EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0162

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN 30 bliain den Mhargadh Aonair

COM/2023/162 final

An Bhruiséil,16.3.2023

COM(2023) 162 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

30 bliain den Mhargadh Aonair


1.RÉAMHRÁ

Ceiliúrann an Margadh Aonair 30 bliain ar an bhfód i mbliana. Tá an Margadh Aonair ar cheann d’éachtaí is mó an Aontais Eorpaigh. Ó cruthaíodh é in 1993, tá tairbhe bainte ag saoránaigh agus gnólachtaí as saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil a mhéid a sháraíonn na hionchais is físí a bhí ann tríocha bliain ó shin fiú.

Ceapadh an Margadh Aonair ar dtús mar limistéar saorthrádála gan bacainní taraife nó neamhtharaife i measc a chuid ball, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis an Margadh Aonair anois. Tá sé anois ar an margadh aonair comhtháite is mó ar domhan 1 , agus tá sé fós ar cheann de na limistéir is mó a dhíríonn ar allmhairí a léirscaoileadh agus onnmhairí a chur chun cinn. Ach tá i bhfad níos mó i gceist leis an Margadh Aonair ná creat dlíthiúil, ná margadh, go deimhin: is limistéar saoirse, dul chun cinn, deiseanna, fáis, rathúnais comhroinnte, athléimneachta agus modh teilgin gheopholaitiúil é.

Chomh maith le breathnú siar ar an iliomad éachtaí atá déanta againn agus atá fós le déanamh inár saol laethúil, tá sé tábhachtach a aithint gur sócmhainn luachmhar é an Margadh Aonair nach mór dúinn a chaomhnú agus a fheabhsú go leanúnach.

Ní mór don Mhargadh Aonair a bheith ag oiriúnú do dhúshláin nua i gcónaí 2 , mar atá aitheanta, i measc nithe eile, ag Parlaimint na hEorpa ina Rún maidir le comóradh 30 bliain an Mhargaidh Aonair 3 . Tá gá le comhiarracht chun leanúint dá choimeád, chun é a neartú, chun leas a bhaint as a ghealladh iomlán, chun cothrom na Féinne a chaomhnú go hinmheánach agus ar fud an domhain, agus chun a áirithiú go mbeidh sé mar bhonn agus taca ag rathúnas an Aontais trí iomaíochas agus táirgiúlacht fhadtéarmach, mar a iarrann an Chomhairle Eorpach 4 . Spás coiteann is ea an Margadh Aonair a mheallann infheistíochtaí laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh den Aontas trí chreat rialála simplí intuartha a bheith aige.

Tá gá le comhiarrachtaí chun rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú, bacainní a bhaint agus réimsí a iniúchadh chun an Margadh Aonair a chomhtháthú tuilleadh. Tá na tairbhí féideartha an-suntasach: meastar go bhféadfaí EUR 713 bhilliún a chur leis an ngeilleagar faoi dheireadh 2029 dá mbainfí bacainní ar leibhéal na mBallstát ar an Margadh Aonair le haghaidh earraí agus seirbhísí amháin 5 .

 

2.AN MARGADH AONAIR I gCROÍLÁR AN TIONSCADAIL EORPAIGH AR FEADH 30 BLIAIN

2.1. Saol na saoránach agus na ngnólachtaí a fheabhsú, a ghabhann leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach

Le saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil tugtar rochtain do mhuintir na hEorpa ar an rogha táirgí, seirbhísí, taithí, smaointe, cultúir agus teangacha is leithne is féidir. Téann sé sin chun tairbhe do níos mó ná 440 milliún saoránach ar fud na mór-roinne gach lá. Is bealach é an Margadh Aonair, thar aon rud eile, chun folláine daoine a fheabhsú.

Trí dheireadh a chur le formhuirir fánaíochta is féidir linn fanacht i dteagmháil le teaghlaigh agus le cairde nuair a thaistealaímid timpeall na hEorpa. Tá táirgí tomhaltóirí agus bia a scaiptear sa Mhargadh Aonair, cibé acu a cheannaítear ar líne nó as líne iad, níos sábháilte anois, agus déantar táirgí contúirteacha a aisghlaoch ón margadh. Leis an luchtaire coiteann le haghaidh gléasanna leictreonacha laghdófar dramhaíl leictreonach agus míchaoithiúlacht tomhaltóirí agus soláthrófar coigilteas EUR 250 milliún do thomhaltóirí gach bliain. Féadfar taisteal agus earraí a iompar tríd an Limistéar Iompair Eorpach Aonair ar phraghas réasúnta laistigh den Aontas. Ciallaíonn cearta paisinéara láidre go bhfaighimid cúiteamh nuair a chuirfear isteach ar ár bpleananna taistil. Is féidir le gnólachtaí agus saoránaigh íocaíochtaí a dhéanamh thar theorainneacha chomh héasca céanna agus a dhéantar sa bhaile. Is féidir le tomhaltóirí a dhéanann iarratas ar chreidmheas brath ar chosaint fheabhsaithe.

A bhuí leis an Margadh Aonair tá sé níos éasca cónaí, staidéar a dhéanamh, oibriú agus dul ar scor i mBallstát eile freisin. Leis an gclár Erasmus bhí beagnach 13 mhilliún duine óga ábalta staidéar agus obair a dhéanamh ar an gcoigríoch. Leis an Margadh Aonair tá méadú tagtha ar ionchais agus ar dheiseanna ghairmithe Eorpacha a naithnítear a gcáilíochtaí gairmiúla go héasca anois. A bhuí le rialacha slándála sóisialta a chomhordú, is féidir leis na milliúin Eorpach leanúint de leas a bhaint as a gcearta chun pinsean agus cúram sláinte a fháil nuair a chónaíonn siad thar lear, agus le rialacha maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair áirítear iomaíocht chothrom agus ardchaighdeáin do chách, cibé áit a noibríonn siad 6 .

Uirlis chumhachtach is ea an Margadh Aonair lena gcuirtear dlús leis an aistriú glas, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Áirithítear le caighdeáin táirgí a leagtar síos go haonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais comhlíonadh comhshaoil agus sábháilteachta, chomh maith le ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a urramú. Mar gheall ar an gcur chuige margadhbhunaithe maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) tá laghdú ag teacht ar astaíochtaí ar bhealach costéifeachtach, agus leis an ioncam a ghintear leis is féidir tacú leis an aistriú chuig táirgeadh níos glaine agus leis an nuálaíocht a spreagadh.

Is é margadh fuinnimh comhtháite an Aontais an bealach is costéifeachtaí chun soláthairtí fuinnimh inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú do shaoránaigh an Aontais. Leis na móriarrachtaí a rinneadh chun margaí leictreachais a chomhtháthú tuilleadh san Eoraip le deich mbliana anuas soláthraíodh do thomhaltóirí buntáistí suntasacha, a mheastar gurb ionann iad agus thart ar EUR 34 bhilliún in aghaidh na bliana, trí thrádáil trasteorann idir na Ballstáit a éascú agus trí shlándáil an tsoláthair a fheabhsú ar fud limistéar geografach níos mó 7 . I gcomhthéacs cur isteach ar an soláthar go minic, chabhraigh an Margadh Aonair lena áirithiú go ndéanfar an fuinneamh a shreabhadh, go háirithe an gás, chuig an áit a bhfuil gá is mó leis. Bhí comhoibriú agus dlúthpháirtíocht réigiúnach riachtanach chun athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a áirithiú. Chuir Rialachán GTE-F go mór le is an tslándáil láidir soláthair seo trí córais fhuinnimh na mBallstát a idirnascadh trí Thionscadail Leasa Choitinn (PCIanna). Ag an am céanna, tá aird tarraingthe ag an ngéarchéim fuinnimh le déanaí ar roinnt easnamh nach mór don Aontas Eorpach freagairt dóibh.

Sna blianta amach romhainn, ní mór don Mhargadh Aonair teacht chun cinn chun freastal ar ionchais na saoránach maidir le haistriú digiteach duine-lárnach agus do mhargaí a dhéanfaidh roghanna inacmhainne agus tarraingteacha. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha áiritheofar gur féidir le gnólachtaí ar líne feidhmiú ar fud na hEorpa ar bhonn sraith amháin rialacha is infheidhme go díreach, agus gur féidir le saoránaigh ardáin ar líne agus seirbhísí ríomhthráchtála a úsáid go sábháilte is cuma cén áit a mbeidh siad san Aontas, agus beidh siad cosanta ar ábhar mídhleathach, ar bhréagaisnéis agus ar chibearbhulaíocht. Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha cinnteofar margaí cothroma inchonspóide san earnáil dhigiteach ionas nach féidir le hardáin mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht geatóra sa Mhargadh Aonair. Le rialacha comhchuibhithe, i réimsí amhail na meáin chlosamhairc agus cóipcheart, tugtar tacaíocht d’éagsúlacht chultúrtha agus iolrachas na meán sa chomhthéacs digiteach. Leis an Acht um Rialachas Sonraí, a glacadh cheana féin, agus leis an nGníomh um Shonraí, in ard-idirbheartaíocht, tá fíor-Mhargadh Aonair do shonraí á thógáil ag an Aontas Eorpach, rud a chuireann deiseanna ar fáil do na gníomhaithe eacnamaíocha go léir agus a chuireann an Eoraip chun tosaigh ar fud an domhain sa gheilleagar atá solúbtha ó thaobh sonraí de. Agus tá Margadh Aonair cibearshlándála á chruthú againn, lena n‑áirítear ceanglais maidir le cibearshlándála le haghaidh aon táirge, bogearraí nó crua-earraí incheangailte.

Tá uirlisí digiteacha forbartha ag an Aontas chun go n‑oibreoidh an Margadh Aonair go réidh. Le linn na paindéime, d’fhorbair an Coimisiún Deimhniú Digiteach COVID go tapa chun saorghluaiseacht a éascú, trí chur ar chumas shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais cruthúnas digiteach gur vacsaíníodh iad in aghaidh COVID-19, go bhfuair siad toradh diúltach ar an tástáil nó gur tháinig siad slán as a sholáthar go héasca.

Le huirlisí digiteacha laghdaítear ualaí riaracháin agus cruthaítear trédhearcacht do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Nuair is mian leo tuilleadh eolais a fháil faoina gcearta agus faoina ndeiseanna, is féidir leo dul chuig an tairseach An Eoraip Agatsa áit ina bhfuil gach uile eolas le fáil. Is féidir le daoine a bheidh ag lorg comhairle nuair a thiocfaidh fadhbanna chun cinn sa Mhargadh Aonair úsáid a bhaint as An Eoraip Agatsa – Comhairle agus SOLVIT, a chabhraíonn le gnólachtaí nó le daoine aonair a dtéann sáruithe ar dhlí AE i gcion orthu díospóidí a réiteach agus sásamh lasmuigh den chúirt a fháil, rud a chabhraíonn leo bacainní a shárú. Chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú, díreoidh SOLVIT a chuid iarrachtaí ar chabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) lántairbhe a bhaint as deiseanna an Mhargaidh Aonair. Leis an gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) 8 , a nascann na mílte riarachán poiblí, éascaítear malartuithe riaracháin trasteorann eatarthu agus réitítear fadhbanna. Tá sé ag fás go leanúnach thar na blianta, agus clúdaítear 19 réimse beartais ann anois 9 . I dteannta a chéile, cruthaítear leis sin seo fíor ‘Cúloifig an Mhargaidh Aonair’, chun leas gnólachtaí agus lucht riaracháin araon.

Áiritheofar leis an gcóras teicniúil aonuaire (OOTS) nuair a chuirfidh gnólacht nó saoránach doiciméad isteach chuig roinn riaracháin phoiblí, gur féidir an doiciméad a aistriú go sábháilte chuig riaracháin phoiblí eile, ionas gur féidir leis an ngnó nó leis an duine aonair nósanna imeachta eile a chur i gcrích gan gá lena chur isteach arís. Tá rochtain ar na huirlisí seo go léir trí Thairseach Aonair Dhigiteach an Aontais. Ina theannta sin, soláthrófar leis an Sparán Chéannacht Dhigiteach Eorpach 10 doiciméid chaighdeánaithe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar féidir leo iad féin a úsáid go sábháilte chun iad féin agus príomhfhaisnéis a chur in iúl ar fud an Aontais, mar shampla dioplómaí lena ndeimhnítear cáilíochtaí gairmiúla nó doiciméid a bhaineann le cúram sláinte agus slándáil shóisialta. Ina theannta sin, agus é ag féachaint le huaillmhian Deich mBliana Digiteach an Aontais 11 a bhaint amach, tá sé mar aidhm ag an Aontas gach príomhsheirbhís phoiblí a chur ar fáil ar líne faoi 2030.

Graf 1: Uirlisí an Mhargaidh Aonair

AN COMHAIRLEOIR

AN RÉITEOIR FADHBANNA

AN NASCÓIR

AN tANAILÍSEOIR

AN BRATHADÓIR

UIRLISÍ AN MHARGAIDH AONAIR

Foinse: An Coimisiún Eorpach

2.2. An geilleagar a neartú

Mar an margadh comhtháite is mó ar domhan, sháraigh an Margadh Aonair gach ionchas i dtéarmaí maicreacnamaíocha. Agus é freagrach as 18 % den OTI domhanda 12 , is túsphointe é do ghnólachtaí a nearraí agus a seirbhísí a thairiscint do níos mó ná 440 milliún saoránach AE ar fud na mór-roinne. Tá cónaí ar 23 mhilliún gnólacht 13 ann a fhostaíonn 128 milliún duine 14 , nach mór. Tá tairbhí eacnamaíocha an-suntasach tugtha ag an Mhargadh Aonair, agus OTI suas le 9 % níos airde á sheachadadh don Aontas san fhadtéarma, ná mar a bheadh i gceist murach an Margadh Aonair 15 . Foinse bhunúsach fáis agus cruthú post ba ea an comhtháthú sin, agus is amhlaidh a bheidh i gcónaí 16 . De bhrí gur tháinig méadú 5.5 % ar an bhfostaíocht iomlán san Aontas in 2000-2014, tháinig méadú faoi dhó, nach mór 17 , ar an líon post a bhí ag brath ar sheirbhísí trasteorann sa tréimhse chéanna (ó 5.6 go 10.9 milliún) 18 . Tá méadú faoi dhó tagtha ar an leibhéal trádála idir na Ballstáit in earraí agus i seirbhísí i gcomparáid le méid gheilleagar an Aontais le 30 bliain anuas. Tugann taighdeoirí le fios go bhfuil comhtháthú eacnamaíoch san Eoraip níos forbartha ó thaobh rialála de ná, mar shampla, sna Stáit Aontaithe 19 .

Graf 2: Trádáil in earraí agus i seirbhísí laistigh den Mhargadh Aonair (1993-2021)

Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin, bunaithe ar Eurostat. Nóta: taispeánann an graf sreafaí trádála laistigh den Aontas in earraí agus i seirbhísí mar sciar de OTI an Aontais. Leis na línte ingearacha phoncaithe sa ghraf, tarraingítear aird ar athruithe ar raon feidhme na sonraí maidir le trádáil agus OTI atá á mbreithniú, i bhfianaise líon na mBallstát (e.g. breithnítear trádáil agus OTI do AE-27 sa tréimhse 2007-2012, ach breithnítear trádáil agus OTI do AE-28 sa tréimhse 2013-2019). Tomhaistear an trádáil de réir mheán na n‑allmhairí agus na n‑onnmhairí.

Ina theannta sin, is bealach tábhachtach é an Margadh Aonair le haghaidh comhtháthú airgeadais san Eoraip agus tá sé fíor-riachtanach don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. A bhuí leis, tá sé níos éasca do ghnólachtaí airgead a bhailiú agus déantar áit níos tarraingtí den Eoraip chun infheistíocht a dhéanamh ann 20 . Bhí sealúchais laistigh den Aontas d’infheistíochtaí díreacha eachtracha agus infheistíochtaí punainne fós ag méadú le fiche nó tríocha bliain anuas, bhí siad beagnach 5 huaire níos airde agus 4 huaire níos airde, faoi seach, sa dara ráithe de 2021 i gcomparáid le tús 2002. Mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, tá roinnt tionscnamh ar siúl chun an Margadh aonair le haghaidh Caipitil a chur i gcrích. Le déanaí, i mí na Nollag 2022, mar chuid d’Aontas na Margaí Caipitil, chuir an Coimisiún togra chun cinn chun rómhaorlathas a laghdú do chuideachtaí, go háirithe FBManna, arb é is aidhm dó cistí a thiomsú ar stocmhalartán agus togra a chur i gcrích chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha trí phríomhghnéithe de dhlíthe dócmhainneachta corparáide a chomhchuibhiú. Mar sin féin, tá i bhfad níos mó le déanamh fós chun margaí caipitil náisiúnta a chomhtháthú. Tacaíonn córais íocaíochta chomhtháite iontaofa le feidhmiú an Mhargaidh Aonair agus ar an gcaoi sin cuireann siad le hiomaíochas an Aontais.

Tá buntáistí sóisialta an Mhargaidh Aonair maidir le fostaíocht suntasach freisin, le suas le 56 milliún post san Aontas ag brath ar thrádáil laistigh den Aontas. Tá méadú seasta tagtha ar líon na noibrithe taistil san Aontas le 30 bliain anuas, a bhuíochas sin freisin do chláir ar nós EURES 21 agus do bheartais atá dírithe ar cháilíochtaí agus ar aithint scileanna a fheabhsú. Tá samhail an Aontais de gheilleagar margaidh shóisialta ag brath ar ardchaighdeáin shóisialta arna gcur chun cinn ag Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Cuireann sé chun cinn comhdheiseanna agus comh-rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint shóisialta, cuimsiú agus éagsúlacht (mar shampla maidir le hoibrithe a phostú 22 , cothromaíocht oibre is saoil 23 , pá íosta leordhóthanach 24 agus trédhearcacht pá). Mar chúiteamh air sin, rannchuidíonn an creat sóisialta sin le cothrom na Féinne sa Mhargadh Aonair.

Leis an Margadh Aonair éascaíodh tuilleadh forbartha ar an ngeilleagar sóisialta, agus tá thart ar 2.8 milliún eintiteas geilleagair shóisialta san Eoraip ag a bhfuil thart ar 13.6 milliún duine fostaithe. 25 Ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta i mí na Nollag 2021 26 , ina moltar gníomhaíochtaí nithiúla a bheidh le cur chun feidhme faoi 2030. Glacfar Pacáiste Geilleagair Shóisialta i mbliana, lena náirítear tionscnamh reachtach maidir le gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas sa Mhargadh Aonair.

Bhí ról tábhachtach ag an Margadh Aonair maidir le cóineasú eacnamaíoch aníos a chumasú san Aontas tar éis méaduithe i ndiaidh a chéile. Tá sé sin amhlaidh toisc gur cruthaíodh cothrom na Féinne do ghnólachtaí ar fud an Aontais leis an Margadh Aonair, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca do chuideachtaí oibriú thar theorainneacha agus dul san iomaíocht ar bhonn comhionann. Spreag sé sin trádáil agus infheistíocht trasteorann níos mó, rud a chuidigh le borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus le poist a chruthú 27 . Tá comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch ríthábhachtach d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, mar a aithnítear ina ghníomh bunaidh 30 bliain ó shin. Tacaíonn an beartas comhtháthaithe le forbairt chomhchuí ar réigiúin Eorpacha, rud a chuireann ar a gcumas rannchuidiú leis an Margadh Aonair agus leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann lena rannpháirtíocht ann. Trí mhéadú a dhéanamh ar dheiseanna le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch, tugadh deis leis an Margadh Aonair do thíortha ar ioncam níos ísle teacht le chéile i dtreo tíortha ar ioncam níos airde agus chuidigh sé le níos mó post a chruthú, rud a laghdaigh an dífhostaíocht dá bhrí sin. Tá an Margadh Aonair mar bhonn faoi iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa 28 , rud a bhfuil táirgí níos fearr agus praghsanna níos ísle do thomhaltóirí mar thoradh air 29 . Tá slabhraí luacha san Aontas an-chomhtháite agus idirnasctha dá bharr. Ní hamháin go bhfuil éiceachóras na soghluaisteachta agus na ngluaisteán comhdhéanta de chorparáidí móra a bhfuil cáil dhomhanda orthu, ach níos tábhachtaí fós tá sé comhdhéanta freisin de sholáthraithe comhpháirteanna, líonraí díolacháin agus deisiúcháin, agus is ionann é agus 1.8 milliún cuideachta, a bhfuil 99.7 % díobh ina FBManna.

Tá ról lárnach ag beartas iomaíochta maidir le margaí a fheidhmíonn go maith a chaomhnú agus maidir le dul i ngleic le teipeanna ábhartha margaidh san Eoraip. Ó cruthaíodh an tAontas, chabhraigh an beartas iomaíochta le tionscail a bheith níos láidre agus níos iomaíche ar fud an domhain agus áirithíodh leis gurb iad saoránaigh an Aontais na tairbhithe deiridh de gheilleagar sóisialta margaidh atá thar a bheith iomaíoch. Le forfheidhmiú an dlí iomaíochta atá bunaithe ar rialacha, tugtar deimhneacht agus intuarthacht dhlíthiúil do gach gnólacht a dhéanann a dhícheall lántairbhe a bhaint as Margadh Aonair na hEorpa.

2.3. Frithsheasmhacht agus athléimneacht a fhorbairt i gcoinne géarchéimeanna

Léirigh géarchéimeanna i ndiaidh géarchéimeanna le déanaí an tábhacht chriticiúil a bhaineann le Margadh Aonair atá ag feidhmiú go maith. Tá seirbhísí fíor-riachtanacha amhail soláthar fuinneamh, uisce agus sláinte, iompar 30 agus teileachumarsáid ríthábhachtach chun folláine na ndaoine a áirithiú, chomh maith leis an bhfreagairt éigeandála féin. Ní mór go mbeidh na seirbhísí sin ag feidhmiú i gcónaí le linn tubaiste nó géarchéime agus ina ndiaidh.

Nuair a ghníomhaíonn na Ballstáit ina n‑aonar, trína dteorainneacha a dhúnadh nó trí chosc a chur ar onnmhairiú laistigh den Aontas a thabhairt isteach maidir le trealamh leighis, grán nó amhábhair, cuirtear feidhmiú iomlán an Mhargaidh Aonair faoi bhrú, rud a chuireann bagairt ar an tionscal, ar seirbhísí agus ar gairmithe, ar deireadh ar shaoránaigh. Cé go raibh ganntanas táirgí riachtanacha agus tranglaim ollmhóra tráchta ag teorainneacha mar thoradh ar phaindéim COVID-19, rud a chuir cosc ar shaorghluaiseacht oibrithe riachtanacha, bhí an Margadh Aonair fós i réim. Nuair a tháinig ardú tapa ar an éileamh domhanda ar mhaisc agus vacsaíní, chabhraigh an Margadh Aonair linn dul i ngleic leis an easpa foinsí éagsúla soláthair agus acmhainne chun earraí a bhí thar a bheith tábhachtach a tháirgeadh.

Tar éis tréimhse tosaigh inar ardaigh údaráis náisiúnta bacainní ar shaorshreabhadh earraí, seirbhísí agus daoine ar bhealach aontaobhach agus neamh-chomhordaithe, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, chuir an Coimisiún dlús – le tacaíocht na mBallstát – leis na bacainní sin a bhaint le tionscnaimh amhail ‘lánaí glasa’. Agus choinnigh an tAontas slabhraí soláthair leis an domhan oscailte go hiomlán, ag tógáil ar thionscal rathúil a bhfuil leas á bhaint aige as an Margadh Aonair ar feadh na mblianta fada, agus a chuaigh i bpáirt le fórsaí agus le hacmhainní ar fud na hEorpa ó chuideachtaí móra go FBManna atá thar a bheith nuálach agus iomaíoch.

Tá na ceachtanna beartais riachtanacha faighte againn as na géarchéimeanna sin, ag tógáil ar na héachtaí seo. Bhunaigh an Coimisiún an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) chun éigeandálaí sláinte trasteorann amach anseo a bhrath, a chosc agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr. Tá Ionstraim Éigeandála nua don Mhargadh Aonair beartaithe ag an gCoimisiún freisin chun a áirithiú, i gcás géarchéime amach anseo, go mbeidh an Margadh Aonair oscailte agus cothrom i gcónaí, agus go leanfaidh sé de bheith ag áirithiú infhaighteacht earraí agus seirbhísí is mó a theastaíonn ó dhaoine agus ó ghnólachtaí. Go ginearálta, chuir an tAontas Eorpach dlús lena ullmhacht i gcomhair éigeandálaí ar gach leibhéal tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta 31 . Ar deireadh, chun athléimneacht an Mhargaidh Aonair a áirithiú, tá gá le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais i gcoinne bagairtí trasteorann atá ag dul i méid, go háirithe i leith earnálacha criticiúla agus bonneagar atá á bhforbairt agus á gcur chun feidhme faoi bhrat an Aontais Slándála 32 .

Feabhsaítear athléimneacht freisin le hullmhacht níos fearr. Tá córas réamhrabhaidh (Córas Monatóireachta SCAN) 33 deartha ag an gCoimisiún agus é mar aidhm aige fianaise a sholáthar le haghaidh beartais. Úsáideann sé sonraí custaim gar d’fhíor-am agus scrúdaítear leis éagsúlachtaí aimhrialta i gcainníochtaí agus i bpraghsanna chun comharthaí roimh am de chur isteach ar an slabhra soláthair a nochtadh. I measc na dtosca eile a d’fhéadfadh a bheith ann, tá comhchruinniú iomarcach allmhairí áirithe ó fhoinsí eachtracha teoranta, pointí aonair teipe domhanda a bheith ann maidir le hionchuir chriticiúla arna spreagadh ag spleáchais straitéiseacha, nó léirithe de chumas teoranta táirgeachta tionsclaíoch AE. Leis an nGníomh um Shliseanna 34 a moladh in 2022 agus an togra le haghaidh Acht um Amhábhair Chriticiúla Eorpach 35 a glacadh i gcomhthráth leis an Teachtaireacht seo, cuideofar, faoi seach, le ceannaireacht thionsclaíoch a dhéanamh de thaighde den chéad scoth an Aontais, trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal na hEorpa agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus creat a leagan síos chun rochtain ar amhábhair laistigh den Mhargadh Aonair a fheabhsú, cumas Eorpach a mhéadú agus foinsí seachtracha amhábhar a éagsúlú.

Leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais 36 na dúshláin atá roimh thionscal na hEorpa faoi láthair agus dá bhrí sin moltar bearta breise chun an tionscal glan-nialasachta a chur chun cinn. Mar chuid den phlean sin, mhol an Coimisiún an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta 37 , agus ghlac sé le Creat Sealadach um Ghéarchéimeanna agus um Aistriú Státchabhrach 38 , ina leagtar amach bearta spriocdhírithe, sealadacha agus comhréireacha chun aistriú iomaíoch na hEorpa chuig geilleagar glan-nialasachta a luathú, agus ilroinnt sa Mhargadh Aonair á seachaint. Ina theannta sin, mar a fógraíodh i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Ciste Eorpach Ceannasachta a mholadh roimh an samhradh in 2023 chun buntáiste Eorpach a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ábhartha maidir leis an aistriú Glas agus an aistriú digiteach, chomh maith le comhtháthú a chosaint agus sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú.

2.4. An Margadh Aonair mar thoisc tharraingthe agus mar shócmhainn gheopholaitiúil ar an ardán domhanda

Tá tairbhí an Mhargaidh Aonair ina gcuid mhór de tharraingteacht fhoriomlán an Aontais Eorpaigh mar phol slándála, cobhsaíochta agus luachanna oscailte. Baineann 14 % den trádáil dhomhanda in earraí leis an Aontas 39 . Chomh maith le méaduithe comhleanúnacha idir 1973 agus 2007, sna 1990í chinn comhaltaí CSTE, is iad sin an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bhunú i gcomhpháirt leis an Aontas, agus sa chaoi sin ceithre shaoirse an Mhargaidh Aonair a leathnú chuig a dtíortha. Is mian le go leor tíortha sna Balcáin Thiar agus i gcomharsanacht an Oirthir todhchaí a bhaint amach mar bhaill den Aontas agus dá Mhargadh Aonair. Tá an tAontas tiomanta go mór do thacaíocht a thabhairt do na Balcáin Thiar agus iad ar a mbealach i dtreo an Aontais.

Tá gach deis á tapú ag an Aontas freisin chun an Úcráin a lánpháirtiú tuilleadh sa Mhargadh Aonair, e.g. trína nascadh le heangach leictreachais an Aontais, dleachtanna allmhairiúcháin ar onnmhairí na hÚcráine chuig an Aontas a chur ar fionraí, Lánaí Dlúthpháirtíochta a chruthú chun gluaiseacht earraí agus daoine a fheabhsú agus an Úcráin a thabhairt isteach sa limistéar Eorpach fánaíochta ar tháillí baile. Díreoidh an Coimisiún i dteannta leis an Úcráin ar ghníomhaíochtaí tosaíochta comhaontaithe 40 , lena náirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, an chaighdeánaithe, an chomhair thionsclaíoch, na mBacainní Teicniúla ar Thrádáil agus an mheasúnaithe comhréireachta 41 , chun an Úcráin a chomhtháthú sa Mhargadh Aonair ar bhealach níos fearr. Tá iarrachtaí den chineál céanna ar siúl chun an Mholdóiv a chomhtháthú ar an gcaoi chéanna. Tá an tAontas Eorpach ag cur na hÚcráine agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir eile san áireamh i roinnt phríomhchláir AE amhail an Clár don Mhargadh Aonair 42 .

Is fórsa teilgin é an Margadh Aonair freisin, luamhán geopholaitiúil lena gcuirtear borradh faoi sheasamh agus tionchar an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain. Is é cnámh droma eacnamaíoch thaidhleoireacht idirnáisiúnta an Aontais é. Tá an tionchar domhanda sin ríthábhachtach i bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla le 30 bliain anuas agus na hiomaíochta domhanda treisithe le geilleagair eile ar mhór-mhéid. Mar shampla, le linn na paindéime, le forbairt agus údarú tapa vacsaíní faoi chóras dianchógais leighis an Aontas tugadh ardán cumhachtach don Aontas chun cabhrú le dul i ngleic COVID-19 ar scála domhanda 43 .

Is minic a roghnaíonn cuideachtaí reachtaíocht agus caighdeáin AE a chur i bhfeidhm maidir lena noibríochtaí domhanda mar thoradh ar mhéid agus ar tharraingteacht Mhargadh Aonair an Aontais. Cuireadh ar chumas an Aontais leis sin cur le rathúnas domhanda agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe – le fás inbhuanaithe, ardleibhéal cosanta sóisialta, meas ar phríobháideacht agus ar chearta bunúsacha 44 , agus cosaint láidir don chomhshaol agus do chearta an duine.

Is scéal ratha ar leith é an córas Eorpach um chaighdeánú i ndáil leis sin, agus tá ról speisialta ag na caighdeáin Eorpacha chomhchuibhithe lena bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann siad dlí an Aontais le caighdeán amháin ar fud an Mhargaidh Aonair. Mar bhonn agus taca le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chaighdeánú le déanaí 45 , tá ról tábhachtach ag caighdeáin maidir leis an aistriú digiteach agus an aistriú glas agus is féidir leo ról ceannaireachta domhanda a thabhairt don Aontas, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí straitéiseacha. Is féidir le caighdeáin cur le sochaí níos cuimsithí freisin trí inrochtaineacht ar raon táirgí agus seirbhísí laethúla a áirithiú. Tá ról tábhachtach ag caighdeáin idirnáisiúnta freisin, ní hamháin chun dul i ngleic le bacainní teicniúla ar thrádáil, ach freisin chun rochtain idirnáisiúnta ar an margadh do chuideachtaí AE a éascú. Agus ról geopholaitiúil na gcaighdeán ag dul i méid, tá rannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais i bpróisis forbartha caighdeán idirnáisiúnta ríthábhachtach freisin chun luachanna agus leasanna an Aontais a chaomhnú. Chuige sin, tá an Coimisiún ag tabhairt faoi idirphlé straitéiseach le príomhpháirtithe trádála, amhail na Stáit Aontaithe, an tSeapáin nó an India. 

Leis an Margadh Aonair cuireadh ar chumas an Aontais cumhacht trádála a bhaint amach, trí dheiseanna a chruthú do ghnólachtaí an Aontais ar an gcoigríoch, ár rialacha agus ár luachanna a réamh-mheas, an tAontas Eorpach a nascadh le poil fáis ar fud an domhain, na hionchuir a theastaíonn uainn a dhaingniú agus tacú le gnólachtaí eile chun cuspóirí inbhuanaitheachta a bhaint amach. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is fearr do 53 thír ar fud an domhain arb ionann é le chéile agus 48 % de OTI an domhain. Soláthraítear giaráil leis an Margadh Aonair chun a áirithiú go mbeidh oscailteacht an Aontais ag teacht le rialacha an Aontais, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar shaobhadh de bharr fóirdheontais eachtracha 46 , cosc a chur ar earraí a dhéantar le saothar éigeantach 47 nó le cleachtais atá neamh-inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil nó na sochaí de. Ina theannta sin, tá cumas an Aontais uirlisí eacnamaíocha a úsáid, amhail smachtbhannaí agus bearta sriantacha, chun seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, bunaithe ar Mhargadh Aonair dea-fheidhmiúil a bhfuil ról lárnach aige sa gheilleagar domhanda.

3. AN BEALACH CHUN CINN – I dTREO AN MARGADH AONAIR A LÁNPHÁIRTIÚ TUILLEADH

Deis is ea an comóradh bliana, ní hamháin chun breathnú siar ar a bhfuil bainte amach roimhe seo ach chun ionchais agus cuspóirí na todhchaí a leagan amach. I dtimpeallacht atá ag athrú go tapa, ní mór leanúint de na hiarrachtaí forfheidhmiú rialacha an Mhargaidh Aonair a fheabhsú agus úinéireacht chomhpháirteach an Mhargaidh Aonair a spreagadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ní mór leanúint de rialacha a oiriúnú, nuair is gá, do tháirgí, do sheirbhísí agus do shamhlacha gnó nua a chabhróidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a chur chun cinn.

Tá Margadh Aonair atá ag feidhmiú go hiomlán ina bhunchloch riachtanach d’iomaíochas fadtéarmach an Aontais Eorpaigh. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hiomaíochas, a foilsíodh in éineacht leis an Teachtaireacht sin 48 , leagtar amach gníomhaíochtaí chun creat rialála intuartha, comhleanúnach agus simplithe a áirithiú a bheidh fabhrach don iomaíochas fadtéarmach, chomh maith lena áirithiú go mbeidh fáil ar na scileanna is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don fhás eacnamaíoch, agus chun an rochtain ar mhaoiniú a luathú agus a fheabhsú.

As seo amach, oibreoidh an Coimisiún le gach leibhéal rialachais agus leis na páirtithe leasmhara go léir chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair ionas go soláthróidh sé bonn daingean don iomaíochas inbhuanaithe fadtéarmach. Sa chomhthéacs sin, dírítear sa Teachtaireacht seo ar dhá phríomhréimse le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta:

·rialacha an Mhargaidh Aonair atá ann cheana a fhorfheidhmiú agus deireadh a chur le bacainní ar leibhéal na mBallstát, go háirithe bacainní ar sholáthar trasteorann seirbhísí, agus ar na héiceachórais thionsclaíocha ag a bhfuil an acmhainn lánpháirtíochta eacnamaíche is mó (miondíol, tógáil, turasóireacht, seirbhísí gnó agus earnáil an fhuinnimh in-athnuaite),

·leanúint de ghnéithe glasa agus digiteacha an Mhargaidh Aonair a chothú mar fhoinse nuálaíochta, fáis agus iomaíochais.

3.1. Rialacha an Mhargaidh Aonair a fhorfheidhmiú agus bacainní ar leibhéal na mBallstát a bhaint

Ní féidir le saoránaigh agus le gnólachtaí leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair ach amháin nuair a chuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm i gceart nó nuair a fhorfheidhmítear i gceart iad 49 . Is ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit atá an fhreagracht chomhchoiteann as cur chun feidhme laethúil ceart rialacha an mhargaidh aonair a áirithiú. Go háirithe, braitheann cur i bhfeidhm ceart na rialachán ar obair na núdarás náisiúnta chun éifeacht iomlán a thabhairt dóibh.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí dlí an Aontais a thrasuí i gceart agus go tráthúil lena áirithiú go mbainfear na héifeachtaí atá beartaithe le reachtaíocht an Mhargaidh Aonair amach. Sáraíonn meán-easnamh trasuite threoracha an Mhargaidh Aonair 50 an tairseach 1 % a shocraigh an Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta 2007 anois. Níor bhain ach cúig Bhallstát an sprioc chomhaontaithe amach (féach graf 3). Ní mór freisin treoracha a thrasuí i gceart agus a chur i bhfeidhm ar an talamh, agus aird ar leith á tabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le ‘rórialáil’ gan údar maith. Anseo, ní mór do na Ballstáit an staid a fheabhsú go mór (féach graf 4).

Graf 3: Easnamh i gcomhréireacht na mBallstát amhail an 10 Nollaig 2021 51

Foinse : Scórchlár an Mhargaidh Aonair 52

Graf 4: Easnamh i gcomhréireacht na mBallstát amhail an 10 Nollaig 2021

Foinse: Scórchlár an Mhargaidh Aonair 53

 
Níl chur chuige amháin ann maidir lena áirithiú go mbainfidh rialacha an Mhargaidh Aonair barr a gcumais amach, ach i ngach cás, tá gá le cultúr láidir comhlíonta agus spiorad na comhpháirtíochta chun an Margadh Aonair a bhainistiú go rathúil. Tá an Coimisiún tiomanta d’obair i gcomhar leis na Ballstáit ar an leibhéal iomchuí laistigh dá riarachán chun tacú le cur chun feidhme uaillmhianach rialacha an Mhargaidh Aonair agus chun é a chur chun cinn. Agus an comhar á chur i gcrích aige, leanfaidh an Coimisiún de dhianbheartas forfheidhmithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh gach Ballstát rialacha AE arna gcomhaontú i bhfeidhm i gceart agus go comhpháirteach freisin.

cur chuige straitéiseach maidir le forfheidhmiú á leanúint ag an gCoimisiún agus tá Plean Gníomhaíochta 54 maidir le Forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair 2020 á chur chun feidhme go rathúil aige, ag díriú ar shaincheisteanna criticiúla. Áirítear leis sin saoirse bunaíochta, saorchúrsaíocht earraí agus seirbhísí a áirithiú, lena náirítear soghluaisteacht gairmithe chun bearnaí scileanna a líonadh, rialacha maidir le soláthar poiblí a áirithiú chun go mbeidh cuideachtaí ábalta dul san iomaíocht ar fud an Mhargaidh Aonair agus cistí poiblí a úsáid go héifeachtúil, aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha íocaíochta agus ar mhoilleanna in íocaíochtaí, agus caighdeáin Eorpacha a fhorfheidhmiú chun leas na saoránach agus na gcuideachtaí.

I mí Feabhra 2023, ghlac an Coimisiún 24 chinneadh maidir le sárú chun bacainní sa Mhargadh Aonair a laghdú i seirbhísí agus é a dhéanamh níos éasca do chuideachtaí san Aontas Eorpach oibriú 55 . Ag an am céanna, chiallaigh gníomhaíocht láidir forfheidhmithe ag an gCoimisiún go bhféadfaí 18 gcás um shárú a dhúnadh mar gheall ar fhíorfheabhsúcháin sa Mhargadh Aonair le haghaidh seirbhísí.

Tagann bacainní nach bhfuil bonn cirt leo chun cinn nuair a thagann an dlí náisiúnta salach ar rialacha an Mhargaidh Aonair nó nuair a chuirtear na rialacha sin chun feidhme go neamhiomlán nó go neamhleor nó nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear de bharr chleachtais riaracháin na n‑údarás náisiúnta. Cuirtear bac leo ar chumas gnólachtaí déanamh go maith, a bheith iomaíoch i gcónaí agus leas a bhaint as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach.

Tá sé cruthaithe go leanann roinnt cineálacha bacainní ar aghaidh: Tá 60 % de na bacainní a thuairiscíonn gnólachtaí atá le sárú inniu den chineál céanna agus a tuairiscíodh 20 bliain ó shin 56 . Baineann go leor díobh sin le rialachán náisiúnta agus le cleachtais riaracháin, nach mór, ar an gcéad dul síos, do na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu go díreach. Áirítear ar bhacainní arna ndeimhniú ag páirtithe leasmhara castacht nósanna imeachta náisiúnta agus easpa faisnéise maidir leo, ceanglais náisiúnta dhíréireacha i réimse na seirbhísí, lena náirítear soghluaisteacht gairmithe, ceanglais riaracháin throma maidir le hoibrithe a phostú agus deacrachtaí a bhaineann le cánachas i gcomhthéacs trasteorann. Níl go leor bacainní den sórt sin faoi réir comhchuibhiú reachtach agus, dá bhrí sin, tá sé fós ina phríomhchuspóir bacainní a laghdú ar an leibhéal náisiúnta. Cuidíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil leis na Ballstáit riarachán poiblí a fheabhsú agus timpeallacht chumasúcháin ghnó a chruthú.

Tá seirbhísí ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais. Is iad sin thart ar 70 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais agus 73 % den fhostaíocht iomlán. Cuimsítear i seirbhísí raon leathan earnálacha agus go leor gníomhaíochtaí éagsúla. Oibríonn saorghluaiseacht seirbhísí go maith i roinnt earnálacha, arna héascú le teicneolaíochtaí digiteacha agus rialacha comhchuibhithe. Is margaí baile iad cinn eile den chuid is mó, uaireanta mar gheall ar thosca intreacha na seirbhíse ar leith (e.g. roghanna margaidh réigiúnacha nó náisiúnta). I gcás ina bhfuil scóip ann chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i seirbhísí, do bhacainní atá nasctha de ghnáth le rialachán náisiúnta i réimse na seirbhísí gnó, do cheanglais maidir le húdarú srianta i réimse na gceanglas miondíola, ceanglais rialála agus riaracháin a dhéanann an sholáthar trasteorann seirbhísí foirgníochta níos casta, agus do shrianta ar thurasóireacht le haghaidh soláthar trasteorann seirbhíse agus a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh seirbhísí cóiríochta araon.

Tá ról tábhachtach ag comhar neartaithe idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus ag malartuithe faisnéise, chomh maith le malartú tuairimí, go háirithe sa Chomhairle Iomaíochais, maidir le rialacha an Mhargaidh Aonair a chur chun feidhme go héifeachtach, sáruithe ar dhlí an Aontais a chosc ón tús agus sáruithe ar dhlí an Aontais a sheachaint.

Léiríodh le hobair an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) 57 , a bunaíodh in 2020, an luach suntasach a bhaineann le comhoibriú idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun dul i ngleic leis na bacainní nithiúla a bhíonn ar ghnólachtaí an Aontais sa Mhargadh Aonair. Dírítear an obair chomhpháirteach agus an dianobair san fhóram nuálach sin ar an gcreat rialála a shimpliú agus bacainní riaracháin i réimsí ar leith a laghdú. Mar shampla, tá sé comhaontaithe ag na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na srianta ar ghairmithe agus ar ghnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí sealadacha trasteorann a shimpliú agus, bunaithe ar dhea-chleachtais, deireadh a chur le seiceálacha réamhcháilíochta do 247 gairm agus ceanglais riaracháin agus doiciméid a athbhreithniú agus a laghdú.

D’aithin SMET freisin níos mó ná 80 ceann de na bacainní is práinní ar dheonú réidh agus tapa ceadanna le haghaidh suiteálacha fuinnimh gaoithe agus gréine a úsáid. Ag cuimhneamh go bhfuil 50 000 FBM gníomhach i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite, trí dheireadh a chur leis na bacainní sin éascófar fás inbhuanaithe. Fágfaidh sé sin go mbeidh an tAontas níos tarraingtí mar shuíomh infheistíochta, agus go gcomhlánóidh sé go maith an togra le haghaidh Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, a bhfuil sé d’aidhm aige infheistíochtaí a éascú agus a luathú i dtionscadail déantúsaíochta teicneolaíochta glan-nialasachta chun táirgeadh painéal gréine, tuirbíní gaoithe agus teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain eile san Eoraip a mhéadú go suntasach. Comhlánófar go luath tríd an reachtaíocht sin an creat dlíthiúil atá ann cheana maidir le húsáid suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a cheadú (bunaithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite) a mhéid a bhaineann le creat dlíthiúil comhchuibhithe chun ceadú le haghaidh saoráidí tionsclaíocha nua a tháirgeann teicneolaíochtaí den sórt sin a chomhchuibhiú, lena n‑áirítear tionscadail ar mhéid gigeamhonarcha. Athdhearbhaíonn an Coimisiún an luach suntasach atá ag SMET mar uirlis chomhoibritheach leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní an Mhargaidh Aonair, agus dá bhrí sin braitheann sé ar iarrachtaí comhpháirteacha leanúnacha arb é is aidhm leo táirgí insoláthartha nithiúla a sholáthar laistigh den chreat sin.

Tá sé ríthábhachtach freisin go leanfar leis an teagmháil struchtúrtha atá ann cheana le páirtithe leasmhara gnó, lena náirítear i gcomhthéacs an Fhóraim Thionsclaíoch 58 , an Líonra Fiontar Eorpaigh (EEN), líonra thoscairí náisiúnta na FBManna agus líonra na mbraislí, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní atá rompu. Is le hobair anailíseach amhail Tuarascáil Bhliantúil an Mhargaidh Aonair agus Tuarascáil Bhliantúil SMET a chothófar an obair seo. Is uirlis úsáideach é Scórchlár an Mhargaidh Aonair do na páirtithe leasmhara go léir chun na bacainní atá fágtha a thuiscint agus chun gníomhartha chun deireadh a chur leo a dhearadh. Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar tháscairí roghnaithe ó Scórchlár an Mhargaidh Aonair agus ó fhoinsí ábhartha eile a bhaineann le forfheidhmiú agus leis an timpeallacht ghnó, amhail easnaimh trasuí agus chomhréireachta, soláthar poiblí, moilleanna ar íocaíochtaí ó údaráis phoiblí agus infhaighteacht seirbhísí poiblí digiteacha chomh maith leis na táscairí sin a forbraíodh sna Moltaí Athchóirithe do sheirbhísí gairmiúla.  59   

Ba cheart leas iomlán a bhaint as na hionstraimí comhair atá ann cheana chun tuilleadh feabhais a chur ar réiteach réamhghníomhach agus praiticiúil fhadhbanna an Mhargaidh Aonair do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, lena náirítear gníomhaíocht phráinneach ó na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh acmhainní daonna leordhóthanacha ag lárionaid náisiúnta SOLVIT 60 . Léirítear go bhfuil sé thar a bheith éifeachtach má dhéantar grinnscrúdú ar bhearta náisiúnta sula nglactar iad chun coinbhleachtaí le rialacha an Mhargaidh Aonair a chosc. D’éirigh le SOLVIT níos mó ná 2000 cás a réiteach in 2021 61 leis an meánráta réitigh 87 %.

D’fhorbair an sásra fógartha faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair (córas fógartha SMTD) 62 ina uirlis fhíorchoisctheach, ag treisiú idirphlé agus comhair idir na Ballstáit agus an Coimisiún ag céim luath, mar shampla maidir le hiompar astaíochtaí ísle nó athchúrsáil agus dramhaíl a laghdú.

Chun comhlíonadh rialacha an Mhargaidh Aonair a fheabhsú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún oibleagáidí fógartha na mBallstát a shimpliú trí phointe iontrála fógra aonair a chur ar bun d’fhógraí an Mhargaidh Aonair. De bhrí go bhfuil ar na Ballstáit uirlisí éagsúla fógartha a úsáid faoi láthair, ar uirlisí iad a bunaíodh faoi phíosaí éagsúla den reachtaíocht maidir leis an Margadh Aonair, le hAonad Ilfhreastail Aonair beidh na Ballstáit ábalta gach fógra a thabhairt chun críche in aon áit amháin.

I réimse na seirbhísí, tá próiseas tosaíochta á sheoladh ag an gCoimisiún freisin chun aghaidh a thabhairt i gcomhpháirt le Ballstáit ar bhacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí in éiceachórais thionsclaíocha a bhfuil ábhar ard seirbhísí iontu agus nach bhfuil a n‑acmhainneacht trádála trasteorann bainte amach acu. Is seirbhísí foirgníochta, miondíola, turasóireachta agus gnó iad na héiceachórais sin go háirithe.

Níl go leor bacainní ceaptha mar sin – is minic nach mbíonn iontu ach toradh ar bhealaí éagsúla chun rudaí a dhéanamh, a cheaptar ag amanna éagsúla i mBallstáit éagsúla, dírithe ar bhreithnithe náisiúnta nó áitiúla. Ní thiocfaidh siad salach go follasach ar an gConradh ná ar a rialacha comhchuibhithe. Mar sin féin, is féidir leo bac suntasach a chur ar ghnó trasteorann fós. Thairis sin, in ainneoin na dtairbhí is féidir linn go léir a bhaint as malartuithe níos réidhe, as leasanna cumhachtacha dílsithe, as tosaíochtaí eile atá níos feiceálaí ó thaobh na polaitíochta de agus/nó as fórsa simplí na táimhe, féadfaidh siad go léir a bheith ina mbac ar réitigh phraiticiúla. Ní féidir leis gurb é an Coimisiún an taon ghuth maidir le leas an Mhargaidh Aonair, ag gníomhú trína chumhachtaí forghníomhaithe agus comórtha. Tá guth tiomnaithe de dhíth ar an Margadh Aonair freisin laistigh den riaracháin náisiúnta. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún do gach Ballstát Oifig thiomnaithe Margaidh Aonair a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an Margadh Aonair. Ba cheart go mbeadh ceannaireacht shinsearach agus acmhainní<>iomchuí ag oifig den sórt sin, agus ba cheart go mbeadh sé ina buntreoir chun saincheisteanna a ardú agus réitigh a mholadh go réamhghníomhach laistigh den chóras cinnteoireachta náisiúnta 63 . Bheadh an obair seo comhlántach le huirlisí comhoibritheacha amhail SOLVIT agus SMET agus d’fhéadfadh sí cur go háirithe le dul i ngleic leis na bacainní atá fágtha le haghaidh seirbhísí.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí cosc ar teacht chun cinn bacainní trádála nua agus tá sé sin ábhartha go háirithe in earnáil na seirbhísí, i gcás inar cuireadh srian ar an gcumas comhtháthú níos fearr a bhaint amach sa Mhargadh Aonair le héagsúlacht na rialála náisiúnta agus na leasanna dílsithe láidre. Leis an Treoir maidir le Seirbhísí, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil údar maith leis na rialacháin nua a thugann siad isteach agus go bhfuil siad comhréireach, is é sin, a mhéid a bhaineann le srianta amhail teorainneacha críche, rialacha maidir le húinéireacht cuideachtaí nó taraifí seasta. Leis an Treoir maidir le Seirbhísí, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit freisin ceanglais nua den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Ina theannta sin, ó bhí 2020 ann, soláthraíodh leis an Treoir maidir le Tástáil Comhréireachta creat do na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar an bhfáth a bhfuil aon rialacha náisiúnta nua neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus míniú a thabhairt air sin. Ní bhaineann sé ach le cuid den gheilleagar seirbhísí, áfach, is é sin seirbhísí gairmiúla rialáilte. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit ar conas an leas is fearr a bhaint as an gcreat sin le haghaidh seirbhísí i gcoitinne agus ní do ghairmeacha amháin. Déanfaidh sé amhlaidh trí uirlis fógartha na Treorach maidir le Seirbhísí a oiriúnú agus treoir spriocdhírithe bhreise a sholáthar do na Ballstáit chun na critéir chomhréireachta sin a chur i bhfeidhm. Cuirfidh sé sin go mór le rialáil níos fearr agus le rialáil nach bhfuil chomh sriantach sin agus seachnóidh sé dul i muinín forfheidhmiú ex-post costasach agus neamhriachtanach.

Tá grúpa mór Ballstát tar éis tosú ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún d’fhonn r-dhearbhú coiteann a thabhairt isteach go deonach d’oibrithe ar postú 64 . Molann an Coimisiún do na Ballstáit uile oibriú chun a gcuid oibre a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2023.

Tá gá le gealltanas polaitiúil athnuaite ar gach leibhéal chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú rialacha an Mhargaidh Aonair a fheabhsú agus chun gealltanais a tugadh cheana a chomhlíonadh 65 . Cuirfidh an Coimisiún torthaí Scórchlár an Mhargaidh Aonair in iúl go rialta do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an Margadh Aonair, go háirithe sa Chomhairle Iomaíochais. Ba cheart go ndéanfaí measúnú sa phlé ar an dul chun cinn maidir leis na spriocanna a bhaint amach, gníomhaíocht bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na mBallstát maidir le rialacha an Mhargaidh Aonair a fhorfheidhmiú agus bacainní neamhriachtanacha agus díréireacha a laghdú.

Tagraíonn an Coimisiún dá ghlao roimhe sin ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt an teasnamh trasuite a theorannú go 0.5 % maidir le gach treoir 66 agus go 0 % i gcás treoracha a bhfuil a gcur chun feidhme thar téarma níos mó ná dhá bhliain 67 . Mar an gcéanna, tagraíonn an Coimisiún don togra a rinne sé roimhe seo chun an teasnamh comhréireachta a theorannú go 0.5 % maidir le gach treoir 68 . Ina theannta sin, i gcásanna a bhaineann le neamhchumarsáid na mbeart trasuite, tá an Coimisiún tar éis an sprioc de 12 mhí a mholadh ó na litreach d’fhógra foirmiúil chuig an réiteach ar an gcás a sheoladh nó chun cásanna sáraithe a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais 69 .

Bunaithe ar na gnéithe thuas, molann an Coimisiún spriocanna nithiúla a leagan síos maidir le forfheidhmiú agus é mar aidhm leis an t‑easnamh trasuí agus comhréireachta araon a theorannú go 0.5 %. Ina theannta sin, molann sé tagarmharc a leagan síos maidir le SOLVIT agus é mar aidhm 90 % ar a laghad de na cásanna a réiteach laistigh de 12 mhí i ngach Ballstát. Cuirfidh an Coimisiún a bharúlacha in iúl freisin maidir leis an dul chun cinn i dtaca le bacainní ar an Margadh Aonair a réiteach i gcomhthéacs uirlisí comhoibritheacha amhail SMET.

3.2. Leanúint de ghnéithe glasa agus digiteacha an Mhargaidh Aonair a chothú

Beidh an Margadh Aonair ríthábhachtach le haghaidh aistriú glas an Aontais agus le haghaidh an gheilleagair chiorclaigh. Ní mór don Aontas Eorpach a bheith i gceannas i gcónaí ar theicneolaíochtaí glana agus ní mór dó a bheith iomaíoch maidir le dícharbónú chun geilleagar aeráidneodrach a chur ar fáil. Ní mór dúinn ábhair agus acmhainní eile a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus aistriú chuig geilleagar ciorclach ina gcoinnítear luach na n‑ábhar i dtáirgí agus ina n‑íoslaghdaítear dramhaíl. Tá an Plean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach á chur i bhfeidhm agus tá spriocanna uaillmhianacha leis chun aistriú glas agus aistriú digiteach a chur chun cinn.

Leis na comhrialacha is infheidhme ar fud an Aontais beidh sé níos éasca do ghnólachtaí an dúshlán a shárú, agus ar an gcaoi sin ár gcuspóirí a bhaint amach – ar an leibhéal domhanda freisin b’fhéidir. Le rialacha éicidhearthóireachta do Tháirgí Inbhuanaithe éascaítear agus méadaítear aisghabháil agus athchúrsáil ábhar ó tháirgí ag deireadh a saolré, ag íoslaghdú táirgeadh dramhaíola. Leis an Tionscnamh Pas Táirge beidh tomhaltóirí agus d’oibreoirí ábalta rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis maidir le comhlíonadh táirgí, chomh maith le hábhar athchúrsáilte agus in-athchúrsáilte i dtáirgí.

Le creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais cuirtear uirlisí ar fáil a chabhraíonn le caipiteal príobháideach infheistiú i ngníomhaíochtaí glasa agus an t‑aistriú a mhaoiniú. Le Tacsanomaíocht an Aontais cuirtear liosta gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ar fáil atá curtha in oiriúint d’infheisteoirí atá ag lorg infheistíochtaí glanteicneolaíochta agus infheistíochtaí inbhuanaithe.

Cé go bhfuil, a bhuí le dearadh reatha mhargadh leictreachais an Aontais Eorpaigh, margadh éifeachtúil, atá comhtháite go maith á sholáthar le blianta fada, margadh ina ndreasaítear úsáid fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin agus teicneolaíochtaí solúbtha glana, tá aird tarraingthe ag an ngéarchéim fuinnimh le déanaí ar roinnt easnamh, rud ba chúis le méadú suntasach ar phraghsanna do theaghlaigh agus do chuideachtaí a chuaigh i gcion ar a mbillí leictreachais. Chun freagairt don ghéarchéim, ghlac an tAontas bosca uirlisí do phraghsanna fuinnimh lena raibh bearta chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda (lena náirítear tacaíocht ioncaim, sosanna cánach, agus bearta chun gás a shábháil agus a stóráil), chomh maith le plean REPowerEU lena raibh bearta agus maoiniú breise chun éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a threisiú d’fhonn spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú. Mhol an Coimisiún athchóiriú ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais 70 .

Is cuid fhorleatach agus cuid dár saol laethúil é an digitiú. Is príomhchúinse é d’iomaíochas, do rathúnas agus d’fholláine ár sochaithe san Aontas. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus leis an nGníomh um Margaí Digiteacha cuirtear cumhachtaí nua forfheidhmiúcháin, idir díreach agus imscrúdaitheach, faoi chúram an Choimisiúin, ar cumhachtaí iad atá ar eolas cheana féin i roinnt réimsí eile, amhail dlí na hiomaíochta nó rialáil airgeadais. Tá an Coimisiún tiomanta do gach beart imscrúdaitheach agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh agus dá chumhachtaí maoirseachta a úsáid i gcoinne ardáin an-mhór ar líne agus i gcoinne innill chuardaigh an-mhór ar líne chomh maith le geatóirí, i gcás nach gcomhlíonann siad a n‑oibleagáidí DSA nó DMA.

Teastaíonn rochtain ar nascacht iontaofa, thapa agus shlán ar fud an Aontais ó mhuintir na hEorpa ar fud an Mhargaidh Aonair, lena n‑áirithítear go bhfuil na bonneagair chriticiúla uile san Aontas, lena n‑áirítear bonneagair chumarsáide leictreonaí agus bhonneagair dhigiteacha, an-slán. I gcomhthráth leis an togra le haghaidh Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin a glacadh an 23 Feabhra, sheol an Coimisiún comhairliúchán leathan turgnamhach ar thodhchaí na hearnála nascachta. Déantar iniúchadh sa chomhairliúchán freisin ar conas is féidir linn bogadh i dtreo Fíor-Mhargaidh Aonair le haghaidh cumarsáid leictreonach. Rachadh sé sin chun tairbhe do shaoránaigh trí sheirbhísí teileachumarsáide níos fearr agus níos inacmhainne a chur ar fáil dóibh.

Tá sé mar aidhm le Straitéis Eorpach maidir le Sonraí 2020 fíor-Mhargadh Aonair a chruthú do shonraí ina n‑urramaítear rialacha Eorpacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí go hiomlán agus ina bhfuil soiléireacht dhlíthiúil ann maidir le cé atá in ann na sonraí a rochtain agus a úsáid agus na coinníollacha faoina bhfuil siad in ann a chomhlíonadh. Mhol an Coimisiún an Gníomh um Shonraí i mí Feabhra 2022 chun an bunchreat a leagan síos chun cothroime sa timpeallacht dhigiteach a áirithiú, margadh sonraí iomaíoch a spreagadh, deiseanna oscailte do nuálaíocht bunaithe ar shonraí a chur ar fáil agus sonraí a dhéanamh níos inrochtana do chách. Tacófar leis an gcreat ginearálta trí spásanna sonraí Eorpacha coiteanna a chruthú agus a idirnascadh in earnálacha straitéiseacha agus i réimsí leasa phoiblí.

In éineacht le foilsiú na Teachtaireachta seo, tá Spás Sonraí Soláthair Phoiblí á sheoladh ag an gCoimisiún 71 , lena náiritheofar sonraí níos inrochtana agus níos fearr ar ardchaighdeán do chonarthaí poiblí, arb ionann iad agus thart ar EUR 2 thrilliún (beagnach 13.6 % de OTI an Aontais) 72 . Cruthóidh an spás sonraí seo cothrom na Féinne do ghnólachtaí a dhéanann tairiscintí ar thionscadail soláthair phoiblí áit ar bith san Aontas. Beidh sé ina uirlis an-úsáideach do FBManna. Cuideoidh sé le ceannaitheoirí poiblí agus le gnólachtaí poiblí a straitéisí infheistíochta agus tairisceana a fheabhsú, agus tabharfaidh sé trédhearcacht níos fearr agus luach níos fearr ar airgead do na páirtithe leasmhara go léir.

Ní hamháin go gcumasófar sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte atá beartaithe othair aonair, ach cumasófar ann freisin taighde agus nuálaíochtaí a bhaineann leis an tsláinte ar scála Eorpach 73 . Ní mór dul i ngleic freisin le ilroinnt iomarcach an Mhargaidh Aonair do chógaisíocht, chun cúrsaíocht táirgí íocshláinte a éascú ar mhaithe le hothair AE.

Tar éis na mblianta de phlé, cuirfear an Paitinn Aonadach i gcrích faoi dheireadh i mí an Mheithimh 2023. Tá sé sin ina neartú atá thar am ar an Margadh Aonair sa teicneolaíocht. Is iad na paitinní na foinsí is láidre de chearta maoine intleachtúla, agus tá siad ríthábhachtach d’infheistíocht san aistriú digiteach. Tugtar le tuiscint in ionsamhluithe go bhféadfadh an Phaitinn Aonadach méadú EUR 1.8 billiún a ghiniúint ar infheistíocht dhíreach bhliantúil eachtrach isteach san Aontas 74 . Beidh athchóiriú ar Phaitinní Riachtanacha Caighdeánacha ag gabháil leis an bPaitinn Aonadach ina leagfar amach na caighdeáin cheadúnaithe dhomhanda ar bhealach lena nuasmhéadófar infheistíocht T&F shealbhóirí agus fheidhmitheoirí Bhunphaitinn Chaighdeáin an Aontais.

A bhuí leis an digitiú tá sé níos éasca do shaoránaigh a gcearta slándála sóisialta a fheidhmiú thar theorainneacha. Déanfaidh an Coimisiún, le linn 2023, tionscnamh a thíolacadh maidir le comhordú na slándála sóisialta a dhigitiú, i ndáil leis an obair ar threoirthionscadal do Phas Eorpach slándála sóisialta 75 . Cuirfear i láthair sa tionscnamh an chaoi a néascaítear leis an digitiú sa réimse seo feidhmiú chearta slándála sóisialta na saoránach ar fud na hEorpa agus dá bhrí sin tacaíonn sé le saorghluaiseacht daoine agus le soghluaisteacht an lucht saothair. Déanfar tuairisc ann ar an dul chun cinn maidir le digitiú na slándála sóisialta, na príomhdhúshláin agus na príomhdheiseanna, naisc le tionscnaimh dhigiteacha eile agus socrófar garspriocanna soiléire go dtí 2030 ann, a thacóidh le fís fhadtéarmach an Choimisiúin maidir le córais slándála sóisialta níos idir-inoibrithí agus níos idirnasctha.

Tá ról gníomhach ag an Aontas freisin i réimse na mbeartas cánach chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh agus chun dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú. Mar shampla, cuideoidh an togra maidir le CBL sa ré dhigiteach 76 go mór leis an Margadh Aonair a neartú trí oibleagáidí trádálaithe CBL a shimpliú tuilleadh, go háirithe FBManna, agus trí cheanglas tuairiscithe dhigitigh a mholadh a chuirfidh cosc ar ilroinnt bhreise san Aontas. An Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT), atá á ullmhú faoi láthair, lena dtabharfar isteach leabhar rialacha cánach corparáide amháin don Aontas, rud a chruthóidh cur chuige comhleanúnach i leith cánachais ghnó ar fud an Aontais.

Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag ullmhú athchóiriú uaillmhianach ar an Aontas Custaim, rud a neartóidh tuilleadh an comhar idir na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh, lena náirítear trí anailísíocht láraithe sonraí maidir le bainistiú riosca, agus trí mhalartú níos cuimsithí agus níos struchtúrtha sonraí ó ilfhoinsí. Tá sé thar a bheith tábhachtach do ghnólachtaí an Aontais rath a bheith orthu i bhfianaise dúshláin nua gheo-pholaitiúla agus a saoráidí táirgthe laistigh den Mhargadh Aonair a choinneáil, rud a chaomhnóidh a shláine agus a chothóidh cothrom na Féinne le táirgeoirí tríú tíortha. Príomhchuspóir de chuid an athchóirithe Custaim is ea rialacha an Aontais ag teorainneacha seachtracha, lena náirítear toirmisc agus srianta, a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí 77 . 

Chun aistriú go geilleagar glas agus digiteach a bhaint amach go rathúil tá gá le lucht saothair ag a bhfuil na scileanna oideachais riachtanacha. Cheana féin inniu, dearbhaíonn 77 % de chuideachtaí go mbíonn siad ag streachailt chun fostaithe a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a aimsiú 78 . Príomhuirlis chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuideachtaí ar na scileanna nuair a theastaíonn siad uathu agus cá háit a dteastaíonn siad uathu ná córas soghluaisteachta gairmiúla an Aontais, rud a chuir ar chumas 800 000 duine cheana a ngairm a chleachtadh i mBallstát eile ó bhí 1997 ann. Ó bhí 2013 ann, mar gheall ar an gCárta Gairmiúil Eorpach agus an Tástáil Chomhchoiteann Oiliúna a thabhairt isteach, tá an tsoghluaisteacht níos éasca, ach i líon teoranta gairmeacha amháin. Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin agus chun aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla i mBallstáit eile a dhéanamh níos tapúla agus níos éasca do níos mó daoine, déanfaidh an Coimisiún iniúchadh leis na Ballstáit ar an bhféidearthacht na huirlisí sin agus uirlisí comhchosúla a úsáid ar bhealach níos forleithne. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún togra i láthair in 2023 chun aitheantas na gcáilíochtaí atá ag náisiúnaigh tríú tír a éascú chun an Margadh Aonair a dhéanamh níos tarraingtí do thallann agus d’oibrithe oilte ó lasmuigh den Aontas. Déanfaidh an Coimisiún an Deimhniú Eorpach um Scileanna Digiteacha a reáchtáil ar bhonn píolótach d’fhonn a áirithiú go mbeidh íosleibhéal cáilíochta ó thaobh scileanna digiteacha agus uasoiliúna de ann agus go dtabharfar aitheantas dó ar fud an Aontais. Ag an am céanna, críochnóimid an Limistéar Eorpach Oideachais faoi 2025, rud a neartóidh tuilleadh gné dhigiteach agus ghlas chórais oideachais na mBallstát, a chuideoidh le foghlaimeoirí agus múinteoirí oibriú ar fud an Mhargaidh Aonair agus á dhéanamh níos éasca do thaighdeoirí agus d’ollscoileanna comhoibriú lena chéile.

* * *

4.Conclúidí

Chuaigh an Margadh Aonair chun leas na saoránach, na ngnólachtaí agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus geopholaitiúla. Cé nach bhfuil aon cheist ann faoi na sochair sin, táthar ag leanúint le tuilleadh iarrachtaí comhpháirteacha d’fhonn réitigh a iniúchadh agus a aimsiú d’fhonn leas breise a bhaint as an acmhainneacht nach bhfuil leas bainte aisti fós. Beidh gá leis an Margadh Aonair leanúint le dul in oiriúint do staid nua na timpeallachta geopholaitiúla, na bhforbairtí teicneolaíochta, an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus an ghá le hiomaíochas agus táirgiúlacht fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh a threisiú.

Ba é cruthú an Mhargaidh Aonair tríocha bliain ó shin an toradh a bhí ar an iarracht choiteann. Agus muid ag féachaint chun cinn, ní mór dúinn leanúint de thairbhí an Mhargaidh Aonair a uasmhéadú i gcomhthéacs na staide nua sin. Ar an gcéad dul síos, tá gá le fócas athnuaite ar dhul i ngleic le bacainní sna réimsí is ábhartha don gheilleagar ina iomláine, amhail seirbhísí, margaí caipitil, margaí fuinnimh, margaí digiteacha agus margaí sonraí. Ar an dara dul síos, ní mór do ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin díriú ar réimsí a bhfuil an acmhainneacht is airde neamhshaothraithe iontu, amhail seirbhísí gnó, miondíol, tógáil agus turasóireacht. Ar an tríú dul síos, tá gá le tagarmharcanna soiléire chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann le rialacha AE a thrasuí agus a chur chun feidhme, bacainní riaracháin a laghdú agus an timpeallacht ghnó a fheabhsú.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn bunaithe ar Scórchlár an Mhargaidh Aonair agus ar fhoinsí ábhartha eile a bhaineann le forfheidhmiú agus leis an timpeallacht ghnó chomh maith le dul chun cinn i gcreat SOLVIT agus uirlisí comhoibritheacha amhail SMET.

Bunaithe ar na gnéithe a chuirtear i láthair thuas, beidh tuairisciú an Choimisiúin maidir le dul chun cinn le forfheidhmiú agus le cur chun feidhme rialacha an Mhargaidh Aonair agus maidir le dul ngleic le bacainní ar an Margadh Aonair mar bhonn eolais faoi phlé sa Chomhairle agus sa Chomhairle Eorpach. Iarrtar ar Cheannairí Stáit agus Rialtais na forbairtí faoi seach a phlé ar bhonn bliantúil i gcomhthéacs Chomhairle Eorpach an Earraigh.

Éileofar leis sin ar fad iarracht chomhchoiteann, i gcomhar leis na gníomhaithe go léir – Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit, an Coimisiún, chomh maith le gnólachtaí, FBManna agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta – agus ról á imirt acu uile.

Iarrann an Coimisiún ar cheannairí, ar rialtais, ar reachtóirí agus ar chomhpháirtithe sóisialta páirt a ghlacadh i gcomóradh na bliana seo ar an Margadh Aonair mar dheis chun iarrachtaí a threisiú ionas go coinneoidh an Margadh Aonair ag soláthar agus ag soláthar ar bhealach níos fearr, do dhaoine agus do ghnólachtaí. Is gá machnamh leanúnach a dhéanamh ar conas an Margadh Aonair a thabhairt ar aghaidh sna 30 bliain amach romhainn. 

(1)

Arna thomhas i bpaireacht cumhachta ceannaigh, Ionchas Eacnamaíoch Domhanda an IMF.

(2)

Lena n‑áirítear cinn dhéimeagrafacha.

(3)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18.1.2023 maidir le comóradh 30 bliain an Mhargaidh Aonair: éachtaí a cheiliúradh agus féachaint i dtreo forbairtí amach anseo, P9_TA(2023)0007.

(4)

  Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 9 Feabhra 2023 .

(5)

Costas na Neamh-Eorpa a mhapáil 2019-24, Staidéar ar Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, 2019.

(6)

Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa tugtar aitheantas don ról iomlánaíoch sin atá ag an Margadh Aonair (féach pointe 9).

(7)

An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh: https://www.acer.europa.eu/events-and-engagement/news/press-release-acer-publishes-its-final-assessment-eu-wholesale .

(8)

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh https://ec.europa.eu/internal_market/imi-net/index_en.htm.

(9)

  Scórchlár an Mhargaidh Aonair 2022 , Feidhmíocht fhoriomlán IMI.

(10)

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Céannacht Dhigiteach Eorpach (europa.eu) .

(11)

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Cinneadh maidir le Clár Beartais 2030 don ‘Deacáid Dhigiteach’ .

(12)

OTI ar phraghsanna reatha.

(13)

Gan earnáil airgeadais a áireamh.

(14)

Celebrating 30 years of EU Single Market 1993-2023 [Ag ceiliúradh 30 bliain de Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh 1993-2023], Eurostat : https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/w/edn-20221206-1 .

Clúdaítear san fhigiúr sin an ‘geilleagar gnó neamhairgeadais’ (NACE Ath. 2 ailt B go N agus rannán 95 seachas alt K) lena n‑áirítear: tionscal, tógáil, trádáil agus dáileachán, seirbhísí neamhairgeadais.

(15)

Plépháipéar 094:  Quantifying the Economic Effects of the Single Market in a Structural Macromodel [Cainníochtú a dhéanamh ar Éifeachtaí Eacnamaíocha an Mhargaidh Aonair i Macrashamhail Struchtúrach] (europa.eu) , Jan in’t Veld, 2019.

(16)

Foinse: Aireacht Tionscail, Gnó agus Gnóthaí Airgeadais na Danmhairge: Soláthraítear 56 milliún post sa Mhargadh Aonair ar fud an Aontais.  

(17)

Fostaithe i gcuideachtaí a onnmhairíonn seirbhísí nó a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí idirmheánacha don earnáil onnmhairithe.

(18)

Foinse: ‘Cross border services in the internal market: an important contribution to economic and social cohesion’, [Seirbhísí trasteorann sa mhargadh inmheánach: rannchuidiú tábhachtach le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta], Staidéar le Manuel Fritsch agus an Dr Roman Bertenrath (2019); https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/publications-other-work/publications/cross-border-services-internal-market-important-contribution-economic-and-social-cohesion .

(19)

Foinse: Parson, C. agus Smith, A. (2022) “The ‘completeness’ of the EU Single Market in comparison to the United States” [‘Iomláine’ Mhargadh Aonair an Aontais i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe], Páipéir Gheilleagair an Mhargaidh Aonair, WP7, Oifig Foilseachán an Choimisiúin Eorpaigh. Féach freisin Cuid 2.4 maidir leis an gcaoi a ndírítear ar bhacainní neamh-rialúcháin san Aontas trí chomhar riaracháin agus uirlisí digiteacha.

(20)

Foinse: An Banc Ceannais Eorpach (2022), Lánpháirtíocht agus Struchtúr Airgeadais sa Limistéar Euro, Tuarascáil theicniúil, an Banc Ceannais Eorpach, Frankfurt. An Coimisiún Eorpach (2022), Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus Lánpháirtíocht na hEorpa, Doiciméad Oibre Foirne, SWD(2022) 93 final, an Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil.

(21)

Is líonra comhair Eorpach de sheirbhísí fostaíochta é EURES a ceapadh chun saorghluaiseacht oibrithe a éascú EURES (europa.eu) .

(22)

Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE).

(23)

Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle.

(24)

Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach.

(25)

Fíor ina gclúdaítear AE-28. Féach European Economic and Social Committee, Recent evolutions of the Social Economy in the European Union [Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Forbairt a tharla le déanaí maidir leis an nGeilleagar Sóisialta san Aontas Eorpach], le Monzon J. L. agus Chaves R., 2017.

(26)

Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar sóisialta’, COM(2021)778.

(27)

Foinse: Parson, C. agus Smith, A. (2022) “The ‘completeness’ of the EU single market in comparison to the United States”, [‘Iomláine’ Mhargadh Aonair an Aontais i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe], Páipéir Gheilleagair an mhargaidh aonair, WP7, Oifig Foilseachán an Choimisiúin Eorpaigh. Féach freisin Cuid 2.4 maidir leis an gcaoi a ndírítear ar bhacainní neamh-rialúcháin den sórt sin san Aontas trí chomhar riaracháin agus uirlisí digiteacha.

(28)

Le deich mbliana anuas, chuir taighde agus nuálaíocht sa chiall is leithne le dhá thrian d’fhás táirgiúlachta an Aontais. Chuidigh Fís Eorpach agus na cláir a tháinig roimhe le heolas agus teicneolaíochtaí den scoth a chruthú agus a scaipeadh níos fearr ar fud an Mhargaidh Aonair. Féach an tuarascáil maidir le Feidhmíocht Eolaíochta, Taighde agus Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh (SRIP) 2020. Léirítear i suirbhé Eorabharaiméadair mhí Dheireadh Fómhair 2022 ar bheartas iomaíochta, a dhíríonn ar shaoránaigh agus ar FBManna, go gcreideann formhór na bhfreagróirí go spreagann an iomaíocht nuálaíocht agus go néascaítear níos mó rogha agus praghsanna níos fearr léi. Féach https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_6374 .

(29)

I dtéarmaí sonracha, meastar go ndéanfar idirghabhálacha maidir le cumaisc, cairtéil agus coigilteas in aghaidh trustaí arna nginiúint ag custaiméirí díreacha sa raon EUR 12-21 bhilliún in aghaidh na bliana sa tréimhse 2012-2021 (Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair 2023, leathanach 18).

(30)

 D’fhonn athléimneacht iompar an Aontais le linn géarchéime a neartú, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an bPlean Teagmhais don Iompar (COM/2022/211 deiridh). Féach freisin an Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0: https://defence-industry-space.ec.europa.eu/action-plan-military-mobility-20_ga

(31)

  https://civil-protection-humanitarian-aid.ec.europa.eu/what/civil-protection/eu-civil-protection-mechanism_ga .

(32)

  Mar shampla, an Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (Treoir (AE) 2022/2557).

(33)

Féach an Córas Monatóireachta ‘SCAN’ (Fógra Foláirimh maidir le Shlabhra an tSoláthair), lena dtugtar isteach an cur chuige seo agus iarratas píolótach ar PVanna Gréine ag gabháil leis: https://single-market-economy.ec.europa.eu/publications/scan-supply-chain-alert-notification-monitoring-system_ga .

(34)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh um Shliseanna), COM(2022) 46 final.

(35)

COM(2023)160

(36)

COM(2023) 62

(37)

COM(2023) 161

(38)

  Creat Géarchéime agus Aistrithe Sealadach (europa.eu) .

(39)

  https://european-union.europa.eu/principles-countries-history/key-facts-and-figures/economy_ga .

(40)

Plean Gníomhaíochta Tosaíochta maidir le cur chun feidhme feabhsaithe Chomhaontú Saorthrádála Domhain agus Cuimsitheach AE-na hÚcráine.

(41)

Tá an Coimisiún ag réiteach an bealaigh do Chomhaontú maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de Tháirgí Tionsclaíocha (ACAA) leis an Úcráin. Tá an Coimisiún i mbun obair ullmhúcháin leis an Moldóiv freisin, agus é ar intinn aige tús a chur le caibidlíocht le haghaidh ACAA.

(42)

Chun an Margadh Aonair a neartú ar an talamh, glacadh pacáiste cistiúcháin suntasach dar luach EUR 4.2 billiún – an Clár don Mhargadh Aonair – chun tacú le gníomhaíochtaí éagsúla idir fhaireachas margaidh a fheabhsú agus tacaíocht réiteach fadhbanna a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, tacú le hiomaíochas FBManna agus sábháilteacht bia a fheabhsú.

(43)

Vacsaíní COVID-19 | An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (europa.eu) .

(44)

Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, RGCS).

(45)

Straitéis an Aontais maidir le Caighdeánú – Caighdeáin dhomhanda a leagan síos chun tacú le margadh aonair an Aontais atá athléimneach, glas agus digiteach, COM(2022) 31.

(46)

Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach.

(47)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éignithe a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais, COM(2022) 453 final.

(48)

COM(2023)168

(49)

Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir le Dlí an Aontais a Fhorfheidhmiú don Eoraip a sheachadann (COM(2022)518 final).

(50)

  Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh 2022 .

Breithnítear san anailís sin 997 treoir agus 5669 rialachán chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2021.

(51)

Féach fonótaí 65 go 68 chun teacht ar shonraí faoi spriocanna maidir le heasnamh forfheidhmiúcháin.

(52)

  Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh 2022 .

(53)

  Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh 2022 .

(54)

 Mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn 1 : Athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta 2020 maidir le Forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, Tuarascáil Bhliantúil an Mhargaidh Aonair 2023 . Cuireadh chun feidhme nó seoladh gach gníomhaíocht den Phlean Gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

(55)

  Saorghluaiseacht seirbhísí: Gníomhaíonn an Coimisiún (europa.eu) .

(56)

Féach ‘ 30 bliain den mhargadh aonair – machnamh a dhéanamh agus breathnú chun tosaigh’, an Coimisiún Eorpach 2022 .

(57)

  https://single-market-economy.ec.europa.eu/news/single-market-task-force-continues-tackle-barriers-single-market-2022-11-29_ga .

(58)

Tugtar Ballstáit, gnólachtaí de gach méid, ceardchumainn agus an tsochaí shibhialta le chéile san Fhóram Tionsclaíoch agus feidhmíonn sé mar bhonn braite do pháirtithe leasmhara agus taispeánann sé staid iomaíochais na hEorpa. Áirítear an Fóram freisin ar thascfhórsa tiomnaithe a bhfuil sé de chúram air staid an Mhargaidh Aonair a mheas. Cuireann sé go gníomhach le Conairí Aistrithe freisin, ina gcuirtear dúshláin rialála san áireamh maidir le haistrithe agus athléimneacht dhúbailte thionscal na hEorpa. Feidhmíonn sé mar bhonn braite ach freisin mar fhoinse faisnéise ar shaincheisteanna atá os comhair an tionscail agus conas aghaidh a thabhairt orthu. Tagann an Fóram le chéile i seisiún iomlánach 2-3 huaire in aghaidh na bliana, an ceann deireanach an 7 Márta 2023.

(59)

  De réir Scórchlár an Mhargaidh Aonair, bhí an scór is déanaí maidir le seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar do ghnólachtaí an-ard (thart ar 80 nó níos mó) do dhá thrian de na Ballstáit. I gcodarsnacht leis sin, in 2022, léirigh 19 as 27 mBallstát moilleanna ar íocaíochtaí poiblí níos airde ó údaráis phoiblí ná mar a bhí in 2019. Ar an iomlán, tugtar le fios leis na táscairí soláthair phoiblí go bhfuil staid chobhsaí ann, le feabhas beag. Mar sin féin, tá scóip ann chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i roinnt Ballstát, i réimsí amhail sciar na dtairiscintí soláthair phoiblí le tairgeoir aonair agus sciar na ndámhachtainí díreacha. Ar sheirbhísí gairmiúla, is beag a léirítear leis an scórchlár má rinneadh aon dul chun cinn idir 2007 agus 2021 maidir le bacainní rialála ar iontráil chuig gairmeacha agus ar fheidhmiú gairmeacha a laghdú. Is iad seirbhísí dlí an ghairm is mó cosanta sa Mhargadh Aonair fós.

(60)

  Lárionaid náisiúnta SOLVIT - an Coimisiún Eorpach (europa.eu) .

(61)

Lámh Chúnta SOLVIT sa Mhargadh Aonair: ag ceiliúradh 20 bliain  https://ec.europa.eu/solvit/_docs/2022/anniversary_report_web_en.pdf .

(62)

  Treoir maidir le trédhearcacht an mhargaidh aonair – EUR-Lex (europa.eu).

(63)

Ba cheart a ról a chur in oiriúint do chórais rialachais éagsúla, e.g. i gcórais chónaidhme, nó i gcás ina bhfuil dílárú suntasach i gceist.

(64)

Faoi thús 2023 agus tar éis comhairliúcháin agus staidéar féidearthachta, chomhaontaigh 20 Ballstát oibriú i dtreo foirm chomhchoiteann mar a fógraíodh sa Nuashonrú ar an Straitéis Thionsclaíoch 2021.

(65)

Sprioc 1 % don easnamh trasuite (céatadán de threoracha an Mhargaidh Aonair nár cuireadh in iúl go hiomlán don Choimisiún fós) arna bunú ag an gComhairle Eorpach, an Bhruiséil an 8-9 Márta 2007, agus sprioc 0 % don trasuí maidir le treoracha a bhfuil a gcur chun feidhme níos mó ná dhá bhliain thar téarma bunaithe ag an gComhairle Eorpach, Barcelona an 15-16 Márta 2002.

(66)

Sprioc maidir le heasnamh trasuí 0.5 % arna mholadh ag an gCoimisiún sa Gníomh um an Margadh Aonair COM/2011/0206

(67)

Sprioc trasuí 0 % do threoracha a bhfuil a gcur chun feidhme níos mó ná dhá bhliain thar téarma bunaithe ag an gComhairle Eorpach, Barcelona 15-16 Márta 2002

(68)

Spriocanna maidir le heasnamh comhréireachta 0.5 arna moladh ag an gCoimisiún sa Gníomh um an Margadh Aonair COM/2011/0206

(69)

Teachtaireacht ón gCoimisiún— dlí an Aontais: Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr C/2016/8600

(70)

COM(2023) 148 final

(71)

C(2023) 1696

(72)

Go dtí seo, níl ach codán beag sonraí, ó 20 % de na tairiscintí go léir, ar fáil agus inchuardaithe le hanailís a dhéanamh orthu in aon áit amháin, bunachar sonraí Tenders Electronic Daily an Aontais (TED). Déantar 80 % de na sonraí, ar an láimh eile, a scaipeadh i bhformáidí éagsúla agus in ilchórais ar fud na mBallstát.

(73)

  An Spás Eorpach Sonraí Sláinte (europa.eu).

(74)

  https://www.epo.org/service-support/publications.html?pubid=162#tab3 .

(75)

Comhlánaítear leis an bpas seo an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI), lena gcumasaítear malartuithe idir údaráis, trí idirghníomhaíochtaí agus malartuithe a éascú idir saoránaigh taistil, institiúidí slándála sóisialta agus riaracháin phoiblí ábhartha eile (e.g. cigireachtaí saothair agus soláthraithe cúraim sláinte), rud a fhágann gur féidir teidlíochtaí slándála sóisialta a fhíorú i bhfíor-am, lena n‑áirítear ag na gníomhaithe sin nach bhfuil rochtain acu ar chóras EESSI.

(76)

Féach (COM(2022)701 final).

https://taxation-customs.ec.europa.eu/taxation-1/value-added-tax-vat/vat-digital-age_ga .

(77)

Sampla eile de chomhar neartaithe idir na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh is ea Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Rialachán Custaim a glacadh le déanaí, lena n‑áirithítear idirnascadh na gcóras custaim náisiúnta: Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, IO L 317, 9.12.2022, lch. 1.

(78)

  Tuarascáil Bhliantúil 2023 ar an Margadh Aonair , lch. 23.

Top