AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.3.2022
COM(2022) 162 final
2022/0096(COD)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ghlac an Coimisiún Eorpach togra reachtach an 23 Márta 2022 chun Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le hathruithe eisceachtúla agus spriocdhírithe a sholáthar mar fhreagairt ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus ar an tionchar a eascraíonn as sin ina dhiaidh sin ar an Aontas Eorpach agus ar roinnt dá réigiúin thoir go háirithe.
Bhí sé beartaithe leis an togra seo réamh-mhaoiniú tosaigh breise a sholáthar do chláir 2014-2020 a fhaigheann tacaíocht ó chistí beartais agus ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), rud a bhí le híoc faoi REACT-EU arna mhaoiniú ag an Ionstraim um Théarnamh an Aontais Eorpaigh ‘NextGenerationEU’.
Tá gníomh déanta cheana ag an gCoimisiún chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir leis sin, trína thogra le haghaidh Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE) an 8 Márta 2022.
Ag an gcruinniú a bhí aici an 24-25 Márta 2022, phléigh an Chomhairle Eorpach ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i gconclúidí an chruinnithe sin, d’iarr sí ar an gCoimisiún ‘obair a dhéanamh ar thograí breise chun an tacaíocht ón Aontas a threisiú’ chun ‘a áirithiú go bhféadfar maoiniú ón Aontas le haghaidh dídeanaithe agus a n‑óstaigh a shlógadh go gasta’.
Chun aghaidh a thabhairt ar an iarraidh sin, tá an togra seo á thabhairt chun cinn ag an gCoimisiún, lena leasaítear a thogra reachtach an 23 Márta 2022. Ós rud é go bhfuil úsáid a bhaint as ‘roghanna costais simplithe’ ar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun maoiniú a shlógadh go gasta, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca agus níos tapúla cistí an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme agus, an tráth céanna, an t‑ualach riaracháin a laghdú, cruthaítear costas aonaid nua leis an togra seo dá bhrí sin. Is féidir leis na Ballstáit an costas aonaid nua sin a úsáid chun maoiniú bhunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach dóibh a éascú i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle i ngach Ballstát ina bhfuil an duine sin i láthair. Féadfar an costas aonaid a úsáid ar feadh 13 seachtaine ar a mhéad san iomlán, ag tosú ón dáta a thagann an duine isteach san Aontas Eorpach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra leasaithe i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa agus níl de raon aige ach leasuithe spriocdhírithe agus eisceachtúla ar Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014. Comhlánaítear leis an togra seo freisin an togra leasaithe roimhe sin a ghabhann leis an Rialachán seo faoi thogra CARE ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 chomh maith le bearta eile arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an staid reatha nach bhfacthas a leithéid cheana.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Níl i gceist leis an togra ach leasuithe spriocdhírithe eisceachtúla ar Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 175(3) agus Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit astu féin aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na dúshláin a eascraíonn as an líon an-ard inimirceach atá ag teitheadh ón Úcráin agus gur fearr, dá bhrí sin, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas foráil a dhéanamh maidir le méid méadaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le híoc faoi REACT-EU agus foráil a dhéanamh maidir le costas aonaid nua atá ina rogha costais shimplithe, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Is athrú eisceachtúil agus spriocdhírithe é an togra nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach i ndáil le foráil a dhéanamh maidir le méid méadaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le híoc faoi REACT-EU agus foráil a dhéanamh maidir le costas aonaid nua a sholáthar chun tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce arb é ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo agus chun an t‑ualach comhfhreagrach ar bhuiséid phoiblí a mhaolú chun gur féidir ar an gcaoi sin infheistíochtaí a shlógadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí fhorleathan lena ndéantar difear d’fhás réigiún.
•An rogha ionstraime
Rialachán an ionstraim iomchuí chun foráil a dhéanamh maidir le méid méadaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le híoc faoi REACT-EU agus maidir le costas aonaid nua a bhfuil gá leis a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca seo nach bhfacthas a leithéidí riamh roimhe seo.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Leanann an togra plé ardleibhéil le hinstitiúidí eile agus leis na Ballstáit. Níl gá le comhairliúchán poiblí ós rud é nach bhfuil aon ghá le measúnú tionchair.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair chun an togra reachtach a ullmhú le haghaidh Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014. Maidir leis an athrú spriocdhírithe seo atá ann faoi láthair chun freagairt do chás criticiúil, ní gá measúnú tionchair ar leithligh a dhéanamh air.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar
•Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní aon athrú ar leithreasuithe gealltanais faoi CAI 2021-2017 i gceist leis an modhnú atá beartaithe ar thogra ón gCoimisiún an 23 Márta 2022.
Leis an gcostas aonaid nua a úsáid, d’fhéadfaí dlús a chur le heisíocaíocht na gcistí.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2013.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an modhnú atá beartaithe ar thogra ón gCoimisiún an 23 Márta 2022, déantar foráil maidir le costas aonaid nua a chruthú chun tacú leis na bearta lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é ionradh míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo.
2022/0096 (COD)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU
Leasaítear togra COM(2022) 145 ón gCoimisiún mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU agus costas aonaid a shuí’
(2)cuirtear isteach an aithris (5a) seo a leanas:
‘Thairis sin, d’fhonn úsáid Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a shimpliú agus an t‑ualach riaracháin ar údaráis riaracháin na mBallstát agus ar thairbhithe a laghdú i gcomhthéacs aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce arb é ionradh míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo, ba cheart costas aonaid a shuí. Ba cheart, leis an gcostas aonaid sin, maoiniú bhunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach eile dóibh faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a éascú i ngach Ballstát ina bhfuil an duine sin i láthair le linn na 13 seachtaine ó tháinig siad isteach san Aontas Eorpach. I gcomhréir le togra ‘Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip’ (CARE) ón gCoimisiún an 8 Márta 2022, féadfaidh na Ballstáit an costas aonaid sin a chur i bhfeidhm agus úsáid á baint acu as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in [Airteagal 98(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013] oibríochtaí den sórt sin arna ndéanamh ag CFRE a mhaoiniú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le CSE, lena n-áirítear nuair a bhíonn baint aige sin le hacmhainní REACT-EU. Agus leas á bhaint acu as an gcostas aonaid, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm acu chun maoiniú dúbailte na gcostas céanna a sheachaint.’
(3)in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach roimh phointe (1):
‘(1)
cuirtear an tAirteagal 68c seo a leanas isteach:
Airteagal 68c
Costas aonaid le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é ionradh míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo
Chun oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é ionradh míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit a áireamh sa chaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht costas aonaid atá nasctha le bunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach eile dóibh faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle. EUR 40 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa chostas aonaid sin le haghaidh gach seachtain iomlán nó seachtain pháirteach a chaithfidh an duine sin sa Bhallstát lena mbaineann. Féadfar an costas aonaid a úsáid ar feadh 13 seachtaine ar a mhéad san iomlán, ag tosú ón dáta a thagann an duine isteach san Aontas.
Measfar i leith na suimeanna arna ríomh ar an mbonn sin gur tacaíocht phoiblí arna híoc leis na tairbhithe iad agus gur caiteachas incháilithe chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm iad.’
(4)in Airteagal 1, déantar pointe (2) de phointe (1) agus déantar pointe (3) de phointe (2);
(5)in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
‘(4)
in Airteagal 131, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
2. An caiteachas incháilithe a áireofar in iarratas ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta de luach coibhéiseach cruthúnais leis mar thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 67(1), Airteagail 68, 68a, 68b agus 68c, Airteagal 69(1) agus Airteagal 109 den Rialachán seo agus in Airteagal 14 de Rialachán CSE. I gcás na gcineálacha tacaíochta sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na costais arna ríomh ar an mbonn is infheidhme.’
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán