EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0047

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

COM/2022/47 final

An Bhruiséil,8.2.2022

COM(2022) 47 final

2022/0033(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/2085 ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach.

Leis an togra seo, comhlánaítear an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (‘an Ionstraim Eorpach um Shliseanna’) 1 tríd an gcuid is mó de na gníomhaíochtaí a tuaradh faoin Tionscnamh Sliseanna don Eoraip a chur chun feidhme, a bunaíodh faoin togra le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna.

Comhlíonann an togra le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna gealltanas polaitiúil an Uachtaráin von der Leyen, a d’fhógair ina haitheasc ar Staid an Aontais 2021 gurb é is aidhm dó éiceachóras sliseanna Eorpach úrscothach a chruthú le chéile, éiceachóras a mbeidh an táirgeadh san áireamh ann 2 . Sa Teachtaireacht a ghabhann leis an togra le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna, mínítear bunfhís straitéiseach an togra sin chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú 3 .

Chun an fhís sin a bhaint amach, tá an Straitéis Eorpach um Shliseanna bunaithe ar chúig chuspóir straitéiseacha:

·Ba cheart don Eoraip an cheannaireacht atá aici i réimse an taighde agus na teicneolaíochta a neartú;

·Ba cheart don Eoraip a hacmhainneacht nuálaíochta féin a fhorbairt agus a threisiú i ndearthóireacht, i monarú agus i bpacáistiú sliseanna ardfhorbartha, agus táirgí tráchtála a dhéanamh díobh;

·Ba cheart don Eoraip creat leormhaith a chur ar bun chun a hacmhainneacht táirgeachta a mhéadú go substaintiúil faoi 2030;

·Ba cheart don Eoraip aghaidh a thabhairt ar an ngéarghanntanas scileanna, tallann nua a mhealladh, agus tacú le teacht chun cinn lucht saothair oilte;

·Ba cheart don Eoraip tuiscint dhomhain a fhorbairt ar shlabhraí soláthair domhanda leathsheoltóirí.

Tá sé d’aidhm ag an togra le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna cuspóir straitéiseach a bhaint amach, is é sin athléimneacht éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a mhéadú agus a sciar den mhargadh domhanda a mhéadú. Tá sé d’aidhm aige freisin glacadh luath sliseanna nua ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa a éascú agus cur lena cumas iomaíochta. Chuige sin, ní mór di infheistíocht i saoráidí táirgthe nuálacha a mhealladh, lucht saothair oilte a bheith aici, ach a bheith in ann, freisin, na sliseanna is forbartha a dhearadh agus a tháirgeadh lena saineofar na margaí a bheidh ann amach anseo, cumais a fhorbairt agus a bheith in ann dearaí nuálacha a thástáil agus a fhréamhshamhaltú trí línte píolótacha i ndlúthchomhar lena hearnálacha ingearacha tionsclaíocha. Is gá na bearta sin a dhéanamh, ach ní leor iad mura bhfuil cumas anailíseach ag an Eoraip trédhearcacht an tslabhra luacha a mhéadú agus mura bhfuil sí in ann tairbhiú d’acmhainneacht mhéadaithe chun freastal ar chomhleas an mhargaidh aonair i gcás géarchéime. Ní hé is cuspóir dó seo neamhthuilleamaíocht a bhaint amach, rud nach sprioc insroichte é. Ní mór don Aontas a láidreachtaí a neartú agus oibriú le tríú tíortha i slabhra soláthair ina mbeidh idirthuilleamaíochtaí láidir i gcónaí.

I dtéarmaí na cuspóirí sin a bhaint amach, tá sé ar cheann de spriocanna na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna atá beartaithe an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip (an ‘Tionscnamh’) a chur ar bun chun tacú le fothú acmhainneachta ar mórscála ar fud na hinfheistíochta agus i mbonneagar taighde, forbartha agus nuálaíochta atá ar fáil ar bhonn trasteorann agus atá inrochtana go hoscailte, ar bonneagar é atá bunaithe san Aontas, chun gur féidir teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus den chéad ghlúin eile a fhorbairt lena dtreiseofar ardchumais dearthóireachta, comhtháthaithe córas agus táirgthe sliseanna an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear béim ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú.

Forbróidh an Tionscnamh, go háirithe, ardán dearthóireachta fíorúil chun acmhainneacht dearthóireachta na hEorpa a threisiú, ar ardán é a bheidh inrochtana ar théarmaí oscailte, neamhidirdhealaitheacha agus trédhearcacha. Leis an ardán sin, spreagfar comhar leathan idir pobail úsáideoirí agus comhlachtaí dearthóireachta, soláthróirí maoine intleachtúla (IP) agus soláthróirí uirlisí, dearthóirí, agus eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta (RTOnna), agus déanfaidh sé saoráidí dearthóireachta atá ann cheana agus saoráidí dearthóireachta nua a chomhtháthú le leabharlanna leathnaithe agus le huirlisí EDA 4 .

Tacóidh an Tionscnamh le línte píolótacha lena soláthrófar modh do thríú páirtithe faoi théarmaí oscailte, trédhearcacha agus neamh‑idirdhealaitheacha chun a ndearaí táirgí a thástáil, a bhailíochtú agus a fhorbairt a thuilleadh. Le forbairt na línte píolótacha nua, déanfar réidh don chéad ghlúin eile d’acmhainneachtaí táirgthe agus dá mbailíochtú.

Thairis sin, bunófar, leis an Tionscnamh, ardacmhainn teicneolaíochta agus innealtóireachta le haghaidh sliseanna candamacha, e.g. i bhfoirm leabharlanna dearthóireachta le haghaidh sliseanna candamacha, línte píolótacha, agus saoráidí tástála agus déanta turgnamh.

Tacóidh an Tionscnamh le líonra lárionad inniúlachta ar fud na hEorpa a sholáthróidh saineolas do gheallsealbhóirí, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) is úsáideoirí deiridh, gnólachtaí nuathionscanta agus earnálacha ingearacha, agus a chuirfidh feabhas ar a gcuid scileanna. Éascóidh lárionaid inniúlachta rochtain oscailte, thrédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach ar an mbonneagar dearthóireachta agus ar na línte píolótacha agus úsáid éifeachtach na mbonneagar agus na línte sin. Meallfaidh siad nuálaíocht agus tallann nua, ardoilte, lena n‑áirítear trí athsciliú agus uas‑sciliú oibrithe.

Cuirfear na gníomhaíochtaí faoin Tionscnamh chun feidhme go príomha tríd an gComhghnóthas um Shliseanna, i.e. an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha reatha arna leasú agus arna athainmniú 5 . Leis an gComhghnóthas sin, soláthraítear tacaíocht fhairsing faoi láthair do thaighde tionscalbhunaithe, d’fhorbairt teicneolaíochta agus do nuálaíocht i réimse na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach, agus i réimse na dteicneolaíochtaí bogearraí agus córas gaolmhara. Beidh na gníomhaíochtaí sin mar chuid den Tionscnamh.

Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh ar fhorálacha dlíthiúla an Rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach chun an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a ullmhú dá chúraimí nua a bhaineann leis an Tionscnamh. Leis an togra seo, athainmnítear na hEochairtheicneolaíochtaí Digiteacha an ‘Comhghnóthas um Shliseanna’.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhthiomsóidh an Comhghnóthas um Shliseanna acmhainní ón Aontas, lena n‑áirítear Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach, Ballstáit agus tríú tíortha a bhfuil baint acu le cláir an Aontais atá ann cheana, chomh maith leis an earnáil phríobháideach.

Sainítear sa togra na gníomhaíochtaí faoin Tionscnamh Sliseanna don Eoraip a chuirtear chun feidhme tríd an gComhghnóthas um Shliseanna. Comhlánaíonn an togra an clár don Eoraip Dhigiteach 6 , lena dtacaítear le fothú acmhainneachta digití i bpríomhréimsí digiteacha ina bhfuil teicneolaíocht leathsheoltóra mar bhonn faoi ghnóthachain feidhmíochta, go háirithe an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, an Intleacht Shaorga agus an Chibearshlándáil, mar aon le forbairt scileanna agus cur chun úsáide mol nuálaíochta digití. Tacaíonn an togra le fothú acmhainneachta chun treisiú a dhéanamh ar ardchumas taighde, dearthóireachta, táirgthe agus comhtháthaithe córas i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus den chéad ghlúin eile. Cuireann an Clár don Eoraip Dhigiteach leis an gComhghnóthas um Shliseanna tríd an séú Cuspóir Sonrach nua, a bheidh dírithe, ó thaobh téama de, ar theicneolaíochtaí leathsheoltóra.

Cuireann an Comhghnóthas um Shliseanna le Fís Eorpach 7 freisin agus comhlánaíonn sé í, rud a chuireann tacaíocht ar fáil do thaighde, d’fhorbairt teicneolaíochta agus do nuálaíocht faoi thionchar an lucht acadúil sa réimse leathsheoltóirí. Díreofar leis an gComhghnóthas um Shliseanna ar thacaíocht a thabhairt d’infheistíocht i mbonneagair thaighde, forbartha agus nuálaíochta atá ar fáil ar bhonn trasteorann agus atá inrochtana go hoscailte, agus ar bonneagair iad atá bunaithe san Aontas, chun gur féidir teicneolaíochtaí leathsheoltóra a fhorbairt ar fud na hEorpa. Féadfar teicneolaíochtaí nua leathsheoltóra ó ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dtacaíonn Fís Eorpach leo a ghlacadh agus a chur chun úsáide de réir a chéile trí na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a dtacaíonn an Comhghnóthas um Shliseanna leo. Os a choinne sin, cuirfear na hacmhainneachtaí teicneolaíochta a bunaíodh faoin gComhghnóthas um Shliseanna ar fáil don phobal taighde agus nuálaíochta, lena náirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a dtacaítear leo trí Fís Eorpach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe i gcomhréir le cuid de phríomhbheartais an Aontais, mar shampla an Comhaontú Glas 8 . Is cumasóirí cumhachtacha i gcomhair an aistrithe inbhuanaitheachta iad teicneolaíochtaí leathsheoltóra a chur i bhfeidhm, mar shampla le haghaidh leictreonaic chumhachta, agus le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha i gcoitinne, agus d’fhéadfadh táirgí nua agus bealaí oibre níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bheith mar thoradh orthu lena rannchuidítear le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais.

D’fhéadfadh briseadh i soláthar leathsheoltóirí agus spleáchas ar réigiúin eile moill a chur ar aistriú inbhuanaitheachta earnálacha Eorpacha a bhaineann tairbhe as réitigh dhigiteacha. Chun aghaidh a thabhairt ar an mbriseadh agus ar an spleáchas, neartaíonn an togra ceannaireacht teicneolaíochta agus nuálaíochta na hEorpa sa réimse leathsheoltóirí.

Tá a lorg comhshaoil féin ag teicneolaíochtaí digiteacha, lena náirítear a dtomhaltas mór fuinnimh. Is í earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) is cúis le 5-9 % d’úsáid leictreachais iomlán an domhain agus le breis agus 2 % de na hastaíochtaí uile 9 . Na lárionaid sonraí amháin a bhí freagrach as 2.7 % den éileamh ar leictreachas in 2018 laistigh den Aontas agus beidh an téileamh sin cothrom le 3.21 % faoi 2030, má leantar leis an bhforbairt ar an gconair reatha 10 . Ní mór an tomhaltas fuinnimh sin a laghdú. Mar thoradh ar an togra, agus go háirithe trí na saoráidí dearthóireachta agus na línte píolótacha a dtacaíonn sé leo, déanfar próiseálaithe nua ísealchumhachta a dhearadh, a thástáil agus a bhailíochtú. Is iad na próiseálaithe na croíchomhpháirteanna de fhreastalaithe a láimhseálann an tualach oibre ríomhaireachtúil i lárionaid sonraí. Tá na milliúin freastalaithe den chineál sin sna lárionaid sonraí níos mó agus d’fhéadfadh feabhsuithe ar thomhaltas cumhachta próiseálaithe tionchar mór a imirt ar thomhaltas foriomlán cumhachta lárionaid sonraí. Is cuidiú freisin iad na sliseanna sin a bhfuil lorg íseal fuinnimh acu chun an tAontas Eorpach a shuí mar cheannaire i dteicneolaíochtaí digiteacha inbhuanaithe.

Cuireann an togra le cuspóirí codanna den phacáiste Oiriúnach do 55 ina ndírítear ar fheithiclí agus breoslaí níos glaine a chur chun cinn ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de 11 . Is é is aidhm don athbhreithniú ar na caighdeáin astaíochtaí CO2 i gcomhair gluaisteáin agus veaineanna nua astaíochtaí gás ceaptha teasa na bhfeithiclí sin a laghdú a thuilleadh, rud a sholáthródh conair shoiléir réalaíoch i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Tá méadú ag teacht cheana féin ar éileamh tomhaltóirí ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha, mar shampla feithiclí atá inluchtaithe go leictreach 12 . De ghnáth, bíonn níos mó ná dhá oiread mhéid an ábhair leathsheoltóra in aghaidh na feithicle ag feithiclí atá inluchtaithe go leictreach ná mar atá ag gluaisteáin a bhfuil innill dócháin inmheánaigh acu 13 . Tá teicneolaíochtaí ardphacáistithe ag éirí níos tábhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na ceanglais mhéadaitheacha maidir le cumhacht agus éifeachtúlacht fuinnimh atá ag feithiclí leictreacha. Dá bhrí sin, tá cuspóirí an togra comhsheasmhach le cuspóirí an phacáiste Oiriúnach do 55.

Agus méadú ag teacht ar dhigitiú agus ar leictriú, rannchuidíonn sliseanna atá tíosach ar fhuinneamh le beartais eile chomh maith, lena náirítear beartais maidir le monaraíocht thionsclaíoch, iompar, agus fuinneamh, e.g. an Plean Gníomhaíochta um Dhigitiú Earnáil an Fhuinnimh 14 atá le teacht. Meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an éileamh ar theicneolaíochtaí leathsheoltóra faoi cheann deich mbliana. Tá níos mó agus níos mó sliseanna leabaithe i róbait, agus i meaisíní monaraíochta in earnálacha na tionsclaíochta, an fhuinnimh agus na talmhaíochta, ach i bhfeithiclí iompair agus i ngairis eile freisin. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar leathsheoltóirí leictreonaice cumhachta de bharr an sciar mhéadaithigh den mhargadh atá ag foinsí inathnuaite sa chóras leictreach agus de bharr an aistrithe go leictrea-shoghluaisteacht. A bhuí le húsáid chliste sliseanna agus teicneolaíochtaí digiteacha eile, agus le sliseanna atá níos tíosaí ar fhuinneamh, tá an togra comhsheasmhach le roinnt beartais earnálacha agus rannchuidíonn sé leo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an Rialachán seo, leasófar Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lenar bunaíodh naoi gcomhpháirtíocht institiúidithe Eorpacha bunaithe ar Airteagal 187 CFAE faoinar féidir leis an Aontas Eorpach comhghnóthais nó aon struchtúr eile is gá a bhunú chun taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais a dhéanamh go héifeachtúil. Dá bhrí sin, beidh an Rialachán leasaitheach seo bunaithe ar Airteagal 187 CFAE freisin.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is inniúlacht chomhroinnte é taighde idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de réir CFAE. Sonraítear in Airteagal 4(3) gur féidir leis an Aontas gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh i réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, lena n‑áirítear cláir a shainiú agus a chur chun feidhme, gan difear a dhéanamh do shaoirse na mBallstát gníomhú sna réimsí céanna.

Leis an rialachán atá beartaithe, leasaítear na forálacha de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle is infheidhme maidir le ceann de na naoi gcomhghnóthas a bunaíodh faoin Rialachán sin, an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, a athainmnítear, tríd an rialachán seo, mar an Comhghnóthas um Shliseanna. Leis an gComhghnóthas um Shliseanna, dírítear ar réimsí ina mbaineann breisluach inléirithe le gníomhú ar leibhéal an Aontais mar gheall ar scála, luas agus raon feidhme na n‑iarrachtaí a theastaíonn ionas go mbeidh an tAontas in ann a chuspóirí Conartha fadtéarmacha a chomhlíonadh agus a thosaíochtaí agus gealltanais straitéiseacha beartais a bhaint amach. Ba cheart don tionscnamh beartaithe gníomhaíochtaí náisiúnta agus fonáisiúnta sa réimse céanna a chomhlánú agus a neartú freisin. Tá gach comhpháirtíocht Eorpach, lena n‑áirítear an Comhghnóthas um Shliseanna, bunaithe ar Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht fadtéarmach, agus tá siad réitithe go maith chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chasta trasteorann.

Sa Chomhghnóthas um Shliseanna, dírítear ar an méid seo a leanas go háirithe:

·comhar agus malartú eolais a neartú idir príomhghníomhaithe i gcóras taighde agus nuálaíochta na hEorpa, lena n‑áirítear comhar trasdisciplíneach agus trasearnála agus comhtháthú feabhsaithe slabhraí luacha agus éiceachóras;

·ailíniú agus comhtháthú straitéisí, clár agus infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta Eorpacha, náisiúnta / réigiúnacha agus tionsclaíocha leis na treoracha comhaontaithe a áirithiú;

·scálaí criticiúla infheistíochtaí ar thosaíochtaí coiteanna a chruthú agus infheistíocht phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht a mhéadú;

·rioscaí agus éiginnteachtaí don earnáil tionsclaíochta a laghdú, ar rioscaí agus éiginnteachtaí iad a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus i dteicneolaíochtaí / réitigh nua, trí rioscaí a roinnt agus trí intuarthacht infheistíochta a sholáthar.

Ní leor gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta ná gníomhaíocht de chuid earnáil na tionsclaíochta amháin chun scála, luas agus raon feidhme na tacaíochta taighde agus nuálaíochta a bhaint amach a theastaíonn ón Aontas chun a chuspóirí Conartha fadtéarmacha a chomhlíonadh, chun a thosaíochtaí straitéiseacha beartais a bhaint amach (lena n‑áirítear na spriocanna aeráide agus fuinnimh a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip), agus chun rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach.

Comhréireacht

Tá prionsabal na comhréireachta mar bhonn faoin gcur chuige iomlán as ar tháinig an togra reatha lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle don Chomhghnóthas um Shliseanna. Ós rud é go ndírítear go mór ar an ngá atá le príomhthosaíochtaí beartais an Aontais a chuíchóiriú, agus a áirithiú go mbeidh tionchar intomhaiste agus fiúntach acu, léiríonn an Comhghnóthas um Shliseanna an breisluach a ghabhann leis, go háirithe trí chuspóirí a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil éifeachtach nach féidir a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí trí mhodh níos simplí, lena n‑áirítear cur chuige réamhshocraithe Fís Eorpach thraidisiúnta nó glaonna an Chláir don Eoraip Dhigiteach nó foirmeacha comhpháirtíochta níos simplí, mar shampla ‘comhpháirtíochtaí comhchláraithe’.

Sa togra le haghaidh Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, rinneadh measúnú ar chomhréireacht an Chomhghnóthais um Shliseanna de réir na loighce dhá chéim seo a leanas:

(1)An túdar atá le húsáid cur chuige comhpháirtíochta i réimse ar leith (lena n‑áirítear breithnithe ar bhreisíocht, treoíocht agus nasc le tosaíochtaí straitéiseacha) seachas cineálacha eile idirghabhála atá ar fáil faoi Fís Eorpach nó faoin gClár don Eoraip Dhigiteach;

(2)Má mheastar an cur chuige comhpháirtíochta a bheith iomchuí, bheadh na breithnithe comhréireachta a threoraigh an measúnú ar an gcineál comhpháirtíochta (comhpháirtíocht chomh‑chláreagraithe, chómhaoinithe nó institiúidithe) ar na breithnithe is éifeachtaí chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach.

Leis an leasú atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, cuirtear isteach réasúnaíocht amháin eile:

(3)I bhfianaise an ghaoil ó thaobh raon feidhme de atá ag cuspóirí an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip le raon feidhme an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (an Comhghnóthas um Shliseanna anois), meastar gurb iomchuí a chur de chúram ar an gComhghnóthas sin, atá i bhfeidhm cheana féin, gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann leis an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip a chur chun feidhme.

An rogha ionstraime

Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh ar chomhghnóthas atá ann cheana arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle agus arna bhunú ar Airteagal 187 CFAE. I dtaca leis an gcineál sin struchtúir, ceanglaítear le hAirteagal 188(1) CFAE Rialachán ón gComhairle a ghlacadh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

In óráid a thug an tUachtarán von der Leyen ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda i mí Eanáir 2022, luaigh sí go ‘molfaimid an Ionstraim Eorpach um Shliseanna go luath i mí Feabhra’ agus ‘nach bhfuil aon am le cailleadh againn’ 15 . Is mian leis na príomhgheilleagair a soláthar de na sliseanna is forbartha a dhaingniú toisc go bhfuil tionchar níos mó agus níos mó aige sin ar a nacmhainneacht chun gníomhú (go heacnamaíoch, go tionsclaíoch, go míleata) agus toisc go bhfuil sé níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí ó thaobh an claochlú digiteach a spreagadh. Tá infheistíocht mhór á déanamh agus tá bearta tacaíochta á gcur i bhfeidhm acu cheana chun a nacmhainneachtaí táirgeachta a nuáil agus a neartú, nó tá coinne leis go ndéanfaidh siad amhlaidh go luath 16 . Tá comharthaí ann go bhféadfaí cuideachtaí agus eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh a mhealladh chun aistriú go réigiúin eile. Is lú seans go leathnóidh gníomhaithe idirnáisiúnta na saoráidí atá ann cheana nó go mbunóidh siad saoráidí táirgthe nua san Aontas gan soiléireacht iomlán, lena náirítear, soiléireacht maidir le dálaí infheistíochta, deiseanna le haghaidh tacaíocht phoiblí, infheistíochtaí poiblí i scileanna, bonneagar, agus ardtaighde agus ardfhorbairt.

Mar gheall ar an ngéarghá le gníomhú, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair agus níor beartaíodh aon chomhairliúchán poiblí ar líne. Déanfar an anailís agus an fhianaise thacaíochta uile a leagan amach i ndoiciméad inmheánach oibre a fhoilseofar laistigh de thrí mhí ar a dhéanaí ó fhoilsiú an togra le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna.

Mar sin féin, léiríodh i gceardlanna ad hoc le geallsealbhóirí an tionscail, ceardlanna maidir le hábhair shonracha a bhaineann leis an Tionscnamh, gur gá breathnú ar shaoráidí le haghaidh teicneolaíochtaí atá ar na bacáin, mar shampla an fhótónaic, an ríomhaireacht néaramorfach, agus teicneolaíochtaí candamacha, chomh maith le hábhair nua 17 . Ina theannta sin, cuireadh i dtábhacht sna ceardlanna sin, an gá atá le haird chuí a thabhairt ar ailtireachtaí tacair treoracha malartacha, mar shampla RISC-V.

Ina theannta sin, i gcomhthéacs Chomhghnóthas ECSEL – an comhghnóthas a bhí ann roimh an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha – tionóladh cruinnithe le hionadaithe tionscail agus le húdaráis phoiblí i samhradh 2021, áit ar pléadh cuspóirí an Chompáis Dhigitigh, an straitéis thionsclaíoch a thabhairt cothrom le dáta, an chomhghuaillíocht Thionsclaíoch, agus an Ionstraim Eorpach um Shliseanna.

Tionóladh cruinnithe rialta leis na Ballstáit ar bhonn míosúil in 2021 chun an dara IPCEI maidir le Micrileictreonaic a bhí beartaithe a ullmhú. Chuir siad ionchur ar fáil chun Saoráidí um Tháirgeadh Comhtháite agus Teilgcheártaí Oscailte AE an rialacháin atá beartaithe a shainmhíniú agus a mheasúnú, agus chun saoráidí sonracha a shainmhíniú faoin rialachán.

Tionóladh cruinniú an 10 Eanáir 2022 leis na príomhoifigigh feidhmiúcháin a bhí ag déanamh ionadaíochta do na príomhgheallsealbhóirí in éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa. Is iad seo a leanas príomhphointí an chruinnithe sin a bhí ábhartha don togra seo: tógáil ar láidreachtaí na hEorpa, e.g. T&F agus monaraíocht trealaimh; tacaíocht shoiléir do línte píolótacha agus do bhonneagair dhearthóireachta; agus an gá atá le cothrom na Féinne ar fud an domhain 18 .

Bhí go leor cruinnithe ann freisin le hionadaithe na bpríomhoifigeach feidhmiúcháin maidir leis an ngá atá le hearnáil na hEorpa a neartú, tar éis chruinnithe an Choimisinéara Breton le príomhoifigigh feidhmiúcháin na bpríomhghníomhaithe leathsheoltóra agus na n‑eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta. Chuir siad sin ionchur ar fáil go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta atá le cur chun feidhme sa Chomhghnóthas um Shliseanna.

I mí na Samhna 2021, chuir an Fóram Eorpach um Chomhpháirteanna Leictreonacha agus Córais Leictreonacha (EFECS), fóram a raibh níos mó ná 500 rannpháirtí ann, ardán mór ar fáil chun plé a dhéanamh ar riachtanais thionsclaíocha. Cuireadh tuilleadh ionchuir ar fáil i gcruinnithe le comhlachais tionscail agus a gcomhaltaí, mar shampla SEMI, ESIA, agus DigitalEurope.

Ina theannta sin, bhíothas in ann roinnt mhaith faisnéise agus aiseolais a bhí ábhartha don togra a bhailiú trí theagmhálacha seanbhunaithe agus rialta le geallsealbhóirí an tionscail, leis na Ballstáit, le comhlachais trádála agus le comhlachais úsáideoirí.

Foilsíodh anchuid tuarascálacha ó bhí deireadh 2019 ann maidir leis an earnáil leathsheoltóirí, ar tuarascálacha iad ina gcuirtear síos ar threochtaí agus ina soláthraítear fíricí agus figiúirí, agus a chuir bonn eolais faoin togra 19 .

Measúnú tionchair

Níl measúnú tionchair foirmiúil ag gabháil leis an togra seo. I bhfianaise na práinne a míníodh thuas, ní fhéadfaí measúnú tionchair a chur i gcrích sa thréimhse ama a bhí ar fáil sula nglacfaí an togra.

Cearta bunúsacha

Déantar foráil in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) maidir leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh. Leis na bearta faoin togra seo, cruthaítear acmhainneacht nuálaíochta agus cothaítear slándáil an tsoláthair leathsheoltóirí, rudaí ar féidir leo treisiú a dhéanamh ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tacóidh buiséad an Aontais leis an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip le suas le EUR 3.3 billiún, lena n‑áirítear EUR 1.65 billiún tríd an gclár Fís Eorpach agus EUR 1.65 billiún tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach. As an méid iomlán sin, cuirfear EUR 2.875 billiún chun feidhme tríd an gComhghnóthas um Shliseanna.

Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar an gComhghnóthas um Shliseanna i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 52 agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach. Tacóidh conraitheoirí seachtracha leis na meastóireachtaí eatramhacha agus ex‑post agus cuirfear na meastóireachtaí sin leis na meastóireachtaí foriomlána maidir le Fís Eorpach. I gcomhréir leis na critéir a leagtar amach le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha, déanfaidh na meastóireachtaí measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomh a dhéanfar amach anseo, chomh maith le hathnuachan fhéideartha na comhpháirtíochta laistigh de thimpeallacht fhoriomlán na gcomhpháirtíochtaí Eorpacha. In éagmais athnuachana, forbrófar bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le cistiú an chláir réime de réir na gcoinníollacha agus na hamlíne a comhaontaíodh le comhpháirtithe na comhpháirtíochta.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Dearadh na comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha, lena n‑áirítear an Comhghnóthas um Shliseanna, chun comhleanúnachas a mhéadú i dtimpeallacht taighde agus nuálaíochta atá i mbun forbartha, agus chun an tionchar is mó is féidir a imirt ar an timpeallacht sin.

Tá gá leis an leasú ar Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle chun go mbeidh an Comhghnóthas um Shliseanna in ann an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip, arna bhunú faoi Rialachán (AE) [...] lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an ‘Ionstraim Eorpach um Shliseanna’), a chur chun feidhme. Chuige sin, tá gá leis na leasuithe seo a leanas atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle:

(1)Leasuithe ar ‘Cuid a hAon’ maidir le ‘Forálacha Coiteanna’ de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle:

Airteagal 2 (Sainmhínithe): leasaítear na sainmhínithe ar ‘comhalta bunaidh’, ‘comhalta comhlachaithe’, ‘stát rannpháirteach’ agus ‘clár oibre’ chun a chur san áireamh go mbeidh an Comhghnóthas um Shliseanna á mhaoiniú anois freisin ón gClár don Eoraip Dhigiteach.

Airteagal 3 (Bunú): faoin Airteagal seo, athainmnítear ainm an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha mar a bhí mar an ‘Comhghnóthas um Shliseanna’.

Leasaítear Airteagal 4 (Cuspóirí agus prionsabail) chun a áirithiú go gcuirfidh an Comhghnóthas um Shliseanna freisin le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach.

Leasaítear Airteagal 10 (Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas) lena léiriú gur féidir ranníocaíocht an Aontais a íoc freisin ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar an gCuspóir Sonrach lena gcuirtear chun feidhme an Clár don Eoraip Dhigiteach.

Leasaítear Airteagal 12(1) (Bainistíocht ranníocaíochtaí ó na stáit rannpháirteacha) lena léiriú gur cheart na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 18 den Chlár don Eoraip Dhigiteach a chur san áireamh sa chlár oibre freisin. Thairis sin, ba cheart do gach stát rannpháirteach dul ar iontaoibh an chomhghnóthais chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí de réir an chláir de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht.

Leasaítear Airteagal 29(2) (Ceangaltais airgeadais) chun an Comhghnóthas um Shliseanna a chur san áireamh i measc na gcomhghnóthas ar féidir leo a ngealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla.

(2)Leasuithe ar ‘Cuid a Dó’ maidir le ‘Forálacha Sonracha maidir le Comhghnóthais Aonair’ de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle:

Leasaítear Airteagal 126 (Cuspóirí breise an Chomhghnóthais um Shliseanna) chun cuspóir ginearálta amháin agus ceithre chuspóir shonracha breise de chuid an Chomhghnóthais um Shliseanna a chur leis. Dírítear leis an gcuspóir ginearálta ar acmhainneacht ar mórscála a mhéadú ar fud an Aontais i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus den chéad ghlúin eile, agus dírítear sna ceithre chuspóir shonracha ar acmhainneachtaí dearthóireachta ar mórscála a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite, ar línte píolótacha atá ann cheana a fheabhsú agus línte píolótacha nua a fhorbairt, ar ardacmhainneachtaí teicneolaíochta agus innealtóireachta a fhorbairt chun dlús a chur le forbairt sliseanna candamacha, agus ar líonra lárionad inniúlachta a chruthú ar fud na hEorpa.

Leasaítear Airteagal 128 chun an buiséad méadaithe a léiriú, ó dhá Chlár éagsúla (Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach).

Leasaítear Airteagal 129 chun an ranníocaíocht le costais riaracháin chomhaltaí príobháideacha an Chomhghnóthais um Shliseanna a chinneadh.

Leasaítear Airteagal 133 (Feidhmiú an Bhoird Rialaithe) chun a shonrú nach n‑áirítear sa Bhord Rialaithe ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit agus iad ag vótáil ar an gcuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta.

Cuirtear isteach Airteagal 133a (Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach) chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na rialacha a bhaineann leis an gClár don Eoraip Dhigiteach maidir leis an gComhghnóthas um Shliseanna.

Leasaítear Airteagal 134 (Teorainneacha agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha) chun go mbeifear in ann teorainn a chur leis an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha arna gcistiú faoin gclár don Eoraip Dhigiteach. Ina theannta sin, léirítear sa tríú mír 3 nua d’Airteagal 134 go bhféadfaidh eintitis dhlítheanacha gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh, ar eintitis dhlítheanacha iad atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas de thrí eintiteas dhlítheanacha incháilithe ar a laghad atá bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad nó i dtrí thír éagsúla ar a laghad atá comhlachaithe leis an Tionscnamh. Sonraíonn sé go bhféadfaí an cuibhreannas sin a struchtúrú i bhfoirm Cuibhreannas Eorpach um Bonneagar Sliseanna, mar a leagtar síos san Ionstraim Eorpach um Shliseanna.

Sonraítear in Airteagal 134a (Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin) gur gá don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an sainmhíniú a chur san áireamh a rinne Bord na nÚdarás Poiblí ar an gcuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n‑áirítear a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas.

Leasaítear Airteagal 136 (Feidhmiú Bhord na nÚdarás Poiblí) chun ceithre chás eile a chur isteach nuair nach n‑áireofar i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit.

Leasaítear Airteagal 137 (Cúraimí Bhord na nÚdarás Poiblí) chun dhá chúram breise a thabhairt do Bhord Údaráis Phoiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna, eadhon an sainmhíniú ar an gcuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus roghnú na dtionscadal a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. Maidir leis an dá chúram sin, ní áirítear i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit.

Leasaítear Airteagal 141 (rátaí cistiúcháin) chun go bhféadfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna, i gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gclár don Eoraip Dhigiteach, rátaí cistiúcháin éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh chistiú an Aontais laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar an gcineál rannpháirtí, go háirithe FBManna agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúis, agus ar an gcineál gníomhaíochta. Thairis sin, cuirtear isteach mír nua chun go mbeidh eintiteas dlítheanach aonair atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe nó i gcuibhreannais nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 22(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach, chun go mbeidh sé incháilithe chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna.

Ar deireadh, léirítear i bpointe 17 den rialachán seo gur cheart tagairtí don “Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha” a thuiscint mar thagairtí don “Chomhghnóthas um Shliseanna”.



2022/0033 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 187 agus 188, an chéad mhír de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 20 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle 22 , bunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, lena náirítear an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha.

(2)Tugann an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha aghaidh ar ábhair atá sainithe go soiléir a chuireann ar a gcumas do thionscail Eorpacha trí chéile na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus i gcórais leictreonacha.

(3)Le Rialachán (AE) [...] 23 , bunaítear creat chun athléimneacht an Aontais i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a mhéadú, infheistíocht a spreagadh, cumais shlabhra soláthair leathsheoltóirí na hEorpa a neartú, agus comhar a mhéadú i measc na mBallstát agus an Choimisiúin. Bunaítear an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip (‘an Tionscnamh’) chun na dálaí a chruthú is gá chun acmhainneacht nuálaíochta tionsclaíche an Aontais a neartú. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Tionscnaimh a áirithiú, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle a sholáthar do Bhord na nÚdarás Poiblí.

(4)Ba cheart na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Tionscnamh a chistiú ó Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 lena mbunaítear an Clár Fís Eorpach agus ó Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach.

(5)Is é is aidhm don Tionscnamh iomaíochas agus athléimneacht an bhoinn theicneolaíoch agus thionsclaíoch leathsheoltóra a threisiú, agus an tráth céanna acmhainneacht nuálaíochta a éiceachórais leathsheoltóirí a neartú, an spleáchas ar líon teoranta cuideachtaí agus limistéir gheografacha tríú tír a laghdú, agus a hacmhainneacht chun comhpháirteanna ardfhorbartha a dhearadh agus a tháirgeadh a neartú. Ba cheart tacú leis na haidhmeanna sin tríd an mbearna idir ardchumais taighde agus nuálaíochta an Aontais agus a saothrú tionsclaíoch a líonadh. Ba cheart dó fothú acmhainneachta a chur chun cinn chun dearthóireacht, táirgeadh agus comhtháthú córas a éascú i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra den chéad ghlúin eile, agus chun an comhar i measc príomhghníomhaithe ar fud an Aontais a fheabhsú, rud a neartódh slabhraí soláthair agus luacha leathsheoltóirí na hEorpa, a d’fhreastalódh ar phríomhearnálacha tionsclaíocha, agus a chruthódh margaí nua.

(6)Ba cheart an Tionscnamh a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí lenar cheart cur leis an mbonn láidir eolais a fuarthas tríd an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Trí aon ionstraim nó nós imeachta a ndéantar foráil maidir leis in Fís Eorpach nó sa Chlár don Eoraip Dhigiteach, ba cheart a chur de chúram ar an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghníomhaíochtaí a chistítear faoin Tionscnamh. Thairis sin, ba cheart an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a athainmniú mar an Comhghnóthas um Shliseanna. I rith thréimhse an Chomhghnóthais um Shliseanna, ba cheart EUR 2.5 billiún ar a laghad a thiomnú do línte píolótacha, do bhonneagair dhearthóireachta, do lárionaid inniúlachta, agus do ghníomhaíochtaí eile fothaithe acmhainneachta.

(7)Ba cheart na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna a chumhdach in aon chlár oibre amháin, ar cheart don Bhord Rialaithe é a ghlacadh. Sula nullmhófar gach clár oibre, ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí, agus aird á tabhairt aige ar chomhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus ar ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena náirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra 26 , an chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainiú, lena náirítear a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas. Chun na críche sin, níor cheart a áireamh i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit. Ina dhiaidh sin, ar bhonn an tsainithe sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre a ullmhú, lena náirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas.

(8)Nuair a ghlacfaidh an Bord Rialaithe an clár oibre, ba cheart na cearta vótála don chuid sin den chlár oibre a bhaineann le fothú acmhainneachta a theorannú don Choimisiún agus do na Ballstáit amháin. Ba cheart na cearta vótála don chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí T&N a roinnt go cothrom idir an Coimisiún, na Stáit Rannpháirteacha, agus na comhaltaí príobháideacha. Sa chás nach féidir teacht ar chinneadh maidir le ceann amháin den dá chuid den chlár oibre, ba cheart an clár oibre a ghlacadh gan ach an chuid sin ar thángthas ar chinneadh dearfach ina leith a bheith san áireamh ann.

(9)Ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí a bheith freagrach as roghnú na dtionscadal a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta. Chun na críche sin, níor cheart a áireamh i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit.

(10)Ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí a bheith freagrach as roghnú na dtionscadal a bhaineann le gníomhaíochtaí T&N.

(11)D’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Tionscnaimh agus d’fhonn an comhar idir eintitis dhlítheanacha, go háirithe Eagraíochtaí Taighde agus Teicneolaíochta, a fheabhsú, níor cheart tograí áirithe le haghaidh gníomhaíochtaí a bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin ach amháin más eintitis dhlítheanacha atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina bhfuil trí eintiteas dhlítheanacha ar a laghad ó thrí Bhallstát éagsúla a dhéanann an ghníomhaíocht. D’fhéadfaí an cuibhreannas sin a struchtúrú mar an Cuibhreannas Eorpach um Bonneagar Sliseanna mar a mholtar san ‘Ionstraim Eorpach um Shliseanna’, nó d’fhéadfaí é a bhunú ar uirlisí dlí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais. Ós rud é go ndéantar na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Tionscnamh agus a chuirtear chun feidhme ag an gComhghnóthas um Shliseanna a mhaoiniú ón gclár Fís Eorpach agus ón gclár don Eoraip Dhigiteach, ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Shliseanna a luaitear in Airteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle a mhéadú dá réir. Ba cheart costais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna a mhéadú freisin i gcomhréir leis an méadú ar chúraimí oibríochtúla. Níor cheart do na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais bhreise riaracháin.

(12)Ba cheart do sholáthar tacaíochta airgeadais do ghníomhaíochtaí ón gClár don Eoraip Dhigiteach Rialachán (AE) 2021/694 a chomhlíonadh.

(13)Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna comhar a éascú idir an tAontas agus gníomhaithe idirnáisiúnta trí straitéis chomhair a shainiú, lena náirítear réimsí le haghaidh comhair sa taighde agus san fhorbairt agus i bhforbairt scileanna a shainaithint agus a chur chun cinn, agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcás ina bhfuil comhleas ann, bunaithe go príomha ar an gcómhalartacht.

(14)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2, 3 agus 4:

‘2. ciallaíonn ‘comhalta bunaidh’ aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó eagraíocht idirnáisiúnta a aithnítear mar chomhalta de chomhghnóthas sa Rialachán seo nó i gceann de na hIarscríbhinní a ghabhann leis;

‘3. ciallaíonn ‘comhalta comhlachaithe’ aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó eagraíocht idirnáisiúnta a aontaíonn do chomhghnóthas trí litir ghealltanais a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 7;

 4. ciallaíonn ‘stát rannpháirteach’ aon Bhallstát nó aon tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar fhógra a thabhairt maidir lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an chomhghnóthais ábhartha trí bhíthin litir ghealltanais;’;

(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) an Comhghnóthas um Shliseanna;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. D’fhonn fad Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, an Chláir don Eoraip Dhigiteach, a chur san áireamh, déanfar glaonna ar thograí faoi na comhghnóthais a sheoladh faoin 31 Nollaig 2027 ar a dhéanaí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar glaonna ar thograí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028, ar a dhéanaí.’

(3)In Airteagal 4(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Cuirfidh an Comhghnóthas um Shliseanna le cuspóirí an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach freisin’.

(4)In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Féadfar méid ranníocaíocht an Aontais a shonraítear i gCuid a Dó a mhéadú le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2021/695 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/694, ar choinníoll go ndéanfar an méid iomlán faoina méadófar ranníocaíocht an Aontais a mheaitseáil ar a laghad leis an ranníocaíocht ó chomhaltaí eile seachas an tAontas, nó óna gcomheintitis nó óna n‑eintitis chleamhnaithe.

3. Íocfar ranníocaíocht an Aontais ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar an gClár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c)(iv), agus Airteagal 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i gcás na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin.’

(5)Leasaítear Airteagal 12(1) mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

‘1. Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán maidir le Fís Eorpach nó, i gcás an Chomhghnóthais um Shliseanna, in Airteagal 18 den Chlár don Eoraip Dhigiteach, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le heintitis dhlítheanacha náisiúnta.’

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 1:

‘Rachaidh gach stát rannpháirteach ar iontaoibh an chomhghnóthais chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí de réir an chláir de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht.’

(6)In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Féadfar gealltanais bhuiséadacha na gcomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointí (b), (d), (g) agus (h), a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Go dtí an 31 Nollaig 2024, ní rachaidh méid carnach na ngealltanas buiséadach sin i dtráthchodanna thar 50 % de ranníocaíocht uasta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 10. Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, ní chumhdófar 20 % ar a laghad de bhuiséad carnach na mblianta iarmharacha le tráthchodanna bliantúla.’

(7)Leasaítear Airteagal 126 mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) Barr feabhais eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta de chuid an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le LUTanna níos ísle; agus páirtíocht ghníomhach FBManna a chur chun cinn, arb ionann iad agus aon trian ar a laghad den líon iomlán rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha agus ar cheart do 20 % ar a laghad den chistiú poiblí atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bheith ag dul chucu.

(b)I mír 1, cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d) an acmhainneacht ar mórscála a mhéadú ar fud an Aontais i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus den chéad ghlúin eile chun ardchumais dearthóireachta, comhtháthaithe córas agus táirgthe leathsheoltóirí an Aontais a threisiú agus teorainn a chur, i gcás inar féidir, leis an lorg comhshaoil.’

(c)I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f) comhleanúnachas a bhunú idir ionchuir Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht an Chomhghnóthais um Shliseanna ó gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra agus beartais an Aontais ionas go gcuirfidh comhpháirteanna leictreonacha agus teicneolaíochtaí córas go héifeachtúil leo.’

(d)I mír 2, cuirtear isteach na pointí (g), (h), (i) agus (j) seo a leanas:

‘(g) acmhainneachtaí dearthóireachta ar mórscála a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite.

(h) feabhas a chur ar na línte píolótacha atá ann cheana agus línte píolótacha nua a fhorbairt.

(i) ardacmhainneachtaí teicneolaíochta agus innealtóireachta a fhorbairt chun dlús a chur le forbairt sliseanna candamacha.

(j) líonra lárionad inniúlachta a bhunú ar fud na hEorpa.’

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 128:

Airteagal 128

1.Suas le EUR 4 175 000 000 a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas lena náirítear leithreasuithe LEE, lena náirítear suas le EUR 50 174 000 le haghaidh costais riaracháin, a dháilfear mar a leanas:

(a) suas le EUR 2 650 000 000 ó Fís Eorpach;

(b) suas le EUR 1 525 000 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach;

2.Íocfar ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais, leithreasuithe a leithdháiltear ar gach clár ábhartha.

3.Cistí breise an Aontais lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a leithdháileadh ar an gComhghnóthas ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir lena gcomhaontuithe comhlachais féin. Ní dhéanfaidh na cistí breise sin ón Aontas difear do ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 129(1).

4.Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo chun go ndéanfaidh an Comhghnóthas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (43), de Rialachán (AE) 2021/695, a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais.

5.Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), chun cumas a fhorbairt i dtaca le línte píolótacha agus bonneagair dhearthóireachta ar fud an Aontais ina iomláine.

(9)In Airteagal 129, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. De mhaolú ar Airteagal 28(4), déanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht airgeadais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n‑eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais EUR 26 331 000 ar a laghad le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Is é 35 % a bheidh i sciar na ranníocaíochta iomláine a dhéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ar bhonn bliantúil le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna.’

(10)In Airteagal 133, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

‘3a. Ní áireofar sa Bhord Rialaithe ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit agus iad ag vótáil ar an gcuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta. Beidh 50 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir le cearta vótála na mBallstát.’

(11)Cuirtear isteach an tAirteagal 133a seo a leanas

Airteagal 133a

Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach

1.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

2.Foilseofar clár oibre agus glaonna ar thograí an Chomhghnóthais um Shliseanna ar shuíomh gréasáin an Chláir don Eoraip Dhigiteach.

3.I gcás an Chomhghnóthais um Shliseanna, déanfaidh an Comhghnóthas iniúchtaí ex post ar chaiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú le buiséad an Chláir don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/694.

(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 134:

Airteagal 134

Teorainneacha agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha

1.I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 17(2), pointe (l), i gcás ina niarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialacháin (AE) 2021/695.

2.I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcás ina niarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 12(6) agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694.

3.Maidir le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi níos mó ná clár amháin de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht, socrófar leis an gclár oibre coinníollacha comhpháirteacha, lena náirítear coinníollacha maidir le rannpháirtíocht a theorannú faoi mhíreanna 1-2 den Airteagal seo, i gcomhréir le rialacha na gclár de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht.

4.Eintitis dhlítheanacha atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas, ar cuibhreannas é atá struchtúrtha i bhfoirm Cuibhreannas Eorpach um Bonneagar Sliseanna, féadfaidh siad gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh. Na gníomhaíochtaí a bhféadfadh gá a bheith leis an gcuibhreannas sin ina leith, chomh maith le ceanglais shonracha incháilitheachta maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí sonracha a chur chun feidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, ceanglais oibríochtúla maidir le bunú, oibriú agus foirceannadh, déanfar iad a shainiú sa chlár oibre.

(13)Cuirtear isteach an tAirteagal 134a seo a leanas

Airteagal 134a

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 19, ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Shliseanna an clár oibre don chomhghnóthas, agus, tar éis dó an sainmhíniú ar Bhord na nÚdarás Poiblí dá dtagraítear in Airteagal 137(f) a chur san áireamh, mar aon leis na hionchuir ó gheallsealbhóirí ábhartha lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme.

(14)Leasaítear Airteagal 136 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Chun críoch mhíreanna (1) agus (2) d’Airteagal 134 agus phointí (f) agus (g) d’Airteagal 137, ní áireofar i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1.’

(15)Leasaítear Airteagal 137 mar a leanas:

(a)Cuirtear isteach na pointí (f) agus (g) seo a leanas:

‘(f) sula n‑ullmhófar gach clár oibre, an chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainiú, lena n‑áirítear na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas, agus comhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile á gcur san áireamh, lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra;

‘(g) tograí a roghnú a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 17(2), pointe (u);’

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) tograí a roghnú a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 17(2), pointe (u);’

(16)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 141:

Airteagal 141

Rátaí cistiúcháin agus rialacha rannpháirtíochta

1.I gcás gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2021/695 agus de mhaolú ar Airteagal 34 den Rialachán sin agus i gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna rátaí difriúla cistiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh chistiú an Aontais laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar an gcineál rannpháirtí, go háirithe FBManna agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúis, agus ar an gcineál gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí cistiúcháin sa chlár oibre.

2.I gcás ina bhfuil údar cuí léirithe ina leith i dtuairisc na nábhar ábhartha sa chlár oibre, beidh eintiteas dlítheanach aonair atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe nó i gcuibhreannas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2021/695 nó in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694 incháilithe chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna.

(17)Tuigfear gur tagairtí don ‘Chomhghnóthas um Shliseanna’ iad na tagairtí don ‘Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Féach Ráiteas Airgeadais Reachtach Rialachán na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna

(1)    COM(2022) 46, 08.02.2022.
(2)    Aitheasc ar staid an Aontais 2021. https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/soteu_2021_address_en_0.pdf  
(3)    COM(2022) 45, 08.02.2022.
(4)

   Uirlisí le haghaidh an Dearaidh Leictreonaigh Ríomhchuidithe, i.e. uirlisí bogearraí chun ciorcaid chomhtháite a dhearadh.

(5)    Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014, IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
(6)    Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240, IO L 166, 11.5.2021, lch. 1.
(7)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013, IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An Comhaontú Glas don Eoraip. COM(2019) 640, 11.12.2019.
(9)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú). COM(2021) 558, 14.7.2021.
(10)     https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/energy-efficient‑cloud‑computing-technologies‑and‑policies‑eco-friendly-cloud‑market
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. ‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta. COM(2021) 550, 14.7.2021.
(12)    Mar shampla, tá méadú ag teacht ar sciar na ngluaisteán leictreach i ndíolacháin nua san Eoraip agus measfar go mbeidh sé cothrom le 14 % in 2021. https://think.ing.com/articles/slow-start‑for-electric-vehicles‑in‑the-us‑but‑times‑are-changing
(13)     https://www.idtechex.com/en/research‑article/ev-power-electronics‑driving-semiconductor-demand‑in‑a-chip-shortage/24820
(14)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13141-Digitalising-the-energy-sector-EU-action‑plan_en  
(15)    ‘Staid an Domhain’ Aitheasc speisialta ón Uachtarán von der Leyen ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda. https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/speech_22_443
(16)    Mar shampla: Na Stáit Aontaithe: https://www.congress.gov/bill/117th‑congress/senate-bill/1260?s=1&r=52       An tSín: https://crsreports.congress.gov/product/pdf/R/R46767       An tSeapáin: https://www.reuters.com/technology/japan‑create-scheme-subsidise-domestic-chip-output‑nikkei-2021-11-07/      An Chóiré Theas: https://spectrum.ieee.org/south‑koreas‑450billion‑investment‑latest‑in‑chip-making-push
(17)     https://ecscollaborationtool.eu/ecs‑sria-workshops.html  
(18)     https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news/ceo-roundtable-semiconductors‑10-january-2022  
(19)

   Liosta neamhuileghabhálach: Measuring distortions in international markets: The semiconductor value chain OECD 2019; The Geopolitics of Semiconductors, a d’ullmhaigh grúpa EURASIA, mí Mheán Fómhair 2020; The global semiconductor value chain, Stiftung Neue Verantwortung, mí Dheireadh Fómhair 2020; The Weak Links in China’s Drive for Semiconductors, Montaigne institute, mí Eanáir 2021; Strengthening the Semiconductor supply chain in an uncertain Era, BCGxSIA, mí Aibreáin 2021; SIA Factbook, mí na Bealtaine 2021; Building Resilient Supply Chains, Revitalizing American Manufacturing, and Fostering BroadBased Growth, A Report by the White House, mí an Mheithimh 2021; Mapping China’s semiconductor ecosystem in global context, Stiftung Neue Verantwortung, mí an Mheithimh 2021; Semiconductors Global Policy Review Access Partnership, mí Mheán Fómhair 2021; Semiconductors: U.S. Industry, Global Competition, and Federal Policy, Congressional Report Service, mí Dheireadh Fómhair 2021; Semiconductor Strategy for Germany and Europe, ZVEI, mí Dheireadh Fómhair 2021; Understanding the global chip shortage Stiftung Neue Verantwortung, mí na Samhna 2021.

(20)    IO C , , lch. .
(21)    IO C , , lch. .
(22)    Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).
(23)    IO L ..., lch. ...
(24)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(25)    Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(26)    Tá tagairt don Chomhghuaillíocht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 maidir le ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa’.
Top