Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0443

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

COM/2023/443 final

Strasbourg, 11.7.2023

COM(2023) 443 final

2023/0271(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 443 final} - {SWD(2023) 443 final} - {SWD(2023) 444 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is modh iompair é an t‑iarnród atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. In 2020, is é an t‑iompar ar iarnród a bhí i gceist le 5.1 % den iompar paisinéirí idir tíortha an Aontais agus le 11.5 % den iompar lasta idir tíortha an Aontais, ach níor bhain ach 0.4 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar san Aontas leis an iompar ar iarnród. Is amhlaidh é sin toisc go mbíonn an t‑iompar ar iarnród thar a bheith fuinneamhéifeachtúil – gan ach 1.9 % d’ídiú fuinnimh an iompair i gceist leis – agus toisc go ritheann formhór na tráchta iarnróid ar línte leictrithe. Bíonn an t‑iompar ar iarnród chomh neamhdhíobhálach sin don chomhshaol agus tá an oiread tairbhí eile aige, amhail a ardleibhéal sábháilteachta, gur cuireadh chun cinn go comhsheasmhach é le beartais an Aontais.

Is príomhghníomhaíocht den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste é an togra seo. Is é a phríomhsprioc creat a leagan síos lena mbeifear in ann an toilleadh bonneagair agus trácht iarnróid a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht na seirbhísí agus a fhreastalóidh ar mhéideanna tráchta níos mó ar an ngréasán iarnróid. Tá sé ríthábhachtach an sprioc sin a bhaint amach chun a áirithiú go rannchuideoidh an earnáil iompair leis an dícharbónú.

Chun an t‑ardleibhéal comhordaithe is gá a ráthú chun go mbeidh oibríochtaí sábháilte agus go mbainfear úsáid éifeachtúil as an ngréasán, ní mór do bhainisteoirí bonneagair an trácht agus an toilleadh iarnróid a bhainistiú go héifeachtach. Is ar leibhéal na ngréasán náisiúnta is mó a dhéantar é sin. An tráth céanna, ní mór seirbhísí iarnróid trasteorann a chomhordú thar ghréasáin ar bhealach níos fearr ná mar is amhlaidh sa lá atá inniu ann go minic. Chuige sin, leagfar sásraí amach leis an togra seo um chomhordú idir bainisteoirí bonneagair náisiúnta agus daoine eile ag a bhfuil páirt i seirbhísí traenach trasteorann a rith. Leis an togra seo, beifear in ann an toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh ar bhealach níos fearr, tríd an tsoghluaisteacht a thabhairt isteach sa phróiseas agus trí ról níos mó a thabhairt do bhainisteoirí bonneagair maidir le riachtanais iompair a chinneadh. Mar shampla, beidh bainisteoirí bonneagair in ann toilleadh áirithe a chur i leataobh lena dháileadh níos déanaí. Tairbheoidh seirbhísí lasta iarnróid de sin, ar seirbhísí iad nach féidir a sceidealú sách fada roimh ré i gcónaí chun iad a chur in oiriúint don tráthchlár bliantúil pleanáilte. Tabharfar dreasachtaí isteach leis an togra le haghaidh bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid araon chun gealltanais a bhaineann leis an toilleadh a urramú agus chun athruithe ar gearrfhógra a sheachaint, rud a d’fhágfadh iarmhairtí diúltacha murach sin le haghaidh úsáideoirí eile an ghréasáin. Cuideoidh digiteáil na bpróiseas a bhaineann leis an toilleadh chun seirbhísí níos éifeachtúla a dhéanamh de sheirbhísí agus feabhas a chur ar a gcáilíocht. Tabharfaidh an digiteáil na huirlisí do bhainisteoirí bonneagair freisin chun go mbeidh siad in ann déileáil le teagmhais gan choinne. Is é is aidhm don togra a áirithiú go mbeidh próiseas na digiteála ar fud na mBallstát comhleanúnach agus go n‑eascróidh seirbhísí iarnróid as a bheidh comhordaithe ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Athraítear na rialacha leis an togra maidir le toilleadh bonneagair agus bainistíocht tráchta iarnróid, maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an iompair ar iarnród, le comhordú na bpáirtithe leasmhara agus leis an toilleadh a leithdháileadh ar an trácht iarnróid mar chuid de shlabhra iompair idirmhódúil. Díríonn sé dá bhrí sin ar an margadh iarnróid agus ar oibríochtaí iarnróid, arna rialáil le Treoir 2012/34/AE. Leis an togra seo tugtar aghaidh ar phríomhghné d’oibríochtaí iarnróid: an toilleadh bonneagair iarnróid a phleanáil agus a leithdháileadh, rud a chumhdaítear le dhá théacs dhlíthiúla faoi láthair, Treoir 2012/34/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010. Déantar foráil leis freisin maidir le comhordú níos mó i leith seirbhísí iarnróid ar fud an Aontais agus maidir leis an maoirseacht rialála cheart. Tá sé i gcomhréir le prionsabail thábhachtacha a leagtar síos i dTreoir 2012/34/AE, amhail neamhspleáchas na mbainisteoirí bonneagair iarnróid, bainistíocht an bhonneagair a dheighilt ó sholáthar na seirbhísí iompair ar iarnród, rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar an mbonneagar iarnróid agus ar shaoráidí seirbhíse iarnróid a éascú, úsáid an bhonneagair iarnróid a mhuirearú agus faireachán a dhéanamh ar an margadh iarnróid. Aisghairfear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 leis an togra seo agus cuirfear in ionad an Rialacháin sin é, agus aistreofar forálacha ábhartha maidir leis an toilleadh a bhainistiú ó Threoir 2012/34/AE chuig an rialachán nua.

Gnéithe den phleanáil bonneagair iompair a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010, ionchorpraíodh iad sa togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán athbhreithnithe TEN‑T, a foilsíodh in 2021.

Comhlánaíonn an togra seo roinnt gnéithe de bheartas iarnróid an Aontais agus de bheartas iompair an Aontais. Áirítear orthu sin beartas maidir leis an margadh iarnróid a leagtar amach i dTreoir 2012/34/AE agus treoirlínte Comhphobail maidir leis an Státchabhair le haghaidh gnóthais iarnróid, beartas maidir le bonneagar iompair bunaithe ar Rialachán TEN‑T, an idir‑inoibritheacht iarnróid a leagtar amach sa Treoir maidir le hIdir‑inoibritheacht agus na sonraíochtaí teicniúla ábhartha idir‑inoibritheachta le haghaidh an iarnróid, mar aon le beartas iompair idirmhódúil a chuirtear chun feidhme tríd an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte agus ionstraimí eile.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Deimhníodh leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip sprioc an Aontais go mbainfear an aeráidneodracht amach faoi 2050 agus an gá le laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí iompair faoi 2050. Iarradh leis sin go mbeadh bearta níos láidre ann chun úsáid an iompair ilmhódúil a dhreasú agus go n‑aistreofaí cuid shubstaintiúil den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre, á aithint gurb amhlaidh ‘... go n‑éileofaí bearta chuige sin chun toilleadh na n‑iarnród a bhainistiú ar bhealach níos fearr, agus chun an é a mhéadú...’. Áiríodh ar gharspriocanna na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste méadú 50 % a dhéanamh ar an trácht lasta iarnróid faoi 2030 agus méadú 100 % faoi 2050, mar aon leis an trácht paisinéirí iarnróid ardluais a dhúbláil faoi 2030 agus a mhéadú faoi thrí faoi 2050. Tagraíodh sa Straitéis don ghá atá leis an gcomhordú agus leis an gcomhar trasteorann idir bainisteoirí bonneagair iarnróid a láidriú, chun an gréasán iarnróid a bhainistiú ar bhealach níos fearr ar an bhforiomlán, agus chun teicneolaíochtaí nua a úsáid chun borradh a chur faoin lasta iarnróid. Sa Straitéis, d’fhógair an Coimisiún go mbeartódh sé rialacha athbhreithnithe maidir leis an toilleadh iarnróid a leithdháileadh i gcomhréir le tionscnaimh leanúnacha na hearnála iarnróid. Sa Phlean gníomhaíochta chun borradh a chur faoin iarnród paisinéirí fad‑achair agus trasteorann, leag an Coimisiún a chuspóirí amach ar bhonn níos mionsonraithe, á fhógairt go n‑oibreodh sé ar thionscnamh chun feabhas a chur ar phróisis chun toilleadh a leithdháileadh agus trácht a bhainistiú, ar mhaithe leis an leithdháileadh toillte a chomhordú ar bhealach níos fearr sa chóras iarnróid foriomlán, agus seirbhísí paisinéirí agus lasta araon á gcumhdach.

Rannchuidíonn an tionscnamh chun Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 13 a bhaint amach freisin (‘Gníomhú go práinneach chun t‑athrú aeráide agus a thionchar a chomhrac’) toisc go ngríosófar forbairt na seirbhísí iarnróid ach an toilleadh a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus go mbeidh sé indéanta dá thoradh na seirbhísí a oiriúnú níos fearr do riachtanais na gcustaiméirí. Méadófar infhaighteacht agus úsáid an iarnróid leis sin mar mhodh iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Tá an togra reachtach seo ina chuid den Phacáiste tograí maidir le hIompar Lasta a Ghlasú lena gcumhdaítear roinnt mód iompair. Tá an pacáiste ina tháirge insoláthartha suntasach den Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus ina chuid de chlár oibre 2023 an Choimisiúin. Is é is aidhm dó dícharbónú an iompair lasta a thabhairt ar aghaidh, an t‑iompar idirmhódúil a chur chun cinn agus an limistéar Eorpach aonair iarnróid a chur i gcrích. I dteannta an togra seo, áirítear an méid seo a leanas leis:

an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte (Treoir 92/106/CEE ón gComhairle),

an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí (Treoir 96/53/CE ón gComhairle),

togra CountEmissionsEU an Aontais maidir le cuntasaíocht na n‑astaíochtaí san iompar a chomhchuibhiú.

Na bearta a thugtar isteach leis an togra reachtach seo, comhlánóidh siad feabhsuithe ar an toilleadh bonneagair iarnróid atáthar ag brath a dhéanamh leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán TEN‑T. Áirítear leis an athbhreithniú na naisc atá ar iarraidh ar ghréasán iarnróid TEN‑T a chur i gcrích, dlús a chur le cur in úsáid an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid, agus ceanglais maidir le bonneagar iarnróid i dtaca leis an iompar idirmhódúil a chur leis. I gcomhthráth leis sin, leanfar de ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun deireadh a chur le bacainní roimh an idir‑inoibritheacht mar chuid de cholún teicniúil an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an togra. Beartas d’inniúlachtaí comhroinnte atá san iompar. Ciallaíonn sé sin go mbíonn an tAontas agus na Ballstáit in ann reachtaíocht a rith agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacadh maidir leis an iompar. Feidhmíonn na Ballstáit a n‑inniúlacht féin i gcás nach bhfeidhmíonn an tAontas a inniúlacht féin, nó inar chinn sé gan déanamh amhlaidh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá reachtaíocht glactha ag an Aontas cheana féin maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus leis an trácht iarnróid a bhainistiú – Treoir 2012/34/AE lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (go háirithe Caibidil IV) agus Rialachán (AE) 913/2010 maidir le dorchlaí lasta iarnróid (go háirithe Caibidil IV). Léiríonn sé sin sprioc an bheartais go bhfíorófar limistéar Eorpach aonair iarnróid, ina mbeidh gnóthais iarnróid in ann seirbhísí iompair a sholáthar, lena n‑áirítear seirbhísí trasteorann, ar ghréasán a bheidh níos comhtháite agus níos idir‑inoibrithí de réir a chéile.

Tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun deireadh a chur le constaicí i reachtaíocht an Aontais a choisceann cur chun feidhme na dtionscnamh earnála chun bainistiú an toillte a nuachóiriú. D’fhéadfadh, i bprionsabal, dreasachtaí agus scéimeanna feidhmíochta a athdhearadh go náisiúnta, ach bheadh an raon feidhme is gá chun dul i ngleic le saincheisteanna trasteorann in easnamh. Ní féidir comhordú idirnáisiúnta níos éifeachtaí a bhaint amach gan cearta agus oibleagáidí dlíthiúla soiléire, ar gá iad a chomhchuibhiú, go pointe áirithe ar a laghad, ar fud an Aontais. Ar deireadh, mura dtabharfar aghaidh air ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh córais neamhréireacha, éagsúla a bheith á gcur in úsáid i mBallstáit dhifriúla de thoradh easpa comhchuibhithe/idir‑inoibritheachta na n‑uirlisí digiteacha.

Le gníomhaíocht ón Aontas, beifear in ann ionstraimí éifeachtúla agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun pleanáil straitéiseach an toillte bonneagair a chomhordú, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith i sainordú na gcomhlachtaí rialála maidir leis an trácht iarnróid trasteorann, agus rialacha comhchuibhithe a thabhairt isteach lena ndreasófar laghdú ar chealuithe na n‑iarrataí ar thoilleadh agus laghdú ar na leasuithe ar na hiarrataí sin.

Comhréireacht

Tugann an idirghabháil aghaidh ar na heasnaimh i rialacha an Aontais maidir leis an toilleadh a bhainistiú, rud a sainaithníodh sa mheastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 maidir le Dorchlaí Lasta Iarnróid (Rialachán RFC). Ní féidir aghaidh a thabhairt orthu sin ach ar leibhéal an Aontais. Leis na roghanna beartais, tugtar aghaidh ar ábhair a bhaineann leis an gcomhordú trasteorann maidir leis an toilleadh agus leis an trácht a bhainistiú, oibreacha bonneagair, agus scéimeanna feidhmíochta a dhéanann difear don trácht trasteorann agus nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go náisiúnta ná go déthaobhach dá bhrí sin, mar aon leis an bhformhaoirseacht rialála orthu. Láidreoidh an rialachán atá beartaithe an comhordú trasteorann, le haghaidh bainisteoirí bonneagair agus le haghaidh comhlachtaí rialála iarnróid araon, ach fágann sé an fhreagracht as an toilleadh a leithdháileadh ar bhainisteoirí bonneagair náisiúnta. Roghanna níos radacaí, lena n‑áireofaí codanna den phróiseas bainistíochta toillte a lárú, fuarthas réidh leo sa mheasúnú tionchair.

An rogha ionstraime

Tá sé d’aidhm ag an togra reachtach feabhas a chur ar gcreat atá ann cheana maidir leis an toilleadh iarnróid a leithdháileadh agus rialacha agus nósanna imeachta nua a thabhairt isteach maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus leis an trácht iarnróid a bhainistiú le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta, lena n‑áirítear bainistiú géarchéime agus bainistiú feidhmíochta. Chun é sin a dhéanamh, aisghairfidh an togra reachtach Rialachán RFC agus forálacha Threoir 2012/34/AE maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh 1 . Rialacha agus nósanna imeachta athbhreithnithe lena rialaítear toilleadh bonneagair iarnróid agus trácht iarnróid a bhainistiú, tabharfar isteach i bhfoirm rialacháin iad.

Trí chreat comhchuibhithe is infheidhme go díreach a leagan síos maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid agus leis an trácht iarnróid a bhainistiú, is bealach níos fearr é rialachán seachas treoir chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Cuirfidh rialachán deireadh leis na difríochtaí i rialacha agus i gcleachtais náisiúnta lena gcuirtear bac faoi láthair ar úsáid éifeachtúil thoilleadh bonneagair an iarnróid, go háirithe ar línte trasteorann. Áiritheoidh sé freisin cur chun feidhme aonfhoirmeach na mbeart nua atáthar ag brath a dhéanamh sa togra sa limistéar Eorpach aonair iarnróid. Tá sé sin tábhachtach agus ábhartha go háirithe toisc go mbíonn seirbhísí iarnróid trasteorann (an lasta iarnróid go háirithe) thíos le drochleibhéil iontaofachta, phoncúlachta agus intuarthachta.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2018, chuir an Coimisiún tuarascáil ar fáil maidir le Rialachán RFC a chur i bhfeidhm 2 , agus dá éis sin, in 2021, meastóireacht 3 .

Ba iad conclúidí ginearálta na meastóireachta gur teoranta an úsáid a baineadh as struchtúr na ndorchlaí, agus nach bhfuil sé éifeachtúil an toilleadh ar na dorchlaí lasta iarnróid agus ar an gcuid eile den ghréasán a bhainistiú ar leithligh. Ar an bhforiomlán, thángthas ar an gconclúid leis an meastóireacht gurb amhlaidh, ar an mórchóir, nár baineadh amach spriocanna Rialachán RFC.

Sainaithníodh leis an meastóireacht ceithre phríomhlaige i Rialachán RFC agus ina chur i bhfeidhm.

Ar dtús, ba lú úsáid na n‑ionad uileghnó agus na mbealaí traenach réamhshocraithe ná an méid lena raibh coinne. Níor chomhlíon cur chuige an ionaid uileghnó a chuspóir toisc gur cúngaíodh fócas an chomhordaithe leis do dhorchlaí aonair seachas don ghréasán iarnróid iomlán. Is é a d’fhág sé sin gur ghá d’oibreoirí seirbhíse lasta idirghníomhú le bainisteoirí bonneagair aonair fós dá mba rud é go raibh siad ag iarraidh bealach traenach a dhaingniú, lena n‑áirítear codanna lasmuigh de línte dorchla. Dá thoradh sin, seachas an próiseas a shimpliú, is ciseal riaracháin breise a bhí i gceist leis na hionaid uileghnó.

Ar an dara dul síos, níor thug Rialachán RFC aghaidh ar an ngá atá leis na huirlisí agus na nósanna imeachta a chomhchuibhiú, arb iad na huirlisí agus na nósanna imeachta iad a úsáidtear go náisiúnta chun an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Chuideodh sé sin chun feabhas a chur ar bhainistiú an toillte bonneagair le haghaidh an lasta iarnróid trasteorann. Níor sainordaíodh le Rialachán RFC úsáid na n‑uirlisí digiteacha sonracha, agus is réiteach neamhiomlán a bhí i gcur i bhfeidhm an Chórais um Chomhordú Conairí, a d’fhorbair páirtithe leasmhara iarnróid agus a tugadh isteach chun tacú leis an gcomhordú idir iarratasóirí ar an toilleadh bonneagair iarnróid agus na hionaid uileghnó.

Ar an tríú dul síos, ní dhearna páirtithe leasmhara faireachán cuimsitheach ar fheidhmíocht na seirbhísí lasta iarnróid chun pleananna éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht. Tugadh an faireachán feidhmíochta isteach go sainráite le Rialachán RFC mar chúram le haghaidh boird bhainistíochta na ndorchlaí lasta, ach taispeánadh leis an meastóireacht go ndearnadh faillí i roinnt gnéithe tábhachtacha san fhaireachán feidhmíochta, amhail an phoncúlacht ó dhoras go doras.

Ar deireadh, ní dhearnadh ach beagán dul chun cinn le feabhas a chur ar an mbainistíocht agus ar an gcomhordú tráchta le críochfoirt lasta. Chun lasta a luchtú agus a dhíluchtú, bíonn gá ag traenacha lasta le toilleadh ag saoráidí ainmnithe ar a dtugtar críochfoirt. Príomhfhadhb amháin is ea an easpa comhordaithe agus ailínithe idir an toilleadh a bhíonn ar fáil ar an ngréasán iarnróid agus infhaighteacht an toillte ag críochfoirt. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tugadh grúpa comhairleach d’oibreoirí críochfoirt isteach le Rialachán RFC le haghaidh bhoird bhainistíochta na ndorchlaí agus sainordaíodh forbairt agus cur chun feidhme na nósanna imeachta chun an toilleadh a chomhordú idir críochfoirt agus an gréasán iarnróid. Mar sin féin, is cosúil nach raibh ach tionchar teoranta ag oibreoirí críochfoirt ar chinntí bhoird bhainistíochta na ndorchlaí. Dá thoradh sin, bíonn an comhordú le críochfoirt fo‑optamach, rud a fhágann go mbaineann drochleibhéil phoncúlachta agus iontaofachta do thraenacha lasta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha le linn phróiseas an mheasúnaithe tionchair.

Reáchtáladh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin in 2022. Áiríodh na nithe seo a leanas orthu:

comhairliúchán maidir leis an nglao ar fhianaise 4 ,

comhairliúchán poiblí oscailte 5 ,

dhá chruinniú de ghrúpa fócais, arna n‑éascú ag conraitheoirí seachtracha,

suirbhéanna agus agallaimh, arna n‑éascú ag conraitheoirí seachtracha,

dhá theagmhas le páirtithe leasmhara: teagmhas amháin le bainisteoirí bonneagair (arna eagrú ag an gCoimisiún trí PRIME 6 ) agus teagmhas eile le gnóthais iarnróid (arna eagrú ag an gCoimisiún trí ardán Idirphlé na nGnóthas Iarnróid 7 ).

Ar na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo, áiríodh bainisteoir bonneagair iarnróid, gnóthais iarnróid (idir iarnród paisinéirí agus iarnród lasta), comhaltaí bhoird feidhmiúcháin agus bhainistíochta na ndorchlaí lasta iarnróid, oibreoirí críochfoirt, seoltóirí lasta, ionadaithe ó aireachtaí iarnróid na mBallstát, comhlachtaí rialála iarnróid náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, lucht acadúil agus saoránaigh.

Úsáideadh torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal tacaíochta foriomlán leis an tionscnamh agus ar ábharthacht na bhfadhbanna a sainaithníodh agus arb é is aidhm don togra reachtach dul i ngleic leo, chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na mbeart beartais atáthar ag brath a dhéanamh agus ar an leibhéal tacaíochta leo, agus chun ionchur breise saineolaithe a sholáthar don mheasúnú ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na mbeart.

Taispeánadh le freagairtí ar an nglao ar fhianaise agus ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte gur chomhaontaigh formhór na bhfreagróirí leis na fadhbanna a sainaithníodh agus go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann i measc na bpáirtithe leasmhara leis an tionscnamh ar an bhforiomlán.

Ar an bhforiomlán, thug na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo measúnú dearfach ar na bearta a bheartaítear leis an tionscnamh. Mar shampla, thacaigh beagnach na páirtithe leasmhara uile a ndeachthas i gcomhairle leo le nósanna imeachta níos solúbtha agus níos iontaofa a thabhairt isteach maidir leis an toilleadh a leithdháileadh, i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh (agus an tionscadal Timetable Redesign for Smart Capacity Management [Tráthchláir a Athdhearadh chun an Toilleadh a Bhainistiú go Cliste] ar a dtugtar tionscadal TTR go coiteann ina inspioráid lena aghaidh). Tacaíonn siad freisin le bearta a thabhairt isteach chun forbairt agus úsáid na n‑uirlisí digiteacha a spreagadh chun an toilleadh bonneagair agus trácht iarnróid a bhainistiú.

Mar sin féin, bhí tuairimí na bpáirtithe leasmhara faoi na roghanna beartais a scrúdaíodh sa mheasúnú tionchair níos ilghnéithí, agus b’fhearr le formhór na mbainisteoirí bonneagair cur chuige na rogha beartais ina mbaintear cuspóirí an togra amach tríd an gcomhar idir bainisteoirí bonneagair aonair, ach b’fhearr le roinnt mhaith gnóthas iarnróid cur chuige na rogha beartais ina ndéanann eintiteas lárnach an bhainistíocht toillte agus tráchta a chomhordú.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Rinne conraitheoir seachtrach staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair ar an togra. An staidéar, a seoladh i mí na Nollag 2021, tháinig sé chun deiridh i mí Feabhra 2023. Thug sé léargais luachmhara don Choimisiún, go háirithe faoin mbealach ab fhearr chun na roghanna beartais a dhearadh agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair dá gcuid lena bhfuil coinne, agus faoin mbealach chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a ndéantar difear díreach dóibh a fháil.

Measúnú tionchair

Cuirtear bonn eolais faoi bhearta beartais an togra seo le torthaí measúnaithe tionchair. Fuair an tuarascáil ar an measúnú tionchair 8 tuairim dhearfach ó Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin 9 . Ina thuairim uaidh, d’eisigh an Bord roinnt moltaí faoin mbealach chun na hargóintí sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a chur i láthair. Pléadh na moltaí sin; In Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, soláthraítear breac‑chuntas achomair ar an gcaoi a ndearnadh é sin.

Breithníodh ceithre rogha beartais i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair.

Forbairt éabhlóideach ar an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair is ea Rogha beartais 1, lena gcoinnítear cur chuige an dorchla ar bun i leith chomhordú trasteorann na bainistíochta toillte agus tráchta mar a leagtar amach i Rialachán RFC.

I gcodarsnacht leis sin, is é ‘cur chuige gréasáin’ atá i gceist le roghanna beartais 2, 3 agus 4, ina mbeidh raon feidhme na mbeart maidir leis an mbainistíocht toillte agus tráchta níos leithne ná línte dorchla 10 , agus lena dtabharfar comhchuibhiú agus nuachóiriú níos cuimsithí isteach le haghaidh na rialacha agus na nósanna imeachta chun an toilleadh agus trácht a bhainistiú. Is é an phríomhdhifríocht idir na roghanna beartais sin déine agus uaillmhian na gceanglas, agus a mhéid a lárófar an próiseas cinnteoireachta.

Braitheann rogha beartais 2 ar an gcomhar deonach idir bainisteoirí bonneagair, gan aon struchtúr comhordaithe láraithe ann ar leibhéal an Aontais nó gan ach struchtúir an‑teoranta den sórt sin.

Le Rogha beartais 3, leathnaítear rogha beartais 2, óna bhfaigheann sé formhór na mbeart dá chuid, trí fhreagrachtaí breise as an gcomhchuibhiú a chur ar iontaoibh comhlachtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais, agus an oiread úsáide agus is féidir á baint as eintitis atá ann cheana.

Le rogha beartais 4, leathnaítear sainchúram an chomhlachta comhordaithe a tugadh isteach i rogha beartais 3 trí chúraimí oibríochtúla agus cinnteoireachta a chur leis, amhail an inniúlacht chun cinntí críochnaitheacha a dhéanamh i gcás easaontú/neamhailíniú idir bainisteoirí bonneagair, agus feidhm bainistíochta tráchta Eorpach a chur ar bun chun mórtheagmhais a bhainistiú (‘cill ghéarchéime’).

Sainaithnítear rogha beartais 3 leis an measúnú mar an rogha beartais ab fhearr ós rud é go mbaintear amach léi an chothromaíocht is fearr idir na cuspóirí atá le gnóthú, méid comhréireachta na hidirghabhála, na costais agus na tairbhí a bhaineann léi agus inchreidteacht an mheasúnaithe ar thionchair.

Trí chreat comhchuibhithe is infheidhme go díreach a thabhairt isteach chun bonneagar agus trácht iarnróid a bhainistiú, rannchuideoidh an togra reachtach chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach, is é sin, a bheith ag freastal ar mhéideanna tráchta níos mó ar an ngréasán iarnróid, ar mhaithe le custaiméirí ar paisinéirí iad mar aon le custaiméirí lasta iarnróid. Leis an toilleadh breise a eascróidh as an togra, tá coinne leis go ndéanfar méadú 4 % ar an trácht iarnróid (arna shloinneadh in km traenach), arb é beagnach 250 milliún km traenach de thoilleadh breise a bheadh i gceist leis sin. I dtéarmaí airgeadaíochta, meastar go nginfidh an toilleadh breise sin luach eacnamaíoch EUR 2 500 milliún le haghaidh gnóthais iarnróid. I gcás tomhaltóirí deiridh, ciallaíonn an toilleadh breise a eascraíonn as an togra reachtach seo go dtairbheoidh paisinéirí de níos mó nasc agus de mhinicíochtaí seirbhíse níos airde le haghaidh naisc atá ann cheana. Ar an gcaoi chéanna, sa deighleog lasta, tairbheoidh seoltóirí de rogha níos mó. Leis an togra seo, beidh an próiseas chun an toilleadh a leithdháileadh níos éifeachtúla freisin trí bhearta a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar chobhsaíocht na mbealaí traenach leithdháilte, rud a ghinfidh thart faoi EUR 420 milliún de choigilteas costais le haghaidh gnóthais iarnróid agus méid comhchosúil le haghaidh bainisteoirí bonneagair. Leis an togra seo freisin, cuirfear feabhas ar chomhordú trasteorann na srianta sealadacha ar an toilleadh, rud a fhágfaidh go mbeidh an t‑iompar ar iarnród níos iontaofa. Tá coinne leis go n‑eascróidh feabhsuithe ar an bponcúlacht as bearta éagsúla an togra freisin, rud a fhágfaidh EUR 658 milliún de ghnóthachan eacnamaíoch measta le haghaidh gnóthais iarnróid. Le hiontaofacht agus poncúlacht mhéadaithe, beidh seirbhísí lasta iarnróid níos tarraingtí do sheoltóirí lasta, rud a chuideoidh chun iomaíochas an lasta iarnróid a mhéadú vis‑à-vis an t‑iompar ar bóthar. Ar an gcaoi chéanna, tairbheoidh paisinéirí de líon níos lú cealuithe agus den phoncúlacht fheabhsaithe. In éineacht leis an méadú lena bhfuil coinne ar na naisc a bheidh ar fáil, cuideoidh na tairbhí sin chun feabhas a chur ar iomaíochas an iompair ar iarnród vis‑à-vis an t‑iompar aeir sa deighleog paisinéirí, go háirithe ar bhealaí trasteorann mar ar cheart luach breise suntasach a bheith ann agus creat comhchuibhithe á thabhairt isteach chun an toilleadh agus an trácht a bhainistiú. Ar deireadh, tá coinne leis go n‑eascróidh coigilteas costais riaracháin as an togra freisin le haghaidh údaráis phoiblí náisiúnta a bhuí le creat dlíthiúil comhchuibhithe a bheith á chur chun feidhme maidir leis an toilleadh agus an trácht iarnróid a bhainistiú, mar aon le deireadh a bheith á chur de réir a chéile le dorchlaí lasta iarnróid. Meastar gur EUR 2.6 milliún a bheidh i gceist leis an gcoigilteas sin, arna shloinneadh i luachanna atá ann faoi láthair, i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050.

Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag an togra reachtach ar an bhfostaíocht san earnáil iarnróid freisin (a mheastar thart faoi 42 000 post breise a bheith i gceist in aghaidh na bliana ar an meán i gcoibhneas leis an mbunlíne), ón méadú ar an toilleadh bonneagair a bheidh ar fáil agus ón méadú atá bainteach leis sin ar an trácht iarnróid lena bhfuil coinne a chruthófar leis na bearta.

Ar deireadh, tá coinne leis go mbeidh tionchair mheasartha ach dhearfacha ag an togra reachtach ar an aeráid agus ar an gcomhshaol (tuartar leis na meastacháin go n‑eascróidh laghdú thart faoi 26 mhilliún tona ar astaíochtaí CO2 as an rogha beartais ab fhearr i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050 i gcomparáid leis an mbunlíne).

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá gné oiriúnachta rialála shuntasach ag an togra reachtach seo toisc go mbeartaítear leis na rialacha maidir le bainistiú an toillte bonneagair iarnróid a chuíchóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta chun freastal ar bhealach níos fearr ar riachtanais na ndeighleog margaidh iarnróid difriúil, go háirithe an lasta trasteorann. Leis an togra, is é a chuirfear in ionad an chreata dhlíthiúil atá ann cheana maidir leis an toilleadh bonneagair agus trácht iarnróid a bhainistiú i Rialachán RFC agus i gcodanna de Threoir 2012/34/AE, creat aonair, is infheidhme go díreach, le haghaidh ghréasán iomlán an Aontais.

Tá coinne leis go n‑eascróidh coigilteas costais riaracháin as an rogha beartais ab fhearr le haghaidh údaráis phoiblí a bhuí le creat dlíthiúil comhchuibhithe a bheith á chur chun feidhme maidir leis an toilleadh agus trácht iarnróid a bhainistiú agus dorchlaí lasta iarnróid a dhíothú, a mheastar gur EUR 2.6 milliún a bheidh i gceist, i gcoibhneas leis an mbunlíne agus arna shloinneadh i luachanna atá ann faoi láthair i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050. Simpleofar ábhair leis an tionscnamh le haghaidh iarratasóirí ar thoilleadh a bhfuil páirt acu i seirbhísí iarnróid trasteorann tríd an leithdháileadh toillte a dhéanamh níos éifeachtúla. Déanfaidh sé laghdú de mhéid measta EUR 8.2 milliún ar chostais riaracháin le haghaidh bainisteoirí bonneagair freisin, i gcoibhneas leis an mbunlíne agus arna shloinneadh i luachanna atá ann faoi láthair i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050.

Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an togra ar chosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Bainfidh impleachtaí buiséadacha leis an rogha beartais ab fhearr don Choimisiún.

Leis an rialachán atá beartaithe maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach Aonair iarnróid, tá trí ghníomhaíocht chomhordaithe chomhlántacha ag gabháil, a soláthróidh an Coimisiún comhchistiú lena n‑aghaidh.

Ar dtús, soláthrófar comhchistiú ón Aontas chun tacú leis an gComhordaitheoir Gréasáin bainisteoirí bonneagair a chomhordú. Ceanglaítear leis an togra reachtach ar bhainisteoirí bonneagair aonair tacaíocht chomhchistiúcháin a sholáthar freisin le haghaidh ghníomhaíochtaí an Chomhordaitheora Gréasáin.

Ar an dara dul síos, soláthróidh an Coimisiún tacaíocht chomhchistiúcháin chun cuidiú chun rúnaíocht a chur ar bun le haghaidh chomhar na gcomhlachtaí rialála náisiúnta, a gceanglaítear orthu comhchistiú a sholáthar don rúnaíocht freisin.

Ar an tríú dul síos, cruthófar grúpa neamhspleách de shaineolaithe iarnróid leis an togra reachtach chun comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach, an ‘Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta’, a mbeidh sé de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht an bhonneagair iarnróid agus na seirbhísí iompair. Soláthróidh an Coimisiún cistiú chun na costais iomlána do chomhaltaí an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta, as páirt a ghlacadh ann, a chumhdach.

Cuirtear buiséad EUR 5.5 billiún in áirithe go bliantúil le haghaidh na dtrí ghníomhaíocht comhordaithe sin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an togra seo trí roinnt gníomhaíochtaí agus táscairí chun an dul chun cinn a dhéantar i dtreo cuspóirí oibríochtúla a bhaint amach a thomhas. Forbrófar na táscairí agus na cuspóirí oibríochtúla sin ar bhonn na comhairle a gheofar ón gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta. Is é gréasán Eorpach na mbainisteoirí bonneagair a sholáthróidh na sonraí, go háirithe an comhlacht oibríochtúil a thacaíonn lena chuid oibre (an Comhordaitheoir Gréasáin), ar comhlacht é a ghlacfaidh páirt agus cuspóirí oibríochtúla á sainiú freisin.

Tá coinne ag an gCoimisiún go bhfaighidh sé sonraí agus anailís ar fhorbairtí agus ar chur chun feidhme an mhargaidh iarnróid ó Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid freisin.

Forbrófar na táscairí feidhmíochta sin chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí bhearta an togra. Mar sin féin, tá coinne leis go bhféadfaidh siad sineirgí áirithe le tograí agus beartais iompair eile an Aontais a léiriú freisin, amhail an togra maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán TEN‑T.

Soláthróidh an togra an bunús dlí chun rialacha, nósanna imeachta agus teimpléid níos mionsonraithe a fhorbairt, nithe a bheidh le leagan amach i ngníomhartha neamhreachtacha. Ní mór dul i bhfeidhm na ngníomhartha neamhreachtacha a eascraíonn as an togra a chumhdach leis an tréimhse cur chun feidhme freisin dá bhrí sin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht 5 bliana tar éis dheireadh na tréimhse cur chun feidhme chun a mhéid atá cuspóirí an tionscnaimh bainte amach a fhíorú.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá forálacha ginearálta i gCaibidil I. Tugtar tuairisc inti ar ábhar an Rialacháin atá beartaithe, lena leagtar síos rialacha chun a cheadú go mbainisteofar an toilleadh bonneagair iarnróid agus an trácht iarnróid ar bhealach lena mbarrfheabhsófar úsáid an ghréasáin, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht na seirbhísí agus a fhreastalóidh ar mhéideanna tráchta níos mó. Leagtar amach raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe sa Chaibidil. Leagtar síos inti freisin freagrachtaí ginearálta na mbainisteoirí bonneagair iarnróid agus na prionsabail nach mór dóibh cloí leo i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, agus tugtar sainmhínithe inti atá tábhachtach le haghaidh an Rialacháin atá beartaithe.

Leagtar amach na rialacha ginearálta le Caibidil II maidir leis an toilleadh a bhainistiú. Le roinn 1, maidir le prionsabail ghinearálta, leagtar síos trí chéim an phróisis chun an toilleadh a phleanáil agus a leithdháileadh: pleanáil straitéiseach an toillte (ar a dtugtar aghaidh ar bhealach níos mionsonraithe i roinn 2 de Chaibidil II), an toilleadh a sceidealú agus a leithdháileadh (roinn 3), agus an toilleadh a oiriúnú agus athsceidealú (roinn 4). Tá oibleagáidí sa chaibidil a bhíonn ar bhainisteoirí bonneagair maidir le creat Eorpach a fhorbairt i gcomhpháirt chun an toilleadh a bhainistiú. Tugtar aghaidh le forálacha sonracha ar an toilleadh bonneagair tearc a bhainistiú agus ar shrianta ar an toilleadh a eascraíonn as obair ar bhonneagar agus as bonneagar díghrádaithe.

Tugtar oibleagáidí isteach le Caibidil III a bhaineann leis an mbainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime agus cuirtear de cheangal ar bhainisteoirí bonneagair creat Eorpach a fhorbairt i gcomhpháirt maidir le comhar trasteorann i leith na saincheisteanna sin. Áirithítear le forálacha sonracha gur féidir leis na Ballstáit, i ngéarchéim, iarratas a dhéanamh ar bhearta éigeandála chun an toilleadh agus trácht iarnróid a bhainistiú.

Tugtar creat um athbhreithniú feidhmíochta isteach le Caibidil IV. Chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid san Aontas, tugtar de chúram do Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (ENIM) faireachán a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den fheidhmíocht agus tuarascálacha bliantúla poiblí a chur ar fáil faoin bhfeidhmíocht. Tabharfaidh Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta nuachruthaithe comhairle agus moltaí faoi ábhair a bhaineann le feidhmíocht.

Tá forálacha i gCaibidil V maidir leis an struchtúr eagrúcháin le haghaidh an chomhordaithe idir bainisteoirí bonneagair. Maidir le ENIM, a bunaíodh faoi Threoir 2012/34/AE, láidrítear le Comhordaitheoir Gréasáin é a thacóidh leis, mar aon le pointí fócasacha ainmnithe le haghaidh bainisteoirí bonneagair. Tá rialacha sa chaibidil freisin maidir leis an mbainistiú toillte a dhigiteáil.

Tá forálacha i gCaibidil VI maidir leis an maoirseacht rialála ar an mbainistiú toillte agus tráchta, rud a leathnaíonn cúraimí agus freagrachtaí Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB) i leith ábhair a bhaineann leis an Aontais agus ábhair thrasteorann. Chuige sin, beidh Bord Comhlachtaí Rialála ag ENRRB mar chomhlacht cinnteoireachta agus Rúnaíocht a thacóidh leis an mBord.

Tá forálacha críochnaitheacha i gCaibidil VII lena gcumhdaítear gníomhartha tarmligthe agus an mheastóireacht a dhéanfar ar an Rialachán amach anseo. Tá leasuithe inti ar Threoir 2012/34/AE agus aisghairtear Rialachán RFC léi mar aon le hairteagail shonracha de Threoir 2012/34/AE, a dtagann an Rialachán nua ina hionad. Táthar ag brath bearta idirthréimhseacha a dhéanamh chun aistriú rianúil chuig an gcreat dlíthiúil nua a áirithiú.

2023/0271 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 11 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 12 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ 13 , leagtar síos cuspóir aeráidneodrachta a bheidh le gnóthú ag an Aontas faoi 2050 mar aon le cuspóir soiléir na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Éilítear laghdú 90 % léi ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar, le linn oibriú i dtreo na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach 14 chun laghdú de bhreis agus 55 % a dhéanamh ar thionchair na n‑astaíochtaí truailleán aeir ar an tsláinte agus laghdú 30 % a dhéanamh ar an sciar daoine a gcuireann torann iompair isteach orthu ar bhonn ainsealach faoi 2030. Is leis an iompar a bhaineann thart faoi 25 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais, agus tá méadú tagtha ar na hastaíochtaí sin le blianta beaga anuas. Tá sciar shubstaintiúil den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre ina thosaíocht sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Toisc gur modh iompair é an t‑iarnród a bhfuil cuid mhór de leictrithe agus fuinneamhéifeachtúil, ba cheart úsáid níos mó a bheith á baint as seirbhísí iarnróid rannchuidiú chun astaíochtaí agus ídiú fuinnimh an iompair a laghdú.

(2)Leis an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 15 , leagtar garspriocanna amach chun conair chóras iompair an Aontais a léiriú i dtreo cuspóirí na soghluaisteachta inbhuanaithe, cliste agus athléimní a bhaint amach. Táthar ag brath léi gur cheart méadú 50 % teacht ar an trácht lasta iarnróid faoi 2030 agus é a bheith dhá oiread níos mó faoi 2050; ba cheart an trácht ar an iarnród ardluais a bheith dhá oiread níos mó faoi 2030 agus trí oiread níos mó faoi 2050 agus ba cheart an taisteal comhchoiteann sceidealaithe faoi 500 km a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030 laistigh den Aontas. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart an t‑iompar ar iarnród a bheith níos tarraingtí i dtéarmaí inacmhainneachta agus iontaofachta, agus ba cheart seirbhísí a bheith oiriúnaithe níos fearr do riachtanais na dtaistealaithe agus na seoltóirí lasta.

(3)Le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir leis an mbonneagar iarnróid a bhainistiú agus a oibriú agus na prionsabail agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta.

(4)Le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , déantar foráil maidir le dorchlaí lasta iarnróid agus ionaid uileghnó a bhunú chun iarrataí ar thoilleadh bonneagair a éascú le haghaidh seirbhísí lasta iarnróid idirnáisiúnta.

(5)Baineann ríthábhacht leis an toilleadh bonneagair agus trácht iarnróid a bhainistiú ó thaobh dhea‑fheidhmiú na hearnála iarnróid de. Is gá oibriú na seirbhísí iompair ar iarnród a phleanáil agus a chomhordú go cúramach chun go mbeidh traenacha ag a bhfuil saintréithe an‑difriúil, amhail luas agus achar coscánaithe, in ann na ráillí céanna a chomhroinnt go sábháilte. Cruthaítear tuilleadh deiseanna le haghaidh seirbhísí iarnróid ach an toilleadh a bhainistiú ar bhealach barrfheabhsaithe, agus méadaítear iontaofacht na seirbhísí sin le bainistíocht den sórt sin freisin. Leis an rialachán, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a sholáthar do bhainisteoirí bonneagair chun an toilleadh a bhainistiú go héifeachtach agus é á chinntiú go láimhseálfar na gnóthais iarnróid uile gan idirdhealú i dtéarmaí a rochtana ar an ngréasán.

(6)Aithnítear le Treoir 2012/34/AE ceart na mBallstát gan na rialacha maidir le leithdháileadh an toillte bonneagair iarnróid a chur i bhfeidhm maidir le codanna áirithe den ghréasán iarnróid nó seirbhísí iarnróid áirithe, i gcás nach ndéanfadh eisiamh den sórt sin ó raon feidhme dhlí an Aontais difear d’fheidhmiú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Ba cheart feidhm a bheith ag na heisiaimh sin fós agus ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit fós chun eisiaimh den sórt sin a iarraidh amach anseo i ndáil leis an Rialachán seo freisin.

(7)Ba cheart riachtanais dheighleoga uile an mhargaidh iarnróid a léiriú ar bhealach níos fearr leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Ba cheart a chur san áireamh leo go háirithe riachtanas na cobhsaíochta fadtéarmaí a bheith i gceist le toilleadh a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus riachtanas na solúbthachta gearrthéarmaí le haghaidh trácht lasta chun freagairt d’éileamh an mhargaidh. Dá bhrí sin, níor cheart gurb é fócas bliantúil an fócas is mó a bheidh i gceist leis an bpróiseas chun an toilleadh a bhainistiú a thuilleadh, ach an toilleadh a shocrú i dtrí chéim den phleanáil straitéiseach toillte i ndiaidh a chéile; seirbhísí iarnróid a sceidealú agus an toilleadh a leithdháileadh; agus an toilleadh a oiriúnú agus a athsceidealú. Ach céimeanna a thabhairt isteach a bheidh sainithe agus struchtúraithe ar bhealach níos fearr, agus lena ndéanfar foráil maidir le féidearthacht na pleanála fadtéarmaí agus an oiriúnaithe ghearrthéarmaigh maidir leis an toilleadh a bhainistiú, is iad seirbhísí nach mbíonn chomh héasca sin le pleanáil roimh ré nó a bhíonn níos casta le socrú a thairbheodh de sin go háirithe, amhail traenacha lasta agus traenacha paisinéirí trasteorann.

(8)Tá méadú ag teacht ar an gcion de ghréasán iarnróid an Aontais atá plódaithe nó gar do bheith plódaithe agus nach féidir leis freastal ar na riachtanais maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhíonn ag na hiarratasóirí uile ná tacú le tuilleadh fáis ar an méid iompair ar iarnród. Le forbairt agus digiteáil an bhonneagair, i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil don idir‑inoibritheacht arna forbairt faoi Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (‘ERTMS’), tá coinne leis go n‑eascródh méadú astu sin ar an toilleadh a bheidh ar fáil sa mheántéarma go dtí an fadtéarma. Mar sin féin, ceanglófar ar bhainisteoirí bonneagair tosaíochtaí a shannadh chun úsáid a bhaint as stráicí plódaithe. Gan dochar do na prionsabail ghinearálta maidir le tosaíocht atá leagtha amach ag na Ballstáit sa chreat maidir leis an toilleadh bonneagair a leithdháileadh, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair cinntí a dhéanamh maidir le tosaíochtaí agus úsáid á baint as modheolaíochtaí comhchuibhithe trédhearcacha lena soiléireofar an bealach ar cuireadh tosca sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil san áireamh agus an bealach a ndearna siad difear dá gcinneadh.

(9)Ba cheart feabhas a chur ar an leas a bhaintear as an mbonneagar iarnróid ach an toilleadh a phleanáil go straitéiseach, tríd an éileamh ar sheirbhísí iarnróid a thuar agus trí fhorbairt, athnuachan agus cothabháil phleanáilte an bhonneagair a chur san áireamh. Ba cheart a áirithiú leis an bpleanáil sin go leithdháilfear toilleadh bonneagair an iarnróid ar bhealach lena n‑uasmhéadófar luach na seirbhísí iarnróid don tsochaí. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair a áirithiú go soláthraíonn pleanáil straitéiseach leibhéal sonraí atá ag méadú de réir a chéile faoin toilleadh atá ar fáil agus go bhfuil sí mar bhonn le leithdháileadh an toillte.

(10)Chun a áirithiú go bhfuil an toilleadh ar fáil lena leithdháileadh ar dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid agus go háirithe do sheirbhísí lasta agus iarnróid trasteorann, ba cheart cead a bheith ag bainisteoirí bonneagair úsáid an toillte a réamhphleanáil ar stráicí den líonra iarnróid atá plódaithe nó a mbaintear úsáid mhór astu agus pleanáil den sórt sin a leathnú chuig stráicí eile den líonra má mheastar gur gá. Ba cheart a chur san áireamh leis an réamhphleanáil sin ar thoilleadh na modhanna éagsúla chun toilleadh a leithdháileadh agus saintréithe dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid. Ba cheart don réamhphleanáil sin úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid trí thraenacha a bhfuil saintréithe comhchosúla feidhmíochta acu a ghrúpáil ag an gcéim leithdháilte toillte.

(11)Agus toilleadh á leithdháileadh, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair cloí leis na pleananna straitéiseacha maidir le toilleadh a sholáthar agus an tráth céanna a áirithiú go leithdháiltear toilleadh i gcomhréir le héileamh an mhargaidh ar bhealach cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach. Chun na críche sin, féadfar roinnt iarrataí ar thoilleadh a dhiúltú agus ní mór an plean um toilleadh a sholáthar a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an t‑éileamh iarbhír a léiriú.

(12)Tá cumais éagsúla ag deighleoga éagsúla an mhargadh iarnróid chun a riachtanais maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a réamh‑mheas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt soláthraithe seirbhísí lasta, go háirithe, in ann a riachtanais maidir le toilleadh a shainaithint in am chun iad a áireamh sa tráthchlár oibre, is é sin sa phlean bliantúil le haghaidh gluaiseacht traenacha agus rothstoic, agus d’fhéadfadh sé nach n‑oirfidh siad dá sceideal bliantúil. Dá bhrí sin, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair a bheith in ann toilleadh de cháilíocht agus de chainníocht leordhóthanach a thairiscint freisin i gcás seirbhísí iarnróid a bhfuil éileamh éagobhsaí orthu, a eagraítear faoi fhógra réasúnta gearr, a chuimsíonn níos mó ná rith traenach aonair, agus a fhéadfaidh rith arís agus arís eile ar feadh tréimhse ama a d’fhéadfadh gan a bheith comhthráthach le fad thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre.

(13)Ba cheart d’iarratasóirí ar thoilleadh bonneagair iarnróid a bheith in ann toilleadh bonneagair iarnróid a phleanáil agus a iarraidh ar bhonn bliantúil tríd an amchlár oibre. Ba cheart d’iarratasóirí a bheith in ann toilleadh bonneagair iarnróid a iarraidh le dul chun cinn níos fearr le haghaidh seirbhísí iarnróid cobhsaí, ilbhliantúla trí chreatchomhaontuithe. Ar deireadh, ba cheart iarratasóirí a bheith in ann toilleadh a iarraidh gar don am oibríochta do thraenacha aonair trí iarrataí ar thoilleadh ad hoc nó do sheirbhísí traenach a oibrítear arís agus arís eile trí iarrataí rollacha pleanála.

(14)Is iompar fad‑achar é sciar mór den iompar lasta iarnróid agus éilíonn sé comhordú trasteorann idir bainisteoirí bonneagair. Bíonn sprioc an bheartais maidir le trácht iarnróid a mhéadú ag brath freisin ar sheirbhísí paisinéirí trasteorann a mhéadú. Chun méadú ar thrácht trasteorann sa limistéar Eorpach aonair iarnróid a éascú agus a chur chun cinn, is gá comhsheasmhacht agus comhchuibhiú níos fearr a áirithiú maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Dá réir sin, ba cheart ról Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair a neartú d’fhonn forbairt treoirlínte le haghaidh chur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, agus le comhordú gníomhach an toillte agus tráchta trasteorann, a chur ar iontaoibh aige. Go háirithe, ba cheart do Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair creata Eorpacha a fhorbairt le haghaidh bainistiú toillte, chun bainistiú tráchta trasteorann, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a chomhordú, agus le haghaidh an athbhreithnithe feidhmíochta.

(15)Ba cheart do na creataí Eorpacha arna bhforbairt ag Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair treoirlínte a sholáthar ar cheart do bhainisteoirí bonneagair a ndícheall a dhéanamh iad a leanúint, agus freagracht as a gcinntí oibríochtúla á coinneáil ag an am céanna. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair aon imeacht ó na creataí arna bhforbairt ag Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair a thionscnamh. Meastar go mbaintear an chothromaíocht amach leis an gcur chuige seo idir riachtanais chomhordaithe agus cur i bhfeidhm cineálacha cur chuige comhchuibhithe sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, agus an gá atá le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a oiriúnú do chúinsí sonracha limistéar geografach ar leith. Agus 5 bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm caite, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú cé acu an mbarántaíonn nó nach mbarántaíonn staid chóineasaithe nósanna imeachta agus modheolaíochtaí agus éifeachtacht an phróisis chomhordaithe idir bainisteoirí bonneagair, chomh maith leis an dul chun cinn ginearálta maidir le bunú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, reachtaíocht thánaisteach a thabhairt isteach chun eilimintí arna bhforbairt ag na creataí Eorpacha trí Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair a ionadú.

(16)Leis na rialacha maidir le trácht trasteorann iarnróid a bhainistiú faoi ghnáthchoinníollacha agus, i gcás suaití, ba cheart oibriú rianúil, athléimneach agus gan uaim na seirbhísí iompair ar iarnród a chur chun cinn. Ba cheart foráil a dhéanamh leo maidir le córas comhordaithe struchtúrtha idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara eile.

(17)Ní hamháin go n‑éilítear dlúthchomhar idir bainisteoirí bonneagair chun bonneagar iarnróid a oibriú, ach éilítear idirghníomhú láidir freisin le gnóthais iarnróid agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint dhíreach acu le hoibríochtaí iompair agus lóistíochta iarnróid agus ilmhódaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le comhordú struchtúrtha idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara eile.

(18)Tá iontaofacht seirbhísí iarnróid ar cheann de na gnéithe is mó a bhfuil meas ag custaiméirí iarnróid air. Is gné chriticiúil í iontaofacht na sceideal freisin maidir le feidhmiú rianúil an chórais iarnróid, i gcás ina bhfuil idirghníomhaíochtaí láidre idir seirbhísí agus seachtrachtaí gréasáin. Ar an ábhar sin, ba cheart imeachtaí ón sceideal a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ina theannta sin, ba cheart córas dreasachtaí leordhóthanacha a thabhairt isteach chun comhlíonadh gealltanas ó bhainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a chur chun cinn. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith de chineál eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch araon.

(19)Réamhchoinníoll chun feidhmíocht na seirbhísí sin a fheabhsú is ea faireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht an bhonneagair iarnróid agus na seirbhísí iompair. Is gá, dá bhrí sin, córas trédhearcach agus oibiachtúil táscairí a bhunú lena soláthraítear aiseolas ar ghnéithe den fheidhmíocht atá ábhartha do na páirtithe leasmhara oibríochtúla éagsúla agus do chustaiméirí deiridh na seirbhísí iompair ar iarnród. Ba cheart príomhfheidhm an chórais sin a dhíriú ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna dtabhairt ag na páirtithe leasmhara oibríochtúla agus ar dhul chun cinn na feidhmíochta le himeacht ama, agus imthosca agus saintréithe éagsúla laistigh den earnáil iarnróid á gcur san áireamh. Chun córas den sórt sin a bhunú agus chun anailís a dhéanamh ar a aschur, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann brath ar shaineolaithe neamhspleácha i bhfoirm Comhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta. Ba cheart don chomhlacht sin a bheith in ann comhairle neamhspleách a sholáthar don Choimisiún i ngach réimse ina n‑imrítear tionchar ar fheidhmíocht seirbhísí iarnróid agus ar bhainistíocht bonneagair.

(20)Chun feidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid a fheabhsú sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, ba cheart do na bainisteoirí bonneagair, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta agus le páirtithe leasmhara ábhartha, creat coiteann a bhunú agus a chur chun feidhme chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht. Ba cheart don chreat sin a áirithiú go n‑úsáidfidh bainisteoirí bonneagair uile an Aontais prionsabail agus modheolaíochtaí coiteanna chun feidhmíocht a thomhas trí tháscairí comhaontaithe. Ba cheart don chreat sainaithint easnamh feidhmíochta ar ghréasáin iarnróid an Aontais a éascú. Ba cheart a áirithiú leis go socróidh bainisteoirí bonneagair cuspóirí feidhmíochta ar bhealach a chuireann san áireamh sainiúlachtaí an ghréasáin a bhainistíonn siad, ach a áirithíonn an tráth céanna comhleanúnachas maidir leis na heasnaimh feidhmíochta is ábhartha a shainaithint. Ba cheart don chreat a cheadú do bhainisteoirí bonneagair dul i gcomhar ar leibhéal an Aontais chun bearta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh feidhmíochta agus chun súil a choimeád ar a dtionchar. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair, ag obair le chéile i Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair agus ag cur tuairim an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta agus an Choimisiúin san áireamh, an creat seo a athbhreithniú go tráthrialta chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm.

(21)Chun creat AE éifeachtach a áirithiú le haghaidh chomhordú na mbainisteoirí bonneagair iarnróid, ba cheart do Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair, a bunaíodh le Treoir 2012/34/AE, éirí níos oibríochtúla. Ba cheart sásraí cinnteoireachta a chur san áireamh leis, rud a cheadóidh do bhainisteoirí bonneagair iarnróid de chuid an Aontais comhordú éifeachtach a dhéanamh ar phleanáil straitéiseach toillte bonneagair iarnróid.

(22)Ba cheart do na comhlachtaí rialála iarnróid dul i gcomhar ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear an creat rialála i bhfeidhm go comhleanúnach agus go gcaithfear go comhsheasmhach le hiarratasóirí ar fud an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid, d’fhonn cleachtais choiteanna a fhorbairt chun na cinntí a dtugtar de chumhacht dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh. Chun na críche sin, ba cheart do Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid cúraimí comhordaithe a chomhlíonadh agus moltaí agus tuairimí neamhcheangailteacha a ghlacadh, ach níor cheart do na nithe sin difear a dhéanamh d’inniúlachtaí na gcomhlachtaí rialála iarnróid ná d’inniúlachtaí na mbainisteoirí bonneagair.

(23)Éilítear malartú sonraí agus faisnéise idir bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile chun toilleadh iarnróid agus trácht a bhainistiú go héifeachtúil. Féadfaidh an malartú sin a bheith i bhfad níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ach tacaíocht a fháil ó uirlisí digiteacha idir‑inoibritheacha agus, nuair is féidir, ó uathoibriú. Ba cheart, dá bhrí sin, sonraíochtaí le haghaidh idir‑inoibritheachta a chur chun feidhme mar ábhar tosaíochta agus iad a fhorbairt a thuilleadh chun coimeád suas leis na forbairtí teicneolaíochta agus na próisis nua a chuirtear ar aghaidh sa Rialachán seo.

(24)Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair ailíniú a áirithiú, go háirithe maidir le digiteáil, le hobair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bunaíodh i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, maidir leis an Máistirphlean dá dtagraítear in Airteagal 86(5) agus an Colún Córasach dá dtagraítear in Airteagal 85(2)(c), agus tríd an ngrúpa imscartha dá dtagraítear in Airteagal 97 de Rialachán (AE) 2021/2085.

(25)Is gá an sásra a sholáthar chun critéir, prionsabail agus nósanna imeachta a shocrú a bhaineann le toilleadh a bhainistiú, le comhar idir páirtithe leasmhara iarnróid agus le comhordú ar leibhéal an Aontais, le haghaidh bainisteoirí bonneagair agus i réimse na maoirseachta rialála. Éilítear leis an sásra sin go ndéanfaidh bainisteoirí bonneagair agus comhlachtaí rialála iarnróid, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, creataí agus treoirlínte Eorpacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tar éis meastóireachta ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme na gcreataí Eorpacha agus i gcás nach mbaintear amach le cur i bhfeidhm deonach na dtreoirlínte earnála an leibhéal comhleanúnachais rialála a bhfuil gá leis, ba cheart na hacmhainní a bheith ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh rialála den sórt sin trí ghníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe, i gcás inarb iomchuí.

(26)Chun próiseas rianúil um bainistiú toillte agus tráchta le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a áirithiú, íoslaghdú a dhéanamh ar chealuithe an toillte leithdháilte agus ar chur isteach ar oibríochtaí iarnróid de bharr suaití ar an ngréasán iarnróid agus chun forbairtí i gcleachtais na mbainisteoirí bonneagair agus úsáid modhanna nua maidir le toilleadh a leithdháileadh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart do na cumhachtaí sin a bheith bainteach leis na bunspriocanna inghnóthaithe a eascraíonn as pleanáil straitéiseach an toillte bonneagair; an sceideal don phleanáil toillte straitéiseach agus don phróiseas leithdháilte toillte; na sprioc‑amanna le haghaidh athruithe ar thoilleadh leithdháilte agus réitigh mhalartacha a fhorbairt d’iarratasóirí; an sceideal maidir le comhordú, comhairliúchán agus foilsiú na srianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair; sainmhíniú ar bhonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe agus na nósanna imeachta agus na modhanna chun an méid úsáide toillte a ríomh; na critéir chun aon suaitheadh ar an ngréasán a shainaithint agus a dhearbhú; an fhaisnéis atá le soláthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla; agus na réimsí ar cheart do bhainisteoirí bonneagair comhordú a dhéanamh orthu agus na socruithe sonracha don chomhordú sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 18 . Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais theicniúla agus oibríochtúla a thabhairt isteach chun feidhmiú rianúil an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid a éascú maidir le critéir aonfhoirmeacha le haghaidh na gceanglas arna leagan síos ag bainisteoirí bonneagair maidir le hiarratasóirí; nósanna imeachta, critéir agus modheolaíochtaí coiteanna chun toilleadh gann a bhainistiú, chun pleanáil theagmhasach a dhéanamh, agus chun toilleadh a leithdháileadh thar an tréimhse a chumhdaítear leis an amchlár oibre; cur chuige coiteann i leith cúitimh a íoctar as athruithe ar an toilleadh leithdháilte; critéir agus nósanna imeachta coiteanna maidir le hathsceidealú; an sainmhíniú ar na heilimintí teicniúla de chóras chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht seirbhísí iarnróid agus seirbhísí a bhaineann le hiarnród, lena n‑áirítear modheolaíochtaí agus ceanglais sonraí agus an t‑athbhreithniú orthu. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

(28)Cuirtear na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo in ionad na rialacha maidir le toilleadh a leithdháileadh a leagtar amach i dTreoir 2012/34/AE. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le comhar idir bainisteoirí bonneagair, na rialacha maidir le comhar idir comhlachtaí rialála iarnróid, na ceanglais maidir leis na heilimintí den ráiteas gréasáin lena dtugtar tuairisc ar chineál an bhonneagair iarnróid atá ar fáil do ghnóthais iarnróid, na coinníollacha maidir le rochtain a fháil air agus na prionsabail agus na critéir maidir le toilleadh a leithdháileadh, ba cheart iad a shainmhíniú sa Rialachán seo. Ba cheart na rialacha maidir le comhar agus comhordú, chomh maith leis na heilimintí den ráiteas gréasáin, nach mbaineann leis an toilleadh a bhainistiú, leanúint de bheith ina gcuid de Threoir 2012/34/AE.

(29)Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex‑post ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 20 go raibh tionchar an Rialacháin ró‑theoranta chun rannchuidiú le haistriú iompair ó bhóthar go hiarnród. Thairis sin, bhí an comhar idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair maidir le bainistíocht an bhonneagair iarnróid neamhéifeachtach fós i gcomhthéacs trasteorann. Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach bhfuil sé éifeachtúil an toilleadh ar na dorchlaí lasta iarnróid agus ar an gcuid eile den ghréasán a bhainistiú ar leithligh. Ba cheart feidhm a bheith ag creat rialála aonair maidir le toilleadh an ghréasáin iarnróid a oibriú, rud a chomhdhlúthódh na forálacha gaolmhara i dTreoir 2012/34/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 913/2010. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus na forálacha i dTreoir 2012/34/AE maidir le toilleadh a leithdháileadh a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina n‑ionad.

(30)Chun an tráthchlár oibre a ullmhú, is gá gníomhaíochtaí ullmhúcháin a dhéanamh sna blianta roimh theacht i bhfeidhm an amchláir oibre sin. Dá bhrí sin, leis an aistriú ón gcreat rialála a bunaíodh le Treoir 2013/34/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 go dtí an ceann a bhunaítear leis an Rialachán seo, tugtar le tuiscint gur cheart tosú le hullmhúcháin le haghaidh amchlár oibre faoin gcreat nua i gcomhthreo le cur i bhfeidhm na rialacha faoin gcreat atá ann faoi láthair. Dá réir sin, ní mór feidhm a bheith ag córas déach san idirthréimhse trínar cheart na réamhbhearta is gá do thráthchlár ar leith an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an amchlár oibre sonrach sin a chomhlíonadh. Maidir le creatchomhaontuithe arna gcur i gcrích faoin gcreat atá ann faoi láthair, ba cheart an rogha a bheith ann feidhm leanúnach a bheith acu ar feadh idirthréimhse faoin gcóras nua.

(31)Faoin gcreat nua, ba cheart tús a chur leis na réamhbhearta le haghaidh tráthchlár oibre ach straitéis um thoilleadh a fhoilsiú 5 bliana roimh theacht i bhfeidhm amchláir oibre ar leith. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm luath an chreata rialála nua agus an obair ullmhúcháin atá déanta cheana féin ag an earnáil á cur san áireamh, d’fhéadfaí sceideal na ngníomhaíochtaí as a dtiocfaidh bunú an chéad dá amchlár oibre a ghiorrú go 38 mí trí chéim na straitéise um thoilleadh a ghiorrú. Dá réir sin, ba cheart an t‑amchlár oibre dar tosach an [9 Nollaig 2029] a bheith mar an gcéad amchlár oibre a thagann faoin gcreat rialála nua. Ba cheart do na páirtithe leasmhara uile na hullmhúcháin is gá a thosú gan mhoill d’fhonn an creat nua a chomhlíonadh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus comhordú le saoráidí seirbhíse, bainistiú tráchta, bainistiú géarchéime agus bainistiú feidhmíochta do sheirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le Líonra Eorpach um Chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus maidir le formhaoirseacht ar bhainistiú an toillte agus an tráchta.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid bonneagair iarnróid do sheirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2012/34/AE, lena n‑áirítear saoráidí seirbhíse mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) den Treoir sin.

3.Ní bheidh feidhm ag Caibidlí II go V den Rialachán seo maidir le bonneagar iarnróid nó seirbhísí iarnróid a eisiatar ó chur i bhfeidhm Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE i gcomhréir le hAirteagal 2(3), (3a), (4), (8), (8a) agus (10) den Treoir sin le linn thréimhse bhailíochta na n‑eisiamh ábhartha.

4.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gCipir ná maidir le Málta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe ina gcríoch.

Airteagal 2

Freagrachtaí agus prionsabail ghinearálta

1.Gan dochar d’Airteagal 7c de Threoir 2012/34/AE, beidh bainisteoirí bonneagair freagrach as toilleadh an bhonneagair iarnróid agus an trácht iarnróid a bhainistiú.

Déanfar tagairtí do bhainisteoir bonneagair i ngach foráil a bhaineann le leithdháileadh toillte bonneagair iarnróid sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don chomhlacht leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 7a(3) de Threoir 2012/34/AE.

2.D’fhonn soláthar toillte bonneagair iarnróid agus bainistithe tráchta éifeachtaigh agus éifeachtúil a éascú laistigh den Aontas, rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhar laistigh de Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (‘ENIM’) dá dtagraítear in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE agus i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo maidir le comhar.

3.Agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a)an úsáid éifeachtach is fearr a bhaint as an toilleadh bonneagair atá ar fáil mar a cheanglaítear in Airteagal 26 de Threoir 2012/34/AE;

(b)an luach is fearr don tsochaí a bhaint as seirbhísí iompair ar iarnród arna gcumasú ag bonneagar iarnróid i dtéarmaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil;

(c)bainistíocht neamh‑idirdhealaitheach agus rochtain thrédhearcach ar thoilleadh bonneagair a áirithiú, lena n‑áirítear le linn oibreacha, d’fhonn tacú le hiomaíocht chóir;

(d)trácht iarnróid gan uaim a chumasú thar níos mó ná gréasán amháin;

(e)trédhearcacht a áirithiú maidir le staid agus infhaighteacht toillte bonneagair iarnróid;

(f)feidhmíocht bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair a athbhreithniú agus a fheabhsú i ndlúthchomhar le hoibreoirí na hearnála iarnróid;

(g)rannchuidiú le cur chun feidhme agus le forbairt an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid.

Airteagal 3

Neamhchlaontacht an bhainisteora bonneagair i leith bainistiú tráchta agus toillte, lena n‑áirítear pleanáil cothabhála

1.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na feidhmeanna a bhaineann le bainistiú tráchta agus toillte, lena n‑áirítear pleanáil cothabhála ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach agus ní dhéanfaidh aon choinbhleacht leasa difear do na daoine atá i gceannas ar chinntí a dhéanamh i leith na bhfeidhmeanna sin.

2.A mhéid a bhaineann le bainistiú tráchta, áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go mbeidh rochtain iomlán agus thráthúil ag gnóthais iarnróid ar fhaisnéis ábhartha i gcás aon suaitheadh a bhaineann leo. I gcás ina dtabharfaidh an bainisteoir bonneagair rochtain bhreise ar an bpróiseas bainistithe tráchta, déanfaidh sé amhlaidh ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach do na gnóthais iarnróid lena mbaineann.

3.A mhéid a bhaineann le bainistiú an toillte agus le pleanáil fhadtéarmach oibríochtaí móra cothabhála, athnuachan agus uasghrádaithe ar an mbonneagar iarnróid, rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19 de Threoir 2012/34/AE, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, a mhéid is féidir, cuirfidh siad na hábhair imní a cuireadh in iúl san áireamh.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘force majeure’ aon teagmhas nó cás neamh‑intuartha nó neamhghnách nach bhfuil smacht ag an mbainisteoir bonneagair nó ag an ngnóthas iarnróid air, nach féidir a sheachaint nó a shárú le fadbhreathnaitheacht agus le dúthracht réasúnach, nach féidir a réiteach le bearta atá indéanta go réasúnach dóibh ó thaobh dearcadh teicniúil, airgeadais nó eacnamaíoch de, a tharla iarbhír agus atá infhíoraithe go hoibiachtúil, agus a fhágann go bhfuil sé dodhéanta don bhainisteoir bonneagair a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, go sealadach nó go buan, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le Treoir 2012/34/AE nó ionas go gcomhlíonfaidh an gnóthas iarnróid a oibleagáidí conarthacha i leith bainisteoir nó bainisteoirí bonneagair;

(2)ciallaíonn ‘idir‑inoibritheacht’ idir‑inoibritheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ;

(3)ciallaíonn ‘páirtí leasmhar oibríochtúil’ iarratasóir, gnóthas iarnróid, bainisteoir bonneagair, oibreoir saoráide um sheirbhís iarnróid, soláthraí seirbhísí a bhaineann le hiarnród agus aon eintiteas eile a bhfuil baint dhíreach aige le seirbhís iompair ar iarnród a oibriú;

(4)ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Eorpach’ an Comhordaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán [... Rialachán nua TEN‑T];

(5)ciallaíonn ‘creat‑chomhaontú’ comhaontú ginearálta atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach, lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí iarratasóra agus an bhainisteora bonneagair i ndáil leis an toilleadh bonneagair atá le leithdháileadh agus na muirir a bheidh le tobhach i gcaitheamh tréimhse níos faide ná aon tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin;

(6)ciallaíonn ‘toilleadh a leithdháileadh go comhuaineach’ próiseas trína leithdháileann bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid mar fhreagairt ar shraith iarrataí ar thoilleadh a fhaightear faoi scoithdháta áirithe agus trí na hiarrataí sin a chomhordú chun an úsáid is fearr is féidir as an mbonneagar agus an meaits is gaire agus is féidir leis na hiarrataí a áirithiú;

(7)ciallaíonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ prionsabal maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh i gcás ina dtugtar tosaíocht don phróiseas leithdháilte de réir ord croineolaíoch na n‑iarrataí ar thoilleadh;

(8)ciallaíonn ‘bealach traenach’ an toilleadh bonneagair is gá chun traein a rith idir dhá áit i gcaitheamh tréimhse ar leith, a thugtar tuairisc uirthi mar bhealach beacht le huainiú na traenach sin, lena n‑áirítear tionscnamh agus ceann scríbe, am iontrála agus lá agus am scoir agus lá, lena n‑áirítear aon phointe stad agus amanna imeachta gaolmhara;

(9)ciallaíonn ‘sonraíocht toillte’ ceart toillte, a shonraíonn saintréithe tráchtála agus oibríochtúla an toillte bonneagair atá ábhartha don iarratasóir lena mbaineann agus a sholáthraíonn a dhóthain faisnéise don bhainisteoir bonneagair chun bealaí sonracha traenach a urramaíonn na saintréithe sin a ullmhú;

(10)ciallaíonn ‘seirbhís iarnróid ilghréasáin’ seirbhís iompair lasta nó paisinéirí ar iarnród, intíre nó idirnáisiúnta, a oibrítear ar dhá ghréasán nó níos mó arna mbainistiú ag bainisteoirí bonneagair éagsúla. Féadfaidh an traein a bheith nasctha agus/nó deighilte agus féadfaidh tionscnaimh agus cinn scríbe éagsúla a bheith ag na codanna éagsúla, ar choinníoll go dtrasnaíonn gach vaigín nó carráiste anonn go gréasán amháin ar a laghad arna oibriú ag bainisteoir bonneagair eile;

(11)ciallaíonn ‘ceart toillte ilghréasáin’ iomlán na gceart toillte lena gcumasaítear seirbhís iarnróid ilghréasáin a sholáthar;

(12)ciallaíonn ‘toilleadh bonneagair a dheighilt’ scaireanna den toilleadh iomlán atá ar fáil maidir le heilimint den bhonneagar a shannadh do chineálacha éagsúla seirbhísí iompair ar iarnród agus do shrianta toillte a eascraíonn as obair bhonneagair.

(13)ciallaíonn ‘tráthchlár oibre’ na sonraí a thugtar cothrom le dáta go leanúnach lena sainmhínítear na gluaiseachtaí traenach agus rothstoic uile atá beartaithe a dhéanfar ar an mbonneagar ábhartha, mar a chuirtear in iúl trí chearta toillte leithdháilte, le linn tréimhse bailíochta tráthchláir oibre;

(14)ciallaíonn ‘tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre’ an tréimhse ama a bhfuil tráthchlár oibre áirithe bailí lena linn;

(15)ciallaíonn ‘obair bhonneagair’ idirghabhálacha ar an mbonneagar iarnróid chun an bonneagar iarnróid a fhorbairt, a chothabháil, a athnuachan agus a uasghrádú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (2a), (2c), (2d), agus (2e) de Threoir 2012/34/AE;

(16)ciallaíonn ‘comhlacht rialála’ an comhlacht rialála dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE;

(17)ciallóidh ‘teagmhas’ aon tarlú, nó sraith tarluithe den tionscnamh céanna, a chuireann isteach ar thrácht iarnróid.

CAIBIDIL II
AN TOILLEADH BONNEAGAIR A BHAINISTIÚ

ROINN 1 
Prionsabail ghinearálta le maidir le toilleadh bonneagair a bhainistiú

Airteagal 5

An toilleadh a bhainistiú

1.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú trí phróiseas pleanála agus leithdháilte a chuimsíonn trí chéim:

(a)pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh dá dtagraítear i roinn 2;

(b)sceidealú agus leithdháileadh toillte bonneagair dá dtagraítear i roinn 3;

(c)oiriúnú agus athsceidealú an toillte leithdháilte dá dtagraítear i roinn 4.

2.I dteannta an ábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/34/AE, áireoidh bainisteoirí bonneagair sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin roinn maidir leis an mbonneagar a chuirfear ar fáil do ghnóthais iarnróid; roinn maidir le bainistiú an toillte; roinn maidir le hoibríochtaí, lena n‑áirítear maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime; agus roinn maidir le bainistiú feidhmíochta, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

3.Beidh cinnteoireacht maidir le toilleadh a bhainistiú dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear sainmhíniú agus measúnú ar infhaighteacht agus leithdháileadh ceart toillte, ina feidhm fhíor‑riachtanach de chuid an bhainisteora bonneagair de réir bhrí Airteagal 3, pointe (2f) de Threoir 2012/34/AE. Beidh feidhm ag na forálacha fíor‑riachtanacha a leagtar síos sa Treoir sin maidir léi.

Airteagal 6

Creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú

1.Féachfaidh bainisteoirí bonneagair le prionsabail agus nósanna imeachta coiteanna a leanúint chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Chun na críche sin, déanfaidh ENIM ‘creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú’ a fhorbairt agus a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Chaibidil II faoin [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.Sainmhíneoidh an creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú na prionsabail agus na nósanna imeachta coiteanna chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus le haghaidh comhordú idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus iarratasóirí eile, oibreoirí saoráide seirbhíse iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile.

3.Áireofar ar a laghad na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn III sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú agus tabharfar cothrom le dáta é nuair is gá chun taithí bainisteoirí bonneagair, gnóthas iarnróid agus iarratasóirí eile a chur san áireamh agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí ENIM.

4.Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú agus an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE á ullmhú acu, go háirithe an t‑ábhar a shonraítear in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na prionsabail agus na nósanna imeachta coiteanna a bhunaítear sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú.

Airteagal 7

Iarratasóirí

1.Déanfaidh iarratasóirí iarrataí ar thoilleadh bonneagair. Chun toilleadh bonneagair den sórt sin a úsáid, ceapfaidh iarratasóirí gnóthas iarnróid chun comhaontú a thabhairt i gcrích leis an mbainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2012/34/AE. Tá sé sin gan dochar do cheart na n‑iarratasóirí chun creatchomhaontuithe a thabhairt i gcrích le bainisteoirí bonneagair faoi Airteagal 31 den Rialachán seo.

2.Féadfaidh an bainisteoir bonneagair ceanglais a leagan síos maidir le hiarratasóirí chun a áirithiú go ndéanfar a ionchais dhlisteanacha maidir le hioncam agus úsáid an bhonneagair amach anseo a chosaint. Beidh ceanglais den sórt sin iomchuí, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach. Sonrófar iad sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d’Iarscríbhinn IV. Ní fhéadfaidh siad a áireamh ach foráil de ráthaíocht airgeadais nach sáróidh leibhéal iomchuí a bheidh comhréireach leis an leibhéal gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir, agus dearbhú maidir leis an gcumas tairiscintí comhlíontacha a ullmhú le haghaidh an toillte bonneagair.

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach sonraí na gcritéar a bheidh le leanúint chun mír 2 a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

Airteagal 8

Toilleadh bonneagair gann a bhainistiú

1.Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go ndéanfar toilleadh bonneagair gann a bhainistiú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 26 de Threoir 2012/34/AE agus in Airteagal 2 den Rialachán seo i ngach céim den phróiseas bainistithe toillte dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.Agus cinntí á ndéanamh maidir le toilleadh gann, cuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh treoraíocht straitéiseach maidir le húsáid toillte bonneagair arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(3).

Gan dochar do rialacha maidir leis an Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, cúiteamh a dheonú don bhainisteoir bonneagair a chomhfhreagraíonn do chaillteanais ioncaim a bhaineann go heisiach leis an ngá atá leis an treoraíocht straitéiseach maidir le húsáid thoilleadh an bonneagair iarnróid a chomhlíonadh.

3.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh gann a phleanáil agus a leithdháileadh a mhéid is féidir tríd an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a mbeidh baint ag na hiarratasóirí lena mbaineann leis agus as a n‑eascróidh réitigh chomhthoiliúla ar riachtanais agus ar iarrataí toillte contrártha.

4.Mura eascróidh réiteach sásúil ar riachtanais agus ar iarrataí toillte contrártha as an sásra dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh gann a bhainistiú nó coinbhleachtaí a réiteach trí nósanna imeachta atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach.

Leis na nósanna imeachta sin, déanfar measúnú ar roghanna malartacha maidir le húsáid toillte bonneagair, bunaithe ar na critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil seo a leanas, faoi réir infhaighteacht sonraí:

(a)an costas oibriúcháin a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród d’oibreoirí agus an tionchar a bheidh aige sin ar phraghsanna do chustaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród;

(b)costas na seirbhísí iompair ar iarnród a bhaineann le ham do na custaiméirí;

(c)nascacht agus inrochtaineacht do dhaoine agus do réigiúin ar a bhfreastalaíonn na seirbhísí iompair ar iarnród;

(d)astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin aeir áitiúla, torann agus costais sheachtracha eile a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus lena roghanna malartacha dóchúla;

(e)impleachtaí sábháilteachta agus sláinte poiblí a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus lena roghanna malartacha dóchúla.

5.Ullmhóidh agus glacfaidh ENIM na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4 agus áireoidh sé iad i gcreat an Aontais um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Beidh na céimeanna seo a leanas i gceist leis na nósanna imeachta:

(a)cásanna malartacha a dhearadh chun an toilleadh atá ar fáil do chineálacha éagsúla seirbhísí iompair ar iarnród a dheighilt, lena n‑áirítear, i gcás inar féidir, soláthar toillte mhalartaigh ar bhealaí eile nó uainiú malartach a bhfuil saintréithe inchomparáide aige;

(b)meastóireacht a dhéanamh ar na cásanna agus iad a rangú ar bhonn modheolaíochtaí oibiachtúla agus trédhearcacha agus na critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a leagtar amach i mír 4 á gcur san áireamh;

(c)an cás is airde rangaithe a roghnú ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i bpointe (b) agus an sainmhíniú ar an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú dá réir.

6.Forbróidh ENIM na modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 5, pointe b. Trí pharaiméadair na modheolaíochtaí sin, beifear in ann imthosca áitiúla nó náisiúnta a chur san áireamh bunaithe ar chuir chuige a bhfuil glacadh leo agus ar fhianaise eimpíreach. Áireoidh ENIM na modheolaíochtaí sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

7.Ag cur san áireamh taithí ar ullmhú agus ar chur chun feidhme an chreata dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach na nósanna imeachta, na critéir agus na modheolaíochtaí sonracha a bheidh le cur i bhfeidhm chun toilleadh gann a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

Airteagal 9

Faisnéis maidir le toilleadh bonneagair

1.Soláthróidh bainisteoirí bonneagair do pháirtithe leasmhara, go háirithe iarratasóirí, iarratasóirí féideartha agus comhlachtaí rialála, faisnéis chruinn agus cothrom le dáta maidir le hinfhaighteacht toillte bonneagair ar feadh an phróisis bainistithe toillte ina iomláine, lena n‑áirítear sa chéim pleanála straitéisí dá dtagraítear i roinn 2, le linn na bpróiseas sceidealaithe agus leithdháilte a leagtar amach i roinn 3 agus aon uair a dhéanfar athruithe ar an toilleadh leithdháilte dá dtagraítear i roinn 4.

Foilseoidh bainisteoirí bonneagair aon nuashonrú ar an bplean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 agus ar an amchlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 30 gan mhoill.

2.Foilseoidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 62(5) agus rannchuideoidh siad le forbairt sonraíochtaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 62(3).

3.Arna iarraidh sin ag na hiarratasóirí, soláthróidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn sonraíochtaí coincréiteacha ar riachtanais tráchtála agus oibríochtúla (‘measúnuithe féidearthachta’). I gcás seirbhísí trasteorann, gheobhaidh agus freagróidh bainisteoirí bonneagair iarrataí den sórt sin in aon áit amháin agus in oibríocht aonair nó trí chomhéadan aonair.

Airteagal 10

Srianta ar an toilleadh a eascraíonn as obair bhonneagair agus bonneagar díghrádaithe

1.Gan dochar d’Airteagal 7, 7c agus 7e de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh bainisteoirí bonneagair obair bhonneagair a phleanáil i gcomhréir leis an bplean gnó agus leis na cláir infheistíochta agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE. I gcás ina ndéanann leasuithe ar na cláir sin tar éis an plean gnó a ghlacadh difear do phleanáil oibreacha bonneagair nó inar dócha go ndéanfaidh siad difear do phleanáil oibreacha bonneagair, soláthróidh an bainisteoir bonneagair forbhreathnú ar na leasuithe sin agus ar a dtionchar dóchúil sa ráiteas gréasáin.

2.Agus oibreacha bonneagair á bpleanáil, gníomhóidh an bainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus le hAirteagal 3.

Go háirithe, cuirfidh an bainisteoir bonneagair san áireamh ar bhealach cothrom tionchar na n‑oibreacha bonneagair ar a bhainistíocht sócmhainní agus a staid airgeadais dhílis chomh maith leis an tionchar oibríochtúil agus airgeadais ar na hiarratasóirí uile lena mbaineann.

3.Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis na hoibreacha bonneagair i gcomhthéacs na sásraí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7e de Threoir 2012/34/AE agus, a mhéid a bhaineann le seirbhísí iarnróid trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 54 den Rialachán seo.

4.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na srianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair a phleanáil go leormhaith roimh ré agus cuirfidh siad iarratasóirí ar an eolas faoi na srianta sin agus rachaidh siad i gcomhairle leo go leordhóthanach roimh ré freisin, agus an tionchar measta ar ghnóthais iarnróid á chur san áireamh. Chun na críche sin, urramóidh bainisteoirí bonneagair an sceideal a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn I.

Maidir le srianta ar an toilleadh a bhfuil mórthionchar acu ar an toilleadh atá ar fáil d’iarratasóirí, féadfaidh iarratasóirí a iarraidh ar an mbainisteoir bonneagair pleanáil mhalartach a sholáthar don srianadh toillte d’fhonn rogha a shainaithint agus rogha a dhéanamh lena gcuirtear san áireamh na tionchair ar iarratasóirí agus ar bhainisteoirí bonneagair ar bhealach cothrom. Soláthróidh an bainisteoir bonneagair do na hiarratasóirí sin pleanáil tháscach maidir leis an toilleadh malartach a bheidh ar fáil le linn an tsriain ar an toilleadh.

Cumhdóidh an phleanáil tháscach an líne a ndéantar difear di agus na línte malartacha araon agus léireofar í sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

5.Cuirfidh bainisteoirí bonneagair tionchar na n‑oibreacha bonneagair ar thrácht trasteorann san áireamh agus maolóidh siad an tionchar sin. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53 na hoibreacha bonneagair uile ar na línte dá dtagraítear in Airteagal 53(3) agus aon obair bhonneagair eile a mbeidh tionchar mór trasteorann aici.

Díreofar sa chomhordú go háirithe ar bharrfheabhsú sceideal na n‑oibreacha bonneagair agus ar thoilleadh malartach a sholáthar ar an líne a ndéantar difear di agus ar bhealaí eile, agus riachtanais oibríochtúla agus tráchtála na n‑iarratasóirí á gcur san áireamh.

6.Measfar freisin gur srianta ar an toilleadh iad laghduithe ar thoilleadh nó ar fheidhmíocht bhonneagair atá faoi bhun a luachanna dearaidh a eascraíonn as díghrádú sócmhainní, amhail laghduithe ar an luas incheadaithe nó ar an ualach acastóra. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9 maidir le srianta den sórt sin.

7.Foilseoidh bainisteoirí bonneagair faisnéis chomh luath agus is féidir agus rachaidh siad i gcomhairle le hiarratasóirí maidir le srianta sealadacha ar an toilleadh a bheartaítear, a dtionchar ar an toilleadh atá ar fáil chun críoch tráchtála agus ar thoilleadh malartach.

8.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun roinn 3 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn an tionchar a bhíonn ag srianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair ar thrácht iarnróid a laghdú, agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

ROINN 2
PLEANÁIL STRAITÉISEACH MAIDIR LE TOILLEADH

Airteagal 11

Pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh

1.Áireofar leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh na gníomhaíochtaí uile a leagtar amach in Airteagail 12 go 25.

2.Beidh an seicheamh seo a leanas de dhoiciméid phleanála mar thoradh ar an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, ar doiciméid iad lena soláthraítear leibhéal sonraí a bhíonn ag méadú de réir a chéile faoin toilleadh atá ar fáil:

(a)an straitéis um thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)an tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17;

(c)an plean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

Leagtar amach ábhar na mbunspriocanna inghnóthaithe sin agus an sceideal lena n‑ullmhú i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

Glacfaidh bainisteoirí bonneagair na doiciméid phleanála mar bhonn don chéad chéim eile sa phróiseas pleanála.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a leasú, chun próiseas pleanála straitéisí éifeachtach a áirithiú agus chun ábhair imní oibríochtúla na mbainisteoirí bonneagair agus na n‑iarratasóirí a léiriú, agus taithí ENIM, bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, comhlachtaí rialála agus ENRB á cur san áireamh agus an roinn seo á cur chun feidhme acu.

3.Faoi réir phrionsabal an neamhspleáchais bainistíochta a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2012/34/AE, féadfaidh na Ballstáit treoraíocht straitéiseach a sholáthar don bhainisteoir bonneagair bunaithe ar na straitéisí táscacha um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE. Féadfaidh an treoraíocht sin na nithe seo a leanas a chumhdach/a chuimsiú go háirithe:

(a)cuspóirí ginearálta an bheartais náisiúnta iarnróid atá ábhartha do phleanáil toillte straitéiseach faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)dearcadh ar fhorbairt an bhonneagair ar iarnród, ag cur san áireamh pleananna agus straitéisí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus pleananna oibre na gConairí Iompair Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 53 de [Rialachán nua TEN‑T];

(c)ceanglais ghinearálta agus treoirlínte a mhéid a bhaineann le húsáid thoilleadh an bhonneagair iarnróid, a chuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh agus iad i mbun pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe i ndáil le bonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe dá dtagraítear in Airteagal 21;

(d)dearcadh ar fhorbairt phleanáilte seirbhísí iarnróid arna n‑oibriú faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí, agus tuairimí na n‑údarás réigiúnach nó áitiúil lena mbaineann á gcur san áireamh, i gcás inar gá.

Déanfaidh na Ballstáit comhordú chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an treoraíocht straitéiseach faoi seach a sholáthróidh siad i gcomhréir leis an mír seo d’fhonn tacú le forbairt seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí agus lasta.

4.Ní bheidh deonú cearta toillte d’iarratasóirí aonair i gceist le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 26.

Airteagal 12

Ceanglais ghinearálta maidir le toilleadh a bhainistiú go straitéiseach

1.Cuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh ar bhealach cothrom, cóir agus neamh‑idirdhealaitheach gach cineál seirbhíse iompair ar iarnród ar dócha go bhfaighidh siad iarrataí ar thoilleadh ina leith, gan beann ar a méid, méid an mhargaidh iartheachtaigh, cobhsaíocht idir amchláir chomhleanúnacha, rialtacht nó minicíocht laistigh de thréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith.

2.Sa phleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfaidh bainisteoirí bonneagair idirdhealú ar a laghad idir na cineálacha seirbhísí iompair ar iarnród seo a leanas:

(a)seirbhísí iompair lasta;

(b)seirbhísí idir‑uirbeacha do phaisinéirí (fad‑achair);

(c)seirbhísí uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí.

Más gá, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, féadfaidh ENIM liosta níos mionsonraithe a shainmhíniú a dhéanfaidh idirdhealú breise idir na cineálacha seirbhísí iompair ar iarnród. D’fhonn tacú le comhsheasmhacht trasteorann an phróisis pleanála straitéisí, áireofar liosta comhchuibhithe sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.Sa phleanáil toillte straitéiseach, go háirithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18, léireoidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh réamhphleanáilte a bheidh oiriúnach chun seirbhísí iompair ilghréasáin a sholáthar.

4.Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh freisin le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh:

(a)an struchtúr agus na forbairtí maidir le héileamh ar thoilleadh bonneagair a breathnaíodh, mar a shainaithnítear trí leithdháileadh toillte i dtréimhsí bailíochta an tráthchláir oibre roimhe seo agus tríd an bhfaireachán margaidh dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE;

(b)an fhorbairt lena bhfuil coinne maidir le riachtanais iompair agus maidir leis an éileamh ar sheirbhísí iompair ar iarnród agus ar thoilleadh bonneagair a eascróidh as sin, mar a shainaithnítear san anailís dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;

(c)ionchur ón gcomhairliúchán le hiarratasóirí reatha agus iarratasóirí féideartha i gcomhréir le hAirteagal 13;

(d)an fhorbairt lena bhfuil coinne nó atá beartaithe maidir le toilleadh bonneagair, go háirithe mar a shainaithnítear sa straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE agus i bplean gnó an bhainisteora bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE;

(e)na hoibreacha bonneagair atá beartaithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear don ghréasán;

(f)Na saintréithe a bhaineann le margaí éagsúla iompair ar iarnród, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(i)luas;

(ii)minicíocht;

(iii)lamháltas maidir le himeachtaí ón mbealach traenach leithdháilte;

(iv)an fhéidearthacht seirbhísí a athródú, a athsceidealú nó a ionadú trí mhodhanna eile i gcás suaití gréasáin;

(v)luaineacht an éilimh ar iompar ar iarnród agus an gá atá le seirbhísí iarnróid a phleanáil ar thréimhse ama dhifriúil dá bharr.

5.Leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, léireofar an toilleadh a leithdháiltear trí chreatchomhaontuithe agus pleanáil rollach.

6.Leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, cumhdófar na línte atá mar chuid de chroíghréasán TEN‑T agus de chroíghréasán leathnaithe TEN‑T dá dtagraítear in Airteagal 6 de [Rialachán nua TEN‑T] agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair línte agus nóid eile den ghréasán a bhainistíonn siad a áireamh.

Déanfar pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh ar leibhéal atá mionsonraithe go leor chun gur féidir toilleadh a phleanáil le haghaidh ranna sonracha den ghréasán. Chun na críche sin, déanfar ionadaíocht ar an ngréasán le nóid agus le stráicí a cheadóidh saintréithe ábhartha an éilimh ar thoilleadh agus an tsoláthair toillte a chur san áireamh.

Léireofar na nóid agus na stráicí sin sa chlár bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

7.Leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, cumhdófar tréimhse atá ar a laghad 5 bliana chun tosaigh ó thaobh ama de. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair an tréimhse a fhadú go dtí níos mó ná 5 bliana, go háirithe chun tacú le forbairt bonneagair faoi chuimsiú na straitéise táscaí um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE.

8.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair torthaí na pleanála straitéisí maidir le toilleadh a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh go háirithe:

(a)forbairt an bhonneagair iarnróid;

(b)athruithe ar éileamh an mhargaidh le haghaidh toilleadh bonneagair;

(c)torthaí na bpróiseas leithdháilte a leagtar amach i ranna 3 agus 4 i dtréimhsí bailíochta tráthchláir oibre roimhe seo, lena n‑áirítear an méid úsáide a bhaineann iarratasóirí as toilleadh bonneagair;

(d)léargais ón mbainistiú tráchta arna dhéanamh i gcomhréir le Caibidil III;

(e)toradh suaití agus bainistithe géarchéime arna ndéanamh i gcomhréir le Caibidil III;

(f)torthaí an athbhreithnithe feidhmíochta i gcomhréir le Caibidil IV.

9.Forbróidh ENIM treoirlínte lena leagfar amach prionsabail, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh na pleanála toillte straitéisí. Áireoidh sé na treoirlínte sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo. Ba cheart na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bheith sna treoirlínte sin ar a laghad. Tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar na treoirlínte sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na prionsabail, na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí coiteanna a leagtar síos sna treoirlínte.

Airteagal 13

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara i dtaobh pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh

1.Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla uile i dtaobh pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 7e de Threoir 2012/34/AE.

2.Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile a oibríonn seirbhísí iarnróid ilghréasáin i dtaobh pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagail 53 agus 54.

Airteagal 14

Comhordú idir bainisteoirí bonneagair maidir le toilleadh a phleanáil go straitéiseach

1.Comhordóidh bainisteoirí bonneagair a ngníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

Áiritheofar leis an gcomhordú go háirithe:

(a)comhsheasmhacht na pleanála straitéisí ar fud na ngréasán lena mbaineann, go háirithe i ndáil leis an straitéis um thoilleadh, an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar, pleanáil oibreacha bonneagair agus pleanáil theagmhasach;

(b)breithniú iomchuí ar na riachtanais toillte do sheirbhísí iarnróid ilghréasáin sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar;

(c)athbhreithniú ar fheidhmíocht na pleanála toillte straitéisí agus a torthaí i gcomhréir le Caibidil IV;

(d)rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla agus na gcomhlachtaí rialála uile, Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (‘ENRRB’), na gComhordaitheoirí Eorpacha agus, i gcás inar gá, údaráis na mBallstát agus páirtithe leasmhara eile.

2.Cuirfidh ENIM aon ghearán ábhartha ó iarratasóirí nó ó iarratasóirí féideartha san áireamh maidir leis na doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus iarrfaidh sé faisnéis bhreise ó na heintitis a bhfuil baint acu leis an gcomhordú i gcomhréir le hAirteagal 53 agus ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhréir le hAirteagal 54, sula nglacfar tuairim nó moladh chun comhsheasmhacht na ndoiciméad pleanála sin a fheabhsú. Roinnfidh ENIM a thuairim maidir leis na dréachtdoiciméid phleanála le ENRRB nó cuirfidh sé ENRRB ar an eolas faoi mhainneachtain tuairim a ghlacadh. Gníomhóidh ENRRB i gcomhréir le hAirteagal 65(3).

3.Cuirfidh bainisteoirí bonneagair aon mholadh arna ghlacadh ag ENIM i gcomhréir le mír 2 san áireamh. I gcás nach leanfaidh bainisteoirí bonneagair an moladh, míneoidh siad na cúiseanna leis sin sna doiciméid phleanála. Déanfaidh ENRRB faireachán ar an bpróiseas comhordaithe agus ar a chur chun feidhme. Cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Choimisiún maidir leis an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar aon easnamh sa phróiseas comhordaithe.

Airteagal 15

Anailís ar fhorbairtí lena bhfuil coinne sa mhargadh iompair

1.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair agus ENIM faireachán agus anailís go tráthrialta ar mhargaí iompair chun a straitéis ghnó fhoriomlán, a mbainistiú toillte agus a mbainistiú teagmhasach agus a gcuid cinntí infheistíochta a threorú. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair torthaí na hanailíse sin in iúl do pháirtithe leasmhara eile chun críoch comhchosúil, lena n‑áirítear na Comhordaitheoirí Eorpacha.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, soláthrófar go háirithe san anailís ar an margadh iompair dá dtagraítear i mír 1 ionchur maidir le pleanáil straitéiseach ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 11, maidir le deighilt an toillte bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 25 agus maidir le toilleadh a leithdháileadh ar bhonn an tsásra fhoirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37.

3.Déanfaidh ENIM staidéar ar an margadh iompair Eorpach lena gcumhdófar iompar paisinéirí agus lasta i gcomhthéacs ilmhódach faoin [31 Nollaig 2028] ar a dhéanaí. Díreoidh an staidéar go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)réamh‑mheastacháin ar an éileamh ar iompar paisinéirí agus lasta i gcás gach móid san Aontas;

(b)meastacháin ar an gcumas méid an iompair ar iarnród, idir phaisinéirí agus lasta, a mhéadú, agus na coinníollacha is gá chun fás den sórt sin a bhaint amach;

(c)más féidir, miondealú geografach ar na sreafaí iompair réamh‑mheasta mar ionchur do phleanáil toillte straitéiseach.

4.Rachaidh ENIM i gcomhairle le hiarratasóirí, le custaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród agus lena gcomhlachais, le húdaráis phoiblí náisiúnta agus le húdaráis phoiblí an Aontais maidir le téarmaí tagartha an staidéir, go háirithe a mhéid a bhaineann le cuspóir an staidéir agus leis an bpróiseas maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara.

5.Déanfaidh ENIM an staidéar a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, agus gach 5 bliana ar a laghad in aon chás.

Airteagal 16

Straitéis um thoilleadh

1.Glacfaidh an bainisteoir bonneagair straitéis um thoilleadh ina leagfar amach a ionchais maidir le forbairtí amach anseo ar éileamh agus ar sholáthar toillte bonneagair iarnróid agus a fhís maidir le conas freastal ar na forbairtí sin.

Feidhmeoidh an straitéis um thoilleadh mar uirlis le haghaidh cumarsáid, comhairliúchán agus comhordú idir páirtithe leasmhara oibríochtúla.

2.Beidh faisnéis sa straitéis um thoilleadh maidir le forbairt an bhonneagair iarnróid amach anseo, dearcadh ar fhorbairt an éilimh ar sheirbhísí éagsúla iompair ar iarnród agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le hinfhaighteacht agus úsáid an bhonneagair iarnróid.

3.Cuimseoidh an straitéis um thoilleadh léarscáil straitéiseach de bhealaí ina sainmhíneofar na nithe seo a leanas:

(a)raon feidhme geografach na straitéise um thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 16, na samhla maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus an phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18;

(b)na línte malartacha a ndéantar breithniú orthu i gcás srianta ar an toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus i gcomhthéacs na pleanála teagmhasaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

Áireofar an léarscáil straitéiseach de bhealaí i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

4.Déanfaidh an bainisteoir bonneagair an straitéis um thoilleadh a ullmhú, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta i gcomhréir leis an sceideal agus leis an ábhar a leagtar amach i roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

5.Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an straitéis um thoilleadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus comhordóidh siad straitéisí um thoilleadh le bainisteoirí bonneagair eile i gcomhréir le hAirteagal 14.

Airteagal 17

Samhail maidir le toilleadh

1.Bunóidh an bainisteoir bonneagair samhail maidir le toilleadh lena ndéanfar an straitéis um thoilleadh a bheachtú ar bhonn thoradh na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin agus comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14.

Leis an tsamhail maidir le toilleadh, tacófar le breithniú cothrom ar riachtanais toillte codanna éagsúla de sheirbhísí iompair ar iarnród agus riachtanais na mbainisteoirí bonneagair maidir leis an mbonneagar iarnróid a chothabháil, a athnuachan agus a fhorbairt (an bonneagar iarnróid atá ann cheana a uasghrádú agus bonneagar iarnróid nua a thógáil). Feidhmeoidh sé mar ionstraim le haghaidh chumarsáid, chomhairliúchán agus chomhordú na pleanála straitéisí maidir le toilleadh idir na páirtithe leasmhara oibríochtúla.

2.Leis an tsamhail maidir le toilleadh, soláthrófar ar a laghad faisnéis faoi mhéid iomlán an toillte atá ar fáil de réir an stráice gréasáin, faoin sciar den toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh codanna éagsúla de sheirbhísí iompair ar iarnród agus faoi shrianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair. Ullmhóidh agus foilseoidh na bainisteoirí bonneagair an tsamhail maidir le toilleadh le haghaidh gach tréimhse bailíochta tráthchláir oibre agus tabharfaidh siad an tsamhail maidir le toilleadh cothrom le dáta go tráthrialta i gcomhréir leis na hábhair agus leis an sceideal a leagtar amach i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

3.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair aon dibhéirseacht idir an tsamhail maidir le toilleadh agus an straitéis um thoilleadh a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre chéanna a dhoiciméadú agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh siad údar léi. I gcás inar gá, déanfar an straitéis um thoilleadh a athbhreithniú i bhfianaise forbairtí ó ghlactar an straitéis um thoilleadh nó ón nuashonrú is déanaí a dhéantar uirthi.

4.Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí i dtaobh na samhla maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus comhordóidh siad straitéisí um thoilleadh le bainisteoirí bonneagair eile i gcomhréir le hAirteagal 14.

Airteagal 18

Plean um thoilleadh a sholáthar

1.Bunóidh an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a sholáthar d’fhonn faisnéis chuimsitheach a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a)toilleadh bonneagair atá ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí;

(b)níl toilleadh bonneagair ar fáil lena leithdháileadh.

Soláthrófar leis an bplean um thoilleadh a sholáthar an bunús atá le toilleadh a leithdháileadh.

2.Foilseoidh na bainisteoirí bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh gach tréimhse bailíochta tráthchláir oibre ar a dhéanaí faoin sprioc‑am a leagtar amach i roinn 2 d’Iarscríbhinn I agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é go leanúnach go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre, dá dtagraíonn an plean sin. Soláthrófar an plean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh gach lá ar leith de thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann.

3.Ullmhóidh na bainisteoirí bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar ar bhonn thorthaí an phróisis pleanála straitéisí maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagail 11 go 17 agus i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair aon dibhéirseacht idir an plean um thoilleadh a sholáthar agus an tsamhail maidir le toilleadh a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre chéanna a dhoiciméadú agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh siad údar léi.

4.Sa phlean um thoilleadh a sholáthar, féadfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair a léiriú mar thoilleadh réamhphleanáilte. Ciallaíonn toilleadh réamhphleanáilte toilleadh a sainíonn an bainisteoir bonneagair saintréithe agus méideanna an toillte atá ar fáil ina leith d’iarrataí ó iarratasóirí, ina leagtar amach rialacha maidir le toilleadh den sórt sin a leithdháileadh agus ina sainítear an próiseas trínar féidir toilleadh den sórt sin a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 20. Cuirfear na saintréithe sonraithe, na rialacha sonraithe agus na próisis leithdháilte shonraithe san áireamh agus toilleadh réamhphleanáilte á leithdháileadh.

5.Cuirfear toilleadh réamhphleanáilte i láthair sa phlean um thoilleadh a sholáthar i bhfoirm réada toillte dá dtagraítear in Airteagal 20, ina sonraítear méid agus saintréithe an toillte agus atá nasctha le rialacha agus próisis maidir le leithdháileadh trína gcuirtear toilleadh den sórt sin ar fáil.

6.Faoi réir mhír 7, beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean um thoilleadh a sholáthar:

(a)an toilleadh atá ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí do thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre dá dtagraítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar:

(i)an toilleadh, nach bhfuil réamhphleanáilte ag an mbainisteoir bonneagair;

(ii)an toilleadh, atá réamhphleanáilte ag an mbainisteoir bonneagair.

(b)an toilleadh nach bhfuil ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí:

(i)an toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh oibreacha bonneagair a bhfuil tionchar mór tráchtála agus oibríochtúil acu ar iarratasóirí agus ar ghnóthais iarnróid dá dtagraítear i roinn 3 d’Iarscríbhinn I;

(ii)an toilleadh a chuirtear i leataobh do thréimhsí ama tráthrialta lenar féidir oibreacha bonneagair a bhfuil tionchar teoranta acu a sceidealú ag tráth níos moille;

(iii)an toilleadh a leithdháileadh cheana féin trí chreatchomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31 nó tríd an bpróiseas rollach pleanála ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 33;

(iv)an toilleadh a chuirtear i leataobh chun críoch eile seachas na críocha sin a leagtar amach i bpointí (i), (ii) agus (iii), a léireoidh an bainisteoir bonneagair go soiléir.

Léireofar sa phlean um thoilleadh a sholáthar na srianta is infheidhme maidir le húsáid an bhonneagair speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 24.

7.Áireoidh na bainisteoirí bonneagair sa phlean um thoilleadh a sholáthar na heilimintí a liostaítear i mír 6, pointe (b) don bhonneagar iarnróid a bhainistíonn siad.

Áireoidh na bainisteoirí bonneagair sa phlean um thoilleadh a sholáthar na heilimintí uile a liostaítear i mír 6 do na línte agus na nóid uile a áirítear i gcroíghréasán TEN‑T agus i gcroíghréasán sínte TEN‑T mar a shainmhínítear i [Rialachán nua TEN‑T].

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair na heilimintí dá dtagraítear i mír 6 le haghaidh línte agus nóid eile den ghréasán a bhainistíonn siad a áireamh sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

8.Agus réamhphleanáil á déanamh acu ar an toilleadh i gcomhréir le mír 6, pointe (a)(ii), cloífidh na bainisteoirí bonneagair leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 8(4).

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a réamhphleanáil bunaithe ar threoraíocht straitéiseach ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(3), torthaí an chomhairliúcháin leis na hiarratasóirí i gcomhréir le hAirteagal 13 agus an comhordú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 14.

9.Déanfaidh an comhlacht rialála anailís ar an bplean um thoilleadh a sholáthar agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar an mbainisteoir bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú. Déanfar aon tuairim nó aon mholadh ó ENIM a chur san áireamh i gcinneadh an chomhlachta rialála, i gcás ina soláthraítear an tuairim nó an moladh sin.

10.Déanfaidh ENIM treoirlínte a ghlacadh agus iad a áireamh sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6, ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)an modh chun an plean um thoilleadh a sholáthar a fhoilsiú, lena n‑áirítear seirbhísí digiteacha, uirlisí digiteacha, feidhmeanna digiteacha agus comhéadain dhigiteacha;

(b)an próiseas chun dul i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar..

Airteagal 19

Pleanáil theagmhasach

1.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair próiseas leanúnach pleanála teagmhasaí a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chun ullmhú i gcomhair suaití ar oibríochtaí gréasáin agus i gcomhair géarchéimeanna eile a dhéanann difear do thrácht iarnróid.

Beidh an phleanáil theagmhasach mar bhonn don bhainistiú tráchta, don bhainistiú suaite agus don bhainistiú géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 42, d‘fhonn freagairt thapa a chumasú i gcásanna den sórt sin agus a dtionchar ar thrácht iarnróid a íoslaghdú.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair torthaí na pleanála teagmhasaí a dhoiciméadú i bplean teagmhais.

2.Is é a bheidh i gceist leis an bpleanáil theagmhasach go háirithe:

(a)bealaí malartacha a ainmniú lena gceadaítear trácht a athródú i gcás nach mbeidh na línte a áirítear i gcroíghréasán TEN‑T agus i gcroíghréasán sínte TEN‑T ar fáil mar a leagtar amach in Airteagal 6 de [Rialachán TEN‑T nua] agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis;

(b)pleanáil tháscach ar an toilleadh bonneagair atá ar fáil ar na bealaí malartacha arna n‑ainmniú i gcomhréir le pointe (a) lena soláthraítear trédhearcacht maidir leis an toilleadh bonneagair atá ar fáil ar na línte sin, ar féidir é a úsáid i gcás teagmhas agus, go háirithe, i gcás suaití gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 46;

(c)rialacha agus nósanna imeachta a shainmhíniú maidir le bainistiú tráchta agus géarchéime, lena n‑áirítear faisnéis a chomhroinnt idir bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla eile agus páirtithe leasmhara eile, amhail údaráis phoiblí atá i gceannas ar iarnród nó ar shlándáil agus ar phráinnfhreagairt, chomh maith le critéir chun na nósanna imeachta sin a ghníomhachtú;

(d)sainaithint agus liostú na gcomhlachtaí a bheidh le cur ar an eolas i gcás teagmhais thromchúiseacha nó i gcás suaití tromchúiseacha ar ghluaiseachtaí traenach;

(e)aon ullmhúchán eile is gá chun bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus leis an gcreat Eorpach um chomhordú trasteorann ar bhainistiú tráchta, ar bhainistiú suaite agus ar bhainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44.

3.Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair go mbeidh an phleanáil theagmhasach comhsheasmhach le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe an straitéis um thoilleadh, an tsamhail maidir le toilleadh, an plean um thoilleadh a sholáthar agus leis an bpleanáil le haghaidh oibreacha bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 10.

4.Déanfar torthaí na pleanála teagmhasaí, go háirithe ainmniú línte malartacha i gcomhréir le mír 2, pointe (a) agus an phleanáil tháscach maidir le toilleadh ar línte malartacha i gcomhréir le mír 2, pointe (b) a chur san áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach mionsonraí an nós imeachta agus na gcritéar a bheidh le leanúint chun mír 2 a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thrácht trasteorann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

Airteagal 20

Critéir agus nósanna imeachta maidir le toilleadh réamhphleanáilte a leithdháileadh agus maidir le réada pleanála toillte a shainmhíniú

1.Leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh réamhphleanáilte a áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 trí chritéir agus nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh‑idirdhealaitheacha.

2.Sainmhíneoidh réada pleanála toillte saintréithe agus airíonna cineálacha éagsúla toillte réamhphleanáilte, lena n‑áirítear an toilleadh atá ar fáil d’iarrataí ó iarratasóirí, an toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh oibreacha bonneagair agus an toilleadh a leithdháileadh cheana féin. Áireofar sna saintréithe agus sna hairíonna sin na gnéithe uile atá ábhartha do chineálacha sonracha toillte réamhphleanáilte, amhail bealach, uainiú, luas íosta ráthaithe nó riachtanach, an chomhoiriúnacht theicniúil idir rothstoc agus bonneagar, paraiméadair agus an líon sliotán a áirítear.

3.Forbróidh ENIM creat comhchoiteann maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé san áireamh é sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Beidh cothromaíocht sa chreat comhchoiteann sin idir na tairbhí a bhaineann le toilleadh a chur i leataobh le haghaidh cineálacha sonracha seirbhísí iarnróid nó próisis leithdháilte agus an gá atá le solúbthacht a áirithiú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh maidir le toilleadh a leithdháileadh. Chun na críche sin, déanfar foráil sa chreat comhchoiteann maidir leis an bhféidearthacht iarrataí ar chearta toillte nach bhfuil comhsheasmhach leis an toilleadh réamhphleanáilte i gcomhthéacs an tsásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chur san áireamh.

4.Forbróidh agus glacfaidh ENIM sonraíochtaí foirmiúla le haghaidh réada pleanála toillte i bhformáid atá inléite ag an duine agus atá meaisín‑inléite. Áireoidh ENIM na sonraíochtaí sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Bunaithe ar a thaithí maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, soláthróidh ENIM faisnéis don Choimisiún maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir‑inoibritheacht dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/797 agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin, i gcomhréir le hAirteagal 62(3) den Rialachán seo.

Airteagal 21

Bonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe

1.Dearbhóidh na bainisteoirí bonneagair gan mhoill go mbeidh an‑úsáid á baint as eilimint den bhonneagar nó go mbeidh sí plódaithe má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)gur sháraigh úsáid an toillte na luachanna tairsí le haghaidh bonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as nó atá plódaithe le linn na dtréimhsí tagartha a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II i dtréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre roimhe seo nó i dtréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre atá ann faoi láthair;

(b)go léiríonn torthaí na pleanála straitéisí maidir le toilleadh arna déanamh i gcomhréir leis an roinn seo go sáraíonn na riachtanais maidir le toilleadh arna gcur in iúl le linn na gcéimeanna pleanála straitéisí maidir le toilleadh an toilleadh atá ar fáil lena leithdháileadh le linn tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith;

(c)gurb é an toradh a bhíonn ar oibreacha bonneagair as a dtagann srianta ar an toilleadh a sceidealaítear i gcomhréir le hAirteagal 10 go mbíonn an toilleadh ag éirí gann.

2.Sonrófar sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1 an tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre agus an eilimint den bhonneagar agus na tréimhsí amchláir sonracha lena mbaineann sí.

3.Maidir le hiarrataí coinbhleachta aonair ar thoilleadh arna gcur isteach le linn thréimhse an tráthchláir oibre, ní bheidh siad ina bhforas chun a dhearbhú go bhfuil an‑úsáid á baint as eilimint den bhonneagar nó go bhfuil sí plódaithe mura gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.

4.I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil an‑úsáid á baint as an mbonneagar nó go bhfuil sé plódaithe, déanfaidh an bainisteoir bonneagair anailís ar an toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22, mura bhfuil plean um thoilleadh a fheabhsú, dá bhforáiltear in Airteagal 23, á chur chun feidhme cheana féin.

5.I gcás eilimintí den bhonneagar a dhearbhaítear go bhfuil an‑úsáid á baint astu nó go bhfuil siad plódaithe, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh a chur i leataobh sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18, agus toradh na hanailíse ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 22 á chur san áireamh.

6.I gcás nár gearradh muirir i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir 2012/34/AE nó nach bhfuil toradh sásúil bainte amach acu agus inar dearbhaíodh go bhfuil an bonneagar plódaithe, cuirfidh an bainisteoir bonneagair nós imeachta i bhfeidhm chun toilleadh bonneagair gann a dheighilt nó a leithdháileadh ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Cuirfear an nós imeachta sin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo agus leagfar amach é, in éineacht leis na critéir is infheidhme, sa ráiteas gréasáin.

7.Léireoidh bainisteoirí bonneagair bonneagar a dearbhaíodh go bhfuil an‑úsáid á baint as nó go bhfuil sé plódaithe i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

8.Déanfar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus na critéir a bheidh le húsáid i gcás ina mbeidh bonneagar plódaithe a leagan amach sa ráiteas gréasáin agus urramófar leo aon bheart agus aon chritéar arna nglacadh i gcomhréir le mír 7.

9.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn II a leasú, chun bainistiú éifeachtúil an toillte ar bhonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe a áirithiú agus chun ábhair imní oibríochtúla bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí bonneagair a léiriú, agus taithí ENIM, na mbainisteoirí bonneagair, na n‑iarratasóirí agus na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla eile, na gcomhlachtaí rialála agus ENRB á cur san áireamh agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme.

Airteagal 22

Anailís ar an toilleadh i gcás bonneagair a bhfuil an‑úsáid á baint as nó atá plódaithe

1.Déanfaidh an bainisteoir bonneagair anailís ar an toilleadh laistigh de 6 mhí ón uair a dhearbhófar go bhfuil an‑úsáid á baint as an mbonneagar nó go bhfuil sé plódaithe.

Cinnfear leis an anailís ar an toilleadh na srianta ar an toilleadh bonneagair a chuireann cosc ar riachtanais maidir le toilleadh arna sloinneadh ag iarratasóirí a áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh, nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar, nó a chuireann cosc ar iarrataí ar thoilleadh bonneagair a chomhlíonadh go leormhaith.

Áireofar san anailís ar thoilleadh freisin an chéad tacar táscach de bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun an plódú a mhaolú agus chun infhaighteacht toillte a mhéadú.

2.Cuirfear saintréithe an bhonneagair san áireamh san anailís ar acmhainneacht, ar chumais agus ar idir‑inoibritheacht, ar nósanna imeachta oibriúcháin, ar chineál na seirbhísí éagsúla a oibríonn agus ar an éifeacht atá ag na tosca sin uile ar thoilleadh bonneagair. Maidir leis na bearta a bheidh le breithniú, áireofar go háirithe seirbhísí athródaithe, seirbhísí athuainíochta, athruithe luais, comhchuibhiú nósanna imeachta oibriúcháin agus feabhsuithe ar an mbonneagar.

3.Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an dréacht‑anailís ar thoilleadh i gcomhréir le hAirteagal 7e de Threoir 2012/34/AE agus, más cuid de Chonair Iompair Eorpach an stráice den bhonneagar lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 54.

Cuirfidh an bainisteoir bonneagair toradh na hanailíse ar thoilleadh ar fáil go poiblí. Áiritheoidh ENIM go mbeidh fáil éasca ar na foilseacháin sin.

4.Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair torthaí aon anailíse ar thoilleadh a dhéanfar de bhun an Airteagail seo san áireamh sa phleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Cuirfear torthaí na hanailíse ar thoilleadh faoi bhráid údaráis na mBallstát atá i gceannas ar an straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE a ullmhú agus faoi bhráid an Chomhordaitheora Eorpaigh atá i gceannas ar an gConair Iompair Eorpach lena mbaineann.

Airteagal 23

Plean um thoilleadh a fheabhsú

1.Laistigh de 6 mhí ón anailís ar thoilleadh a thabhairt chun críche i gcomhréir le hAirteagal 22, bunóidh an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a fheabhsú.

Sainaithneofar an méid seo a leanas sa phlean um thoilleadh a fheabhsú:

(a)na cúiseanna atá leis an bplódú;

(b)forbairt dhóchúil an tráchta sa todhchaí;

(c)na srianta atá ar fhorbairt bonneagair;

(d)na roghanna agus na costais a bhaineann le toilleadh a fheabhsú, lena n‑áirítear athruithe dóchúla ar mhuirir rochtana.

Ar bhonn anailís costais agus tairbhe ar na bearta féideartha a sainaithníodh, cinnfear leis an bplean um thoilleadh a fheabhsú freisin an ghníomhaíocht atá le déanamh chun toilleadh bonneagair a fheabhsú, lena n‑áirítear amchlár chun na bearta a chur chun feidhme.

2.Déanfar an plean um thoilleadh a fheabhsú a bhunú tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí an bhonneagair phlódaithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 13.

Féadfaidh sé a bheith faoi réir formheasa roimh ré ag an mBallstáit.

3.Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann pleananna um thoilleadh a fheabhsú a chur san áireamh agus an straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE á hathnuachan aige.

Déanfaidh Comhordaitheoir Eorpach na Conaire Iompair Eorpaí lena mbaineann an plean um thoilleadh a fheabhsú a chur san áireamh ina phlean oibre dá dtagraítear in Airteagal 53 de [Rialachán nua TEN‑T].

4.Gan dochar d’Airteagal 40 den Rialachán seo, scoirfidh an bainisteoir bonneagair d’aon mhuirir a thobhach ar an mbonneagar ábhartha faoi Airteagal 31(4) de Threoir 2012/34/AE i gceann de na cásanna seo a leanas:

(a)nach dtáirgeann an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a fheabhsú;

(b)nach ndéanann an bainisteoir bonneagair dul chun cinn leis na gníomhaíochtaí arna sainaithint sa phlean um thoilleadh a fheabhsú.

5.D’ainneoin mhír 4, féadfaidh an bainisteoir bonneagair, faoi réir fhormheas an chomhlachta rialála, leanúint de na muirir a thobhach i gceann de na cásanna seo a leanas:

(a)mura féidir an plean um thoilleadh a fheabhsú a bhaint amach ar chúiseanna nach mbeidh neart aige orthu;

(b)mura bhfuil na roghanna atá ar fáil inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó ó thaobh airgeadais de.

Airteagal 24

Bonneagar speisialaithe

1.Gan dochar do mhír 2, measfar go mbeidh toilleadh bonneagair ar fáil lena úsáid ag gach cineál tráchta atá comhoiriúnach leis an mbealach atá beartaithe i gcomhair oibriú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi.

2.I gcás ina bhfuil bealaí malartacha oiriúnacha ann agus inar féidir a léiriú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 25, go bhfuil údar maith leis sin ó thaobh cúrsaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil de, féadfaidh an bainisteoir bonneagair, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, bonneagar ar leith a ainmniú lena úsáid ag cineálacha sonraithe tráchta. Sa chás sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t‑ainmniúchán in iúl sna doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus déanfaidh sé toilleadh a chur i leataobh le haghaidh na gcineálacha tráchta sonraithe atá sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Le hainmniú den sórt sin, ní chuirfear cosc ar úsáid bonneagair den sórt sin ag cineálacha eile tráchta nuair a bheidh an toilleadh ar fáil.

3.Déanfar bonneagar arna ainmniú de bhun mhír 2 a léiriú sa ráiteas gréasáin, i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797, sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Airteagal 25

Toilleadh bonneagair a dheighilt ar bhonn critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil

1.I gcás ina ndearbhófar go mbeidh an‑úsáid á baint as eilimint den bhonneagar nó go mbeidh sí plódaithe i dtréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amach anseo, déanfaidh an bainisteoir bonneagair an toilleadh maidir leis an eilimint sin den bhonneagar a dheighilt sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaineann leis an tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre lena mbaineann.

2.Agus toilleadh bonneagair á dheighilt de bhun mhír 1, gníomhóidh an bainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 8.

Déanfaidh an bainisteoir bonneagair an gá atá le toilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid ilghréasáin a chur san áireamh.

ROINN 3
Sceidealú agus toilleadh a leithdháileadh

Airteagal 26

Cearta toillte

1.Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh faoin dlí poiblí nó príobháideach ar an mbainisteoir bonneagair chun comhaontú a iarraidh lena ndeonaítear cearta chun bonneagar iarnróid a úsáid in aghaidh muirir mar a fhoráiltear i roinn 2 de Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE.

Leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair an ceart chun toilleadh bonneagair a úsáid ar iarratasóirí i bhfoirm ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)sonraíochtaí toillte;

(b)bealaí traenach.

Sainmhíneoidh ENIM saintréithe na sonraíochtaí toillte agus áireofar saintréithe na sonraíochtaí sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte arna leithdháileadh i bhfoirm sonraíochta toillte a thiontú ina gcearta toillte i bhfoirm bealach traenach roimh an ngluaiseacht traenach iarbhír i gcomhréir leis na sprioc‑amanna a leagtar amach i ranna 4, 5 agus 6 d’Iarscríbhinn I.

3.Féadfar cearta toillte i bhfoirm bealach traenach a dheonú d’iarratasóirí ar feadh uasfhaid de thréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin. Féadfar cearta toillte i bhfoirm sonraíocht toillte a leithdháileadh ar feadh tréimhse níos faide ná tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 33.

4.Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, leagfar síos cearta agus oibleagáidí na mbainisteoirí bonneagair agus na n‑iarratasóirí faoi seach i leith aon leithdháileadh den toilleadh i gconarthaí nó i reachtaíocht na mBallstát.

5.I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag iarratasóir toilleadh bonneagair a iarraidh d’fhonn seirbhís do phaisinéirí a oibriú, i mBallstát ina bhfuil an ceart rochtana ar bhonneagar iarnróid teoranta i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2012/34/AE, cuirfidh sé na bainisteoirí bonneagair agus na comhlachtaí rialála lena mbaineann ar an eolas 18 mí ar a laghad roimh theacht i bhfeidhm an tráthchláir oibre lena mbaineann an iarraidh ar an toilleadh. Chun é a chur ar a gcumas do na comhlachtaí rialála lena mbaineann measúnú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch féideartha ar chonarthaí seirbhíse poiblí atá ann cheana, áiritheoidh comhlachtaí rialála go ndéanfar aon údarás inniúil a dhámh seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar an mbealach sin a shainítear i gconradh seirbhíse poiblí, aon údarás inniúil leasmhar eile a bhfuil an ceart aige teorainn a chur le rochtain faoi Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE agus aon ghnóthas iarnróid a fheidhmíonn an conradh seirbhíse poiblí ar bhealach na seirbhíse sin do phaisinéirí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí agus laistigh de 10 lá ar a dhéanaí.

6.A luaithe a leithdháilfear ar iarratasóir é, ní aistreoidh an faighteoir ceart toillte chuig gnóthas nó seirbhís eile.

Beidh eisiamh ó thoilleadh a leithdháileadh amach anseo mar thoradh ar aon chineál aistrithe.

Ní mheasfar gur aistriú é úsáid an toillte ag gnóthas iarnróid le linn dó gnó iarratasóra nach gnóthas iarnróid é a dhéanamh.

Airteagal 27

Modhanna chun toilleadh a leithdháileadh

1.Deonóidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte d’iarratasóirí trí bhíthin na bpróiseas leithdháilte dá dtagraítear in Airteagail 31 go 34.

Déanfar aon athrú ar an toilleadh a leithdháiltear a mheas mar leithdháileadh an toillte freisin.

2.Beidh sé de cheart ag iarratasóirí cearta toillte ilghréasáin a iarraidh, agus freagraí ar iarrataí den sórt sin a fháil, in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin. Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhar maidir leis an toilleadh a leithdháileadh le haghaidh seirbhísí iarnróid ilghréasáin, lena n‑áirítear go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid agus seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 28.

3.Urramóidh na bainisteoirí bonneagair rúndacht tráchtála na faisnéise a sholáthrófar dóibh.

4.Leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair trí uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

Maidir le cearta toillte ilghréasáin, bunóidh ENIM comhéadan aonair nó comhchóras i gcomhréir le hAirteagal 62, chun leithdháileadh an toillte a bhainistiú in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin.

5.Agus athruithe á n‑iarraidh nó á ndéanamh ar an toilleadh a leithdháiltear, comhlíonfaidh iarratasóirí agus bainisteoirí bonneagair Airteagal 39.

6.Cealóidh an bainisteoir bonneagair ceart toillte a úsáideadh, i gcaitheamh tréimhse míosa amháin ar a laghad, níos lú ná cuóta tairsí, a bheidh le leagan síos sa ráiteas gréasáin, mura raibh sé sin mar gheall ar chúiseanna neamheacnamaíocha nach raibh neart ag an iarratasóir orthu. Sainmhíneoidh ENIM réimse le haghaidh cuóta tairsí agus cuirfidh sé san áireamh iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

Déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar chur i bhfeidhm trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach na míre seo agus déanfaidh sé imscrúdú ar aon ngearán a gheofar.

7.I gcás ina gcealóidh an bainisteoir bonneagair, i gcomhréir le mír 6, cearta toillte ilghréasáin, cuirfidh an comhlacht rialála atá freagrach as an mbainisteoir bonneagair sin na comhlachtaí rialála ábhartha agus ENRRB ar an eolas.

Airteagal 28

Comhordú ar leithdháileadh na gceart toillte ilghréasáin

1.I gcás ina bhfaighidh an bainisteoir bonneagair iarraidh ar chearta toillte ilghréasáin de bhun Airteagal 27(2), comhordóidh siad leis na bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.Go háirithe, áiritheofar na nithe a leanas leis an gcomhordú:

(a)pointe teagmhála aonair a cheapadh a bheidh i gceannas ar chumarsáid leis an iarratasóir maidir leis an iarraidh ar cheart toillte ilghréasáin, a dtabharfar fógra ina leith don iarratasóir gan mhoill tar éis an iarraidh a fháil;

(b)an ceart toillte ilghréasáin a bheith ag comhlíonadh íoschritéar cáilíochta ó thaobh comhsheasmhachta idir gréasáin agus ó thaobh gnéithe amhail ródú, uainiú, infhaighteacht ar laethanta gluaiseachta éagsúla agus stádas an leithdháilte;

(c)feidhmíocht chomhsheasmhach an phróisis chun cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh, lena n‑áirítear go háirithe an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 agus an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37;

(d)comhordú ar aon athrú ar chearta toillte ilghréasáin arna leithdháileadh i gcomhréir le roinn 4 d’fhonn sláine na gceart toillte ilghréasáin a áirithiú i gcónaí.

Mura gceapfaidh bainisteoirí bonneagair pointe teagmhála aonair, beidh an bainisteoir bonneagair a bhfuil an chéad áit imeachta suite ar a ghréasán freagrach as gníomhú mar an bpointe teagmhála aonair i gcás fiosruithe a bhaineann leis an iarraidh sonrach ar thoilleadh.

3.Ní sholáthróidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte ar cháilíocht níos ísle mar fhreagairt ar iarrataí ar chearta toillte ilghréasáin i gcomparáid le hiarrataí ar thoilleadh a bhaineann le gréasán aonair.

4.Maidir leis an gcúiteamh as athruithe ar chearta toillte dá dtagraítear in Airteagal 40, measfar gur ceart toillte aonair é ceart toillte ilghréasáin. Go háirithe, measfar gur cealú mar gheall ar force majeure ar an gceart toillte ar an mbealach iomlán a chumhdaítear leis an ngréasán sin cealú mar gheall ar force majeure ar ghréasán amháin.

5.Sainmhíneoidh ENIM na nósanna imeachta mionsonraithe agus na modhanna chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme agus na híoscheanglais cháilíochta dá dtagraítear i mír 2(b) agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 29

Comhar maidir le toilleadh bonneagair iarnróid agus saoráidí seirbhíse a leithdháileadh

1.Oibreoirí saoráidí seirbhíse a sholáthraíonn faisnéis tháscach maidir le toilleadh saoráide seirbhíse atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 22 ón gCoimisiún, rachaidh siad i gcomhar le bainisteoirí bonneagair chun bealaí traenach a bhfuil toilleadh saoráide iarnróid san áireamh iontu a thairiscint. Féadfaidh oibreoirí eile saoráidí seirbhíse comhaontú a dhéanamh le bainisteoirí bonneagair chun an toilleadh a sholáthar go comhpháirteach.

2.Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair liosta ar fáil sa ráiteas gréasáin de na saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1.

3.Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair gur féidir le hiarratasóirí iarraidh a dhéanamh in aon áit amháin ar na cearta maidir le toilleadh oibríochta ar an mbonneagar iarnróid agus sna saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1.

4.Chun críche mhír 3, déanfaidh bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí saoráidí seirbhíse an toilleadh a chomhordú agus soláthróidh siad cearta toillte, lena n‑áirítear an toilleadh sa tsaoráid iarnróid a chomhlíonann ceanglais an iarratasóra, nó déanfaidh siad iarracht rogha mhalartach inmharthana a sholáthar.

5.Déanfaidh oibreoirí na saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1 faisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin nó i bhfíor‑am i gcás inar gá, faoin toilleadh atá ar fáil don bhainisteoir bonneagair i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 62.

6.Chun críoch an Airteagail seo agus i gcomhréir le hAirteagal 62, soláthróidh ENIM treoirlínte maidir leis na ceanglais fheidhmiúla agus theicniúla chun faisnéis a mhalartú idir oibreoirí saoráidí iarnróid agus bainisteoirí bonneagair. Gan dochar d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177, féadfaidh oibreoirí saoráidí seirbhíse a iarraidh go ndíolmhófar iad ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Cuirfear iarrataí den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta rialála agus beidh siad cuí‑réasúnaithe. Féadfaidh comhlachtaí rialála cinneadh a dhéanamh síneadh a chur le díolúine i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

7.Déanfaidh ENRRB faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 7 agus soláthróidh sé moltaí maidir leis na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí ar dhíolúintí.

Airteagal 30

Amchlár oibre

1.Bunóidh na bainisteoirí bonneagair tráthchlár oibre nua roimh thús gach tréimhse bailíochta tráthchláir oibre. 1 bhliain amháin a bheidh i ré na tréimhse bailíochta tráthchláir oibre.

Tionscnóidh na bainisteoirí bonneagair ullmhú an tráthchláir oibre agus toilleadh á leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 32, agus na cearta toillte arna leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31 agus tríd an bpróiseas rollach pleanála dá dtagraítear in Airteagal 33 á gcur san áireamh.

2.Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an tráthchlár oibre a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre, agus an toilleadh arna leithdháileadh tríd an bpróiseas rollach pleanála dá dtagraítear in Airteagal 33 á chur san áireamh, mar aon le toilleadh arna leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 34, athruithe ar chearta toillte i gcomhréir le hAirteagal 39 agus athsceidealú i gcomhthéacs an bhainistithe suaite agus an bhainistithe géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 41.

Airteagal 31

Toilleadh a leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe

1.Beidh sé de cheart ag iarratasóir toilleadh bonneagair a iarraidh le haghaidh tréimhse ama a sháraíonn tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin. Gan dochar d’Airteagail 101, 102 agus 106 CFAE, leithdháilfidh an bainisteoir bonneagair toilleadh den sórt sin trí chreatchomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an iarratasóir sin, faoi réir mhír 3 agus mhír 4.

Sonrófar sna creat‑chomhaontuithe na cearta toillte a deonaíodh i bhfoirm sonraíocht toillte dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) d’Airteagal 26. Ní fhéadfar cearta toillte i bhfoirm bealach traenach a áireamh iontu.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá ag na Ballstáit le formheas roimh ré ón gcomhlacht rialála i leith creat‑chomhaontuithe.

2.Iarrfaidh iarratasóir ar páirtí é i gcreatchomhaontú na sonraíochtaí toillte a áirítear sa chreatchomhaontú a thiontú ina mbealach traenach comhfhreagrach i gcomhréir leis an gcomhaontú sin.

3.Ní thabharfaidh bainisteoirí bonneagair creatchomhaontuithe i gcrích ach amháin i gcás ina bhfuil an ceart toillte a iarrtar comhsheasmhach le doiciméid phleanála na pleanála straitéisí maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair in iúl an toilleadh atá beartaithe acu a chur i leataobh lena leithdháileadh trí chreatchomhaontuithe sna doiciméid phleanála sin.

4.Ní chuirfidh creatchomhaontuithe bac ar iarratasóirí nó seirbhísí eile an bonneagar ábhartha a úsáid. Chun na críche sin, socróidh na bainisteoirí bonneagair na sciartha uasta den toilleadh iomlán is féidir a leithdháileadh trí chreatchomhaontuithe agus cuirfidh siad na sciartha sin san áireamh sa ráiteas gréasáin.

5.Leis na creatchomhaontuithe, beifear in ann a dtéarmaí a leasú chun gur féidir úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid, gan dochar d’Airteagal 39 agus d’Airteagal 40.

6.Beidh athruithe ar chearta toillte arna leithdháileadh trí chreatchomhaontuithe faoi réir cúitimh i gcomhréir le hAirteagal 40, cé is moite den chás dá dtagraítear i mír 5.

7.Cumhdófar leis na creatchomhaontuithe, i bprionsabal, an tréimhse a luaitear i roinn 5 d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an bainisteoir bonneagair teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse níos giorra nó níos faide i gcásanna sonracha. Aon tréimhse is faide ná an tréimhse a luaitear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I, tabharfar údar léi leis an gceanglas maidir le hinfheistíochtaí tiomnaithe ó iontrálaithe nua nó le húrnuacht shubstaintiúil na seirbhíse.

8.Maidir le seirbhísí a úsáideann bonneagar speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 24, lena n‑éilítear infheistíocht shubstaintiúil fhadtéarmach, agus údar cuí tugtha ag an iarratasóir leis sin, féadfar creatchomhaontuithe a thabhairt i gcrích ina leith ar feadh tréimhse 15 bliana. Ní fhéadfar aon tréimhse is faide ná 15 bliana a chomhaontú ach amháin i gcásanna eisceachtúla, go háirithe i gcás ina bhfuil infheistíocht mhórscála fhadtéarmach ann agus i gcás ina gcumhdaítear an infheistíocht sin le gealltanais chonarthacha, lena n‑áirítear plean amúchta ilbhliantúil.

9.Áireoidh bainisteoirí bonneagair toilleadh arna leithdháileadh trí chreatchomhaontuithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

10.Agus rúndacht tráchtála á hurramú, cuirfear cineál ginearálta gach creatchomhaontaithe ar fáil d’aon pháirtí leasmhar.

11.Bunaithe ar thaithí na gcomhlachtaí rialála, na n‑údarás inniúil agus na ngnóthas iarnróid agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí ENRRB, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach sonraí an nós imeachta agus na gcritéar a bheidh le leanúint chun an tAirteagal seo agus Airteagal 33 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

Airteagal 32

Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil

1.Bunóidh an bainisteoir bonneagair an chéad leagan oibríochtúil den tráthchlár oibre le haghaidh tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)iarrataí ar chearta toillte a fuarthas sa phróiseas leithdháilte bliantúil;

(b)cearta toillte a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann agus a dheonaítear trí chreatchomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31;

(c)cearta toillte a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann agus a dheonaítear tríd an bpróiseas rollach pleanála i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.Déanfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh a leithdháileadh tríd an leithdháileadh comhuaineach an toillte, d’fhonn na hiarrataí uile ar thoilleadh bonneagair dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, a mhéid is féidir, faoi réir mhír 5 agus mhír 6. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair na srianta uile ar iarratasóirí san áireamh, a mhéid is féidir, lena n‑áirítear an éifeacht eacnamaíoch ar a ngnó.

3.I gcás coinbhleacht idir dhá iarraidh ar thoilleadh nó níos mó, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair iarracht ar dtús an choinbhleacht a réiteach tríd an sásra comhairliúcháin comhthoiliúil dá dtagraítear in Airteagal 36.

4.Mura réitíonn an sásra foirmiúil um réiteach díospóide dá dtagraítear i mír 3 an choinbhleacht maidir le toilleadh, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37 a chur i bhfeidhm.

5.I gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 20, tabharfaidh an bainisteoir bonneagair tosaíocht d’iarrataí atá comhsheasmhach leis an toilleadh réamhphleanáilte a shainítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar. Dá thoradh sin, féadfaidh an bainisteoir bonneagair glacadh le hiarrataí nach bhfuil ag teacht leis an bplean um thoilleadh a sholáthar nó diúltú dóibh.

Agus é ag glacadh le hiarrataí nach bhfuil i gcomhréir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, beidh sé d’aidhm ag an mbainisteoir bonneagair an chothromaíocht fhoriomlán a choinneáil ar bun idir na heilimintí den phlean um thoilleadh a sholáthar a liostaítear in Airteagal 18(6).

Agus iarrataí á ndiúltú aige nach bhfuil ag teacht leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t‑iarratasóir lena mbaineann ar an eolas gan mhoill go bhfuil rún aige iarraidh a dhiúltú. Beidh sé de cheart ag an iarratasóir gearán a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála.

6.D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cearta toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil:

(a)bealaí traenach;

(b)sonraíochtaí toillte.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte a dheonaítear i bhfoirm sonraíochtaí toillte a thiontú ina mbealaí traenach i gcomhréir le roinn 4 d’Iarscríbhinn I.

7.Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal don phróiseas leithdháilte a leagtar amach i roinn 4 d’Iarscríbhinn I.

8.Breithneoidh an bainisteoir bonneagair iarrataí a cuireadh isteach tar éis an sprioc‑ama tosaigh agus roimh an sprioc‑am deiridh a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I. Sna cásanna sin, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair cearta toillte i gcomhréir le roinn 4, pointe 2 d’Iarscríbhinn I.

9.Maidir le hiarrataí ar an amchlár oibre a gheofar tar éis an sprioc‑ama tosaigh, nach féidir freastal orthu leis an toilleadh iarmharach a chuirtear i leataobh don amchlár oibre, nó leis an toilleadh neamhphleanáilte atá ar fáil, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht chun roghanna malartacha a thairiscint trí chúrsa taistil eile.

10.Rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an dréacht‑amchlár oibre. Áireofar ar pháirtithe leasmhara iad siúd uile a d’iarr toilleadh bonneagair agus páirtithe eile ar mian leo an deis a bheith acu a mbarúil a thabhairt faoin gcaoi a bhféadfadh an tráthchlár oibre difear a dhéanamh dá gcumas seirbhísí iarnróid a sholáthar le linn thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre.

11.Déanfaidh an bainisteoir bonneagair bearta iomchuí chun déileáil le haon imní a chuirtear in iúl.

Airteagal 33

Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas rollach pleanála

1.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas rollach pleanála i gcomhréir leis na sprioc‑amanna a leagtar amach i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh a chur i leataobh chun na críche sin sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

2.D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cearta toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas rollach pleanála:

(a)bealaí traenach nó sonraíochtaí toillte le haghaidh na laethanta gluaisteachta uile le linn thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre ina gcuimsítear an chéad lá gluaiseachta a áirítear san iarraidh;

(b)sonraíochtaí toillte le haghaidh na laethanta gluaiseachta uile tar éis thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre ina gcuimsítear an chéad lá a áirítear san iarraidh ar feadh uastréimhse a shonraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte a dheonaítear i bhfoirm sonraíochtaí toillte a thiontú ina mbealaí traenach i gcomhréir le roinn 6 d’Iarscríbhinn I.

3.Gan dochar d’Airteagal 18, leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh a chuirfear i leataobh don phróiseas rollach pleanála maidir le leithdháileadh ar bhonn phrionsabal an leithdháilte a leagtar amach i roinn 5, pointe 2 d’Iarscríbhinn I.

4.I gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 20, féadfaidh bainisteoirí bonneagair diúltú do thoilleadh a leithdháileadh d’iarrataí rollacha pleanála má tá iarrataí ar neamhréir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 18. Cuirfear diúltú in iúl don iarratasóir gan mhoill. Beidh sé de cheart ag an iarratasóir gearán a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála.

5.Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair an comhlacht rialála ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar thoilleadh a fuarthas nár oir do pharaiméadair an toillte a bhí ar fáil mar a shainítear iad sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar ar glacadh leo nó ar diúltaíodh dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, eiseoidh an comhlacht rialála tuairim ar a laghad gach 2 bhliain, a fhéadfaidh a mholadh don bhainisteoir bonneagair an tsamhail maidir le toilleadh a leasú.

6.Tar éis fógra a thabhairt don chomhlacht rialála, nó tar éis moladh a fháil ón gcomhlacht rialála, diúltóidh an bainisteoir bonneagair d’iarrataí leanúnacha ar phleanáil, más de chineál atriallach iad agus má chomhlíonann siad saintréithe an toillte a leithdháiltear de ghnáth trí chreatchomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31. Cuirfidh an comhlacht rialála ENRRB ar an eolas faoi na cinntí agus na moltaí sin agus áiritheoidh an comhlacht rialála cur i bhfeidhm comhleanúnach na míre seo.

Airteagal 34

Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc

1.Freagróidh an bainisteoir bonneagair go pras, agus in aon chás laistigh de na sprioc‑amanna a leagtar amach i roinn 7 d’Iarscríbhinn I, d’iarrataí ad hoc ar thoilleadh bonneagair arna gcur isteach tráth ar bith le linn thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre. Déanfar faisnéis maidir leis an toilleadh breise atá ar fáil a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 do na hiarratasóirí uile a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh an toilleadh sin a úsáid.

Is i bhfoirm bealaí traenach a bheidh na cearta toillte a dheonófar tríd an bpróiseas ad hoc.

2.Beidh leithdháileadh an toillte bonneagair mar fhreagairt ar iarrataí ad hoc bunaithe ar an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.

Airteagal 35

Sceidealú na srianta ar an toilleadh mar thoradh ar oibreacha bonneagair

1.Sceidealóidh na bainisteoirí bonneagair srianta ar an toilleadh a thiocfaidh as oibreacha bonneagair nach n‑áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 a luaithe is féidir.

2.Agus oibreacha bonneagair á sceidealú, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an tionchar ar thoilleadh réamhphleanáilte a áirítear sa tsamhail maidir le toilleadh nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar a theorannú a mhéid is féidir.

3.Má éilíonn sceidealú srianta ar an toilleadh a leanann as oibreacha bonneagair athrú ar cheart toillte leithdháilte de réir bhrí Airteagal 39, beidh an t‑iarratasóir nó na hiarratasóirí lena mbaineann i dteideal an chúitimh dá dtagraítear in Airteagal 40.

4.Má éilíonn sceidealú srianta ar a toilleadh a leanann as oibreacha bonneagair athrú ar cheart toillte leithdháilte de réir bhrí Airteagal 39, déanfaidh an bainisteoir bonneagair a dhícheall toilleadh malartach a sholáthar do na hiarratasóirí lena mbaineann.

Chun na críche sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair na hiarratasóirí uile lena mbaineann ar an eolas faoin athrú atá beartaithe ar na cearta toillte lena mbaineann. Déanfaidh sé cearta toillte malartacha a thairiscint do na hiarratasóirí lena mbaineann nó seolfaidh sé comhordú leis na hiarratasóirí lena mbaineann d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le cearta toillte malartacha.

5.Agus oibreacha bonneagair á sceidealú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cloífidh bainisteoirí bonneagair leis an sceideal a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn I.

6.Áireoidh na bainisteoirí bonneagair na srianta uile ar an toilleadh a thagann as oibreacha bonneagair sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar an tráth a dhéantar iad a sceidealú.

Airteagal 36

Sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta agus comhordú iarrataí

1.Más rud é, i gcomhthéacs leithdháileadh comhuaineach an toillte, go dtagann an bainisteoir bonneagair ar choinbhleachtaí idir iarrataí éagsúla ar thoilleadh bonneagair, déanfaidh sé iarracht a áirithiú go ndéanfar an mheaitseáil is fearr is féidir idir na ceanglais uile, trí chomhordú na n‑iarrataí.

2.I gcás ina mbeidh gá le comhordú, beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bonneagair, laistigh de theorainneacha réasúnacha, toilleadh bonneagair a mholadh atá éagsúil ón toilleadh a iarradh. Sainmhíneoidh an bainisteoir bonneagair na teorainneacha is infheidhme ina ráiteas gréasáin. Soláthróidh ENIM treoirlínte maidir leis an sainmhíniú ar na teorainneacha sin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.Déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht, trí chomhairliúchán leis na hiarratasóirí iomchuí, aon choinbhleacht a réiteach. Beidh an comhairliúchán sin bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh laistigh de thréimhse réasúnach ama, saor in aisce agus i bhfoirm leictreonach:

(a)bealaí traenach arna n‑iarraidh ag gach iarratasóir eile ar na bealaí céanna;

(b)bealaí traenach a leithdháiltear ar bhonn tosaigh do gach iarratasóir eile ar na bealaí céanna;

(c)bealaí traenach malartacha a mholtar ar na bealaí ábhartha i gcomhréir le mír 2;

(d)sonraí iomlána na gcritéar atá á n‑úsáid sa phróiseas leithdháilte toillte.

Gan dochar d’Airteagal 27(3) agus faoi réir chomhaontú na n‑iarratasóirí uile, féadfaidh an bainisteoir bonneagair teagmháil a bhunú idir na hiarratasóirí uile a d’fhéadfadh a bheith bainteach le coinbhleacht a réiteach chun comhordú na n‑iarrataí a éascú.

4.Leagfar amach sa ráiteas gréasáin na prionsabail lena rialaítear comhordú iarrataí ar thoilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre.

5.I gcás nach féidir iarrataí ar thoilleadh bonneagair a chomhlíonadh gan comhordú a dhéanamh, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht freastal ar gach iarraidh trí chomhordú a dhéanamh.

6.Gan dochar do na nósanna imeachta achomhairc atá ann cheana agus d’Airteagal 56 de Threoir 2012/34/AE, i gcás díospóidí a bhaineann le leithdháileadh toillte bonneagair, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear córas réitigh díospóidí ar fáil chun díospóidí den sórt sin a réiteach go pras. Leagfar amach an córas sin sa ráiteas gréasáin maidir le hiarrataí ar thoilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre. Má chuirtear an córas sin i bhfeidhm, déanfar cinneadh laistigh de theorainn ama 10 lá oibre.

7.I gcás iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin, déanfar an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i gcomhréir le hAirteagal 53 agus beidh baint ag an gComhordaitheoir Gréasáin leis.

8.Ullmhóidh ENIM treoirlínte don sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta d’iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 37

Sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta ar bhonn critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil

1.I gcás nach mbeidh an choinbhleacht maidir le toilleadh réitithe leis na sásraí um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 8.

2.I gcomhthéacs an phróisis fhoirmiúil um réiteach coinbhleachta, cuirfear iarrataí ar chearta toillte ilghréasáin san áireamh ina n‑iomláine. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 8(6), go mbeidh feidhm ag paraiméadair náisiúnta éagsúla, úsáidfear na paraiméadair sin do na stráicí ábhartha.

3.I gcás iarrataí contrártha ar thoilleadh lena mbaineann seirbhísí iarnróid a bhfuil saintréithe comhchosúla acu agus a bhfuil próifíl shocheacnamaíoch chomhchosúil acu, sannfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh ar bhonn ceantála nó ar bhealach a thabharfaidh rochtain don líon is mó iarratasóirí. Cuirfear an modh deireanach sin i bhfeidhm faoi réir a fhormheasta ag an gcomhlacht rialála.

Airteagal 38

Sceideal le haghaidh próisis leithdháilte toillte

1.Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal maidir le próisis leithdháilte toillte a leagtar amach i ranna 4, 5, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn I.

2.Féadfaidh bainisteoirí bonneagair tréimhsí ama agus sprioc‑amanna a chinneadh don sceideal maidir le toilleadh a leithdháileadh atá éagsúil ó na cinn dá dtagraítear sa Rialachán seo agus i bpointe 2(b) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/34/AE má bhíonn tionchar suntasach ag bunú bealaí iarnróid idirnáisiúnta i gcomhar le bainisteoirí bonneagair tríú tíortha ar ghréasán a bhfuil a leithead rianta éagsúil ón bpríomhghréasán iarnróid laistigh den Aontas ar an sceideal maidir le toilleadh a leithdháileadh go ginearálta.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun ranna 4, 5, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn próiseas leithdháilte éifeachtúil a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar phleanáil, ar leasanna oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann maidir le sceidealú agus leithdháileadh an toillte.

ROINN 4
Oiriúnú agus athsceidealú

Airteagal 39

Athruithe ar chearta toillte tar éis an leithdháilte

1.Ní fhéadfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte arna leithdháileadh ar iarratasóir ar a thionscnamh féin a athrú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh iarratasóirí athruithe a iarraidh ar an toilleadh a leithdháileadh i gcónaí. Measfar gur cineál sonrach athraithe é cealú.

I gcás athruithe ar chearta toillte arna leithdháileadh, beidh feidhm ag Airteagal 40. Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an tráthchlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 30 a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill.

2.Cuirfidh bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí teorainn le hathruithe ar chearta toillte tar éis an leithdháilte a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(3).

3.Áireofar sna hathruithe ar chearta toillte cásanna nach féidir leis an mbainisteoir bonneagair ligean don traein gluaiseacht i gcomhréir leis an gceart toillte a leithdháileadh agus ina bhfuil a dhóthain ama aige ceart toillte malartach a thairiscint don iarratasóir tar éis dó an t‑iarratasóir a chur ar an eolas faoin ngá atá leis an athrú.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair sprioc‑amanna éagsúla a shonrú maidir le cearta toillte a leithdháileadh ar ghréasán aonair agus maidir le cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh. Soláthróidh na bainisteoirí bonneagair faisnéis sa ráiteas gréasáin maidir leis an am is gá chun bealach traenach a thógáil. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná na sprioc‑amanna a shonraítear i roinn 8 d’Iarscríbhinn I.

4.Déanfar tionchar an athraithe ar an gceart toillte ar an iarratasóir i dtéarmaí oibríochtúla agus tráchtála a chur san áireamh sna rialacha agus sna nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás athrú ar cheart toillte. Chun na críche sin, déanfar athruithe a chatagóiriú bunaithe ar a dtionchar i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo agus beidh leibhéil éagsúla cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 40 mar thoradh orthu.

5.I gcás ina n‑athraítear ceart toillte ilghréasáin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann gach iarracht réasúnta chun an chomhsheasmhacht idir na cearta toillte thar an ngluaiseacht traenach ar fad a áirithiú.

Is é an bainisteoir bonneagair a dhéanfaidh athrú ar cheart toillte ilghréasáin a bheidh freagrach as an bpróiseas chun leithdháileadh cirt toillte ilghréasáin mhalartaigh a chomhordú leis na bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann agus cuirfidh sé toradh an chomhordaithe in iúl don iarratasóir agus do na páirtithe uile lena mbaineann. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ann ceart toillte ilghréasáin malartach a leithdháileadh nó an fhaisnéis nach bhfuil aon cheart toillte malartach ar fáil.

6.Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás nach n‑úsáidfidh gnóthais iarnróid ceart toillte arna leithdháileadh, measfar gurb ionann sin agus cealú lá na gluaiseachta traenach lena mbaineann.

7.I gcás ina n‑athróidh bainisteoir bonneagair ceart toillte arna leithdháileadh, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus don ghnóthas iarnróid lena mbaineann gan mhoill.

Déanfaidh an bainisteoir bonneagair cearta toillte malartacha a thairiscint don iarratasóir laistigh de na sprioc‑amanna a leagtar amach i roinn 8 d’Iarscríbhinn I. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, soláthróidh an bainisteoir bonneagair faisnéis ábhartha don iarratasóir lena gcuirfear ar chumas an iarratasóra iarraidh nua ar thoilleadh bonneagair a chur isteach. I gcás inarb ábhartha, déanfar tagairt san fhaisnéis sin don phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 agus don phleanáil theagmhasach dá dtagraítear in Airteagal 19.

8.Ullmhóidh agus glacfaidh ENIM nósanna imeachta comhchuibhithe chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis a leithdháilte agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

Leis na nósanna imeachta comhchuibhithe sin, déanfar idirdhealú idir athruithe a bhfuil mórthionchar acu ar iarratasóirí agus ar ghnóthais iarnróid i dtéarmaí tráchtála agus oibríochtúla agus athruithe a bhfuil miontionchair acu. Leis na critéir a úsáidfear chun athrú a chatagóiriú mar mhórathrú, cuirfear san áireamh, i measc nithe eile, cumas an ghnóthais iarnróid an tseirbhís a dhéanamh i gcomhréir lena oibleagáidí conarthacha, moilleanna ag an áit imeachta nó athruithe ar an mbealach as a dtagann méadú ar achar, am taistil, muirir rochtana bealaí nó costais ghaolmhara eile, chomh maith le tairseacha le haghaidh na n‑athruithe sin. Beidh feidhm ag critéir níos déine maidir le hathruithe a bhfuil mórthionchar acu.

9.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun roinn 8 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn próisis oiriúnaithe agus athsceidealaithe éifeachtúla a áirithiú agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

Airteagal 40

Cúiteamh as athruithe ar chearta toillte

1.I gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair nó an t‑iarratasóir a ngealltanais i ndáil le ceart toillte arna leithdháileadh agus i gcás inarb é an toradh a bheidh air sin athrú a aicmítear mar mhórathrú i gcomhréir le hAirteagal 39, íocfaidh an páirtí a thionscnaíonn an t‑athrú cúiteamh leis an bpáirtí eile.

2.Ní bheidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 dlite i gcásanna force majeure.

3.Tar éis dul i gcomhairle le ENRRB, saineoidh ENIM coinníollacha comhchuibhithe as a dtiocfaidh cúiteamh. Leis na coinníollacha sin, cuirfear na rialacha a leagtar amach in Airteagal 39(4) agus (8) san áireamh. Áireoidh ENIM na coinníollacha sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Foilseoidh ENRRB tuairim maidir leis na coinníollacha arna sainiú ag ENIM.

4.Tar éis formheas a fháil ón gcomhlacht rialála, leagfaidh na bainisteoirí bonneagair amach sa ráiteas gréasáin na leibhéil chúitimh a bheidh le híoc ag na hiarratasóirí.

Tar éis togra a fháil ón mbainisteoir bonneagair agus tar éis dul i gcomhairle le hiarratasóirí agus le hiarratasóirí féideartha, socróidh an comhlacht rialála na leibhéil chúitimh a bheidh le híoc ag an mbainisteoir bonneagair. Foilseoidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin sa ráiteas gréasáin.

Is amhlaidh, maidir leis na leibhéil chúitimh, go soláthrófar dreasachtaí éifeachtacha leo don bhainisteoir bonneagair agus d’iarratasóirí chun úsáid bheartaithe an toillte a urramú agus suaití a íoslaghdú. Beidh na leibhéil sin comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair agus comhlachtaí rialála leibhéil éagsúla chúitimh a shocrú ag brath ar thionchar an athraithe agus cé acu is féidir nó nach féidir an toilleadh a ath‑leithdháileadh, agus iarratasóir eile é a úsáid. Cuirfear san áireamh sna leibhéil sin go háirithe na rialacha in Airteagal 39(4) agus (8), an t‑am a bheidh fágtha tar éis an athraithe a iarraidh nó a bheith tarlaithe go dtí am na gluaiseachta traenach agus ráta úsáide an bhonneagair iarnróid atá san áireamh sa cheart toillte.

5.I gcás cearta toillte ilghréasáin, beidh feidhm ag an oibleagáid a bhaineann leis an gcúiteamh a íoc leis an iarratasóir maidir leis an mbainisteoir bonneagair nó leis na bainisteoirí bonneagair a bheidh freagrach as an athrú ar an gceart toillte, agus an ceart toillte ina iomláine á chur san áireamh agus, i gcás ina mbeidh níos mó ná bainisteoir bonneagair amháin freagrach, cóimheas fhad a ngréasán sa cheart toillte. Ní rachaidh an cúiteamh don cheart toillte ina iomláine thar an gcúiteamh a bheidh dlite don cheart toillte arna leithdháileadh ag an mbainisteoir bonneagair arna iolrú faoi thrí.

6.Déanfaidh comhlachtaí rialála cinneadh maidir le díospóidí a bhaineann leis an gcúis atá leis an athrú ar cheart toillte nó le cúiteamh moillithe agus déanfaidh siad cinneadh gan mhoill agus laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar an gcúis leis an athrú. Cuirfidh comhlachtaí rialála ENRRB ar an eolas faoi chinntí den sórt sin agus féadfaidh siad dul i gcomhairle le ENRRB. Áiritheoidh ENRRB go mbeidh na cinntí sin comhleanúnach agus go mbeidh siad bunaithe ar phrionsabail a aithnítear go coitianta.

7.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na coinníollacha as a dtiocfadh íocaíocht cúiteamh, aicmiú na n‑athruithe ar chearta toillte agus na modheolaíochtaí chun na leibhéil chúitimh a shocrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

Airteagal 41

Athsceidealú i gcomhthéacs an bhainistithe suaite agus an bhainistithe géarchéime

1.I gcás suaitheadh ar an ngréasán dá dtagraítear in Airteagal 46 nó i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 47, déanfaidh an bainisteoir bonneagair nó na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann gach iarracht is féidir chun an trácht a ndéanann an suaitheadh difear dó a athsceidealú. Chun na críche sin, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um chomhordú trasteorann ar bhainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime, dá dtagraítear in Airteagal 44, ar bhonn na bpleananna teagmhais arna n‑ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus, i gcás inarb ábhartha, le páirtithe leasmhara eile lena mbaineann.

2.Déanfaidh ENIM treoirlínte a fhorbairt agus a ghlacadh chun toilleadh bonneagair a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaitheadh ar an ngréasán ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach. Go háirithe, soláthróidh ENIM treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an phróisis chomhuainigh maidir le toilleadh a leithdháileadh agus maidir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an bpróiseas leithdháilte comhuaineach, soláthróidh ENIM treoirlínte maidir leis na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm, lena n‑áireofar, de réir mar is iomchuí, an próiseas maidir le réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chur i bhfeidhm agus maidir leis an bpróiseas foirmiúil maidir le réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37. Áireoidh ENIM na treoirlínte sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.Agus iad ag athsceidealú, ní dhéanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte atá ann cheana a athrú ná a chealú ar bhonn aontaobhach chun suaití a bhainistiú. Mar sin féin, bunaithe ar thaithí comhlachtaí rialála, bainisteoirí bonneagair agus gnóthas iarnróid agus ar ghníomhaíochtaí ENIM agus ENRRB, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach na critéir agus na nósanna imeachta maidir le hathsceidealú, lena n‑áirítear athruithe aontaobhacha ar chearta toillte leithdháilte ag bainisteoirí bonneagair chun suaití ar an ngréasán a bhainistiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

4.Féadfaidh bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí comhaontuithe a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, lena bhforálfar d’athsholáthar ceart toillte áirithe i gcás suaitheadh ar an ngréasán. Luafar comhaontuithe den sórt sin sa phlean teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 19.

5.I gcás suaitheadh ar an ngréasán a dhéanann difear do thrácht ar níos mó ná gréasán amháin, comhordóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann leithdháileadh an toillte mhalartaigh i gcomhréir le hAirteagal 53 agus leis an gcreat Eorpach um chomhordú trasteorann ar bhainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44.

CAIBIDIL III
TRÁCHT, SUAITHEADH AGUS BAINISTIÚ GÉARCHÉIME

Airteagal 42

Bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime

1.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair bainistiú tráchta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin.

Chun na críche sin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a)bainistiú tráchta le linn gnáthdhálaí oibriúcháin a bhaineann le teagmhais a bhainistiú a mbíonn diallta teoranta ón amchlár oibre mar thoradh orthu;

(b)bainistiú suaite chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh suntasach ar oibríochtaí gréasáin a éilíonn gníomhaíocht chomhbheartaithe i gcomhréir le hAirteagal 46;

(c)bainistiú tráchta le linn géarchéimeanna mar a leagtar amach in Airteagal 47.

2.I gcás géarchéimeanna ar mórscála, laistigh agus lasmuigh den earnáil iompair araon, féadfaidh na Ballstáit bearta a chur chun feidhme de mhaolú ar na rialacha is infheidhme i ngnáthchásanna i gcomhréir le hAirteagal 47. I gcásanna den sórt sin agus i gcás inarb ábhartha, glacfaidh bainisteoirí bonneagair rialacha agus nósanna imeachta speisialta agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 47.

3.Agus trácht á bhainistiú, cloífidh bainisteoirí bonneagair leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2.

Go háirithe, déanfaidh bainisteoirí bonneagair suaití agus a dtionchar ar thrácht iarnróid a laghdú agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)freagairt thapa chomhordaithe ar shuaití a áirithiú, go háirithe i gcás suaití gréasáin agus géarchéimeanna;

(b)an trácht iarnróid a chobhsú agus a optamú le linn fhad iomlán na suaití gréasáin agus na ngéarchéimeanna;

(c)faisnéis ábhartha, chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla agus do pháirtithe eile lena mbaineann, go háirithe na húdaráis atá i gceannas ar ghéarchéimeanna lasmuigh den earnáil iarnróid a bhainistiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin trí na modhanna iomchuí, lena n‑áirítear na modhanna sin dá dtagraítear in Airteagal 62.

Airteagal 43

Rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú tráchta agus bainistiú suaite

1.Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun dialltaí gluaiseachtaí traenach ón amchlár oibre a bhainistiú. Foilseofar na rialacha agus na nósanna imeachta sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE agus cumhdófar leo bainistiú tráchta sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán seo.

2.Beidh sé d’aidhm ag na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 tionchar foriomlán na ndialltaí ón amchlár ar thrácht iarnróid a íoslaghdú, agus riachtanais gach cineáil iompair á gcur san áireamh. Féadfaidh rialacha tosaíochta a bheith i gceist leis na prionsabail maidir le bainistíocht idir na cineálacha éagsúla tráchta agus na nósanna imeachta, na critéir agus na spriocanna sonracha atá le cur i bhfeidhm i gcur chuige atá bunaithe ar bharrfheabhsú a bhraitheann ar fheidhm sprice a bharrfheabhsú, amhail na nóiméid mhoille nó an t‑am chun filleadh ar ghnáthoibríochtaí a íoslaghdú, seachas rialacha tosaíochta sainráite.

3.I gcás ina gcuirfear isteach ar ghluaiseachtaí traenach de dheasca teip theicniúil nó timpiste, déanfaidh an bainisteoir bonneagair gach beart is gá chun an staid a athbhunú mar is gnách. Chuige sin, cuirfidh sé plean teagmhais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 19. I gcás suaitheadh a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar thrácht trasteorann, comhoibreoidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann le chéile chun an trácht trasteorann a athbhunú mar is gnách i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar thrácht, suaitheadh agus bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44.

4.Agus na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 á leagan amach acu, tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um chomhordú ar thrácht, suaitheadh agus bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na rialacha comhchoiteanna agus ó na nósanna imeachta comhchoiteanna arna mbunú sa chreat Eorpach um chomhordú tráchta, cur isteach agus bainistiú géarchéime.

5.I gcásanna force majeure, agus, i gcás ina bhfuil géarghá leis, mar gheall ar theagmhas a fhágann go bhfuil an bonneagar neamh‑inúsáidte go sealadach, féadfar cearta acmhainneachta leithdháilte a tharraingt siar gan rabhadh chomh fada agus is gá chun an córas a dheisiú.

Féadfaidh an bainisteoir bonneagair, má mheasann sé gur gá sin, a cheangal ar ghnóthais iarnróid na hacmhainní is iomchuí dar leis a chur ar fáil dó chun an gnáthstaid a athbhunú a luaithe is féidir.

6.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid a bheith rannpháirteach i bhforfheidhmiú agus faireachán a áirithiú maidir lena chomhlíontacht féin leis na caighdeáin agus na rialacha sábháilteachta.

Airteagal 44

An creat Eorpach um bainistiú tráchta , bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime trasteorann a chomhordú

1.Déanfaidh ENIM creat Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh chun bainistiú tráchta, suaite tráchta agus géarchéime trasteorann a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 42 ar a dhéanaí faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Forbróidh ENIM an creat Eorpach um bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime trasteorann a chomhordú i gcomhar le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus le páirtithe leasmhara tríd an bpróiseas comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54, agus obair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bhunaítear le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021/2085 á cur san áireamh.

2.Leis an gcreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú, soláthrófar treoirlínte maidir le comhar idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile.

3.Go háirithe, beidh na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn V sa chreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú.

Airteagal 45

Bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime a chomhordú

Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair bainistiú tráchta a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 53 agus ar bhonn an chreata Eorpaigh um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44.

Áiritheofar leis an gcomhordú go háirithe:

(a)go n‑oibríonn seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta leis na suaití is lú faoi oibríochtaí tráthrialta agus i gcásanna suaite araon;

(b)go ndéanfar na dúshláin shonracha a bhaineann le stráicí trasteorann a thagann, inter alia, as idir‑inoibritheacht theoranta ó thaobh bonneagair, trealaimh theicniúil agus oibríochtaí, ceanglais teanga agus oiliúna a bhaineann le baill foirne, foirmiúlachtaí riaracháin nó foirmiúlachtaí teorann a chur san áireamh i gceart;

(c)malartú éifeachtúil faisnéise atá cothrom le dáta agus ábhartha idir bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, chomh maith le haon struchtúir rialachais bainistithe géarchéime ábhartha ar leibhéal an Aontais de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear i gcomhréir le hAirteagal 62.

Airteagal 46

Suaití gréasáin

1.I gcás ina mbeidh nó inar dócha go mbeidh srianta ar oibríochtaí gréasáin mar thoradh ar theagmhas, ar srianta iad a éilíonn gníomhaíocht chomhbheartaithe ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla chun an bhainistíocht is fearr is féidir ar thrácht a áirithiú le linn na srianta, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann measúnú ar an tréimhse agus ar an tionchar is dócha a bheidh ag an teagmhas ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil agus na taithí a bhí acu roimhe.

Má chomhlíonann an fad agus an tionchar a mheastar na critéir chun suaití gréasáin a dhearbhú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, dearbhóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann suaitheadh ar an ngréasán agus déanfaidh siad na bearta a leagtar síos in Airteagal 43 a chur chun feidhme.

2.I gcás ina bhfuil tionchar ag an teagmhas, nó inar dócha go mbeidh tionchar aige, ar níos mó ná gréasán amháin, dearbhóidh an bainisteoir bonneagair inar tharla an teagmhas suaitheadh ilghréasáin agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 44, Airteagal 45 agus Airteagal 53.

3.Sainmhíneoidh ENIM modh comhchuibhithe chun meastachán a dhéanamh ar fhad dóchúil an tsuaite gréasáin agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus déanfaidh sé é a áireamh sa chreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44.

4.Cuirfidh an bainisteoir bonneagair na páirtithe leasmhara ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi neamh‑infhaighteacht toilleadh bonneagair, go háirithe mar gheall ar theagmhas.

Féadfaidh an comhlacht rialála a cheangal ar an mbainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin a chur ar fáil dó, má mheasann sé gur gá sin.

5.Baileoidh an Comhordaitheoir Gréasáin faisnéis maidir le suaití gréasáin, déanfaidh sé anailís ar an bhfreagairt, tiocfaidh sé ar chonclúidí maidir le héifeachtacht bhainistíocht na dteagmhas sin agus rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 54 agus tuairisceoidh sé do ENIM agus don Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn VI a leasú d’fhonn bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil ar shuaití gréasáin a áirithiú, agus cúrsaí pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

Airteagal 47

Cásanna géarchéime

1.I gcásanna géarchéimeanna a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí, eipidéimí sláinte, tubaistí nádúrtha, géarchéimeanna comhshaoil, cosanta agus slándála, a bhfuil nó a bhfuiltear ag súil go mbeidh éifeacht chriticiúil acu ar sholáthar nó ar éileamh seirbhísí iompair iarnróid, ceadófar do na Ballstáit bearta éigeandála a chur i bhfeidhm lena n‑áirítear, de mhaolú ar rialacha an Rialacháin seo:

(a)cealú ceart acmhainneachta gan chúiteamh;

(b)prionsabail mhalartacha, rialacha malartacha agus nósanna imeachta malartacha maidir le bainistíocht acmhainneachta, go háirithe maidir le toilleadh bonneagair gann a leithdháileadh;

(c)nósanna imeachta malartacha le haghaidh bainistíocht tráchta;

(d)bealaí malartacha a úsáid;

(e)pleananna soláthair toillte a leasú.

Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go leanfaidh na bearta éigeandála, a mhéid is féidir, na prionsabail maidir le toilleadh a bhainistiú agus bainistiú tráchta a leagtar amach sa Rialachán seo agus go mbainfidh siad úsáid as pleananna atá ann cheana arna n‑ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 19. Comhordóidh sé bearta éigeandála den sórt sin le Ballstáit eile.

2.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus ENIM ar an eolas gan mhoill maidir lena chinneadh bearta éigeandála a chur i bhfeidhm agus soláthróidh sé réasúnú agus tuairisc ar na bearta sin agus ar fhad measta a gcur i bhfeidhm. Más infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit fógra freisin don Choimisiún agus do na lároifigí idirchaidrimh dá bhforáiltear faoi Airteagal 8 den [Rialachán maidir le hIonstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair].

3.Ceapfaidh an bainisteoir bonneagair pointe fócasach de réir bhrí Airteagal 60, lena soláthrófar faisnéis don Choimisiún, do ENIM, do bhainisteoirí bonneagair eile agus do pháirtithe leasmhara eile faoi na bearta éigeandála agus cuideoidh sé le bearta den sórt sin a chomhordú.

4.I gcás ina mbeidh tionchar suntasach ag bearta éigeandála ar thrácht trasteorann, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 54. Agus comhordú á dhéanamh trí struchtúir chomhordaithe thiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 53, mír 2, pointe (a), beidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann páirteach.

5.Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh comhlachtaí rialála agus ENRRB a dtuairim in iúl maidir leis na bearta éigeandála don Choimisiún laistigh den sprioc‑am arna leagan síos ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena gceanglófar ar Bhallstát na bearta éigeandála a aisghairm, má mheastar nach bhfuil gá leo.

6.Soláthróidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe i gcás inar gá nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a theastaíonn ón gCoimisiún faoi na bearta éigeandála laistigh de na sprioc‑amanna arna leagan síos ag an gCoimisiún.

7.Féadfaidh údaráis phoiblí atá i gceannas ar ghéarchéimeanna a bhainistiú, lena n‑áirítear an t‑arm, na gníomhaireachtaí cosanta sibhialta, agus daoine eile, gníomhaíochtaí a eagrú lena n‑ionsamhlaítear géarchéimeanna a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo. I gcásanna den sórt sin, leithdháilfidh an bainisteoir bonneagair toilleadh de réir mar is gá, lena n‑áirítear cealú na gceart toillte leithdháilte más gá. Déanfaidh na húdaráis phoiblí lena mbaineann na hiarratasóirí lena mbaineann a chúiteamh i gcomhréir le hAirteagal 40.

Airteagal 48

Malartú faisnéise maidir le bainistiú tráchta

1.Na páirtithe leasmhara oibríochtúla uile a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhís iompair iarnróid a oibriú, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an tseirbhís iompair iarnróid sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Ní fhéadfaidh na páirtithe lena mbaineann an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha Threoir (AE) 2016/797 agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin, mura sonraítear a mhalairt i gcomhaontuithe conarthacha.

2.Tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 62.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn VIII a leasú d’fhonn a áirithiú go léireofar léi aon athruithe ar na sonraíochtaí teicniúla don idir‑inoibritheacht a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

CAIBIDIL IV 
ATHBHREITHNIÚ AR FHEIDHMÍOCHT 

Airteagal 49

Prionsabail ghinearálta le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta

1.I gcomhréir le hAirteagal 7f, pointe (d) de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh ENIM faireachán agus tagarmharcáil ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo á gcur san áireamh. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair iarnróid faireachán freisin ar fheidhmíocht seirbhísí iompair ar iarnród.

2.Chun na críche sin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair a spriocanna feidhmíochta féin a leagan amach sa phlean dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE, agus aon chuspóirí a leagtar amach sna comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir sin á gcur san áireamh. Déanfaidh siad nósanna imeachta a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna a bhaint amach agus chun tuairisciú ina leith, chun cúiseanna na n‑easnamh feidhmíochta a shainaithint in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus chun bearta feabhais a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht. Sna nósanna imeachta sin, déanfar an creat Eorpach le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo a chur san áireamh. Míneoidh na bainisteoirí bonneagair sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon diall ó na nósanna imeachta comhchoiteanna arna mbunú sa chreat Eorpach le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta.

3.Rachaidh ENIM i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hathbhreithnithe feidhmíochta i gcomhréir leis na ceanglais oibríochtúla maidir le Conairí Iompair Eorpacha a leagtar amach in Airteagal 18 de [Rialachán nua TEN‑T].

Airteagal 50

Creat Eorpach le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta

1.Déanfaidh ENIM creat Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht a chur ar bun agus a chur chun feidhme faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfear san áireamh sa chreat sin go háirithe na prionsabail a shainítear in Airteagal 2(3), Airteagal 8(4), Airteagal 42(3) agus na ceanglais oibríochtúla, na cuspóirí feidhmíochta agus na spriocluachanna a leagtar amach in [Airteagal 18 de Rialachán nua TEN‑T].

2.Cumhdófar leis an gcreat Eorpach na réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Áireofar leis, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)liosta de na saincheisteanna feidhmíochta tosaíochta a dtabharfar aghaidh orthu sna réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(b)táscairí feidhmíochta lenar féidir faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis na saincheisteanna feidhmíochta, lena n‑áirítear ceanglais mhodheolaíochta agus sonraí chun táscairí den sórt sin a ríomh;

(c)critéir agus nósanna imeachta chun cuspóirí feidhmíochta a shainiú ar leibhéal na mbainisteoirí bonneagair;

(d)nósanna imeachta chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí i bpointí (a) go (c) chomh maith le bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme agus na cuspóirí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 4 a bhaint amach.

3.Ar bhonn mhír 2, pointe (d), déanfaidh ENIM athbhreithniú tráthrialta ar an gcreat Eorpach um athbhreithniú ar fheidhmíocht agus ar thorthaí a chur chun feidhme agus molfaidh sé athruithe iomchuí ar an gcreat.

4.Tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu. Go háirithe, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair na cuspóirí a shainmhínítear i gcomhréir le mír 2 pointe (c) den Airteagal seo a áireamh sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE. Áireofar sna cuspóirí sin na spriocluachanna a leagtar amach in [Airteagal 18(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán nua TEN-T].

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis na heilimintí i mír 2, pointí (b) go (d), i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 72(2). Agus sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún an obair a dhéanfaidh ENIM i gcomhréir le mír 3 agus aon mholtaí ón gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta a chur san áireamh.

Airteagal 51

Tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht

1.Gan dochar d’Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE agus d’Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 23 ón gCoimisiún, déanfaidh ENIM tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht a ullmhú agus a fhoilsiú faoi [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar bhonn an chreata Eorpaigh um athbhreithniú ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo agus foilseoidh sé í gach bliain.

2.Ullmhóidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta cuid neamhspleách den tuarascáil ina soláthrófar a mheasúnú ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród, moltaí maidir le saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu le tosaíocht agus moltaí maidir le bearta chun feidhmíocht a fheabhsú.

3.Cumhdófar sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht ar a laghad na línte a áirítear sna Conairí Iompair Eorpacha dá dtagraítear i Rialachán [Rialachán TEN-T nua] agus áireofar inti an fhaisnéis a éilítear le [hAirteagal 53(3)(g)] de. Beidh an fhaisnéis a chuirfear i láthair mionsonraithe go leordhóthanach i dtéarmaí raon feidhme geografach agus ba cheart a chumhdach léi tréimhse ama fada a dhóthain chun gur féidir léirmhínithe fóinteacha a dhéanamh.

4.Áireofar sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú feidhmíochta roinn thiomnaithe maidir le feidhmíocht an chomhordaithe idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53 agus maidir leis an sásra comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54 den Rialachán seo.

Airteagal 52

Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta

1.I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 73(3), féadfaidh an Coimisiún comhlacht neamhchlaonta inniúil a bhunú nó a ainmniú chun gníomhú mar Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta.

2.Soláthróidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta comhairle don Choimisiún agus do na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hábhair a bhaineann le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag na Comhordaitheoirí Eorpacha.

3.Déanfaidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta na cúraimí seo a leanas:

(a)moltaí a sholáthar do ENIM maidir leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta a bhunú agus a athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 50, lena n‑áirítear maidir le réimsí feidhmíochta, saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu faoi gach ceann de na réimsí feidhmíochta, comhchuibhiú modheolaíochtaí, próiseas, critéar agus sainmhínithe chun anailís a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le táscairí feidhmíochta agus feidhmíochta chun iad a bhailiú;

(b)moltaí a sholáthar do ENIM, ENRRB, bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí, comhlachtaí rialála, údaráis na mBallstát, agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile le haghaidh bearta ceartaitheacha, maidir le bainistiú toillte, bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime;

(c)athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí na dréacht‑tuarascála Eorpaí ar fheidhmíocht agus an chuid neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 51(2) a ullmhú;

(d)tuairimí agus moltaí a sholáthar maidir le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid i ndáil leis an straitéis forbartha tháscach bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1), leis an bplean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis na comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus leis an scéim feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 35 de Threoir 2012/34/AE.

(e)Comhairle a sholáthar do na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hábhair a bhaineann le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair iarnróid.

4.Soláthróidh seolaithe na dtuairimí agus na moltaí dá dtagraítear i mír 3 freagraí don Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta laistigh de na sprioc‑amanna arna leagan síos ag an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta.

5.Rachaidh ENIM, an Comhordaitheoir Gréasáin, bainisteoirí bonneagair, comhlachtaí rialála, ENRRB agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile, i gcomhar leis an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, go háirithe trí fhaisnéis a sholáthar a bhaineann le feidhmíocht ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ón gcomhlacht agus déanfaidh siad a ndícheall chun a mholtaí a chur san áireamh ina gcuid oibre maidir le bainistíocht feidhmíochta iarnróid.

6.Urramóidh an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta rúndacht rún gnó agus faisnéis arna soláthar ag páirtithe leasmhara ábhartha nó ag an gCoimisiún á láimhseáil aige.

CAIBIDIL V
LÍONRA EORPACH LE HAGHAIDH COMHORDAITHE

Airteagal 53

Comhordú idir bainisteoirí bonneagair

1.I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, déanfaidh bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir leis na freagrachtaí agus na cúraimí a chuirtear ar a n‑iontaoibh sa Rialachán seo.

2.Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú ar na saincheisteanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IX ar a laghad agus comhlíonfaidh siad na ceanglais shonracha maidir le comhordú a leagtar amach sna hAirteagail dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)struchtúir, nósanna imeachta agus uirlisí eagraíochtúla a bhunú, de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear na huirlisí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 62;

(b)comhordú a dhéanamh ar an leibhéal geografach is iomchuí, lena mbaineann na heintitis is fearr chun torthaí éifeachtacha agus éifeachtúla a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

(c)comhoibriú le bainisteoirí bonneagair eile trí na pointí fócasacha ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 60;

(d)páirt a thabhairt do ENIM nó don Chomhordaitheoir Gréasáin, de réir mar is iomchuí, maidir le hábhair a bhfuil ábharthacht an Aontais ag baint leo. Féadfar comhordú idir bainisteoirí bonneagair a chur chun feidhme ar leibhéal níos mó ná leibhéal amháin, go háirithe maidir le hábhair ina bhfuil gá le comhordú ar leibhéal an Aontais agus laistigh de raon feidhme geografach níos sonraí;

(e)príomheintiteas a cheapadh, aon uair a bheidh baint ag gníomhaithe éagsúla le gníomhaíochtaí comhordúcháin, a thuairisceoidh do ENIM agus a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí comhairliúcháin a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 54;

(f)tagairt a dhéanamh do chásanna ENIM nach féidir teacht ar thorthaí comhaontaithe ag céadchéim;

(g)athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí comhordúcháin i gcomhréir le Caibidil IV.

3.Cumhdófar leis an gcomhordú gach líne agus nód ar cuid de Chonairí Iompair Eorpacha iad a leagtar amach in Airteagal 7 de [Rialachán nua TEN‑T] agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair an comhordú a leathnú go línte breise faoi réir comhaontaithe idir na bainisteoirí bonneagair uile lena mbaineann.

4.Leis an gcomhordú idir bainisteoirí bonneagair a bhaineann le leithdháileadh ceart acmhainneachta ilghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 29, cumhdófar gréasáin iomlána na mbainisteoirí bonneagair ar comhaltaí de ENIM iad.

5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn IX a leasú d’fhonn comhordú éifeachtúil idir bainisteoirí bonneagair a áirithiú, agus cúrsaí pleanála, oibríochtúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann á gcur san áireamh, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

Airteagal 54

Sásra comhairliúcháin le haghaidh ábhair Eorpacha agus trasteorann

1.Déanfaidh ENIM treoirlínte a ullmhú, a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle go hiomchuí agus go tráthrialta leis na páirtithe leasmhara agus go n‑áireofar iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 6, sa chreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus sa chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 50. Déanfar an próiseas a fhorbairt agus a chur chun feidhme le tacaíocht ón gComhordaitheoir Gréasáin agus le rannpháirtíocht phointí fócasacha ainmnithe na mbainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 60.

2.I gcás ina nglacfaidh ENIM tuairim nó moladh ar dócha go mbeidh tionchar aige ar ghnóthais iarnróid, ar iarratasóirí eile, ar pháirtithe leasmhara oibríochtúla eile agus ar pháirtithe leasmhara, foilseoidh sé dréacht le haghaidh comhairliúcháin leis na páirtithe lena mbaineann. Tabharfar méid iomchuí ama do na páirtithe lena mbaineann chun aiseolas a thabhairt maidir leis an dréachtchinneadh. Beidh údaráis na mBallstát rannpháirteach nuair is gá.

3.Déanfaidh ENIM an t‑aiseolas a chuirfidh na páirtithe lena mbaineann ar fáil i gcomhréir le mír 2 a chur san áireamh agus an tuairim chríochnaitheach nó an moladh deiridh á glacadh acu. I gcás ina mainníonn ENIM gnéithe suntasacha den aiseolas a soláthraíodh a chur san áireamh, soláthróidh sé na cúiseanna le déanamh amhlaidh.

Airteagal 55

Eagrú Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair

1.Chun críocha an Rialacháin seo, eagrófar Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.Beidh gach bainisteoir bonneagair iarnróid atá freagrach as línte atá mar chuid de chroíghréasán TEN-T agus de chroíghréasán sínte TEN-T, dá dtagraítear in [Airteagal 6 de Rialachán nua TEN-T agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis], ina gcomhaltaí de ENIM. Ceapfaidh siad ionadaí agus ionadaí malartach.

3.Féadfaidh bainisteoirí bonneagair iarnróid nach gcomhlíonann an critéar a shainítear i mír 2, ionadaí nach comhalta é a cheapadh chun páirt a ghlacadh i bpléití ENIM.

4.Tar éis comhairliúcháin leis an gCoimisiúin agus tar éis formheas a fháil uaidh, glacfaidh agus foilseoidh ENIM a rialacha nós imeachta. Eagróidh sé a ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta.

5.Déanfaidh ENIM a chuid cinntí trí thromlach simplí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa rialacha nós imeachta. Beidh vóta amháin ag gach comhalta ó Bhallstát amháin le chéile. I gcás ina bhfuil comhalta as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal an ceart sin vótála a fheidhmiú.

6.Tiocfaidh ENIM le chéile go tráthrialta. Toghfaidh sé Cathaoirleach as a chomhaltaí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

7.Beidh an Coimisiún ina chomhalta neamhvótála ar ENIM. Tacóidh sé le hobair ENIM agus éascóidh sé comhordú.

8.Sainmhíneoidh ENIM a chlár oibre. Cumhdóidh an clár oibre tréimhse dhá bhliain ar a laghad. Rachaidh ENIM i gcomhairle le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile tríd an sásra comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54 maidir leis an dréachtchlár oibre. Ina theannta sin, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus, de réir mar is iomchuí, le páirtithe leasmhara eile

Airteagal 56

Freagrachtaí ENIM

1.De bhreis ar na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE, beidh ENIM freagrach as na cúraimí uile a shanntar dó sa Rialachán seo. Déanfaidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)an creat Eorpach um bainistíocht acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a ghlacadh;

(b)an creat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44 a ghlacadh;

(c)an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 50 a ghlacadh;

(d)tuairimí agus moltaí a ghlacadh do bhainisteoirí bonneagair i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus ar a thionscnamh féin;

(e)tuairimí agus moltaí a ghlacadh do bhainisteoirí bonneagair sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 53(2)(f);

(f)an comhordú idir bainisteoirí bonneagair a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.Agus comhordú á dhéanamh trí ghrúpaí comhordaithe tiomnaithe, ceapfaidh bainisteoirí bonneagair na heintitis atá rannpháirteach sa ghrúpa sin, lena n‑áirítear pointí fócasacha arna gceapadh ag bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 60, ag an gComhordaitheoir Gréasáin nó acu araon.

Airteagal 57

Trédhearcacht

1.Áiritheoidh ENIM go ndéanfar a bhallraíocht, a mhodhanna oibríochta agus an fhaisnéis ábhartha uile faoina chuid oibre a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Áireofar ann sonraí teagmhála grúpaí comhordaithe tiomnaithe, arna mbunú ag na bainisteoirí bonneagair agus tagairtí d’uirlisí comhordaithe agus do nósanna imeachta i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.Tabharfaidh ENIM cuireadh don Choimisiún, lena n‑áirítear na Comhordaitheoirí Eorpacha agus, i gcás inarb ábhartha, ionadaithe na mBallstát, chuig a chruinnithe d’fhonn saincheisteanna a bhaineann le forbairt an bhonneagair iarnróid a phlé agus chun comhar leis na Comhordaitheoirí Eorpacha a áirithiú, mar a leagtar amach sa [Rialachán nua TEN‑T]. Soláthróidh ENIM an fhaisnéis a cheanglaítear faoi [Airteagal 53, an tríú fomhír de Rialachán nua TEN‑T].

Airteagal 58

An Comhordaitheoir Gréasáin

1.Soláthróidh na bainisteoirí bonneagair na hacmhainní is gá do ENIM chun a chúraimí a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ceapfaidh siad eintiteas neamhchlaonta inniúil faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 59 a chomhlíonadh. Ainmneofar an t‑eintiteas sin mar Chomhordaitheoir Gréasáin .

Sula gceapfar an Comhordaitheoir Gréasáin , lorgóidh na bainisteoirí bonneagair toiliú an Choimisiúin maidir leis an eintiteas ainmnithe agus maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gComhordaitheoir Gréasáin a cheapadh;

(b)na coinníollacha maidir leis an gceapachán a tharraingt siar;

(c)an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar a chuid oibre agus chun a mheas ar cuireadh a chuid cúraimí i gcrích go héifeachtach aige;

(d)aon dualgais agus cúraimí breise oibriúcháin an Chomhordaitheora Gréasáin.

2.Forghníomhóidh an Comhordaitheoir Gréasáin a chúraimí ar bhealach neamhchlaonta agus costéifeachtach agus gníomhóidh sé thar ceann ENIM. Chun na críche sin, cuirfidh sé a chlár oibre bliantúil maidir leis na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo faoi bhráid ENIM chomh maith le tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir bhliantúil.

Airteagal 59

Cúraimí agus freagrachtaí an Chomhordaitheora Gréasáin

Déanfaidh an Comhordaitheoir Gréasáin na cúraimí seo a leanas mar thaca le ENIM:

(a)gníomhú mar rúnaíocht agus cruinnithe, doiciméid, cinntí agus tuairimí ENIM a ullmhú;

(b)cur le hullmhú an chreata Eorpaigh um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 6, an chreata Eorpaigh um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus an chreata Eorpaigh um athbhreithniú ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 50;

(c)cur leis an gcomhordúchán oibríochtúil idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53;

(d)rialacha, nósanna imeachta agus uirlisí a shainaithint faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a glacadh ar leibhéal náisiúnta nó bainisteora bhonneagair a chruthaíonn constaicí do sheirbhísí ilghréasáin iarnróid mar a leagtar amach sa Rialachán seo;

(e)gníomhú mar phointe teagmhála thar ceann bainisteoirí bonneagair le haghaidh fiosrúcháin a bhaineann le pleanáil agus leithdháileadh toillte, go háirithe maidir le hiarrataí féideartha ar thoilleadh, ar fhaisnéis nó pointí teagmhála a bhaineann le teagmhais iarnróid agus srianta sealadacha toillte;

(f)gníomhú mar an gcéad phointe teagmhála le haghaidh páirtithe leasmhara lasmuigh den earnáil iarnróid a bhfuil suim acu seirbhísí iarnróid a úsáid, ag soláthar teagmhálaithe do ghníomhaithe ábhartha ag bainisteoirí bonneagair agus ag páirtithe leasmhara oibríochtúla eile;

(g)gníomhú mar phointe teagmhála thar ceann ENIM le haghaidh iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear go sainráite leis an Rialachán seo, go háirithe an seoladh nó an t‑athrú ar sheirbhísí iompair iarnróid trasteorann nó tacaíocht a eagrú le haghaidh gníomhaíochtaí ad hoc, chun dul i ngleic leis na cásanna géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 47 go háirithe.

Airteagal 60

Pointí fócasacha chun bainisteoirí bonneagair a chomhordú

1.Chun comhordú a áirithiú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53, ainmneoidh na bainisteoirí bonneagair pointí fócasacha. Gníomhóidh an pointe fócasach mar an comhéadan lárnach idir eagraíocht an bhainisteora bhonneagair agus na heintitis eile atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhordaithe.

2.Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair ENIM ar eolas gan mhoill faoi aon athruithe i bpointí fócasacha le cur san áireamh i bhfoilseacháin dá dtagraítear in Airteagal 57(1) (Trédhearcacht).

Airteagal 61

Struchtúr, clár agus sceideal comhchoiteann le haghaidh ráitis ghréasáin

1.Ullmhóidh agus glacfaidh ENIM struchtúr comhchoiteann don ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, a chuirfidh san áireamh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sceideal comhchoiteann le haghaidh chomhairliúchán na bpáirtithe leasmhara maidir leis an dréachtráiteas gréasáin. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar an struchtúr agus an sceideal sin agus ráiteas gréasáin á ullmhú acu.

2.Agus an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE á ullmhú, tabharfaidh an bainisteoir bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um bainistiú toillte, an creat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú agus an creat Eorpach um athbhreithniú ar fheidhmíocht, dá dtagraítear in Airteagail 6, 44 agus 50 faoi seach den Rialachán seo.

3.I gcás nach gcomhlíonann an bainisteoir bonneagair mír 1 nó mír 2, soláthróidh sé bonn cirt sa ráiteas gréasáin agus cuirfidh sé an comhlacht rialála inniúil agus ENIM ar an eolas.

Airteagal 62

Bainistiú toillte agus tráchta a dhigitiú

1.Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go gcuirfear próisis bainistithe toillte agus tráchta faoi raon feidhme an Rialacháin seo i bhfeidhm trí uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha.

2.Déanfaidh na huirlisí digiteacha a imscaradh agus na seirbhísí digiteacha a soláthraíodh na nithe seo a leanas:

(a)feabhas a chur ar fheidhmíocht agus ar cháilíocht, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht iomlán, na seirbhísí a sholáthraíonn bainisteoirí bonneagair d’iarratasóirí;

(b)feabhas a chur ar thrédhearcacht na bainistíochta toillte agus tráchta iarnróid ar fud a gcéimeanna uile;

(c)an tualach riaracháin d’iarratasóirí a laghdú trí gan gach píosa faisnéise a iarraidh ach uair amháin agus trí fhaisnéis nó sonraí a sholáthar in aon ionad amháin, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le seirbhísí trasteorann.

3.I gcás inar gá na huirlisí digiteacha nó na seirbhísí digiteacha is gá chun tacú le próisis bainistithe toillte nó bainistithe tráchta a chumhdach le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht, nó i gcás inar gá sonraíochtaí atá ann cheana a chumhdaíonn nó a chumhdaíonn go páirteach na huirlisí sin, mar a dhéantar foráil dóibh le Treoir (AE) 2016/797 agus na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh faoin Treoir sin, a leasú, cuirfidh ENIM agus bainisteoirí bonneagair le forbairt agus cothabháil sonraíochtaí den sórt sin i gcomhar leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus tríd an bpróiseas dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797.

4.Cuirfidh bainisteoirí bonneagair le hobair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun na críche sin, féachfaidh ENIM agus na bainisteoirí bonneagair le hionadaíocht iomchuí sa Ghrúpa Stiúrtha don Cholún Córasach agus an Grúpa Imscartha dá dtagraítear faoi seach in Airteagail 96 agus 97 de Rialachán (AE) 2021/2085.

5.Malartóidh bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid, iarratasóirí eile agus, i gcás inarb ábhartha, oibreoirí na saoráidí seirbhísí iarnróid faisnéis dhigiteach a bhaineann le bainistiú toillte agus bainistiú tráchta trí bhíthin uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha atá bunaithe ar ailtireacht chomhchuibhithe agus lena mbaineann comhéadain chaighdeánaithe nó comhchórais i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha curtha chun feidhme a glacadh faoin Treoir sin.

I gcás seirbhísí iarnróid il‑ghréasáin, soláthróidh bainisteoirí bonneagair seirbhísí digiteacha agus faisnéis dhigiteacha trí chomhéadan aonair nó comhchórais a forbraíodh agus a imscaradh faoi chomhordú ENIM i gcomhréir le mír 3.

CAIBIDIL VI
FORMHAOIRSEACHT RIALÁLA AR BHAINISTIÚ TOILLTE AGUS TRÁCHTA

ROINN 1

Na comhlachtaí rialála

Airteagal 63

Freagrachtaí na gcomhlachtaí rialála

1.Feidhmeofar freisin na feidhmeanna agus na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 56 de Threoir 2012/34/AE maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar ghníomhaíochtaí bainisteoirí bonneagair mar a leagtar amach i gCaibidlí II go V agus fíoróidh sé comhlíontacht leis an Rialachán seo ar a thionscnamh féin agus d’fhonn idirdhealú in aghaidh iarratasóirí a chosc.

2.Beidh an ceart ag gnóthas iarnróid, iarratasóir, iarratasóir féideartha, údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá freagrach as iompar maidir le hachomharc a dhéanamh chuig an gcomhlacht rialála i gcomhréir le hAirteagal 56 de Threoir 2012/34/AE má chreideann sé gur caitheadh go héagothrom leo, go ndearnadh idirdhealú ina n‑aghaidh nó go ndearna an bainisteoir bonneagair éagóir ar aon bhealach eile dóibh agus é ag déanamh na gníomhaíochtaí a leagtar amach i gCaibidlí II, III, IV agus V den Rialachán seo (Bainistíocht ar bhonneagar; Bainistiú tráchta agus géarchéime; Athbhreithniú agus bainistíocht ar fheidhmíocht; Gréasán Eorpach le haghaidh comhordaithe).

Airteagal 64

Comhar na gcomhlachtaí rialála laistigh de Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB)

1.Chun críoch a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, rachaidh na comhlachtaí rialála i gcomhar faoi chuimsiú ENRRB dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2012/34/AE, lena n‑áirítear trí comhairliúcháin agus imscrúduithe comhpháirteacha, trí thuairimí nó moltaí a ghlacadh nó trí ghníomhaíochtaí ábhartha eile. Soláthróidh comhlachtaí rialála an fhaisnéis uile is gá do ENRRB.

I gcás ina ngníomhaíonn ENRRB faoi raon feidhme an Rialacháin seo, beidh na cúraimí agus na freagrachtaí aige agus eagróidh sé a chuid oibre mar a shainmhínítear i roinn 2 na Caibidle seo.

2.I gcás gearáin nó imscrúdú féintionscnaimh ar ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann difear do rochtain ar nó d’úsáid gréasáin iarnróid i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh an comhlacht rialála lena mbaineann ENRRB agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis an ngearán nó an t‑imscrúdú.

3.D’fhéadfadh comhlacht rialála aon ábhar ábhartha, gearán nó imscrúdú a tharchur chuig ENRRB le haghaidh seisiún tuairimíochta nó le haghaidh tuairim nó moladh a ghlacadh.

4.Agus cinntí á ndéanamh maidir le hábhair a dhéanann difear do níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na comhlachtaí rialála lena mbaineann i gcomhar chun a gcinntí faoi seach a ullmhú faoi chomhordú ENRRB chun réiteach an ábhair a thabhairt i gcrích. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí rialála lena mbaineann a bhfeidhmeanna i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 56 de Threoir 2012/34/AE. Cuirfidh siad san áireamh aon tuairim agus moladh ábhartha arna ghlacadh ag ENRRB agus soláthróidh siad na cinntí sin do ENRRB.

5.I gcás ina nglacann comhlacht rialála cinneadh, a imíonn ó aon tuairim nó moladh ábhartha ENRRB nó i gcás ina ndiúltaíonn sé cinneadh a ghlacadh, soláthróidh sé chuig ENRRB míniú lena leagtar amach na difríochtaí agus a réasúnú nach leanann sé tuairimí nó moltaí ENRRB.

6.Freagróidh na comhlachtaí rialála a chuaigh ENRRB i gcomhairle leo laistigh de na sprioc-amanna a shocraigh ENRRB agus, arna iarraidh sin do ENRRB, soláthróidh siad an fhaisnéis uile a bhfuil an ceart acu a iarraidh faoina ndlí náisiúnta. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun críocha na gníomhaíochtaí a dhéanann na comhlachtaí rialála i gcomhréir leis an Rialachán seo.

7.Soláthróidh bainisteoirí bonneagair, gan mhoill, an fhaisnéis uile is gá chun críche an gearán nó imscrúdú a láimhseáil dá dtagraítear san Airteagal seo agus a d’iarr comhlacht rialála an Bhallstáit ina bhfuil an bainisteoir bonneagair lonnaithe. Beidh an ceart ag comhlachtaí rialála faisnéis ó ENIM a iarraidh maidir le himscrúduithe i gcomhréir lena n‑inniúlacht. Beidh comhlachtaí rialála i dteideal faisnéis den sórt sin a aistriú chuig ENRRB.

8.Soláthróidh comhlachtaí rialála iarnróid na hacmhainní is gá le haghaidh fheidhmiú ENRRB.

ROINN 2

Cúraimí agus freagrachtaí Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid

Airteagal 65

Cúraimí agus freagrachtaí

1.I dteannta a gcúraimí faoi Threoir 2012/34/AE, beidh na cúraimí agus na freagrachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo ag ENRRB.

2.Comhordóidh ENRRB gníomhaíochtaí comhair uile na gcomhlachtaí rialála iarnróid a leagtar amach in Airteagal 64 agus cuirfidh sé ailíniú cinntí comhlachtaí rialála chun cinn i ndáil le seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta.

3.Bunaithe ar iarrataí ag iarratasóirí, bainisteoirí bonneagair, agus páirtithe leasmhara eile, soláthróidh ENRRB tuairimí nó moltaí maidir le cinntí ar feitheamh nó a glacadh maidir le gearáin a cuireadh faoi bhráid na gcomhlachtaí rialála iarnróid.

4.Féadfaidh páirtithe leasmhara gearán a thaisceadh le ENRRB maidir le hábhair faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó a dhéanann difear do rochtain ar nó úsáid bhonneagair iarnróid i níos mó ná Ballstát amháin. I gcás ina bhfaigheann ENRRB gearán den sórt sin, aistreoidh sé chuig an gcomhlacht rialála inniúil nó na comhlachtaí rialála inniúla é gan mhoill.

Sna cásanna sin, cuirfidh ENRRB go láithreach na comhlachtaí rialála iarnróid lena mbaineann ar an eolas faoina rún tuairim nó moladh a ghlacadh maidir le haon ábhar den sórt sin.

5.Cuirfidh ENRRB a thuairim nó a mholadh faoi bhráid na gcomhlachtaí rialála iarnróid lena mbaineann laistigh de mhí amháin ó fuarthas an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an ngearán. Féadfaidh ENRRB síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh ábhair an‑chasta.

6.Forbróidh ENRRB prionsabail agus cleachtais choiteanna chun na cinntí a dhéanamh dá gcumhachtaítear comhlachtaí rialála faoin Rialachán seo.

Airteagal 66

Eagrú agus struchtúr Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB)

Chun críoch an Rialacháin seo, eagrófar ENRRB ar an gcaoi seo a leanas:

(a)Bord Comhlachtaí Rialála;

(b)Rúnaíocht.

Áiritheoidh comhlachtaí rialála oibriú na Rúnaíochta.

Airteagal 67

Comhdhéanamh an Bhoird Comhlachtaí Rialála

1.Beidh an Bord Comhlachtaí Rialála comhdhéanta de chomhalta amháin ag a bhfuil cearta vótála ó gach Ballstát a bhfuil gréasán iarnróid in úsáid aige agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún.

2.Beidh na comhaltaí ag a bhfuil cearta vótála ina gceann nó ina leascheann, den chomhlacht rialála dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE. Beidh comhalta malartach amháin acu chun ionadaíocht a dhéanamh don chomhalta nuair a bheidh sí nó sé as láthair. Ceapfaidh an comhlacht rialála an comhalta malartach as rialachas nó as bainistíocht an chomhlachais rialála nó, i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh, as a fhoireann.

3.Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais, gan beann ar aon leasanna náisiúnta nó pearsanta ar leith. Ní iarrfaidh siad agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine nó comhlacht.

4.Cuirfidh Rúnaíocht ENRRB liosta cothrom le dáta de chomhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha, in éineacht le dearbhuithe maidir le leasanna, ar fáil go poiblí.

Airteagal 68

Ról agus cúraimí an Bhoird

1.Déanfaidh an Bord cúraimí uile ENRRB a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)tuairimí nó moltaí a ghlacadh maidir le gearáin nó imscrúduithe a chuireann a Chathaoirleach nó comhlacht nó comhlachtaí rialála i láthair dó i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 69;

(b)tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ENRRB a dhréachtú agus a ghlacadh;

(c)meithleacha a bhunú agus a gCathaoirligh sin a ainmniú.

Airteagal 69

Eagrú obair an Bhoird

1.Glacfaidh an Bord lena rialacha nós imeachta, i ndiaidh formheas a fháil ón gCoimisiún.

2.Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird. Ní bheidh aon chearta vótála aige.

3.Soláthróidh an Rúnaíocht na seirbhísí is gá chun na cruinnithe agus obair an Bhoird a eagrú.

4.Déanfaidh an Bord a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sna rialacha nós imeachta.

5.Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina bhfuil comhalta as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal an ceart sin vótála a fheidhmiú.

6.Féadfaidh na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe a bhunú, go háirithe an nós imeachta le haghaidh vótála ar ábhair phráinneacha agus ar chásanna moltaí maidir le cinntí comhlachtaí rialála iarnróid.

Airteagal 70

Meithleacha ENRRB

1.Ar a thionscnamh féin nó ar bhun moladh ón gCoimisiún, agus i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird, féadfaidh an Bord cinneadh a dhéanamh le tromlach simplí meithleacha a shocrú chun obair ENRRB a eagrú ar thopaicí sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.Sainmhíneoidh an Bord sainordú na meithle agus ceapfaidh sé Cathaoirligh na meithleacha, lena n‑ionadaítear, i gcás inar féidir, comhlachtaí rialála iarnróid éagsúla.

3.Féadfaidh saineolaithe ó chomhlachtaí rialála iarnróid, an Coimisiún, páirtithe leasmhara oibríochtúla agus, i gcás inarb ábhartha, comhlachtaí poiblí nó príobháideacha páirt a ghlacadh sna meithleacha.

4.Soláthróidh an Rúnaíocht tacaíocht riaracháin do na meithleacha.

5.De réir an cháis, féadfaidh an Bord nó cathaoirligh na meithleacha cuireadh a thabhairt do shaineolaithe aonair, atá aitheanta mar shaineolaithe atá inniúil sa réimse ábhartha, páirt a ghlacadh i gcruinnithe na meithleacha, más gá sin.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(8), Airteagal 11(2), Airteagal 21(9), Airteagal 38(3), Airteagal 39(9), Airteagal 46(6), Airteagal 48(3) agus Airteagal 53(5) don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó [1 Eanáir 2026]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Airteagal 72

Nós imeachta coiste

1.Beidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/CE de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 73

Tuairisciú agus athbhreithniú

Faoi [31 Nollaig 2030], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar an Rialacháin seo ar an earnáil iarnróid agus cuirfidh sé tuarascáil maidir lena chur chun feidhme faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Measúnófar sa tuarascáil go háirithe:

(a)tionchar an Rialacháin seo ar fheidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid;

(b)tionchar an Rialacháin seo ar fhorbairt seirbhísí iarnróid, go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta, seirbhísí fad‑achair agus seirbhísí lasta;

(c)obair Ghréasán Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair, an Chomhordaitheora Gréasáin, Gréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid agus an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta go ginearálta agus i ndáil le critéir, modheolaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

(d)an gá sásraí comhordúcháin a threisiú trí rialacha ceangailteacha a chur in ionad eilimintí na gcreataí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 44;

(e)an gá formhaoirseacht rialála a neartú trí chomhlacht rialála iarnróid de chuid an Aontais a bhunú.

Airteagal 74

Leasuithe ar Threoir 2012/34/AE

1.Leasaítear Treoir 2012/34/AE mar a leanas:

(a)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

(c)    na prionsabail agus na nósanna imeachta infheidhme maidir le muirir bhonneagair iarnróid a shocrú agus a bhailiú mar a leagtar amach i gCaibidil IV.’

(b)In Airteagal 2, scriostar mír 6;

(c)scriostar pointí (20), (22), (23), (27) agus (28);

(d)Scriostar Airteagal 7b;

(e)Scriostar Airteagal 36;

(f)Scriostar Airteagail 38 go 54;

(g)In Iarscríbhinn IV, scriostar pointí (1) agus (3);

(h)Scriostar Iarscríbhinn VII.

2.Déanfar tagairtí d’fhorálacha scriosta Threoir 2012/34/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil i Roinn 1 d’Iarscríbhinn X.

Airteagal 75

Forálacha idirthréimhseacha

1.Beidh feidhm fós ag creatchomhaontuithe a thabharfar i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2012/34/AE go dtí a ndáta as feidhm.

2.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3, pointí (20), (22), (23), (27) agus (28), Airteagail 7b, 36 agus 38 go 54, Iarscríbhinn IV pointe (3) agus Iarscríbhinn VII de Threoir 2012/34/AE maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí a dhéantar i ndáil leis na tráthchláir oibre a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis [8 Nollaig 2029].

Airteagal 76

Aisghairm

1.Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 le héifeacht ón [9 Nollaig 2029].

2.Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá i Roinn 2 d’Iarscríbhinn X.

Airteagal 77

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón [1 Eanáir 2026]. Mar sin féin:

(a)Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3, Caibidil II, cé is moite d’Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagal 27(4), agus Caibidil III, cé is moite d’Airteagal 48, den Rialachán seo ach maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí a dhéantar i ndáil leis na tráthchláir oibre a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis [8 Nollaig 2029];

(b)Beidh feidhm ag Airteagal 9(1) agus (2) ón [1 Eanáir 2028];

(c)Beidh feidhm ag Airteagal 27(4) ón [1 Márta 2026];

(d)Beidh feidhm ag Airteagail 48 agus 62 ón [13 Nollaig 2026];

(e)Beidh feidhm ag Airteagal 74 ón [9 Nollaig 2029].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán maidir le húsáid toillte bonneagair iarnróid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Iompar, limistéar Eorpach aonair iarnróid.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 24  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ghinearálta an tionscnaimh seo feabhas a chur ar bhainistíocht toillte bonneagair agus tráchta iarnróid d’fhonn barr feabhais a chur ar úsáid an ghréasáin iarnróid agus cháilíocht an toillte agus na n‑oibríochtaí, rud lena gcuirfear feabhas ar fheidhmíocht na seirbhísí iompair iarnróid agus lena bhfreastalófar ar mhéideanna tráchta níos mó.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Is iad cuspóirí sonracha an tionscnaimh seo:

- nósanna imeachta bainistíochta toillte níos éifeachtaí a chumasú sa chreat dlíthiúil,

- dreasachtaí a neartú chun feabhas a chur ar fheidhmíocht bhonneagair iarnróid agus sheirbhísí iompair iarnróid,

- sásraí níos éifeachtaí a thabhairt isteach le haghaidh comhordaithe idir páirtithe leasmhara, thar theorainneacha go háirithe, agus

- tacú le huirlisí digiteacha a chur chun feidhme chun bainistíocht toillte agus tráchta níos fearr a chumasú.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Trí chreat comhchuibhithe, Infheidhme go díreach a thabhairt isteach le haghaidh bainistíocht bhonneagair iarnróid agus tráchta iarnróid, cuirfidh an togra leis an gcuspóir ghinearálta freastal ar mhéideanna tráchta níos mó ar an ngréasán iarnróid, chun leasa custaiméirí iarnróid sna deighleoga paisinéara agus lasta araon. Tá coinne leis an toilleadh breise a eascróidh as an togra go déanfar méadú 4 % ar an trácht iarnróid (a shloinntear i gciliméadair traenach), arbh é beagnach 250 milliún ciliméadar traenach de thoilleadh breise a bheadh i gceist leis sin. I dtéarmaí airgeadaíochta, meastar go nginfidh an toilleadh breise sin luach eacnamaíoch EUR 2 500 milliún le haghaidh gnóthais iarnróid agus a gcustaiméirí, a shloinntear mar ghlanluach láithreach i bpraghsanna 2021 i gcaitheamh 2025‑2050.

Leis an togra seo, beidh an próiseas chun toilleadh a leithdháileadh níos éifeachtúla trí bhearta a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar chobhsaíocht na gconairí traenach leithdháilte, rud a ghinfidh thart faoi EUR 420 milliún de choigilteas costais le haghaidh gnóthais iarnróid agus méid comhchosúil le haghaidh bainisteoirí bonneagair, a shloinntear mar ghlanluach láithreach i bpraghsanna 2021 i gcaitheamh 2025‑2050.

Anuas air sin, cuirfear feabhas leis an togra ar chomhordú trasteorann na srianta sealadacha ar an toilleadh, rud a fhágfaidh go mbeidh an t‑iompar ar iarnród níos iontaofa. Tá coinne leis freisin go n‑eascróidh feabhsuithe as bearta éagsúla an togra ar an bponcúlacht, rud a fhágfaidh EUR 658 milliún de leas eacnamaíoch measta ann le haghaidh gnóthais iarnróid.

Tá coinne leis freisin go n‑eascróidh coigilteas costais riaracháin as an togra le haghaidh údaráis phoiblí náisiúnta a bhuí le creat dlíthiúil comhchuibhithe a bheith á chur chun feidhme maidir leis an toilleadh agus leis an trácht iarnróid a bhainistiú mar aon le deireadh a bheith á chur le dorchlaí lasta iarnróid. Meastar gur EUR 2.6 milliún é an coigilteas sin, a shloinntear mar luach láithreach i bpraghsanna 2021 i gcaitheamh 2025‑2050.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo trí líon beart agus trí shraith príomhtháscairí lena dtomhaisfear an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí oibriúcháin a bhaint amach. Forbrófar na táscairí sin bunaithe ar chomhairle Comhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta, lena n‑áireofar saineolaithe neamhspleácha a bhfuil taithí acu san iarnród, ag teacht ó ghrúpaí páirtithe leasmhara éagsúla. Soláthróidh Gréasán Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (ENIM), agus go háirithe an t‑eintiteas oibríochtúil a thacaíonn lena chuid oibre - an Comhordaitheoir Gréasáin, sonraí. Tá coinne le méadú ar cháilíocht na sonraí tar éis chur i bhfeidhm na sainmhínithe agus modhanna aonfhoirmeacha chun na sonraí a bhailiú agus a chur i láthair, rud ba cheart don chomhordaitheoir gréasáin iarnróid a fhorbairt i gcomhar leis an gCoimisiún. Tá coinne leis go soláthróidh Gréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB) sonraí agus anailís ar fhorbairtí agus cur chun feidhme iomaíochta. Tá coinne le feabhsuithe ar cháilíocht na sonraí mar gheall ar chomhar na gcomhlachtaí rialála.

Is iondúil go n‑áirítear le táscairí feidhmíochta táscairí cainníochtúla amhail toirteanna toillte a iarradh agus a leithdháileadh, líon na n‑athruithe – lena n‑áirítear cealuithe – ar chonairí iarnróid leithdháilte, líon na n‑imeachtaí nach bhfuil toilleadh bonneagair iarnróid ar fáil go sealadach, agaí stoptha agus figiúirí poncúlachta, chomh maith le táscairí airgeadais (costais riaracháin, choigeartaithe agus fhorfheidhmithe a eascraíonn as cur chun feidhme bhearta an tionscnaimh).

Soláthróidh an togra creat dlíthiúil chun rialacha, nósanna imeachta agus teimpléid níos mionsonraithe a fhorbairt, a leagfar síos i ngníomhartha neamhreachtacha. Dá bhrí sin, ba cheart don tréimhse chur chun feidhme teacht i bhfeidhm na ngníomhartha sin a léiriú. Cúig bliana tar éis dheireadh dháta chur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha uile (lena n‑áirítear glacadh agus teacht i bhfeidhm aon ngníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe), ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh lena fhíorú a mhéid a baineadh amach cuspóirí an tionscnaimh.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Beartaítear faoi láthair go dtiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm in 2025.

Tá an cistiú le haghaidh na trí ghníomhaíocht chomhordaithe atá sa tionscnamh (féach bosca 1.5.5) urraithe cheana féin don tréimhse 2025 – 2027 i bhfoirm dheontais Chúnamh Teicniúil SCE; agus is é is aidhm dó lean ar aghaidh le cistiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí a sholáthar agus SCE á úsáid ó 2028 ar aghaidh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun próisis, uirlisí agus dreasachtaí nua a thabhairt isteach maidir le toilleadh agus trácht iarnróid a bhainistiú. Ina theannta sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun easnaimh an chomhordaithe trasteorann atá ann faoi láthair maidir le toilleadh agus trácht a bhainistiú a shárú.

Tá gá freisin le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le saincheisteanna trasteorann a bhaineann le húsáid scéimeanna feidhmíochta.

Ar deireadh, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar easpa comhchuibhithe agus idir-inoibritheachta na n‑uirlisí digiteacha, a fhanann ina laige mhór de bhainistíocht toillte bonneagair iarnróid agus ní dócha go réiteofar é trí thionscnaimh earnálacha nó náisiúnta i bhfianaise féidearthachtaí forfheidhmithe neamh‑leordhóthanacha.

Tá gá leis an tionscnamh seo freisin chun aghaidh a thabhairt ar chonstaicí i reachtaíocht an Aontais atá ann faoi láthair lena gcuirtear bac ar chur chun feidhme iomlán na dtionscnamh a dhíríonn ar na hearnálacha maidir le leithdháileadh toillte amhail an tionscadal ‘Timetable Redesign for Smart Capacity Management’ (TTR) [Athdhearadh Amchláir le haghaidh Bainistíocht Chliste Toillte] a d’fhorbair earnáil iarnróid an Aontais.

Cuirfidh glacadh creata dhlíthiúil ar leibhéal an Aontais deireadh leis na difríochtaí i rialacha agus cleachtais náisiúnta atá ina mbac ar úsáid toillte an ghréasáin iarnróid a uasmhéadú, a laghdaíonn éifeachtacht trácht iarnróid a bhainistiú, agus sa deireadh atá ina gcúis le drochfheidhmíocht iarnróid trasteorann. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, bheifí in ann ionstraimí éifeachtúla agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun pleanáil straitéiseach an toillte bonneagair a chomhordú, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith i sainordú na gcomhlachtaí rialála maidir leis an trácht iarnróid trasteorann, agus rialacha comhchuibhithe a thabhairt isteach lena ndreasófar laghdú chealuithe na n‑iarrataí ar thoilleadh agus laghdú na leasuithe ar na hiarrataí sin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

In 2018, chuir an Coimisiún tuarascáil i dtoll a chéile maidir le Rialachán RFC a chur i bhfeidhm, agus tar éis sin, in 2021, meastóireacht.

Is iad conclúidí na meastóireachta go raibh úsáid teoranta struchtúir na ndorchlaí agus mainneachtain ghinearálta chun spriocanna an Rialacháin a bhaint amach. Tugtar le fios leis an bhfaisnéis atá le fáil ón meastóireacht go mbíonn poncúlacht na dtraenacha lastais measartha dona tráth an imeachta agus téann sé i ndonacht le linn ghluaiseacht na traenach, agus bíonn poncúlacht ag an gceann scríbe níos measa fós. Níl seirbhísí iarnróid chomh tarraingteach le modhanna iompair lasta eile mar thoradh air sin.

Ar an taobh eile, deimhníodh leis an bhfeabhsú suntasach i bponcúlacht iompair lastais iarnróid le linn phaindéim COVID‑19 – tréimhse ina raibh níos mó toilleadh le fáil do lasta tar éis thitim an iompair paisinéirí – go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann le haghaidh lasta iarnróid trasteorann.

Ar an taobh dearfach de, fuarthas leis an meastóireacht gur chuir an Rialachán RFC leis an gcuspóir maidir le comhar feabhsaithe, agus leis an gcuspóir freisin – ach ar bhonn níos lú – iomaíochas lasta iarnróid a mhéadú sa chóras iompair ilmhódúil. Leis na dorchlaí lasta iarnróid réitíodh an bealach do thionscnaimh arb é is aidhm dóibh scrogaill theicniúla agus oibriúcháin a bhaint, tráthchlárú a nuachóiriú, agus amanna teachta traenach a thuar.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá sé beartaithe leis an tionscnamh ar úsáid toillte bonneagair iarnróid cistiú a úsáid ón gclár Saoráid um Chónascadh na hEorpa (an dara ceannteideal ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil) d’fhonn trí ghníomhaíocht chomhordaithe chomhlántacha a chómhaoiniú, mar a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 1.5.5 thíos. Cuirfidh cistiú le haghaidh na gníomhaíochtaí sin le costais oibriúcháin a bhaineann le baill foirne shaineolacha ag forbairt próiseas, ag tacú le comhordú trasteorann agus ag déanamh faireacháin ar fheidhmíocht.

Le haghaidh an chéad ghníomhaíocht shainaitheanta (féach pointe 1.5.5 thíos), is é a bheidh i gceist le cómhaoiniú an Aontais leanúint de scéimeanna cúnaimh theicniúil a thacaíonn le Dorchlaí Lasta Iarnróid agus RailNetEurope faoi láthair, ach laistigh den rialachas athbhreithnithe atáthar ag brath a dhéanamh sa togra.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Tá sé beartaithe leis an tionscnamh ar úsáid toillte bonneagair iarnróid cómhaoiniú an Aontais a sholáthar do na gníomhaíochtaí comhordaithe comhlántacha seo a leanas:

(1) Tacaíocht le haghaidh chomhordú na mbainisteoirí bonneagair:

Is é a bheadh i gceist leis sin leanúint de scéimeanna cúnaimh theicniúil a thacaíonn le RFCanna agus RNE faoi láthair, ach laistigh den rialachas athbhreithnithe atáthar ag brath a dhéanamh faoina gceapfar ‘Comhordaitheoir Gréasáin’ ar leibhéal an Aontais mar chuid de Ghréasán Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (ENIM), a chuirtear in ionad na 11 chomhlacht dorchla atá ann faoi láthair. Beidh ag bainisteoirí bonneagair náisiúnta an oibleagáid oibriú ENIM a mhaoiniú, lena n‑áirítear an Comhordaitheoir Gréasáin. Gheobhaidh bainisteoirí bonneagair cómhaoiniú an Aontais.

(2) Tacaíocht le haghaidh chomhordú na gcomhlachtaí rialála iarnróid:    

Ceanglófar leis an togra ar chomhlachtaí rialála náisiúnta iarnróid rúnaíocht a bhunú a thacaíonn le comhar ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid atá ann cheana, nach gníomhaireacht ná comhlacht dhíláraithe eile é a shocraítear faoi chonarthaí an Aontais de réir bhrí Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais. Gheobhaidh an rúnaíocht cistiú ó chomhlachtaí rialála náisiúnta chomh maith le cómhaoiniú an Aontais.

(3) Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta:    

Áirítear leis an togra freisin cruthú grúpa neamhspleách de shaineolaithe iarnróid darb ainm ‘Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta’, nach gníomhaireacht ná comhlacht dhíláraithe eile é a shocraítear faoi chonarthaí an Aontais de réir bhrí Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais. Athbhreithneoidh an Comhlacht ar fheidhmíocht an bhonneagair iarnróid agus ar na seirbhísí iompair agus soláthróidh sé comhairle don earnáil iarnróid agus don Choimisiún Eorpach maidir le feabhsuithe feidhmíochta féideartha. Ba cheart do chistí an Aontais na costais a thabhaíonn comhaltaí an ghrúpa a chumhdach dá rannpháirtíocht sa chomhlacht (páirtaimseartha), dá gcostais taistil, etc.

Le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí sin, tiocfaidh cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm Chúnamh Teicniúil SCE don tréimhse 2025 - 2027. Dámhfar deontais SCE ar an tairbhí gan glao ar thograí (dámhachtain dhíreach), toisc nach bhfuil comhlachtaí malartacha iomaíocha ann leis na faighteoirí réamhshainaitheanta dá dtagraítear sna pointí thuas.

Ní cheanglaítear le déanamh na ngníomhaíochtaí sin méadú ar acmhainní daonna an Choimisiúin Eorpaigh.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 25

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

/

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Maidir leis na cúraimí a dhéanfaidh AS MOVE go díreach, leanfaidh siad timthriall bliantúil na pleanála agus an fhaireacháin, arna chur chun feidhme sa Choimisiún agus sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, lena n‑áirítear na torthaí a thuairisciú trí Thuarascáil Bhliantúil AS MOVE ar Ghníomhaíochtaí.

Go sonrach, a mhéid a bhaineann leis an gComhordaitheoir Gréasáin (gníomhaíocht (2) i mbosca 1.5.5 thuas), éilítear leis an Rialachán atá beartaithe gur gá go bhformheasfaidh an Bord Bainisteoirí Bonneagair clár oibre agus buiséad an Chomhordaitheora Gréasáin .

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfaidh aonad limistéir Eorpaigh aonair iarnróid laistigh de AS MOVE faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe.

Cuirfear an caiteachas chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, i gcur i bhfeidhm iomlán fhorálacha an Rialacháin (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus fhorálacha an Rialacháin Airgeadas.

Soláthrófar cistiú trí chomhaontuithe deontais a dhámhtar ar thairbhithe réamhshainaitheanta (dámhachtain dhíreach), mar a mhínítear i mbosca 1.5.5 thuas.

Ní chumhdófar le cistí SCE ach cuid de chostais na ngníomhaíochtaí (1) agus (2) ar a dtugtar tuairisc i mbosca 1.5.5 thuas (cómhaoiniú), toisc go n‑éilítear leis an Rialachán atá beartaithe go soláthróidh páirtithe leasmhara cuid nach beag den chistiú is gá chun costais na ngníomhaíochtaí sin a chumhdach.

Áirítear leis an straitéis rialaithe le haghaidh soláthairtí agus deontais in AS MOVE rialuithe sonracha ex ante dlíthiúla, oibriúcháin agus airgeadais maidir leis na nósanna imeachta chomh maith leis an síniú conarthaí agus comhaontuithe. Ina theannta sin, beidh caiteachas arna dhéanamh chun earraí agus seirbhísí a sholáthar faoi réir rialuithe ex ante agus, nuair is gá, faoi réir rialuithe ex post airgeadais.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Meastar gur tairbhithe ísealriosca iad faighteoirí réamhshainaitheanta na ndeontas cúnaimh theicniúil SCE (féach pointe 1.5.5 thuas). Dá bhrí sin chumhdófaí rioscaí féideartha trí na sásraí atá ann cheana den Rialachán Airgeadais agus mhaolófaí iad trí shraith rialuithe inmheánacha AS MOVE (rialuithe córasacha ex ante dlíthiúla agus airgeadais, iniúchtaí ex post caiteachais mar a shainmhínítear sna pleananna oibre iniúchta bliantúla).

Cuirfear rialuithe iomchuí i bhfeidhm freisin chun an riosca féideartha coinbhleachta leasa a mhaolú, go háirithe maidir le hurramú na dtairbhithe de na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu agus maidir leis na rialacha lena gcinntear feidhmiú an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

I bhfianaise raon feidhme agus mhéid teoranta chistiú an Aontais atá le deonú, agus toisc go meastar gur rioscaí ísle iad tairbhithe chistí an Aontais, tá coinne leis nach mbeidh an tionscnamh seo ina chúis le costais rialuithe a dhul thar chostas rialuithe AS MOVE atá ann cheana. Tá coinne leis go bhfanfaidh an riosca earráide tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta faoi bhun 2 %.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Bheadh feidhm ag bearta coisctheacha agus cosanta an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas, go sonrach:

- Déanann foireann an Choimisiúin seiceáil ar íocaíochtaí le haghaidh aon seirbhís sula ndéantar íocaíocht, agus aon oibleagáid chonarthach, prionsabal eacnamaíoch agus dea‑chleachtas airgeadais nó bainistíochta á gcur san áireamh. Áireofar forálacha frith‑chalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairisciúcháin, etc.) sna comhaontuithe agus sna conarthaí deontais uile a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus faighteoirí aon íocaíochtaí.

- Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).

Ina theannta sin, ghlac AS MOVE Straitéis Frith‑Chalaoise athbhreithnithe in 2020. Tá Straitéis Frith‑Chalaoise AS MOVE bunaithe ar Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin agus ar mheasúnú riosca sonrach arna dhéanamh go hinmheánach chun na réimsí is leochailí ó thaobh calaoise de a shainaithint, maille leis na rialuithe atá i bhfeidhm cheana agus na bearta atá riachtanach chun feabhas a chur ar chumas AS MOVE calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú.    

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 26

ó thíortha de chuid CSTE 27

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 28

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

1

02 03 01 00 - Iompar SCE.

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

01

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

Ard‑Stiúrthóireacht: MOVE

Bliain 
 2025 29

Bliain 
 2026

Bliain 
 2027

Bliain 
 2028+ 30

IOMLÁN

(2025 – 2027)

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 31 : 02 03 01 00 (Iompar SCE)

Gealltanais

(1a)

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

Íocaíochtaí

(2a)

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS MOVE

Gealltanais

=1a

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

Íocaíochtaí

=2a

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

Íocaíochtaí

(5)

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

Íocaíochtaí

=5

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Bliain 
N+X

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

·Acmhainní daonna

·Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2025 32

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028+ 33

IOMLÁN 
(2025 – 2027)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

Íocaíochtaí

5.5

5.5

5.5

5.5

16.5

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Bliain 2028+

Iomlán (2025 - 2027)

ASCHUIR

Saghas

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

Tacaíocht le haghaidh chomhordú na mbainisteoirí bonneagair 34

Aschur

Líon na dtrasnuithe teorainneacha ‘comhordaithe’

0.013 35

73

0.941

73

0.941

73

0.941

73

0.941

219

2.823

Fo-iomlán do ghníomhaíocht Uimh. 1

73

0.941

73

0.941

73

0.941

73

0.941

219

2.823

Tacaíocht le haghaidh comhlachtaí rialála iarnróid a chomhordú

Aschur

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Fo-iomlán do ghníomhaíocht Uimh. 2

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta

Aschur

Líon na gcomhaltaí

0.009 36

11

0.099

11

0.099

11

0.099

11

0.099

33

0.297

Fo-iomlán do ghníomhaíocht Uimh. 3

11

0.099

11

0.099

11

0.099

11

0.099

33

0.297

IOMLÁIN 37

84

1.040

84

1.040

84

1.040

84

1.040

252

3.120

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 38

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 39  
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

·Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE) 40

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 41

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Úsáidfidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mbosca 1.5.5 cistí Chúnamh Teicniúil SCE atá ann cheana (líne bhuiséid 02 03 01 00) atá beartaithe faoi láthair le haghaidh leithdháilte chuig bainisteoirí bonneagair sa tréimhse 2025 - 2027 i leasú leanúnach chlár oibre ilbhliantúil SCE.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos 42 :    

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
 2025 43

Bliain 
 2026

Bliain 
 2027

Bliain 
 2028+

IOMLÁN 
(2025 – 2050)

Bainisteoirí bonneagair 44  

13.667

5.312

5.312

5.312

32.606

Comhlachtaí rialála náisiúnta 45

3.558

0.180

0.185

0.190

9.401

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

17.226

5.492

5.496

5.501

42.007



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 46

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

/

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Go háirithe roinn 3 de Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE.
(2)    COM(2018) 189 final an 16 Aibreán 2018. Tháinig tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh an tuarascáil sin (Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Rail freight transport in the EU: still not on the right track [Iompar lastas iarnróid san Aontas: fós ar an rian mícheart], Tuarascáil Speisialta Uimh. 8, Lucsamburg, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2016).
(3)    SWD(2021) 134 final an 2 Meitheamh 2021.
(4)     Iompar idirnáisiúnta lasta agus paisinéirí – sciar an tráchta iarnróid a mhéadú (europa.eu)
(5)     Iompar idirnáisiúnta lasta agus paisinéirí – sciar an tráchta iarnróid a mhéadú (europa.eu)
(6)    Ardán do Bhainisteoirí Bonneagair Iarnróid san Eoraip (PRIME) le haghaidh comhair idir bainisteoirí bonneagair agus seirbhísí an Choimisiúin.
(7)    Fóram le haghaidh gnóthais iarnróid, ina bhfuil páirt ag seirbhísí an Choimisiúin agus ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.
(8)    SWD(2023) 443.
(9)    SEC(2023) 443.
(10)    Mar sin féin, coinneofar fócas ar na línte is straitéisí ar bun chun an ró‑rialáil a sheachaint ar línte lena mbaineann tábhacht réigiúnach agus/nó dlús tráchta íseal.
(11)    IO C , , lch. .
(12)    IO C , , lch. .
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The European Green Deal’ [‘An Comhaontú Glas don Eoraip’], COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019.
(14)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: “I dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú”’, COM(2021) 400 final an 12 Bealtaine 2021.
(15)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future’ [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], COM(2020) 789 final an 9 Nollaig 2020.
(16)    Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(17)    Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).
(18)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(20)

   SWD(2021) 134 final an 2 Meitheamh 2021

(21)    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir‑inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).
(22)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (IO L 307, 23.11.2017, lch. 1).
(23)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú faireacháin ar an margadh iarnróid (IO L 181, 9.7.2015, lch. 1).
(24)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(25)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
(26)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(27)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(28)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(29)    Is í bliain 2025 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Don tréimhse 2025 – 2027, cumhdófar costais le húsáid chistí chúnamh teicniúil Iompar SEC.
(30)    Tá na méideanna a léirítear don tréimhse tar éis 2028 de chineál táscach amháin agus braithfidh siad ar na chéad phléití eile agus ar an gcomhaontú deiridh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.
(31)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(32)    Is í bliain 2025 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(33)    Tá na méideanna a léirítear don tréimhse tar éis 2028 de chineál táscach amháin agus braithfidh siad ar na chéad phléití eile agus ar an gcomhaontú deiridh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.
(34)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.5.5. ‘Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá le fáil…’
(35)    Costais bhliantúla a thabhaíonn ENIM / an Comhordaitheoir Gréasáin chun ailíniú a áirithiú idir bainisteoirí bonneagair ag trasnuithe teorainneacha (costais foirne).
(36)    Costais bhliantúla lena gcumhdaítear na caiteachais a thabhaíonn comhaltaí an chomhlachta athbhreithnithe feidhmíochta (per diem).
(37)    Tabhair faoi deara nach léirítear leis na hiomláin anseo ach suim na gcostas le haghaidh na haschuir a léirítear sa tábla agus ní hionann iad agus costais iomlán na ngníomhaíochtaí 1 go 3 a chumhdaítear le cistiú an Aontais.
(38)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne léi a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na mblianta seo a leanas.
(39)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(40)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(41)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(42)    Ríomhadh na ríomhanna tríú páirtí mar an difríocht idir suim na gcostas measta a bhí bainteach le bearta ón togra atá le seasamh ag an tairbhí ábhartha (féach bosca 1.5.5 thuas) agus an sciar de chómhaoiniú an Aontais a soláthraíodh don tairbhí réamhluaite. Díorthaíodh na costais measta go díreach ó na ríomhanna a rinneadh le haghaidh mheasúnú tionchair an togra.
(43)    Is í bliain 2025 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(44)    Maoiniú an Chomhordaitheora Gréasáin, féach pointe (1) i mbosca 1.5.5 thuas.
(45)    Chun na costais rúnaíocht a bhunú le haghaidh ENRRB a chumhdach, féach pointe (2) i mbosca 1.5.5 thuas.
(46)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

Strasbourg, 11.7.2023

COM(2023) 443 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

{SEC(2023) 443 final} - {SWD(2023) 443 final} - {SWD(2023) 444 final}


IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ INSOLÁTHARTHA AGUS SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A BHAINISTIÚ

DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 11, 16, 18 AGUS 38

1.Táirgí insoláthartha atá le hullmhú ag bainisteoirí bonneagair sa phleanáil straitéiseach maidir le toilleadh dá dtagraítear in airteagail 11, 16, 17 agus 18

Táirge insoláthartha

Ábhar

Straitéis um thoilleadh

(Airteagal 16)

Forbairt phleanáilte bhonneagair fhisiciúil, lena n‑áirítear tógáil nua, uasghráduithe, athnuachaintí agus dúnadh/díchoimisiúnú;

Forbairt tuartha an éilimh ar sheirbhísí iompair iarnróid;

Treoraíocht straitéiseach maidir le húsáid an toillte ag na Ballstáit, lena n‑áirítear ionchas maidir le héabhlóid na n‑oibleagáidí seirbhíse poiblí;

An toilleadh a leithdháiltear i gcreat‑chomhaontuithe agus an toilleadh a cheanglaítear chun seirbhísí iompair a sholáthar faoi chonarthaí seirbhíse poiblí;

Bonneagar a dhearbhaítear mar bhonneagar ardúsáide nó plódaithe;

Srianta móra ar an toilleadh de thoradh oibreacha bonneagair.

Samhail maidir le toilleadh

(Airteagal 17)

An fhaisnéis uile a áirítear sa straitéis um thoilleadh, agus atá tugtha cothrom le dáta in éineacht le mionsonraí breise i gcás inarb ábhartha

Méid an toillte a bhíonn ar fáil d’iarratasóirí de réir dheighleog mhargaidh an iompair iarnróid agus/nó de réir próiseas leithdháilte

Méid an toillte a éilítear le haghaidh oibreacha bonneagair de réir an tionchair ar an trácht (catagóirí)

Raon feidhme geografach: ar a laghad na línte a áirítear i gcroíghréasán agus i gcroíghréasán sínte TEN-T

Mionsonraí geografacha: miondealú i ranna pleanála iomchuí lena léirítear saintréithe bonneagair agus éilimh

Raon feidhme ama: tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin

Mionsonraí ama: forbhreathnú bliantúil ar a laghad (srianta ar an toilleadh) agus lá ionadaíoch amháin nó níos mó laethanta ionadaíocha (an toilleadh a bhíonn ar fáil le haghaidh iarrataí)

Plean um thoilleadh a sholáthar

(Airteagal 18)

An fhaisnéis uile a áirítear sa tsamhail maidir leis an toilleadh, agus atá tugtha cothrom le dáta in éineacht le mionsonraí breise i gcás inarb ábhartha

An toilleadh réamhphleanáilte a bhíonn ar fáil le haghaidh iarrataí, arna shainiú i bhfoirm chuspóirí maidir leis an toilleadh

Srianta ar an toilleadh, arna sainiú i bhfoirm cuspóirí maidir leis an toilleadh

An toilleadh malartach a bhíonn ar fáil le linn srianta ar an toilleadh

An toilleadh malartach a bhíonn ar fáil i gcás suaití gréasáin

2.Sceideal maidir le bainistíocht straitéiseach an toillte dá dtagraítear in Airteagail 11, 16, 17 agus 18

1.Nuair a bheidh táirgí insoláthartha phleanáil straitéiseach an toillte á n‑ullmhú le haghaidh tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith, urramóidh bainisteoirí bonneagair an sceideal a leagtar amach sa roinn seo.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair sprioc‑amanna níos luaithe a shainiú. Comhchuibheofar na sprioc‑amanna sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

Déanfar an comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 54 agus beidh ar a laghad gnóthais iarnróid páirteach ann mar aon le hiarratasóirí, páirtithe leasmhara oibríochtúla agus údaráis phoiblí eile. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair na táirgí insoláthartha ar bhonn leanúnach agus iad i mbun comhordú i gcomhréir le hAirteagal 53.

Táirge insoláthartha

Cloch mhíle

Sprioc‑am 
(ar a dhéanaí)

Straitéis um thoilleadh (Airteagal 16)

Foilsiú na chéad eilimintí den straitéis um thoilleadh

X–60

An chéad chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

X–58

Foilsiú na dréachtstraitéise agus an dara comhairliúcháin le páirtithe leasmhara

X–38

Foilsiú na straitéise críochnaithí um thoilleadh tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–36

Samhail maidir le toilleadh

(Airteagal 17)

Tús an ullmhúcháin

X–36

Comhairliúchán le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla

X–24

Foilsiú na dréachtstraitéise um thoilleadh

X–21

Comhordú le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla

X–19

Foilsiú na samhla críochnaithí maidir leis an toilleadh tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–18

Plean um thoilleadh a sholáthar

(Airteagal 18)

Tús an ullmhúcháin

X–18

Comhairliúchán le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla

X–14

Foilsiú na srianta ar an toilleadh dá dtagraítear i bpointe (1) de roinn (3) den Iarscríbhinn seo

X–12

Foilsiú an phlean chríochnaithigh um thoilleadh a sholáthar tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–11

Foilsiú na srianta ar an toilleadh dá dtagraítear i bpointe (5) de roinn (3) den Iarscríbhinn seo

X–4

Athrú chuspóir an toillte arna fhorchoimeád lena leithdháileadh tríd an tráthchlár oibre le haghaidh próisis leithdháilte eile

X–2

Nuashonrú an phlean um thoilleadh a sholáthar chun aon athrú ar an toilleadh réamhphleanáilte nó leithdháilte a léiriú

Go dtí X+12 gan mhoill

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:

(1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X’), i gcomhréir le roinn 4.

2.De mhaolú ar phointe 1, tá feidhm ag an sceideal simplithe agus giorraithe maidir leis an táirge insoláthartha ‘Straitéis um thoilleadh’ i ndáil leis na tréimhsí bailíochta tráthchláir oibre a thosaíonn i mí na Nollag 2029 agus i mí na Nollag 2030:

Straitéis um thoilleadh (Airteagal 16)

Foilsiú na dréachtstraitéise agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara

X–38

Foilsiú na straitéise críochnaithí um thoilleadh tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–36

3.An sceideal maidir le comhordú, comhairliúchán agus foilsiú na srianta ar an toilleadh de thoradh oibreacha bonneagair dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 35

1.A mhéid a bhaineann le srianta sealadacha ar thoilleadh na línte iarnróid, ar chúiseanna amhail oibreacha bonneagair, lena n‑áirítear srianta luais, ualach ar acastóir, fad traenach, fórsa tarraingthe, nó imchlúdach struchtúir (‘srianta ar an toilleadh’) atá bainteach, ar feadh ré is faide ná 7 lá as a chéile agus dá ndéantar breis agus 30 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad lena linn, foilseoidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann na srianta uile ar an toilleadh agus na torthaí tosaigh uile de chomhairliúchán leis na hiarratasóirí den chéad uair 24 mhí ar a laghad agus, i bhfoirm nuashonraithe, den dara huair 12 mhí ar a laghad roimh an athrú ar an tráthchlár oibre lena mbaineann. Áireofar na srianta bonneagair sin sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

2.Mar chuid den chomhordú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53, pléifidh na heintitis a ainmnítear i mír 5 den Airteagal sin na srianta sin ar an toilleadh freisin, mura mbeidh tionchar na srianta ar an toilleadh teoranta d’aon ghréasán amháin, i gcomhpháirt le hiarratasóirí leasmhara agus le príomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann nuair a fhoilseofar den chéad uair iad.

3.Nuair a bheidh srianta ar an toilleadh á bhfoilsiú i gcomhréir le pointe (1) den chéad uair, seolfaidh an bainisteoir bonneagair comhairliúchán leis na hiarratasóirí leasmhara agus le príomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann maidir leis na srianta ar an toilleadh. I gcás inar gá comhordú i gcomhréir le pointe (4) idir an chéad agus an dara foilseachán de shrianta ar an toilleadh, rachaidh na heintitis a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 53(5) i gcomhairle le hiarratasóirí agus le príomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann an dara huair idir deireadh an chomhordaithe sin agus an dara foilseachán den srian ar an toilleadh.

4.Sula bhfoilseofar srianta ar an toilleadh i gcomhréir le pointe (1), mura mbeidh tionchar na srianta ar an toilleadh teoranta d’aon ghréasán amháin, déanfaidh na heintitis a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 53(5), lena n‑áirítear bainisteoirí bonneagair a bhféadfadh tionchar a bheith ag athródú na dtraenacha orthu, na srianta ar an toilleadh a chomhordú eatarthu féin ar srianta iad a bhféadfadh cealú nó athródú conaire traenach a bheith i gceist leo nó móid iompair eile á chur in ionad traenach.

An comhordú roimh an dara foilseachán, cuirfear i gcrích é:

(a)tráth nach déanaí ná 18 mí roimh an athrú ar an tráthchlár oibre má dhéantar breis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad ar feadh ré is faide ná 30 lá as a chéile.

(b)tráth nach déanaí ná 13 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre má dhéantar breis agus 30 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad ar feadh ré is faide ná 7 lá as a chéile.

(c)tráth nach déanaí ná 13 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre má dhéantar breis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad ar feadh ré is faide ná 7 lá as a chéile.

Déanfaidh na heintitis a fheidhmeoidh an comhordú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53(5), más gá, cuireadh a thabhairt do na hiarratasóirí atá gníomhach ar na línte lena mbaineann agus do phríomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann chun páirt a ghlacadh sa chomhordú sin.

5.A mhéid a bhaineann le srianta ar an toilleadh ar feadh ré 7 lá as a chéile nó níos lú nach gá iad a fhoilsiú i gcomhréir le pointe (1) agus nach ndéanfar breis agus 10 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad lena linn, agus a tharlaíonn le linn thréimhse an tráthchláir oibre dá éis sin agus a dtagann an bainisteoir bonneagair ar an eolas fúthu tráth nach déanaí ná 6 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar an tráthchlár oibre, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí lena mbaineann maidir leis na srianta ar an toilleadh atáthar ag brath a dhéanamh agus cuirfidh na srianta nuashonraithe ar an toilleadh in iúl 4 mhí ar a laghad roimh an athrú ar an tráthchlár oibre. Soláthróidh an bainisteoir bonneagair mionsonraí ar na conairí traenach a thairgtear le haghaidh traenacha paisinéirí tráth nach déanaí ná 4 mhí agus le haghaidh traenacha lasta tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin roimh thús an tsriain ar an toilleadh, mura gcomhaontóidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí lena mbaineann aga seachadta níos giorra.

6.Féadfaidh bainisteoirí bonneagair cinneadh a dhéanamh tairseacha níos déine a chur i bhfeidhm maidir le srianta ar an toilleadh bunaithe ar chéatadáin níos ísle de mhéideanna tráchta measta nó ar réanna níos giorra ná mar a léirítear i roinn 3 den Iarscríbhinn seo nó chun critéir a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na critéir a luaitear san Iarscríbhinn seo, de bhun comhairliúcháin le hiarratasóirí agus le hoibreoirí saoráide. Foilseoidh siad na tairseacha agus na critéir maidir le srianta ar an toilleadh a bhraisliú ina ráitis ghréasáin faoi phointe 3 d’Iarscríbhinn IV de Treoir 2012/34/AE.

7.Gan dochar d’Airteagal 40, féadfaidh an bainisteoir bonneagair cinneadh a dhéanamh gan na tréimhsí a leagtar síos i bpointí (1) go (5) a chur i bhfeidhm, más gá an srian ar an toilleadh chun oibríochtaí traenach sábháilte a athbhunú, mura mbeidh uainiú na srianta faoi smacht an bhainisteora bonneagair, dá mbeadh cur i bhfeidhm na dtréimhsí sin neamhéifeachtach ó thaobh costais nó ina údar damáiste gan ghá i leith saolré ionchais nó bail sócmhainne, nó má chomhaontaíonn na hiarratasóirí uile lena mbaineann. Sna cásanna sin agus i gcás aon srian eile ar an toilleadh nach bhfuil faoi réir comhairliúcháin i gcomhréir le forálacha eile na hIarscríbhinne seo, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí agus le príomhoibreoirí saoráidí seirbhíse lena mbaineann láithreach.

8.Beidh san fhaisnéis a sholáthróidh an bainisteoir bonneagair agus é ag gníomhú i gcomhréir le pointí (1), (5) nó (7):

(a)    an lá ar a bhfuil an srian pleanáilte;

(b)    an t‑am den lá, agus, a luaithe agus is féidir é a shocrú, uair thús agus dheireadh an tsriain ar an toilleadh;

(c)    an stráice den líne dá ndéanann an srian difear;

(d)    i gcás inarb infheidhme, toilleadh na línte atreoraithe.

Foilseoidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin, nó nasc mar is féidir í a fháil, ina ráiteas gréasáin dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2012/34/AE. Coimeádfaidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin cothrom le dáta. Ina theannta sin, foilseoidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis sin i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 9 agus 62.

9.A mhéid a bhaineann leis na srianta ar an toilleadh ar feadh ré 30 lá as a chéile ar a laghad agus a dhéanann difear do bhreis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid, soláthróidh an bainisteoir bonneagair do na hiarratasóirí arna iarraidh sin dóibh le linn an chéad bhabhta comhairliúcháin le comparáid na ndálaí a bheidh rompu agus ar a laghad dhá rogha mhalartacha de shrianta ar an toilleadh i gceist. Dearfaidh an bainisteoir bonneagair na roghanna malartacha sin ar bhonn an ionchuir a sholáthróidh na hiarratasóirí tráth a n‑iarrataí agus i gcomhpháirt leo.

Beidh sa chomparáid, le haghaidh gach rogha mhalartach, ar a laghad:

(a)ré an tsriain ar an toilleadh,

(b)na muirir bhonneagair tháscacha dhlite lena bhfuil coinne,

(c)an toilleadh a bheidh ar fáil ar na línte atreoraithe,

(d)na bealaí malartacha a bheidh ar fáil, agus

(e)na tréimhsí taistil táscacha.

Roimh rogha a dhéanamh idir roghanna malartacha na srianta ar an toilleadh, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí leasmhara agus cuirfidh tionchair na roghanna malartacha difriúla ar na hiarratasóirí sin agus ar úsáideoirí na seirbhísí san áireamh.

Áireofar leis an anailís ar shrianta malartacha ar an toilleadh staideanna a bhaineann le breis agus aon bhainisteoir bonneagair amháin. Sa chás seo, comhordóidh na bainisteoirí bonneagair pleanáil roghanna malartacha na srianta ar an toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

10.A mhéid a bhaineann leis na srianta ar an toilleadh ar feadh ré is faide ná 30 lá as a chéile agus a dhéanann difear do bhreis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid, leagfaidh an bainisteoir bonneagair critéir síos maidir leis na traenacha de gach cineál seirbhíse ba cheart a athródú, agus srianta tráchtála agus oibríochtúla an iarratasóra á gcur san áireamh, ach amháin i gcás ina n‑eascróidh na srianta oibríochtúla sin as cinntí bainistíochta nó eagrúcháin an iarratasóra, agus gan dochar don aidhm costais an bhainisteora bonneagair a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir 2012/34/AE. Foilseoidh an bainisteoir bonneagair na critéir sin sa ráiteas gréasáin.

11.Foilseoidh ENIM an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (8) ar a shuíomh gréasáin.

12.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme roinn 3 den Iarscríbhinn seo go dtí 31 Nollaig 2024 agus molfaidh togra reachtach más gá.

4.Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 38

1.Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal seo a leanas:

Garsprioc nó tréimhse

Sprioc‑am nó ré(1)

Tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre (‘tréimhse tráthchláir oibre’)

Aon bhliain amháin

Teacht i bhfeidhm an tráthchláir oibre

Meán oíche an dara Sathairn i mí na Nollag

Foilsiú an phlean um thoilleadh a sholáthar

I gcomhréir le roinn 2 den Iarscríbhinn seo

Foilsiú na srianta ar an toilleadh de thoradh oibreacha bonneagair

I gcomhréir le ranna 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo

Sprioc‑am d’iarratasóirí chun iarrataí ar chearta toillte a chur isteach

X–8.5

Ullmhú dréacht‑tráthchláir oibre

Sprioc‑am don bhainisteoir (do bhainisteoirí) bonneagair chun dréacht‑tairiscint an toillte a chur faoi bhráid iarratasóirí

X–6.5

Tabhairt chun críche an chomhordaithe le hiarratasóirí

X–6

Sprioc‑am don bhainisteoir (do bhainisteoirí) bonneagair chun tairiscint chríochnaitheach an toillte a chur faoi bhráid iarratasóirí

X–5.5

Foilsiú tráthchláir oibre chríochnaithigh

Sprioc‑am don bhainisteoir bonneagair chun cearta toillte a leithdháileadh ar iarratasóirí

X–5.25

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach

Le sonrú sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:

(1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X)

2.Leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh i leith iarrataí a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 32(8) ar bhonn an phrionsabail tús freastail ar an gceann is túisce.

3.An sprioc‑am d’iarratasóirí chun iarrataí a chur isteach ar chearta toillte agus a leagtar síos sa tábla faoi phointe 1, is é sin an sprioc‑am a bheidh ann d’iarrataí ar an toilleadh bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 27(4) de Threoir 2012/34/AE.

5.Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 38

1.Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:

Tréimhse ama

Fad (1)

Tréimhse bhailíochta chaighdeánach na gcreat‑chomhaontuithe

5 bliana

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach

Idir X–8.5 agus X–6.5 (i gcomhpháirt leis an gcomhordú faoin bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear i roinn 4)

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:

(1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X’), i gcomhréir le roinn 4

6.Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte rollach dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 38

1.Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal seo a leanas le linn an phróisis phleanála rollaigh:

Garsprioc nó tréimhse

Sprioc‑am nó ré(1)

An pointe ama is luaithe d’iarratasóirí chun iarrataí ar an toilleadh a chur isteach faoin bpróiseas leithdháilte rollach

4 mhí roimh an chéad ghluaiseacht traenach

An pointe ama is déanaí d’iarratasóirí chun iarrataí ar an toilleadh a chur isteach faoin bpróiseas leithdháilte rollach

1 mhí roimh an chéad ghluaiseacht traenach

Ré uasta na gceart toillte a dheonaítear faoin bpróiseas leithdháilte rollach

36 mhí ag tosú ón chéad ghluaiseacht traenach

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach le haghaidh cearta toillte a dheonaítear i gcomhréir le mír 2, pointe (a) d’Airteagal 33

Idir X–8.5 agus X–6.5 (i gcomhpháirt leis an gcomhordú faoin bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear i roinn 4)

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach le haghaidh cearta toillte a dheonaítear i gcomhréir le mír 2, pointe (b) d’Airteagal 33

Le sonrú ag na bainisteoirí bonneagair agus an creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6 á chur san áireamh

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:

(1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X’), i gcomhréir le roinn 4

2.Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas pleanála rollach bunaithe ar an bprionsabal tús freastail ar an gceann is túisce.

7.Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hocdtagraítear in Airteagail 34 agus 38

Nuair a bheidh toilleadh bonneagair á leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:

Tréimhse ama

Marthanacht

Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair chun tairiscint chearta toillte a bhaineann le gréasán aonair a ullmhú

1 lá amháin

Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair chun tairiscint chearta toillte ilghréasáin a ullmhú

5 lá

8.Sceideal le haghaidh athruithe ar an toilleadh a leithdháiltear dá dtagraítear in Airteagal 39

Nuair a bheidh cearta toillte bonneagair á n‑athrú, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:

Garsprioc nó tréimhse

Sprioc‑am nó ré

Tréimhse uasta don bhainisteoir bonneagair chun ceart toillte malartach, a bhaineann le gréasán aonair, a thairiscint

24 uair an chloig

Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair lena mbaineann chun ceart toillte ilghréasáin malartach a thairiscint

5 lá

IARSCRÍBHINN II

Bonneagar ardúsáide agus plódaithe
dá dtagraítear in Airteagal 20

1.Tairseacha chun bonneagar ardúsáide agus plódaithe a dhearbhú

Úsáid

Aicmiú

Úsáid acmhainneachta

Tréimhse thagartha

Trácht ilchineálach

Ardúsáidte

> 65 % den toilleadh teoiriciúil

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 200 lá in aghaidh na bliana

Trácht ilchineálach

Plódaithe

> 95 % den toilleadh teoiriciúil

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 250 lá in aghaidh na bliana

Trácht aonchineálach

Ardúsáidte

> 80 % den toilleadh teoiriciúil

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 200 lá in aghaidh na bliana

Trácht aonchineálach

Plódaithe

> 95 % den toilleadh teoiriciúil

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 250 lá in aghaidh na bliana

Ciallaíonn úsáid an toillte an cóimheas idir an toilleadh a leithdháiltear, nó i gcás tréimhsí tráthchláir roimhe, an líon iarbhír traenacha atá ag rith agus an toilleadh teoiriciúil a bhíonn ar fáil ar eilimint bhonneagair ar bhonn na modheolaíochta dá dtagraítear i roinn 2.

Ciallaíonn ‘trácht aonchineálach’ go mbíonn saintréithe comhchosúla ag traenacha ar an stráice lena mbaineann i gcoitinne ar saintréithe iad atá ábhartha maidir le húsáid an toillte, go háirithe luas, patrún stoptha agus luasghéarú.

Ciallaíonn ‘trácht ilchineálach’ go mbíonn saintréithe difriúla ag traenacha ar an stráice lena mbaineann i gcoitinne ar saintréithe iad atá ábhartha maidir le húsáid an toillte, go háirithe luas, patrún stoptha agus luasghéarú.

2.Nósanna imeachta agus modhanna chun méid úsáide an toillte a ríomh

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair measúnú ar mhéid úsáide an toillte ar bhonn nósanna imeachta agus modhanna iomchuí, trédhearcacha agus oibiachtúla.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair leanúint d’úsáid a bhaint as nósanna imeachta agus as modhanna atá ann cheana agus a chomhlíonann na critéir sin. 3 bliana ar a dhéanaí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ullmhóidh ENIM moladh maidir le nós imeachta agus modh comhchuibhithe de chuid an Aontais a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar úsáid an toillte bonneagair iarnróid.

De rogha air sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar úsáid an toillte mar an cóimheas idir an t‑éileamh ar an toilleadh (a bhreathnaítear / roimhe sin nó meastachán faoin éileamh amach anseo) agus an toilleadh a bhíonn ar fáil sa phlean um úsáid an toillte i gcomhréir le hAirteagal 18.

IARSCRÍBHINN III

INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM THOILLEADH A BHAINISTIÚ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6:

Gné

Tagairt(í)

Nósanna imeachta agus modheolaíochtaí chun toilleadh bonneagair tearc a bhainistiú agus a leithdháileadh ar bhonn critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil.

Airteagal 8(5), Airteagal 8(6)

Cineálacha agus tuairisc ar sheirbhísí iompair iarnróid a bheidh le húsáid chun an toilleadh bonneagair iarnróid a phleanáil go straitéiseach.

Airteagal 12(2)

Prionsabail, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna um an toilleadh a phleanáil go straitéiseach, lena n‑áirítear um chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus um chomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Airteagal 12(9), Airteagal 13, Airteagal 14

Meáin chun an plean soláthair um thoilleadh a fhoilsiú agus próiseas chun dul i gcomhairle le hiarratasóirí

Airteagal 18(10)

Rialacha agus nósanna imeachta um an toilleadh réamhphleanáilte a leithdháileadh, a áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Airteagal 20(3)

Saintréithe shonraíochtaí an toillte

Airteagal 26(1)

Raonta le haghaidh cuótaí tairsí is infheidhme maidir le cearta toillte neamhúsáidte a chealú

Airteagal 27(6)

Nósanna imeachta agus modhanna chun leithdháileadh na gceart toillte ilghréasáin a chomhordú lena n‑áirítear íoscheanglais cháilíochta.

Airteagal 28(5)

Treoirlínte maidir leis na teorainneacha i dtaca leis na difríochtaí idir iarrataí ar an toilleadh ó iarratasóirí agus an toilleadh bonneagair atá á mholadh ag bainisteoirí bonneagair sa phróiseas comhthoiliúil um réiteach coinbhleachta.

Airteagal 36(2)

Nósanna imeachta chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis an leithdháilte.

Airteagal 39(8)

Coinníollacha as a n‑eascraíonn cúiteamh as athruithe ar chearta toillte.

Airteagal 40(3)

Prionsabail, rialacha agus nósanna imeachta chun an toilleadh bonneagair a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaitheadh ar an ngréasán.

Airteagal 41(2)

IARSCRÍBHINN IV

Inneachar an Ráitis Ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/CE – roinn maidir leis an toilleadh a bhainistiú agus leis an trácht a bhainistiú

Beidh sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE:

(1)Roinn lena leagfar amach cineál an bhonneagair, a bhíonn ar fáil do ghnóthais iarnróid agus na coinníollacha chun rochtain a fháil air. Tagróidh an roinn sin don fhaisnéis atá ar fáil sa chlár bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

(2)Roinn maidir leis na prionsabail agus leis na critéir chun an toilleadh a bhainistiú. Leagfaidh an roinn sin amach saintréithe ginearálta an bhonneagair ó thaobh an toillte de, a bhíonn ar fáil do ghnóthais iarnróid agus aon srian a bhaineann lena úsáid, lena n‑áirítear ceanglais dhóchúla maidir leis an toilleadh le haghaidh na cothabhála. Sonróidh an roinn na nósanna imeachta agus na sprioc‑amanna a bhaineann leis an bpróiseas um thoilleadh a bhainistiú freisin. Beidh inti critéir shonracha, a chuirtear in úsáid le linn an phróisis sin, go háirithe:

(a)na nósanna imeachta ar dá réir a dtéitear i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an toilleadh a phleanáil go straitéiseach;

(b)na nósanna imeachta ar dá réir a bhféadfaidh iarratasóirí an toilleadh a iarraidh ar an mbainisteoir bonneagair;

(c)na ceanglais lena rialaítear iarratasóirí;

(d)an sceideal maidir leis an toilleadh a phleanáil go straitéiseach, maidir leis na próisis chur i bhfeidhm, leithdháilte, oiriúnaithe agus athsceidealaithe agus na nósanna imeachta a leanfar chun faisnéis a iarraidh faoin sceidealú agus na nósanna imeachta um obair chothabhála phleanáilte agus gan choinne a sceidealú;

(e)na prionsabail lena rialaítear an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36, lena n‑áirítear an córas réitigh díospóidí a chuirtear ar fáil mar chuid den phróiseas sin, agus an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37;

(f)struchtúr agus leibhéal na gcúiteamh as athruithe ar chearta toillte;

(g)na nósanna imeachta a leanfar agus na critéir a úsáidfear i gcás ina mbeidh bonneagar ardúsáidte nó plódaithe;

(h)mionsonraí na srianta ar úsáid an bhonneagair;

(i)míniú ar aon éagsúlú ón gcreat Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6.

(3)Roinn maidir le hoibríochtaí, lena n‑áirítear maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime. Leagfar amach leis an roinn sin cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir (AE) 2016/797, Treoir (AE) 2016/798 agus Treoir 2007/59/CE, lena n‑áirítear:

(a)rialacha oibríochtúla, lena n‑áirítear rialacha tosaíochta nó prionsabail tosaíochta maidir le trácht a bhainistiú, liosta na rialacha teicniúla, oibríochtúla agus sábháilteachta nó tagairtí dóibh agus do rialacha a bhaineann le foireann oibríochtúil;

(b)bearta oibríochtúla, lena n‑áirítear rialacha agus nósanna imeachta um bainistíocht suaití agus bainistiú géarchéime, cumarsáid oibríochtúil agus malartú sonraí le gnóthais iarnróid agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile;

(c)liosta de chórais faisnéise a úsáidtear in oibríochtaí agus tagairtí dóibh;

(d)míniú ar aon éagsúlú ón gcreat Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 44.

(4)Roinn maidir le príomheilimintí na bainistíochta feidhmíochta, lena n‑áirítear go háirithe:

(a)tagairtí do chuspóirí feidhmíochta a leagtar amach sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2012/34/AE agus sa chomhaontú conarthach dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir sin;

(b)nósanna imeachta um fhaireachán agus um thuairisciú ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna a bhaint amach, chun cúiseanna na n‑easnamh feidhmíochta a shainaithint in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus chun bearta feabhais a dhearadh agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht;

(c)míniú ar aon éagsúlú ón gcreat Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 50.

IARSCRÍBHINN V

INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM CHOMHORDÚ TRASTEORANN AN BHAINISTITHE TRÁCHTA, AN BHAINISTITHE SUAITÍ AGUS AN BHAINISTITHE GÉARCHÉIME
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 44

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa chreat Eorpach um chomhordú na bainistíochta tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann:

Gné

Tagairt(í)

Prionsabail choiteanna maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a bheidh le cur san áireamh ag bainisteoirí bonneagair agus rialacha agus nósanna imeachta um bainistiú tráchta á leagan amach acu.

Airteagal 43

Prionsabail choiteanna maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla.

Airteagal 42, Airteagal 43, Airteagal 45, Airteagal 46, Airteagal 47, Airteagal 48

Prionsabail, rialacha agus nósanna imeachta um an toilleadh a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaití gréasáin agus i staideanna géarchéime.

Airteagal 41(1)

Sainiú fhreagrachtaí na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla a bhfuil páirt acu sa bhainistíocht tráchta trasteorann, bunaithe ar thacar de nósanna imeachta oibríochta, garspriocanna agus comhéadan.

Airteagal 45

Nósanna imeachta, rialacha, uirlisí agus comhéadain le haghaidh cumarsáide agus chun faisnéis a mhalartú, lena n‑áirítear uirlisí agus chomhéadain dhigiteacha chomhchuibhithe, idir bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla agus páirtithe leasmhara eile lena mbaineann, go háirithe údaráis phoiblí.

Airteagal 45, Airteagal 48, Airteagal 62

Prionsabail maidir le grúpaí comhordaithe tiomnaithe a bhunú i ndáil leis an mbainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime.

Airteagal 53(2)

Socruithe le haghaidh an ionsamhlaithe agus na hoiliúna, go háirithe i ndáil le suaití gréasáin agus staideanna géarchéime.

Airteagal 42, Airteagal 46, Airteagal 47

Socruithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht AN bhainistithe tráchta, an bhainistithe suaití agus an bhainistithe géarchéime, lena n‑áirítear an comhordú idir páirtithe leasmhara oibríochtúla.

Airteagal 50, Airteagal 51

IARSCRÍBHINN VI

Suaití Gréasáin
dá dtagraítear in Airteagal 46

Cineál teagmhais

Ré mheasta dhóchúil

Tionchar measta dóchúil

Suaití gréasáin

Éilítear 3 lá nó níos mó chun filleadh ar leibhéil an toillte infhaighte a bhí ann roimh theagmhas le haghaidh na húsáide traenacha

Is gá láimhseáil oibríochtúil le haghaidh 50 % nó níos mó de na traenacha ar an stráice dá ndéantar difear agus a oibrítear ar ghréasán aonair

Is gá láimhseáil oibríochtúil, nó tá coinne leis go n‑éileofar an láimhseáil sin le haghaidh 50 % nó níos lú de thraenacha ar an stráice dá ndéantar difear agus a oibrítear ar níos mó ná gréasán amháin

Suaitheadh ilghréasáin

Éilítear 3 lá nó níos mó chun filleadh ar leibhéil an toillte infhaighte a bhí ann roimh theagmhas le haghaidh na húsáide traenacha

Is gá láimhseáil oibríochtúil, nó tá coinne leis go n‑éileofar an láimhseáil sin le haghaidh 50 % nó níos mó de thraenacha ar an stráice dá ndéantar difear agus a oibrítear ar níos mó ná gréasán amháin

Is carnach iad na coinníollacha maidir leis an ré agus leis an tionchar dóchúil ar an trácht.

IARSCRÍBHINN VII

Réimsí feidhmíochta atá faoi réir athbhreithniú feidhmíochta 
dá dtagraítear in Airteagal 50

Réimse feidhmíochta

Ábhair ábhartha (táscach)

Bonneagar agus trealamh

Toilleadh agus cumais an bhonneagair fhisiciúil agus a threalamh, lena n‑áirítear cur in úsáid chaighdeáin TEN-T

Laghduithe ar thoilleadh nó ar chumas an bhonneagair i ngeall ar athnuachan, cothabháil nó deisiú bonneagair iarchurtha

Toilleadh bonneagair

An toilleadh a thairgtear i dtéarmaí cainníochta agus cáilíochta

Úsáid an toillte, an toilleadh breise chun freastal ar fhás an tráchta

Comhsheasmhacht idir an toilleadh a bhíonn ar fáil (pleanáilte nó neamhphleanáilte) agus riachtanais an mhargaidh

Cobhsaíocht an toillte a thairgtear, go háirithe i dtaca le hoibreacha bonneagair

Bonneagar plódaithe

Agaí stoptha pleanáilte traenacha ag stáisiúin teorann

Trácht a bhainistiú

Poncúlacht / moilleanna ar chineálacha difriúla seirbhísí iarnróid, ag stadanna tionscnaimh, idirmheánacha agus cinn scríbe agus ag suíomhanna atá tábhachtach ar bhonn oibríochtúil

Cealuithe traenacha

Agaí stoptha iarbhír traenacha ag stáisiúin teorann

Bainistíocht suaití agus bainistiú géarchéime

Cion an tráchta a d’fhéadfaí a athródú nó a athsceidealú le linn an tsuaite nó na géarchéime

Tionchar na suaití ar an trácht iarnróid i dtéarmaí moilleanna agus cealuithe

Tionchar na suaití ar oibreoirí seirbhísí iarnróid agus ar a gcustaiméirí

Saincheisteanna sonracha ar a mbítear ag teacht (cáilíochtúil)

Cur in úsáid agus feidhmíocht seirbhísí, uirlisí agus comhéadan digiteach

Tacaíocht leis na próisis a bhaineann leis an mbainistíocht toillte, bainistíocht tráchta agus bainistíocht suaití

Iomláine agus cáilíocht na faisnéise agus na sonraí arna soláthar

Ailíniú leis an ailtireacht Eorpach arna forbairt in ERJU agus leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797

Rialachán a chomhlíonadh; formhaoirseacht rialála

Táscairí próisis lena ndéantar faireachán ar chomhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta

Gearáin a thaisctear le comhlachtaí rialála agus le ENRRB

IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis atá le soláthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla 
dá dtagraítear in Airteagal 48

An fhaisnéis seo a leanas arna soláthar i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus le gníomhartha cur chun feidhme ábhartha faoin Rialachán sin, beidh sí i raon feidhme Airteagal 48:

·Uimhir reatha traenach

·Tuairisciú traenach

·Sonraí ar an nóta coinsíneachta

·Iarraidh bhealaigh agus leithdháileadh bealaigh

·Ullmhúchán traenacha

·Faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha agus réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha

·Faisnéis faoi bhriseadh sa tseirbhís

·Am Imeachta Measta an Lastais (ETD), Am Idirthurais Measta (ETI), Am Teachta Measta (ETA)

·Gluaiseacht vaigíní

·Sonraí a Mhalartú chun Cáilíocht a Fheabhsú

IARSCRÍBHINN IX

Liosta saincheisteanna le comhordú idir bainisteoirí bonneagair 
dá dtagraítear in Airteagal 53

Saincheisteanna le comhordú

Forálacha le cumhdach leis an gcomhordú

Pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh

Roinn 1 de Chaibidil II, go háirithe:

Airteagal 10

Roinn 2 de Chaibidil II, go háirithe:

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 25

Sceidealú, leithdháileadh toillte agus athsceidealú

Roinn 3 de Chaibidil II, go háirithe:

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Roinn 4 de Chaibidil II

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime

Caibidil III, go háirithe:

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 47

Athbhreithniú ar fheidhmíocht

Caibidil IV, go háirithe:

Airteagal 51

Cur in úsáid seirbhísí, uirlisí agus comhéadan digiteach; rannchuidiú le sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt

Airteagal 9(2)

Airteagal 20(4)

Airteagal 27(4)

Airteagal 29(5), Airteagal 29(6)

Airteagal 42(3), pointe (c)

Airteagal 45, pointe (c)

Airteagal 48(2), Airteagal 48(3)

Airteagal 62

IARSCRÍBHINN X

Táblaí Comhghaoil

1.Tábla comhghaoil le haghaidh na bhforálacha a scriostar i dTreoir 2012/34/AE

Treoir 2012/34/AE

An Rialachán seo

Airteagal 2(6)

Airteagal 36(2)

Airteagal 3, pointe 20

Airteagal 21

Airteagal 3, pointe 22

Airteagal 36

Airteagal 3, pointe 23

Airteagal 31

Airteagal 3, pointe 27

Airteagal 4, pointe 8

Airteagal 3, pointe 28

Airteagal 4, pointe 13

Airteagal 7b(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 7b(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 7b(3)

Airteagal 3(3) agus Airteagal 2(3), pointe b

Airteagal 36

Airteagal 40

Airteagal 38(1)

Airteagal 26(1), an dara fomhír agus Airteagal 26(6)

Airteagal 38(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 38(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 38(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 39(1)

Airteagal 11(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 27(3)

Airteagal 40(1)

Airteagal 14(2), (3) agus Airteagal 28

Airteagal 40(2)

Airteagal 55(7), Airteagal 57(2), Airteagal 63(1), (4), Airteagal 64(1) agus (7)

Airteagal 40(3)

Airteagal 55 (2), (5) agus (7)

Airteagal 40(4)

Airteagal 57(1)

Airteagal 40(5)

Airteagal 41(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 41(2)

Airteagal 7 (2)

Airteagal 41(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 42(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 42(2)

Airteagal 31(4)

Airteagal 42(3)

Airteagal 31(5)

Airteagal 42(4)

Airteagal 31(5) agus (6)

Airteagal 42(5)

Airteagal 31(7) agus Iarscríbhinn I, roinn 5

Airteagal 42(6)

Airteagal 31(8)

Airteagal 42(7)

Airteagal 31(10)

Airteagal 42(8)

Airteagal 31(11)

Airteagal 43(1)

Airteagal 38(1), Airteagal 32(6), (7), (8) agus Airteagal 33(1) agus (2)

Airteagal 43(2)

Airteagal 10(8), Airteagal 11(2), Airteagal 21(9), Airteagal 38(3), agus Airteagal 39(9)

Airteagal 43(3)

n/b

Airteagal 44(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 32(7) agus (8)

Airteagal 44(3)

Airteagal 31(2)

Airteagal 44(4)

Airteagal 28

Airteagal 45(1)

Airteagal 32(2)

Airteagal 45(2)

Airteagal 32(4)

Airteagal 45(3)

Airteagal 32(10)

Airteagal 45(4)

Airteagal 32(11)

Airteagal 46(1)

Airteagal 8(3)

Airteagal 20(3)

Airteagal 32(3)

Airteagal 46(2)

Airteagal 36(2)

Airteagal 46(3)

Airteagal 36(3)

Airteagal 46(4)

Airteagal 36(4)

Airteagal 46(5)

Airteagal 36(5)

Airteagal 46(6)

Airteagal 36(6)

Airteagal 47(1)

Airteagal 21(1)

Airteagal 47(2)

Airteagal 21(4)

Airteagal 47(3)

Airteagal 21(5), Airteagal 25(1)

Airteagal 47(4)

Airteagal 8(1), (2) (4) agus Airteagal 11(3)

Airteagal 47(5)

Airteagal 8(1) agus (4)

Airteagal 47(6)

Airteagal 21(6)

Airteagal 48(1)

Airteagal 34(1)

Airteagal 48(2)

Airteagal 18(4)

Airteagal 49(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 49(2)

Airteagal 24(2)

Airteagal 49(3)

Airteagal 24(3)

Airteagal 50(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 50(2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 50(3)

Airteagal 22(1)

Airteagal 51(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 51(2)

Airteagal 23(1) agus (2)

Airteagal 51(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 51(4)

Airteagal 23(5)

Airteagal 52(1)

Airteagal 12(8)

Airteagal 52(2)

Airteagal 27(6)

Airteagal 53(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 53(2)

Airteagal 10(2), (4) agus Airteagal 35(4)

Airteagal 53(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 54(1)

Airteagal 43(3)

Airteagal 54(2)

Airteagal 43(5)

Airteagal 54(3)

Airteagal 43(6)

2.Tábla comhghaoil le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 7

Airteagal 8

Airteagail 55(1) go dtí Airteagail (4), (6), (7) agus 8 agus Airteagail 56(1)(a) go dtí (c), (f) agus (2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 14(1), Airteagal 22(3) agus (4), Airteagal 23(3) agus Airteagal 57

Airteagail 9(1)(a), (c), (d), (e), (2), (3), (4) agus (5)

Airteagal 9(1)(b)

Airteagal 15 agus Airteagal 22(3) agus (4)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagail 55(1) go dtí (4), (6), (7) agus (8)

Airteagail 12-18

Airteagal 19

Airteagal 49 agus Airteagal 52

Airteagail 20 go 25

Top