Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG1115(01)

    Fógra le haghaidh na ndaoine agus an eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach 2022/C 433/07

    ST/13826/2022/INIT

    IO C 433, 15.11.2022, p. 37–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    15.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 433/37


    Fógra le haghaidh na ndaoine agus an eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

    (2022/C 433/07)

    Maidir leis na daoine agus leis an eintiteas a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle (4) maidir le bearta sriantacha leathadh agus úsáid arm ceimiceach, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

    Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus an t-eintiteas sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 agus i Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann a liostú.

    Cuirtear in iúl do na daoine agus don eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

    Féadfaidh na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, faoin 19 Meitheamh 2023, ag an seoladh seo a leanas:

    Comhairle an Aontais Eorpaigh

    An Ardrúnaíocht

    RELEX.1

    Rue de la Loi/Wetstraat 175

    1048 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    rphost: sanctions@consilium.europa.eu

    Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chinneadh (CBES ) 2018/1544 agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2018/1542.

    Cuirtear in iúl do na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, sa cheathrú agus sa séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


    (1)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.

    (2)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 32.

    (3)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

    (4)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 1.


    Top