Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023SC0166

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh

SWD/2023/166 final

An Bhruiséil,1.6.2023

SWD(2023) 166 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh

{COM(2023) 272 final} - {SEC(2023) 210 final} - {SWD(2023) 165 final}


A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Le gníomhaíocht AE i réimse na sábháilteachta muirí déantar an creat idirnáisiúnta mar atá sainithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a chomhlánú agus a chur i bhfeidhm. Tá trí líne ghníomhaíochta fhorluiteacha i gceist leis an bhfreagracht as sábháilteacht mhuirí ar leibhéal an stáit.

Foráiltear don chéad bheart cosanta le Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh. Is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfaidh Ballstáit an Aontais mar Stáit bhrataí a n‑oibleagáidí dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le longa a bhfuil a mbratacha ar foluain acu, go bhfeabhsaíonn siad an tsábháilteacht agus go gcoisceann siad truailliú ó na longa sin. Ó glacadh an Treoir seo, rinne sainghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe - an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta - Cód Cur Chun Feidhme na nIonstraimí (Cód III) agus iniúchadh IMO éigeantach amhail ó 2016 do gach Stát brataí ar domhan, lena n‑áirítear Ballstáit AE mar Stáit bhrataí. Mar sin féin, níl cumhachtaí forfheidhmithe ag an IMO.

Cuimsítear sa Treoir codanna den Chód III i reachtaíocht an Aontais, ach déantar é sin ar bhealach ilroinnte. Bhí an Treoir ina hábhar do mheastóireacht ex post agus do sheiceáil oiriúnachta muirí lenar sainaithníodh roinnt saincheisteanna fadhbacha. Áirítear orthu sin (1) éiginnteacht dhlíthiúil maidir le rialacha idirnáisiúnta nua a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus, (2) easpa cur chuige comhchuibhithe maidir le cigireachtaí, rialú, faireachán agus comhroinnt faisnéise ar chabhlaigh faoi bhratach. Tá sé bunriachtanach freisin go mbeadh na hacmhainní is gá mar Stát brataí ag na húdaráis náisiúnta lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Gan gníomhaíocht AE, oibreoidh riaracháin bhrataí an Aontais ar bhealach neamh-chomhordaithe agus neamh-chomhchuibhithe.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Féachtar leis an tionscnamh seo leis an ardleibhéal sábháilteachta muirí agus cosanta ar thruailliú a áirithiú agus a fheabhsú ar fud an Aontais.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Feidhmítear loingseoireacht mar ghnó idirnáisiúnta rialáilte uiscí éagsúla an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta ag na cásanna domhanda chomh maith le cásanna réigiúnacha agus náisiúnta. Baineann gné láidir thrasteorann leis an loingseoireacht. Chuige sin, tá sé bunriachtanach cigireachtaí na Stát brataí a chomhchuibhiú agus cabhlaigh faoi bhratach a rialú ar leibhéal an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil an rogha ab fhearr ann? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? 

Forbraíodh ceithre rogha beartais lena dtugtar aghaidh ar na fadhbanna. Déantar foráil leis na roghanna beartais go léir maidir le codanna na Stát brataí de Chód III atá éigeantach anois a ionchorprú agus chun iniúchadh éigeantach a choinneáil ar ar bun.

Is í rogha beartais 2 an rogha ab fhearr. Is é is aidhm di acmhainn lárnach foirne teicniúla a choinneáil i riaracháin Stáit brataí chun cloí le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus chun rialú éifeachtach ar chabhlach fao bhratach agus faireachán críochnúil ar eagraíochtaí aitheanta a áirithiú. Go bunúsach, ionchorpraítear leis an rogha sin na príomhchodanna atá fágtha de Chód III éigeantach a bhaineann le Stáit bhrataí agus soláthraítear réiteach comhpháirteach léi trí úsáid a bhaint as an digitiú chun comhlíonadh comhsheasmhach cheanglais na Stát brataí a bhaint amach ar fud an Aontais Eorpaigh.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cad iad na bearta is rogha leo? 

Tá gach riarachán Stáit brataí agus gach páirtí leasmhar tionscail i bhfabhar creat dlíthiúil soiléir, comhleanúnach agus ailínithe ina n‑ionchorpraítear na rialacha idirnáisiúnta: Cód III agus iniúchadh IMO. Táthar i bhfabhar na rogha beartais ab fhearr toisc go n‑áirithítear léi leibhéal ard comhleanúnachais inmheánaigh agus sheachtraigh. Meastar go bhfuil an rogha sin dea-thomhaiste agus comhréireach i bhfianaise an raoin mhóir maidir le méid agus cineál an chabhlaigh i mBallstáit an Aontais. Tacaíonn na riaracháin Stáit brataí agus na páirtithe leasmhara tionscail go hiomlán leis an digitiú.

C. Tionchar na rogha ab fhearr

Cad iad buntáistí na rogha ab fhearr? 

Déantar na tionchair shochaíocha a mheasúnú den chuid is mó i dtéarmaí thionchair na roghanna beartais ar an tsábháilteacht mhuirí (daoine a shábháil), agus ar chosaint an chomhshaoil. Le digitiú, airithítear leis an rogha beartais ab fhearr freisin cigireachtaí loinge níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí agus faireachán agus maoirseacht ag eagraíochtaí aitheanta an Aontais.

Meastar gurb é an toradh a bheidh ar an rogha ab fhearr go sábhálfar 69 duine agus go seachnófar 810 gortú le linn 2025-2050 i gcoibhneas leis an bhfigiúr bonnlíne. Meastar go laghdófar leis na tairbhí sin sin costais sheachtracha a bhaineann le timpistí dar luach thart ar EUR 2.3973 billiún i gcoibhneas leis na costais bhonnlíne thar 2025-2050 (i bpraghsanna 2021). Meastar go seachnófar caillteanas 1 418 tona breosla buncair ar muir i gcoibhneas leis an mbonnlíne thar 2025-2050 1 . Meastar go mbeidh tionchar dearfach indíreach aige sin ar cháilíocht an uisce mhuirí agus ar an mbithéagsúlacht.

Maidir le húdaráis Stáit brataí, táthar ag súil go nginfear leis an rogha beartais ab fhearr coigilteas costais forfheidhmiúcháin dar luach EUR 48.8-52.9 milliún i gcoibhneas leis an mbonnlíne (i bpraghsanna reatha thar 2025-2050). Maidir le hoibreoirí long, measadh i mbeidh EUR 0.6-1.2 milliún
i gceist leis an gcostais coigeartaithe i gcoibhneas leis an mbonnlíne (praghsanna reatha thar 2025-2050). Is toradh iad go príomha ar réitigh theicniúla a chur chun feidhme le haghaidh tuarascálacha leictreonacha um chigireacht Stát brataí.

Cad iad costais na rogha ab fhearr (más ann dóibh, agus murab ann dóibh, cad iad na príomhchostais)? 

Is ar údaráis na Stát brataí is mó a bheidh na costais bhreise toisc go méadaítear le rogha 2 rialú cabhlaigh faoi bhratach trí chigireachtaí Stáit brataí agus maoirseacht eagraíochtaí aitheanta. Meastar gur EUR 49.1-49.2 milliún a bheidh i gceist leis na costais iomlána d'údaráis na Stát brataí.

Maidir le EMSA, meastar go n‑eascróidh costais choigeartaithe dar luach thart ar EUR 6.4-7 milliún as na bearta beartais a bhaineann le modúl tuairiscithe Stát brataí a fhorbairt nó a fheabhsú agus uirlisí oiliúna feabhsaithe a fhorbairt do chigirí.

Maidir le hoibreoirí loinge, meastar go mbeidh costais choigeartaithe dar luach thart ar EUR 3.2 milliún mar thoradh ar an méadú teoranta ar líon na gcigireachtaí.

Cén tionchar a imreofaí ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Ní bheidh tionchar ag na leasuithe atá beartaithe ar an Treoir ar FBManna ós rud é gur gnách gur soithí trádála idirnáisiúnta a bhíonn sna soithí faoi raon feidhme na Treorach. Tagann cabhlach long beag (faoi bhun 300 olltonnáiste) lasmuigh de raon feidhme na Treorach.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Meastar go n‑eascróidh costais dar luach thart ar EUR 49.1-49.2 milliún as an togra do riaracháin náisiúnta mar Stáit bhrataí. Déanfar na costais sin a fhritháireamh den chuid is mó, áfach, le coigilteas i gcostais forfheidhmiúcháin mar gheall ar dhigitiú agus úsáid agus comhroinnt ríomhthuarascálacha agus ríomhdheimhnithe, ag EUR 48.8-52.9 milliún.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Beidh tionchar dearfach ag an togra ar an margadh inmheánach, ós rud é go n‑áiritheofar leis an t‑ardleibhéal sábháilteachta céanna ar fud an Aontais.

Comhréireacht

Ní théann an rogha beartais ab fhearr thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais foriomlána a bhaint amach. Go bunúsach, ionchorpraítear leis an rogha beartais ab fhearr na príomhchodanna atá fágtha de Chód III éigeantach a bhaineann le Stáit bhrataí agus soláthraítear réiteach comhpháirteach léi trí úsáid a bhaint as an digitiú chun comhlíonadh comhsheasmhach cheanglais na Stát brataí a bhaint amach ar fud an Aontais Eorpaigh.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas trí úsáid a bhaint as scéim tomhais feidhmíochta na Stát brataí. Beidh an Coimisiún/EMSA rannpháirteach mar bhreathnóirí in iniúchtaí IMO. Leanfaidh EMSA le cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit chun oibríochtaí na Stát brataí ar an talamh a fhíorú, rud a mbeidh anailísí cothrománacha chun feabhas leanúnach a dhéanamh ar an tsábháilteacht mhuirí mar thoradh air.

(1)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil na meastacháin sin faoi réir leibhéal ard éiginnteachta ós rud é go bhfuil tionchair na Treorach ar shábháilteacht indíreach (ar toradh iad ar chigireachtaí agus ar obair leantach). 

Top