EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE1010

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle (Tústuairim)

EESC 2023/01010

IO C 349, 29.9.2023, p. 24–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/24


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle

(Tústuairim)

(2023/C 349/05)

Rapóirtéir:

Antje Sabine GERSTEIN

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 20.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

29.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

12.7.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh díriú, den chuid is mó, ar an bhféidearthacht go mbeadh teicneolaíochtaí nua ann maidir le lipéadú digiteach, maidir le snáithíní agus an aicmiú a dhéanfar orthu agus maidir le hathchúrsáil, agus aitheantas a thabhairt, ar an gcaoi sin, do thimpeallacht rialála fhairsing nua an Aontais do theicstílí ina hiomláine.

1.2.

Bíonn leibhéal difriúil eolais á lorg ag tomhaltóirí éagsúla maidir leis na mionsonraí a bhíonn ar fáil ar lipéid teicstíle. Mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, ní mór freastal ar na leibhéil éagsúla sin trí fhaisnéis bhunúsach shothuigthe a chur ar fáil ar an gcéad dul síos, agus rochtain bhreise a thabhairt, ag an am céanna, ar fhaisnéis níos mionsonraithe.

1.3.

Agus é á chur san áireamh go bhfuil earnáil na dteicstílí ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil an domhandú tar éis dul i bhfeidhm uirthi, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach a dhícheall ceanglais lipéadaithe a ailíniú ar fud an Aontais agus ar fud an domhain maidir le sonraí tionscnaimh, treoracha cúraim, méid agus comhdhéanamh snáithíneach.

1.4.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach aird a thabhairt ar riachtanais speisialta na FBManna san earnáil sin. D’fhonn cosc a chur ar thuilleadh seachfhoinsithe thar lear, agus ós rud é go bhfuil 1,3 milliún duine fostaithe san earnáil ar fud an Aontais, ní mór dóthain solúbthachta a chur ar fáil leis na ceanglais nua faoin Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar chumas na FBManna ionas go gcoinneofar fostaíocht agus scileanna san earnáil sin den gheilleagar, agus ní hamháin sin ach go mbeifear in ann iad a fhorbairt tuilleadh.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

I Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha fógraíodh an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle (Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 (1)) lena gceanglaítear lipéad a chur ar tháirgí teicstíle a dhíoltar ar mhargadh an Aontais, ceann a léireoidh an comhdhéanamh snáithíneach go soiléir agus a thabharfaidh eolas ar chodanna neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch más ann dóibh. Mar chuid den athbhreithniú sin, luaitear sa straitéis go bhféadfaí nochtadh éigeantach cineálacha eile faisnéise a thabhairt isteach, amhail dálaí inbhuanaitheachta agus ciorclaíochta, méid na dtáirgí agus, i gcás inarb infheidhme, tír an mhonaraithe (‘déanta in’).

2.2.

Sa tuairim seo, fiosraíonn CESE na roghanna atá ann chun raon feidhme an rialacháin atá ann faoi láthair a leathnú trí ghnéithe áirithe a liostaítear cheana féin in Airteagal 24 den rialachán a mheas le haghaidh athbhreithnithe. Fiosraíonn sé dálaí eile freisin maidir le hinbhuanaitheacht agus ciorclaíocht, agus é sin ar fad i gcomhréir le tograí reachtacha reatha amhail an togra reachtach maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí inbhuanaithe. Cuirfear dearcadh na hearnála tionsclaíche san áireamh sa tuairim, lena n-áirítear costais agus malartú feabhsaithe faisnéise feadh an tslabhra luacha, mar aon le dearcadh an tomhaltóra, chun faisnéis cheart, chruinn agus shoiléir a áirithiú.

2.3.

Tacaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh díriú, den chuid is mó, ar an bhféidearthacht go mbeadh teicneolaíochtaí nua ann maidir le lipéadú digiteach, maidir le snáithíní agus an aicmiú a dhéanfar orthu agus maidir le hathchúrsáil, agus aitheantas a thabhairt, ar an gcaoi sin, do thimpeallacht rialála fhairsing nua an Aontais do theicstílí ina hiomláine, lena n-áirítear an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach maidir le maímh ghlasa (2).

2.4.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE, ina leith sin, go bhfuil aghaidh tugtha cheana féin i dtograí rialála cothrománacha atá thar a bheith casta ar roinnt mhaith gnéithe in earnáil na dteicstílí; tograí iad sin a bhfuil tús curtha cheana féin lena bpróiseas reachtach den chuid is mó. Tugtar aghaidh ar fhreagracht shóisialta chorparáideach agus ar shaincheisteanna a bhaineann le saothar sa Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus sa Rialachán maidir le Saothar Éignithe. Is gearr go rialófar cur in iúl na maíomh inbhuanaitheachta leis an Treoir maidir le Cumhachtú Tomhaltóirí agus an Treoir maidir le Maímh Ghlasa, agus tabharfar aghaidh sa Treoir Réime Dramhaíola athbhreithnithe ar na bunchoincheapa a bhaineann le bainistiú deireadh ré.

2.5.

Bíonn leibhéal difriúil eolais á lorg ag tomhaltóirí éagsúla maidir leis na mionsonraí a bhíonn ar fáil ar lipéid na dtáirgí teicstíle. Mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle ní mór freastal ar na leibhéil éagsúla sin trí fhaisnéis bhunúsach shothuigthe a chur ar fáil ar an gcéad dul síos, agus rochtain bhreise a thabhairt, ag an am céanna, ar fhaisnéis níos mionsonraithe, cuir i gcás trí fhaisnéis chaighdeánaithe faoin bpróiseas táirgthe a chur ar fáil go deonach.

2.6.

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur tionscnamh um oiriúnacht rialála (REFIT) é an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle arb é is aidhm shoiléir dó dlí an Aontais a dhéanamh níos simplí, oiriúnach dá fheidhm agus níos saoire do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. I gcás na gcuideachtaí, ní mór laghdú ar chostais chomhlíontachta chomh maith le soiléireacht agus comhsheasmhacht rialála a áireamh air sin. I gcás na dtomhaltóirí, tá faisnéis chruinn, chuimsitheach agus inchomparáide maidir le táirgí teicstíle de dhíth. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a thábhachtaí atá sé uasleibhéal comhchuibhithe a bhaint amach chun cabhrú leis an earnáil aistriú rathúil a dhéanamh i dtreo na ciorclaíochta cuimsithí.

2.7.

Iarrann CESE go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach maidir leis an gcóras aicmithe snáithíní, ós rud é nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair solúbtha go leor chun déileáil le forbairt na snáithíní nuálacha, ar minic tionchar níos ísle á imirt acu ar an gcomhshaol ná mar a bhíonn ag na gnáthshnáithíní. Baineann frustrachas leis an status quo sin do chuid mhaith táirgeoirí snáithíní nua toisc nach féidir leo a gcuid snáithíní a lipéadú go cruinn. Anuas air sin, ní féidir na snáithíní núíosacha sin a lua ar lipéid táirgí teicstíle go fóill agus, dá bhrí sin, is dúshlán mór fós é do lucht athchúrsála iad a shainaithint, rud atá ina bhac ar an gciorclaíocht san earnáil faoi láthair. Tá sé á thabhairt le fios ag CESE go bhfuil tionchar diúltach ag an mbearna rialála sin ar dhearcadh na dtomhaltóirí, ós rud é go bhféadfadh roinnt táirgí a bheith i bhfad níos inbhuanaithe ná mar a léirítear ar na lipéid i láthair na huaire.

2.8.

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach a dhícheall ceanglais lipéadaithe a ailíniú ar fud an Aontais agus ar fud an domhain maidir le sonraí tionscnaimh, treoracha cúraim, méid agus comhdhéanamh snáithíneach. Tá earnáil na dteicstílí ar cheann de na hearnálacha is mó a bhfuil an domhandú tar éis dul i bhfeidhm uirthi. Cuirtear baill éadaigh a dhéantar chuig limistéir gheografacha éagsúla ar fud an domhain (an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, etc.), agus is iomaí ceanglas lipéadaithe éagsúil a bhíonn de dhíth orthu (3). Ní mór machnamh a dhéanamh ar cheanglais dhomhanda maidir le lipéadú agus caighdeáin chomhchuibhithe dhomhanda i gcás inarb infheidhme.

2.9.

Tá an ceanglas sin maidir leis an gcomhchuibhiú uasta nasctha le hiarraidh beartais shoiléir ó CESE gan an margadh inmheánach a chur i mbaol a thuilleadh, ós rud é go bhfuil ceanglais atá an-éagsúil ó chéile ag teacht chun cinn maidir le lipéadú ar fud na mBallstát. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach agus tráthúil don Choimisiún Eorpach an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle a mholadh sa bhliain 2023, agus 30 bliain an mhargaidh aonair á chomóradh sa bhliain chéanna.

2.10.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach aird a thabhairt ar riachtanais speisialta na FBManna san earnáil sin. D’fhonn cosc a chur ar thuilleadh seachfhoinsithe thar lear, agus ós rud é go bhfostaítear 1,3 milliún duine san earnáil ar fud an Aontais (4), ní mór dóthain solúbthachta a chur ar fáil leis na ceanglais nua faoin Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar chumas na FBManna ionas go gcoinneofar fostaíocht agus scileanna san earnáil sin den gheilleagar, agus ní hamháin sin ach go mbeifear in ann iad a fhorbairt tuilleadh. Cuir i gcás, níl rialú comhréireachta ginearálaithe arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin indéanta ag FBManna, arb iad cnámh droma an táirgthe teicstíle thionsclaíoch san Aontas Eorpach iad. Ba chur chuige réasúnta é nósanna imeachta ‘féindeimhniúcháin’ a bheartú, amhail na rialuithe inmheánacha táirgthe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE (5), trína gcuirfeadh na FBManna tomhaltóirí ar an eolas agus trína gcuirfidís ráthaíochtaí ar fáil dóibh.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.   Aicmiú snáithíní

3.1.1.

Le blianta beaga anuas, tá roinnt snáithíní núíosacha a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu i gcomparáid leis na roghanna snáithíní traidisiúnta forbartha ag tionscal na dteicstílí. Cé go bhféadfadh bunábhar comhchosúil a bheith ag na teicstílí sin, is minic a bhíonn difríocht shuntasach idir an teicneolaíocht mhonaraíochta agus na hairíonna a úsáidtear i gcomparáid leis na cinn a úsáidtear sna gnáthshnáithíní. Faoi láthair, ní aithnítear na snáithíní núíosacha faoi aicmithe na snáithíní cineálacha atá ann cheana in Iarscríbhinn I. Dá thoradh sin, déantar na cineálacha nuálacha snáithíní a aicmiú faoi ainmneacha snáithíní éagsúla, nó mar shnáithín ‘eile’. I bhfianaise an aistrithe ghlais agus chiorclaigh, ba cheart aitheantas a thabhairt, leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, do shnáithíní a bhfuil saintréithe sainiúla acu mar shnáithíní den sórt sin in Iarscríbhinn I. Ba cheart an t-athbhreithniú ar an Rialachán sin a bhfuiltear ag súil leis a oiriúnú níos fearr chun an dul chun cinn dinimiciúil maidir le snáithíní nuálacha a léiriú.

3.1.2.

Tá cineálacha éagsúla snáithíní núíosacha a bhfuil saintréithe ar leith acu nach mór réidh le tráchtálú cheana féin nó beidh siad ar fáil ar an margadh amach anseo. Mar sin féin, níl an próiseas atá ann i láthair na huaire chun Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta trédhearcach agus tá éiginnteacht ag baint leis d’iarratasóirí. Dá bhrí sin, molann CESE d’údaráis an Aontais measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an próiseas nuashonraithe a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cruinne ó thaobh na teicneolaíochta de.

3.2.   An corrlach lamháltais i dtaca leis an gcomhdhéanamh snáithíneach

3.2.1.

I bhfianaise an aistrithe chuig an ngeilleagar ciorclach, tá úsáid snáithíní agus ábhar athchúrsáilte níos coitianta ná riamh i dtionscal na dteicstílí chun baill éadaigh a tháirgeadh. Níl an rialachán atá ann faoi láthair oiriúnach chun lipéadú cruinn a dhéanamh ar chomhdhéanamh snáithíneach ina bhfuil ábhar athchúrsáilte, rud atá ina bhac ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Le hAirteagal 20(3) féadfar difríocht 3 % ar a mhéid a bheith idir an t-ábhar snáithíneach a luaitear ar an lipéad agus an comhdhéanamh snáithíneach atá bunaithe ar thástáil údaráis. Mar sin féin, mar gheall ar staid reatha na forbartha teicniúla i dteicneolaíocht sórtála agus athchúrsála teicstílí, cruthaítear éagsúlacht sa chomhdhéanamh snáithíneach a sháraíonn an teorainn lamháltais 3 % uaireanta. Is é is cúis leis sin, go háirithe san athchúrsáil mheicniúil, nach féidir a áirithiú go bhfuil an bunábhar le haghaidh athchúrsála saor amach is amach ó eisíontais atá in ábhair theicstíle eile. Chuige sin, ní mór féachaint ar chorrlach lamháltais níos airde a thabhairt isteach le haghaidh comhdhéanaimh sa Rialachán athbhreithnithe. Bunaithe ar an ionchur ó shaineolaithe, molann CESE go mbeadh an leibhéal nua idir 3 % agus 5 %. Níor cheart ach na srianta atá ann cheana ar theicneolaíocht athchúrsála a bheith mar thoradh ar leibhéal lamháltais méadaithe; níor cheart é a bheith ina údar le droch-chleachtas monaraíochta. Is céim mhór chun cinn é an méadú beag ar na leibhéil lamháltais chun deireadh a chur le bacainní ar úsáid ábhar athchúrsáilte i dtáirgeadh ball éadaigh.

3.3.   Comhchuibhiú leis na caighdeáin agus na próisis dhomhanda

3.3.1.   Comhchuibhiú leis na caighdeáin tástála

3.3.1.1.

Is tionscal thar a bheith domhanda é an tionscal teicstíle ina gcuirtear caighdeáin idirnáisiúnta i bhfeidhm go minic. Cuirtear deis ar fáil leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle chun modhanna tástála an chomhdhéanaimh snáithínigh a chur i gcomhréir leis na caighdeáin dhomhanda. Faoi láthair, faoi Airteagal 19, ní cheadaítear ach caighdeáin an Aontais (EN) chun comhdhéanaimh shnáithíneacha a thástáil. I bhformhór na gcásanna, tá caighdeáin EN an-chosúil leis na caighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO), ach bíonn neamhréireachtaí idir torthaí tástála ISO agus EN mar thoradh ar mhiondifríochtaí sna paraiméadair thástála. Mar gheall ar shlabhraí luacha domhanda an tionscail, cuirtear caighdeáin ISO i bhfeidhm go forleathan agus is iadsan is coitianta a úsáidtear laistigh den earnáil. Mar thoradh air sin, ní mór do ghnólachtaí tuilleadh tástálacha a dhéanamh ar tháirgí atá ceaptha don mhargadh Eorpach, rud is cúis le hardú costais. Dá bhrí sin, molann CESE go nglacfaí sa Rialachán athbhreithnithe le caighdeáin ISO mar chaighdeáin tástála a nglacfar leo. Ina theannta sin, aithníonn CESE an dul chun cinn mór atá á dhéanamh faoi láthair i gcúrsaí nuálaíochta a mhéid a bhaineann le modhanna nua chun an comhdhéanamh snáithíneach a bhrath. Ba cheart don Choimisiún Eorpach an dul chun cinn sin a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle.

3.3.2.   Comhchuibhiú leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na rialacha trádála

3.3.2.1.

Tacaíonn CESE leis an smaoineamh go ndéanfaí leabhar rialacha den Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle ina leagfaí síos caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh roinnt ceanglas (aicmiú snáithíní núíosacha, tástáil ar chomhdhéanamh snáithíneach, méid agus treoracha cúraim). Ba cheart na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal domhanda a mhéid is féidir. Mar thoradh air sin bheadh comhchuibhiú níos fearr ann i dtaca le ceanglais lipéadaithe laistigh den mhargadh aonair agus leis an gcuid eile den domhan freisin.

3.3.2.2.

I bhfianaise raon feidhme domhanda na hearnála teicstíle, tá sé ríthábhachtach ailíniú agus comhoibriú idirnáisiúnta a chur san áireamh san athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle. Ba cheart don Choimisiún Eorpach comhleanúnachas a áirithiú leis an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim, leis an athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar chóid an Chórais Chomhchuibhithe, agus leis na gealltanais a tugadh maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a úsáid i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil.

3.4.   Lipéadú digiteach

3.4.1.

Is díol mór sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach lipéadú an chomhdhéanaimh a dhigitiú mar chuid den Rialachán athbhreithnithe. Ina theannta sin, i gcomhthéacs an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, is díol sásaimh do CESE na tionscnaimh maidir le lipéadú digiteach agus cumarsáid tomhaltóirí amhail an Pas Táirge Digiteach. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach na tionscnaimh dhigiteacha sin a ailíniú chun creat beartais comhleanúnach agus éifeachtach a chruthú.

3.4.2.

Faoi láthair, ar chúiseanna éagsúla, níl na lipéid fhisiciúla chomh héifeachtach agus atá ag teastáil. Is minic a bhaineann daoine an lipéad den táirge tar éis dóibh é a cheannach. Tarlaíonn sé go dteilgeann an téacs ón lipéid nuair a nitear táirgí sa mheaisín níocháin. Ina theannta sin, tá sé costasach lipéid mhóra fhisiciúla a dhéanamh san iliomad teangacha éagsúla agus cruthaítear tuilleadh dramhaíl phlaisteach. Bíonn an téacs beag agus bíonn aistriúcháin éagsúla ann, rud a fhágann gur deacair do thomhaltóirí é a thuiscint freisin.

3.4.3.

Bheadh an saol níos fusa do chuideachtaí leis na lipéid dhigiteacha, agus chuirfí an fhaisnéis ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach níos fearr trí théacs soiléir a sholáthar sna leaganacha teanga iomchuí. Beidh gá fós le faisnéis a chur ar fáil do na tomhaltóirí nach bhfuil tuiscint an-mhaith acu ar an teicneolaíocht ach d’fhéadfaí an fhaisnéis a sholáthar ag an díolphointe ach í a iarraidh. Chun a bheith buanseasmhach, is féidir rochtain éasca ar fhaisnéis dhigiteach a ráthú trí ‘iompróir sonraí’ nó a leithéid a mharcáil go doscriosta ar an táirge.

3.4.4.

Fiú má chinneann an Coimisiún roinnt faisnéise a fhágáil ar na lipéid fhisiciúla, ba cheart go laghdófaí méid an lipéid go mór mar thoradh ar an gcur chuige sin. Tacaíonn CESE le tuairim an Choimisiúin gur cheart é a bheith níos deacra na lipéid fhisiciúla, nó an t-ábhar fisiciúil ar a bhfuil teacht ar an bhfaisnéis dhigiteach, a bhaint den táirge. Is ann cheana féin do mhodhanna lipéadaithe neamhscríobacha. Ach a dhéanamh níos deacra lipéid a bhaint, ba cheart gur faide a bheidh an fhaisnéis le feiceáil (e.g. d’fhéadaí faisnéis a phriontáiltear go díreach ar an ábhar a ní). Níor cheart go laghdófaí feidhmiúlacht an táirge dá thoradh ach oiread (e.g. má tá lipéad fuaite go hiomlán ar bhaill éadaigh d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí an ball éadaigh sin a úsáid mar is ceart).

3.4.5.

Ba cheart don Choimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar conas is féidir an Pas Táirge Digiteach a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le lipéid dhigiteacha faoin Rialachán athbhreithnithe. Chun comhsheasmhacht a chumasú agus chun cur chun feidhme a éascú, d’fhéadfaí lipéad digiteach faoin Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle a chur ar an iompróir sonraí céanna leis an bPas Táirge Digiteach.

3.5.   Díolúine lipéadaithe le haghaidh cineálacha áirithe táirgí

3.5.1.

Le hIarscríbhinn V den Rialachán reatha maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle, tá 42 chineál táirge teicstíle a dtugtar díolúine lena n-aghaidh ón oibleagáid lipéadaithe. Baineann seo le táirgí beaga (amhail beilt uaireadóra) a gcuirfeadh lipéid isteach ar a bhfeidhmiúlacht. Mar sin féin, ní thugann cur chuige an liosta treoir shoiléir maidir leis an gcaoi ar cheart d’oibreoirí lipéadú a dhéanamh ar tháirgí nach liostaítear in Iarscríbhinn V, ach a bhfuil feidhmiúlacht laghdaithe acu freisin mar gheall ar na lipéid. Molann CESE go gcuirfí faisnéis ar fáil sa rialachán athbhreithnithe maidir le conas lipéadú ceart a chur ar tháirgí (amhail stocaí) i gcás ina gcuireann lipéadú éigeantach isteach ar fheidhmiúlacht an táirge. Mar shampla, d’fhéadfaí sainmhíniú ar tháirgí atá díolmhaithe ó lipéadú éigeantach a úsáid in ionad chur chuige reatha an liosta.

An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1).

(2)  COM(2023) 166 final – 2023/0085(COD).

(3)  Samplaí de cheanglais den sórt sin is ea na Textile Labelling and Advertising Regulations (TLAR) i gCeanada agus an Textile Fiber Products Identification Act sna Stáit Aontaithe.

(4)  https://euratex.eu/wp-content/uploads/EURATEX_FactsKey_Figures_2022rev-1.pdf.

(5)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).


Top