áfach, maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas i dtaca le saorálaithe tríú tír.

14.

Baineann saorálaithe amach torthaí foghlama lena méadaítear a n-infhostaitheacht de bharr eispéiris saorálaíochta. Tá creataí náisiúnta nó creataí de chuid an Aontais (is iad sin, Youthpass (14) agus Europass (15)) ann lena dtacaítear le torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí saorálaíochta a shainaithint, a dhoiciméadú agus a bhailíochtú. Leis an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla (16), iarradh ar fhostóirí agus ar eagraíochtaí na hóige agus na sochaí sibhialta aitheantas agus doiciméadú torthaí foghlama a fhaightear ag an obair nó i ngníomhaíochtaí saorálaíochta a chur chun cinn agus a éascú. Sa mheastóireacht (17) ar Mholadh 2012 ón gComhairle, aithníodh réimsí ina bhfuil gníomhaíocht bhreise ag teastáil chun spriocanna Mholadh 2012 ón gComhairle a bhaint amach, chun rochtain a thabhairt do dhaoine ar níos mó deiseanna bailíochtaithe agus ar dheiseanna bailíochtaithe níos fearr, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh rochtain a fháil ar an mbreisfhoghlaim agus leas a bhaint as a gcuid scileanna i sochaí na hEorpa agus i margadh an tsaothair. Sainítear le Cinneadh Europass an 18 Aibreán 2018 go bhfuil saorálaithe i measc a spriocghrúpaí.

15.

Le forbairtí nua ó bhí 2008 ann, fianaise maidir le bacainní ar an tsaorálaíocht thrasnáisiúnta agus moltaí beartais ó shainghrúpa i dtaca le soghluaisteacht saorálaithe óga a chur chun cinn, iarrtar Moladh nua ón gComhairle maidir leis an tsaorálaíocht, d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht shaorálaíocht thrasnáisiúnta na hóige agus an fhoghlaim fhrithpháirteach, líonrú agus sineirgí idir scéimeanna agus gníomhaíochtaí saorálaíochta sna Ballstáit agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a spreagadh.

16.

Urramaítear go hiomlán leis an Moladh seo prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

AITHNÍONN SÍ:

17.

Chun críocha an Mholta seo, úsáidtear an sainmhíniú céanna ar “saorálaíocht” a úsáidtear i Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, eadhon gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a mhaireann suas le 12 mhí, ar gníomhaíocht dheonach gan íocaíocht í (18) a rannchuidíonn leis an leas coiteann a bhaint amach. I gcás ina ndéantar foráil le scéimeanna trasnáisiúnta sna Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a mhaireann níos faide ná 12 mhí, gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn don sainmhíniú ar an tsaorálaíocht ar shlí eile, beartófar gurb í an tsaorálaíocht atá i gceist leo chun críocha an Mholta seo agus dá bhrí sin, áireofar i raon feidhme an Mholta iad.

18.

Le saorálaíocht na hóige faoin Moladh seo, áirítear saorálaíocht ar fud an Aontais a dhéanann náisiúnaigh an Aontais nó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin agus atá ag aistriú chuig Ballstáit eile chun críche seirbhíse deonaí, faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach nó faoi aon scéim nó aon ghníomhaíocht náisiúnta trasteorann saorálaíochta sna Ballstáit. A mhéid is féidir, ba cheart gníomhaíochtaí saorálaíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus an Coimisiún mar fhreagra ar an Moladh seo. Níor cheart drochthionchar a bheith ag gníomhaíochtaí saorálaíochta ar fhostaíocht íoctha a d’fhéadfadh a bheith ann ná ar fhostaíocht íoctha atá ann cheana, agus níor cheart breathnú orthu mar ionadaithe ar an bhfostaíocht íoctha. Leis na téarmaí “óige” agus “óg”, cumhdaítear an t-aoisghrúpa idir 18 mbliana d’aois agus 30 bliain d’aois.

19.

Ciallaíonn daoine óga ar lú na deiseanna atá acu daoine óga a mbíonn bacainní rompu a chuireann cosc orthu rochtain éifeachtach a bheith acu ar dheiseanna, ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó sláinte, mar gheall ar a gcúlra imirceach, nó ar chúiseanna amhail míchumas nó deacrachtaí oideachais nó ar aon chúis eile, lena n-áirítear cúis a bhféadadh idirdhealú faoi Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais eascairt aisti (19).

AG MOLADH LEIS SEO DO NA BALLSTÁIT:

20.

Breathnú a dhéanamh ar bhearta lena rannchuidítear nó lena gcoimeádtar creat reachtach agus cur chun feidhme atá leormhaith agus soiléir maidir le sláinte, sábháilteacht agus slándáil rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí saorálaíochta trasnáisiúnta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

a áirithiú gur féidir le gach saorálaí tairbhe a bhaint as cumhdach slándála sóisialta i mBallstát, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta;

b)

Tacaíocht a thabhairt d’eagraithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme gníomhaíochtaí saorálaíochta chun a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta soiléire agus iontaofa i bhfeidhm chun cúram a dhéanamh de shaorálaithe agus cúnamh a thabhairt dóibh i gcás géarchéimeanna, éigeandálaí agus imthosca eile gan choinne.

21.

Faisnéis inrochtana a sholáthar agus feasacht a mhúscailt ar chearta saorálaithe mar a shonraítear leis an gcreat tiomnaithe a leagtar amach thuas, go háirithe:

a)

a áirithiú go bhfuil suíomh gréasáin náisiúnta ann, a chomhlíonann ceanglais na Treorach maidir le hInrochtaineacht Ghréasáin (20), chun faisnéis phraiticiúil inrochtana chuimsitheach a chur ar fáil do shaorálaithe, ar faisnéis í a bhaineann leis na rialacha náisiúnta dlíthiúla agus riaracháin lena rialaítear an tsaorálaíocht i mBallstát eile agus leis an tionchar a bhíonn ag saorálaíocht i mBallstát eile ar chearta slándála sóisialta agus teidlíochtaí slándála sóisialta (21) an tsaorálaí (saorálaithe AE isteach agus amach araon);

b)

tacú le soláthraithe faisnéise don óige trí oiliúint a spreagadh chun faisnéis atá fabhrach don óige a fhorbairt i ndáil leis na rialacha náisiúnta dlí agus riaracháin lena rialaítear an tsaorálaíocht;

c)

comhoibriú le líonraí agus seirbhísí seanbhunaithe amhail ERYICA a spreagadh chun an fhaisnéis sin a fhorbairt;

d)

eagraithe scéimeanna náisiúnta trasteorann saorálaíochta atá ann cheana a spreagadh chun suíomhanna gréasáin náisiúnta agus Eorpacha ábhartha (22) a thabhairt le fios, suíomhanna a chuireann saorálaithe ar an eolas faoina gcearta, faoina n-oibleagáidí agus faoi na rialacha is infheidhme maidir leis an tsaorálaíocht i mBallstát eile.

22.

Feabhas a chur ar cháilíocht na ndeiseanna saorálaíochta trí thacú le heagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta ina gcuid iarrachtaí fothaithe acmhainneachta. Go háirithe, is féidir é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

eagraithe sna Ballstáit seolta agus glactha a spreagadh chun dul i gcomhar le chéile, lena n-áirítear trí fhaisnéis leordhóthanach faoin ngníomhaíocht saorálaíochta, faoina n-eagraithe agus faoin saorálaí a sholáthar, chun é a chur ar a chumas don dá pháirtí cinneadh eolach a dhéanamh faoi inbhuanaitheacht na gníomhaíochta agus chun aon cheanglas dlí a chomhlíonadh;

b)

eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta a spreagadh chun cáilíocht, i measc nithe eile, a chur i dtábhacht trí eagrú gníomhaíochtaí saorálaíochta a bhunú ar anailís lena dtacaítear le riachtanais inaitheanta agus a théann chun tairbhe do phobail áitiúla.

c)

eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta a spreagadh chun béim leormhaith a chur ar ghné foghlama na ngníomhaíochtaí saorálaíochta, lena n-áirítear foghlaim teangacha sa tsaorálaíocht thrasnáisiúnta;

d)

tacaíocht a thabhairt d’eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta úsáid níos córasaí agus níos ginearálta a bhaint as creataí náisiúnta nó creataí de chuid an Aontais atá ann cheana (i.e. Youthpass agus Europass) chun tacú le torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí saorálaíochta a shainaithint, a dhoiciméadú agus a bhailíochtú;

e)

obair óige a aithint mar phríomhuirlis do dheiseanna saorálaíochta don óige agus mar cheann de na príomhuirlisí chun gníomhaíochtaí saorálaíochta a fhorbairt ar ardcháilíocht san Aontas agus rannchuidiú ar an mbealach sin le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh don Obair Óige (23);

f)

soghluaisteacht trasteorann na ndaoine sin atá gníomhach in obair leis an óige agus in eagraíochtaí don óige a chur chun cinn;

g)

tacú leis an oiliúint a chuirtear ar oibrithe óige agus ar eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta, agus aitheantas a thabhairt don príomhról atá acu maidir le saorálaithe óga a thionlacan agus treoir a thabhairt dóibh trí eispéireas ardchaighdeáin saorálaíochta;

h)

eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta trasnáisiúnta a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar mharc cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;

i)

caighdeáin ghinearálta cháilíochta maidir leis an tsaorálaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn agus inspioráid á fáil ó chóras cuimsitheach na mbeart cáilíochta, tacaíochta, cuimsithe agus deimhniúcháin atá i Rialachán (AE) 2021/888 (24), i gcás inarb indéanta sa chomhthéacs náisiúnta;

j)

bearta a ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh ionadú poist mar thoradh ar ghníomhaíochtaí saorálaíochta.

23.

A áirithiú gur deis réalaíoch do gach duine óg é rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí saorálaíochta trasnáisiúnta, lena n-áirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

tacú le tairseacha náisiúnta agus struchtúir réigiúnacha agus áitiúla a chruthú agus/nó a oibriú amhail bonneagair na hoibre don óige agus ionaid faisnéise don óige más ann dóibh chun faisnéis agus treoraíocht a sholáthar maidir le deiseanna saorálaíochta atá ann cheana, i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, do shaorálaithe óga féideartha, lena n-áirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, an tsochaí shibhialta/eagraíochtaí dlúthpháirtíochta, agus páirtithe leasmhara eile sa réimse. Féadfaidh líonraí alumni (amhail Eora-Phiaraí) agus oibrithe óige áitiúla a bheith sna struchtúir sin, agus is féidir a n-inniúlacht a úsáid chun iarrthóirí féideartha saorálaíochta a chumhachtú agus tacú leo, agus, i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaidís oibriú i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a chuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun feidhme;

b)

rochtain ar eispéiris saorálaíochta trasnáisiúnta a éascú do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu trí fhaisnéis spriocdhírithe inrochtana agus for-rochtain eagraíochtaí agus líonraí ábhartha (25) amhail Eurodesk agus ERYICA a chur chun cinn, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht atá le hinniúlachtaí idirchultúrtha agus le foghlaim teangacha mar chéim i dtreo na soghluaisteachta trasnáisiúnta;

c)

a áirithiú go spreagfar eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chóiríocht réasúnta agus oiriúnach a chur ar fáil a bheidh inrochtana do dhaoine óga, go háirithe dóibh siúd atá faoi mhíchumas;

d)

tacaíocht a thabhairt d’eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta chun gnéithe de chuimsiú daoine óga ar lú na deiseanna atá acu a fhorbairt le haghaidh a dtionscadal (26), i measc nithe eile trí na daoine óga a chur i dteagmháil le saineolaithe ó sheirbhísí atá i gceannas ar chur chun cinn an chuimsithe shóisialta, saineolaithe a d’fhéadfadh tacú leo agus oiliúint a chur orthu;

e)

tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’fhorbairt gníomhaíochtaí saorálaíochta, agus cuimsiú, comhionannas agus cumhachtú grúpaí faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí i mbaol idirdhealaithe á gcur chun cinn go sonrach, rud a spreagann saorálaithe óga ó na pobail sin chun páirt a ghlacadh sa tsaorálaíocht agus chun bheith ina n-éascaitheoirí nó ina n-eiseamláirí ina bpobal féin;

f)

tacú le heagraíochtaí agus le líonraí ábhartha chun gníomhaíochtaí saorálaíochta áitiúla a chur chun cinn (lena n-áirítear ar bhonn gearrthéarmach, páirtaimseartha agus grúpa) mar chéad chéim fhéideartha i dtreo rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí trasnáisiúnta agus tacaíocht spriocdhírithe bhreise a thabhairt chun deiseanna saorálaíochta a fhorbairt a fhreastalaíonn ar dhaoine óga nach féidir páirt a ghlacadh sa tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta fhisiciúil ar chúiseanna éagsúla, mar shampla trí dheiseanna saorálaíochta digiteacha nó cumaisc – i measc nithe eile – a sholáthar;

g)

uirlisí trasnáisiúnta atá ann cheana a d’fhéadfadh éascaíocht a dhéanamh le soghluaisteacht na hóige a chur chun cinn a thuilleadh, amhail cártaí soghluaisteachta agus daoine a spreagadh chun úsáid a bhaint astu i ngach gníomhaíocht saorálaíochta trasnáisiúnta (27);

h)

nuair is féidir agus gan dochar do acquis Schengen agus do dhlí an Aontais maidir le hiontráil agus cónaí náisiúnach tríú tír, teacht ar réiteach ar shaincheisteanna riaracháin agus praiticiúla a chruthaíonn deacrachtaí i dtaca le víosaí agus/nó ceadanna cónaithe a fháil do náisiúnaigh tríú tír chun críche seirbhíse deonaí.

24.

Feasacht a mhéadú maidir leis na tairbhí a bhaineann le gníomhaíochtaí saorálaíochta, trí ghníomhaíochtaí faisnéise, treorach agus for-rochtana, lena n-áirítear trí pháirt a thabhairt do gheallsealbhóirí náisiúnta in earnálacha an oideachais, na hoiliúna, na fostaíochta, na seirbhísí sóisialta agus na hóige. Aird ar leith a thabhairt chun teagmháil chothrom a dhéanamh le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu. Áirítear leis sin an méid seo a leanas a chur chun cinn:

a)

tugann gníomhaíochtaí saorálaíochta bealach nithiúil do dhaoine óga rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus dlúthpháirtíocht a léiriú le daoine atá i staid leochaileach;

b)

cuireann eispéireas saorálaíochta feabhas ar fhorbairt phearsanta, oideachais, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil daoine óga agus cuidíonn sé leo inniúlachtaí a fhorbairt a bhfuil gá leo i margadh an tsaothair agus a bhfuil meas ag margadh an tsaothair orthu;

c)

tá creataí ann chun tacú le torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí saorálaíochta a shainaithint, a dhoiciméadú agus a bhailíochtú (lena n-áirítear Youthpass agus Europass).

25.

Tacú le gníomhaíochtaí forbartha pobail a bhaineann leis an tsaorálaíocht agus iad a chur chun cinn. Áirítear leis sin:

a)

oibriú líonraí saorálaithe atá gníomhach faoi scéimeanna atá ann cheana a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe iad siúd a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí a bhfuil fís fhadtéarmach acu, is é sin gníomhaíochtaí nach bhfuil nasctha le fad tionscadal aonair nó nach bhfuil teoranta ag fad na dtionscadal aonair sin;

b)

líonraí Eorpacha atá ann cheana a bhaineann leis an tsaorálaíocht a spreagadh, go háirithe an Líonra Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eora-Phiaraí, chomh maith le hacmhainní agus ardáin eile atá inrochtana trí Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar Thairseach Eorpach na hÓige;

c)

iar-shaorálaithe a spreagadh chun taithí a roinnt trí líonraí óige, forais oideachais agus ceardlanna mar ambasadóirí nó mar bhaill de líonra, agus iad a spreagadh freisin le hoiliúint a chur ar shaorálaithe atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo;

d)

eagraithe gníomhaíochtaí saorálaíochta a spreagadh chun tacú le saorálaithe agus iad ag imeascadh sa phobal óstach le linn a ngníomhaíochta agus iad ag leanúint ar aghaidh lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí saorálaíochta tar éis dóibh filleadh abhaile, agus béim ar leith á cur ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu a thionlacan.

26.

Iniúchadh a dhéanamh ar threochtaí nua agus ar ghnéithe agus formáidí malartacha na saorálaíochta, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

tástáil formáidí agus bailiú fianaise ar an tsaorálaíocht dhigiteach a chur chun cinn i gcomhthéacs trasnáisiúnta mar chomhlánú ar an tsoghluaisteacht fhisiciúil nó go deimhin mar fhormáid neamhspleách ar ghníomhaíochtaí saorálaíochta;

b)

luach na saorálaíochta idirghlúine a aithint agus í a chur chun cinn mar rannchuidiú luachmhar leis na dúshláin atá le sárú ag sochaí atá ag dul in aois, agus í a chur chun cinn freisin mar bhealach chun páirt a thabhairt do dhaoine óga in idirphlé idirghlúine, aistriú eolais idirghlúine a éascú agus feabhas a chur ar an gcomhtháthú sóisialta.

27.

Sineirgí, comhlántachtaí agus leanúnachas a chruthú idir scéimeanna agus gníomhaíochtaí saorálaíochta ar an leibhéal Eorpach agus (ar leibhéil éagsúla) sna Ballstáit. Áirítear leis sin, mar shampla:

a)

faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit maidir le scéimeanna saorálaíochta atá ann cheana, lena n-áirítear scéimeanna agus gníomhaíochtaí státseirbhíse náisiúnta i gcás inarb ann dóibh, agus tarchur faisnéise den sórt sin chuig an gCoimisiún Eorpach, d’fhonn an foilsiú ar Thairseach Eorpach na hÓige, an Vicí don Óige, agus forbairt dea-chleachtas a éascú;

b)

bearta a mheas lena gcuirfí aistriú dea-chleachtas idir scéimeanna nó gníomhaíochtaí saorálaíochta chun cinn agus lena dtabharfaí tacaíocht don aistriú sin.

28.

Tacú le gníomhaíochtaí saorálaíochta a lena gcuidítear go fóinteach le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

comhtháthú na gcleachtas glas i ngach tionscnamh agus gníomhaíocht saorálaíochta a spreagadh, agus iompraíocht atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha;

b)

laghdú ar lorg comhshaoil gníomhaíochtaí saorálaíochta a chur chun cinn, mar shampla trí dhramhaíl a laghdú, tríd an athchúrsáil agus, i gcás inar féidir, trí mhodhanna iompair inbhuanaithe a úsáid;

c)

forbairt na ngníomhaíochtaí saorálaíochta a chur chun cinn, gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar chosaint an chomhshaoil, an inbhuanaitheacht, spriocanna aeráide, cosc tubaistí agus athshlánú ó thubaistí.

29.

Faisnéis a áireamh i nuashonruithe tráthrialta a dhéantar faoi Straitéis Óige an Aontais maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agus an Moladh seo á leanúint, go háirithe mar chuid de Vicí don Óige.

AG IARRAIDH AR AN GCOIMISIÚN LEIS SEO:

30.

Malartú cleachtas idir na Ballstáit a éascú maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní a d’fhéadfadh cosc a chur ar an óige páirt a ghlacadh sa tsaorálaíocht, mar shampla trí ghníomhaíochtaí piarfhoghlama, trí shainghrúpaí an Choimisiúin nó trí Ardán Straitéis Óige an Aontais.

31.

Tacú leis na Ballstáit an Moladh seo a leanúint trí shásraí agus trí uirlisí comhair Straitéis Óige an Aontais, Clár Oibre Eorpach don Obair Óige agus chláir óige an Aontais, go háirithe an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

32.

An fhoghlaim fhrithpháirteach agus malartuithe idir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile ar leibhéil éagsúla a éascú trí ghníomhaíochtaí amhail an phiarfhoghlaim, an phiarchomhairleoireacht, sainghrúpaí, líonrú agus struchtúir chomhair eile, lena n-áirítear béim ar shineirgí agus ar chomhlántachtaí idir an tAontas agus scéimeanna nó gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna státseirbhíse náisiúnta i gcás inarb ann dóibh. Chun na críche sin, úsáid a bhaint as spásanna atá ann cheana amhail an Vicí don Óige agus Tairseach Eorpach na hÓige ar ar féidir acmhainní agus eolas a roinnt i measc na mBallstát agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar leibhéil éagsúla.

33.

Iniúchadh a dhéanamh ar threochtaí agus ar fhormáidí nua saorálaíochta, lena n-urramaítear na bunphrionsabail maidir le deiseanna comhionanna agus neamh-idirdhealú, inrochtaineacht, cuimsitheacht agus ardcháilíocht gníomhaíochtaí, trí fhianaise a bhailiú, trí dhea-chleachtais a fhorbairt agus trí threoraíocht agus lámhleabhair a ullmhú, go háirithe maidir leis an tsaorálaíocht dhigiteach nó chumaisc agus an tsaorálaíocht idirghlúine.

34.

Deiseanna Eorpacha sa tsaorálaíocht óige a chur chun cinn agus daoine a chur ar an eolas fúthu, go háirithe deiseanna le haghaidh daoine ar lú na deiseanna atá acu, trí Thairseach Eorpach na hÓige, ar a bhfuil an uirlis chlárúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I gcomhar leis na Ballstáit, naisc le suíomhanna gréasáin ábhartha a chur ar Thairseach Eorpach na hÓige (28).

35.

An úsáid a bhaintear as uirlisí Aontais atá ann cheana lena dtacaítear le bailíochtú thorthaí na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, go háirithe Youthpass agus ardán Europass, lena n-áirítear trí dhintiúir dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama, an úsáid sin a fhorbairt a thuilleadh, a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt di.

36.

Tacú le taighde agus le bailiú sonraí maidir le tionchar fadtéarmach na ngníomhaíochtaí saorálaíochta agus dlúthpháirtíochta ar dhaoine aonair, ar eagraíochtaí, agus ar an tsochaí, lena n-áirítear ceachtanna a foghlaimíodh agus léargais ó phaindéim COVID-19 ar earnáil na saorálaíochta agus ullmhacht na hearnála maidir le géarchéimeanna comhchosúla, trí staidéir, suirbhéanna, staidreamh, taighde agus anailísíocht sonraí.

37.

Leas a bhaint as Vicí don Óige (an t-ardán ar líne) chun faisnéis a bhailiú maidir le dul chun cinn na mBallstát i dtaca leis an Moladh seo a leanúint.

38.

Tuairisciú ar úsáid an Mholta seo ón gComhairle i gcomhthéacs na hoibre ar chur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais agus i gcomhthéacs an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn.

Cuirtear an Moladh seo in ionad an Mholta ón gComhairle an 20 Samhain 2008 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreánv 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/soteu_2021_address_ga_0.pdf

(2)  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).

(3)  Téacsanna atá nglacadh – Tionchar COVID-19 ar an óige agus ar an spórt – Dé Céadaoin, an 10 Feabhra 2021 (europa.eu)

(4)  IO C 456, 18.12.2018, lgh. 1

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2021), COM/2021/636 final.

(6)  Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Is féidir gníomhaíochtaí saorálaíochta a dhéanamh i dtíortha nach bhfuil san Aontas:

- mar a fhoráiltear in Airteagal 7.2 de Rialachán (AE) 2021/888, “Féadfar saorálaíocht a dhéanamh i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (‘saorálaíocht trasteorann’) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (‘saorálaíocht intíre’)”. Tír nach tír chónaithe an rannpháirtí í, féadfaidh sé gur tríú tír í atá comhlachaithe leis an gClár nó gur tír rannpháirteach eile í;

- mar a fhoráiltear in Airteagal 10.2 de Rialachán (AE) 2021/888, “Ní fhéadfar saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil a dhéanamh ach sna réigiúin sin de thríú tíortha ina ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí cabhrach daonnúla; agus nach bhfuil aon choinbhleachtaí armtha leanúnacha idirnáisiúnta nó neamh-idirnáisiúnta ar siúl iontu”.

Thairis sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 2(3), tá rannpháirtíocht sa Chlár oscailte freisin d’aon náisiúnach tríú tír “atá ina chónaí nó ina cónaí go dlíthiúil i mBallstát, i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír rannpháirteach eile faoin Rialachán seo”.

(7)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:42018Y1218(01)&qid=1578414694481&from=GA

(8)  Meastóireacht ar Straitéis Óige an Aontais agus ar an Moladh ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga, 2016.

(9)  “Soghluaisteacht saorálaithe óga agus dlúthpháirtíocht trasteorann a chur chun cinn, bosca uirlisí praiticiúil le haghaidh gníomhaithe agus páirtithe leasmhara i réimse na hóige agus moltaí le haghaidh lucht ceaptha beartas”, arna fhorbairt ag an sainghrúpa a bhunaigh an Coimisiún Eorpach chun tacú leis an bpróiseas athbhreithnithe ar Mholadh 2008 ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga, 2021 (rinneadh an obair idir mí Mheán Fómhair 2019 agus mí Mheán Fómhair 2020).

(10)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, COM(2020)625 final, le fáil ag EUR-Lex - 52020DC0625 - GA - EUR-Lex (europa.eu)

(11)  Le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, ba cheart a mheabhrú go ndéantar foráil i dtaca le comhordú cearta slándála sóisialta, lena n-áirítear sochair bhreoiteachta, i gcásanna trasteorann agus baineann sé le saorálaithe ag aistriú idir na Ballstáit.

(12)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 32, Iarscríbhinn I, roinn E. Curtha chun feidhme tríd an tairseach “Your Europe”: An Eoraip Agatsa (europa.eu)

(13)  COM (2020) 758 final.

(14)  Is é Youthpass an príomhionstraim aitheantais agus bhailíochtaithe atá ar fáil do gach rannpháirtí in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun an próiseas foghlama a léiriú agus chun a dtorthaí foghlama i dteastas Youthpass a dhoiciméadú.

(15)  Le Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (IO L 112, 2.5.2018, lch. 42.), bunaítear creat Eorpach chun tacú le trédhearcacht agus le tuiscint na scileanna agus na gcáilíochtaí a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear trí thaithí phraiticiúil, tríd an tsoghluaisteacht agus tríd an tsaorálaíocht.

(16)  IO C 398, 22.12.2012, lgh. 1.

(17)  Meastóireacht ar Straitéis Óige an Aontais agus ar an Moladh ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga (europa.eu), 2016.

(18)  Ní íoctar saorálaithe as a gcuid ama ach féadfar costais a bhíonn teoranta do thaisteal, bia nó lóistín agus/nó costais bheaga phearsanta eile de ghnáth a chumhdach.

(19)  Féach an sainmhíniú céanna i Rialachán (AE) 2021/888, Airteagal 2 (4).

(20)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016 , lgh. 1).

(21)  Lena n-áirítear faisnéis maidir leis na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) agus faisnéis mhionsonraithe maidir leis an méid a chumhdaítear agus an méid nach gcumhdaítear le córais cúraim sláinte náisiúnta.

(22)  An tairseach ilteangach “Your Europe” faoi Rialachán (AE) 2018/1724,IO L 295, 21.11.2018 , lgh. 1; roinn “Vicí don Óige” ar Thairseach Eorpach na hÓige; faisnéis ar thairseach Europa, e.g. ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS): Iarratas ar chárta – Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta & Cuimsiú – an Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(23)  Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2020/C 415/01).

(24)  Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (IO L 202, 8.6.2021, lch. 32).

(25)  féach Erasmus+ agus Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun treoir a fháil faoin gcaoi leis sin a dhéanamh: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/implementation-guidelines-erasmus-and-european-solidarity-corps-inclusion-and-diversity_en

(26)  I gcomhréir le straitéisí an Aontais um chomhionannas agus creataí maidir leis an mbeartas cuimsithe a glacadh in 2020-2021 agus atá dírithe ar ghrúpaí sonracha a ndéantar idirdhealú orthu agus atá faoi mhíbhuntáiste: Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025 (COM(2020) 565 final, 18 Meán Fómhair 2020), creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (COM(2020) 620 final, 7 Deireadh Fómhair 2020), an straitéis um chomhionannas LGBTIQ (COM(2020) 698 final, 12 Samhain 2020), an Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú (COM(2020) 758 final, 24 Samhain 2020), an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (COM(2021) 101 final, 3 Márta 2021).

(27)  Ba dhea-chleachtas de chuid na hiar-Sheirbhíse Deonaí Eorpaí é sin cheana féin; cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach Cárta Óige Eorpach ar fáil do gach saorálaí in aisce.

(28)  In éineacht le faisnéis dá bhforáiltear faoi phointe 2 a) den Mholadh seo, chomh maith le faisnéis ar scéimeanna nó ar ghníomhaíochtaí náisiúnta saorálaíochta.