AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.11.2022
COM(2022) 589 final
2022/0366(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh chun liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú a bhunú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Tá an Coimisiún ag moladh go leagfaidh an Chomhairle síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), i ndáil le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta chun liosta a bhunú de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair
Sa Chomhaontú Trádála agus Comhair a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, leagtar amach socruithe fabhracha i réimsí amhail trádáil in earraí agus i seirbhísí, trádáil dhigiteach, maoin intleachtúil, soláthar poiblí, eitlíocht agus iompar de bhóthar, fuinneamh, iascach, comhardú slándála sóisialta, forfheidhmiú dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, comhar téamach agus rannpháirtíocht i gcláir an Aontais. Tá forálacha lena n‑áirithítear go mbeidh cothrom iomaíochta ann agus urraim do chearta bunúsacha mar bhonn taca leis.
2.2.An Chomhairle Comhpháirtíochta
Grúpa ionadaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe atá sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú faoi Airteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste. In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair tá rialacha nós imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta leagtha síos. Leagtar síos cúraimí na Comhairle Comhpháirtíochta in Airteagal 7 den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus ar na cúraimí sin tá an méid seo a leanas go príomha:
·maoirseacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chomhaontaithe sin agus aon chomhaontaithe ar forlíonadh air é;
·cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar an gComhaontú sna cásanna dá bhforáiltear ann.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Comhpháirtíochta
I gcomhréir le hAirteagal 752(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunóidh an Chomhairle Comhpháirtíochta liosta de 15 dhuine aonair ar a laghad, a bhfuil saineolas acu i réimsí sonracha a chumhdaítear faoin gComhaontú seo nó faoi na comhaontuithe forlíontacha a ghabhann leis, atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána, tráth nach déanaí ná 180 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair. Beidh trí fholiosta sa liosta:
(a)foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Aontas;
(b)foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Ríocht Aontaithe; agus
(c)foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad a fhónfaidh mar chathaoirleach don bhinse eadrána.
Is é cuspóir an chinnidh atá beartaithe liosta na ndaoine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de phainéal eadrána faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a bhunú.
Beidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcomhréir le Riail 9(3) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, sonrófar i gcinntí arna nglacadh ag an gComhaontú Comhpháirtíochta an dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
I gcomhréir le hAirteagal 783 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
Ba cheart don Aontas agus don Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas a chomhaontú go comhpháirteach, ar bhonn a dtograí féin:
–an foliosta de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Aontas;
–an foliosta de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Ríocht Aontaithe;
–an foliosta de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad agus ar cheart dóibh a fhónamh mar chathaoirleach don bhinse eadrána.
Ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith mar sheasamh ag an Aontas tacú le glacadh cinnidh ón gComhairle Comhpháirtíochta de bhun Airteagal 752(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair lena mbunaítear liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina n‑eadránaithe faoin gComhaontú, i gcomhréir leis an dréachtchinneadh atá i gceangal leis an togra seo.
4.Bunús dlí
Is iad na bunúis dlí atá sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na bunúis dlí sin lena rialaítear na réimsí ina bhféadfaidh nós imeachta um réiteach díospóide a theacht chun cinn, eadhon:
·Airteagal 43(2) CFAE (an t‑iascach);
·Airteagal 9(1) agus Airteagal 100(2) CFAE (an t‑iompar);
·Airteagal 173(3), Airteagal 182(5), Airteagal 188 agus Airteagal 189(2) CFAE (cláir de chuid an Aontais);
·Airteagal 207(2) CFAE (an comhbheartas tráchtála),
i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
An cinneadh a iarrtar ar an gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh, is cinneadh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar dhlí na bPáirtithe i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Is é is cuspóir agus inneachar don ghníomh atá beartaithe seasamh an Aontais a bhunú maidir le liosta na ndaoine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinsí eadrána faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
5.Foilsiú an Ghnímh atá Beartaithe
Ós rud é gurb é cuspóir an chinnidh ón gComhairle Comhpháirtíochta liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinsí eadrána faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a bhunú, is iomchuí an cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2022/0366 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh chun liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú a bhunú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 182(5), Airteagal 188, Airteagal 189(2) agus Airteagal 207(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile ('an Comhaontú Trádála agus Comhair'), tugadh i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
(2)De bhun Airteagal 752(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána a bhunú. Ba cheart trí fholiosta a bheith sa liosta: (a) foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Aontas; (b) foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Ríocht Aontaithe; agus (c) foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad a fhónfaidh mar chathaoirleach don bhinse eadrána.
(3)Ba cheart cúigear ar a laghad a áireamh ar gach foliosta.
(4)De bhun Airteagal 741(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart gach eadránaí a bheith ina dhuine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí aige is gá chun é a cheapadh do na hoifigí breithiúnacha is airde ina thír féin nó ina dhlí-eolaí a n‑aithnítear a inniúlacht. Ba cheart saineolas a bheith léirithe aige sa dlí agus i dtrádáil idirnáisiúnta, lena n‑áirítear saineolas faoi ábhair shonracha a chumhdaítear faoi Theidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó nó Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó, nó saineolas sa dlí agus in aon ábhar eile a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó aon chomhaontú ar forlíonadh air é agus, i gcás cathaoirligh, taithí a bheith aige ar nósanna imeachta um réiteach díospóide.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 752(3) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl daoine atá ina gcomhaltaí, ina n‑oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe le bheith ar an liosta sin.
(6)Ar bhonn na dtograí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta foliosta d’ochtar maidir le seasamh chathaoirleach an bhinse eadrána a chomhaontú, agus dhá fholiosta de sheisear maidir le seasamh chomhaltaí an bhinse eadrána a chomhaontú.
(7)Tá bunú an tseasaimh atá le glacadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach sa Chomhairle Comhpháirtíochta a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faoi réir nós imeachta ar leithligh.
(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú ag Airteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair bunaithe ar an Dréachchinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán