Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0352

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil Faireacháin Bhliantúil maidir le cur chun feidhme Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach 2020

COM/2023/352 final

An Bhruiséil,29.6.2023

COM(2023) 352 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil Faireacháin Bhliantúil maidir le cur chun feidhme Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach 2020

{SWD(2023) 222 final}


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil Faireacháin Bhliantúil maidir le cur chun feidhme Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach 2020

RÉAMHRÁ

Ba é an Coimisiún Eorpach a bhí i mbun bainistíochta ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (CTAS) idir 2017 agus 2020. Bhí buiséad foriomlán ag CTAS dar luach EUR 222,8 milliún 1 agus díríodh é ar inniúlacht na mBallstát a neartú chun athchóirithe feabhsaithe fáis a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí chúnamh a chur ar fáil d’úsáid éifeachtúil éifeachtach chistí an Aontais. Ba faoi na Ballstáit féin i gcónaí a bhí na cinntí críochnaitheacha maidir le dearadh, struchtúr agus cur chun feidhme na n‑athchóirithe. Bhí tacaíocht ar fáil ó CTAS do gach Ballstát den Aontas Eorpach arna hiarraidh sin dóibh, ní raibh gá le haon chómhaoiniú de dóibh, agus ba bheag é an t‑ualach riaracháin a bhain leo do na Ballstáit. In 2020, chuidigh CTAS leis na Ballstáit freisin a gcuid Pleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a dhearadh agus a ullmhú. Bhí CTAS faoi bhainistíocht AS REFORM an Choimisiúin.

Ba é ba chuspóir do CTAS an comhtháthú a fheabhsú, feabhas a chur ar an iomaíochas, an táirgiúlacht, an fás inbhuanaithe, cruthú na bpost agus an infheistíocht trí chuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus a n‑inniúlacht a neartú chun athchóirithe feabhsaithe fáis a ullmhú agus a chur chun feidhme. Is dual d’athchóirithe struchtúracha a bheith ina bpróisis chasta. Beidh gá le fíor‑shaineolas agus sainscileanna ag gach céim chun na hathchóirithe sin a dhearadh agus a chur chun feidhme. Chuidigh CTAS chun institiúidí agus riaracháin phoiblí a neartú, feabhas a chur ar phróisis rialachais, agus feabhas a chur ar fheidhmíocht agus athléimneacht an gheilleagair agus na sochaí i gcoitinne.

Chonacthas ráig dhomhanda phaindéim COVID‑19 in 2020. Bhain tionchair thromchúiseacha eacnamaíocha agus shóisialta, ar tionchair dhosheachanta iad, leis na bearta dianghlasála a rinne Ballstáit an Aontais, cé gur ghá iad chun leathadh an víris a theorannú. Sa chomhthéacs sin, d’éirigh CTAS níos ábhartha fós chun cuidiú leis na Ballstáit iarrachtaí bunúsacha athchóiriúcháin a dhéanamh chun borradh a chur lena ngeilleagair agus chun bonn a chur faoi théarnamh fónta.

Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil seo ar na bearta ar tacaíodh leo faoi CTAS 2020. Tugtar tuairisc inti ar an bpróiseas chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus tugtar cuntas inti ar na torthaí a gnóthaíodh leis an gclár.

CUR CHUN FEIDHME CTAS 2020

Ba é 2020 an ceathrú bliain agus an bhliain dheireanach de ghníomhaíochtaí faoi CTAS. Fearacht na mblianta CTAS roimhe seo, chonacthas éileamh ard méadaitheach ar an gclár. San iomlán, chuir 27 mBallstát 660 iarraidh ar thacaíocht isteach, dar luach a mheastar a bheith níos mó ná dhá oiread de bhuiséad CTAS 2020 dar luach EUR 89,9 milliún. Cuireadh na hiarrataí sin isteach trí mheán glaonna difriúla:

·Cuireadh 609 n‑iarraidh isteach trí mheán ghlao ginearálta CTAS 2020

·Cuireadh 17 n‑iarraidh isteach faoin nglao speisialta ar oiliúint spriocdhírithe maidir le maoirseacht an árachais

·Cuireadh 18 n‑iarraidh isteach faoin nglao tiomnaithe chun tacú leis na Ballstáit lena bPleananna Críochacha um Aistriú Cóir a ullmhú

·Chuir an Ghréig 14 iarraidh isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán CTAS

·Chuir an tSlóvaic agus an Chróit dhá iarraidh isteach mar bhearta speisialta i gcás inarbh ann d’fhorais phráinne gan choinne agus a mbeadh údar cuí leo, a d’éileodh freagairt láithreach, i gcomhréir le hAirteagal 13.6 de Rialachán CTAS.

Rinne an Coimisiún measúnú ar iarrataí na mBallstát de réir na bprionsabal agus na gcritéar a leagtar síos i Rialachán CTAS agus roghnaigh 287 n‑iarraidh ó 27 mBallstát, ar tháinig 270 tionscadal astu.

Dáileadh na hiarrataí roghnaithe ar na príomhréimsí beartais mar seo a leanas:

·19 % – seirbhísí airgeadais agus rochtain ar airgeadas;

·17 % – rialachas agus riarachán poiblí;

·28 % – fás agus timpeallacht an ghnó (lena n‑áirítear aeráid agus comhshaol);

·21 % – margadh saothair, oideachas, sláinte agus beartas sóisialta; agus

·14 % – riarachán ioncaim agus bainistíochta airgeadais phoiblí.

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, tugadh tosaíocht d’iarrataí lenarbh fhéidir tacaíocht a sholáthar go tapa agus athchóirithe a fhorfheidhmiú go mear ar an talamh. Bhí na hiarrataí inar tugadh aghaidh ar chuspóirí dea‑shainithe, agus ar dhócha go mbeadh tionchar láidir acu ina dtosaíocht freisin.

Bhain 94 % de na hiarrataí a roghnaíodh do chistiú faoi CTAS 2020 go díreach le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais:

·Cuireadh 57 % i gcur chun feidhme athchóirithe mar fhreagairt ar dhúshláin a cuireadh i dtábhacht i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh (moltaí tírshonracha agus tuarascálacha tíre);

·Cuireadh 30 % i gcur chun feidhme thosaíochtaí an Aontais (aontas na margaí caipitil, an margadh aonair digiteach, an t‑aontas fuinnimh, cuspóirí aeráide, etc.);

·Cuireadh 5 % i gcur chun feidhme chláir choigeartaithe eacnamaíoch an Aontais; agus

·Cuireadh 2 % i gcur chun feidhme dhlí an Aontais.

Maidir leis na cistí a bhí fágtha, bhain 5 % le cur chun feidhme athchóirithe na mBallstát ag a raibh nasc le tosaíochtaí eile, agus bhain 1 % le hullmhú na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.

DUL CHUN CINN I dTREO CHUSPÓIRÍ AN CHLÁIR

Dearadh na gníomhaíochtaí a roghnaíodh agus a cuireadh chun feidhme faoi CTAS 2020 chun breisluach Eorpach a áirithiú. D’fheidhmigh CTAS mar chomhlánú le cláir eile agus le beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cuireadh chun cinn ann freisin an iontaoibh agus an comhar frithpháirteach idir na Ballstáit is tairbhithe agus an Coimisiún. Ina theannta sin, thacaigh gníomhaíochtaí CTAS le réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin náisiúnta agus tionchar dearfach acu freisin ar dhúshláin ar fud an Aontais nó ar dhúshláin lena mbaineann roinnt Ballstát. Chuidigh gníomhaíochtaí CTAS freisin leis an téarnamh eacnamaíoch ó phaindéim COVID‑19.

Níl sé laistigh de shainchúram na tuarascála seo éifeachtaí deiridh na n‑athchóirithe a léiriú, arbh fhéidir gur sheol na Ballstát iad de thoradh bhearta tacaíochta CTAS. Is é sin is cuspóir don mheastóireacht lárthéarma agus don mheastóireacht ex‑post ar CTAS.

Thángthas ar an gconclúid i meastóireacht lárthéarma CTAS, lenar clúdaíodh timthriallta buiséadacha an chláir in 2017 agus 2018, go raibh CTAS ar an mbóthar ceart chun a chuspóir ginearálta a sholáthar agus gur tugadh aghaidh go leormhaith ann ar éilimh na mBallstát: bhí an clár ábhartha agus bhí gá léi fós. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht freisin go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag CTAS chun a chuid torthaí a bhaint amach, cé go raibh dúshláin os a chomhair amhail comhoibriú lag i measc páirtithe leasmhara, athruithe polaitiúla, éagobhsaíocht pholaitiúil, agus srianta acmhainní.

Foilseofar faoi lár na bliana 2023 tuarascáil meastóireachta ex‑post neamhspleách CTAS, agus conclúidí inti maidir le torthaí an chláir iomláin agus faisnéis ar áireamh inti maidir lena thionchar níos fadtéarmaí.

CONCLÚID

Is ríthábhachtach iad na hathchóirithe chun geilleagair na mBallstát a nuachóiriú, spreagadh a thabhairt don infheistíocht, poist a chruthú, agus caighdeáin mhaireachtála a ardú. Chun na hathchóirithe a chur chun feidhme go rathúil, beidh gá le dea‑inniúlacht riaracháin agus tuiscint láidir ar úinéireacht an phróisis athchóiriúcháin i measc na mBallstát lena mbaineann. Ba é ba aidhm do CTAS cuidiú le húdaráis sna Ballstáit ina gcuid iarrachtaí athchóirithe feabhsaithe fáis a dhearadh agus a chur chun feidhme. Bhain tionchair thromchúiseacha eacnamaíocha agus shóisialta le paindéim COVID‑19 ar fud an Aontais. Sa chomhthéacs sin, d’éirigh gníomhaíochtaí CTAS níos ábhartha fós chun cuidiú leis na Ballstáit iarrachtaí bunúsacha athchóiriúcháin a dhéanamh chun borradh a chur lena ngeilleagair agus chun bonn a chur faoi théarnamh fónta.

Ina cheathrú bliain agus a bhliain dheireanach, chonacthas méadú eile ar an éileamh in CTAS, agus 660 iarraidh ar thacaíocht á gcur isteach ag 27 mBallstát as ar roghnaíodh 287, ónar tháinig 270 tionscadal le cur chun feidhme.

Ar an iomlán, le linn na tréimhse 2017-2020, bhí spéis na mBallstát in CTAS ag méadú. In 2017, d’iarr agus fuair 16 Bhallstát tacaíocht theicniúil faoin gclár chun aghaidh a thabhairt ar a gclár athchóiriúcháin. Faoi 2020, bhí na 27 mBallstát uile páirteach sa chlár. Léiríodh in CTAS a chumas chun tacú leis na húdaráis náisiúnta laigí agus scrogaill struchtúracha a shainaithint agus a shárú agus athchóirithe á ndearadh agus á gcur chun feidhme.

Mar sin féin, cé gurb é is aidhm le bearta CTAS tacú leis an bpróiseas athchóiriúcháin, is é an Ballstát is faighteoir atá freagrach as bearta leantacha éifeachtacha ar na gníomhaíochtaí agus forfheidhmiú iarbhír na n‑athchóirithe féin.

D’fhonn leanúint ar aghaidh ag soláthar tacaíocht theicniúil do na Ballstáit tar éis dheireadh CTAS in 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán ag bunú an chláir is comharba do CTAS – an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla 2 – ag a bhfuil raon feidhme agus cuspóirí comhchosúla, ach ag a bhfuil buiséad níos mó.

Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag déanamh faireacháin ar ghlacadh na mbeart tacaíochta agus cur chun feidhme na n‑athchóirithe institiúideacha, riarthacha agus feabhsaithe fáis sna blianta amach romhainn.

(1)  Tháinig méadú ar an mbuiséad nuair a leasaíodh bun‑Rialachán CTAS (AE) 2017/825 (IO L 129, 19.5.2017, lgh. 1‑16) (Rialachán (AE) 2018/1671, IO L 284, 12.11.2018, lgh. 3‑5). 
(2) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, IO L 57, 18.2.2021, lgh. 1 – 16.
Top