AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.2.2024
COM(2024) 69 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
Achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme le haghaidh na gclár oibríochtúil arna gcómhaoiniú ag an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí in 2021
Cuidíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha bochtaineachta is measa san Aontas, cuir i gcás díth bia, bochtaineacht leanaí agus easpa dídine.
In 2021, is éard a bhí le sonrú ar shaintréithe na staide sóisialta go raibh rátaí méadaithe bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta ann, arbh í paindéim COVID-19 an t‑údar le cuid díobh. Brí breis agus 94 mhilliún duine ar fud an Aontais i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2020 (21,9 % den daonra iomlán).
Agus an méid sin sa chúlra, d’úsáid na Ballstáit acmhainní a bhí ar fáil faoi chláir oibríochtúla (OPanna) FEAD chun bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar (23 bhallstáit faoi OP I) agus chun an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn (an Ghearmáin, an Ísiltír, an Danmhairg agus an tSualainn faoi OP II). Bhí sé sin ina fhorlíonadh le gníomhaíocht náisiúnta chun dul i ngleic leis an díth ábharach agus chun an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a chomhrac.
In 2021, bhí EUR 4,6 billiún (i bpraghsanna reatha) ar fáil ó FEAD le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020 (lena n‑áirítear leithdháileadh ó REACT‑EU), rud a d’fhág gurbh é thart faoi EUR 5 billiún luach iomlán an chiste (lena n‑áirítear leithdháiltí náisiúnta).
Ba é 63 % meánráta cur chun feidhme an Aontais in 2021. Is sa Bhulgáir (91 %), sa Spáinn (86 %) agus san Ísiltír (86 %) a bhí na rátaí ab airde. Sa Rómáin, san Ungáir agus sa Chipir, bhí ardú tobann ar rátaí cur chun feidhme i gcomparáid le 2020.
Fuair breis agus 15 mhilliún duine cúnamh bia trí FEAD in 2021 (aníos de bheagán ó 14,9 milliún in 2020), agus fuair 2,1 milliún duine cúnamh ábhartha bunúsach. Fuair thart faoi 18 000 duine aonair tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta sna 4 Bhallstát a chuir an dara cineál clár FEAD (OP II) chun feidhme. Is go cothrom a dáileadh tacaíocht FEAD i measc na bhfear agus na mban (50 %/50 %). Ó thaobh aoisghrúpaí de, is i dtreo leanaí a chuaigh 26 % de thacaíocht FEAD, agus 11 % i dtreo daoine scothaosta.
In 2021, bhí difear láidir fós á dhéanamh ag COVID‑19 don soláthar tacaíochta bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh. Ba mhó an t‑éileamh ar thacaíocht, agus b’éigean grúpaí daoine leochaileacha breise a chuimsiú. Rinneadh athruithe freisin ar an mbealach a soláthraíodh tacaíocht agus ar an gcineál tacaíochta a tugadh (tugadh dearbháin isteach sa Rómáin mar shampla). Tháinig eagraíochtaí áitiúla is tairbhithe ar bhealaí chun déileáil leis na srianta a bhí i bhfeidhm agus d’éirigh leo leanúint dá dtacaíocht le líon faighteoirí a bhí comhchosúil leis an líon lena raibh siad ag tacú in 2020. Bhí dúshláin ó thaobh na loighistice de roimh iarrachtaí le bia nó cúnamh ábhartha a dháileadh. Mar sin féin, réitíodh iad sin ar deireadh chun cuidiú leis an bhfreagairt don éileamh leanúnach ar thacaíocht agus chun leibhéil seachadta a choinneáil ar bun a bhí comhchosúil le bliain roimhe sin den phaindéim.
A mhéid a bhaineann le cúnamh bia, is sa Spáinn, san Fhrainc, san Iodáil, sa Pholainn agus sa Rómáin a bhí an líon ab airde daoine a fuair tacaíocht bia, i ndearbhuimhreacha. Tá sé sin i gcomhréir leis an mbuiséad mór a bhí ar fáil do na tíortha sin agus leis na hacmhainní breise ó REACT‑EU. Dáileadh beagnach 450 000 tona bia in 2021. Áiríodh buntáirgí leis sin, amhail táirgí déiríochta, pasta, rís, glasraí agus torthaí, ola agus feoil, arna seachadadh i bpacáistí nó i mbéilí.
I dtíortha a raibh cúnamh ábhartha bunúsach á sheachadadh trí FEAD acu, thairbhigh breis agus 2 mhilliún duine den chúnamh sin. Is sa Rómáin a bhí breis agus an leathchuid, a fuair pacáistí sláinteachais agus soláthairtí scoile. Leanaí ab ea an príomhsprioc le haghaidh cúnamh ábhartha sa Chipir, san Ungáir, in Éirinn agus san Ostair.
Ballstáit a reáchtáil cláir um bia agus/nó um chúnamh ábhartha bunúsach (OP I), chuir siad bearta tionlacain chun feidhme freisin. Lean formhór na mBallstát de theaglaim de bhearta tionlacain a dhéanamh. Ar na bearta sin áiríodh comhairle maidir le bia a ullmhú agus a stóráil, faisnéis chun an cothú sláintiúil a chur chun cinn, ceardlanna cócarála, atreorú chuig seirbhísí ábhartha, ceardlanna chun feabhas a chur ar an lánpháirtiú san oideachas nó i margadh an tsaothair, comhairleoireacht maidir leis an mbainistíocht teaghlaigh, agus rochtain ar chúram leanaí.
Ba iad an Ghearmáin, an Ísiltír, an Danmhairg agus an tSualainn na ceithre Bhallstát a raibh cláir um chuimsiú sóisialta FEAD (OP II) á gcur chun feidhme acu. Dhírigh siad ar bhearta maidir le cuimsiú sóisialta le haghaidh spriocghrúpaí áirithe: mná scothaosta, imircigh, mionlaigh agus daoine gan dídean. Thairbhigh 18 000 duine san iomlán de na bearta in 2021.
In 2021, bhí an‑difear ar fad á dhéanamh ag iarmhairtí COVID-19 do FEAD fós. Bhí ar na Ballstáit cuimhneamh ar thosaíochtaí FEAD an athuair, mar aon leis na grúpaí a rabhthas ag spriocdhíriú orthu, na hoibríochtaí agus na cineálacha tacaíochta, agus tacaíocht leanúnach á áirithiú do ghrúpaí leochaileacha an tráth céanna. Na hacmhainní breise a cuireadh ar fáil trí REACT‑EU, ba thacaíocht bhreise iad do thionscnaimh a dearadh chun aghaidh a thabhairt ar na leibhéil éiginnteachta níos airde a bhí ann ar fud an Aontais. D’fhág sé sin go raibh sé indéanta, leis na cláir FEAD a bhí ann cheanna, tuilleadh tacaíochta bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a sholáthar do na spriocghrúpaí, rud lena soláthraíodh tacaíocht ríthábhachtach do dhaoine a bhí i staideanna éiginnte cheana féin. Dá bhrí sin, cruthaíodh go raibh FEAD ina ionstraim thábhachtach chun tacú le huaillmhianta phlean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Bealach solúbtha a bhí ann freisin chun an buiséad breise a chaitheamh, ar buiséad é a cuireadh ar fáil le REACT‑EU.
Beidh dúshláin bhreise i gceist leis an 2 bhliain dheireanacha de chur chun feidhme FEAD. Beidh tuilleadh brú ann tionscadail a chur i gcrích agus an caiteachas a bheidh fágtha a dhearbhú, chun cuidiú le hÚcránaigh atá ar a dteitheadh ó ionsaí míleata na Rúise agus chun géarchéim an chostais maireachtála a mhaolú, rud a d’fhéadfadh cur leis an éileamh ar an tacaíocht ábhartha san Aontas.
1. RÉAMHRÁ
Cuidíonn an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha bochtaineachta is measa san Aontas, cuir i gcás díth bia, bochtaineacht leanaí agus easpa dídine. Bhí EUR 4,6 billiún san iomlán (i bpraghsanna reatha) ar fáil ó FEAD le haghaidh 2014-2020 (lena n‑áirítear leithdháileadh ó REACT‑EU), rud a fhágann gur thart faoi EUR 5 billiún luach iomlán an chiste (agus leithdháiltí náisiúnta san áireamh).
Is féidir leis na Ballstáit an ciste a úsáid ar dhá bhealach. Féadaidís:
·úsáid a bhaint as an gclár oibríochtúil lena soláthraítear bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach (OP I); agus/nó
·úsáid a bhaint as an gclár oibríochtúil lena gcuirtear an cuimsiú sóisialta chun cinn (OP II).
Ní mór bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a fhorlíonadh le bearta tionlacain. Is féidir na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta tionlacain sin: gníomhaíochtaí oideachais chun an cothú sláintiúil a chur chun cinn, comhairle maidir le bia a ullmhú agus a stóráil, bearta lena n‑éascaítear rochtain ar chúram sláinte, tacaíocht shíceolaíoch agus theiripeach, cláir scileanna, comhairle maidir le buiséad teaghlaigh a bhainistiú, gníomhaíochtaí sóisialta agus fóillíochta agus seirbhísí dlí a sholáthar.
I gcomhréir le bunús dlí FEAD, tá an t‑achoimre seo bunaithe ar thuarascálacha 2021 cur chun feidhme, a fuair an Coimisiún ó gach Ballstát.
D’fhág paindéim COVID‑19 gur mheasa na dúshláin a bhí roimh na Ballstáit na cineálacha is géire den díth (ábharach) a chomhrac, ar dúshláin shuntasacha a bhí iontu cheana féin. Cuireadh FEAD ar bun chun cuidiú leis an bhfreagairt do na cineálacha bochtaineachta ba mheasa san Aontas trí thacaíocht bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach (OP I) nó tacaíocht don chuimsiú sóisialta (OP II) a sholáthar. Leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme le haghaidh 2021, cuirtear i dtábhacht an fhreagairt chun dul i ngleic le tionchar phaindéim COVID-19 ar na daoine is díothaí agus na cineálacha bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta ba mheasa a mhaolú. A bhuí leis na solúbthachtaí breise a tugadh do chláir FEAD faoi Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), bhí cistiú ó FEAD ríthábhachtach freisin chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a bhfuil géarghá leis a sholáthar d’Úcránaigh atá ar a dteitheadh ó ionsaí míleata na Rúise.
Tá FEAD ina fhorlíonadh le gníomhaíocht náisiúnta chun dul i ngleic leis an díth ábharach agus chun an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a chomhrac. Is ar an tacaíocht bia, cúnamh ábhartha bunúsach agus cuimsiú sóisialta a dhírítear FEAD, agus leis sin, tugtar aghaidh ar dhúshláin amhail an díth bia, bochtaineacht leanaí agus an t‑easpa dídine. Tá an obair sin ailínithe leis an straitéis Eoraip 2020 agus le plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus lena sprioc uaillmhianach nua le haghaidh 2030. Sonraítear leis an Rialachán nach mór bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a fhorlíonadh le bearta tionlacain. Is éard atá i gceist leo sin gníomhaíochtaí lena gcuirtear an cuimsiú sóisialta chun cinn agus lena dtéitear i ngleic le héigeandálaí sóisialta ar bhealach cumhachtaithe agus inbhuanaithe.
Is éard a bhí le sonrú ar shaintréithe na staide sóisialta ina raibh FEAD ag feidhmiú in 2021 go raibh tuilleadh dúshlán ann ó thaobh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta de, arbh í paindéim COVID-19 an t‑údar le cuid díobh. Brí breis agus 94 mhilliún duine san Aontas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2020, arb é sin 21,9 % den daonra iomlán. Ní léir leis na figiúirí gurb amhlaidh go raibh difríochtaí nár bheag ann idir na Ballstáit: is iad seo a leanas cuid de na difríochtaí a bhí sna figiúirí sin: 11,9 %, 14,8 % agus 15,9 % sa tSeicia, sa tSlóvaic agus sa Danmhairg, faoi seach, agus 32,1 %, 30,4 % agus 28,8 % sa Bhulgáir, sa Rómáin agus sa Ghréig, faoi seach. Is féidir gaolmhaireacht dhíreach a fheiceáil idir an méadú in 2020 agus na dúshláin shocheacnamaíocha a d’eascair as na bearta sláinteachais a cuireadh i bhfeidhm mar fhreagairt do COVID‑19. In 2021, is dócha go raibh tionchar diúltach breise ag an bpaindéim ar staid airgeadais na dteaghlach freisin, agus ról aici in ardú na bochtaineachta agus an neamhionannais ioncaim sa ghearrthéarma.
D’ainneoin feabhsuithe a rinneadh idir 2012 agus 2019, i gcaitheamh na deacáide deiridh, níor éirigh fós leis na hiarrachtaí sprioc Eoraip 2020 a bhaint amach, is é sin, go ndéanfaí laghdú 20 milliún ar an líon duine atá i mbaol na bochtaineachta i gcomparáid le 2008. Leagtar sprioc nua síos le plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta le haghaidh 2030, is é sin, go bhféachfar le laghdú 15 mhilliún bhreise a dhéanamh ar an líon daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta go dtí thart faoi 76 mhilliún faoi 2030, anuas ó 91 mhilliún in 2019. I ngeall ar na héifeachtaí áirithe a bhíonn ag an mbochtaineacht agus eisiamh sóisialta ar leanaí, leagtar síos an uaillmhian fhorlíontach agus shonrach leis an bplean gníomhaíochta freisin go ndéanfar laghdú 5 mhilliún faoi 2030 ar an líon leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta (17 mbliana d’aois agus faoina bhun).
1.1
Forbairtí sa todhchaí
Faoi bhuiséad fadtéarmach 2021-2027 an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair (ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil freisin), comhtháthaítear FEAD i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) chun an cistiú a shimpliú agus feabhas a chur ar shineirgí idir na cistí. Chun borradh a chur faoin tacaíocht don chuimsiú sóisialta, le Rialachán CSE+ ceanglaítear go ndéanfar ar a laghad 25 % de shraith bainistíochta comhroinnte CSE+ a leithdháileadh ar spriocanna maidir leis an gcuimsiú sóisialta (i gcomparáid le 20 % faoi Chiste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 (CSE)), agus leithdháileadh 3 % sa bhreis ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar an díth ábharach, arb í príomhchuspóir reatha FEAD. Tá sé beartaithe ag na Ballstáit luach EUR 5 billiún d’acmhainní CSE+ (ranníocaíocht EUR 4,5 billiún ón Aontas) a chaitheamh chun tacú leis na daoine is díothaí. Is é sin 4 % den leithdháileadh CSE+ iomlán faoin mbainistíocht chomhroinnte, rud a théann thar an gceanglas dlíthiúil go mbeadh 3 % i gceist.
Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le tacaíocht lena dtugtar aghaidh ar an díth ábhartha chun í a choinneáil chomh cuíchóirithe agus is féidir. Cé go bhfuil sé ina cuid de CSE+, maidir le bainistíocht na n‑oibríochtaí a chuimsítear sna tosaíochtaí nó sna cláir le haghaidh tacaíocht ábhartha (in éineacht le ceanglais shimplithe i dtéarmaí bainistíochta agus faireacháin), dearadh an bhainistíocht sin chun bheith níos simplí chun ualach riaracháin a sheachaint ar na heagraíochtaí a bhfuil baint acu leis na cláir.
1.2 Comhordú FEAD ar leibhéal an Aontais Eorpaigh
Mar a tharla i mblianta roimhe sin, bhí grúpa saineolaithe FEAD fós ar an bpríomhfhóram d’údaráis bhainistíochta chun faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme an chiste. Tháinig an grúpa saineolaithe le chéile faoi dhó in 2021 (in éineacht le meitheal theicniúil CSE) chun cur chun feidhme chláir FEAD a phlé. Ar na gnéithe suntasacha a pléadh áirítear bearta tionlacain, iniúchtaí, comhordú le cistí eile ón Aontas, roghanna costas simplithe agus dearbháin leictreonacha, agus leasuithe REACT‑EU.
Chun an caidreamh le páirtithe leasmhara a neartú, in 2020 agus 2021, tháinig gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí le haghaidh chomhphobal FEAD in ionad na gcruinnithe de chuid líonra FEAD a bhí ag tarlú roimhe sin. Tionóladh trí sheimineár théamacha ar líne, trí mhalartú piaraí agus dhá chomhdháil i rith na tréimhse sin, agus is éard a pléadh lena linn sin na dúshláin chur chun feidhme a bhí ann agus na deiseanna a bhí ar fáil le CSE+.
Go sonrach, pléadh an méid seo a leanas sna seimineáir agus sna malartuithe piaraí:
·saintréithe fhaighteoirí deiridh nua na mbeart FEAD‑chistithe agus na cleachtais nua a cuireadh chun feidhme le linn ghéarchéim COVID-19;
·cineálacha cur chuige comhtháite féideartha chun tacú le cuimsiú sóisialta na bhfaighteoirí deiridh;
·faireachán agus obair for-rochtana;
·bearta tionlacain maidir le cuimsiú sóisialta le linn agus i ndiaidh na paindéime;
·scéimeanna dearbhán (leictreonach) a chur chun feidhme; agus
·rannpháirtíocht agus ról na bpáirtithe leasmhara agus na bhfaighteoirí deiridh.
2. DUL CHUN CINN I gCUR CHUN FEIDHME NA gCLÁR OIBRÍOCHTÚIL
2.1. Cur chun feidhme airgeadais
Ba é EUR 694 mhilliún in 2021 suim iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe a bhí tiomanta do thacaíocht FEAD. Ag deireadh 2021, bhí buiséad iomlán de EUR 5,0 billiún ar fáil le haghaidh infheistíochtaí FEAD. Leis an mbuiséad iomlán sin, cuimsítear méadú EUR 0,5 billiún a bhaineann le pacáiste REACT‑EU, a cruthaíodh mar fhreagairt ar ráig COVID‑19. Áirítear leis idir na cistí ón Aontas a bhí curtha in áirithe agus cómhaoiniú náisiúnta ar mhaithe le cur chun feidhme. Faoi dheireadh 2021, ní raibh leasuithe uile REACT‑EU formheasta. Bunaithe ar athbhreithniú ar leasuithe cláir a bhí fós ar siúl ag deireadh 2021, bhí coinne le méadú breise ar an mbuiséad iomlán le haghaidh 2022.
Den EUR 5,0 billiún, shroich an caiteachas formheasta iomlán EUR 4,68 billiún faoi dheireadh 2021 (94 % den bhuiséad iomlán). In 2021, méideanna bliantúla tuairiscithe an chaiteachais arna dtabhú ag tairbhithe agus arna n‑íoc le haghaidh oibríochtaí cur chun feidhme, tháinig méadú nach beag orthu i gcomparáid le blianta roimhe, go dtí EUR 768,3 milliún, agus ba é EUR 3 614,5 milliún san iomlán a sroicheadh faoi dheireadh 2021 (nó 65 % den bhuiséad iomlán). I dtéarmaí caiteachas dearbhaithe, is féidir luasghéarú a fheiceáil i gcomparáid le blianta roimhe chomh maith. Ba EUR 703,9 milliún méid iomlán an chaiteachais dearbhaithe, rud a d’fhág gurbh é EUR 3 115,3 milliún an t‑iomlán (nó 63 % den bhuiséad iomlán).
Nuair a áirítear breisithe REACT‑EU i mbuiséid FEAD le haghaidh 2021, ní raibh na buiséid a bhí ar fáil curtha chun feidhme ag aon chlár FEAD faoi dheireadh 2021; Ba é 63 % meánráta cur chun feidhme an Aontais in 2021. Cinntear rátaí cur chun feidhme bunaithe ar an sciar den bhuiséad leithdháilte iomlán atá dearbhaithe don Choimisiún faoi láthair. Faoi láthair, tá dul chun cinn réasúnta maith á dhéanamh ag na Ballstáit seo a leanas: an Bhulgáir (91 %), an Spáinn (86 %), an Ísiltír (86 %), an Fhionlainn (83 %), an Pholainn (82 %), Éire (80 %), an Ostair (78 %), an Laitvia (77 %), an Chipir (73 %), agus an Ungáir (72 %). Ar bhonn an chur chun feidhme reatha, réamh‑mheastar go ndearbhóidh na Ballstáit sin go mbeidh a mbuiséid iomlána caite faoi dheireadh 2023.
Is féidir an méadú is mó ar chur chun feidhme an bhuiséid a fheiceáil sa Rómáin (ag a raibh méadú 26 phointe céatadáin (pointí céatadáin) i gcomparáid le deireadh 2020), san Ungáir (25 phointe céatadáin), sa Chipir (21 phointe céatadáin), agus san Ísiltír (20 pointe céatadáin). Beidh gá le gníomhaíocht bhreise chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme chun seachaint nach ndéanfar buiséid FEAD a shaoradh ag deireadh 2023, go háirithe san Iodáil (ráta cur chun feidhme 40 % faoi láthair), sa Chróit (46 %), sa Liotuáin (64 %) agus sa tSlóivéin (56 %).
Cruthaíodh go bhfuil FEAD solúbtha agus freagrúil do riachtanais a thagann chun cinn, amhail na riachtanais a tháinig chun cinn ó ghéarchéim COVID-19. Leasaíodh Rialachán FEAD i mí an Aibreáin 2020 mar chuid den Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII+). D’fhág sé sin gurbh indéanta modhanna seachadta indíreacha a úsáid, e.g. dearbháin nó cártaí (chun riosca an ionfhabhtaithe a laghdú) agus trealamh cosanta pearsanta a cheannach d’eagraíochtaí a raibh tacaíocht FEAD á seachadadh acu. Thairis sin, chuir na leasuithe ar a gcumas do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % an Aontais a úsáid ar feadh 1 bhliain chuntasaíochta amháin. Leasaíodh 12 chlár FEAD faoi dheireadh 2021: 8 gcinn acu a leasaíodh chun leas a bhaint as an ráta cómhaoinithe 100 % agus 4 cinn acu chun bearta éigeandála a thabhairt isteach chun freagairt don phaindéim.
Glacadh leasú eile ar Rialachán FEAD i mí Feabhra 2021 mar chuid de phlean téarnaimh an Choimisiúin faoi REACT-EU. Fágann an leasú sin gur féidir leis na Ballstáit cistiú breise a leithdháileadh ar chláir faoi CSE, FEAD agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Leis na hacmhainní breise sin, is féidir breisithe ar an tacaíocht atá ann cheana a sholáthar, amhail bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach, agus tionscadail cuimsiúcháin shóisialta. Ba cheart acmhainní breise a bheith i gcomhréir le riachtanais shonracha gach Ballstáit, agus an líon níos airde de dhaoine díothacha ó thosaigh paindéim COVID-19 a chur san áireamh. Leasaíodh 13 chlár oibríochtúla san iomlán (an Bheilg, an Bhulgáir, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ostair, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic), le breisiú iomlán ó thráthchuid 2021 de chuid REACT‑EU ar luach EUR 506 mhilliún.
An 6 Aibreán 2022, leasaíodh rialachán FEAD arís, i ndáil leis an nGníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE). Le CARE, tugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit agus na réigiúin chun FEAD a úsáid chun tacaíocht éigeandála a sholáthar do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin tar éis ionradh iomlán na Rúise. Go sonrach, cuireann CARE ar chumas na mBallstát codanna áirithe dá gcláir a leasú chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim, i gcás inar gá, agus gan ach fógra a thabhairt don Choimisiún seachas a fhormheas a lorg le haghaidh na n‑athruithe. Thairis sin, déantar foráil le CARE maidir le dáta tosaithe incháilitheachta níos luaithe le haghaidh na dtionscnamh sin: 24 Feabhra 2022. Leathnaítear an fhéidearthacht leis freisin go bhfaighfí cómhaoiniú 100 % ón Aontas chun an bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 a chumhdach. Ina theannta sin, glacadh Rialachán chun CARE a fhorlíonadh an 12 Aibreán 2022. Déantar foráil leis an leasú sin maidir le leachtacht agus cuirtear dlús freisin leis an rochtain ar chistí do thairbhithe. Déantar amhlaidh trí EUR 3,5 billiún d’íocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin a chur le tráthchuid REACT‑EU 2021 le haghaidh cláir de chuid FEAD agus de chuid an bheartais chomhtháthaithe.
2.2 Cur chun feidhmear an láthair
For‑rochtain FEAD agus próifíl na bhfaighteoirí deiridh
In 2021, fuair breis agus 15,0 milliún duine cúnamh bia trí FEAD, agus fuair 2,1 milliún duine eile cúnamh ábhartha bunúsach. Fuair díreach faoi bhun 18 000 duine tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta. As iomlán an 17,1 milliún duine sin, ba mhná iad 50 % díobh, leanaí 26 % díobh agus bhí 11 % os cionn 65 bliana d’aois. Is imircigh, daoine de chúlra eachtrach nó daoine ó mhionlaigh a bhí i gceist le 18 % díobh, daoine faoi mhíchumas 6 % díobh agus daoine atá gan dídean 5 % díobh.
In 2021, d’éirigh le FEAD cúnamh a thabhairt i 27 mBallstát, agus rinneadh dul chun cinn maith maidir lena chuspóirí a bhaint amach. Dháil formhór na mBallstát (23 as 27) bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach agus rinne siad bearta tionlacain (Tábla 1, OP I). Lean ceithre Bhallstát de chláir um chuimsiú sóisialta a reáchtáil (Tábla 1, OP II).
Table 1.An cineál cúnaimh – FEAD
|
Clár oibriúcháin
|
An cineál cúnaimh
|
Ballstát (BS)
|
|
OP I
|
Bia
|
10 mBallstát: BE, BG, EE, ES, FI, FR, MT, PL, PT, SI
|
|
|
Cúnamh ábhartha bunúsach
|
1 MS: AT
|
|
|
An dá cheann
|
12 Bhallstát: CY*, CZ, EL, HR, HU, IE, IT, LT, LU, LV, RO SK^
|
|
OP II
|
Cuimsiú sóisialta
|
4 Bhallstát: DE, DK, NL, SE
|
|
* Chuir an Chipir a tionscadal seachadta bia i gcrích in 2019 agus níor dhírigh an tír ach ar an gcúnamh ábhartha bunúsach amháin ón uair sin.
^ Sholáthair an tSlóvaic cúnamh ábhartha bunúsach idir 2016 agus 2020 agus níor thuairiscigh ach ar an tacaíocht bia agus uirthi sin amháin ón uair sin.
|
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme.
Ba pháistí iad 26 % de na daoine a fuair cúnamh bia, cúnamh ábhartha bunúsach nó cúnamh um chuimsiú sóisialta in 2021. Tháinig laghdú beag ar an sciar sin i gcomparáid le 2020, nuair is 28 % an líon leanaí i gceist. I roinnt Ballstát, ba leanaí iad sciar mór díobh siúd a bhí ag fáil tacaíocht bia, go háirithe sa Bheilg, sa Chróit, san Ungáir, san Fhrainc agus i Málta. Thairis sin, an Chipir, an Ungáir, Éire agus an Ostair, níor dháil na tíortha sin tacaíocht ábhartha ach ar leanaí amháin (mar sin is leanaí a bhí i gceist leis an gcúnamh ábhartha bunúsach ar fad).
Is iad imircigh, daoine de chúlra eachtrach nó mionlaigh (lena n‑áirítear pobail imeallaithe, amhail na Romaigh) a bhí i gceist le thart faoi 18 % d’fhaighteoirí deiridh. Mar sin féin, d’fhéadfadh an sciar sin a bheith gannmheasta toisc nach dtuairiscítear i gcónaí faisnéis faoi imircigh a bhí ag fáil tacaíocht ar chúiseanna cosanta sonraí (an Ghréig, an Fhrainc agus an tSlóvaic). Go ginearálta, is iad na himircigh an grúpa is mó, agus dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn ina dhiaidh sin.
Meastar gur daoine gan dídean a bhí i gceist le 5 % d’fhaighteoirí deiridh FEAD; bhí an cion sin réasúnta cobhsaí i gcónaí. Mar sin féin, tá sé an-deacair meastachán a dhéanamh ar an líon daoine gan dídean toisc nach mbíonn siad cláraithe agus is minic a bhíonn drogall orthu aon fhaisnéis phearsanta a chur ar fáil. In Éirinn, sa tSeicia agus san Fhrainc, daoine gan dídean a bhí i gceist le níos mó ná 10 % de na faighteoirí deiridh a fuair cúnamh bia. San Iodáil, bhí an sciar daoine gan dídean a bhí ag fáil cúnamh bia measartha íseal (3,7 %) ach ba é sin an grúpa ba mhó a fuair cúnamh ábhartha bunúsach (94 % de na faighteoirí deiridh ar fad). Sa tSeicia, daoine gan dídean a bhí i gceist le sciar sách ard d’fhaighteoirí deiridh a fuair cúnamh ábhartha bunúsach (21 %).
Daoine faoi mhíchumas a bhí i gceist le thart faoi 6 % de na faighteoirí deiridh. Is sa Bhulgáir agus san Ungáir a bhí an sciar is mó daoine faoi mhíchumas a bhí ag fáil cúnamh bia (31 % sa dá thír). Bhí an sciar daoine faoi mhíchumas a bhí ag fáil cúnamh ábhartha sách ard sa Rómáin, sa Laitvia agus sa Liotuáin (19 %, 17 % agus 12 %, faoi seach).
|
FEAD a chur chun feidhme agus paindéim COVID‑19 sa chúlra
In 2021, maidir leis an soláthar tacaíochta bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh, bhí difear láidir fós á dhéanamh ag srianta COVID‑19 mar aon le héileamh ní ba mhó ar chúnamh. Athruithe a tugadh isteach in 2020 chun aghaidh a thabhairt air sin, leanadh díobh in 2021 freisin. Ar shamplaí a luadh ó chlár go chéile in 2021, áirítear athruithe ar chineálacha agus ar an líon faighteoirí deiridh, ar na bealaí a soláthraíodh tacaíocht agus an cineál tacaíochta.
Luadh le roinnt clár maidir le daoine agus teaghlaigh bhreise a bhí leochaileach go sóisialta agus nár tacaíodh leo roimh COVID‑19, gur áiríodh iad chun cuidiú leo a bheith in ann ag na deacrachtaí a cruthaíodh de thoradh na paindéime. Déantar tuilleadh anailíse air sin i ranna sonracha sa chaibidil seo. Cuirtear i dtábhacht freisin sa chaibidil sin roghnú na ngrúpaí nua in 2020 (sa bhreis ar leanúint den tacaíocht a bhí ann cheana féin) le haghaidh tacaíocht bia agus go háirithe cúnamh ábhartha bunúsach. An tacaíocht mhéadaithe ar feadh na paindéime ar fad, leanadh di in 2021 de réir na mionsonraí a thugtar sna ranna sonracha thíos. Thuairiscigh an Laitvia, mar shampla, gur leathnaíodh an incháilitheacht le haghaidh teaghlaigh a bhí i ngátar agus ar ioncam íseal le linn a staideanna éigeandála in 2021, rud lenar áirithíodh go héifeachtach gur cumhdaíodh faighteoirí an chláir ar feadh tréimhsí ní b’fhaide. Sa Bhulgáir, tugadh tacaíodh do ghrúpaí breise, lena n‑áirítear na grúpaí sin a áiríodh bunaithe ar a stádas socheacnamaíoch agus daoine a bhí i mbaol mór ó ionfhabhtú COVID‑19 (agus ar teagmhaíodh leo le seachadtaí baile). Cé gur tháinig méadú ar an líon foriomlán faighteoirí deiridh le linn na paindéime, thuairiscigh roinnt clár gurbh ísle an líon faighteoirí a bhain leo. In Éirinn, mar shampla, chonacthas laghdú ar an líon faighteoirí deiridh i ngeall ar chláir náisiúnta um thacaíocht ioncaim paindéime. D’fhág sé sin go rabhthas in ann FEAD a dhíriú ar thacaíocht do charthanais ina áit sin, trí fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar éagsúlacht an bhia mar aon le bheith ag dul i dteagmháil le daoine leochaileacha a raibh sé níos deacra iad a bhaint amach.
Bhí éifeacht nach beag ag an bpaindéim ar na bealaí a soláthraíodh tacaíocht freisin. Chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí go nochtfaí faighteoirí d’ionfhabhtú, leathnaíodh seachadtaí baile leis na cláir chun soláthairtí bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar, in áit pointí bailithe lárnacha a úsáid. Luaitear an t‑athrú sin mar cheann de na hathruithe ab fheiceálaí i gcláir éagsúla, amhail na cláir sin de chuid na hEastóine, na Gréige agus na Laitvia. Thuairiscigh an Eastóin gur seachadadh líon cuid mhaith ní b’airde de phacáistí bia sa bhaile do dhaoine i gcomparáid leis an tréimhse roimh 2020. Seachadadh pacáistí bia chuig tearmainn do dhaoine gan dídean go díreach freisin. Sa Laitvia, béilí réamhdhéanta ar ghnách iad a riaradh i gcistineacha anraith roimhe, ní raibh siad ar fáil ach mar bhéilí le tabhairt leat. Tuairiscíodh i leith fhormhór na gclár go raibh COVID‑19 ina údar le dúshláin shuntasacha dáileacháin ó thaobh na lóistíochta de. I roinnt tíortha, is iad na heagraíochtaí is tairbhithe agus a saorálaithe/a bhfoireann a rinneadh na seachadtaí baile, agus d’úsáid eagraíochtaí eile seirbhísí seachadta beartán freisin. Rinne an phaindéim difear d’infhaighteacht na saorálaithe agus foirne eile chun oibriú i lárionaid dáileacháin. San Fhrainc, luaitear na gnéithe sin mar thosca móra a rinne difear do chur chun feidhme FEAD. An tráth céanna, thuairiscigh an Fhrainc gur tháinig fás ar ról FEAD maidir le tacaíocht bia toisc gur lú na deonuithe a bhíothas ag fáil ó ollmhargaí agus comhpháirtithe talmhaíochta.
Ar deireadh, tháinig athrú ar an gcineál tacaíochta i gcásanna áirithe freisin. Cé go raibh an tacaíocht bia agus na cineálacha bia a seachadadh réasúnta cobhsaí go hiondúil (seachas in Éirinn mar a shonraítear thuas, oiriúnaíodh an cúnamh ábhartha bunúsach go mear chun freagairt do na riachtanais shonracha a bhí ag teacht chun cinn ón bpaindéim ó 2020 ar aghaidh. Ar an gcúnamh, áiríodh trealamh cosanta pearsanta, díghalrán agus táirgí sláinteachais breise mar chuidiú chun bheith in ann ag riachtanais shonracha na ngrúpaí leochaileacha le linn na paindéime. Go ginearálta, níorbh amhlaidh gur fhág na hathruithe sin gur athsholáthraíodh cineálacha cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a bhí ann cheana. Sa Chipir, leanadh de tháirgí le haghaidh leanaí nuabheirthe a dháileadh i gcaitheamh na paindéime ar fad. Thuairiscigh an Fhrainc agus an Rómáin athruithe eile ar an mbealach a eagraíodh an tacaíocht. In 2021, d’úsáid an dá thír dearbháin lenar ceadaíodh bia agus cúnamh ábhartha bunúsach ‘a cheannach’ go díreach. Thuairiscigh an Rómáin gur chuidigh úsáid na ndearbhán léi dul i dteagmháil le faighteoirí tacaíochta go héifeachtach.
|
OP I – Cúnamh bia
Is sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Pholainn agus sa Rómáin a bhí an líon ab airde daoine a fuair tacaíocht bia, i ndearbhuimhreacha (Féach Tábla 2). Tháinig méadú de bheagán faoi bhun EUR 200 milliún ar bhuiséad na hIodáile i ngeall ar REACT‑EU, rud lena ndearnadh méadú ar an líon daoine a fuair tacaíocht bia. Tháinig méadú nár bheag ar an líon daoine a fuair tacaíocht sa Rómáin freisin (ó 1,2 milliún go dtí 1,5 milliún) i gcomparáid le 2020. Bhain sé sin le buiséad méadaithe i ngeall ar REACT‑EU (EUR 56 mhilliún) agus toisc gur géaraíodh ar an luas a bhain leis an mbuiséad a chur chun feidhme. Mar sin féin, bhí an líon daoine a ndeachthas i dteagmháil leo i mBallstáit eile réasúnta cobhsaí fós i gcomparáid le blianta roimhe. Ó 2020 go dtí 2021, thuairiscigh an Fhrainc gur tháinig laghdú ar an líon faighteoirí deiridh (5,1 milliún in 2021 i gcomparáid le 5,5 milliún in 2020), ach tá sé sin i bhfad níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh COVID‑19. Ní mhínítear an laghdú sin ar an líon faighteoirí i dtuarascáil na Fraince ar chur chun feidhme. Mar sin féin, cuireann sé i dtábhacht go bhfuil gá leanúnach ann tacaíocht bia a sholáthar le FEAD i gcomhthéacs dá bhfuil difear mór déanta ag COVID‑19 agus inarb annaimhe a thugtar deonuithe ón earnáil phríobháideach. Na rialacha náisiúnta níos solúbtha maidir le cur chun feidhme, a glacadh mar fhreagairt ar COVID‑19, bhí siad fós i bhfeidhm i gcaitheamh 2021 ar fad. Dá bhrí sin, ní raibh ról ag an tsolúbthacht sin sa laghdú ar an líon faighteoirí deiridh.
Table 2.An líon daoine a bhí ag fáil tacaíocht bia – de réir na bliana (sna mílte)
|
Ballstát
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
% den Aontas
|
|
BE
|
394
|
359
|
382
|
449
|
3 %
|
|
BG
|
540
|
466
|
494
|
553
|
4 %
|
|
CY
|
2
|
2
|
-
|
-
|
0 %
|
|
CZ
|
101
|
57
|
78
|
62
|
0 %
|
|
EE
|
23
|
21
|
26
|
24
|
0 %
|
|
ES
|
1 288
|
1 229
|
1 496
|
1 468
|
10 %
|
|
FI
|
281
|
316
|
317
|
295
|
2 %
|
|
FR
|
4 340
|
4 790
|
5 504
|
5 120
|
34 %
|
|
EL
|
353
|
290
|
294
|
319
|
2 %
|
|
HR
|
42
|
108
|
23
|
62
|
0 %
|
|
HU
|
184
|
141
|
182
|
177
|
1 %
|
|
IE
|
152
|
195
|
277
|
157
|
1 %
|
|
IT
|
2 678
|
2 079
|
2 657
|
2 984
|
20 %
|
|
LT
|
197
|
192
|
183
|
195
|
1 %
|
|
LU
|
13
|
13
|
13
|
13
|
0 %
|
|
LV
|
70
|
76
|
75
|
88
|
1 %
|
|
MT
|
13
|
11
|
12
|
10
|
0 %
|
|
PL
|
1 385
|
1 356
|
1 337
|
1 254
|
8 %
|
|
PT
|
79
|
93
|
149
|
170
|
1 %
|
|
RO**
|
-
|
-
|
1 186
|
1 486
|
10 %
|
|
SI
|
158
|
153
|
157
|
151
|
1 %
|
|
SK
|
192
|
185
|
137
|
7
|
0 %
|
|
AE
|
12 486
|
12 128
|
14 980
|
15 044
|
100 %
|
|
** Níl na figiúirí le haghaidh na Rómáine bunaithe ar an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme ach ar shoiléirithe breise a sholáthair an t‑údarás bainistíochta don Choimisiún Eorpach, mar gheall ar neamhréir a réiteofar ó 2022 ar aghaidh.
|
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Le cláir FEAD ar fud an Aontais, díríodh ar spriocghrúpaí tosaíochta difriúla, rud a léirítear go díreach sna grúpaí difriúla faighteoirí a fuair tacaíocht. Is amhlaidh sin go príomha toisc go bhforlíonann cláir FEAD beartais náisiúnta dhifriúla. Léiríonn Tábla 3 san Ungáir, gur i dtreo leanaí (60 %) a chuaigh sciar mór, ar bhonn comparáideach, den tacaíocht bia, ach gur mhinice a roghnaigh Ballstáit eile FEAD a úsáid le haghaidh tacaíocht bia dhíreach do dhaoine os cionn 65 bliana d’aois (an Bhulgáir: 35 %, an Fhionlainn: 36 %, an Laitvia: 31 %, an Rómáin: 29 %). Ba é 50 % sciar foriomlán na mban sa líon iomlán faighteoirí tacaíochta bia. Mar sin féin, tá an t‑uafás éagsúlachta ina leith sin idir na Ballstáit: ba mhná iad 59 % d’fhaighteoirí deiridh sa Bhulgáir agus 57 % d’fhaighteoirí deiridh i Málta, ach níor mhná iad ach 24 % san Ungáir agus 31 % in Éirinn (líon atá cuid mhaith faoi bhun mheánlíon an Aontais). An Bheilg, an tSeicia, Lucsamburg, an Ungáir agus an Spáinn, chuaigh siad i dteagmháil le sciar mór imirceach lena ngníomhaíocht um thacaíocht bia. Bhí meánsciar na ndaoine faoi mhíchumas a bhí ag fáil tacaíocht bia san Aontas réasúnta íseal, ba iad 5 % d’fhaighteoirí deiridh ar an meán. Mar sin féin, an Ungáir (33 %), an Bhulgáir (29 %), an Rómáin (17 %), an Laitvia (17 %), an Pholainn (16 %) agus an Liotuáin (12 %), chuaigh siadsan i dteagmháil le cuid mhaith níos mó daoine faoi mhíchumas. Is minic nár áiríodh daoine gan dídean mar fhaighteoirí tacaíochta bia, seachas sa tSeicia (17 %), in Éirinn (17 %) agus go háirithe sa tSlóvaic (100 %). Threoraigh an tSlóvaic a clár tacaíochta bia iomlán i dtreo béilí te réamhdhéanta do dhaoine gan dídean i gcúig chathair.
Table 3.Catagóirí daoine a bhí ag fáil tacaíocht bia in 2021
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Chun measúnú a dhéanamh ar na hathruithe ar spriocghrúpaí a ndeachthas i dteagmháil leo le bearta tacaíochta bia arna gcistiú le FEAD le linn na paindéime, cuireadh saintréithe pearsanta na bhfaighteoirí le linn bhlianta na paindéime (2020-2021) i gcomparáid le líon comhiomlánaithe na bhfaighteoirí tacaíochta bia in 2014-2019. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, chuathas i dteagmháil le sciar leanaí a bhí beagán ní ba lú (-2 phointe céatadáin) leis an tacaíocht bia le linn COVID‑19 ná mar a chuathas roimh an bpaindéim. An sciar daoine scothaosta, sciar na mban, an sciar daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean, tháinig méadú 1 phointe céatadáin ar na spriocghrúpaí uile sin i gcomparáid leis na figiúirí a bhí ann roimh 2020. Níor thuairiscigh ach líon beag Ballstát athruithe substaintiúla ar sciar na spriocghrúpaí aonaracha i measc faighteoirí. Bhain an Bhulgáir agus an Ungáir áit shonrach amach agus méadú ar an sciar daoine faoi mhíchumas a ndeachthas i dteagmháil leo ansin le tacaíocht bia (10 bpointe céatadáin agus 11 phointe céatadáin ní b’airde ná mar ab amhlaidh roimh 2020, faoi seach). Sa dá thír, díríodh go sonrach ar dhaoine faoi mhíchumas a bhí díothach go sóisialta le tacaíocht bia, fócas a bhí i bhfeidhm cheana féin roimh COVID‑19. D’fhág dianghlasálacha COVID‑19 gur mheasa a staid, agus féachadh le freagairt dó sin le cláir FEAD na dtíortha.
Figure 1.Cúnamh bia a soláthraíodh in 2014-2021 (i mílte tona) de réir Ballstáit
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Tháinig méadú go seasta ar an méid bia arna thomhas i dtonaí ó bhí 2019 ann, agus shroich an méid sin beagnach 450 000 tona in 2021. An míniú ba mhinice a thug na Ballstáit is ea an gá le freagairt d’ardú ar an éiginnteacht le linn dianghlasálacha COVID‑19. Níl athrú substaintiúil tagtha ar sciar na mBallstát aonarach san iomlán sin le himeacht ama. Tá áit shonrach ag an Rómáin toisc nár sholáthair an tír tacaíocht bia idir 2017 agus 2019 ach d’éirigh le hiarrachtaí tosú ar an tacaíocht bia an athuair ó 2020.
Thuairiscigh na Ballstáit uile ar bhealach áirithe go gcloíonn siad leis an bprionsabal trasnaí go mbíonn ról ag an tacaíocht bia in aiste bia chothrom a áirithiú do na daoine is díothaí, ach tá an‑chuid éagsúlachta ar fad sna roghanna a dhéanann na tíortha leis an bprionsabal a chur chun feidhme. Soláthraíonn Fíor 2 tuilleadh léargais ar na roghanna sonracha a rinneadh i roghnú na dtáirgí bia. Cuimsíodh sciartha torthaí agus glasraí a bhí os cionn an mheáin sa Bhulgáir, in Éirinn, i Málta agus sa Phortaingéil. Táirgí stáirse, lena n‑áirítear plúr, arán, prátaí agus rís, is iad sin a bhí i gceist le breis agus leath an bhia san Fhionlainn, sa Laitvia, i Málta agus sa Rómáin. Sa Bheilg, san Fhrainc, sa Spáinn agus sa tSlóivéin, is é táirgí bainne a bhí i gceist le sciar den chomhdhéanamh foriomlán bia a bhí os cionn mheánsciar an Aontais. Bia áisiúlachta nó bia nárbh fhéidir a aicmiú a bhí i gceist le thart faoi 10 % ar an meán ach is é a bhí i gceist leis an mbascaed bia ar fad sa tSlóvaic agus le 40 % den bhia a soláthraíodh san Ungáir. Soláthraíodh anraith the, taosrán agus deoch bhog theolaí sa tSlóvaic, rud a aicmítear sa chatagóir iarmharach sa tír. Níl aon fhigiúir ann le haghaidh na Cipire toisc nár seachadadh tacaíocht bia sa tír in 2021; sa seachadadh tacaíochta bia deireanach a rinneadh, in 2018, is iad táirgí stáirse go príomha a áiríodh ansin (45 %), agus torthaí agus glasraí dá n‑éis sin (27 %) agus táirgí ainmhí (14 %) agus déiríochta (14 %), i méideanna níos lú.
Figure 2.Comhdhéanamh na tacaíochta bia in 2021 – de réir an Bhallstáit
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Ní léirítear aon athrú ar chomhdhéanamh sonrach na tacaíochta bia le himeacht ama. Is idir 2014-2016 amháin a léirítear comhdhéanaimh a bhí beagán difriúil ó thaobh na gcineálacha tacaíochta bia a soláthraíodh, agus d’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh é sin mar gheall ar mheascán na mBallstát a raibh tacaíocht á soláthar acu a bheith beagán difriúil sna blianta sin.
Figure 3.Comhdhéanamh na tacaíochta bia arna soláthar (mar sciar den tacaíocht fhoriomlán)
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Is i bhfoirm pacáistí bia a tugadh an bia amach nó mar bhéilí go díreach. Níor dháil an tSlóvaic béilí ach in 2021 amháin, agus níor dháil an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Phortaingéil agus an tSlóivéin ach pacáistí bia. Dháil na Ballstáit eile an dá chineál tacaíochta bia. Léiríonn Fíor 4 gur tháinig cobhsaíocht ar sheachadadh na bpacáistí bia le himeacht ama ó bhí 2019 ann; in 2021, bhí 91,1 milliún pacáiste bia ann agus 77,7 milliún béile san iomlán.
Figure 4.Treocht sa líon pacáistí bia agus béilí a dáileadh le himeacht ama
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Rinneadh measúnú leis an athbhreithniú ar an treocht sa líon pacáistí bia agus béilí a dáileadh in aghaidh an duine le himeacht ama freisin. Tá laghdú tagtha go seasta ar an líon foriomlán pacáistí in aghaidh an duine ó bhí 2015 ann, ó thart faoi 10 bpacáiste ar an meán go dtí beagán os cionn 6 phacáiste in 2021. Os a choinne sin, tháinig méadú ar an líon béilí a dáileadh in aghaidh an duine, ó bheagán os cionn 2 bhéile ar an meán in aghaidh an duine in 2014 go dtí beagán faoi bhun 6 bhéile in 2021. Tháinig méadú substaintiúil ar an méid bia a dáileadh in aghaidh an duine de réir meáchain ó 18,9 kg in 2014 go dtí 30,0 kg in 2021.
Figure 5.An fhorbairt maidir leis an mbia a dáileadh in aghaidh an duine – 2014-2021, táscairí éagsúla
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
OP I – Cúnamh ábhartha bunúsach
Bhí an líon faighteoirí cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a thuairiscigh na Ballstáit idir 2018 agus 2021 réasúnta cobhsaí (féach Tábla 4). Is í an Rómáin a bhí freagrach as breis agus leath na bhfaighteoirí deiridh uile a bhí ag fáil cúnamh ábhartha bunúsach san Aontas, agus ceithre sheachadadh de phacáistí fearas sláinteachais á seachadadh chuig faighteoirí deiridh in 2020-2021. In 2021, thacaigh FEAD le hábhair scoile a cheannach freisin, trí dhearbháin leictreonacha a chur ar fáil do thuismitheoirí leanaí incháilithe a bhí faoi mhíbhuntáiste. Bhí siad in ann na dearbháin sin a úsáid chun soláthairtí agus éadaí scoile fíor‑riachtanacha a cheannach dá leanaí.
Table 4.An líon daoine a bhí ag fáil cúnamh ábhartha bunúsach (sna mílte)
|
MS
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
% den Aontas
|
|
AT
|
45
|
44
|
44
|
42
|
2 %
|
|
CY
|
1
|
1
|
1
|
1
|
0 %
|
|
CZ
|
72
|
34
|
58
|
51
|
2 %
|
|
EL
|
239
|
189
|
266
|
275
|
13 %
|
|
HR
|
24
|
83
|
0
|
15
|
1 %
|
|
HU
|
26
|
57
|
128
|
150
|
7 %
|
|
IE
|
41
|
40
|
51
|
45
|
2 %
|
|
IT
|
-
|
5
|
25
|
29
|
1 %
|
|
LT
|
197
|
192
|
183
|
195
|
9 %
|
|
LU
|
13
|
13
|
13
|
13
|
1 %
|
|
LV
|
17
|
70
|
69
|
81
|
4 %
|
|
RO**
|
-
|
-
|
1 122
|
1 188
|
57 %
|
|
SK
|
110
|
97
|
-
|
-
|
0 %
|
|
AE
|
785
|
824
|
1 960
|
2 084
|
100 %
|
|
** Níl na figiúirí le haghaidh na Rómáine bunaithe ar an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme ach ar shoiléirithe breise a sholáthair an t‑údarás bainistíochta don Choimisiún Eorpach, mar gheall ar neamhréir a réiteofar ó 2022 ar aghaidh.
|
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Níor soláthraíodh cúnamh ábhartha bunúsach do leanaí ach amháin sa Chipir, san Ungáir agus in Éirinn, agus is leanaí a bhí i gceist le sciar ard faighteoirí san Ostair (84 %). Go ginearálta, níor spriocdhíríodh cúnamh ábhartha bunúsach ar dhaoine os cionn 65 bliana d’aois, cé gurb amhlaidh sa Laitvia (31 %) agus sa Chróit (19 %), gur tacaíodh leis an ngrúpa sin ní ba mhó ná mar a rinneadh ar an meán san Aontas (10 %).
Ba mhná a bhí i gceist le sciar os cionn an mheáin d’fhaighteoirí cúnaimh ábhartha bhunúsaigh sa Laitvia (57 %), in Éirinn (58 %) agus san Ostair (63 %); sa Chipir, is iad na mná amháin a fuair cúnamh ábhartha bunúsach (cailíní faoi bhun 15 bliana d’aois).
An líon daoine a mbaineann cúlra imirceach leo agus a ndearnadh teagmháil leo san Ostair, sa Chipir, sa tSeicia, san Iodáil agus i Lucsamburg, bhí sé os cionn mheán an Aontais. Chuathas i dteagmháil le sciartha daoine faoi mhíchumas a bhí ní b’airde go comparáideach ná mar ab amhlaidh i mBallstáit eile i gcás an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh sa Liotuáin, sa Laitvia agus sa Rómáin.
Is ar dhaoine gan dídean go sonrach a spriocdhíríodh cúnamh ábhartha bunúsach san Iodáil (94 %); dhírigh an tír ar dhaoine a bhí i ndálaí géardhíthe ábharaí, arbh iad fir de thionscnamh eachtrach agus gan dídean a bhformhór. Thuairiscigh an Iodáil maidir leis an tromlach (72 %) a fuair cúnamh ábhartha bunúsach in 2021, gur thairbhigh siad de chúnamh bia freisin (aníos ó 46 % in 2020). D’fhéach an tír ní hamháin le freagairt láithreach do riachtanais phríomhúla na ndaoine sin a bhí ag maireachtáil i bhfíorbhochtaineacht, ach freisin chun na dálaí géardhíthe a shárú de réir a chéile. Léiríonn sé sin an bealach gur thacaigh clár FEAD na hIodáile le faighteoirí ar bhealach ní ba chuimsithí ó thús na paindéime mar fhreagairt ar an bhfás a bhí ag teacht ar an éileamh ar chuidiú a bhí bainteach leis na staideanna ní ba dheacra arbh í an phaindéim an t‑údar leo.
Table 5.Saintréithe pearsanta na ndaoine a bhí ag fáil cúnamh ábhartha bunúsach in 2021
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Catagóirí na bhfaighteoirí cúnaimh ábhartha bhunúsaigh le linn na paindéime, cuireadh i gcomparáid iad leis na catagóirí sin roimh 2020 (féach Tábla 6). Tá difríochtaí níos mó ná na difríochtaí sin ó thaobh na tacaíochta bia, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal comhiomlánaithe an Aontais Eorpaigh araon. An cúnamh ábhartha bunúsach a soláthraíodh le linn na paindéime, theagmhaigh sé le sciar ní ba lú de mhná ná mar ab amhlaidh roimh 2020 (anuas 15 phointe céatadáin) agus le sciar ní ba mhó de dhaoine faoi mhíchumas (aníos 9 bpointe céatadáin). Sa Laitvia, an cúnamh ábhartha bunúsach a soláthraíodh le FEAD, theagmhaigh sé le sciartha i bhfad ní ba lú de leanaí i measc líon iomlán na bhfaighteoirí (anuas 32 phointe céatadáin) in 2020-2021 i gcomparáid leis an tréimhse roimh an bpaindéim. Mínítear é sin i dtuarascáil na Laitvia trí thagairt a dhéanamh do na riachtanais ní ba mhó a bhí ag daoine scothaosta le linn na paindéime mar aon le hathruithe náisiúnta reachtacha agus deiseanna tacaíochta náisiúnta sonracha lenar díríodh ar theaghlaigh. Leis sin, laghdaíodh an gá go ndíreofaí FEAD ar na grúpaí sin. Is féidir é sin a fheiceáil freisin sa mhéadú beag foriomlán i ndearbh uimhreacha ar líon na leanaí a ndearnadh teagmháil leo le cúnamh ábhartha bunúsach. Tuairiscíonn an Ungáir gur theagmhaigh a cúnamh ábhartha bunúsach le sciar ní ba lú d’imircigh i measc an daonra iomláin (- 24 phointe céatadáin) ach níor míníodh an laghdú sin.
Sa Chipir, tháinig ardú géar ar sciar na mban a bhí ag fáil cúnamh ábhartha le linn na paindéime. Tháinig fás ó 57 % roimh an bpaindéim go dtí 100 % le linn na paindéime (méadú 43 phointe céatadáin) air toisc nach bhfuair ach mná amháin cúnamh le linn na tréimhse sin. Mar sin féin, ní bhaineann an t‑athrú sin leis an bpaindéim ach le toradh a bhí ar thacaíocht ábhartha a bheith á cuíchóiriú do leanaí nuabheirthe, rud a spriocdhíríodh ar mháithreacha go sonrach ó bhí 2020 ann.
Table 6.Athrú ar spriocghrúpaí a ndearnadh teagmháil leo le cúnamh ábhartha idir 2014-2019 agus 2020-2021
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Léiríonn tuarascálacha bliantúla na mBallstát gur treocht in airde a bhí i gceist le luach airgeadúil an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh a soláthraíodh faoi FEAD suas go dtí 2020. Cé go raibh an treocht sin tosaithe roimh 2020 cheana féin, is féidir méadú suntasach ar luach an ábhair a fheiceáil ó thús na paindéime in 2020. Tá áit shonrach ag an Rómáin, go príomha toisc gur tosaíodh ar oibríochtaí FEAD arís sa bhliain sin ansin. Fiú dá mba rud é go bhfágfaí an Rómáin amach, léirítear fós i bhFíor 6 go bhfuil treocht dhearfach mharthanach ann go dtí 2020, ag sroicheadh luach EUR 34,9 milliún d’ábhar bunúsach a soláthraíodh. Tuairiscítear mionlaghdú ar an luach iomlán le haghaidh 2021, arbh í an Rómáin agus an Iodáil an t‑údar leis go príomha, ach i bhformhór na dtíortha, bhí an luach cobhsaí fós nó tháinig méadú air. In 2021 soláthraíodh luachanna substaintiúla de chúnamh ábhartha san Ostair (EUR 4,2 milliún), sa Ghréig (EUR 7,9 milliún), san Ungáir (EUR 5,7 milliún) agus sa Rómáin (EUR 8,4 milliún). Ní thugann an Iodáil míniú soiléir ar an laghdú ar luach na n‑earraí a seachadadh in 2021 i gcomparáid le 2020. Mar sin féin, luann an tír gur tháinig athrú ar an staid tar éis phaindéim COVID‑19, agus gur fhág sé sin gur ghá do chomhlachtaí cur chun feidhme a n‑obair a atheagrú go páirteach maidir leis an gcúnamh ábhartha a dháileadh.
Figure 6.Luach airgeadúil iomlán an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh a soláthraíodh (luach i milliún EUR)
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Ó thús chlárthréimhse 2014-2020, b’éagsúil dáileadh luach an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh a soláthraíodh ó spriocghrúpa sonracha go chéile. Má chuirtear 2015 i leataobh agus gan aird a thabhairt uirthi, leithdháileadh idir aon trian agus dhá thrian de luach an ábhair bhunúsaigh ar leanaí, agus bhí fás ag teacht ar sciar an luacha fhoriomláin a leithdháileadh ar dhaoine gan dídean le blianta beaga anuas. Tráth scríofa na tuarascála seo, níor aicmigh an Rómáin luach a hábhair a soláthraíodh in 2021 de réir spriocghrúpa fós; is é sin an 24 % nach bhfuil aicmithe i bhFíor 7.
Figure 7.Sciar luach iomlán an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh de réir spriocghrúpa
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Déantar tuilleadh anailíse de réir an Bhallstáit ar luach coibhneasta an ábhair bhunúsaigh a soláthraíodh do spriocghrúpaí in 2021. Tugann sé sin léargas ar na bealaí difriúla a roghnaigh tíortha an cineál cúnaimh ábhartha bhunúsaigh. Luach an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh, is ar leanaí a leithdháileadh an t‑iomlán beagnach san Ostair, sa Chipir, san Ungáir agus in Éirinn agus b’amhlaidh sin a bheag nó a mhór sa Chróit (35 %) agus sa tSeicia (41 %). Sa tSeicia, leithdháileadh 22 % de luach an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar dhaoine gan dídean, agus leithdháileadh beagnach luach iomlán an ábhair ar an ngrúpa sin san Iodáil (94 %).
Dáileadh luach an chúnaimh ábhartha a soláthraíodh ó spriocghrúpa sonrach go chéile (2021)
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Maidir le luach an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh in aghaidh an fhaighteora, léirítear gur treocht a bhí ag dul in airde de bheagán a bhí i gceist suas le 2020, nuair a sroicheadh EUR 35,42. In 2021, tháinig laghdú suntasach ar an meánluach in aghaidh an fhaighteora chuig EUR 16,73 (nó EUR 29,55 má eisiatar an Rómáin). Is é an míniú atá ar an luach níos ísle le haghaidh na Rómáine go raibh formhór a costas ina chuid de chlár tacaíochta 2 bhliain, a taifeadadh in 2020.
Bhí an t‑uafás athruithe i gceist le luach na tacaíochta ábhartha bunúsaí in aghaidh an duine gan dídean in imeacht na mblianta, mar gheall go príomha ar líon níos ísle de dhaoine gan dídean a ndearnadh teagmháil leo, go háirithe in 2020. In 2020, tuairiscíodh meánluach os cionn EUR 277 in aghaidh an duine gan dídean a bheith i gceist, mar gheall ar an luach ard agus ar an líon teoranta daoine, go comparáideach, a thuairiscigh an Iodáil (EUR 323 in aghaidh an duine gan dídean in 2020 in aghaidh EUR 98 in 2021). Ní mhínítear an difríocht sin le tuarascáil na hIodáile ar chur chun feidhme.
Figure 8.An treocht i luach an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh le himeacht ama
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
OP I – Bearta tionlacain
I gcomhréir le Rialachán FEAD, na Ballstáit a reáchtáil cláir OP I in 2021, chuir siad bearta tionlacain chun feidhme freisin. Mar sin féin, bhain dúshláin shuntasacha le géarchéim COVID‑19 maidir leis na bearta tionlacain sin a chomhlíonadh, agus bhí cur chun feidhme na mbeart míchothrom i measc na mBallstát den chuid is mó.
Lean formhór na mBallstát de bheith ag déanamh teaglaim de bhearta tionlacain, agus níor roghnaigh ach cúpla Ballstát díriú ar ghníomhaíocht amháin nó ar dhá ghníomhaíocht.
Ar na bearta tionlacain a cuireadh chun feidhme in 2021 bhí:
·comhairle maidir le hullmhú agus stóráil bia (BE, BG, CZ, ES, FI, FR, HR, LT, LV, MT, PL, PT agus SK);
·gníomhaíochtaí oideachais nó faisnéis chun cothú sláintiúil agus stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn e.g. ceardlanna cócaireachta (BE, BG, CZ, EL, ES, FI, FR, HR, IT, LT, LU, LV, PT, PL, RO, SI agus SK);
·comhairle maidir le conas cur amú bia a laghdú (BG, CZ, ES, FI, LU, LV, PL agus PT);
·comhairle maidir le sláinteachas pearsanta (BE, BG, EL, HR, HU, LV, RO agus SK);
·atreoruithe chuig seirbhísí ábhartha (e.g. seirbhísí sóisialta/riaracháin) (BE, BG, CZ, EE, FI, FR, IE, IT, LU, LV, PT agus SK);
·cóitseáil agus ceardlanna, go háirithe chun feabhas a chur ar an lánpháirtiú san oideachas nó i margadh an tsaothair (BG, CY, CZ, EL, FI, FR, IE, IT, LT, LV, MT, RO agus SI);
·gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúint/cláir scileanna (EL, FR, LV, MT, PL, RO agus SI);
·bearta le rochtain ar chúram sláinte a éascú (BG, ES, FI, FR, HU, IE, IT, LV agus RO);
·tacaíocht shíceolaíoch agus theiripeach (CZ, EL, FI, FR, HU, IT, LT, LV, PL, RO agus SI);
·comhairle maidir le buiséad teaghlaigh a bhainistiú (BG, CZ, EL, FR, HR, IE, IT, LT, LV, MT, PL, PT agus SK);
·comhairle shonrach maidir le gaol teaghlaigh/ nasc pobail a chothabháil nó a athbhunú, cuir i gcás coinbhleachtaí a réiteach, cúnamh do thuismitheoirí, cúnamh le haghaidh cúram baile (BG, CY, FR, IE, LT, LV agus PL);
·gníomhaíochtaí sóisialta agus fóillíochta (CZ, FI, FR, LV, LU, MT, PL agus SI);
·soláthar seirbhíse dlí (CZ, FR, IT, LT, PL agus RO); agus
gníomhaíochtaí tionlacain eile (AT, BE, BG, CY, CZ, EE, ES, FI, FR, IE, EL, IT, LU, MT, PL, PT, RO agus SI), ar na gníomhaíochtaí sin go príomha bhí seirbhísí tacaíochta pearsanta, cúram do dhaoine fásta, iompar sóisialta, bearta le rochtain ar thithíocht nó ar dhídean a éascú, tacaíocht do rochtain ar chearta agus tacaíocht do scoileanna.
OP II – Cuimsiú sóisialta
D’úsáid ceithre Bhallstát (DE, DK, NL agus SE) FEAD chun cuspóirí ó thaobh an chuimsithe shóisialta a chomhlíonadh. Tá cineálacha sonracha gníomhaíochta ag gach ceann de na Ballstáit sin atá saincheaptha de réir spriocghrúpaí sonracha. Tá sé sin éagosúil leis an gcur chuige níos caighdeánaithe a chuirtear i bhfeidhm i leith na gníomhaíochta i dtaca leis an tacaíocht bia nó cúnamh ábhartha bunúsach agus is infheicthe é sna táscairí a shocraítear agus sna gníomhaíochtaí a dhéantar. Léiríonn an roinn seo go raibh dúshláin roimh gach ceann de na ceithre chlár um chuimsiú sóisialta maidir le dul i teagmháil leis na spriocghrúpaí sonracha in 2021, i ngeall ar shrianta COVID‑19 a bhí fós i bhfeidhm. Mar gheall ar na tréithe ní ba shonraí agus ní ba shaincheaptha a bhain leo, ní dhearnadh athrú substaintiúil leis na cláir sin ar a gcur chuige ná ar a spriocghrúpaí. Dá thoradh sin, bhí níos lú faighteoirí ann in 2021 ná mar a bhí amhlaidh i mblianta roimhe.
Tá an líon faighteoirí cuid mhaith níos ísle ná mar is amhlaidh sna cláir eile de chineál FEAD, agus is tréith dhearaidh é sin a dhéantar d’aon turas. Léiríonn Tábla 7 laghdú substaintiúil ar an líon faighteoirí in 2021 i gcomparáid le 2020, go háirithe sa Ghearmáin. Is amhlaidh sin toisc go raibh an líon tionscadal a bhí ag leanúint ar aghaidh in 2021 agus 2022 i bhfad ní ba lú. Mar gheall ar shrianta buiséid, níorbh fhéidir síneadh a chur ach le cuid áirithe de na tionscadail tar éis 2020. I dtuarascáil bhliantúil na Gearmáine ar chur chun feidhme, cuirtear in iúl freisin go raibh srianta COVID‑19 a bhí fós i bhfeidhm ina dtoisc a bhain leis an laghdú sin. Nuair atá na figiúirí á léirmhíniú, ní dhéantar a áireamh ach daoine a bhfuil seirbhís chomhairleach tionscadail á húsáid den chéad uair acu in 2021, cé gur leanadh de thacaíocht a thabhairt do mhórán daoine eile.
Sa Ghearmáin, sa tSualainn agus san Ísiltír, bhain an líon faighteoirí níos lú le srianta COVID‑19 freisin, toisc gur mhinic nach raibh cruinnithe fisiciúla indéanta; san Ísiltír, is minic a tharla an tacaíocht i leabharlanna, a bhí dúnta ar feadh na chéad 5 mhí de 2021.
Table 7.An líon iomlán daoine a fuair tacaíocht don chuimsiú sóisialta
|
Ballstát
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
% den Aontas
|
|
DE
|
37 062
|
27 742
|
28 168
|
16 787
|
94 %
|
|
DK
|
454
|
757
|
277
|
570
|
3 %
|
|
NL
|
769
|
579
|
366
|
93
|
1 %
|
|
SE
|
414
|
658
|
1 175
|
441
|
2 %
|
|
AE
|
38 699
|
29 736
|
29 986
|
17 891
|
100 %
|
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Léiríonn Tábla 8 na spriocghrúpaí éagsúla a fuair tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta sna ceithre Bhallstát. D’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ná 100 % i gceist le hiomláin na gcolún toisc go bhféadfadh aon duine amháin a bheith leithdháilte ar roinnt catagóirí. Lean an Ísiltír de bheith ag díriú ar dhaoine os cionn 65 bliana d’aois agus orthu sin amháin, agus ba mhná go príomha iad na daoine a thairbhigh di (85 %). Imircigh, daoine de chúlra eachtrach nó daoine ó mhionlaigh, bhí siad i measc na bpríomhghrúpaí daoine a fuair tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta sna trí thír eile. Is beag nár dhírigh an Danmhairg agus an tSualainn ar dhaoine gan dídean agus orthu sin amháin.
Table 8.Saintréithe pearsanta na ndaoine a bhí ag fáil tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta in 2021
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Cuireadh sciartha na bhfaighteoirí a fuair tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta i gcomparáid leis na sciartha sin roimh 2020 (féach Tábla 9). Mar is amhlaidh i gcás tacaíocht bia, tá athruithe ó spriocghrúpa go chéile teoranta go coibhneasta ar an leibhéal comhiomlánaithe. Is féidir sciar níos airde de dhaoine gan dídean a fheiceáil le linn thréimhse na paindéime (aníos 14 phointe céatadáin), rud ab amhlaidh go príomha mar gheall ar an líon níos airde i ndearbhuimhreacha a bhí sa spriocghrúpa sin sa tSualainn agus sa Danmhairg. Níor díríodh le cláir sa dá thír sin ach ar an spriocghrúpa sin amháin. Dá thoradh sin, ní dhéantar difear don sciar faighteoirí ar an leibhéal náisiúnta (100 % agus 97 % faoi seach), ach déantar difear dó ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, mar a léirítear méadú ar na dearbhuimhreacha i dtaca le sciar coibhneasta an daonra fhoriomláin. Thairis sin, tháinig méadú ar an sciar imirceach i measc na bhfaighteoirí iomlána sa tSualainn freisin; thuairiscigh an tír gurbh amhlaidh, go háirithe in 2021, gur fhill daoine a mbaineann cúlra imirceach leo ar an tSualainn ach gur mhinic a bhí dálaí ní b’éiginnte rompu ná mar a bhí roimhe mar gheall ar an bpaindéim.
Table 9.Athrú ar spriocghrúpaí a ndearnadh teagmháil leo le OP II idir 2014-2019 (roimh an bpaindéim) agus 2020-2021 (i bpointí céatadáin)
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Athbhreithniú ar an gcur chuige i leith an chuimsithe shóisialta arna dhéanamh ag an nGearmáin, an Danmhairg, an Ísiltír agus an tSualainn, tá sé sin ina chuidiú chun a roghanna faoi seach maidir leis an gclár a shoiléiriú. Éagosúil le tacaíocht bia agus cúnamh ábhartha bunúsach, ní dhéantar faireacháin le cláir cuimsiúcháin shóisialta FEAD ar an gcur chun feidhme ar bhonn comhtháscairí. Ina áit sin, is féidir le tíortha táscairí a shocrú iad féin, chun gur féidir iad sin a spriocdhíriú ar na cineálacha sonracha gníomhaíochta a bheartaítear. Déantar athbhreithniú níos grinne ar na roghanna le haghaidh na gclár difriúil thíos.
Díríonn an Ghearmáin ar theagmháil a dhéanamh le saoránaigh den Aontas Eorpach atá tagtha le déanaí agus ar a leanaí, ag cuidiú leo rochtain a fháil ar oideachas na luath‑óige, mar aon le daoine gan dídean, agus feabhas a chur ar a rochtain ar an gcomhairleoireacht agus ar bhearta tacaíochta. Bhí a sprioc comhairleoireachta ag an nGearmáin, is é sin, 18 044 imirceach, sáraithe ag an tír sa chéad bhliain den chlár cheana féin. Tháinig méadú eile ar an líon sin i mblianta dá éis sin agus ba é breis agus 108 000 imirceach a bhí i gceist leis an iomlán carnach. Leis sin, sáraíodh go mór fada an sprioc maidir leis an líon imirceach fásta ar cuireadh comhairleoireacht orthu. Maidir leis na spriocanna aschuir eile a bhí ag an nGearmáin, comhlíonadh iad sin níos déanaí. Mar shampla, an sprioc i dtaca le himircigh ag a raibh leanaí in aois naíscoile, sroicheadh í sin in 2020, agus sprioc na Gearmáine maidir le comhairleoireacht a chur ar dhaoine gan dídean, sroicheadh í sin in 2018 agus tháinig méadú eile ar an líon sin go dtí breis agus 35 000 mar iomlán carnach.
Sa Danmhairg, dírítear tacaíocht FEAD ar dhaoine gan dídean. Spriocdhírítear tacaíocht for‑rochtana orthu lena soláthraítear cóiríocht shealadach, saoráidí stórála mar aon le gníomhaíochtaí sóisialta agus cláir lena gcuirtear an infhostaitheacht chun cinn. Shroich an Danmhairg a sprioc, is í sin, 1 400 duine aonair in 2018 agus faoi 2021, bhí tacaíocht faighte ag 3 016 duine aonair san iomlán.
Úsáideann an Ísiltír tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta ó FEAD chun tacú le daoine scothaosta ag a bhfuil ioncam indiúscartha íseal chun an t‑eisiamh sóisialta a chosc agus a leigheas. Déantar é sin trí chláir for‑rochtana a tharlaíonn i leabharlanna áitiúla go príomha sna ceithre chathair is mó, mar a n‑eagraítear gníomhaíochtaí agus cláir shóisialta. Tá an clár fós ag dul chun cinn i dtreo a sprice, is í sin, tacú le 5 000 duine aonair; thairbhigh 3 299 duine aonair de faoi dheireadh 2021. Sonraítear sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme gur roghnaíodh tosaíocht a thabhairt don cháilíocht seachas do chainníocht leis an gclár; in 2020 agus 2021, tacaíodh le líon níos lú d’fhaighteoirí ná mar a raibh coinne leis i ngeall ar shrianta COVID‑19. Bhí tionchar mór ag na srianta sin ar thacaíocht na hÍsiltíre mar gheall ar a fócas eisiach ar dhaoine scothaosta. Bhí an grúpa sin ar leith leochaileach ó thaobh COVID‑19 agus bhí sé cuid mhaith ní ba dheacra dul i dteagmháil leo le linn na paindéime dá bhrí sin.
Sa tSualainn, tacaíonn FEAD le daoine atá leochaileach go sóisialta (daoine gan dídean nó daoine atá i mbaol easpa dídine, imircigh, daoine de chúlra eachtrach, mionlaigh agus mná) nach bhfuil gníomhach go heacnamaíoch agus atá ina gcónaí sa tSualainn ar feadh tréimhse is giorra ná 3 mhí. Áirithítear leis an gcritéar maidir le cónaí go dtugann FEAD aghaidh ar spriocghrúpa nach gcumhdaítear leis an Acht um Sheirbhísí Sóisialta. Is é is aidhm don chlár bunfhaisnéis a sholáthar faoi shochaí na Sualainne lena ndírítear ar riachtanais faisnéise an spriocghrúpa, mar aon le faisnéis spriocdhírithe faoi shaincheisteanna sláinte. Níor socraíodh aon sprioc aschuir chun go ndéanfaí athbhreithniú ar an dul chun cinn, seachas na comhtháscairí.
Déantar achoimre i bhFíor 9 ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna na dtáscairí aschuir. Comhlíonadh na spriocanna uile sa Ghearmáin, sa Danmhairg agus san Ísiltír faoi dheireadh 2021.
Figure 9.Dul chun cinn maidir leis na spriocanna aschuir – OP II Cuimsiú sóisialta
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Leis na ceithre chlár uile, socraíodh spriocanna torthaí bunaithe ar chuspóirí sonracha, a chuirtear i láthair i bhFíor 9. Baineadh amach na spriocanna torthaí uile gan aon stró, agus is minic a tharla sé sin sa chéad bhliain chur chun feidhme. Tarraingítear ceisteanna áirithe anuas leis sin faoin leibhéal uaillmhéine i dtaca leis na spriocanna éagsúla.
Sa Ghearmáin, baintear na spriocanna amach go seasta i gcás cheithre tháscaire uile na dtorthaí. Sciar na n‑imirceach ar tacaíodh leo agus a fhaigheann rochtain ar an gcomhairleoireacht, is thart faoi 90 % a bhí sé agus tháinig feabhas air fiú in 2021. I gcás na dtrí tháscaire eile, d’fhág cur chun feidhme na gclár go raibh torthaí cobhsaí ann nó torthaí a bhí ag dul i bhfeabhas, go maith os cionn an mhéid a socraíodh.
Sa Danmhairg, an sciar úsáideoirí atá ag úsáid seirbhísí eile freisin, tháinig méadú substaintiúil air ó luathbhlianta an chur chun feidhme, go dtí an leibhéal atá ann faoi láthair, is é sin, 89 % d’úsáideoirí spriocdhírithe. Cuirtear é sin i láthair sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme mar shampla de ghníomhaíochtaí for‑rochtana leanúnacha rathúla an tionscadail, gan tuairisc a thabhairt ar thosca sonracha an ratha.
San Ísiltír, comhlíonadh na spriocanna torthaí uile gan aon stró, cé go bhfuil an líon rannpháirtithe (aschuir) taobh thiar dá bhfuil sceidealaithe. Sciar na rannpháirtithe a fhanann i dteagmháil leis an soláthraí tacaíochta, a bhfuil líonraí sóisialta níos láidre acu, scileanna feabhsaithe acu agus cineálacha eile tacaíochta faighte acu, tá siad go maith os cionn na sprice i mbeagnach gach bliain de chur i bhfeidhm an chláir.
Ar deireadh, sa tSualainn, an sprioc a socraíodh le haghaidh líon na rannpháirtithe a chuir feabhas ar a sláinte agus ar a sláinteachas, comhlíonadh in 2017 cheana féin í, arbh í sin an dara bliain dá tuairiscíodh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir.
Figure 10.Dul chun cinn maidir leis na spriocanna torthaí – OP II Cuimsiú sóisialta
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
Forbairt an chostais iomláin in aghaidh an duine a thairbhigh den tacaíocht cuimsiúcháin shóisialta, rinneadh measúnú uirthi sin freisin (féach Fíor 10). Toisc go bhféadfadh éagsúlacht shubstaintiúil a bheith sna luachanna a thuairiscítear i mblianta aonair, agus toisc go mbaineann costais áirithe leis an rannpháirtíocht i mblianta difriúla uaireanta, tá an anailís srianta do chostais aonaid charnacha. De réir mar a théann cláir chun cinn, is lú an seans go mbeidh buaiceanna (nó loig) ann arb iad difríochtaí sa líon daoine aonair, nó sna costais a thuairiscítear, an t‑údar a bhíonn leo, toisc go ndéantar na buaiceanna sin (agus na loig sin) a ionsú leis na hiomláin fhoriomlána. Léiríonn an t‑athbhreithniú seo costais aonaid inchomparáide thar thrí cinn de na ceithre chlár cuimsiúcháin shóisialta. Thuairiscigh an Ghearmáin costais aonaid a bhí cuid mhaith ní b’ísle (EUR 360) i gcomparáid leis na costais aonaid sin sa tSualainn (EUR 1 776), san Ísiltír (EUR 1 336) agus sa Danmhairg (EUR 1 182). Is é an míniú is fearr is féidir a thabhairt air sin leibhéil dhifriúla dhéine na tacaíochta. Cuireann na figiúirí treocht fhoriomlán i dtábhacht freisin, is é sin, go bhfuil na costais in aghaidh an duine aonair ag dul in airde sna trí thír dheireanacha sin. Ní sholáthraítear mínithe comhsheasmhacha leis an treocht sin sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme.
Figure 11.Costas bliantúil arna dtabhú/arna n‑íoc in aghaidh an duine aonair ar teagmhaíodh leis – comparáid de réir an Bhallstáit – OP II – Cuimsiú sóisialta
Foinse: Tuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme, arna dtabhairt cothrom le dáta go dtí an 15 Nollaig 2022.
2.3 Prionsabail ghinearálta
Sainaithníonn Airteagal 5 de Rialachán FEAD roinnt prionsabal trasnaí nach mór do na cláir FEAD uile cloí leo. Tá se de cheangal ar Bhallstáit tuairisciú ar an mbealach a chuirtear na prionsabail sin san áireamh. Is iad na prionsabail is ábhartha na cinn a phléitear níos grinne thíos.
Tá dhá phríomhbhealach ann ina thuairiscigh na Ballstáit ar an mbealach a fhorlíonann gníomhaíochtaí ionstraimí um chomhtháthú de chuid an Aontais atá ann cheana agus gníomhaíocht náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an díth ábharach agus chun an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a chomhrac, agus an cistiú dúbailte á sheachaint i gcónaí lena linn sin. Sholáthair Ballstáit áirithe tuairisciú íosta áirithe ar an mbealach a seachnaíodh forluití. Mar shampla, tuairiscíonn an Laitvia nach mór d’eagraíochtaí is tairbhithe ráiteas a shíniú á rá nach lorgóidh siad tacaíocht ó chistí difriúla de chuid an Aontais le haghaidh na gníomhaíochta céanna. Ballstáit eile, amhail an Phortaingéil, braitheann siad ar an bhfaisnéis aontaithe agus ar chórais faireacháin chun an cistiú dúbailte a chosc.
Thuairiscigh an dara grúpa de Bhallstáit go mion ar an mbealach a thairbhíonn a gcláir de shinéirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na cistí. Eagraítear comhordú idir CSE agus FEAD trí naisc institiúide idir na húdaráis bhainistíochta fhreagracha, amhail rannpháirtíocht i gcoiste faireacháin le haghaidh ceachtar ciste. Sa bhreis ar shocruithe foirmiúla, tuairiscíonn na húdaráis bhainistíochta tionscnaimh chumarsáide ghníomhacha freisin chun a áirithiú go mbíonn tairbhithe, faighteoirí agus comhpháirtithe rialtais ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a dhéantar.
Le roinnt tionscadail shonracha féachadh le leas a bhaint as na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na cistí. Luann an Fhionlainn agus an Liotuáin araon roinnt tionscadail CSE a dearadh mar bhearta coimhdeacha chun cuimsiú sóisialta na ndaoine sin a fhaigheann cúnamh FEAD freisin a láidriú, ag tacú le heagraíochtaí comhpháirtíochta comhchosúla le gníomhaíochtaí leantacha a eagrú. Sa Pholainn, le treoirlínte na n‑údarás bainistíochta, cuirtear de cheangal ar eagraíochtaí is tairbhithe faisnéis a thabhairt d’fhaighteoirí cúnaimh bia faoin mbealach is féidir leo tairbhiú de thacaíocht ábhartha CSE, agus chun cúnamh a thabhairt dóibh clárú leis na bearta sin.
Thuairiscigh na Ballstáit uile go dtugtar aghaidh ina gcláir FEAD ar na prionsabail maidir le cóir chomhionann do mhná agus d’fhir agus maidir le haon idirdhealú a chosc ar bhonn níos leithne (Airteagal 5(11)). Tá sé sin le feiceáil, mar shampla, sna critéir maidir le heagraíochtaí comhpháirtíochta agus tionscadail a roghnú. Na straitéisí um fhor‑rochtain a ghlacann eagraíochtaí comhpháirtíochta chun tionscadail a chur chun feidhme, tá siad bunaithe ar na prionsabail sin. Fágann na sonraí a bhailítear i gcórais faireacháin go mbíonn sé indéanta athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais atá ar siúl go leanúnach; thuairiscigh Éire faoin mbealach a dhéanann eagraíochtaí comhpháirtíochta áitiúla scrúdú ar an déimeagrafaic, lena n‑áirítear an miondealú inscne, le linn an tuairiscithe ráithiúil agus le linn cuairteanna ar an láthair chuig láithreáin dáileacháin.
Maidir le critéir roghnúcháin le haghaidh táirgí bia, cuireann na Ballstáit i dtábhacht go gcloíonn siad le critéir oibiachtúla lena gcuirtear san áireamh ról na dtáirgí chun aiste bia chothrom a áirithiú. Tagraíonn an Bheilg d’ionchur ó shaineolaithe a sholáthraítear i leith roghnú na dtáirgí bia, lena gcuirtear riachtanais shonracha na bhfaighteoirí san áireamh, mar aon leis an gcáilíocht chothaitheach, an tseilfré agus an t‑innéacs glicéime. Tagraíonn an Bhulgáir do leanúint na moltaí ón Aire Sláinte faoin mbealach chun aiste bia chothrom a ráthú. Sonraíonn an Spáinn gurb é a fócas príomhúil agus príomhbhianna á roghnú riachtanais chothaitheacha na ndaoine faoi mhíbhuntáiste a shásamh oiread agus is féidir trí bhunchothaithigh a sholáthar (próitéiní, carbaihiodráití, saillí, snáithín cothaitheach, vitimíní agus mianraí) in éineacht leis an oiread ilghnéitheachta agus is féidir, agus chun easnaimh chothaitheacha a laghdú. Glacann an Fhionlainn prionsabail chomhchosúla, agus leanann treoirlínte óna Bord Stáit um Chomhairle Chothaitheach. Sa Chróit, ní mór caighdeáin cháilíochta dhochta a leanúint i gcás bia a dháiltear, mar a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta i dtaca leis an talmhaíocht agus bia, agus ní mór é a tháirgeadh agus a phróiseáil ar bhealach inbhuanaithe. D’úsáid Málta cuid de chlár tacaíochta bia FEAD chun feachtas a sheoladh chun torthaí, glasraí agus bainne a dháileadh ar leanaí scoile. Is é ab aidhm don fheachtas cuidiú le cultúr nósanna itheacháin sláintiúla agus inbhuanaithe a chruthú i leanaí óga. Sa tSlóivéin, roghnaíodh bia ar bhonn tograí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta roghnaithe, lena n‑áirítear príomhbhianna (amhail bainne, pasta agus rís). Sa bhreis air sin, forlíonadh an bia le bia a dheonaigh nó a cheannaigh eagraíochtaí comhpháirtíochta, chun pacáiste cothrom agus sláintiúil de tháirgí bia a chruthú. Ar nós na dtíortha a luaitear thuas, leanann an tSlóvaic iarrataí na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta freisin, agus barúlacha ón Oifig um Shláinte Phoiblí á gcur san áireamh i dtaca leis an ngá na liúntais chothaitheacha mholta a leagtar amach i reachtaíocht na Slóvaice a chomhlíonadh.
Tarraingíonn roinnt Ballstát laghdú na dramhaíola bia anuas mar phrionsabal treorach freisin. Baineann an ghníomhaíocht sin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 na Náisiún Aontaithe, arb é is aidhm di an dramhaíl bhia in aghaidh an duine a laghdú faoi 2030, agus le tionscnaimh an Aontais chun an dramhaíl bhia a laghdú, amhail an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Na Ballstáit uile a luaitear thuas, cuireann siad taithí na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta san áireamh cheana féin, rud a chuireann ar a gcumas dóibh soláthairtí táirgí bia a sholáthar lena bhfreastalaítear ar riachtanais na bhfaighteoirí. Athraítear táirgí bia a roghnaítear go tráthrialta chun forbairt a thagann ar riachtanais nó taithí choincréiteach a léiriú, agus cuidíonn an méid sin ar fad leis an dramhaíl bhia fhéideartha a laghdú. Tá bearta breise déanta ag roinnt Ballstát. San Fhionlainn, tá an tsábháilteacht bia ina húdar mór imní, agus cuireann an tír iompar na dtáirgí bia san áireamh mar aon le hacmhainneacht stórála theoranta na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta agus seilfré na dtáirgí. Ar an gcúis sin, ní chuireann an Fhionlainn táirgí úra ná táirgí eile ar fáil a bhfuil iompar agus stóráil chuisnithe riachtanach lena n‑aghaidh. Roghnaíonn an tSlóvaic táirgí d’aon turas freisin a bheidh éasca lena stóráil, nach bhfuil dálaí stórála sonracha riachtanacha lena n‑aghaidh agus ag a bhfuil seilfré sách fada. Tá cur chuige an‑spéisiúil ag Éirinn i leith na dramhaíola bia trína comhpháirtíocht le FoodCloud, gnólacht shóisialta sheachbhrabúsach a cuireadh ar bun chun dul i ngleic leis an dramhaíl bhia. Nascann FoodCloud gnólachtaí ag a bhfuil méideanna móra bia barrachais le carthanais i bpobail ar fud na tíre. Áirithítear leis sin táirgí bia barrachais éagsúla d’ardchaighdéan le haghaidh faighteoirí deiridh. Gnólachtaí a dheonaíonn bia, tairbhíonn siad de sin tríd na costais diúscartha dramhaíola dá gcuid a laghdú agus trí rannchuidiú coincréiteach fóinteach a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí.
Gné thrasnaí thábhachtach eile ar ar thuairiscigh na Ballstáit agus cúnamh ábhartha bunúsach á roghnú acu ab ea aird ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. Tuairiscíonn an Ostair go rabhthas cúramach le nithe marthanacha d’ardchaighdéan a aimsiú, rud lenar méadaíodh úsáid na dtáirgí athchúrsáilte; ó bhí 2020 ann, mar shampla, táirgeadh na málaí droma agus na málaí scoile uile a soláthraíodh le fabraicí a rinneadh de bhuidéil PET athchúrsáilte. Sonraíonn an tSeicia freisin go roghnaítear a cuid táirgí bunaithe ar an bprionsabal nach ndéanann siad sin díobháil don chomhshaol, agus cuireann an clár an athchúrsáil chun cinn. Déantar é sin, mar shampla, trí pháipéar leithreasa a roghnú atá déanta d’ábhar atá 100 % athchúrsáilte. Ar an gcaoi chéanna, cuireann an Rómáin i dtábhacht an aire a thugtar do cheanglais maidir le pacáistíocht táirgí sláinteachais a dháiltear ina tionscadail um chúnamh ábhartha bunúsach. Ní mór faisnéis faoi chosaint an chomhshaoil agus athchúrsáil pacáistíochta a bheith i lipéadú na dtáirgí sin. Tugann an Rómáin aird ar leith ar chosaint na n‑acmhainní nádúrtha freisin trí na pailléid adhmaid a athúsáid, ar pailléid iad ar a sholáthraítear pacáistí bia, agus tríd an tomhaltas páipéir a laghdú trí chumarsáid faoi thionscadail a dhéanamh ar ríomhphost.
3.CONCLÚIDÍ
In 2021, bhí an‑difear ar fad á dhéanamh ag iarmhairtí COVID-19 do FEAD fós. Bhí ar na Ballstáit cuimhneamh ar thosaíochtaí chláir FEAD an athuair, mar aon leis na spriocghrúpaí, na hoibríochtaí agus na cineálacha tacaíochta, agus tacaíocht leanúnach a áirithiú do ghrúpaí leochaileacha an tráth céanna. An buiséad breise a cuireadh ar fáil trí REACT‑EU, ba thacaíocht bhreise é do thionscnaimh a dearadh chun aghaidh a thabhairt ar na leibhéil éiginnteachta ní b’airde a bhí ann ar fud an Aontais arbh é COVID‑19 an t‑údar leo. D’fhág sé sin go raibh sé indéanta, leis na cláir FEAD a bhí ann cheanna, tuilleadh tacaíochta bia agus cúnaimh ábhartha bhunúsaigh a sholáthar dá spriocghrúpaí, rud lena raibh tacaíocht ríthábhachtach á soláthar do dhaoine a bhí i staideanna éiginnte cheana féin. Dá bhrí sin, cruthaíodh go raibh FEAD ina ionstraim thábhachtach chun tacú le huaillmhianta phlean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Bealach solúbtha a bhí ann freisin chun an buiséad breise a chaitheamh, ar buiséad é a cuireadh ar fáil le REACT‑EU.
In 2021, bhí an caiteachas bliantúil a dearbhaíodh cuid mhaith ní b’airde ná mar a bhí i mblianta roimhe, rud a chuir borradh faoin ráta foriomlán cur chun feidhme. Tháinig méadú ar an gcaiteachas ó EUR 525,2 milliún a dearbhaíodh in 2020, agus dearbhaíodh i dtuarascálacha bliantúla 2021 ar chur chun feidhme caiteachas luach iomlán EUR 703,9 milliún in 2021. Bhí gá leis an bhfeabhsú sin ar an gcur chun feidhme i bhfianaise an ráta cur chun feidhme iomlán de 63 % (EUR 3,1 billiún) ag deireadh 2021. Agus 2 bhliain de chur chun feidhme fágtha, beidh gá le rátaí cur chun feidhme níos airde sa bhliain atá le teacht chun saoradh cistí a sheachaint. Faoi dheireadh 2021, tuairiscíodh iomlán carnach de EUR 4,7 billiún (94 % den bhuiséad leithdháilte) mar bhuiséid fhormheasta, agus bhí EUR 3,6 billiún (nó 72 % den bhuiséad leithdháilte) tabhaithe nó eisíoctha ag tairbhithe.
Líon measta na bhfaighteoirí tacaíochta bia (15 mhilliún) agus an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh (2,1 milliún), bhí sé fós réasúnta cobhsaí i gcomparáid leis an mbliain roimhe. Tháinig méadú go seasta ar an méid bia i dtonaí ó bhí 2019 ann, agus is é beagnach 450 000 tona bia a bhí i gceist in 2021. Luach foriomlán airgeadaíochta an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh, lean sé treocht a bhí ag dul in airde freisin agus shroich sé luach EUR 34,9 milliún d’ábhar bunúsach a soláthraíodh. Níor breathnaíodh aon athrú mór ar na cineálacha faighteoirí roimh an bpaindéim ná lena linn, seachas i líon beag tíortha. Mar sin féin, ní fhágann sé sin gur lean cláir de bheith ag oibriú ar an mbealach céanna agus a bhí roimh COVID‑19; mar a tharla, thuairiscigh cláir gur coigeartaíodh a spriocfhaighteoirí chun freagairt do riachtanais shonracha le linn na paindéime. Ní raibh sé sin infheicthe i gcónaí i gcomparáidí toisc gurbh amhlaidh i roinnt cásanna, gur athshainíodh an raon feidhme laistigh den chineál catagóire céanna. Mar shampla, leathnaíodh tacaíocht chun faighteoirí a bhí ann cheana a chumhdach, amhail leanaí, daoine scothaosta agus imircigh.
Ina dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, tuairiscíonn na Ballstáit maidir le fadhbanna acmhainneachta na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta agus dúshláin ó thaobh na lóistíochta de (seachadtaí baile, saorálaithe a shlógadh, faighteoirí a shainaithint), go raibh difear fós á dhéanamh ag na fadhbanna sin d’fhor‑rochtain fhéideartha FEAD, agus gur bhain formhór na bhfadhbanna sin le paindéim COVID‑19, rud a luadh cheana féin in 2020. Tháinig eagraíochtaí áitiúla is tairbhithe ar bhealaí chun déileáil le srianta a bhí i bhfeidhm agus d’éirigh leo leanúint dá dtacaíocht le líon faighteoirí a bhí comhchosúil leis an líon lena raibh siad ag tacú in 2020. Sna tionscnaimh cuimsiúcháin shóisialta (i gcláir OP II na Gearmáine, na Danmhairge, na hÍsiltíre agus na Sualainne), is géire a braitheadh tionchar srianta COVID‑19, go háirithe toisc gur minic go raibh dúnadh éigeantach le linn dianghlasálacha i gceist le haghaidh na saoráidí a úsáidtí ar mhaithe le for‑rochtain (leabharlanna, lárionaid phobail, etc.). Bhí dúshláin ar leith ó thaobh na lóistíochta de roimh an dáileadh bia agus cúnamh ábhartha freisin, ach réitíodh iad sin ar deireadh chun cuidiú leis an bhfreagairt don éileamh leanúnach ar thacaíocht agus chun leibhéil seachadta a choinneáil ar bun a bhí comhchosúil le bliain roimhe sin na paindéime. I bhfianaise líon cobhsaí na bhfaighteoirí le linn dianghlasálacha COVID‑19 2021, is féidir teacht ar an gconclúid gur fritháiríodh na dúshláin sin leis an éileamh níos mó arbh í an phaindéim an t‑údar leo.
Beidh dúshláin dá gcuid féin i gceist leis an 2 bhliain dheireanacha a gcuirfear FEAD chun feidhme lena linn. Agus tuilleadh brú ann chun tionscadail a chur i gcrích agus an caiteachas ábhartha uile a dhearbhú, is dócha maidir le héiginnteachtaí i dtaca le srianta sláinte, sreabha imirce arb é cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine an t‑údar leo, agus dúshláin sheachtracha eile a d’fhéadfadh a bheith ann, go ndéanfaidh na héiginnteachtaí sin difear do chur chun feidhme FEAD.