AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.11.2023
COM(2023) 900 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH
maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2024: Measúnú Foriomlán
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023DC0900
COMMUNICATION FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT, THE COUNCIL AND THE EUROPEAN CENTRAL BANK on the 2024 Draft Budgetary Plans: Overall Assessment
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2024: Measúnú Foriomlán
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2024: Measúnú Foriomlán
COM/2023/900 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.11.2023
COM(2023) 900 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH
maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2024: Measúnú Foriomlán
Achoimre Feidhmiúcháin
Déantar achoimre sa Teachtaireacht seo ar thuairimí an Choimisiúin maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2024 arna gcur isteach ag Ballstáit an limistéir euro agus measúnú ar an staid bhuiséadach fhoriomlán sa limistéar euro, lena n‑áirítear an staid fhioscach chomhiomlán.
Réamh‑mheastar go dtiocfaidh tuilleadh laghdaithe ar easnamh an limistéir euro in 2024. Tá athléimneacht léirithe ag geilleagar an limistéir euro, ach tá móiminteam caillte aige agus leanann sé de bheith ag dul i ngleic le cuid mhór éiginnteachta agus rioscaí. Ar an taobh fioscach, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin lena léirítear an fhaisnéis sna Dréachtphleananna Buiséadacha, bheadh easnamh an limistéir euro faoi bhun 3 % de OTI in 2024. Tá cóimheas fiachais‑OTI sa limistéar euro le dul i laghad ar éigean in 2024.
Réamh‑mheastar go bhfuil an staid fhioscach chomhiomlán le crapadh in 2024 de dhroim deireadh a chur, de réir a chéile, nach mór go hiomlán leis na bearta atá fágtha a bhaineann le fuinneamh. Breithnítear go bhfuil an staid fhioscach sin iomchuí, agus ba cheart bearta a bheith solúbtha i gcónaí i bhfianaise na héiginnteachta móire. Staid chrapthach atá ann ó chrap an staid fhioscach in 2023 tar éis 3 bliana de leathnú mór a bhain le géarchéim. An staid fhioscach chrapthach a réamh‑mheastar i réamhaisnéis an fhómhair ón gCoimisiún, tá sí comhsheasmhach leis an ngá go gcuirfear feabhas ar inbhuanaitheacht fiachais phoiblí i roinnt Ballstát agus go bhfeabhsófar an staid fhioscach sa mheántéarma, agus rannchuideoidh sí le boilsciú a cheansú agus chun tacú le beartas airgeadaíochta.
Réamh‑mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach i bhformhór na mBallstát in 2024. Staid fhairsingiúcháin a bheadh ann i gcás cúig Bhallstát, áfach. Tá deireadh á chur de réir a chéile le bearta fuinnimh ag formhór na mBallstát, ach bheadh an staid fhioscach réamh‑mheasta ní ba shriantaí in 2024 dá mbeadh sé beartaithe ag na Ballstáit an coigilteas uile ó na bearta fuinnimh a úsáid chun a n‑easnaimh a laghdú, mar a mhol an Chomhairle. Ina ionad sin, tá sé beartaithe ag roinnt mhaith Ballstát glanchaiteachas reatha nua a thabhairt isteach. Más bearta buana a bheidh sna bearta sin agus mura mbeidh siad meaitseáilte ag bearta cúiteacha, d’fhéadfaidís dul i bhfeidhm ar riachtanais coigeartaithe fhadtéarmacha na mBallstát.
Agus aghaidh á tabhairt ar an measúnú ar na Dréachtphleananna Buiséadacha, tá na tuairimí ón gCoimisiún nasctha go docht leis na moltaí fioscacha a ghlac an Chomhairle. Ó tharla go bhfuil an clásal éalaithe ginearálta le díghníomhachtú ag deireadh 2023, rinneadh moltaí fioscacha cainníochtúla tír‑shonracha i mí Iúil 2023 i ndáil le huasráta fáis an ghlanchaiteachais, ach amháin i gcás na mBallstát a réamh‑mheastar nach mbainfidh siad a gcuspóir buiséadach meántéarmach (MTO) amach in 2023. Moladh do na Ballstáit freisin (i) clabhsúr a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh a luaithe is féidir in 2023 agus 2024 agus, mura bhfuil a gcuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu, an coigilteas gaolmhar a úsáid chun easnamh an rialtais a laghdú; (ii) infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú; agus (iii) ionsú éifeachtach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus cistí eile ón Aontas a áirithiú. Ar an mbonn sin:
·Tá an Chipir, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, Éire, an Liotuáin agus an tSlóivéin i gcomhréir leis na moltaí fioscacha. As a measc, réamh‑mheastar go mbainfidh an Chipir, an Eastóin agus Éire a gcuspóir buiséadach meántéarmach amach in 2024, chomh maith leis an bPortaingéil, agus réamh‑mheastar go mbeidh an Liotuáin gar dá chuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach in 2024.
·Níl an Ostair, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, an Laitvia, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil ná an tSlóvaic i gcomhréir iomlán leis sin. Iarrtar ar an nGearmáin, ar Mhálta agus ar an bPortaingéil deireadh a chur lena mbearta fuinnimh de réir a chéile. Iarrtar ar an Iodáil, an Laitvia agus an Ísiltír a bheith ullamh chun na bearta is gá a dhéanamh. Iarrtar ar Lucsamburg agus ar an tSlóvaic a áirithiú go mbeidh a bplean nua i gcomhréir leis an moladh fioscach.
·Tá an baol ann nach mbeidh an Bheilg, an Fhionlainn, an Fhrainc ná an Chróit i gcomhréir leis. Réamh‑mheastar go méadóidh na Ballstáit sin a nglanchaiteachas os cionn an uasmhéid mholta agus iarrtar orthu na bearta is gá a dhéanamh. As measc na gceithre cinn sin, san Fhionlainn agus sa Chróit, réamh‑mheastar go mbeidh beartas fioscach náisiúnta fairsingiúcháin ann.
Rud atá tábhachtach, ní théann an géarú fioscach chun aimhleasa na hinfheistíochta, a rachaidh i méid ar fud an limistéir euro. Tá coinne leis go leathnófar infheistíocht beagán in 2024, rud a áiritheoidh tacaíocht leanúnach don fhás inbhuanaithe ionchuimsitheach, agus a rannchuideoidh leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach. Tá éagsúlacht idir na Ballstáit ó thaobh a mhéad a rannchuidíonn maoiniú náisiúnta agus maoiniú ón Aontas le fás foriomlán na hinfheistíochta. Infheistíocht arna maoiniú ag buiséid náisiúnta, réamh‑mheastar go gcaomhnófar sna Ballstáit uile í (nó go soláthrófar léi rannchuidiú fairsingiúcháin), i gcomhréir leis na moltaí ón gComhairle maidir le hinfheistíocht, in éineacht leis an tacaíocht infheistíochta a sholáthraítear le deontais RRF.
Tá laghdú ag teacht, go ginearálta, ar easnaimh buiséid ceannlíne i limistéar an euro, ach réamh‑mheastar go mbeidh siad níos mó ná luach tagartha 3 % an Chonartha maidir le OTI in 2023 agus 2024 i gcás roinnt Ballstát. Réamh‑mheastar go mbeidh easnamh is mó ná 3 % de OTI in 2023 agus 2024 araon ag ocht mBallstát agus ag Ballstát amháin breise in 2024 amháin. In earrach 2024, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach atá bunaithe ar easnaimh ar bhonn na sonraí olltoraidh buiséid le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit é sin a chur san áireamh nuair a bheidh a mbuiséid do 2023 á bhforghníomhú acu agus nuair a bheidh a mbeartais fhioscacha á ndéanamh acu in 2024.
Réamhrá
Tá Dréachtphleananna Buiséadacha na mBallstát ina gcuid thábhachtach de chomhordú beartais eacnamaíoch san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 1 . Rinne Ballstáit an limistéir euro na pleananna lena ndéantar achoimre ar a ndréachtbhuiséid a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro i mí Dheireadh Fómhair 2023 sular cuireadh faoi bhráid parlaimintí náisiúnta iad 2 . I bhfianaise réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún, tá Tuairimí arna nglacadh ag an gCoimisiún maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na pleananna an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus na moltaí ón gCoimisiún. Déantar achoimre ar na Tuairimí sin sa Teachtaireacht seo. Leis an Teachtaireacht, soláthraítear measúnú foriomlán ar an staid bhuiséadach agus ionchais maidir leis an limistéar euro ina iomláine freisin.
Tá an measúnú ón gCoimisiún nasctha go docht leis na moltaí maidir leis an mbeartas fioscach a ghlac an Chomhairle an 14 Iúil 2023. Ó tharla go bhfuil an clásal éalaithe ginearálta le díghníomhachtú ag deireadh 2023, rinneadh moltaí fioscacha cainníochtúla tírshonracha den chéad uair ó bhí 2019 ann, arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht fiachais mheántéarmach a áirithiú chomh maith le fás ionchasach a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe. 3 . Go nithiúil, maidir leis na Ballstáit a réamh‑mheastar nach mbainfidh siad a gcuspóir buiséadach meántéarmach (MTO) amach in 2023, moltar dóibh fás an ghlanchaiteachais phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta a theorannú do mhéid difreáilte lena n‑áiritheofaí beartas fioscach stuama. I gcás tíortha a réamh‑mheastar go mbainfidh siad a gcuspóir buiséadach meántéarmach amach in 2023, moladh dóibh staid fhioscach fhónta a choinneáil ar bun in 2024, gan teorainn chainníochtúil den sórt sin. Moladh do na Ballstáit uile clabhsúr a chur lena mbearta tacaíochta fuinnimh a luaithe is féidir in 2023 agus 2024 agus, mura réamh‑mheastar go mbainfidh siad a gcuspóir buiséadach meántéarmach amach in 2023, an coigilteas gaolmhar a úsáid chun easnamh an rialtais a laghdú. Mhol an Chomhairle freisin gur cheart do na Ballstáit uile an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus ionsú éifeachtach cistí de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus cistí eile ón Aontas a áirithiú, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Mhol an Chomhairle, le haghaidh na tréimhse ó 2024 ar aghaidh, go leanfaí de bheith ag saothrú straitéis fhioscach mheántéarmach um chomhdhlúthú céimseach inbhuanaithe, in éineacht le hinfheistíochtaí agus athchóirithe atá fabhrach d’fhás inbhuanaithe níos airde. Leis an measúnú ón gCoimisiún, breithneofar cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon na Ballstáit na moltaí, lena n‑áirítear an sprioc níos leithne maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach agus fás a chur chun cinn.
Trí roinn atá sa Teachtaireacht seo: Déantar achoimre le Roinn 1 ar ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach an limistéir euro a leagtar amach sna Dréachtphleananna Buiséadacha agus i réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún. Déantar measúnú le Roinn 2 ar staid fhioscach an limistéir euro agus ar na himpleachtaí atá aici sin don mheascán de bheartas fioscach agus beartas airgeadaíochta. Breathnaítear inti freisin ar spreagthaí na staide fioscaí, i gcás an limistéir euro ina iomláine agus i gcás na mBallstát. Cuirtear i láthair le Roinn 3 forbhreathnú ar na Dréachtphleananna Buiséadacha agus ar an measúnú ón gCoimisiún maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na moltaí fioscacha tírshonracha.
I.Ionchas eacnamaíoch agus fioscach an limistéir euro
(I)Ionchas eacnamaíochta
Tá athléimneacht léirithe ag geilleagar an limistéir euro in aghaidh na dturraingí móra eacnamaíocha a bhain dó le blianta anuas, ach tá móiminteam caillte aige. Tar éis an téarnaimh mhóir in 2021 agus 2022, tá coinne leis go moilleoidh an fás i limistéar an euro go 0,6 % in 2023. Praghsanna tomhaltóra atá ard agus fós ag méadú go tapa don chuid is mó d’earraí agus seirbhísí, cé is moite den laghdú ar phraghsanna fuinnimh, tá brú mór á chur acu ar thomhaltas príobháideach, agus níl an t‑éileamh seachtrach ag tabhairt tacaíocht láidir don gheilleagar. Idir an dá linn, tá freagairt an bheartais airgeadaíochta do bhoilsciú ard, agus an méadú is tapa agus is mó a tháinig ar rátaí úis ó cruthaíodh an t‑aontas airgeadaíochta, ag imirt tionchair ar fud an gheilleagair. Ar an taobh dearfach, tá an margadh saothair fós láidir, agus is ísle an ráta dífhostaíochta agus is airde na rátaí rannpháirtíochta agus fostaíochta ná riamh, cé go bhfuil comharthaí ann go bhfuil sé ag dul i bhfuaire. In 2024 tá coinne leis go dtiocfaidh téarnamh de réir chéile ar fhás, faoi 1,2 %, de dhroim leathnú leanúnach ar an bhfostaíocht agus fíorphánna a bheith ag ardú, agus leantar den díbhoilsciú an tráth céanna. Tá fás OTI an limistéir euro le haghaidh 2023 agus 2024 beagán níos ísle i réamhaisnéis an Choimisiúin ná sna Dréachtphleananna Buiséadacha (Graf 1.1 agus Tábla Iarscríbhinn III), arb ísle ar a seal féin iad ná an fás i gCláir Chobhsaíochta mhí Aibreáin 2023.
Tá méadú tagtha ar éiginnteacht agus rioscaí ar an taobh thíos den ionchas le roinnt míonna anuas. Baineann sé sin go príomha leis an gcaoi a bhfuil cogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an choinbhleacht sa Mheánoirthear ag forbairt, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar mhargaí fuinnimh. Thairis sin, d’fhéadfadh tarchur an ghéaraithe ar an mbeartas airgeadaíochta dul i bhfeidhm ar ghníomhaíocht eacnamaíoch ar feadh tréimhse níos faide go feadh méid níos mó ná a réamh‑mheastar sa réamhaisnéis seo, toisc go bhféadfadh coigeartú gnólachtaí, teaghlach agus airgeadais rialtais i leith thimpeallacht an ardráta úis a bheith ní ba dhúshlánaí. Athruithe struchtúracha atá nasctha go háirithe le tionchar an athraithe aeráide a bheith ag dul i ndéine, mar a léirítear leis na dálaí adhaimsire agus leis na falscaithe agus tuilte gan fasach a bhí ann sa samhradh, téann siad i bhfeidhm ar an ionchas freisin.
|
Graf 1.1An limistéar Euro: Fíorfhás OTI, 2020-2024 (%) |
|
|
|
Foinsí: Dréachtphleananna Buiséadacha 2024 (DBP2024), réamhaisnéisí an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach (AF2023) agus Cláir Chobhsaíochta 2023 (SP2023). |
(II)Ionchas fioscach
Is é is sprioc do na Dréachtphleananna Buiséadacha tuilleadh laghdaithe ar easnamh an limistéir euro in 2024. Agus laghdú faoi leathoiread a bhuaicphointe in 2020, nach mór, tagtha ar easnamh an limistéir euro ag deireadh 2022, tá coinne leis go laghdóidh sé a thuilleadh in 2023 go méid atá beagán os cionn 3 % de OTI (Graf 1.2a). In 2024 tá laghdú beag breise beartaithe ag na Dréachtphleananna Buiséadacha agus réamh‑mheasta sa réamhaisnéis ón gCoimisiún, go méid atá beagán faoi bhun 3 % de OTI (agus bhí coinne ag Cláir Chobhsaíochta mhí Aibreáin 2023 leis go mbeadh sé ní b’ísle fós). Tá sé sin i ngeall go príomha ar dheireadh a chur, de réir a chéile, nach mór go hiomlán leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha in 2024 agus fóirdheontais níos ísle le haghaidh infheistíocht phríobháideach, ar mó iad ná an caiteachas úis atá ag ardú.Mar sin féin, d’fhanfadh easnamh 2024 i bhfad ní b’airde ná an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019 (0,6 % de OTI) i ngeall ar chaiteachas reatha neamhshrianta breise agus ciorruithe cánach a glacadh tar éis na paindéime. Tá easnamh os cionn 3 % de OTI in 2024 beartaithe ag seacht mBallstát (an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn), agus réamh‑mheastar sa réamhaisnéis ón gCoimisiún gurb amhlaidh a bheidh ag dhá cheann eile (an Spáinn agus an Laitvia).
Graf 1.2: An limistéar Euro: easnamh agus fiachas, 2020-2024 (mar % de OTI)
|
a)Easnamh |
b)Fiachas |
|
|
|
|
Foinsí: Dréachtphleananna Buiséadacha 2024 (DBP2024), réamhaisnéisí an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach (AF2023) agus Cláir Chobhsaíochta 2023 (SP2023). |
|
Níl laghdú le teacht ach ar éigean ar chóimheas fiachais‑OTI in 2024 i ngeall ar dhifreálaigh nach bhfuil chomh fabhrach céanna idir fás OTI ainmniúil agus costas seirbhísithe fiachais phoiblí. Leis na Dréachtphleananna Buiséadacha agus leis an réamhaisnéis ón gCoimisiún araon, réamh‑mheastar go dtitfidh an cóimheas fiachais go thart ar 90 % ag deireadh 2024, i.e. 9 bpointe céatadáin níos ísle ná an buaicphointe ag deireadh 2020 (Graf 1.2b). De réir na nDréachtphleananna Buiséadacha, réamh‑mheasann 11 Bhallstát go mbeidh fiachas os cionn 60 % de OTI acu in 2024, agus os cionn 100 % i gcás cúig cinn díobh (an Bheilg, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil), agus tá sé beartaithe go dtitfidh fiachas na Portaingéile faoi bhun 100 %. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas fiachais nó go gcobhsófar é i níos mó ná leath na mBallstát sa limistéar euro in 2024, lena n‑áirítear sna cúig thír is airde fiachas. Leis an réamhaisnéis ón gCoimisiún, áfach, réamh‑mheastar go dtiocfaidh méadú beag in dhá thír a bhfuil fiachas os cionn 100 % acu an bhliain seo chugainn (an Bheilg agus an Iodáil; Graf 1.3b).
Tá coinne leis go mbeidh boilsciú fós ina phríomhspreagadh don laghdú beag ar fhiachas in 2024, ach go feadh méid is lú ná mar a bhí in 2023. Spreag na hardleibhéil bhoilscithe in 2023 (arna dtomhas ag díbhoilsceoir OTI) an laghdú ar chóimheas fiachais‑OTI trí ainmneoir OTI ainmniúil a mhéadú, d’ainneoin fás níos laige agus easnaimh phríomhúla níos airde (Graf 1.3a). An tráth céanna, d’ainneoin rátaí úis níos airde ar eisiúintí fiachais, tá coinne leis nach dtiocfaidh ach méadú beag ar chaiteachas úis in 2023 a bhuí le haibíocht fhada na bhfiach poiblí. Agus é réamh‑mheasta go dtiocfaidh laghdú ar bhoilsciú in 2024, is lú an tionchar fabhrach a imreoidh sé ar ainmneoir an chóimheasa fiachais. Tá coinne leis nach mbeidh an difreálach fáis úis (an éifeacht charnach) 4 chomh fabhrach céanna agus méadú breise ag teacht freisin ar chaiteachas úis agus easnaimh phríomhúla fós mór.
Graf 1.3Miondealú ar an athrú ar an gcóimheas fiachais (caighdeán cumhachta ceannaigh OTI)
|
a)An limistéar euro, 2020-2024 |
b)Na Ballstáit, 2024 |
|
|
|
|
Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
|
Tá réamh‑mheastacháin fiachais na mblianta le teacht faoi réir éiginnteacht mhór. Tugtar le fios le hionsamhlúcháin stocastacha, a chuireann raon mór turraingí eacnamaíocha i bhfeidhm maidir leis an gcás lárnach, gur dócha go mbeidh fiachas an limistéir euro idir 85 % agus 95 % de OTI in 2024, agus idir 79 % agus 102 % de OTI in 2028 (Iarscríbhinn II).
Téann roinnt tosca i bhfeidhm ar inbhuanaitheacht fhioscach. Go sonrach, tá coinne leis go ndéanfaidh an timpeallacht mhacrairgeadais nach bhfuil chomh fabhrach céanna difear diúltach do dhinimic an fhiachais phoiblí i gcaitheamh na mblianta le teacht. Tá an méadú ar rátaí úis, á spreagadh ag brúnna boilscitheacha ardaithe go háirithe, ag cur de réir a chéile le híocaíochtaí úis agus le dinimic an fhiachais go feadh méideanna éagsúla ag brath ar leibhéal an fhiachais, a struchtúr aibíochta, agus an sciar de bhannaí atá nasctha le boilsciú. Thairis sin, tá aosú an daonra ag cur bac ar an bhfás ionchasach, agus ag méadú an chaiteachais phoiblí. Léiríonn sé sin a thábhachtaí atá sé athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme chun acmhainneacht fáis a athsheoladh agus beartais fhioscacha stuama a shaothrú.
An tráth céanna, d’fhéadfadh tosca eile maolú a dhéanamh ar rioscaí inbhuanaitheachta fioscaí. Áirítear ar na tosca sin fadú aibíochtaí fiachais rialtais le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe cobhsaí agus tionscnaimh de chuid an Aontais amhail Next Generation EU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lena dtacaítear le hinfheistíochtaí agus athchóirithe spreagtha fáis.
II.An staid fhioscach agus an miondealú uirthi
(I)An staid fhioscach chomhiomlán
Chrap staid fhioscach an limistéir euro in 2023, tar éis 3 bliana d'fhairsingiú a bhain le géarchéim. Áirítear leis an staid fhioscach an spreagadh eacnamaíoch ó bhuiséid náisiúnta agus ó bhuiséad an Aontais araon, lena n‑áirítear gach beart a bhaineann le fuinneamh, ach gan bearta éigeandála sealadacha COVID‑19 a áireamh (ar cuireadh deireadh leo go hiomlán in 2023). De réir réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún, crapfaidh staid fhioscach an limistéir euro faoi 0,5 % de OTI in 2023 (Graf 2.1) 5 Tagann sé sin sna sála ar fhairsingiú mór de thart ar 4 % idir 2020 agus 2022, i ngeall ar ghéarchéim COVID‑19 agus an borradh faoi phraghsanna fuinnimh tar éis fhogha na Rúise faoin Úcráin ina diaidh sin.
Graf 2.1Staid fhioscach agus comhpháirteanna an limistéir euro, 2020-2024 (% de OTI)
|
Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
Ba é an príomhrud a spreag an crapadh fioscach in 2023 an laghdú ar chaiteachas ar bhearta a bhaineann le fuinneamh, agus caomhnaíodh infheistíocht náisiúnta. Glanchaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta, laghdaíodh é in 2023, i ngeall go mór ar dheireadh a chur go páirteach le bearta a bhaineann le fuinneamh, a tugadh isteach in 2022, tráth a spreag siad fairsingiú nach beag. Cuireann laghdú ar fhóirdheontais rialtais le haghaidh infheistíocht phríobháideach (caiteachas caipitiúil eile) leis an gcrapadh freisin in 2023 6 . Os a choinne sin, tá coinne leis go dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais RRF agus ag cistí eile ón Aontas, rud a laghdóidh cineál crapthach na staide airgeadais. Thug sé sin tacaíocht don infheistíocht, agus caomhnaíodh infheistíocht phoiblí arna maoiniú ag buiséid náisiúnta an tráth céanna, rud a fhágann go bhfuil rannchuidiú neodrach ann.
Réamh‑mheastar go bhfuil an staid fhioscach fós le crapadh thart ar ½ % de OTI in 2024 de dhroim deireadh a chur, de réir a chéile, nach mór go hiomlán leis na bearta atá fágtha a bhaineann le fuinneamh. Léirítear i réamhaisnéis an Choimisiúin, ina n‑ionchorpraítear an fhaisnéis a sholáthraítear sna Dréachtphleananna Buiséadacha, go mbeadh staid fhioscach an limistéir euro fós crapthach in 2024, faoi 0,6 % de OTI. Baineann sé sin le deireadh a chur, de réir a chéile, nach mór go hiomlán leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha, rud a bhfuil coinne leis agus a bhfuil tionchar crapthach beagnach 1 % de OTI le bheith aige, chomh maith le tuilleadh laghdaithe ar fhóirdheontais rialtais le haghaidh infheistíocht phríobháideach. Mar sin féin, réamh‑mheastar go bhfuil sé sin le fritháireamh go páirteach ag méadú réamh‑mheasta ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil nach mbaineann leis an bhfuinneamh.
Tá coinne leis go mbeidh infheistíocht fhoriomlán an limistéir euro ag fairsingiú beagán in 2024, arna spreagadh ag maoiniú náisiúnta. Tá coinne leis go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin beag in 2024 le hinfheistíocht arna maoiniú ag buiséid náisiúnta. Tá coinne leis go gcobhsófar an leibhéal caiteachais arna mhaoiniú ag deontais RRF agus ag cistí eile ón Aontas in 2024. Léiríonn sé sin nach ndéantar an coigeartú fioscach chun aimhleasa na hinfheistíochta, rud ba cheart a choimeád ar ardleibhéal chun tacú leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, agus chun táirgiúlacht agus athléimneacht a neartú.
(II)Breithnithe maidir leis an staid fhioscach agus leis an meascán de bheartas fioscach agus beartas airgeadaíochta
Tá staid fhioscach chrapthach comhsheasmhach leis an ngá le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fiachais phoiblí i roinnt Ballstát agus an staid fhioscach sa mheántéarma a fheabhsú. Is fíor sin go háirithe i gcás geilleagair mhóra an limistéir euro a bhfuil leibhéil fiachais an‑ard acu. Leanfaidh brúnna fiachais de bheith ag méadú i ngeall, inter alia, ar chostais aosaithe, ar an aistriú glas agus digiteach agus ar an gcosaint, agus i ngeall ar an difreálach fáis úis nach bhfuil chomh fabhrach céanna agus leibhéal easnamh poiblí atá fós ard, rud is gá a laghdú go mór.Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur le bearta sealadacha de réir a chéile, amhail iad siúd a bhaineann leis an ngéarchéim fuinnimh, agus an coigilteas comhfhreagrach a úsáid chun easnaimh a laghdú, ní chun caiteachas reatha nua a mhaoiniú. An tráth céanna, ba cheart bearta a bheith solúbtha i gcónaí i bhfianaise na héiginnteachta móire. Leis na moltaí a rinne an Chomhairle do na Ballstáit, féachtar le hinbhuanaitheacht fiachais mheántéarmach a áirithiú agus fás ionchasach a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe, chun an t‑aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chosaint freisin.
Leis an staid chrapthach, áiritheofar freisin go dtacóidh beartas fioscach le beartas airgeadaíochta, atá géaraithe go mór le bliain anuas agus a chuidíonn leis an mboilsciú teacht anuas ó na leibhéil arda in 2022-23 nach bhfacthas roimhe sin. Agus staid chrapthach fhoriomlán ann, bheadh beartais fhioscacha atá beartaithe in 2024 comhsheasmhach tríd is tríd le beartas airgeadaíochta. Tar éis normalú beartais airgeadaíochta a bheith á dhéanamh go leanúnach ar feadh níos mó ná bliain, ar lena linn a tháinig méadú 4,5 pointe céatadáin ar rátaí beartais idir mí Iúil 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023, rinne an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an cinneadh arduithe rátaí úis a chur ar sos ag a chruinniú i mí Dheireadh Fómhair 2023 7 . Cé go mbeidh beartas airgeadaíochta fós ag brath ar shonraí, is iad ionchais an mhargaidh go bhfuil a mbuaicphointe sroichte ag rátaí beartais anois agus gur cheart go dtosóidh siad ag ísliú arís faoi lár 2024. Tá BCE ag leanúint freisin dá phunann clár ceannaithe sócmhainní a leachtú go héighníomhach.Tarchur beartais airgeadaíochta chuig coinníollacha maoiniúcháin, tá sé láidir go maith sa timthriall ardaithe reatha, rud a rannchuidigh leis an éileamh intíre a mhaolú agus, in éineacht le praghsanna fuinnimh atá ag titim agus boilsciú praghsanna bia atá níos ísle, chuidigh sé le boilsciú bliantúil an limistéir euro teacht anuas óna bhuaicphointe de bhreis agus 10 % i mí Dheireadh Fómhair 2022 go díreach faoi bhun 3 % 1 bhliain amháin ina dhiaidh sin.
Sa chomhthéacs sin, breithníonn an Coimisiún go bhfuil an staid fhioscach chrapthach lena bhfuil coinne in 2023 agus 2024 iomchuí tríd is tríd, ach aithníonn sé gur gá a bheith solúbtha i gcónaí i bhfianaise na héiginnteachta móire. Réamh‑mheastar go bhfuil an staid fhioscach le crapadh in 2023 (faoi ½ % de OTI), arna spreagadh ag laghduithe ar chaiteachas reatha, agus gurb iomchuí sin. Réamh‑mheastar go bhfuil an staid le crapadh a thuilleadh (thart ar ½ % de OTI) in 2024, rud ab iomchuí, ach aithnítear gur gá a bheith solúbtha i gcónaí i bhfianaise na héiginnteachta móire. Bheadh staid fhioscach 2024 ní ba chrapthaí dá n‑úsáidfí an coigilteas uile a bheadh ann mar gheall ar dheireadh a chur le bearta fuinnimh de réir a chéile chun an t‑easnamh a laghdú, mar a mholann an Chomhairle. Dá n‑úsáidfí an coigilteas sin chun caiteachas reatha nua a thabhairt isteach, d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar riachtanais coigeartaithe fhadtéarmacha na mBallstát má bhíonn an caiteachas sin buan agus mura mbeidh sé maoinithe ag bearta cúiteacha.
Rud atá tábhachtach, ní théann an crapadh chun aimhleasa na hinfheistíochta, a rachaidh i méid ar fud an limistéir euro. Réamh‑mheastar go mbeidh rannchuidiú foriomlán fairsingiúcháin ag baint le hinfheistíocht in 2023 agus 2024 araon. Tacóidh sé sin le fás inbhuanaithe san fhadtéarma, i gcodarsnacht leis na ciorruithe móra a rinneadh ar infheistíocht le linn na géarchéime airgeadais. An crapadh lena bhfuil coinne ar chaiteachas caipitiúil eile, baineann sé le bearta sealadacha sonracha a tharraingt siar i mBallstáit mhóra agus níl sé ina léiriú dá réir ar mheath ar thacaíocht don infheistíocht.
(III)Forbhreathnú ar staid fhioscach na mBallstát
Staid fhioscach na mBallstát in 2023
D’ainneoin staid fhioscach fhoriomlán an limistéir euro a bheith crapthach in 2023, bhí an staid fhioscach fhairsingiúcháin i dtromlach na mBallstát, arna spreagadh go príomha ag caiteachas reatha níos airde. Mhol an Chomhairle an 12 Iúil 2022 gur cheart do na Ballstáit a bhfuil ardleibhéal fiachais acu beartas fioscach stuama a áirithiú, agus gur cheart dóibh sin a bhfuil leibhéal íseal/meánleibhéal fiachais acu staid fhioscach a ghlacadh a bheidh neodrach ar an iomlán. Bhíothas dírithe in 2023 ar fhorbairtí ar ghlanchaiteachas reatha príomhúil glan ó bhearta tacaíochta fuinnimh (spriocdhírithe) agus ó chostais a bhaineann le dídeanaithe. I dtromlach na mBallstát, áfach, bhí staid fhioscach fhoriomlán fhairsingiúcháin ann in 2023 (Graf 2.2) 8 . Réamh‑mheastar go mbeidh easnamh is mó ná 3 % de OTI ag ceithre cinn díobh. Réamh‑mheastar go soláthrófar rannchuidiú fairsingiúcháin don staid fhioscach in 14 Bhallstát ó ghlanchaiteachas reatha príomhúil nach mbaineann le fuinneamh ná le dídeanaithe, ar moladh do chúig cinn díobh an fás sin a theorannú (Graf 2.3) 9 . I naoi mBallstát, ba é an príomhrud a spreag an staid fhairsingiúcháin an infheistíocht mhéadaithe arna maoiniú ag buiséid náisiúnta agus buiséad an Aontais araon, rud a thacaíonn le fás fadtéarmach. Ar an iomlán, níor tháinig feabhas ar cháilíocht beart tacaíochta fuinnimh in 2023 agus tá trí cheathrú díobh neamh‑spriocdhírithe. In earrach 2024, déanfaidh an Coimisiún measúnú, bunaithe ar na sonraí olltoraidh buiséid le haghaidh 2023, ar chomhlíontacht leis na moltaí fioscacha tírshonracha ón gComhairle.
Fairsingíodh an infheistíocht i bhformhór na mBallstát in 2023, le tacaíocht trí chistiú náisiúnta agus cistiú ón Aontas. I mí Iúil 2022 moladh do na Ballstáit uile infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a leathnú. Mhéadaigh formhór na mBallstát an infheistíocht, trí mhaoiniú náisiúnta nó trí mhaoiniú ón Aontas. Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais RRF agus ag cistí eile ón Aontas, nó go gcobhsófar an caiteachas sin, i ngach Ballstát seachas dhá cheann.
|
Graf 2.2Staid fhioscach agus comhpháirteanna de Bhallstáit an limistéir euro, 2023 (% de OTI) |
|
|
|
|
|
Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
|
|
Graf 2.3Glanchaiteachas reatha príomhúil (arna mhaoiniú go náisiúnta), rannchuidiú leis an staid fhioscach agus spreagthaí, 2023 (% de OTI) |
|
|
|
|
|
Foinse:Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
|
Staid fhioscach na mBallstát in 2024
Réamh‑mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach in 14 Bhallstát agus go mbeidh staid fhioscach fhairsingiúcháin nó neodrach tríd is tríd sna Ballstáit eile. Tá raon leathan ar fud na mBallstát, ó staid chrapthach de bhreis agus 2 % de OTI go staid fhairsingiúcháin de 1,5 %. Bunaithe ar an réamhaisnéis ón gCoimisiún, tá coinne leis go mbeidh an staid fhioscach crapthach nó neodrach tríd is tríd i bhformhór na mBallstát (Graf 2.4), agus tá coinne leis go mbeidh staid fhioscach fhairsingiúcháin i gcúig Bhallstát. Réamh‑mheastar go mbeidh staid chrapthach i ngach Ballstát a bhfuil leibhéal fiachais os cionn 100 % acu, cé is moite den Phortaingéil, áfach, a réamh‑mheastar ina leith go mbainfidh sí a cuspóir buiséadach meántéarmach amach in 2023. Tá an staid sin comhsheasmhach lena moltaí fioscacha chun teorainn a chur le fás glanchaiteachais phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta.
|
Graf 2.4Staid fhioscach agus comhpháirteanna de Bhallstáit an limistéir euro, 2024 (% den OTI) |
|
|
|
Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
Cé go bhfuil coinne leis go soláthrófar rannchuidiú crapthach le bearta fuinnimh i mbeagnach gach Ballstát, caiteachas fairsingiúcháin atá sa chaiteachas reatha nach mbaineann le fuinneamh i roinnt mhaith díobh. Mar thoradh ar dheireadh a chur le bearta tacaíochta fuinnimh de réir a chéile, chrapfadh an glanchaiteachas reatha príomhúil foriomlán i bhformhór na mBallstát (Graf 2.5). Mar sin féin, tá méadú ag teacht freisin i roinnt mhaith Ballstát ar ghlanchaiteachas reatha nach mbaineann leis an bhfuinneamh. Dá bhrí sin, i níos mó ná leath na mBallstát, réamh‑mheastar go mbeidh crapadh foriomlán an chaiteachais reatha níos lú ná an crapadh a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis na bearta fuinnimh go hiomlan de réir a chéile.
|
Graf 2.5Glanchaiteachas reatha príomhúil (arna mhaoiniú go náisiúnta), rannchuidiú leis an staid fhioscach agus spreagthaí, 2024 (% de OTI) |
|
|
|
Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
Cé go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú ar an infheistíocht fhoriomlán in 2024 i bhformhór na mBallstát, ní mar a chéile rannchuidiú na hinfheistíochta náisiúnta ná na hinfheistíochta arna maoiniú ag an Aontas leis an staid fhioscach ó Bhallstát go chéile. Bunaithe ar an réamhaisnéis ón gCoimisiún, réamh‑mheastar go gcaomhnófar infheistíocht arna maoiniú ag buiséid náisiúnta nó go soláthrófar léi rannchuidiú fairsingiúcháin leis an staid fhioscach sna Ballstáit uile, nach mór, in 2024 (Graf 2.4). I líon beag Ballstát, maidir le rannchuidiú na gcistí ón Aontas agus/nó na hinfheistíochta arna maoiniú go náisiúnta, is i ngeall ar uainiú ionsú cistí infheistíochta agus struchtúracha Eorpacha agus an caiteachas le haghaidh cómhaoiniú náisiúnta a bhaineann leis, agus i ngeall air sin amháin, a bheadh sé crapthach 10 . Réamh‑mheastar idir an dá linn go dtiocfaidh méadú ar an tacaíocht a sholáthraíonn deontais RRF don infheistíocht nó go bhfanfaidh sí cobhsaí, rud a thabharfaidh caoi don Aontas leanúint de bheith ag maoiniú tionscadail infheistíochta agus athchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta gan easnaimh níos airde ná fiachas i mbuiséid náisiúnta a bheith ag éirí aisti. Tá rannchuidithe crapthacha móra le soláthar mar gheall ar chaiteachas caipitiúil eile i roinnt Ballstát (féach fonóta 6). Mar sciar de OTI, tá coinne leis go mbeidh an infheistíocht phoiblí fhoriomlán níos mó ná leibhéil 2023 di i bhformhór na mBallstát (Graf 2.6).
|
Graf 2.6Infheistíocht phoiblí (arna maoiniú go náisiúnta vs. iasachtaí RRF vs. cistí eile ón Aontas), in 2023 agus 2024 (% de OTI) |
|
|
|
Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún Eorpach |
III.Forbhreathnú ar na Dréachtphleananna Buiséadacha
Chuir formhór Bhallstáit an limistéir euro a nDréachtphleananna Buiséadacha isteach in am. I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013, chuir formhór Bhallstáit an limistéir euro a nDréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh 2024 isteach faoin sprioc‑am i lár mhí Dheireadh Fómhair 11 . I gcás Lucsamburg, na Spáinne agus na Slóvaice, chuir rialtais shealadacha Pleananna Buiséadacha ‘gan athrú beartais’ isteach. Ní spriocanna beartais atá sna figiúirí buiséadacha a chuirtear i láthair ina nDréachtphleananna Buiséadacha agus níor cuireadh dlíthe dréachtbhuiséid i láthair parlaimintí náisiúnta. Ba cheart Dréachtphleananna Buiséadacha a chur isteach, i bprionsabal, a luaithe a thiocfaidh rialtas a bhfuil cumhachtaí buiséadacha iomlána aige in oifig.
Sa mheasúnú a rinne sé ar na Dréachtphleananna Buiséadacha, ghlac an Coimisiún cur chuige dhá chéim. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na nDréachtphleananna Buiséadacha leis na Moltaí ón gComhairle maidir le beartas fioscach le haghaidh 2024. Sa chéad chéim, i gcás tíortha a réamh‑mheastar nach mbainfidh siad MTO amach, rinne an Coimisiún measúnú ar cé acu a réamh‑mheastar nó nach réamh‑mheastar go n‑urramóidh an fás glanchaiteachais in 2024 an t‑uasráta fáis a mholtar. Sa dara céim, rinneadh measúnú ar eilimintí eile den mholadh ón gComhairle, go háirithe iad siúd a bhaineann le deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh de réir a chéile, úsáid an choigiltis ghaolmhair chun an t‑easnamh a laghdú, chomh maith le caomhnú infheistíochta arna maoiniú go náisiúnta. Conclúid dhearfach ar thángthas uirthi ón gcéad chéim, modhnaíodh (íosghrádaíodh) í agus an chomhlíontacht leis na trí eilimint eile a ndearnadh measúnú orthu sa dara céim á cur san áireamh. Leis an measúnú ón gCoimisiún, breithneofar cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon na Ballstáit na moltaí, lena n‑áirítear an sprioc leathan maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach agus fás a chur chun cinn.
Seo a leanas achoimre ar na Tuairimí ón gCoimisiún maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2024 12 . Tá na Tuairimí bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear an fhaisnéis sna Dréachtphleananna Buiséadacha 13 :
-Céim 1: Fás caiteachais a theorannú nó MTO a choinneáil ar bun:
Réamh‑mheastar leis an réamhaisnéis ón gCoimisiún go mbeidh a gcuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach ag cúig Bhallstát in 2024 nó go mbeidh siad gar dá bhaint amach. Réamh‑mheastar go mbeidh MTO bainte amach i gcónaí ag an gCipir agus ag Éirinn in 2024. Ina theannta sin, bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2023, tá coinne anois leis go mbainfidh an Phortaingéil agus an Eastóin MTO amach freisin in 2023 agus 2024 araon. Réamh‑mheastar go mbeidh an Liotuáin gar dá chuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach in 2024.
Réamh‑mheastar go mbeidh glanchaiteachas i gcomhréir leis an uasmhéid molta i gcás na hOstaire, na Gearmáine, na Gréige, na Spáinne, Mhálta agus na Slóivéine.
Réamh‑mheastar nach mbeidh glanchaiteachas i gcomhréir iomlán leis an uasmhéid molta i gcás na mBallstát seo a leanas:
·I gcás Lucsamburg, meastar go mbeidh diall beag os cionn an uasmhéid mholta ann.
·I gcás na Laitvia, na hÍsiltíre agus na Spáinne freisin réamh‑mheastar go mbeidh fás glanchaiteachais phríomhúil os cionn an uasmhéid mholta. Mar sin féin, is é a chuir an Coimisiún san áireamh i gcás na dtrí Bhallstát sin go réamh‑mheastar, bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair, go mbeidh glanchaiteachas in 2023 níos ísle ná an méid a raibh coinne leis tráth an mholta. Tá an bhunéifeacht sin láidir go maith i gcás na mBallstát sin. Dá mbeadh an glanchaiteachas in 2023 sa Laitvia, san Ísiltír agus sa tSlóvaic mar an gcéanna leis an méid a raibh coinne leis tráth an mholta, is é a bheadh sa ráta fáis glanchaiteachais in 2024 dá thoradh sin an t‑uasráta fáis a mholtar nó ráta faoina bhun.
·I gcás na hIodáile, tá an ráta fáis glanchaiteachais a taifeadadh faoi bhun an uasráta a mholann an Chomhairle. Mar sin féin, na meastacháin atá ann faoi láthair ar ghlanchaiteachas in 2023, tá siad níos airde ná a raibh coinne leis tráth an mholta. Dá mbeadh an glanchaiteachas in 2023 mar a raibh coinne leis tráth an mholta, ráta ba mhó ná an ráta molta a bheadh i ráta fáis glanchaiteachais in 2024 dá thoradh sin 14 . Measúnaítear dá bhrí sin nach bhfuil fás glanchaiteachais i gcomhréir iomlán leis.
Réamh‑mheastar go bhfuil an baol ann nach mbeidh glanchaiteachas i gcomhréir leis an uasmhéid molta sa Bheilg, sa Chróit, san Fhionlainn agus, go feadh méid níos lú, sa Fhrainc. As measc na gceithre cinn sin, san Fhionlainn agus sa Chróit, réamh‑mheastar go mbeidh beartas fioscach náisiúnta fairsingiúcháin ann 15 .
-Céim 2: Deireadh a chur le bearta fuinnimh de réir a chéile, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun easnamh a laghdú agus infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta á caomhnú:
Réamh‑mheastar go gcuirfidh formhór na mBallstát deireadh leis na bearta fuinnimh atá fágtha de réir a chéile, ach níl an coigilteas comhfhreagrach á úsáid ag roinnt mhaith díobh chun easnamh a laghdú. Cuirfidh formhór na mBallstát clabhsúr leis na bearta tacaíochta fuinnimh a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Ní hamhlaidh sin i gcás na Cróite, na Gearmáine, na Fraince, Lucsamburg, Mhálta ná na Portaingéile, a réamh‑mheastar go mbeidh bearta móra fós i bhfeidhm acu in 2024. Maidir le húsáid an choigiltis ghaolmhair chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, tá an baol ann nach mbeidh an Ostair, an Bheilg, an Chróit, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, Lucsamburg, an Ísiltír ná an tSlóvaic i gcomhréir leis an moladh, ós rud é go bhfuil coinne leis nach n‑úsáidfear cuid den choigilteas chun a n‑easnamh rialtais a laghdú 16 . Measúnaítear nach bhfuil an Iodáil i gcomhréir iomlán leis an gcuid sin den mholadh.
Breithnítear go bhfuil na Ballstáit uile i gcomhréir leis an moladh go gcaomhnófar infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta acu in 2024. I gcás fhormhór na mBallstát, réamh‑mheastar le réamhaisnéis an fhómhair nach dtiocfaidh laghdú ar infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta mar sciar de OTI i gcomparáid le 2023. Eisceachtaí orthu sin is ea an Ghréig agus, go feadh méid is lú, an Spáinn. Mar sin féin, tá sé sin i ngeall ar uainiú chlárthréimhsí na gcistí struchtúracha Eorpacha agus na ranníocaíochtaí gaolmhara arna maoiniú go náisiúnta. Dá thoradh sin, measúnaítear go n‑urramaíonn infheistíocht phoiblí in 2024 sa dá Bhallstát sin na moltaí ón gComhairle.
Ar an iomlán, breithnítear go bhfuil seacht mBallstát i gcomhréir leis na moltaí fioscacha, agus nach bhfuil naoi gcinn i gcomhréir iomlán leo agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh ceithre cinn i gcomhréir leo. Tá an Chipir, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, Éire, an Liotuáin agus an tSlóivéin i gcomhréir leis na moltaí fioscacha. Níl an Ostair, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, an Laitvia, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil ná an tSlóvaic i gcomhréir iomlán leis sin. Iarrtar ar an nGearmáin, ar Mhálta agus ar an bPortaingéil clabhsúr a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Iarrtar ar an Iodáil, an Laitvia agus an Ísiltír a bheith ullamh chun na bearta is gá a dhéanamh. Iarrtar ar Lucsamburg agus ar an tSlóvaic a áirithiú go mbeidh a bplean nua i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá an baol ann nach mbeidh an Bheilg, an Fhionlainn, an Fhrainc agus an Chróit i gcomhréir leis agus iarrtar orthu na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh beartas fioscach in 2024 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle.
Ar deireadh, tá laghdú ag teacht, go ginearálta, ar easnaimh buiséid ceannlíne i limistéar an euro, ach réamh‑mheastar go mbeidh siad níos mó ná luach tagartha 3 % an Chonartha maidir le OTI in 2023 agus 2024 i gcás roinnt Ballstát. Réamh‑mheastar go mbeidh easnamh is mó ná 3 % de OTI in 2023 agus 2024 araon ag ocht mBallstát (an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, Málta, an tSlóivéin agus an tSlóvaic) agus ag Ballstát amháin breise in 2024 amháin (an Fhionlainn). In earrach 2024, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach atá bunaithe ar easnaimh ar bhonn na sonraí olltoraidh buiséid le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit é sin a chur san áireamh nuair a bheidh a mbuiséid do 2023 á bhforghníomhú acu agus nuair a bheidh a mbeartais fhioscacha á ndéanamh acu in 2024.
IARSCRÍBHINN I: An mhodheolaíocht agus na toimhdí atá mar bhonn taca faoi réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún 17
Mínítear sa doiciméad réamhaisnéise féin na toimhdí is bunús le réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún, ar réamhaisnéis í a tháirgeann foireann an Choimisiúin go neamhspleách 18 . Tá sonraí buiséadacha suas le 2022 bunaithe ar shonraí faoinar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún roimh an 1 Deireadh Fómhair 2023 agus a bhailíochtaigh Eurostat an 23 Deireadh Fómhair 2023. Ní dhearna Eurostat aon leasú ar na sonraí, ná níl aon agús aige ina leith.
Maidir leis an réamhaisnéis, rinneadh bearta tacaíochta don chobhsaíocht airgeadais a thaifeadadh i gcomhréir le Cinneadh Eurostat an 15 Iúil 2009 19 . Mura dtuairiscítear a mhalairt, rinneadh instealltaí caipitil arb eol mionsonraí leordhóthanacha fúthu a chur san áireamh sa réamhaisnéis mar idirbhearta airgeadais, i.e. an fiachas a mhéadú, ach gan an t‑easnamh a mhéadú. Ní áirítear ráthaíochtaí Stáit i leith dliteanais agus taiscí bainc mar chaiteachas rialtais, ach amháin má tá fianaise ann gur glaodh orthu. Mar sin féin, cuireann iasachtaí arna ndeonú do bhainc ag earnáil an rialtais le fiachas rialtais de ghnáth.
I gcás 2024 cuirtear san áireamh na buiséid a glacadh nó a cuireadh i láthair agus gach beart eile arb eol mionsonraí leordhóthanacha ina dtaobh, lena n‑áirítear an fhaisnéis sna Dréachtphleananna Buiséadacha. Maidir le 2025, tugtar le tuiscint leis an toimhde ‘gan athrú beartais’ a mbaintear úsáid aisti go ndéanfar treochtaí ioncaim agus caiteachais a eachtarshuí agus go gcuimseofar bearta arb eol mionsonraí leordhóthanacha fúthu.
Déantar comhiomláin Eorpacha d’ollfhiachas rialtais sna blianta réamhaisnéise 2023-2025 a fhoilsiú ar bhonn neamh‑chomhdhlúite (i.e. gan bheith ceartaithe i leith iasachtaí idir‑rialtasacha). Réamh‑mheastacháin ollfhiachais rialtais le haghaidh na mBallstát aonair in 2023-25, áirítear iontu tionchar ráthaíochtaí ar an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, iasachtaí déthaobhacha do Bhallstáit eile, agus rannpháirtíocht i gcaipiteal an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh mar atá beartaithe ar scoithdháta na réamhaisnéise 20 .
IARSCRÍBHINN II: Anailís ar inbhuanaitheacht fiachais agus anailís íogaireachta
Cuirtear anailís íogaireachta i láthair san Iarscríbhinn seo ar fhorbairtí fiachais phoiblí i gcás turraingí eacnamaíocha féideartha, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013. Baintear úsáid as réamh‑mheastacháin fiachais stocastacha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an dinimic fiachais phoiblí a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí d’fhás OTI ainmniúil, forbairtí sa mhargadh airgeadais agus turraingí fioscacha a dhéanann difear do staid bhuiséadach an rialtais ( 21 ).
Leis na réamh‑mheastacháin stocastacha, coinnítear cuntas ar éiginnteacht mhaicreacnamaíoch i ndáil le cás réamh‑mheasta fiachais ‘lárnach’ amháin in 2024‑2028: réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún. Sa chás sin, cuirtear an gnáth‑thoimhde ‘gan athrú beartais neamhfhioscaigh’ i bhfeidhm tar éis na tréimhse réamhaisnéise ( 22 ).
Cuirtear turraingí i bhfeidhm maidir leis na coinníollacha maicreacnamaíocha a thoimhdítear sa chás lárnach chun dáileadh na gconairí fiachais féideartha a fháil (an ‘cón’ sna cairteacha a thaispeántar i nGraf III.1). Comhfhreagraíonn an cón do raon leathan coinníollacha maicreacnamaíocha féideartha, agus suas le 2 000 turraing ar an bhfás, ar rátaí úis agus ar an bpríomh‑chomhardú ionsamhlaithe ann. Le méid agus comhghaol na dturraingí sin léirítear luaineacht stairiúil agus caidrimh idir na hathróga sin ( 23 ). Dá bhrí sin, soláthraíonn na cairteacha faisnéis dhóchúlaíoch maidir le dinimic fiachais an limistéir euro, agus turraingí féideartha ar an bhfás, ar rátaí úis agus ar an bpríomh‑chomhardú, ar de mhéid agus de chomhghaol a thagann leis na forbairtí roimhe seo iad, á gcur san áireamh.
Is mar líne dhearg a thuairiscíonn an chairt an chonair fiachais réamh‑mheasta faoin gcás lárnach. Taispeántar toradh airmheánach na n‑ionsamhlúchán mar líne dhubh bhriste. Cumhdaítear leis an gcón 80 % de na conairí fiachais féideartha uile, agus ní thaispeántar na conairí a dhíorthaítear ón 20 % de thurraingí is lú dóchúlacht. Is é atá sna limistéir a bhfuil scáth difriúil orthu laistigh den chón na codanna éagsúla de dháileadh foriomlán na gconairí fiachais féideartha.
Maidir le 2024 tugtar le fios sna hionsamhlúcháin, le dóchúlacht 80 %, go mbeidh cóimheas fiachais an limistéir euro idir 85 % agus 95 % de OTI faoi chás an Choimisiúin. Faoi 2028, bheadh dóchúlacht 50 % ann go mbeadh cóimheas fiachais níos airde ná thart ar 90 % de OTI faoi chás an Choimisiúin.
Baineann rioscaí breise leis na réamh‑mheastacháin sin. Ós rud é go léirítear iompraíocht stairiúil na n‑athróg le méid agus comhghaol na dturraingí, ní ghabhtar éiginnteacht fíor‑ama leis an modheolaíocht, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar an mbearna aschuir. Tugtar le fios leis an éiginnteacht sin go bhfuil foinse bhreise rioscaí ann maidir le conairí fiachais amach anseo nach léirítear san anailís sin. Baineann foinse éiginnteachta eile le réadú dliteanas teagmhasach, ós rud é nach ngabhtar leis na cairteacha ach na rioscaí a tháinig chun cinn san am a chuaigh thart trí mheath ar an bpríomh‑chomhardú.
Graf II.1: Cairteacha ó réamh‑mheastacháin fiachais phoiblí stocastacha i ndáil le cás réamhaisnéise an Choimisiúin agus cás réamhaisnéise na nDréachtphleananna Buiséadacha; an Limistéar Euro
Tabhair faoi deara: is é an t‑airmheán atá sa líne bhriste agus is í an bhunlíne atá sa líne dhearg
IARSCRÍBHINN III: Táblaí macratháscairí agus táscairí fioscacha
|
|
Fíorfhás OTI (%) |
Comhardú ceannlíne (% de OTI) |
Ollfhiachas rialtais (% de OTI) |
||||||||||||||||||
|
|
2023 |
2024 |
2023 |
2024 |
2023 |
2024 |
|||||||||||||||
|
Tír |
SP |
Dréachtphlean Buiséadach |
COM |
SP |
Dréachtphlean Buiséadach |
COM |
SP |
Dréachtphlean Buiséadach |
COM |
SP |
Dréachtphlean Buiséadach |
COM |
SP |
Dréachtphlean Buiséadach |
COM |
SP |
Dréachtphlean Buiséadach |
COM |
|||
|
BE |
1.0 |
1.0 |
1.4 |
1.7 |
1.3 |
1.4 |
-5,1 |
-5,2 |
-4,9 |
-4,2 |
-4,6 |
-4,9 |
106.7 |
108,3 |
106.3 |
107,1 |
108,1 |
106,4 |
|||
|
DE |
0.2 |
0.4 |
-0,3 |
1.8 |
1.6 |
0.8 |
-4 ¼ |
-2 ½ |
-2,2 |
-1 ¾ |
-2,0 |
-1,6 |
67 ¾ |
65 ¼ |
64.8 |
66 ½ |
64 ¾ |
63,6 |
|||
|
EE |
-1,5 |
-2,0 |
-2,6 |
3,0 |
2.7 |
1.9 |
-4,3 |
-3,3 |
-2,9 |
-4,2 |
-2,9 |
-2,4 |
20,2 |
19,4 |
19.2 |
23,6 |
20,9 |
20,5 |
|||
|
IE |
5.6 |
2.0 |
-0,9 |
4.1 |
4.5 |
3,0 |
1.8 |
1.6 |
0.9 |
2.8 |
1.5 |
0.6 |
40,5 |
41,4 |
43,0 |
38,2 |
38,6 |
41,4 |
|||
|
EL |
2.3 |
2.3 |
2.4 |
3,0 |
3,0 |
2.3 |
-1,8 |
-2,2 |
-2,3 |
-0,8 |
-1,0 |
-0,9 |
162,6 |
159,3 |
160,9 |
150,8 |
152,3 |
151,9 |
|||
|
ES |
2.1 |
2.4 |
2.4 |
2.4 |
2.0 |
1.7 |
-3,9 |
-3,9 |
-4,1 |
-3,0 |
-3,0 |
-3,2 |
111,9 |
108,1 |
107,5 |
109,1 |
106.3 |
106,5 |
|||
|
FR |
1.0 |
1.0 |
1.0 |
1.6 |
1.4 |
1.2 |
-4,9 |
-4,9 |
-4,8 |
-4,4 |
-4,4 |
-4,4 |
109.6 |
109,7 |
109.6 |
109,5 |
109,7 |
109,5 |
|||
|
HR |
2.2 |
2.8 |
2.6 |
2.6 |
2.8 |
2.5 |
-0,7 |
-0,3 |
-0,1 |
-1,5 |
-1,9 |
-1,8 |
62,6 |
60,7 |
60.8 |
59,8 |
58,0 |
58,8 |
|||
|
IT |
1.0 |
0.8 |
0.7 |
1.5 |
1.2 |
0.9 |
-4,5 |
-5,3 |
-5,3 |
-3,7 |
-4,3 |
-4,4 |
142,1 |
140,2 |
139,8 |
141.4 |
140,1 |
140,6 |
|||
|
CY |
2.8 |
2.4 |
2.2 |
3,0 |
2.9 |
2.6 |
2.0 |
2.5 |
2.3 |
2.3 |
2.8 |
2.1 |
81.1 |
81.8 |
78,4 |
72.9 |
74.7 |
71.5 |
|||
|
LV |
0.0 |
1.0 |
-0,2 |
2.0 |
2.5 |
2.4 |
-4,0 |
-2,7 |
-3,2 |
-2,5 |
-2,8 |
-3,1 |
39.6 |
39,9 |
41.7 |
39.7 |
41,0 |
42,3 |
|||
|
LT |
0.5 |
-0,4 |
-0,4 |
3,0 |
1.7 |
2.5 |
-2,2 |
-1,9 |
-1,6 |
-1,7 |
-2,9 |
-2,3 |
37.8 |
37.9 |
37,3 |
37,7 |
39.8 |
38,3 |
|||
|
LU |
2.4 |
1.5 |
-0,6 |
3.8 |
2.5 |
1.4 |
-1,5 |
-1,9 |
-1,9 |
-1,7 |
-2,7 |
-2,1 |
26,1 |
25,0 |
26,8 |
27.5 |
27,8 |
28.7 |
|||
|
MT |
4.1 |
4.1 |
4.0 |
4.5 |
4.2 |
4.0 |
-5,0 |
-5,0 |
-5,1 |
-4,3 |
-4,5 |
-4,6 |
54,5 |
53,1 |
53,3 |
55,7 |
55,6 |
55,8 |
|||
|
NL |
1.6 |
0.7 |
0.6 |
1.4 |
1.5 |
1.1 |
-3,0 |
-1,5 |
-0,5 |
-2,6 |
-2,4 |
-1,8 |
48.4 |
47,7 |
47,1 |
48,7 |
46,9 |
46.6 |
|||
|
AT |
0.3 |
-0,8 |
-0,5 |
1.8 |
1.2 |
1.0 |
-3,2 |
-2,7 |
-2,6 |
-1,6 |
-2,7 |
-2,4 |
77,0 |
76.4 |
76,3 |
75,1 |
76.4 |
75,6 |
|||
|
PT |
1.8 |
2.2 |
2.2 |
2.0 |
1.5 |
1.3 |
-0,4 |
0.8 |
0.8 |
-0,2 |
0.2 |
0.1 |
107,5 |
103,0 |
103,4 |
103,0 |
98.9 |
100,3 |
|||
|
SI |
1.8 |
1.6 |
1.3 |
2.5 |
2.8 |
2.0 |
-4,1 |
-4,5 |
-3,7 |
-2,8 |
-3,8 |
-3,3 |
68.9 |
69,9 |
69,3 |
66.5 |
68.9 |
68,4 |
|||
|
SK |
1.3 |
1.3 |
1.3 |
1.8 |
1.3 |
1.7 |
-6,3 |
-6,2 |
-5,7 |
-4,7 |
-6,5 |
-6,5 |
58.7 |
57.1 |
56,7 |
59.3 |
60.0 |
59.9 |
|||
|
FI |
-0,2 |
0.0 |
0.1 |
1.3 |
1.2 |
0.8 |
-2,6 |
-2,4 |
-2,4 |
-2,6 |
-3,2 |
-3,2 |
74.4 |
74.2 |
74,3 |
76,9 |
76,8 |
76,9 |
|||
|
EA20 |
1.1 |
0.9 |
0.6 |
1.9 |
1.7 |
1.2 |
-3,8 |
-3,3 |
-3,2 |
-2,6 |
-2,9 |
-2,8 |
91.9 |
90,7 |
90.4 |
90,8 |
90.0 |
89,7 |
|||
Mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n‑áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).
Ag dul as oifig dóibh, chuir rialtais Lucsamburg, na Spáinne agus na Slóvaice Dréachtphleananna Buiséadacha isteach bunaithe ar bheartais gan athrú.
Le gníomhachtú chlásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis mar fhreagairt do theacht phaindéim COVID‑19, bhí na Ballstáit in ann imeacht ó roinnt riachtanais bhuiséadacha a bheadh infheidhme de ghnáth.
Cuimsíonn an ‘éifeacht charnach’ an tionchar atá ag caiteachas úis ar charnadh bliantúil fiachais, chomh maith leis an tionchar atá ag fás fíor‑OTI agus boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ar an gcóimheas fiachais.
Leis an staid fhioscach, tomhaistear an spreagadh gearrthéarmach a thugann beartas fioscach lánroghnach don gheilleagar. Déantar measúnú leis an Teachtaireacht seo ar an staid fhioscach trí fhéachaint ar an méadú bliantúil ar ghlanchaiteachas príomhúil i gcoibhneas leis an bhfás ionchasach sna 10 mbliana amach romhainn. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le ríomh na staide fioscaí, féach fonóta 12 in An Coimisiún Eorpach (2023): The 2023 Stability & Convergence Programmes. An Overview, with an Assessment of the Euro Area Fiscal Stance [SCPanna 2023. Forbhreathnú, agus Measúnú ar Staid Fhioscach an Limistéir Euro], Páipéar Institiúideach 253.
Méadú 0,4 % de OTI in 2021 agus méadú 0,3 pointe céatadáin breise in 2022 a tháinig ar chostas na bhfóirdheontas infheistíochta sin, i ngeall go príomha ar bhearta chun dlús a chur leis an aistriú glas (e.g. Ollbhónas 110 % san Iodáil, mar a thugtar air) agus chun dul i ngleic le hiarmhairtí in earnáil an fhuinnimh tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine (e.g. tarrtháil Uniper sa Ghearmáin).
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le beartas airgeadaíochta, ceadaigh an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal 2024 report on the euro area [Tuarascáil 2024 ar an limistéar euro], a ghabhann leis an moladh le haghaidh moladh ón gCoimisiún maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.
Tá an leathnú mór sa tSlóvaic i ngeall cuid mhór ar uainiú ionsú na gcistí infheistíochta agus struchtúracha Eorpacha chomh maith le méadú ar bhearta fuinnimh.
Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht idir na blianta, tá fócas na hanailíse seo bunaithe ar na bearta fuinnimh uile.
Measúnaítear go bhfuil na Ballstáit uile i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle maidir le hinfheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a fheictear i Roinn III.
I gcomhréir le hAirteagal 6(3)(d) de Rialachán 473/2013, bhí meastacháin chainníochtúla i roinnt Dréachtphleananna Buiséadacha maidir le héifeachtaí dáileacháin na mbeart buiséadach atá beartaithe.
Gabhann Iarscríbhinn Staidrimh leis na Tuairimí, lena n‑áirítear an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar phleananna na mBallstát.
Nuair a fuair an Coimisiún na Dréachtphleananna Buiséadacha, rinne sé réamh‑mheasúnú ‘aghaidhluacha’ agus sheol litir chuig seacht mBallstát (an Bheilg, an Chróit, an Fhionlainn, an Liotuáin, an Laitvia, an Ísiltír agus an tSlóvaic) ina raibh a chuid réamhbharúlacha agus lenar iarradh tuilleadh faisnéise orthu (seoladh na litreacha an 27 Deireadh Fómhair 2023, ach amháin an litir chuig an Laitvia a seoladh an 3 Samhain 2023). An fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit sin, cuireadh san áireamh i measúnuithe an Choimisiúin í.
Tá sé sin á spreagadh go príomha ag dhá thoisc a bhaineann le creidmheasanna cánach le haghaidh athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh ar fhoirgnimh chónaithe: (i) glacadh is mó ná an glacadh a raibh coinne leis in 2023; agus (ii) leasuithe reachtacha a athraíonn cineál na gcreidmheasanna cánach, rud a thugann le tuiscint nach bhfuil coinne leis go mbeidh aon tionchar acu ar chaiteachas 2024. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach comhairle mhí Mheán Fómhair 2023 ó Eurostat: ( IT+Advice+on+recording+of+2023+Superbonus.pdf (europa.eu) ).
Sainmhínítear beartas fioscach náisiúnta mar chaiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta, gan caiteachas arna mhaoiniú ag deontais RRF agus ag cistí eile ón Aontas a áireamh.
Tagann an Phortaingéil agus an Liotuáin faoi réim na catagóire sin freisin, ach níl feidhm ag an gcuid sin den mholadh maidir le tíortha a réamh‑mheastar go bhfuil MTO bainte amach, nó go mbeidh siad gar dá bhaint amach, in 2024.
I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013, ‘déanfar modheolaíocht agus toimhdí réamhaisnéisí eacnamaíocha is déanaí ranna an Choimisiúin do gach Ballstát, lena n‑áirítear meastacháin ar thionchar na mbeart buiséadach comhiomlánaithe ar fhás eacnamaíoch, a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an measúnú foriomlán’.
Toimhdí modheolaíochta is bunús le réamhaisnéis eacnamaíoch an fhómhair 2023 ón gCoimisiún, le fáil ag: https://economy-finance.ec.europa.eu/system/files/2023-11/ip258_en.pdf
Le fáil ag: FT - Cinneadh Eurostat - 9 Iúil 2009 _3_ _final_ (europa.eu)
I gcomhréir le cinneadh Eurostat an 27 Eanáir 2011 maidir le taifeadadh staidrimh oibríochtaí arna ndéanamh ag an EFSF, le fáil ag: http://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/5034386/2-27012011-AP-EN.PDF .
Tá an mhodheolaíocht maidir le réamh‑mheastacháin fiachais phoiblí stocastacha a úsáidtear anseo curtha i láthair i Monatóir Inbhuanaitheachta Fiachais an Choimisiúin Eorpaigh 2019, in Iarscríbhinn A7, agus in Berti K. (2013), Stochastic public debt projections using the historical variance‑covariance matrix approach for EU countries [Réamh‑mheastacháin fiachais phoiblí stocastacha agus úsáid á baint as cur chuige na maitríse athraithis‑comhaithrithis stairiúla do thíortha an Aontais], Páipéar Eacnamaíoch an Gheilleagair Eorpaigh Uimh. 480.
I réamhaisnéis an fhómhair 2023 ón gCoimisiún, ionchorpraítear bearta beartais fhioscaigh a glacadh nó ar tugadh fógra inchreidte fúthu ar a laghad agus faisnéis a bhí ar fáil ón 31 Deireadh Fómhair 2023. Tar éis 2025 (an bhliain réamhaisnéise deiridh), ní dhéantar an príomh‑chomhardú struchtúrach a mhodhnú ach amháin leis na costais (glanchostais) réamh‑mheasta a bhaineann le haosú.
Glactar leis go leanfaidh turraingí gnáthdháileadh comhpháirteach.