Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0607(01)

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair 2023/C 199/08

    C/2023/3714

    IO C 199, 7.6.2023, p. 16–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 199/16


    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

    (2023/C 199/08)

    Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    ‘Meso turopoljske svinje’

    Uimh. AE: PDO - HR -02858 — 2.8.2022

    STFC (X) TGFC ( )

    1.   Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]

    ‘Meso turopoljske svinje’

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    Poblacht na Cróite

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

    3.1.   Cineál táirge

    Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Is éard atá i gceist le ‘Meso turopoljske svinje’ feoil úr agus codanna inite eile de chonablach na gcollach coillte agus na gcránach de phór muc uatheascarthach Turopolje, a rugadh, a tógadh agus a maraíodh sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4.

    Déantar ‘Meso turopoljske svinje’ a mhargú mar fheoil úr nó reoite ina cliatháin ullmhaithe, ina codanna de chliatháin leis an gcnámh (bunghearrthacha) agus mar fheoil dhíchnámhaithe (de réir an phíosa nó slisnithe, ar an mórchóir nó pacáistithe).

    Is é 12 mhí ar a laghad aois na muc tráth a maraithe. Ní féidir ach conablaigh ullmhaithe de chatagóir T1 (muca ramhraithe) agus T2 (muca ramhraithe a bhfuil meáchan deiridh níos airde acu) a úsáid. Ní mór an tsaill droma a bheith 30 mm ar tiús ar a laghad, arna thomhas thar an M. gluteus medius de réir an mhodha ZP (dhá phointe).

    Tá luach pH na feola (arna thomhas ar an M. longissimus dorsi) laistigh de theorainneacha na gnáthcháilíochta le haghaidh muiceola (pH1 > 6.0 agus pH2 idir 5.5 agus 6.1), agus dath na feola CIE L* < 50 agus CIE a*> 15.

    Tá dath níos doirche, níos deirge ar ‘Meso turopoljske svinje’, uigeacht matáin níos dlúithe agus níos lú tál dromchla ná muiceoil de tháirgeadh caighdeánach. Tá leibhéal níos airde de carnadh saille aici ó nádúr, go háirithe sa chuid fho-chraicneach agus idir na matáin. Tá an fíochán saille fuaraithe daingean, agus tá dath bán niamhrach air.

    Nuair a itear an fheoil chócaireáilte, tá uigeacht leaisteach, súmhar aici, tá sí lán de bhlas agus cumhra sonrach ó shaill leáite na feola.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    Le linn na tréimhse diúil, ó 3 seachtaine d’aois go dtí thart ar 10 lá tar éis scoite, féadfar meascán beatha réamhdhéanta a thabhairt do na bainbh in éineacht le próitéin amh 18 % ar a laghad, agus le próitéin amh 16 % ar a laghad go dtí tús an ramhraithe. Tar éis iad a scoitheadh, go dtí go dtosófar ar ramhrú, féadfar beatha chumaisc a tháirgtear ar an bhfeirm a úsáid freisin chun na bainbh a bheathú. Beidh gránaigh (arbhar Indiach, eorna, cruithneacht, triteacál) mar bhonn aici (70 % ar a laghad), mar aon le forlíonadh próitéine agus mianraí vitimín atá riachtanach le haghaidh aiste bia cothroime. Tugtar béilí do na bainbh, agus ní mór soláthar leordhóthanach uisce óil úr a bheith ar fáil dóibh i gcónaí. Le linn na tógála, ní mór rochtain a bheith ag na bainbh ar fhodar garbh.

    Tosaíonn an aiste bia idir 4 go 6 mhí d’aois. Tugtar meascán d’fhéar agus d’fhoinsí nádúrtha bia eile atá ar fáil go háitiúil do na muca atá á ramhrú (luibheanna, torthaí crainn, torthaí fiáine, fréamhacha, tiúbair, beacáin, feithidí, péisteanna, seilidí, sliogáin, etc.), a aimsíonn siad trí innilt agus tochailt, in éineacht le forlíonadh laethúil beatha chun ramhrú a fhorlíonadh. Caithfidh 75 % ar a laghad den fhorlíonadh tiubhaithe a bheith comhdhéanta de ghránaigh, in éineacht le forlíonadh próitéine agus mianraí vitimín atá riachtanach le haghaidh aiste bia cothroime (próitéin amh 12 % ar a laghad). Tá teorainn 2 % de bheomheáchan an ainmhí le hiontógáil laethúil uasta beatha den sórt sin, nó go heisceachtúil suas le 3 % i gcás tubaistí nádúrtha (triomaigh, tuilte, stoirmeacha cloichshneachta, etc.) nuair nach féidir féarach a dhéanamh. Ní mór forlíonadh d’fharae garbh a bheith ar fáil do na muca atá ag ramhrú: alfalfa úr agus féar alfalfa, meascáin seimre agus féir, fearlas, puimcín, tornapa, glasraí brasacacha, prátaí, neantóga, torthaí agus glasraí, bran cruithneachta, agus laíon biatais.

    Caithfidh gach beatha – seachas beatha nach féidir méid leordhóthanach (forlíontaí próitéine, mianraí agus vitimín) a tháirgeadh díobh mar gheall ar shrianta áitiúla, nó nach féidir a fháil go háitiúil de dheasca thubaistí nádúrtha – teacht ón limistéar táirgthe geografach. Go heisceachtúil, i gcás tubaistí nádúrtha (triomaigh, tuilte, stoirmeacha cloichshneachta) a chuireann cosc ar tháirgeadh na beatha riachtanaí sa limistéar sainithe, féadfar an cineál céanna beatha a fháil ó limistéir eile. Ní mór don úinéir fianaise dhoiciméadach a sholáthar ina leith sin. Ní rachaidh uasmhéid na beatha a fhéadfaidh teacht áiteanna lasmuigh den limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4 thar 50 % den ábhar tirim ar bhonn bliantúil….

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór gach céim de tháirgeadh ‘Meso turopoljske svinje’, lena n-áirítear breith agus tógáil banbh, ramhrú agus marú na muc, a dhéanamh laistigh den limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4.

    Go heisceachtúil, féadfaidh ainmhithe pórúcháin teacht ó áiteanna lasmuigh den limistéar sainithe má tá ceanglais zóiteicniúla bailí ann (e.g. úrúcháin fola).

    Ní mór gach bunaíocht chláraithe nó fhormheasta a bhfuil baint aici le slabhra táirgthe ‘Meso turopoljske svinje’ (feirmeacha agus seamlais) a bheith suite laistigh den limistéar geografach sainithe.

    3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Féadfar ‘Meso turopoljske svinje’ a dhíol mar fheoil fhuaraithe (úr) nó reoite, de réir an phíosa nó de réir slisnithe, ar an mórchóir nó pacáistithe.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Nuair a chuirtear ar an margadh é ina chliatháin agus ina bhunghearrthacha, agus i gcás gach cineál pacáistíochta miondíola, ní mór go n-áireofaí ar an lipéad táirge, de bhreis ar na sonraí a leagtar síos sa reachtaíocht, ainm an tsonrúcháin tionscnaimh agus an tsiombail choiteann le haghaidh ‘Meso turopoljske svinje’.

    Léaráid den tsiombail choiteann:

    Image 1

    Tá sé de cheart ag gach úsáideoir an tsonrúcháin tionscnaimh ‘Meso turopoljske svinje’ a chuireann táirge ar an margadh atá i gcomhréir lena shonraíocht táirge an tsiombail choiteann a úsáid, faoi na coinníollacha céanna.

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Tá limistéar táirgthe ‘Meso turopoljske svinje’ teoranta do limistéar mhór-roinn na Cróite, ina bhfuil 13 chontae agus cathair Zagreb. Tá sé suite go heisiach laistigh de theorainneacha riaracháin bhailte agus bhardais na gcontaetha seo a leanas: Zagreb, Sisak-Moslavina, Varaždin, Vukovar-Syrmia, Osijek-Baranja, Slavonski Brod-Posavina, Požega-Slavonia, Virovitica-Podravina, Bjelovar-Bilogora, Koprivnica-Križevci, Međimurje, Krapina-Zagorje, Karlovac, agus cathair Zagreb.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

    Eascraíonn an pór muc Turopolje i gceantar Turopolje, atá ó thaobh rilífe agus tíreolaíochta de, suite ar phláta glárach idir Posavina (ísealchríocha seascainn feadh abhainn Sava) ó thuaidh agus Cnoic Vukomerić (sliabhraon íseal, cothrom) ó dheas. Ritheann abhainn Odra agus a fo-aibhneacha fud fad machaire Turopolje. Fágann siad na logáin faoi uisce go rialta mar gheall ar an an tír-raon máguaird a bheith neamhscagach (ithreacha cré troma mianraigineacha/seascainn) chuig leibhéil uisce arda an earraigh agus an fhómhair.

    I measc na gcumann plandaí is suntasaí sa cheantar seo tá dair choiteann (Quercus robur) agus móinéir seascainn (Deschampsietum caespitosae).

    Cosúil leis an gcuid is mó de mhór-roinn na Cróite, tá aeráid mheasartha te agus fliuch sa limistéar seo. Is é an mheánteocht aeir bhliantúil ná 10.2 °C, is é 893 mm an fhrasaíocht bhliantúil, agus is é 78.6 % an mheán-taise choibhneasta. Is í an mheánteocht aeir le linn na tréimhse fáis (Aibreán - Meán Fómhair) ná 16.7 °C. Maidir le fásra foraoise, tá sé tábhachtach don fhrasaíocht a bheith scaipthe go cothrom i rith na bliana agus go dtiteann os cionn 50 % den fhrasaíocht le linn na tréimhse fáis. Bíonn an fhrasaíocht is lú ann i rith an gheimhridh. Tá gnéithe aeráide agus rilífe den chineál céanna a mhúnlaíonn na limistéir mhóra foraoisithe agus na féaraigh sna tuilemhánna le taobh na n-aibhneacha ina saintréithe freisin de na ceantair eile i mór-roinn na Cróite a ndéantar feirmeoireacht muc Turopolje anois iontu.

    Tá an raidhse d’fhoraoisí, go háirithe foraoisí darach, an líon mór sruthchúrsaí agus an aeráid mheasartha i dTuropolje tairbheach d’fheirmeoireacht muc le fada an lá. Leis na céadta bliain, bhí feirmeoireacht muc Turopolje tábhachtach do shlí bheatha na n-áitritheoirí áitiúla, a bhí ina bpóraitheoirí muc den scoth riamh anall. Tá fianaise ar an traidisiún fada a bhaineann le muca a thógáil sa cheantar seo san raidhse ábhair scríofa, go háirithe foraitheanta, cinntí agus taifid éagsúla a luann feirmeoirí muc mór le rá agus na coinníollacha chun muca a choinneáil san fhoraois, a rialaíonn táillí ramhraithe nó a ghearrann pionóis as muca a ghoid. Tá siad ar fáil i gcláir chathrach, i dtaifid stairiúla agus i bhfoinsí liteartha áitiúla eile chomh fada siar le 1352.

    Sa dara leath den 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois, leathnaíodh an limistéar ina raibh muc Turopolje á tógáil ó Turopolje i dtreo Sisak agus Draganić agus ina dhiaidh sin go cuid den tSlóvaic agus Podravina a shíneann chomh fada le teorainn na hUngáire, rud a fhágann gurb í muc Turopolje an pór muc is forleithne sa Chróit. Mar shampla, in 1921 bhí thart ar 85 000 muc Turopolje á bpórú, cuid acu le haghaidh onnmhairithe.

    Mar thoradh ar an aistriú ó fheirmeoireacht muc fhairsing go dianfheirmeoireacht muc i lár an 20ú haois, chaill pór muc Turopolje a thábhacht eacnamaíoch agus chuaigh sí in éag nach mór. Cuireadh tús le hathbheochan an phóraithe in 1996, nuair a cuireadh an pór san áireamh sa chlár stáit le haghaidh athnuachana agus cosanta in situ.

    Mar gheall ar a ghnéithe táirgeachta a bheith ar chaighdeán níos ísle i gcomparáid le pórtha eile, tá muca uatheascarthacha Turopolje tearc sa lá atá inniu ann, agus ní thógtar iad ach amháin sa limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4 nach mór. Sa cheantar seo baintear úsáid i gcónaí as teicneolaíocht traidisiúnta áitiúil ionchuir ísil chun na muca a thógáil. Forbraíodh san am atá thart í trí mhuca Turopolje a choinneáil lasmuigh in éiceachóras foraoisí tuilemhánna agus móinéar seascainn. Faoin gcineál seo tógála muc, fásann na muca go mall, tá cead a gcinn acu, agus itheann siad féar agus bia as foinsí nádúrtha eile atá ar fáil (luibheanna, dearcáin agus torthaí crainn eile, torthaí fiáine, fréamhacha, tiúbair, beacáin, feithidí, péisteanna, seilidí, sliogáin, etc.), a aimsíonn siad leo féin trí innilt agus tochailt, le forlíonadh íosta beatha thiubhaithe.

    Is leis an limistéar geografach atá sainithe i bpointe 4 amháin, áit ar cuireadh i bhfeidhm í ar feadh na gcéadta bliain a bhaineann an teicneolaíocht ionchuir ísil chun muca Turopolje a thógáil lasmuigh. Lasmuigh den limistéar geografach, tá tógáil muc níos déine; cuirtear cion níos mó de mheascán beatha san aiste bia, ní bhíonn ach beagán gluaiseachta ag na muca agus tá easpa foinsí nádúrtha bia ann. Imríonn na nithe seo tionchar diúltach ar shaintréithe feoil muca Turopolje, go háirithe ar dhath, struchtúr chomh maith le blas agus cumhra a gcuid feola.

    Sainiúlacht an táirge

    Ceaptar gur tháinig muc Turopolje chun cinn go luath sna Meánaoiseanna trí chrosphórú muc a ceansaíodh go háitiúil agus arbh í an cineál bunaidh a bhí aici torc allta na Meánmhara (Sus mediterraneus) le muc de phór Šiška ar shliochtach díreach de thoirc allta na hEorpa (Sus scrofa ferus) í agus a thug na treibheanna Slavacha nua-thugtha isteach sa réigiún seo. Bhí an mhuc a d’eascair as sin in ann í féin a oiriúnú go héasca agus déileáil le drochaimsir agus galair, agus chuaigh sí in oiriúint go han-mhaith d’éiceachóras Turopolje. Forbraíodh an pór go háitiúil, gan aon tionchar mór ón taobh amuigh, agus is é sin an fáth go bhfuil difríocht shoiléir ó thaobh na géinitice de idir pór Turopolje agus pórtha muc ó chóngar agus ó chéin sa lá atá inniu ann.

    Tá ráta fáis níos moille i gceist le muca ramhraithe de phór Turopolje agus tá conablach níos giorra le cion níos lú feola acu ná pórtha muc eile, ach tá an carnadh saille i bhfad níos airde, go háirithe sa chuid fho-chraicneach agus idir na matáin. (Karolyi et al., 2019: Muc Turopolje. I: European Local Pig Breeds – Diversity and Performance. A study of project TREASURE (M. Čandek-Potokar, R. Nieto Linan (eag.), IntechOpen, lgh. 271 - 274).

    Mar gheall ar a n-aois níos sine tráth a maraithe agus gníomhaíocht choirp níos mó agus iad amuigh faoin aer, tá dath níos doirche, níos deirge ar fheoil na muc, tá uigeacht níos dlúithe ag a gcuid matán agus níos lú tál dromchla ar a bhfeoil ná ar mhuiceoil de tháirgeadh caighdeánach, gan na tréithe PSE (meathbhán, bog agus ag úscadh) mar a thugtar orthu a bhíonn le feiceáil go minic i ngéinitíopaí atá íogair ó thaobh struis de mar gheall ar sócháin ghéine, rud nár taifeadadh sna póir seo. Deimhnítear é seo le staidéir a léirigh go bhfuil pH na feola (arna thomhas ar an M. longissimus dorsi) laistigh de theorainneacha na gnáthcháilíochta le haghaidh muiceola (pH1 > 6.0 agus pH2 idir 5.5 agus 6.1), agus dath na feola CIE L* < 50 agus CIE a*> 15.

    Bhí luach ar leith ar fheoil na muice Turopolje i gcónaí agus is minic a mheastar go bhfuil sí níos fearr ná feoil pórtha muc eile; De réir Ritzoffy (1931) is é an-instealladh d’fhuil na Meánmhara is cúis leis an cháilíocht níos airde, snáithín níos tanaí agus dath agus blas ar leith ar fheoil mhuc Turopolje. Deimhníodh caoile na snáithíní matáin (trastomhas níos lú) i bhfeoil mhuc Turopolje i gcomparáid le crosphórtha tionsclaíocha muc ag staidéir eolaíocha le déanaí (Đikić et al., 2010: Biological characteristics of Turopolje pig breed as factors in renewing and preservation of population. Stočarstvo 64 (2-4), lch. 86).

    Maireann spéis an phobail i muc Turopolje go dtí an lá atá inniu ann, mar is léir ó go leor meáin chlóite agus leictreonacha. Dheimhnigh suirbhé ar roghanna tomhaltóirí go mbíonn cur amach ag tomhaltóirí na Cróite ar mhuc Turopolje (89.5 % de na freagróirí) agus go n-aithníonn siad cáilíocht a feola agus a táirgí, agus measann beagnach leath na bhfreagróirí go léir (47 %) agus formhór na bhfreagróirí ar an leibhéal áitiúil (55 - 57 %) gur fearr iad ná feoil agus táirgí ó phórtha muc nua-aimseartha (Iarscríbhinn 5.4, Cerjak 2019: Znanje i preferencije potrošača prema turopoljskoj svinji i proizvodima od turopoljske svinje [Eolas agus roghanna tomhaltóirí maidir le muc Turopolje agus a tháirgí], Ollscoil Talmhaíochta Zagreb, lgh. 1 - 40).

    Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus an táirge

    Tá cosaint an táirge ‘Meso turopoljske svinje’ bunaithe ar cháilíocht shonrach na feola a eascraíonn as an mbonn géiniteach, an bealach ina gcoinnítear agus ina gcothaítear na muca, agus aois na muc tráth a maraithe.

    Bhí tíreolaíocht agus rilíf, agus tosca aeráide agus bitheacha éiceachórais foraoise ísealchríche Pokuplje agus Posavina tairbheach do luathfhorbairt na feirmeoireachta muc i limistéar Turopolje, a raibh a n-áitritheoirí ina bpóraitheoirí muc den scoth riamh anall. Forbraíodh an mhuc Turopolje – ceann de na pórtha muc is sine san Eoraip – gan aon tionchar suntasach ón taobh amuigh, thar thréimhse fhada ama, inar thug an idirghníomhaíocht leanúnach idir an géinitíopa agus an comhshaol ar an bpór dul in oiriúint d’acmhainní nádúrtha an cheantair agus iad a úsáid. Toisc na muca a bheith frithsheasmhach in aghaidh drochaimsire agus galar, gan ach riachtanais bheaga acu agus iad a bheith in ann bia a fháil leo féin, bhí ar a gcumas maireachtáil lasmuigh i gcónaí. Is é sin an fáth gur chaith siad an chuid is mó den bhliain ag innilt san fhoraois, áit a raibh féar agus dearcáin acu mar phríomhfhoinse bia fuinnimh, ag sásamh a gcuid riachtanas próitéine trí adhlacadh. Coinníodh an teicneolaíocht ionchuir ísil seo (acmhainn bia agus tithíochta) mar aon le húsáid iomlán acmhainní nádúrtha i bhfeirmeoireacht an phór seo go dtí an lá inniu féin.

    Tá saintréithe fáis mhuc Turopolje a théann i bhfeidhm go díreach ar fhorbairt fíochán coirp agus saintréithe sonracha ‘Meso turopoljske svinje’ múnlaithe ag an modh pórúcháin lena-áirítear a bheith ag innilt gan srian i bhforaoisí agus ar thalamh féaraigh agus iad féin a chothú ar fhoinsí bia atá ar fáil go nádúrtha, chomh maith le saintréithe póir dúchasacha amhail láidreacht, méadú mall meáchain agus cumas fáis chúitimh agus carnadh saille cúitimh mar aon le heaspa dianroghnaithe nó aon chrosphóraithe shuntasaigh. De bharr go bhfanann na muca lasmuigh agus mar thoradh ar ghníomhaíocht níos mó na matán, mar aon le haois níos sine na muc ramhraithe ag tráth a maraithe, tá carnadh níos mó de lí matáin ann, rud a thugann dath níos doirche, níos deirge don fheoil. Tá dath na feola agus an bhagúin níos inbhuanaithe freisin, mar gheall ar rogha bia níos éagsúla agus iontógáil frithocsaídeoirí nádúrtha agus substaintí eile a chabhraíonn leis an bhfíochán a chobhsú. Tugann trastomhas níos lú na snáithíní matáin uigeacht níos míne don fheoil. Lena chois sin tá an fheoil dlúth agus níl tál dromchla as. Ag an am céanna, mar thoradh ar fhás cúiteach le haiste bia atá saibhir ó thaobh fuinnimh de sna céimeanna deiridh de phórú le linn shéasúr an fhómhair tar éis fás níos laige san earrach agus sa samhradh, forbraítear fíochán saille go tapa i bpóir a bhfuil acmhainneacht íseal d’fhás matáin iontu cosúil le muc Turopolje. Dá bhrí sin, tá leibhéal níos airde de charnadh saille ag feoil na muice Turopolje, go háirithe sa chuid fho - chraicneach agus idir na matáin, agus is é sin an fáth, nuair a itear í, go bhfuil comhsheasmhacht leaisteach, súmhar ag an bhfeoil chócaireáilte, lán de bhlas agus cumhra sonrach ó shaill leáite na feola.

    Mar gheall ar an bpórú lasmuigh agus ar cháilíocht na feola, measann an chuid is mó de thomhaltóirí nua-aimseartha, go háirithe iad siúd i measc muintir na háite, go bhfuil feoil mhuc Turopolje níos fearr ná muiceoil caighdeánach agus go bhfuil luach margaidh níos mó aici.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

    https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/proizvodi_u_postupku_zastite-zoi-zozp-zts/Specifikacija_Meso_turopoljske%20svinje.pdf


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top