AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 22.11.2022
COM(2022) 664 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an dul chun cinn sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022DC0664
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL On Progress in Romania under the Cooperation and Verification Mechanism
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an dul chun cinn sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an dul chun cinn sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin
COM/2022/664 final
AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 22.11.2022
COM(2022) 664 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir leis an dul chun cinn sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin
1. RÉAMHRÁ
Bunaíodh an sásra comhair agus fíorúcháin (SCF) tráth aontachas na Rómáine leis an Aontas Eorpach in 2007 mar bheart idirthréimhseach chun iarrachtaí leanúnacha na Rómáine a éascú chun a córas breithiúnach a athchóiriú agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta 1 . Gealltanas comhpháirteach ó Stát na Rómáine agus ón Aontas Eorpach a bhí ann. I gcomhréir leis an gcinneadh lenar bunaíodh an sásra, agus de réir mar a chuir an Chomhairle i dtábhacht agus mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) 2 , cuirtear deireadh le SCF nuair a chomhlíontar go sásúil na tagarmharcanna 3 uile a sainíodh le haghaidh na Rómáine.
Tá obair ar bun faoi SCF ó 2007 chun an próiseas athchóirithe a spreagadh agus a leanúint, ar bhonn na dtagarmharcanna. I mí Eanáir 2017, thug an Coimisiún faoi mheasúnú cuimsitheach ar an dul chun cinn le linn na ndeich mbliana a bhí an sásra ar bun 4 , rud a thug léargas soiléir ar an dul chun cinn mór a bhí déanta. Leag an Coimisiún 12 mholadh shonracha amach ar leor iad, ach iad a bheith comhlíonta ar bhealach nárbh fhéidir dul siar orthu, chun deireadh a chur leis an bpróiseas SCF, ar chuntar áfach nach mbeadh aon fhorbairtí ann a chuirfeadh an dul chun cinn ag cúlú go soiléir.
Ó shin i leith, tá ceithre mheasúnú déanta ag an gCoimisiún ar an dul chun cinn chun na moltaí a chur chun feidhme. Cuireadh in iúl sna tuairiscí idir deireadh 2017 agus 2019 go raibh fuinneamh an phróisis athchóirithe ag meath. Mar gheall ar chéimeanna a thug an Rómáin, athosclaíodh saincheisteanna ar measadh i dtuarascáil mhí Eanáir 2017 go raibh siad dúnta, agus rinneadh moltaí breise 5 . B’ábhar imní an méid sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle freisin 6 . I dtuarascáil mhí an Mheithimh 2021, áfach, bhíothas in ann dul chun cinn substaintiúil a thabhairt faoi deara, óir bhí a lán moltaí ar bhealach a gcomhlíonta ach dul chun cinn seasta a dhéanamh 7 .
Le blianta beaga anuas, tá forbairt nach beag déanta ag an Aontas ar an mbosca uirlisí atá aige chun an smacht reachta a chumhdach ar fud an Aontais 8 . Tá baint dhíreach ag roinnt de na huirlisí a cuireadh ar bun le hiarrachtaí an Aontais tacú leis an Rómáin sa phróiseas athchóirithe. Dá bharr sin, tá roinnt rianta faireacháin ar bun anois lena scrúdaítear saincheisteanna a chumhdaítear le tagarmharcanna SCF.
Tá an córas ceartais i gcoitinne, lena n‑áirítear an t‑athchóiriú breithiúnach, mar aon leis na creataí frithéillitheachta, ar na réimsí a chumhdaítear i leith na mBallstát uile faoi na tuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta 9 . Tá feidhm níos leithne ag an bpróiseas leanúnach comhordaithe agus faireacháin sin ná comhthéacs sonrach an iar-aontachais ba chúis le SCF. Tagann saincheisteanna a bhfuil tionchar tábhachtach acu ar an inniúlacht le haghaidh athchóirithe agus ar inbhuanaitheacht na n‑athchóirithe faoi raon feidhme na dtuarascálacha maidir leis an smacht reachta, saincheisteanna amhail cáilíocht na reachtaíochta agus an phróisis reachtóireachta, an ról atá ag institiúidí neamhspleácha chun srianta agus ceartúcháin a áirithiú, timpeallacht chumasúcháin le haghaidh na sochaí sibhialta, agus saoirse agus iolrachas na meán. I dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, cuireadh moltaí faoi bhráid na mBallstát uile den chéad uair chun tacú leo ina gcuid athchóirithe sna ceithre réimse tuairiscithe, agus bhí an Rómáin san áireamh 10 . Chomhoibrigh údaráis na Rómáine go gníomhach cuiditheach leis an gCoimisiún i dtimthriall na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta.
Tá roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta - lena n‑áirítear, go suntasach, éifeachtacht na gcóras ceartais, an comhrac i gcoinne na héillitheachta, agus cáilíocht agus cuimsitheacht an phróisis reachtóireachta - ina gcuid den Seimeastar Eorpach freisin mar gheall ar an tionchar atá acu ar an timpeallacht ghnó, ar an infheistíocht, ar an bhfás eacnamaíoch agus ar phoist. Maille leis sin, tá garspriocanna coincréiteacha a bhaineann le saincheisteanna a chumhdaítear le SCF agus atá lárnach sa phróiseas athchóirithe, amhail an t‑athchóiriú breithiúnach agus creataí frithéillitheachta 11 , i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine, plean a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach air agus a ghlac an Chomhairle an 3 Samhain 2021 12 .
Sa tuarascáil seo, meastar an dul chun cinn atá déanta ag an Rómáin maidir le cur chun feidhme na moltaí SCF a bhí ar feitheamh agus le comhlíonadh na dtagarmharcanna SCF ó mhí an Mheithimh 2021 i leith. Is toradh í an tuarascáil seo ar phróiseas cúramach anailíse a rinne an Coimisiún, de réir mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, agus leas á bhaint as dlúthchomhar le hinstitiúidí Rómánacha, leis an tsochaí shibhialta, agus le páirtithe leasmhara eile 13 .
2. MEASÚNÚ AR AN DUL CHUN CINN CHUN NA MOLTAÍ A CHOMHLÍONADH
Sa roinn seo déantar measúnú ar an dul chun cinn maidir leis na moltaí a rinne an Coimisiún i dtuarascálacha SCF roimhe seo, agus go háirithe maidir leis an 12 moladh a rinneadh i mí Eanáir 2017 agus leis na 8 moladh a rinneadh i mí na Samhna 2018. Má chomhlíontar na moltaí uile atá fágtha bheifí in ann SCF a chríochnú. Is é atá sna moltaí sin na céimeanna fíor-riachtanacha atá ag teastáil chun an próiseas athchóirithe a chur go socair ar bhealach inbhuanaithe as seo amach sa chaoi go mbeidh an comhar leis an Rómáin dírithe ar chur chun feidhme leanúnach na n‑athchóirithe mar chuid den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta.
2.1. Tagarmharc a hAon: An neamhspleáchas breithiúnach agus an t‑athchóiriú breithiúnach 14
Na dlíthe ceartais agus ráthaíochtaí dlíthiúla maidir leis an neamhspleáchas breithiúnach
|
Moltaí 2018 •Cur chun feidhme na ndlíthe ceartais agus na reachtanna éigeandála a ritheadh ina ndiaidh sin a chur ar fionraí go láithreach. •Athbhreithniú a dhéanamh ar na dlíthe ceartais agus na moltaí a rinneadh faoi SCF agus a d’eisigh Coimisiún na Veinéise agus GRECO á gcur go hiomlán san áireamh. |
Tá trí dhlí ceartais 15 ann lena sainítear stádas na ngiúistísí agus lena n‑eagraítear an córas breithiúnach agus an Uaschomhairle Giúistíseachta. Tá ról lárnach ag na dlíthe sin, dá bhrí sin, chun neamhspleáchas na ngiúistísí agus dea-fheidhmiú an chórais bhreithiúnaigh a áirithiú. In 2018 agus in 2019, rinneadh leasuithe ar na dlíthe ceartais sin, leasuithe a raibh tionchar tromchúiseach acu ar neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtacht an chórais ceartais. Ar na saincheisteanna móra a sainaithníodh bhí cruthú rannóige tiomnaithe chun cionta coiriúla i measc na mbreithiúna a imscrúdú (SIIJ), córas dhliteanas sibhialta na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí, scéimeanna luathscoir, an bealach chun dul leis an ngairm, agus stádas agus ceapadh na n‑ionchúisitheoirí ardchéimiúla. Deimhníodh go gasta go raibh údar imní ann nuair a cuireadh na dlíthe leasuithe chun feidhme, agus ba léir ó shaincheisteanna eile a tháinig chun cinn idir an dá linn go raibh gá le hathbhreithniú foriomlán ar na dlíthe 16 .
Cuireadh tús leis an bplé faoin mbealach arbh fhéidir na trí dhlí a leasú i mí Mheán Fómhair 2020 agus cuireadh dlús leis in earrach 2022 17 , agus sheol an Aireacht Dlí agus Cirt comhairliúchán nua i mí an Mheithimh 2022. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán, cuireadh dréachtaí athbhreithnithe faoi bhráid na hUaschomhairle Giúistíseachta chun go dtabharfadh sí a tuairim fúthu. Mar gheall ar an tuairim a thug an Uaschomhairle uaithi i mí Lúnasa 2022, cuireadh leagan athbhreithnithe eile de na dlíthe síos sa Pharlaimint, agus tugadh an próiseas parlaiminteach i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2022 18 . Rinneadh agóid os comhair Chúirt Bhunreachtúil na Rómáine in aghaidh roinnt forálacha de na dlíthe a glacadh ach dhiúltaigh an Chúirt na hagóidí uile. D’fhógair Uachtarán na Rómáine na dlíthe an 15 Samhain 19 . Is garsprioc faoi Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine é freisin athbhreithniú na ndlíthe ceartais 20 .
Mheas an rialtas go raibh seasaimh Choimisiún na Veinéise curtha in iúl go soiléir sna tuairimí a d’eisigh sé roimhe sin agus gur cuireadh san áireamh iad sna dlíthe athbhreithnithe, siúd is nár cuireadh na dréachtaí deireanacha ina chomhairle go sonrach sular cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte iad. Dá ainneoin sin, thug Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an cheist os comhair Choimisiún na Veinéise. Tar éis iarraidh ó údaráis na Rómáine go bpléifí leis an tuairim de réir nós imeachta práinne, d’ullmhaigh Coimisiún na Veinéise tuairim phráinneach faoi na trí dhlí ceartais, tuairim a foilsíodh an 18 Samhain 21 . Cuirfear an tuairim sin faoi bhráid Choimisiún na Veinéise lena formhuiniú le linn sheisiún iomlánach mhí na Nollag 2022.
Athchóiriú tábhachtach ar an gcreat reachtach is ea iad na hathbhreithnithe a glacadh ar na dlíthe. I dtuarascálacha roimhe seo, cuireadh saincheisteanna struchtúr agus nósanna imeachta i dtábhacht, amhail scor SIIJ, córais dhliteanas araíonachta, sibhialta agus coiriúil na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí, cuntasacht agus ceapachán bhainistíocht na Cigireachta Breithiúnaí, agus na nósanna imeachta maidir le ceapachán agus dífhostú na n‑ionchúisitheoirí sinsearacha, mar aon le róil na hArd‑Chúirte um Achomharc agus um Cheartas agus na hUaschomhairle Giúistíseachta. Tá tábhacht ag baint freisin le tionchar na n‑athchóirithe ar neamhspleáchas na ngiúistísí agus ar eagraíocht a ngairme.
Leis na dlíthe ceartais athbhreithnithe, athchóiríodh córas dhliteanas sibhialta na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí, saincheist a bhí sainaitheanta le fada sna tuarascálacha SCF 22 , sna tuarascálacha maidir leis an smacht reachta, agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 23 . Foráiltear leis an dlí nua maidir le stádas na ngiúistísí, i gcás ina n‑éilíonn gearánaí cúiteamh i leith iomrall ceartais, go dtabharfaidh an Aireacht Airgeadais fógra láithreach don ghiúistís lena mbaineann agus go bhféadfaidh an giúistís sin iarratas a dhéanamh chun idirghabháil a dhéanamh sa chéad tacar imeachtaí in aghaidh an Stáit. Thairis sin, ní fhéadfaidh an Aireacht Airgeadais caingean cúitimh a dhéanamh in aghaidh an ghiúistís ach amháin má fhaigheann an rannóg ábhartha den Uaschomhairle Giúistíseachta gurbh ann do mheon mhímhacánta nó do mhórfhaillí i dtaca leis an iomrall ceartais, agus sin ar bhonn tuarascáil arna tarraingt suas ag an gCigireacht Bhreithiúnach. Roimhe seo, bhí an Aireacht in ann caingean a dhéanamh gan beann ar chonclúidí thuarascáil na Cigireachta Breithiúnaí.
Cuireadh coimircí breise ar bun freisin maidir le dliteanas araíonachta na ngiúistísí. Ó thaobh na substainte de, cuireadh deireadh leis na cionta araíonachta ba údar imní ó thaobh an neamhspleáchais bhreithiúnaigh 24 agus thosaíocht dhlí an Aontais 25 de. An tráth céanna, an leathnú a rinneadh ar chion araíonachta eile chun cur in iúl na dtuairimí polaitiúla a chuimsiú, ní hamháin agus dualgais á bhfeidhmiú ach ar bhealach níos ginearálta nuair a chuirtear na tuairimí sin in iúl go poiblí, caithfear faireachán a dhéanamh air chun a áirithiú nach gcuireann sé srian míchuí ar shaoirse cainte na ngiúistísí. Ó thaobh na nósanna imeachta de, ní mór réasúnaíocht a bheith ag gabháil leis na cinntí in ábhair araíonachta ó rannóga na hUaschomhairle Giúistíseachta feasta agus ní mór fógra a thabhairt fúthu láithreach don ghiúistís lena mbaineann. Ina theannta sin, foráiltear leis an dlí go scriosfar smachtbhannaí araíonachta ó thaifead an ghiúistís trí bliana ó dháta a bhforfheidhmithe mura ngearrtar smachtbhanna araíonachta nua ar an ngiúistís le linn na tréimhse sin.
Maidir leis an nós imeachta araíonachta féin, tugtar sprioc-amanna níos déine isteach faoina mbeidh an Uaschomhairle Giúistíseachta le réasúnaíocht a thabhairt maidir lena cinntí araíonachta 26 . Ábhar imní amháin atá fós ann is ea gur féidir leis an gCigireacht Bhreithiúnach agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó rannóg araíonachta na hUaschomhairle Breithiúnaí 27 .
Tugtar roinnt modhnuithe tábhachtacha isteach leis na dlíthe ceartais maidir le heagraíocht ghairm na ngiúistísí. Cuireadh bliain bhreise le fad na hoiliúna in Institiúid Náisiúnta na Giúistíseachta, ó dhá bhliain go trí bliana. Cé gur féidir go mbeidh éifeacht níos fadtéarmaí aige sin ar an líon giúistísí úra a bheidh ar fáil 28 , fágann sé go mbeidh tuilleadh ama ann freisin chun oiliúint phraiticiúil a chur orthu. Baineann forálacha modhnaithe eile leis an gceanglas sinsearachta le haghaidh arduithe céime chuig na cúirteanna uachtaracha agus chuig oifigí na n‑ionchúisitheoirí, agus méadaíodh sin go foriomlán 29 . Maidir le ceapacháin chuig na seirbhísí ionchúisimh speisialaithe, eadhon an Roinn Náisiúnta Frith‑Éillithe (DNA) agus an Stiúrthóireacht um Imscrúdú na Coireachta Eagraithe agus na Sceimhlitheoireachta (DIICOT), fágadh ceanglas sinsearachta 10 mbliana ar bun, le hidirthréimhse shealadach chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar na hacmhainní daonna a mhaolú. Ní fios go fóill an tionchar coincréiteach a bheidh ag na ceanglais sinsearachta nua ar na hacmhainní daonna nuair a chuirfear deireadh leis an mbeart sealadach. Coinnítear ar bun an dá chineál ardaithe céime atá ann faoi láthair ag na cúirteanna achomhairc, ag na binsí agus ag oifigí ionchúisitheoirí atá ceangailte díobh, ach cuirtear ar feitheamh na forálacha maidir le harduithe céime iomaíocha ar an láthair go dtí mí na Nollag 2025 sa chaoi nach bhféadfar ach arduithe céime éifeachtacha a dhéanamh le linn na tréimhse sin 30 . Tá rialacha nua tugtha isteach maidir le harduithe céime na mbreithiúna chuig an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, óir in ionad arduithe céime ar bhonn scrúdú iomaíoch i scríbhinn déanfar roghnú ar bhonn meastóireacht ar na cinntí breithiúnacha a rinne na hiarrthóirí i rith a gcuid gníomhaíochta uile ag an gCúirt Achomhairc agus ar bhonn agallamh os comhair rannóg na mbreithiúna san Uaschomhairle Giúistíseachta 31 . Nuair a fhaigheann breitheamh ardú céime chuig an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, eisiatar é ó mheastóireachtaí gairmiúla ina dhiaidh sin. Baineann athruithe móra eile le ceapacháin na mbainisteoirí dara líne sna cúirteanna dúiche, sna binsí, sna binsí speisialta, sna cúirteanna achomhairc agus in oifigí ionchúisitheoirí atá i gceangal díobh, nó ní dhéanfar trí scrúduithe iomaíocha iad feasta ach ar bhonn moladh ó uachtarán na cúirte nó ó cheann oifig an ionchúisitheora.
Tá an tuairim phráinneach ó Choimisiún na Veinéise dírithe ar líon teoranta ábhar a bhaineann le dliteanas sibhialta agus dliteanas araíonachta na ngiúistísí, le comórtais chun dul leis an mbreithiúnacht, agus le ceapachán na n‑ionchúisitheoirí speisialaithe agus na n‑ionchúisitheoirí ardchéimiúla agus lena mbriseadh as oifig. Is é toradh na tuairime go ndealraíonn sé, go foriomlán, go bhfuil na dlíthe ag dul sa treo ceart, cé gur luaigh Coimisiún na Veinéise gurbh ábhar aiféala é nár chuir rialtas na Rómáine na dlíthe ina chomhairle mar a fógraíodh. Luaitear gnéithe dearfacha maidir le ceapachán na n‑ionchúisitheoirí ardchéimiúla agus lena mbriseadh as oifig (féach thíos freisin). Thairis sin, tugtar faoi deara sa tuairim go bhfuil coimircí ann in aghaidh cur isteach polaitiúil ar obair DNA agus go ndéantar teorannú soiléir ar chumhachtaí an Ard‑Ionchúisitheora i dtaca le DNA agus DIICOT, agus ar an rialú ón Aireacht Dlí agus Cirt (atá teoranta do cheisteanna bainistíochta). Mar sin féin, d’eisigh Coimisiún na Veinéise roinnt moltaí a bhféadfadh athruithe spriocdhírithe eile ar na dlíthe a bheith i gceist leo, amhail síneadh a chur le sainorduithe na n‑ionchúisitheoirí ardchéimiúla ón sainordú trí bliana atá i bhfeidhm faoi láthair agus deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfaí athnuachan ar a sainorduithe, mar aon le neartú ar na coimircí i gcás ina gcuirfidh an tArd‑Ionchúisitheoir cinntí ó ghnáth‑ionchúisitheoirí ar neamhní. Ar na hathruithe eile a moladh bhí roghnúchán iomaíoch na leasbhainisteoirí sna cúirteanna agus in oifigí na n‑ionchúisitheoirí, agus moladh go leagfaí amach go soiléir nach féidir le hoifigigh póilíneachta breithiúnaí a bhíonn ar iasacht in oifigí ionchúisimh tuairisciú don Aireacht Gnóthaí Baile.
Maidir le SIIJ, cuireadh dréachtdlí tosaigh síos sa Pharlaimint i mí Feabhra 2021 chun an comhlacht sin a scor. Cé gur ghlac Teach na dTeachtaí é, agus d’ainneoin tuairim dhearfach ó Choimisiún na Veinéise, níor ghlac an Seanad é. Sheol an rialtas nua an próiseas athuair i mí Eanáir 2022 agus tar éis comhairliúchán poiblí giorraithe 10 lá ar dhréacht nua maille le tuairim dhearfach ón Uaschomhairle Giúistíseachta, ghlac an Pharlaimint dlí an 28 Feabhra 2022 32 , agus tuairim a bhí beartaithe ó Choimisiún na Veinéise fós ar feitheamh. Scoireadh SIIJ i mí an Mhárta 2022.
Bhí sé cruthaithe ag SIIJ nach raibh sé in ann feidhmiú go héifeachtach: sna trí bliana a bhí sé ar bun, níor chuir sé ach seacht gcás os comhair na gcúirteanna, agus bhí riaráiste mór cásanna aige 33 . Agus SIIJ scortha, aistríodh inniúlacht imscrúduithe na gcionta a dhéanann giúistísí chuig ‘ionchúisitheoirí ainmnithe’ laistigh de na hoifigí ionchúisitheoirí atá ceangailte den Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas 34 agus de na Cúirteanna Achomhairc 35 . Tugadh faoi deara i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta gurbh athrú chun feabhais a bhí sa chóras nua i dtéarmaí an líon ionchúisitheoirí a bhí sannta don struchtúr nua agus i dtéarmaí a scartha chríochaigh 36 , ach go raibh ábhair imní curtha in iúl maidir leis an tionchar a bhí aige ar an neamhspleáchas breithiúnach 37 . Mar shampla, níor tapaíodh an deis aghaidh a thabhairt leis an dlí ar an ábhar imní a bhain le líomhaintí gan bhunús (‘gearáin chráiteacha’) a bheith á n‑úsáid mar uirlis bhrú in aghaidh giúistísí. Coinníodh an inniúlacht ratione personae a bhí i bhfeidhm faoin gcóras roimhe sin ar bun, gan é a bheith soiléir conas a chomhlíonfadh an córas an tástáil maidir le húdar maith a bheith leis de bhua riachtanais oibiachtúla infhíoraithe a bhaineann le dea-riarachán an cheartais, mar a leag CBAE amach 38 . Thairis sin, bhí imní ann mar gheall ar easpa coimircí sonracha nua sa struchtúr a cuireadh ar bun, i bhfianaise an rialaithe ó CBAE 39 . Sa tuairim uaidh i mí an Mhárta 2022, dhearbhaigh Coimisiún na Veinéise gur cheart, má bhíothas chun SIIJ a scor, go n‑áiritheofaí éifeachtúlacht bhreise leis sin maidir le himscrúdú na líomhaintí éillitheachta i leith breithiúna agus ionchúisitheoirí 40 . Bhí ábhair imní eile ann a bhain go príomha le próiseas ceaptha na ‘n‑ionchúisitheoirí ainmnithe’ 41 . Leis an gcur chuige díláraithe a glacadh, cuirtear an t‑ualach ar riachtanas faireachán a dhéanamh ar chuntas teiste an chórais nua. Go dtí seo, níor tarraingíodh aird ar aon teagmhais nós imeachta; bhí an obair dírithe ar na cásanna aistrithe a phróiseáil 42 agus tugadh tús áite do chásanna a bhí bunaithe ar líomhaintí nach raibh bunús leo a dhúnadh. Samhlaíonn sé go raibh breis agus 95 % de na cásanna aistrithe a próiseáladh go dtí seo bunaithe ar ghearáin chráiteacha. Tá modheolaíocht forbartha ag an Ard‑Ionchúisitheoir freisin chun cásanna a rangú de réir tosaíochta. I dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, rinneadh dhá mholadh shonracha maidir leis an gcóras nua 43 , agus tuairisceoidh an Coimisiún ar a gcur chun feidhme i dTuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta.
Tá na próisis reachtacha a bhaineann le hathbhreithniú na dtrí dhlí ceartais agus na bhforálacha maidir le cionta a dhéanann breithiúna a imscrúdú tugtha i gcrích anois. Tá gealltanas tugtha ag rialtas na Rómáine lánaird a thabhairt ar an tuairim atá le tabhairt ag Coimisiún na Veinéise faoi na dlíthe ceartais, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeidh tuilleadh athruithe spriocdhírithe le déanamh ar an reachtaíocht. Tagann an obair leantach ar an ngealltanas sin, mar aon le cur chun feidhme praiticiúil an chreata reachtaigh nua, faoi raon feidhme fhaireachán an Choimisiúin faoin Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta. Déanfar measúnú ar na dlíthe ceartais nua faoin nós imeachta tiomnaithe i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine freisin.
Ceapacháin chuig poist cheannaireachta sna seirbhísí ionchúisimh
|
•Moladh 2017: Córas láidir neamhspleách a chur ar bun chun na hionchúisitheoirí is sinsearaí a cheapadh, ar bhonn critéir shoiléire thrédhearcacha, agus leas á bhaint as tacaíocht Choimisiún na Veinéise. •Moladh 2018: Tuairimí diúltacha ón Uaschomhairle a urramú maidir le ceapacháin nó dífhostuithe ionchúisitheoirí i bpoist bhainistíochta go dtí go mbeidh creat reachtach nua ar bun i gcomhréir le moladh 1 ó mhí Eanáir 2017. •Moladh 2018: Próiseas a athsheoladh chun Príomh‑Ionchúisitheoir in DNA a cheapadh a mbeidh taithí chruthaithe aige coireanna éillitheachta a ionchúiseamh agus a mbeidh sainordú soiléir aige faoina leanfaidh DNA d’imscrúduithe gairmiúla neamhspleácha neamhchlaonta a dhéanamh ar an éillitheacht. |
Moladh seanbhunaithe de chuid SCF is ea é go mbeadh córas trédhearcach bunaithe ar an bhfiúntas ann chun na hionchúisitheoirí is sinsearaí a cheapadh, córas lena bhféadfaí coimircí leordhóthanacha a sholáthar i gcoinne an pholaitithe. Cuireadh i dtábhacht i dtuarascálacha SCF i ndiaidh a chéile gur gá srianta agus ceartúcháin leordhóthanacha a bheith sa nós imeachta um cheapadh na n‑ionchúisitheoirí is sinsearaí, agus gur gá machnamh a dhéanamh ar an méid a chuirfí an córas ceapacháin agus dífhostaithe céanna i bhfeidhm ag leibhéil bhainistíochta ní ba ísle laistigh den tseirbhís ionchúisimh 44 . An nós imeachta beartaithe a chur i gcomhairle Choimisiún na Veinéise, tá sé curtha i dtábhacht go leanúnach ag an gCoimisiún gur bealach tábhachtach é sin chun inbhuanaitheacht an réitigh a roghnófar a áirithiú agus chun cóimheá inbhuanaithe a áirithiú idir róil na n‑institiúidí éagsúla lena mbaineann, Uachtarán na Rómáine, an Aire Dlí agus Cirt, agus na hUaschomhairle Giúistíseachta faoi seach 45 sa phróiseas.
Admhaíonn Coimisiún na Veinéise go bhfuil múnlaí éagsúla ann maidir le ceapacháin chun oifig an Ard‑Ionchúisitheora (nó chun oifigí príomh‑ionchúisitheoirí den chineál céanna). Tá sé curtha i dtábhacht aige, áfach, go bhfuil gá, ar mhaithe le muinín an phobail, le cothromaíocht leormhaith idir riachtanas na dlisteanachta daonlathaí i dtaca leis na ceapacháin sin agus riachtanas a ndípholaitithe 46 .
An nós imeachta lena gceaptar na hionchúisitheoirí is sinsearaí, is cuid é den dlí athbhreithnithe maidir le stádas na ngiúistísí a ghlac an Pharlaimint i mí Dheireadh Fómhair 2022. Foráiltear leis an nós imeachta go gceapfaidh Uachtarán na Rómáine na príomh‑ionchúisitheoirí (an tArd‑Ionchúisitheoir, Príomh‑Ionchúisitheoir DNA agus Príomh‑Ionchúisitheoir DIICOT) agus a leas‑phríomh‑ionchúisitheoirí de bhun ainmniúchán réasúnaithe arna chur faoina bhráid ag an Aire Dlí agus Cirt tar éis próiseas roghnúcháin arna sheoladh agus arna eagrú ag an Aireacht Dlí agus Cirt agus tar éis tuairim ón Uaschomhairle Giúistíseachta. Áirítear ar na príomh‑shaincheisteanna a bhí ann roimhe seo comhsheasmhacht agus trédhearcacht an phróisis roghnúcháin, rudaí a ndearnadh foráil maidir leo sa dlí le rialacha nua lena mionsonraítear eagrú an phróisis roghnúcháin agus ainmniúcháin, incháilitheacht na n‑iarrthóirí, na critéir mheastóireachta, agus comhdhéanamh an choiste roghnúcháin. Bhí tábhacht faoi leith ag baint le ról agus tionchar na hUaschomhairle Giúistíseachta (go háirithe rannóg na n‑ionchúisitheoirí) agus an Uachtaráin, faoi seach, sa nós imeachta, ós frithmheáchain iad ar an tionchar atá ag an Aire Dlí agus Cirt agus is coimircí iad in aghaidh an pholaitithe. Foráiltear feasta sa nós imeachta go nglacann rannóg na n‑ionchúisitheoirí san Uaschomhairle Giúistíseachta páirt sa phróiseas roghnúcháin, ina nglacann beirt ionadaithe ón rannóg páirt sna hagallaimh feasta, agus sa phróiseas ainmniúcháin, ina gceanglaítear ar an Aire Dlí agus Cirt tuairim a lorg ar an rannóg sin. Cé nach mbíonn an tuairim ón Uaschomhairle Giúistíseachta ina ceangal ar an Aire, foráiltear sa nós imeachta gur ghá, i gcás ina dtabharfadh sí tuairim dhiúltach, ath‑agallamh a chur ar an iarrthóir a mholtar, ath‑agallamh inar cheart na hargóintí a leagadh amach sa tuairim ón Uaschomhairle Giúistíseachta a chur san áireamh. Tar éis an ath‑agallaimh sin, is féidir leis an Aire an moladh ainmniúcháin a chur chuig an Uachtarán nó an t‑ainmniúchán a tharraingt siar agus próiseas roghnúcháin nua a eagrú. Is féidir leis an Uachtarán glacadh leis an moladh ainmniúcháin ón Aire agus dul ar aghaidh leis an gceapachán, nó an moladh a dhiúltú ach réasúin a lua.
Dá bhrí sin, tá próiseas roghnúcháin agus ainmniúcháin níos trédhearcaí agus níos láidre tugtha isteach ar leibhéal na hAireachta Dlí agus Cirt, agus maille leis sin áirithítear tuilleadh cobhsaíochta tríd an reachtaíocht a úsáid seachas orduithe ón Aire. Thug Coimisiún na Veinéise meas dearfach air sin sa tuairim phráinneach uaidh. Páirt a bheith ag rannóg na n‑ionchúisitheoirí san Uaschomhairle Giúistíseachta, mar a shonraítear, cuideoidh sin le tacaíocht na ngiúistísí leis na hiarrthóirí a ainmnítear a áirithiú freisin. Cé nach gcuireann an réiteach a roghnaíodh cosc ar an Aire dul ar aghaidh le hainmniúchán in éadan tuairim dhiúltach ón Uaschomhairle Giúistíseachta, ná tar éis diúltú ón Uachtarán, cuidíonn na coimircí breise a tugadh isteach lena áirithiú go ndéanfar scrúdú leordhóthanach ar na hargóintí a dhéantar i dtuairim den sórt sin ón Uaschomhairle Giúistíseachta agus go gcuirfear san áireamh iad sa phróiseas ainmniúcháin.
Fuair Coimisiún na Veinéise, sa tuairim phráinneach uaidh, go roinntear an fhreagracht pholaitiúil as an gceapachán le hUachtarán na Rómáine faoin bpróiseas ceapacháin agus go neartaítear ról na hUaschomhairle Giúistíseachta, siúd is go dtugtar ról cinntitheach fós don Aire Dlí agus Cirt. De réir Choimisiún na Veinéise, roinnt gníomhaithe institiúideacha a bheith páirteach sa phróiseas, is rud é sin a áirithíonn leibhéal maith trédhearcachta, agus is feabhsú atá sa leasú ó thaobh cosaint ar riosca na gceapachán claonpháirteach de.
An nós imeachta chun ionchúisitheoirí sinsearacha a dhífhostú, tá sé cosúil leis an nós imeachta chun iad a cheapadh. Faoin dlí athbhreithnithe, tionscnaítear an nós imeachta le hiarraidh ón Aire Dlí agus Cirt ar thuairim ó rannóg na n‑ionchúisitheoirí san Uaschomhairle Giúistíseachta. Ní bhíonn an tuairim sin ina cheangal air, agus tar éis a heisithe, is féidir leis an Aire an dífhostú a mholadh d’Uachtarán na Rómáine, agus ní féidir leis siúd é a dhiúltú ach amháin ar fhoras dlíthiúlachta. Rinneadh athrú amháin tar éis breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine 47 , inar tarraingíodh aird ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le páirt a bheith ag údarás atá neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an mbrainse reachtach i gcinntí a bhaineann le ceapachán agus dífhostú na n‑ionchúisitheoirí, agus ar an riosca go mbeadh tionchar athchomhairleach ag an dífhostú ar thoilíocht na ngiúistísí a bheith rannpháirteach sa díospóireacht phoiblí faoi shaincheisteanna a bhaineann leis na breithiúna. Cuireadh nós imeachta athbhreithnithe os comhair cúirt riaracháin leis an nós imeachta chun ionchúisitheoirí a dhífhostú as feidhmeanna ceannaireachta, nós imeachta lena dtugtar 15 lá don ionchúisitheoir a dhífhostaítear agóid a dhéanamh in aghaidh a dhífhostaithe, sa chaoi go mbeidh an chúirt in ann (cé nach gceanglaítear sin uirthi) dlíthiúlacht agus iontaofacht an dífhostaithe atá beartaithe a scrúdú 48 .
Maidir le moladh 2018 i dtaca le ceapachán Phríomh‑Ionchúisitheoir DNA, i dtuarascáil SCF 2021 thángthas ar an gconclúid gur tugadh aghaidh air.
Leis na dlíthe ceartais athbhreithnithe, cuirtear próiseas roghnúcháin atá níos trédhearcaí agus níos láidre ar bun le haghaidh ceapacháin chun post ceannaireachta sa tseirbhís ionchúisimh, agus coimircí breise ann a chuireann le cuntasacht an Aire Dlí agus Cirt maidir le hainmniúcháin a mholadh. An nós imeachta chun sealbhóirí na bpost ceannaireachta sna seirbhísí ionchúisimh a cheapadh agus a dhífhostú, tá sé ina ábhar plé ó cuireadh tús le SCF, agus dul i gcomhairle Choimisiún na Veinéise, is bealach tábhachtach é chun inbhuanaitheacht an réitigh a roghnaítear a áirithiú. Tá gealltanas tugtha ag rialtas na Rómáine lánaird a thabhairt ar an tuairim atá le tabhairt ag Coimisiún na Veinéise faoi na dlíthe ceartais. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar an obair leantach ar an ngealltanas sin agus ar chur chun feidhme praiticiúil na reachtaíochta nua faoi chuimsiú na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta.
Cóid iompair
Moladh 2017: A áirithiú go mbeidh forálacha soiléire sa Chód Iompair le aghaidh feisirí atá á fhorbairt faoi láthair sa Pharlaimint maidir leis an urraim fhrithpháirteach idir na hinstitiúidí, forálacha lena soiléirítear gur cheart d’fheisirí agus don phróiseas parlaiminteach neamhspleáchas na mbreithiúna a urramú. D’fhéadfaí Cód Iompair den chineál céanna a ghlacadh le haghaidh na n‑airí.
Mar a tuairiscíodh in 2021, tá Cód Iompair le haghaidh na bhfeisirí ar bun ó dheireadh 2017 49 . Cé nach bhfuil aon fhorálacha sonracha ann maidir neamhspleáchas na mbreithiúna a urramú 50 , is féidir gur chuir sé le feasacht mhéadaithe, agus dá bhrí sin le laghdú ar an líon eachtraí neamhairde ar an neamhspleáchas breithiúnach sa phróiseas parlaiminteach, agus le laghdú ar an gcáineadh a dhéanann roinnt feisirí ar an gcóras breithiúnach agus ar ghiúistísí aonair, mar a luadh i dtuarascáil SCF 2021 51 . Tá oibleagáid i gcód iompair na n‑airí, arna leasú in 2020, an neamhspleáchas breithiúnach a urramú 52 .
Ó foilsíodh tuarascáil SCF 2021 tháinig laghdú ar an gcáineadh poiblí suntasach a rinne feisirí agus a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de neamhspleáchas na mbreithiúna, agus ní raibh aon eachtra ann ina dtástálfaí éifeachtacht an Chóid i gcás sáruithe. Le linn 2021-2022, ghlac an Uaschomhairle Giúistíseachta le hocht n‑iarraidh cáil ghairmiúil, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht breithiúna a chosaint, agus 18 n‑iarraidh den chineál céanna i dtaca le hionchúisitheoirí 53 . Tá sé luaite ag an Uaschomhairle Giúistíseachta go mbaineann formhór na n‑iarrataí feasta le ráitis a eisítear sna meáin áitiúla; níorbh amhlaidh roimhe seo nuair a sheoladh polaiteoirí feachtais díspeagtha in aghaidh breithiúna sna meáin náisiúnta.
Is féidir gur deis a bheidh sa staid fheabhsaithe seo chun cosaint ar aon titim siar amach anseo ar thimpeallacht is géire coinbhleacht nó is mó riosca ionsaithe ó pholaiteoirí ar bhreithiúna. D’fhéadfaí mar shampla treoraíocht, samplaí, agus ábhar múscailte feasachta maidir le conas plé le cásanna coincréiteacha a chur i gceangal leis na Cóid Iompair. Bealach chun tosaigh a d’fhéadfadh údaráis na Rómáine a mheas ab ea obair leantach a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás ina gcáineann an Uaschomhairle Giúistíseachta ráitis ó fheisire parlaiminte nó ón rialtas i leith giúistís faoi leith nó i leith an chórais bhreithiúnaigh, go measúnófar go pras ar sáraíodh an Cód. Is féidir faireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin sna tuarascálacha maidir leis an smacht reachta.
Tá Cóid Iompair le haghaidh feisirí agus airí ar bun agus tá siad in inmhe rannchuidiú le feasacht mhéadaithe agus le laghdú mór ar an líon eachtraí neamhairde ar an neamhspleáchas breithiúnach agus eachtraí cáinte an chórais bhreithiúnaigh agus cáinte giúistísí aonair.
An Cód Nós Imeachta Shibhialta
Moladh 2017: Ba cheart don Aire Dlí agus Cirt, don Uaschomhairle Giúistíseachta, agus don Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas plean gníomhaíochta a chríochnú chun a áirithiú gur féidir cloí leis an sprioc-am nua chun na forálacha eile den Chód Nós Imeachta Shibhialta a chur chun feidhme.
Chumhdaigh an Moladh sin críochnú an athchóirithe ar an gCód Nós Imeachta Shibhialta, lenar bunaíodh, go háirithe, céim dlísheomra comhairle sa nós imeachta sibhialta agus nósanna imeachta le haghaidh achomharc i gcásanna áirithe. Éiríodh as an athchóiriú sin in 2018 54 . Athdhearbhaíodh i dtuarascáil SCF 2021 an chonclúid ar thángthas uirthi in 2019, gur cheart deis a bheith sa chinneadh sin tréimhse chobhsaíochta a bhaint amach sa bhrainse sin den chóras breithiúnach, agus measadh gur comhlíonadh an moladh.
Níor tugadh aon fhorbairtí eile faoi deara ó thuarascáil dheireanach SCF agus tá an moladh fós comhlíonta. Tá scrúdú á dhéanamh ar mheasúnuithe ar éifeachtacht agus cáilíocht na n‑imeachtaí breithiúnacha faoi chuimsiú na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta.
An Cód Coiriúil agus an Cód Nós Imeachta Choiriúil
|
•Moladh 2018: Teacht i bhfeidhm na n‑athruithe ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil a reo. •Moladh 2018: An t‑athbhreithniú ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil a athoscailt agus gá na comhréireachta le dlí an Aontais agus le hionstraimí frith‑éillithe idirnáisiúnta á chur san áireamh go hiomlán, mar aon leis na moltaí faoi SCF agus an tuairim ó Choimisiún na Veinéise. •Moladh 2017: Ba cheart an chéim reatha den athchóiriú ar chóid choiriúla na Rómáine a thabhairt i gcrích agus ba cheart don Pharlaimint leanúint ar aghaidh lena cuid pleananna na leasuithe arna gcur i láthair ag an rialtas in 2016 a ghlacadh tar éis di dul i gcomhairle na n‑údarás breithiúnach. |
An gá atá leis an athchóiriú ar Chóid Choiriúla 2014 na Rómáine a thabhairt chun críche, is ábhar é a luadh go leanúnach i dtuarascálacha SCF. Príomhspreagadh leis an athchóiriú sin is ea an gá na cóid a oiriúnú do chinntí na Cúirte Bunreachtúla agus an gá Treoracha de chuid an Aontais a thrasuí. Ó 2014, ghlac an Chúirt Bhunreachtúil 80 cinneadh ina ndearbhaíodh go raibh forálacha éagsúla de na cóid míbhunreachtúil 55 . Ba dhúshlán é freagairt phras chomhsheasmhach a thabhairt ar an ngá an reachtaíocht a chur in oiriúint do na cinntí sin 56 . Sna blianta seo caite, thugadh an Coimisiún tuairiscí mionsonraithe ar fhorbairtí a bhain leis na hathbhreithnithe ar na cóid, agus d’athdhearbhaigh sé gur gá na hathchóirithe a thabhairt i gcrích mar ábhar tosaíochta.
Rinne an Chúirt Bhunreachtúil roinnt cinntí forleathana ó 2014 lenar neamhníodh forálacha den dá chód, cinntí a raibh tionchar ar leith acu ar an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus na coireachta eagraithe 57 . Toisc easpa réitigh bheartais agus reachtacha, tháinig méadú ar na constaicí agus ar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis an imscrúdú, an ionchúiseamh agus na smachtbhannaí i gcásanna éillitheachta ardleibhéil, óir theip ar chásanna os comhair na gcúirteanna, bhí éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir le hinghlacthacht fianaise, agus atosaíodh imscrúduithe agus trialacha. I gcásanna áirithe, cheal gníomhaíochta reachtaí, rinne an Chúirt Bhunreachtúil sraith cinntí ar an ábhar céanna agus b’éigean don Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas na cinntí sin a léirmhíniú ionas go bhféadfadh na cúirteanna iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.
Bhí sampla ann le déanaí ar dócha go mbeidh tionchar díobhálach faoi leith aige ar chásanna coiriúla tábhachtacha atá ar siúl faoi láthair. In 2018 dhearbhaigh an Chúirt Bhunreachtúil neamh‑bhunreachtúlacht forála a bhaineann le briseadh thréimhse teorann an dliteanais choiriúil i leith na gcionta uile a bhfuil feidhm ag reacht tréimhsí maidir leo. Chuir formhór na gcúirteanna an cinneadh sin san áireamh trí léirmhíniú níos sriantaí a dhéanamh ar na cásanna inarbh fhéidir an reacht tréimhsí a bheith briste de bhua gníomh nós imeachta. Sa dara cinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil maidir leis an airteagal céanna i mí na Bealtaine 2022, áfach, thug an chúirt faoi deara nár achtaíodh forálacha dlí nua chun an staid a leigheas. Measadh sa chinneadh sin nárbh ann d’aon bhunús le briseadh thréimhse teorann an dliteanais choiriúil agus sin ó rinneadh an chéad chinneadh go dtí go leagfadh an reachtas amach na coinníollacha faoina mbrisfí an tréimhse theorann. Cé gur eisíodh reacht éigeandála rialtais in 2022 chun na coinníollacha faoina mbeadh feidhm ag briseadh na tréimhse teorann a shoiléiriú as sin amach, ní bheadh éifeacht chúlghabhálach aige sin. Maille leis sin, tá agóidí in aghaidh an reachta ar feitheamh os comhair na Cúirte Bunreachtúla faoi láthair. An 25 Deireadh Fómhair 2022 dhearbhaigh an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas nach féidir, de réir phrionsabal an dlí is fabhraí le linn na tréimhse 2014-2022, a mheas go mbristear tréimhse theorann an dliteanais choiriúil le haon ghníomh nós imeachta ón ionchúiseamh 58 . D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha eascairt ón méid sin. Thug rannóg na n‑ionchúisitheoirí san Uaschomhairle Giúistíseachta rabhadh go gcuirfí deireadh le himeachtaí coiriúla dá thoradh sin agus go ndíothófaí an dliteanas coiriúil i líon mór cásanna 59 .
Ó foilsíodh tuarascáil 2021, tugadh céimeanna nithiúla chun an t‑athbhreithniú ar an dá chód a chur chun cinn. Lean an mheitheal idirinstitiúideach a bunaíodh in 2019 lena cuid oibre, agus foilsíodh dréachtaí athbhreithnithe le haghaidh comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na hAireachta Dlí agus Cirt i samhradh 2021. Bliain dá éis sin, an 2 Meitheamh 2022, chuir an Aireacht Dlí agus Cirt leagan athbhreithnithe de na dréachtdlíthe faoi bhráid an Rialtais lena fhormheas 60 . Is cuid de na garspriocanna a bhaineann le hathchóiriú i bPlean Téarnamh agus Athléimneachta náisiúnta na Rómáine é an t‑athbhreithniú freisin 61 .
Tá próiseas reachtach leasaithe an Chóid Choiriúil agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil chun forálacha a ailíniú le cinntí ábhartha Chúirt Bhunreachtúil na Rómáine fós ar siúl. Caithfear, san ailíniú sin, gá na comhréireachta le dlí an Aontais agus le hionstraimí frith‑éillithe idirnáisiúnta a chur san áireamh, mar aon le moltaí SCF agus an tuairim ó Choimisiún na Veinéise. Is léir an gá atá leis an ailíniú sin ó fhorbairtí a tharla le deireanas sa dlí‑eolaíocht maidir le reacht na dtréimhsí dliteanais choiriúil, agus an tionchar mór atá acu ar imeachtaí réamhthrialach agus ar imeachtaí cúirte atá ar siúl faoi láthair. An t‑athbhreithniú ar an dá chód a chríochnú, is cuid é sin de na gealltanais a rinne an Rómáin ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta agus déanfaidh an Coimisiún measúnú grinn ar na cóid athbhreithnithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta sonracha dá bhforáiltear sa chomhthéacs sin.
An próiseas reachtach i réimse SCF
Moladh SCF 2017: Chun trédhearcacht agus intuarthacht an phróisis reachtaigh a fheabhsú a thuilleadh, agus chun coimircí inmheánacha a neartú ar mhaithe leis an dochúlaitheacht, ba cheart don Rialtas agus don Pharlaimint an trédhearcacht iomlán a áirithiú agus aird chuí a thabhairt ar chomhairliúcháin leis na húdaráis agus na páirtithe leasmhara ábhartha le linn na cinnteoireachta agus na gníomhaíochta reachtaí maidir leis an gCód Coiriúil agus an gCód Nós Imeachta Choiriúil, leis na dlíthe éillitheachta, leis na dlíthe ionracais (neamh‑chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, rachmas gan údar), leis na dlíthe ceartais (a bhaineann le heagrú an chórais ceartais) agus leis an gCód Sibhialta agus an gCód Nós Imeachta Shibhialta, agus tinfeadh á fháil acu ón trédhearcacht sa chinnteoireacht a chuir an Rialtas ar bun in 2016.
Is é a bhí sa mholadh sin aitheantas gurb é an bealach is fearr lena áirithiú go mbeidh aon athchóiriú inbhuanaithe agus éifeachtach araon, próiseas reachtach láidir oscailte a bheith ann 62 . I dTuarascáil SFC 2021 thángthas ar an gconclúid gur dheis a bhí sa phróiseas reachtach maidir leis na tograí athchóirithe éagsúla – i leith SIIJ agus na ndlíthe ceartais, agus ina dhiaidh sin i leith an Chóid Chóiriúil agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil – chun a léiriú go rabhthas ag cloí leis an gcur chuige a bhí sa mholadh.
Ní i gcónaí a thángthas ar chóimheá idir an gá le práinn maidir leis na gealltanais tosaíochta agus an gá próiseas cuimsitheach trédhearcach a áirithiú. Tháinig imní chun cinn, i dtaca leis an bpróiseas pras lenar glacadh dlí scortha SIIJ, nach raibh mórán deiseanna ag páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl faoi na socruithe nua, agus luaigh Coimisiún na Veinéise féin an t‑ábhar imní céanna 63 . Na dlíthe ceartais freisin, cuireadh faoi réir nós imeachta práinne na Parlaiminte iad 64 agus faoi réir comhairliúchán poiblí brostaithe maidir leis na leaganacha deireanacha a cuireadh síos sa Pharlaimint. Luaigh páirtithe leasmhara go ndearnadh na díospóireachtaí parlaiminteacha faoi dheifir, gan a dhóthain ama chun plé substaintiúil a dhéanamh ar leasuithe 65 .
Rinneadh trácht níos ginearálta maidir leis an bpróiseas reachtóireachta sa Rómáin i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, agus luadh go raibh ábhair imní fós ag teacht chun cinn maidir le cobhsaíocht agus intuarthacht na reachtaíochta mar gheall ar athruithe rialta ar an reachtaíocht agus úsáid rialta na reachtanna éigeandála. Faoin gcuimsiú sin, d’eisigh an Coimisiún moladh don Rómáin comhairliúchán poiblí éifeachtach a áirithiú sula nglactar dréachtreachtaíocht 66 . Déanfar obair leantach ar chur chun feidhme an mholta sin i dTuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta. Tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le cáilíocht na reachtóireachta i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine freisin, lena n‑áirítear struchtúr speisialaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar cháilíocht na reachtaíochta, athfhoilsiú córasach leaganacha comhdhlúite de na dlíthe aon uair a leasaítear iad, agus modheolaíocht a fhorbairt maidir le húsáid na reachtanna éigeandála rialtais.
Cé nárbh fhéidir comhairliúcháin fhadaithe a dhéanamh i ngach cás mar gheall ar amchlár na n‑athchóirithe, tá céimeanna tugtha ag Rialtas na Rómáine mar sin féin i gcomhréir leis an moladh agus tá iarracht déanta aige an trédhearcacht a áirithiú mar aon leis an deis do ghníomhaithe ábhartha a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hathchóirithe a mholtar. Leanfar d’fhaireachán a dhéanamh sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ar an gcur chuige ginearálta i leith comhairliúchán poiblí éifeachtach sula nglactar dréachtreachtaíocht.
Cur chun feidhme cinntí cúirte ag an údarás poiblí
Moladh SCF 2017: Ba cheart don Rialtas Plean Gníomhaíochta cuí a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar chur chun feidhme cinntí cúirte agus ar chur i bhfeidhm dlí‑eolaíochta na gcúirteanna ag an riarachán poiblí, lena n‑áirítear sásra chun staidreamh cruinn a chur ar fáil le faireachán amach anseo a chumasú. Ba cheart dó freisin córas faireacháin inmheánaigh a fhorbairt, córas ina bhfuil páirt ag an Uaschomhairle Giúistíseachta agus ag an gCúirt Iniúchóirí, chun cur chun feidhme cuí an Phlean Gníomhaíochta a áirithiú.
Cinntí cúirte a urramú agus a chur chun feidhme, is cuid lárnach d’éifeachtacht aon chórais bhreithiúnaigh é sin 67 . Chun freagairt do dhúshláin sa réimse sin, mhol an Rómáin do Choiste Airí Chomhairle na hEorpa plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna struchtúracha a bhaineann le neamh‑fhorfheidhmiú nó le forfheidhmiú moillithe ar chinntí cúirte i gcoinne an Stáit 68 , fadhbanna a shainaithin an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine 69 . Liosta beart chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n‑áirítear leasuithe ar an gcreat dlíthiúil chun forghníomhú tráthúil a ráthú agus sásra chun forghníomhú déanach breithiúnas a mhaoirsiú agus a chosc i gcás breithiúnais ar féichiúnaí é an Stát ina leith, formheasadh an liosta sin in 2019 70 . Ina mheasúnú ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta i mí an Mhárta 2022, d’impigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an athuair ar na húdaráis dlús a chur lena gcuid iarrachtaí agus a léiriú go bhfuil siad tiomanta do na hathchóirithe is gá a chur chun críche 71 . Ina dhiaidh sin, bunaíodh struchtúr nua i mí Dheireadh Fómhair 2022 laistigh d’Ardrúnaíocht an Rialtais chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú breithiúnas a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis neamhfhorfheidhmiú na mbreithiúnas a tugadh i gcoinne féichiúnaithe poiblí sa Rómáin 72 .
Bíonn forbhreathnú anois sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ar na táscairí córasacha i dtaca le cur chun feidhme na dtreoirbhreithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine sna Ballstáit uile 73 . I mí Eanáir 2022, ba é 57 % ráta na Rómáine maidir le treoirbhreithiúnais arna dtabhairt sna 10 mbliana roimhe sin a chur chun feidhme – i gcomparáid leis an meán foriomlán sna Ballstáit uile, arbh é 40 % – agus bhí an meán‑am a bhí na breithiúnais ar fheitheamh cur chun feidhme níos mó ná ceithre bliana agus dhá mhí 74 . Leanfar ar aghaidh den tsaincheist sin a leanúint faoi chuimsiú na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta, lena n‑áirítear maidir leis na céimeanna arna nglacadh ag an Rómáin chun sásra staidrimh chruinn agus córas faireacháin inmheánaigh a fhorbairt a mbeidh an Uaschomhairle Giúistíseachta agus an Chúirt Iniúchóirí páirteach iontu chun cur chun feidhme cuí a plean gníomhaíochta a áirithiú.
Glacadh céimeanna nua le déanaí chun an moladh seo a chur chun feidhme, agus tá coinne leis go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna leanúnacha a sainaithníodh. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh den phróiseas faireacháin a bunaíodh ar leibhéal Chomhairle na hEorpa a leanúint go dlúth agus tuairisciú a dhéanamh faoi chuimsiú na dTuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta, faoi mar a dhéanann sí i gcás na mBallstát uile 75 .
Bainistíocht Bhreithiúnach Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta do na breithiúna
Moladh SCF 2017: Ba cheart don Bhainistíocht Bhreithiúnach Straitéiseach, i.e. an tAire Dlí agus Cirt, an Uaschomhairle Giúistíseachta, an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas agus an tArd‑Ionchúisitheoir, cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta a áirithiú mar a glacadh é agus tuairisciú poiblí coiteann tráthrialta a chur i bhfeidhm maidir lena chur chun feidhme, lena n‑áirítear réitigh ar shaincheisteanna maidir le ganntanas cléireach cúirte, an t‑ualach oibre iomarcach agus na moilleanna le húdair a thabhairt le cinntí.
I dtuarascálacha SCF sainaithníodh gur deis thábhachtach í an Bhainistíocht Bhreithiúnach Straitéiseach chun bealach chun tosaigh atá comhthoiliúil agus inbhuanaithe a fhorbairt don chóras ceartais. Measadh i dtuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta gur leagadh síos cuspóirí soiléire agus sásra faireacháin sa Straitéis nua chun na Breithiúna a Fhorbairt 2022-2025 agus sa Phlean Gníomhaíochta gaolmhar a ghabhann léi, a glacadh an 30 Márta 2022. Is garsprioc faoi Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine é glacadh agus teacht i bhfeidhm na Straitéise nua 76 . Leagann an straitéis béim ar neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht an cheartais, agus ar an rochtain ar an gceartas. Áirítear leis sin deireadh a chur le héagothromaíochtaí i dtuarastail agus i bpinsin na ngiúistísí, agus nuachóiriú a dhéanamh ar stádas na foirne breithiúnaí agus ar ghairmeacha gaolmhara dlí, chomh maith le hathchóiriú a dhéanamh ar na dlíthe ceartais. Beartaítear leis an Straitéis roinnt beart chun saincheist na nganntanas foirne sa chóras breithiúnachta a leigheas, lena n‑áirítear nuachóiriú a dhéanamh ar stádas na foirne breithiúnaí agus na foirne cúnta ionas go mbeidh breithiúna agus ionchúisitheoirí in ann díriú ar obair bhreithiúnach. Leagtar síos ann freisin an cuspóir cainníochtúil chun a áirithiú go mbeidh 95 % de phoist bhreithimh líonta agus 80-85 % de phoist ionchúisitheora áitithe faoi 2025 77 .
Beidh an straitéis ina huirlis thábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhealach inbhuanaithe ar na dúshláin atá fós ann i measc na mbreithiúna. Fónfaidh dlúthfhaireachán agus tuairisciú poiblí freisin chun muinín an phobail a chothú go bhfuil tosaíocht leordhóthanach á tabhairt do shaincheisteanna a bhaineann leis an ualach oibre iomarcach agus le moilleanna gaolmhara maidir leis an gcaoi a gcaitear le cásanna cúirte. D’fhéadfadh cumarsáid agus comhairliúcháin réamhghníomhacha agus tráthrialta leis na breithiúna agus leis na gairmeacha dlí a bheith úsáideach freisin chun a chur in iúl do na giúistísí go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le ganntanais foirne agus leis an ualach oibre díréireach a eascraíonn as sin.
Trédhearcacht agus cuntasacht na hUaschomhairle Giúistíseachta
Moladh SCF 2017: Ba cheart don Uaschomhairle Giúistíseachta nua clár comhchoiteann a ullmhú dá sainordú, lena n‑áirítear bearta chun trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn. Ba cheart straitéis maidir le for-rochtain a bheith sa chlár trína n‑eagrófar cruinnithe oscailte tráthrialta le tionóil breithiúna agus ionchúisitheoirí ar gach leibhéal, agus leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí gairmiúla, agus ba cheart tuairisciú bliantúil a bhunú a bheidh le plé i gcomhthionóil ghinearálta na gcúirteanna agus na n‑ionchúisitheoirí.
Cuireadh i dtábhacht arís agus arís eile i dtuarascálacha SCF gur gá don Uaschomhairle Giúistíseachta rannchuidiú le móiminteam an athchóirithe, seasaimh chomhchoiteanna shoiléire a chur in iúl agus muinín a áirithiú trí thrédhearcacht agus trí chuntasacht. Tugadh faoi deara i dtuarascáil 2021 ábhair imní thábhachtacha a bhaineann le cumas na hUaschomhairle Giúistíseachta comhthoil a fhorbairt i measc na mbreithiúna agus ról cuiditheach a bheith aige i gcinntí lárnacha maidir le heagrú agus feidhmiú na breithiúnachta, ach tugadh faoi deara freisin cásanna ina raibh an Uaschomhairle Giúistíseachta in ann easaontais inmheánacha a shárú agus torthaí a bhaint amach 78 .
D’ainneoin na n‑iarrachtaí chun teacht ar chomhréitigh, easaontais laistigh den Uaschomhairle Giúistíseachta ó bhí 2021 ann, tá tionchar fós á imirt acu ar shaincheisteanna ar nós ceapacháin don struchtúr nua a chuirfear in ionad SIIJ, eagrú na dtoghchán don Uaschomhairle Giúistíseachta nua, nó easaontais phoiblí idir comhaltaí na hUaschomhairle Giúistíseachta maidir leis na dlíthe ceartais. Rachaidh téarma reatha na hUaschomhairle Giúistíseachta in éag ag deireadh 2022, agus seoladh an próiseas chun comhaltaí nua a thoghadh i mí Feabhra 2022. Cáineadh na toghcháin don Chomhairle nua freisin 79 . An tUachtarán reatha a ainmniú mar Uachtarán eatramhach na Comhairle do 2022, spreag sé sin tuilleadh plé san Uaschomhairle Giúistíseachta 80 .
Áirítear ar na forálacha reachtacha athbhreithnithe maidir le feidhmiú na hUaschomhairle Giúistíseachta roinnt oibleagáidí a d’fhéadfadh cur le trédhearcacht agus cuntasacht na hUaschomhairle. Tá an fhéidearthacht fós sa dlí comhaltaí na hUaschomhairle Giúistíseachta a scaoileadh ó chásanna araíonachta a bhíonn á mbreithniú acu ar fhorais a leathnaíonn chomh fada le coinbhleachtaí leasa agus neamhchlaontacht. Tugtar isteach spriocdháta soiléir chun comhaltaí na hUaschomhairle Giúistíseachta a ionadú nuair a théann a dtéarma in éag. Ar deireadh, coinníonn na tionóil an fhéidearthacht comhaltaí na hUaschomhairle Giúistíseachta a scaoileadh ar fhoras neamhchomhlíonta na ndualgas gan dualgais a chomhlíonadh.
I gcodarsnacht le 2020 – nuair nár ghlac an Uaschomhairle Giúistíseachta páirt chuiditheach maidir leis na dréachtdlíthe ceartais a d’fhoilsigh an Aireacht Dlí agus Cirt agus nár eisigh sí tuairim oifigiúil – in 2022 bhí an Chomhairle in ann seasaimh fhoirmiúla a ghlacadh maidir le príomhthionscadail reachtacha. Cé go raibh conspóid ann laistigh den Chomhairle, agus gur cháin roinnt comhaltaí an easpa chomhairliúcháin leis na Cúirteanna agus na seirbhísí ionchúisimh, d’eisigh an tionól iomlánach tuairim dhearfach maidir leis an dréacht‑dlí chun an Rannóg Speisialta um Chionta a Imscrúdú a scor i mí Feabhra 2022 81 . D’eisigh an Chomhairle tuairim dhearfach freisin maidir leis na dréachtdlíthe ceartais i mí Lúnasa 2022 82 , agus chuir sí moltaí i láthair le haghaidh roinnt leasuithe, agus ghlac sí páirt sna díospóireachtaí parlaiminteacha ina dhiaidh sin maille le tuilleadh tograí le haghaidh leasuithe.
Ón bhí an tuarascáil dheireanach ann, bíonn gníomhaíocht na hUaschomhairle Giúistíseachta maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint fós ag brath ar na rannóga seachas ar an tionól iomlánach 83 . Cheistigh roinnt chomhaltaí den Uaschomhairle Giúistíseachta na próisis agus dúirt siad nach gá do na próisis a bheith chomh fada agus go bhfuil siad ar neamhréir ó thaobh na gconclúidí de.
Maidir leis an trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis, lean an Chomhairle ar aghaidh den fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin, agus craoltar a cruinnithe iomlánacha agus a cruinnithe rannóige. Tá faisnéis maidir le cinntí araíonachta ar fáil ar líne freisin.
An Uaschomhairle Giúistíseachta nuathofa a chuirfidh tús lena sainordú in 2023, bheadh uirthi a áirithiú go gcuirfeadh sé an trédhearcacht agus an chuntasacht chun cinn mar phríomhchuspóirí ina chlár. Beidh sé ríthábhachtach cruinnithe oscailte rialta a thionól agus na tuarascálacha bliantúla 84 a phlé le tionóil na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí ar na leibhéil uile, agus leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí gairmiúla, chun cur chun feidhme na gcuspóirí sin a áirithiú. Fóram na sochaí sibhialta i réimse an cheartais a bunaíodh i mí na Nollag 2021, d’fhéadfadh sé rannchuidiú go mór i dtaca leis sin.
Cuireadh i dtábhacht arís agus arís eile i dtuarascálacha SCF gur gá don Uaschomhairle Giúistíseachta rannchuidiú le móiminteam an athchóirithe, seasaimh chomhchoiteanna shoiléire a chur in iúl agus muinín a áirithiú trí thrédhearcacht agus trí chuntasacht. D’aithin rialtas na Rómáine tábhacht na gcuspóirí sin. Comhairle nua a thoghadh chun tús a chur lena sainordú in 2023, cuireann sé sin deis ar fáil chun an trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú, rud a d’fhéadfadh an Chomhairle nua a léiriú i bhfoirm ráitis phoiblí maidir le prionsabail rialaithe, mar shampla, agus trí thacaíocht mharthanach chomhchoiteann a bheith á tabhairt do phríomhsheasaimh ag an gComhairle.
An Chigireacht Bhreithiúnach
|
Moladh SCF 2018: Ba cheart don Uaschomhairle Giúistíseachta foireann eatramhach a cheapadh láithreach chun an Chigireacht Bhreithiúnach a bhainistiú agus, laistigh de thrí mhí, foireann bhainistíochta nua a cheapadh sa Chigireacht trí chomórtas. |
Thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil SCF 2021 go raibh aghaidh fós le tabhairt ar ábhair imní struchtúracha a bhaineann leis an gCigireacht Bhreithiúnach, lena n‑áirítear i bhfianaise bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mí na Bealtaine 2021 85 . Luadh arís i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta na hábhair imní maidir le cumhachtaí leitheadacha agus easpa cuntasachta an Phríomh‑Chigire Bhreithiúnaigh. I measc na n‑ábhar imní sin bhí an méid cumhachta atá cruinnithe i lámha an Phríomh‑Chigire agus a ionadaí, an cion ard cásanna a thug an Chigireacht chun na gcúirteanna agus ar diúltaíodh dóibh ar deireadh inti, chomh maith leis na teorainneacha ar mhaoirseacht ón Uaschomhairle Giúistíseachta 86 . Na forálacha sna dlíthe ceartais maidir le bainistíocht na Cigireachta Breithiúnaí a cheapadh agus cuntasacht na Cigireachta, ceistíodh an dtugann na forálacha sin ráthaíochtaí leordhóthanacha agus an mbaineann siad an chothromaíocht cheart amach idir breithiúna, ionchúisitheoirí agus an Uaschomhairle Giúistíseachta. Tá iarraidh ar réamhrialú ar feitheamh os comhair CBAE maidir leis an gceist an bhfuil na cumhachtaí leitheadacha a dhílsítear don Phríomh‑Chigire i gcomhréir le ceanglais an neamhspleáchais bhreithiúnaigh 87 .
Leis an dlí maidir leis an Uaschomhairle Giúistíseachta a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2022, rinneadh leasú substaintiúil ar an gcreat reachtach a bhaineann leis an gCigireacht Bhreithiúnach. Áirítear ann roinnt forálacha chun easpa cuntasachta na Cigireachta Breithiúnaí agus comhchruinniú na cumhachta i lámha an Phríomh‑Chigire a leigheas. Tá cumhachtaí an Phríomh‑Chigire á gcothromú ag Bord nua-thionscanta, ag a bhfuil sraith cumhachtaí chun frithmheáchan leordhóthanach a áirithiú. Cumhdóidh a ról cinntí maidir le heagrú agus oibriú na Cigireachta Breithiúnaí, feidhmiú oibreacha cigireachta agus comórtais cheapacháin. Téann ceapachán an Leas‑Phríomh‑Chigire ó lámha an Phríomh‑Chigire go dtí tionól iomlán na hUaschomhairle Giúistíseachta, bunaithe ar chritéir níos oibiachtúla. Ar an gcaoi chéanna, ceapfaidh an Príomh‑Chigire na cigirí breithiúnacha ar bhonn comórtais arna eagrú ag an rannóg ábhartha san Uaschomhairle Giúistíseachta le tacaíocht ó Institiúid Náisiúnta na Giúistíseachta. Bhí an comórtas seo á reáchtáil ag an gCigireacht Bhreithiúnach féin roimhe seo. Rinneadh soiléiriú ar na rialacha maidir le heagrú na gcomórtas, lena n‑áirítear maidir leis na critéir roghnúcháin agus comhdhéanamh na bpainéal roghnúcháin. Tá rialacha nua tugtha isteach chun rialáil a dhéanamh ar aon chás ina bhfuil coinbhleacht leasa os comhair an Phríomh‑Chigire, a mbeidh sé de cheangal air anois comhdhéanamh na bhfoirne faireacháin a mholadh don bhord bainistíochta (in áit cinneadh díreach a bheith déanta ag an bPríomh‑Chigire). Baineann ábhar imní eile leis an bhféidearthacht go rialódh an Príomh‑Chigire in aghaidh cinneadh cás a dhíbhe, nó aon chinneadh a rinne cigire tar éis réamh‑imscrúdú. Ní mór faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialach sin sa chleachtas agus ar éifeachtacht na gcoimircí atá ann cheana 88 .
Roimhe seo, tharraing roghnú agus ceapadh an Phríomh‑Chigire conspóid, mar a shonraítear i dtuarascáil SCF 2021. Is cosúil go raibh sé níos simplí ceann nua na Cigireachta Breithiúnaí a cheapadh i mí Iúil 2022, cé nach ndearna ach iarrthóir amháin iarratas. Cumhdaíonn an reachtaíocht nua freisin ceapadh an Phríomh‑Chigire agus na Leas‑Phríomh‑Chigirí, agus tugann sí cumhachtaí faireacháin níos láidre don Uaschomhairle Giúistíseachta agus tugann sí páirt d’Institiúid Náisiúnta na Giúistíseachta sna comórtais chun dul isteach sa Chigireacht Bhreithiúnach. Tá an nós imeachta um chúlghairm an Phríomh‑Chigire athraithe freisin, agus anois níl ceanglas ann cinneadh a fháil ó thionól iomlánach na hUaschomhairle Giúistíseachta, ach is leor tionscnamh ó cúigear comhaltaí den Uaschomhairle Giúistíseachta nó ag Comhthionól Ginearálta na Cigireachta Breithiúnaí. Caithfear leanúint d’fhaireachán praiticiúil a dhéanamh ar an gcothromaíocht a eascraíonn as sin idir neamhspleáchas, cuntasacht agus cobhsaíocht i gceannaireacht na Cigireachta Breithiúnaí.
In 2021 agus 2022 d’fhan líon na ngníomhaíochtaí araíonachta a chláraigh an Uaschomhairle Giúistíseachta cobhsaí den chuid is mó 89 . Mar sin féin, imscrúduithe araíonachta agus smachtbhannaí a forchuireadh ar ghiúistísí, tá cásanna ann fós ina ndealraíonn sé go bhfuil nasc idir sin agus tuairimí criticiúla a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta. Is í an gCigireacht Bhreithiúnach a chuir tús leis na himscrúduithe sin, ex officio nó arna iarraidh sin don Uaschomhairle Giúistíseachta 90 . Tá sé curtha in iúl go soiléir ag CBAE go bhféadfaí an bonn a bhaint den neamhspleáchas breithiúnach dá ndéanfaí an córas araíonachta a atreorú óna chuspóirí dlisteanacha agus dá n‑úsáidfí é chun rialú polaitiúil a fheidhmiú ar chinntí breithiúnacha nó brú a chur ar bhreithiúna 91 . Sa bhreis ar na cásanna a luadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, measadh gur cineál brú agus frithbhirt ar phianbhreitheanna a tugadh a bhí in imscrúduithe araíonachta eile in aghaidh breithiúna, go háirithe i gcásanna a bhaineann le héillitheacht ardleibhéil 92 .
Cé go raibh faisnéis phoiblí maidir le cásanna araíonachta ag an gCigireacht Bhreithiúnach in easnamh le trí bliana anuas 93 , méadaíodh an intuarthacht agus trédhearcacht trí chinneadh na hUaschomhairle Araíonachta cinntí araíonachta a fhoilsiú, i bhformáid anaithnidithe, ar cinntí críochnaitheacha iad mar aon le sáruithe ar an gcód eitice, ar thairseach nach bhfuil rochtain ach ag giúistísí uirthi.
Tá an moladh sin ó 2018 imithe i léig anois. Tá an deis anois ag ceannaireacht nua na Cigireachta Breithiúnaí a áirithiú nach n‑úsáidtear imscrúduithe araíonachta a thuilleadh mar ionstraim chun brú a chur ar ghníomhaíocht na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí, i gcomhréir le cásdlí CBAE. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag féachaint ar an oibríocht iarbhír faoi chuimsiú na dTuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta.
Ar bhonn na hanailíse ar Thagarmharc a hAon, ar an iomlán is féidir a mheas gur comhlíonadh na moltaí go sásúil, agus is féidir leanúint leis an bhfaireachán faoi thimthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta. Is díol sásaimh don Choimisiún gealltanais rialtas na Rómáine leanúint ar chonair an athchóirithe trí lánaird a thabhairt ar mholtaí Choimisiún na Veinéise agus tríd an bpróiseas maidir le glacadh na gcód coiriúil nua a thabhairt chun críche. Tá an Rómáin tiomanta go hiomlán d’oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún ar thimthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta. Leis an gcreat faireacháin sin tá tús curtha cheana féin ar go leor de na saincheisteanna a scrúdaíodh faoi SCF a leanúint go mion, amhail an córas nua a bheidh ann i ndiaidh na Rannóige um Chionta i measc na mBreithiúna a Imscrúdú agus feidhmiú na Cigireachta Breithiúnaí, chomh maith leis an gcreat reachtach níos leithne atá sna dlíthe ceartais agus sna cóid choiriúla agus obair na hUaschomhairle Giúistíseachta. Is féidir le gealltanais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus deiseanna cúnaimh breise faoi chláir ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, cabhrú le leanúint d’athchóirithe ábhartha a chur chun feidhme.
2.2 Tagarmharc a Dó: An creat ionracais agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta Ionracais
Thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil SCF 2021, an riosca a sainaithníodh in 2019 go rachfaí siar ar mhodhnuithe ar na rialacha maidir leis an ionracas, go ndearnadh an riosca sin a mhaolú agus go raibh comharthaí spreagúla ann go bhféadfadh an reachtas nua bealach soiléir a leagan síos i dtreo inbhuanaitheacht na Gníomhaireachta Náisiúnta Ionracais (ANI) agus i dtreo an chreata reachtaigh maidir leis an ionracas.
Leanann ANI ar aghaidh ag scrúdú neamh‑chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus rachmas gan údar, agus tá dea-theist sheasta aige 94 . Mar a leagtar amach i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, tá roinnt forbairtí dearfacha feicthe ag ANI. Tar éis níos mó ná bliain go leith gan Uachtarán, ar thogra ón gComhairle Náisiúnta Ionracais, ceapadh Uachtarán ANI nua in 2021 95 .
Ós rud é nach mór dearbhuithe sócmhainní agus leasanna a líonadh isteach go leictreonach agus go bhfuil siad ar fáil go poiblí ar líne ó 2022, tá trédhearcacht mhéadaithe ann agus éascaíodh obair ANI 96 . Chomh maith le seisiúin oiliúna, sheol ANI an ‘cúntóir R-DAI’ i mí na Bealtaine 2022, ar bota comhrá é a chabhraíonn le daoine an t‑ardán a úsáid go héifeachtach. Tá ANI ag forbairt a chuid uirlisí féin freisin chun dearbhuithe sócmhainní agus leasanna atá amhrasach a shainaithint, ar bhonn táscairí riosca, agus tá sé ar intinn aige oibriú ar bhealach níos dlúithe leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Bainistithe Sócmhainní Urghafa (ANABI) 97 .
Tugadh faoi deara i dtuarascálacha SCF go bhfuil éifeachtacht ANI srianta ag an ngá atá le nuachóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le hionracas agus le soiléireacht an chreata a fheabhsú a thuilleadh, rud a chuirfeadh ar bhonn cobhsaí agus inbhuanaithe é. Ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta náisiúnta, gheall an Rómáin go mbeadh dlí comhdhlúite maidir leis an ionracas i bhfeidhm aige faoi 2024 98 . Tá ANI ag obair leis an Aireacht Dlí agus Cirt agus le comhpháirtithe eile chun an obair seo a thabhairt chun cinn, agus tá coinne leis go dtabharfar chun críche í faoi lár 2023 99 . Dá ndéanfaí na dlíthe maidir le hionracas, neamh‑chomhoiriúnachtaí agus coinbhleachtaí leasa a chomhdhlúthú, d’fhéadfaí cásdlí agus beartais chun éillitheacht a chosc a chur san áireamh agus bonn cobhsaí a chur ar fáil don todhchaí.
Leanann ANI ar aghaidh ag obair go héifeachtach agus ag déanamh beart chun feabhas a chur ar a rialachas, a uirlisí agus a mhodhanna. Tá go leor oibre déanta cheana féin chun creat reachtach cuimsitheach a ullmhú maidir le hionracas a bheidh le glacadh in 2023, agus is deis é seo chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’obair ANI agus chun an tsoiléireacht agus an chobhsaíocht is gá a thabhairt isteach chun neamh‑chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus rachmas gan údar a bhrath go héifeachtach agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Tagann an reachtaíocht nua faoi Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine agus tá a cur chun feidhme praiticiúil laistigh de raon feidhme fhaireachán an Choimisiúin faoi na tuarascálacha maidir leis an smacht reachta.
An córas PREVENT
|
Moladh 2017: A áirithiú go dtiocfaidh an córas PREVENT i bhfeidhm. Ba cheart don Ghníomhaireacht Náisiúnta Ionracais agus don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Sholáthar Poiblí tuairisciú a chur ar bun ar na seiceálacha ex ante ar nósanna imeachta um sholáthar poiblí agus ar na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena n‑áirítear seiceálacha ex post, agus ar chásanna coinbhleachtaí leasa nó éillitheachta a aimsítear, agus díospóireachtaí poiblí a eagrú ionas go n‑iarrfar ar an rialtas, ar na húdaráis áitiúla, ar na breithiúna agus ar an tsochaí shibhialta freagairt a thabhairt. |
Ó bhí 2017 ann, tá an córas PREVENT ag obair chun coinbhleachtaí leasa i nósanna imeachta um sholáthar poiblí a sheachaint trí shásra fíorúcháin ex ante a bhunú. Cuidíonn sé sin le húdaráis chonarthacha fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach sula mbronntar an conradh.
Deimhníodh i dtuarascáil 2021 SCF na torthaí dearfacha atá ag PREVENT, agus dheimhnigh ANI go bhfuil sé fós éifeachtach. Idir an 1 Meitheamh 2021 agus deireadh mhí Mheán Fómhair 2022, rinne an córas PREVENT athbhreithniú ar bheagnach 20 000 nós imeachta soláthair d’fhonn coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, lena n‑áirítear os cionn 3 700 nós imeachta a ina rabhthas ag déileáil le cistí an Aontais. Os cionn 2 600 údarás conarthach a bhí i gceist leo sin, chomh maith le beagnach 16 000 cuideachta. D’eisigh cigirí ionracais 24 rabhadh ionracais, agus chumhdaigh siad sin imeachtaí arbh fhiú €97 milliún iad. Sna cásanna uile ar thug an córas fógra ina leith, chuir na húdaráis chonarthacha deireadh leis na cúiseanna a bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann dá mbarr: bhí dhá chás ann inar cuireadh in iúl don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Sholáthar Poiblí go bhféadfadh neamhrialtacht a bheith ann. Deimhníonn an dea-theist sin an chonclúid i dtuarascáil SCF 2021 go bhfuil an moladh sin comhlíonta.
Comhlíonadh an moladh maidir leis an gcóras PREVENT cheana féin in 2018 agus is léiriú iad na torthaí dearfacha leanúnacha ar a inbhuanaitheacht.
Obair leantach ar chinntí cúirte a bhaineann le Feisirí Parlaiminte
Moladh 2017: Ba cheart don Pharlaimint a bheith trédhearcach ina cinnteoireacht maidir leis an obair leantach ar chinntí críochnaitheacha agus do-chúlghairthe in aghaidh a gcomhaltaí maidir le neamh‑chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus rachmas gan údar.
Tarraingíodh aird i dtuarascálacha SCF roimhe seo ar mhoilleanna agus neamhréireachtaí dealraitheacha maidir le cur i bhfeidhm smachtbhannaí i gcoinne Feisirí Parlaiminte, feisirí a bhfuarthas le cinneadh cúirte críochnaitheach go raibh feidhmeanna neamh‑chomhoiriúnacha nó coinbhleacht leasa acu tar éis tuarascáil a fháil ó ANI. Cuireadh i dtábhacht léirmhíniú éagsúil a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha, go háirithe nuair a tharla an teagmhas ionracais i sainordú nó i bpost roimhe sin, agus moladh go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann. In 2020 agus 2021, shoiléirigh an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas an léirmhíniú ar na dlíthe. Rialaigh an Chúirt go bhfuil feidhm ag an smachtbhanna fiú má bhaineann an neamh‑chomhoiriúnacht le sainordú roimhe sin, agus gur cheart go mbaineann tréimhse theorann trí bliana lesi an gá go ndéanfaidh ANI imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de thrí bliana ó na fíorais lena gcinntear go bhfuil coinbhleacht leasa nó neamhréireacht ann (in ionad an smachtbhanna dul as feidhm tar éis trí bliana) 100 .
Ó bhí 2021, bhí cás amháin ann, inar chinn ANI go raibh feidhmeanna neamhréireacha ag Seanadóir amháin. Mar thoradh air sin, d’éirigh an duine lena mbaineann as feidhm phoiblí go pras, d’ainneoin agóid a thabhairt os comhair na Cúirte i gcoinne chinneadh ANI. Ní raibh aon chás ann a dhéanfadh tástáil ar thrédhearcacht na Parlaiminte ina cinnteoireacht maidir le cinntí críochnaitheacha cúirte.
Deimhnítear an measúnú dearfach i dtuarascáil SCF 2021 bunaithe ar an gcomhar réamhghníomhach a chonacthas ag tús na Parlaiminte nua agus is féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil an moladh sin comhlíonta. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag déanamh faireacháin ar an obair leantach a dhéanann an Pharlaimint ar chinntí neamh‑inchúlghairthe maidir le neamh‑chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa agus rachmas gan údar i gcoinne a chomhaltaí, faoi na tuarascálacha maidir leis an smacht reachta.
Ar bhonn na hanailíse ar Thagarmharc a Dó, is féidir a mheas go bhfuil na moltaí uile comhlíonta go sásúil. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag féachaint ar fhorbairtí a bhaineann leis an gcreat ionracais agus a chur chun feidhme sna tuarascálacha maidir leis an smacht reachta. Is garsprioc faoi Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine é freisin comhdhlúthú an chreata dhlíthiúil maidir le hionracas 101 .
2.3 Tagarmharc a Trí: Éillitheacht Ardleibhéil a Chomhrac
An Stiúrthóireacht Náisiúnta Frith‑Éillithe agus an comhrac i gcoinne na héillitheachta ardleibhéil
An measúnú dearfach a rinneadh i ndáil le Tagarmharc a Trí in Eanáir 2017, ba rud é sin a cuireadh i gceist ag an Rómáin mar gur príomhábhar imní í an éillitheacht go fóill. Mar sin féin, bhíothas in ann feabhas a thaifeadadh i dtuarascáil 2021, mar go raibh spreagadh nua ann agus cobhsaíocht institiúideach ag an Stiúrthóireacht Náisiúnta Frith‑Éillithe (DNA). Deimhníodh an treocht dhearfach maidir le héifeachtacht an imscrúdaithe ar an éillitheacht agus na smachtbhannaí a fhorchuirtear ina leith i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Ó bhí tuarascáil SCF deiridh ann agus go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022, chuir DNA 451 cás éillitheachta ardleibhéil chun trialach, cásanna a bhain le 1 067 gcosantóir san iomlán. Áiríodh orthu sin airí, feisirí nó seanadóirí atá in oifig nó a bhí in oifig, nó daoine a bhfuil oifig ardleibhéil pholaitiúil nó phoiblí acu sa riarachán áitiúil. Sa tréimhse chéanna rinne na Cúirteanna cinneadh maidir le ciontú críochnaitheach 564 cosantóir i gcásanna a d’ionchúisigh DNA, agus d’ordaigh siad coigistiú sócmhainní arbh fhiú beagnach €24 milliún iad. Tháinig eintitis stáit i dteideal breis agus €43 mhilliún i ndamáistí a aisghabháil i gcásanna DNA tar éis cinntí críochnaitheacha cúirte críochnaitheacha. Deimhníonn na torthaí sin an treocht dhearfach a tugadh faoi deara in 2021.
Mar sin féin, tá dúshláin oibríochtúla fós ann don obair i gcoinne éillitheacht ardleibhéil. Bhí dúshláin ag baint leis an earcaíocht, cé go bhfuil feabhas éigin tugtha faoi deara ar ráta fostaíochta na bpost ionchúisitheoirí in DNA, arb é 78 % anois, de réir na sonraí a cuireadh ar fáil don Choimisiún. An ceanglas ard maidir le sinsearacht, sainaithníodh gur cúis mhór é sin leis an líon teoranta iarratas a fuarthas chun na folúntais reatha a líonadh 102 . Mar sin féin, ós rud é gur dhearbhaigh an Chúirt Bhunreachtúil gur dlí míbhunreachtúil é dlí a laghdaíonn an ceanglas sinsearachta go seacht mbliana 103 , níor athraíodh an ceanglas sinsearachta maidir le ceapachán in DNA sna dlíthe ceartais athbhreithnithe, agus tá ceanglas deich mbliana i bhfeidhm, chomh maith le trí bliana d’oiliúint éigeantach in Institiúid Náisiúnta na Giúistíseachta 104 . Ós rud é go bhfuil ganntanas ionchúisitheoirí ann in DNA, is uirlisí tábhachtacha i gcónaí iad an tarmligean, an iasacht agus an t‑aistriú 105 . Na modhnuithe a rinneadh leis na dlíthe ceartais nua maidir le nós imeachta um ghnáth‑ionchúisitheoirí a earcú ag DNA, nós imeachta a aistríodh ón Uaschomhairle Giúistíseachta chuig DNA, meastar freisin go bhfuil siad ag cuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oibríochtúla DNA, lena n‑áirítear maidir le hionchúisitheoirí a earcú, is moladh é sin i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, agus áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine gealltanas an ráta fostaíochta in DNA a mhéadú go 85 % faoin 30 Meitheamh 2023 106 .
Tá baint ar leith ag scor SIIJ (féach Tagarmharc a hAon freisin) leis an obair chun éillitheacht ardleibhéil a chomhrac. Thug CBAE dá aire i gcás SIIJ go bhfuil riosca go mbeadh moilleanna ann agus go laghdófaí an éifeachtacht maidir le déileáil le cásanna mar gheall ar an easpa saineolais atá ann imscrúduithe a dhéanamh ar chásanna casta éillitheachta, ar acmhainní daonna easnamhacha agus ar an ualach mór oibre 107 . Ní bhfuair DNA an inniúlacht arís chun imscrúdú a dhéanamh ar éillitheacht i measc na mbreithiúna, cé gur chuir Coimisiún na Veinéise 108 agus an tArd‑Ionchúisitheoir 109 in iúl nár dhócha go mbeadh an struchtúr nua in ann imscrúduithe a dhéanamh ar líomhaintí maidir le héillitheacht i measc breithiúna agus ionchúisitheoirí ar bhealach níos fearr ná seirbhís ionchúisimh speisialaithe cosúil le DNA. Ós rud é nár scoireadh SIIJ ach cúpla mí ó shin, tá sé róluath a mheas an féidir leis an struchtúr nua cionta éillitheachta a ionchúiseamh go héifeachtach i measc na mbreithiúna 110 . Ábhar imní tábhachtach amháin eile maidir le SIIJ ba ea an easpa soiléireachta maidir le cásanna a shannadh idir DNA agus SIIJ, agus go háirithe comhaid éillitheachta iomlána a aistriú ó DNA a luaithe a bhí baint ag breitheamh nó ag ionchúisitheoir leo. Tá sé mar aidhm ag an dlí nua nach mbeidh cásanna uamtha ann ach amháin nuair ‘nach féidir an cás a dheighilt ó chéile ar chúiseanna dea-riaradh an ionchúisimh’ 111 . Má chuirtear chun feidhme i gceart é, d’fhéadfadh sé sin cuidiú le cosc a chur ar an gcur isteach ar imscrúduithe frith‑éillithe a chonacthas roimhe seo 112 . Go dtí seo, níor tuairiscíodh aon teagmhas agus níor cláraíodh aon chás ina raibh gá le headráin le DNA maidir le hinniúlacht. Áiríodh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta moladh ina gcuirtear i dtábhacht tionchar an chórais nua maidir le cionta éillitheachta i measc na mbreithiúna a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Tá tionchar ag próiseas fada athbhreithnithe na gcód coiriúil (féach Tagarmharc a hAon) ar an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta. Mar thoradh ar dhá chinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil, cuireadh deireadh le nósanna imeachta coiriúla i gcásanna éillitheachta in aghaidh polaiteoirí náisiúnta, trí bhreithiúnais chúirte a chur ar neamhní go hiomlán bunaithe ar cheist chomhdhéanamh na bpainéal cúirte 113 . San am céanna, tar éis breithiúnas ó CBAE 114 , i mí Aibreáin 2022 sheas an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas pianbhreitheanna príosúnachta i gcás ardphróifíle in 2018, cás a cuireadh ar fionraí ar fhoras comhdhéanamh neamhdhleathach cúirte 115 . I mí na Bealtaine 2022, rialaigh an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas i gcás ardphróifíle eile, lena gcuirtear chun feidhme breithiúnas CBAE thuasluaite chun neamhaird a dhéanamh de chásdlí na Cúirte Bunreachtúla maidir le dlíthiúlacht chomhdhéanamh phainéil na mbreithiúna, agus gearradh pianbhreith príosúnachta as breabaireacht ar an bpríomhchosantóir 116 .
Mar a leagtar amach thuas, bhí tionchar mór ar chásanna reatha ag an easpa freagra reachtaigh ar an rialú ón gCúirt Bhunreachtúil maidir le reacht na dtréimhsí. Is fíor sin go háirithe i gcás cásanna éillitheachta 117 . De réir meastachán a d’fhoilsigh DNA, 557 gcás coiriúla san iomlán atá faoi ionchúiseamh coiriúil nó atá ar feitheamh os comhair na gcúirteanna, d’fhéadfaí iad a fhoirceannadh dá bhrí sin 118 . Cé gur ghá measúnú a dhéanamh ar an dochar cruinn de réir an cháis, measann DNA gur thart ar €1.2 billiún an damáiste a rinneadh sna cásanna sin agus gurbh fhiú méid iomlán na breabaireachta agus na mangaireachta tionchair thart ar €150 milliún. Cé go bhfuil bealaí fós ann sa dlí sibhialta chun cuid den dochar a aisghabháil, deireadh a chur le himeachtaí coiriúla i líon ard cásanna éillitheachta den sórt sin, d’fhéadfadh sé sin tionchar mór a imirt ar na hiarrachtaí chun éillitheacht ardleibhéil agus a hiarmhairtí iarbhír a chomhrac. Déanfaidh an Coimisiún faireachán dlúth ar na gníomhaíochtaí maolaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus sin i bhfianaise an rialaithe ó CBAE freisin go gcoisctear, le dlí an Aontais, rialacha náisiúnta nó cleachtas náisiúnta a chur i bhfeidhm atá cosúil le cásdlí na Cúirte Bunreachtúla más féidir leis a bheith ina chúis le baol sistéamach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith cionta éillitheachta nó gníomhartha calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais 119 . Tá cáineadh mór déanta sa Rómáin mar gheall ar an mbaol go mbeadh ar na mílte cosantóirí saor ó dhliteanas coiriúil.
Ó foilsíodh tuarascáil SCF dheireanach in 2021, tuairiscíodh athruithe arís agus arís eile maidir le comhdhéanamh na bpainéal le haghaidh cásanna coiriúla. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil painéal achomhairc comhdhéanta de bheirt bhreithiúna agus ina n‑ionadaítear breitheamh, scoirtear an painéal ar fad agus ní mór tús a chur arís leis an bpróiseas iomlán chun fianaise a riar. Cruthaíonn sé sin staid chriticiúil do chásanna a mbeidh cosc ama orthu go luath in 2023. Tá sé molta ag an Ard‑Ionchúisitheoir go gcuirfí breithiúna in áirithe chun díscaoileadh an phainéil a chosc.
Lean an cuntas teiste dearfach maidir le héifeachtacht an imscrúdaithe agus na smachtbhannaí ar an éillitheacht ardleibhéil ar aghaidh in 2021 agus 2022. Beidh sé tábhachtach a áirithiú gur féidir an éifeachtacht sin a choinneáil ar bun ar bhealach inbhuanaithe (féach Tagarmharc a hAon freisin), lena n‑áirítear trí chreat dlíthiúil coiriúil iomchuí agus na forálacha ábhartha sna dlíthe ceartais a chobhsú. Leis an gcreat foriomlán, agus leis an gcaoi a leanfaidh an Rómáin d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin oibríochtúla atá os comhair na Stiúrthóireachta Náisiúnta Frith‑Éillithe, atá riachtanach chun inbhuanaitheacht an dul chun cinn leanúnaigh a choinneáil, leanfar go dlúth iad sin laistigh de raon feidhme fhaireachán an Choimisiúin faoin tuarascáil maidir leis an smacht reachta.
Deireadh a chur le díolúine Feisirí Parlaiminte
|
Moladh SCF 2017: Critéir oibiachtúla a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le deireadh a chur le díolúine Feisirí Parlaiminte agus chun réasúnaíocht a thabhairt leis sin, chun cuidiú lena áirithiú nach n‑úsáidfear díolúine chun imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna éillitheachta a sheachaint. D’fhéadfadh an rialtas machnamh a dhéanamh freisin ar an dlí a mhodhnú chun díolúine na n‑airí a theorannú don am in oifig. D’fhéadfadh Coimisiún na Veinéise agus GRECO cúnamh a thabhairt maidir leis na céimeanna sin. Ba cheart don Pharlaimint córas a chur ar bun chun tuairisciú go tráthrialta ar chinntí arna ndéanamh ag a Tithe maidir le hiarrataí ar dhíolúintí a bhaint, agus d’fhéadfadh sí díospóireacht phoiblí a eagrú ionas gur féidir leis an Uaschomhairle Giúistíseachta agus leis an tsochaí shibhialta freagra a thabhairt. |
Baineann an moladh seo le cuntasacht na Parlaiminte ina cinntí maidir le hiarrataí ón ionchúiseamh bearta coisctheacha a údarú, amhail cuardaigh nó gabhálacha, agus maidir le hiarrataí chun imscrúdú ar Fheisire Parlaiminte a údarú nuair atá nó nuair a bhí sé ina Aire freisin. San am a chuaigh thart, mar gheall ar an easpa réasúnaíochta maidir le cinntí a rinne an Pharlaimint – chomh maith le líon na n‑ócáidí nuair nár cheadaigh an Pharlaimint leanúint ar aghaidh leis an imscrúdú – bhí imní ann faoi oibiachtúlacht na gcinntí sin.
Thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil SCF 2021 go bhfuil forbairt dhearfach tagtha ar an gcur chuige sa Pharlaimint 120 agus leanadh ar aghaidh leis sin. Ní dhearnadh éileamh ach in dhá chás chun go gcuirfeadh DNA deireadh le díolúine ó bhí tuarascáil dheireanach SCF ann, agus d’fhormheas an Pharlaimint go pras an dá éileamh 121 . Ina theannta sin, an 7 Samhain 2022, mhodhnaigh an Seanad a rialacha nós imeachta chun critéir shainithe oibiachtúla a thabhairt isteach le cinneadh a dhéanamh maidir le hiarrataí ar dhíolúintí parlaiminteacha a bhaint, cosúil lena bhfuil i bhfeidhm cheana i dTeach na dTeachtaí 122 . Beidh sé tábhachtach cloí leis na rialacha atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneofar an cur chuige atá ann faoi láthair.
Is réimse tábhachtach faireacháin faoi SCF í cuntasacht na Parlaiminte ina cinntí maidir le hiarrataí ón ionchúiseamh bearta coisctheacha a údarú agus maidir le hiarrataí chun imscrúdú ar Fheisirí Parlaiminte a údarú. Thángthas ar an gconclúid i dTuarascáil SCF 2021 go raibh forbairt dhearfach tagtha ar an gcur chuige sa Pharlaimint, agus an cinneadh a rinneadh le déanaí ón Seanad critéir oibiachtúla shainithe a thabhairt isteach chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarrataí ar dhíolúintí parlaiminteacha a bhaint, fágann an cinneadh sin go bhfuil coimircí trédhearcachta tábhachtacha i bhfeidhm ag an dá theach ar bhonn buan. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh na forbairtí a leanúint i gcomhthéacs an fhaireacháin faoin tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta.
Tá móiminteam dearfach fós ann i dtaca leis an staid maidir le Tagarmharc a Trí ó bhí 2021 ann. Ar bhonn na hanailíse, is féidir a mheas go bhfuil na moltaí uile comhlíonta go sásúil. Beidh sé tábhachtach an cuntas teiste dearfach sin a choinneáil. Maidir leis na Ballstáit eile, déanann an tuarascáil maidir leis an smacht reachta faireachán ar an gcaoi a leanann an Rómáin d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós ann agus ar dhúshláin nua sa chomhrac i gcoinne na héillitheachta ardleibhéil agus i gcur chun feidhme a cuid moltaí.
2.4. Tagarmharc a Ceathair: An éillitheacht a chomhrac ar gach leibhéal
Ó bhí tuarascáil SCF ann i mí an Mheithimh 2021, lean an Ard‑Oifig Ionchúisimh ar aghaidh ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh ar éillitheacht agus ar chionta a chomhshamhlaítear leis an éillitheacht 123 . Mar sin féin, an easpa acmhainní daonna i measc na mbreithiúna 124 agus na modhanna teicniúla teoranta le haghaidh teicnící speisialta imscrúdaithe atá ar fáil don Aireacht Phoiblí, bíonn tionchar aige sin ar na himscrúduithe faoi inniúlacht na hAireachta. Lean an Ard‑Stiúrthóireacht Frith‑Éillithe (DGA) laistigh den Aireacht Gnóthaí Baile dá cuid oibre a dhéanamh i gcomhar maith leis an Ionchúiseamh.
An Straitéis Náisiúnta Frith‑Éillithe
Moladh 2017: Leanúint den Straitéis Náisiúnta Frith‑Éillithe a chur chun feidhme, agus na spriocdhátaí a leag an rialtas síos i mí Lúnasa 2016 á n‑urramú. Ba cheart don Aire Dlí agus Cirt córas tuairiscithe a chur i bhfeidhm maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na Straitéise Náisiúnta Frith‑Éillithe (lena n‑áirítear staitisticí maidir le teagmhais ionracais sa riarachán poiblí, sonraí maidir le nósanna imeachta araíonachta agus smachtbhannaí agus faisnéis faoi na bearta struchtúracha a chuirtear i bhfeidhm i réimsí leochaileacha).
Thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil SCF 2021 go raibh gá le tuilleadh oibre ar an Straitéis Náisiúnta Frith‑Éillitheachta chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú agus chun dlús a chur le cosc agus comhrac na héillitheachta i réimsí leochaileacha agus ar an leibhéal áitiúil.
D’fhormheas an Rialtas Straitéis Náisiúnta Frith‑Éillithe nua do 2021-2025 i mí na Nollag 2021 125 . Bhí meastóireacht inmheánach agus iniúchadh seachtrach a rinne ECFE mar bhonn eolais faoin ullmhúchán. Aithníodh i meastóireacht ECFE na céimeanna suntasacha a ghlac an Rómáin chun a beartais frithéillithe agus ionracais a neartú, agus tugadh faoi deara san am céanna gur dúshlán tábhachtach é an easpa tacaíocht pholaitiúil chun athchóirithe reachtacha tábhachtacha a chur chun feidhme 126 .
Tá cur chun feidhme straitéis 2021-2025 ar an mbóthar ceart. Díríonn an obair ar na réimsí tosaíochta sainithe agus cuirfear tús le próiseas athbhreithnithe piaraí na n‑institiúidí rannpháirteacha i mí na Nollag. Foráiltear do thuarascáil mheántéarma maidir le cur chun feidhme na straitéise sa chéad ráithe de 2023.
Tá iarrachtaí ar bun chun cur chun feidhme éifeachtach straitéis frith‑éillithe 2021-2025 a áirithiú. Tá sásraí meastóireachta agus tuairiscithe á mbunú. Is féidir a mheas go bhfuil an moladh seo comhlíonta. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise faoin Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta.
An Ghníomhaireacht Náisiúnta Bainistithe Sócmhainní Urghafa
Moladh 2017: A áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht Náisiúnta Bainistithe Sócmhainní Urghafa oibríochtúil go hiomlán agus go héifeachtach ionas gur féidir léi an chéad tuarascáil bhliantúil a eisiúint ina mbeidh faisnéis staidrimh iontaofa maidir le sócmhainní coiriúla a choigistiú. Ba cheart don Ghníomhaireacht córas a chur i bhfeidhm chun tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar fhorbairt na hacmhainne riaracháin, ar thorthaí maidir le coigistiú agus ar bhainistiú sócmhainní coiriúla.
Is é misean na Gníomhaireachta Náisiúnta Bainistithe Sócmhainní Urghafa (ANABI) ráta forghníomhúcháin éifeachtach na n‑orduithe coigistíochta arna n‑eisiúint in ábhair choiriúla a áirithiú trí bhainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar shócmhainní urghafa a dháileann ionchúisitheoirí agus breithiúna ar an nGníomhaireacht.
In 2022 cuireadh tús leis an séú bliain do ANABI a bheith i mbun gníomhaíochta, agus tá sé ag feidhmiú go héifeachtach, agus tá Straitéis Náisiúnta chun an Córas um Aisghabháil Sócmhainní a Neartú le haghaidh 2021-2025 á cur chun feidhme aige. Cuireadh síneadh le sainordú ANABI i mí Iúil 127 agus tá an Ghníomhaireacht ag obair chun cur leis an gcumas sócmhainní a rianú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, sásraí comhair a fheabhsú, agus uirlisí nua a chur ar fáil le haghaidh imscrúduithe airgeadais ag póilíní agus ionchúisitheoirí. Tá cur chun feidhme an chreata reachtaigh nua ar siúl faoi láthair, lena n‑áirítear maidir le cistí breise a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht. Foráiltear leis an dlí nua freisin do chiste le haghaidh chosc na coireachta agus cosaint íospartach, pointe a luann an tsochaí shibhialta arís agus arís eile. D’urghabháil ANABI os cionn €60 milliún in 2022, i gcomparáid le beagnach €57 milliún in 2021. Bainistíonn sé os cionn 140 sócmhainn shoghluaiste ar fiú beagnach €5.5 milliún san iomlán iad 128 .
Thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil SCF 2021 gur comhlíonadh an moladh seo. Is féidir é sin a dheimhniú.
Ar bhonn na hanailíse ar Thagarmharc a Ceathair, is féidir a mheas go bhfuil na moltaí uile comhlíonta. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh faireachán a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta ar gach leibhéal sna tuarascálacha maidir leis an smacht reachta.
3. CONCLÚID
Ba dhlúthchuid de phróiseas aontachais na Rómáine é an Cinneadh chun SCF a bhunú in 2006. Chuir sé bealach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhí fós gan réiteach nuair a bhí gá fós le tuilleadh dul chun cinn chun acmhainn an chórais bhreithiúnaigh agus na gcomhlachtaí um fhorfheidhmiú dlí a áirithiú, maidir leis na bearta a glacadh chun an margadh inmheánach agus limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a bhunú, chun na bearta sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm 129 .
Ó shin i leith, chuir SCF creat comhair agus faireacháin ar fáil a bheidh ag gabháil leis an bpróiseas athchóiriúcháin a leagtar amach faoi na tagarmharcanna. Shroich sé sin an chéim dheiridh nuair a bhí athbhreithniú dearfach ann i mí Eanáir 2017, rud ar tháinig an 12 phríomh‑mholadh as. Cé gur cuireadh síneadh leis an gcéim sin de bharr an ghá atá ann aghaidh a thabhairt ar na hocht moladh bhreise a rinneadh i mí na Samhna 2018, d’oibrigh an Rómáin go comhsheasmhach le déanaí ar chur chun feidhme na moltaí sin, rud a aithníodh i dtuarascáil mhí an Mheithimh 2021. D’éirigh le conclúidí na tuarascála sin an dul chun cinn mór a rinneadh sa chreat dlíthiúil agus institiúideach a léiriú, dul chun cinn a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar mholtaí seanbhunaithe SCF.
Tá comhthéacs nua ann maidir le comhar an Choimisiúin leis an Rómáin mar thoradh ar an dul chun cinn atá tagtha ar thimpeallacht smachta reachta an Aontais. Go háirithe, cuireann timthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta creat leanúnach ar fáil anois lenar féidir dearcadh fadtéarmach a bheith ag gabháil le hathchóiriú inbhuanaithe, agus is fíor sin i gcás na Rómáine mar atá i gcás na mBallstát eile.
Le timthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta, beifear in ann leanúint d’fhaireachán praiticiúil a dhéanamh ar an gcéim cur chun feidhme de chuid mhór de na hathchóirithe a comhaontaíodh. Saincheisteanna amhail an córas nua a bheidh ann tar éis an Rannóg um Chionta i measc na mBreithiúna a Imscrúdú a scor, feidhmiú na Cigireachta Breithiúnaí, acmhainní daonna sa bhreithiúnacht, cur chun feidhme cinntí cúirte ag an riarachán poiblí, tionchar an athbhreithnithe a dhéanfar go luath ar an reachtaíocht choiriúil maidir le héifeachtacht an chomhraic i gcoinne na héillitheachta, agus éabhlóid an chreata ionracais agus a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear ag an bParlaimint, féadfar leanúint ar aghaidh obair leantach a dhéanamh ar na saincheisteanna ar an mbealach sin. Beidh sé sin ina chuid den fhaireachán ar an gcóras ceartais agus ar an bhfrithéilliú mar dhá cheann de phríomhcholúin na dtuarascálacha. Tá an méid sin ag teacht le tiomantas rialtas na Rómáine don dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir le neamhspleáchas agus éifeachtúlacht an chórais ceartais a dhaingniú, mar aon leis an dea-theist maidir leis an éillitheacht a chomhrac, ar bhealach nach féidir dul siar air.
Tá sé curtha in iúl go soiléir ag údaráis na Rómáine freisin go ndéanfar obair leantach ar roinnt saincheisteanna láithreacha de réir mar is gá sna míonna amach romhainn. Tá gealltanas tugtha ag an Rómáin tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thuairimí Choimisiún na Veinéise agus iad a chur san áireamh go huile agus go hiomlán, maidir leis na dlíthe ceartais agus ar bhonn níos ginearálta más gá tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh. Tá gealltanas tugtha aici freisin an t‑athbhreithniú ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil a thabhairt chun críche, chun a áirithiú go mbeidh siad ag teacht leis na cinntí atá glactha ag Cúirt Bhunreachtúil na Rómáine ó bhí 2016 ann. An t‑athbhreithniú ar an dá chód a chríochnú, is cuid é sin de na gealltanais a rinne an Rómáin ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta atá le glacadh roimh dheireadh 2022, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú géar ar na cóid athbhreithnithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta sonracha dá bhforáiltear sa chomhthéacs sin. Saincheist dheiridh láithreach a bheidh ann ná cumas na hUaschomhairle Giúistíseachta nua cur le móiminteam an athchóirithe, agus chuir rialtas na Rómáine in iúl go bhfuil muinín aige as cumas na hUaschomhairle seo spreagadh nua a thabhairt ó thaobh na trédhearcachta agus na cuntasachta de.
Tá sé léirithe ag an Rómáin cheana féin go bhfuil sí tiomanta go láidir don obair faoi thimthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta agus leanann sí de bheith ag comhoibriú go cuiditheach sa chreat sin. Ag an am céanna, le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine bhíothas in ann garspriocanna sonracha a shocrú maidir le dul chun cinn.
Anois atá na príomhchéimeanna deireanacha i bhfeidhm, tá an Coimisiún muiníneach gur féidir an comhar agus an faireachán ar an gcóras ceartais agus ar bheartais frith‑éillithe sa Rómáin a thabhairt ar aghaidh faoin Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus faoi chodanna seanbhunaithe eile den bhosca uirlisí maidir leis an smacht reachta a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit uile. Tá moltaí faoi na tuarascálacha maidir leis an smacht reachta i bhfeidhm cheana féin chuige sin, chomh maith le cláir faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun tacú leis an bpróiseas athchóirithe.
Measann an Coimisiún gur leor an dul chun cinn atá déanta ag an Rómáin faoi SCF chun na gealltanais a thug an Rómáin tráth a haontachais leis an Aontas a chomhlíonadh.
Na gealltanais atá fágtha a shonraítear sa tuarascáil seo, tá sé tábhachtach go leanfaidh an Rómáin ar aghaidh ag obair go comhsheasmhach chun reachtaíocht nithiúil a dhéanamh de na gealltanais sin agus á gcur i bhfeidhm freisin, laistigh de thimthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta agus le tacaíocht ó chodanna eile de bhosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta.
Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar bharúlacha na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa 130 sula ndéanfaidh sé cinneadh críochnaitheach maidir leis an Rómáin i gcomhréir le cinneadh SCF.
Iarscríbhinn: Tagarmharcanna faoi Chinneadh SCF
Tagarmharcanna a dtabharfaidh an Rómáin aghaidh orthu de bhun Chinneadh ón gCoimisiún an 13/XII/2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe:
Tagarmharc 1: Próiseas breithiúnach níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a áirithiú, go háirithe trí fheabhas a chur ar acmhainn agus ar chuntasacht na hUaschomhairle Giúistíseachta. Tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ar thionchar na gcód nua um nósanna imeachta sibhialta agus cóiriúil
Tagarmharc 2: Gníomhaireacht ionracais a bhunú, de réir mar atá beartaithe, a bheidh freagrach as sócmhainní, neamh‑chomhoiriúnachtaí agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a fhíorú, agus as cinntí éigeantacha a eisiúint ar ar a mbonn is féidir smachtbhannaí athchomhairleacha a ghlacadh
Tagarmharc 3: Ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana, leanúint d’imscrúduithe gairmiúla, neamhchlaonta a dhéanamh ar líomhaintí maidir le héillitheacht ardleibhéil
Tagarmharc 4: Tuilleadh bearta a ghlacadh chun an an éillitheacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe laistigh den rialtas áitiúil
Tar éis chonclúidí Chomhairle na nAirí an 17 Deireadh Fómhair 2006 (13339/06), bunaíodh an sásra le Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 (C(2006) 6569).
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 18 Bealtaine 2021 i gCásanna Uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-294/19, C-355/19 agus C-379/19 Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor Din România’ agus páirtithe eile, mír 164.
COM(2017) 44.
COM(2017) 751; COM(2018) 851; COM(2019) 499.
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an smacht reachta sa Rómáin, an 13 Samhain 2018, P8_TA-PROV(2018)0446. Conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/2018-st15187_en.pdf
COM(2021) 370.
Ionstraim eile a cuireadh ar bun ó Thuarascáil SCF 2018 is ea an rialachán le haghaidh córas coinníollachta i ndáil leis an smacht reachta chun buiséad an Aontais a chosaint (Rialachán 2020/2092, IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 1-10).
Tá trí thuarascáil maidir leis an smacht reachta glactha ag an gCoimisiún go dtí seo: COM(2020) 580; COM(2021) 700; agus COM(2022) 500. Tá caibidlí sonracha maidir leis an Rómáin iontu: SWD(2020) 322; SWD(2021) 724; SWD(2022) 523.
COM(2022) 500, Iarscríbhinn agus Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa Rómáin.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 12319/21 ón gComhairle an 3 Samhain 2021. Déantar tagairt do gharspriocanna sonracha sa téacs.
D’eagraigh seirbhísí an Choimisiúin misean aimsithe fíoras i mí na Samhna 2022. Ar na cruinnithe ar líne a tionóladh, bhí cruinniú leis an Aire Dlí agus Cirt, le feisirí i bParlaimint na Rómáine, leis an Uaschomhairle Giúistíseachta, leis an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, leis an Ard‑Ionchúisitheoir, leis an Stiúrthóireacht Náisiúnta Frith‑Éillithe (DNA), leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Ionracais, leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistiú Sócmhainní Urghafa (ANABI), le heagraíochtaí sochaí sibhialta, agus le comhlachais bhreithiúnacha.
Is féidir teacht ar thagarmharcanna iomlána an chinnidh bunaidh maidir le SCF san Iarscríbhinn.
Dlí 207/2018 lena leasaítear Dlí 304/2004 maidir leis an eagraíocht bhreithiúnach; Dlí 234/2018 chun Dlí Uimh. 317/2004 maidir leis an Uaschomhairle Giúistíseachta a leasú; Dlí 242/2018 lena leasaítear Dlí Uimh. 303/2004 maidir le stádas na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí. Modhnaíodh na dlíthe a thuilleadh trí reachta éigeandála rialtais in 2018 agus 2019.
Mar shampla, rialacha ceapacháin le haghaidh na hArd‑Chúirte um Achomharc agus um Cheartas agus le haghaidh na Cigireachta Breithiúnaí. Féach na mionsonraí i dTuarascáil SCF 2019 COM(2019) 499.
Tá sonraí faoi na forbairtí idir mí Mheán Fómhair 2020 agus mí an Mheithimh 2022 le fáil i dTuarascáil SCF 2021 agus sa chaibidil tíre maidir leis an Rómáin i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Rinne comhchoiste parlaiminteach speisialta den dá Theach scrúdú ar na dlíthe faoi nós imeachta parlaiminteach práinneach a tosaíodh an 12 Meán Fómhair. Tugadh an próiseas parlaiminteach chun críche an 17 Deireadh Fómhair tar éis vóta dearfach sa Seanad.
Foilsíodh na dlíthe san Iris Oifigiúil an 16 Samhain.
Garsprioc 423 de RRP na Rómáine, dar teideal ‘Teacht i bhfeidhm na ‘ndlíthe ceartais’ (dlíthe maidir le stádas na ngiúistísí, an eagraíocht bhreithiúnach, agus an Uaschomhairle Giúistíseachta).’
Féach, go háirithe, Tuarascáil Theicniúil 2018 (SWD(2018) 551 final) agus Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta - an chaibidil tíre faoi staid an smachta reachta sa Rómáin. Ba ábhar imní iad na rialacha a bhí i bhfeidhm roimhe seo mar gheall ar an gcumhacht a bhí ag an Aireacht Airgeadais a d’fhéadfadh a mheasúnú an de mheon mímhacánta nó trí mhórfhaillí a rinneadh earráid bhreithiúnach agus, ina dhiaidh sin, caingne aisghabhála a thionscnamh in aghaidh breithiúna as an damáiste a rinneadh.
Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sa bhreithiúnas uaithi an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor Din România’ agus páirtithe eile, i gcásanna uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-294/19, C-355/19 agus C-379/19, míreanna 233-241, gur cheart lánurraim a thabhairt do chearta cosanta na mbreithiúna, gur cheart do chúirt breithiúnas a dhéanamh maidir le dliteanas pearsanta na mbreithiúna, agus nár mhór na ráthaíochta is gá a fhoráil go beacht soiléir leis an dlí chun a áirithiú nach féidir uirlis bhrú ar ghníomhaíocht na mbreithiúna a dhéanamh den imscrúdú ná den caingean le haghaidh slánaíochta.
Baineann an cion seo le ‘gníomhaíochtaí a dhéanann difear don onóir, don ionracas gairmiúil nó do chlú an cheartais, bídís déanta le linn fheidhmiú na ndualgas oibre nó lasmuigh dá bhfeidhmiú.’
Cion ‘neamhchomhlíonadh chinntí na Cúirte Bunreachtúla nó na gcinntí arna n‑eisiúint ag an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas agus achomhairc á réiteach aici le leas an dlí’, cion a chuirfeadh breithiúna faoi réir dliteanas araíonachta i gcás ina ndífheidhmíonn siad rialuithe ón gCúirt Bhunreachtúil lena dtoirmeasctar orthu scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht forálacha dlí náisiúnta le dlí an Aontais: féach breithiúnas an 22 Feabhra 2022 ó CBAE, RS, i gcás C-430/21, míreanna 79-93.
Ní mór réasúnaíocht a thabhairt maidir leo gan mhoill, in ionad an sprioc-ama 20 lá a bhí ann roimhe seo agus a ndéantaí neamhaird air go minic.
‘Ach cinneadh a bheith déanta ag an Uaschomhairle Bhreithiúnach i bhfabhar an bhreithimh, ba cheart an cinneadh sin a bheith críochnaitheach’ (CDL-AD (2002) 015, Tuairim ó Choimisiún na Veinéise maidir leis an Dréachtdlí maidir le Leasuithe ar Acht Córais Bhreithiúnaigh na Bulgáire).
Dlí Uimh. 49 an 11 Márta 2022 maidir le díothú na Rannóige um Imscrúdú Cionta i Measc na mBreithiúna, agus lena leasaítear Dlí Uimh. 135/2010 maidir leis an gCód Nós Imeachta Choiriúil, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil Uimh. 244 an 11 Márta 2022. Rinne agóid i gcoinne an dlí os comhair na Cúirte Bunreachtúla agus dhearbhaigh an chúirt go raibh sé bunreachtúil le Cinneadh Uimh. 88 an 9 Márta 2022.
Bhí 9 651 chás san iomlán le réiteach ag SIIJ. Idir 2018 agus 2022, réitigh sé 2 000 cás san iomlán. De na cásanna sin, d’eisigh SIIJ 7 ndíotáil agus d’agair sé naonúr cosantóirí, rud a d’fhág go raibh 7 002 cás oscailte ann i mí an Mhárta 2022.
I gcás cionta a dhéanann comhaltaí den Uaschomhairle Giúistíseachta, breithiúna agus ionchúisitheoirí atá ar fostú san Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, breithiúna agus ionchúisitheoirí atá ar fostú sna cúirteanna achomhairc agus sa chúirt achomhairc mhíleata, agus breithiúna de chuid na Cúirte Bunreachtúla.
I gcás cionta a dhéanann breithiúna agus ionchúisitheoirí atá ar fostú sna cúirteanna céadchéime, sna binsí agus sna binsí míleata.
Faoin struchtúr nua, is féidir leis an Ard‑Ionchúisitheoir suas le 14 ionchúisitheoir a ainmniú laistigh den oifig ionchúisitheora atá ceangailte den Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, maille le suas le triúr i ngach oifig ionchúisitheora atá ceangailte de na cúirteanna achomhairc. Ainmnítear ionchúisitheoirí le haghaidh tréimhse ceithre bliana ar mholadh ó thionól iomlánach na hUaschomhairle Giúistíseachta. Filleann siad ar a bpost tosaigh ag deireadh na tréimhse sin nó tar éis cinneadh ón Ard‑Ionchúisitheoir deireadh a chur leis an ainmniúchán.
Ráiteas ó Chomhlachas Fhóram na mBreithiúna sa Rómáin, ón Chomhlachas na Gluaiseachta chun Stádas na nIonchúisitheoirí a Chosaint, agus ón gComhlachas ‘Tionscnamh ar son an Cheartais’, an 24 Eanáir 2022.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor Din România’ agus páirtithe eile, i gcásanna uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-294/19, C-355/19 agus C-379/19, ECLI:EU:C:2021:393, mír 223.
Ba cheart ‘ráthaíochtaí sonracha’ a bheith ag gabháil leis an struchtúr nua ‘lenar féidir, ar thaobh amháin, an riosca a chosc go mbainfí úsáid as an rannóg sin mar uirlis rialaithe pholaitiúil ar ghníomhaíocht na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí sin ar dhócha go mbainfí an bonn dá neamhspleáchas léi, agus, ar an taobh eile, a áirithiú gur féidir inniúlacht eisiach a fheidhmiú i leith na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí sin i gcomhréir iomlán leis na ceanglais a eascraíonn as Airteagail 47 agus 48 den Chairt’, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor Din România’ agus páirtithe eile, i gcásanna uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-294/19, C-355/19 agus C-379/19, ECLI:EU:C:2021:393, mír 223.
Áiríodh ar na hábhair imní easpa aon nós imeachta iomaíoch tiomnaithe ná aon ról sonrach le haghaidh rannóg na n‑ionchúisitheoirí san Uaschomhairle Giúistíseachta. Chuir Coimisiún na Veinéise béim ar an tábhacht a bhaineann le ‘páirt níos láidre a thabhairt do rannóg an ionchúisimh san Uaschomhairle Giúistíseachta i roghnúchán tosaigh na n‑ionchúisitheoirí’ (Tuairim (CDL-AD(2022)003) ó Choimisiún na Veinéise, mír 28). Neartaíodh an imní sin mar gheall ar na chéad chinntí a rinne an Uaschomhairle Giúistíseachta, nó ba chosúil go raibh siad fabhrach don leanúnachas le hiarbhaill foirne SIIJ. Go dtí seo, as na 59 bpost atá ann san iomlán, líonadh 37 bpost agus tá 9 moladh eile ar feitheamh. Tharraing an tArd‑Ionchúisitheoir aird ar roinnt deacrachtaí maidir le hionchúisitheoirí a bheith ceaptha ag an Uaschomhairle Giúistíseachta chuig roinnt oifigí, rud a d’fhág go raibh neamhréireacht ann maidir le dáileadh an ualaigh oibre.
Féach an t‑ábhar imní a luaigh Coimisiún na Veinéise maidir leis an easpa frithmheáchain ar thionchar an Aire Dlí agus Cirt, tuairim 950/2019 CDL-AD(2019)014.
Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 5 Bealtaine 2020, Kövesi v an Rómáin, 3594/19.
Murab ionann agus faoin dlí a bhí i bhfeidhm roimhe seo, agóid dhlíthiúil in aghaidh foraithne ón Uachtarán lena ndífhostaítear duine de na hionchúisitheoirí is sinsearaí, níl éifeacht fionraíochta aici ar an dífhostú.
Cinneadh 77/2017 ón bParlaimint: https://www.juridice.ro/wp-content/uploads/2017/10/Codul-de-conduită.pdf .
Ní luaitear an urraim do neamhspleáchas na mbreithiúna go sonrach sa Chód Iompair ach tá foráil ghinearálta ann maidir le deighilt na gcumhachtaí a urramú: In Airteagal 1, mír 3, foráiltear mar a leanas: ‘Tá sé d’oibleagáid ar na teachtaí agus na seanadóirí gníomhú le honóir agus le féinsmacht, agus prionsabail dheighilt agus chóimheá na gcumhachtaí sa stát, na trédhearcachta, an ionracais mhorálta, na freagrachta, agus na hurraime do cháil na Parlaiminte á gcur san áireamh acu.’
Suímh gréasáin na hUaschomhairle Giúistíseachta – ráitis agus cinntí maidir leis an neamhspleáchas breithiúnach.
Tháinig na dlíthe leasaithe i bhfeidhm i mí na Nollag 2018.
Le Garsprioc 424 in RRP na Rómáine, dar teideal ‘Leasú an Chóid Choiriúil agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil’, ceanglaítear ar an Rómáin ‘forálacha an Chóid Choiriúil agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil a tháinig i bhfeidhm in 2014 a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha bunreachtúla, i gcomhréir leis na cinntí náisiúnta ábhartha ón gCúirt Bhunreachtúil maidir le gnéithe bunreachtúlachta na n‑athruithe a rinneadh le deireanas ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil.’ Is í mí na Nollag 2022 sprioc comhaontaithe na Rómáine chun an t‑athchóiriú sin ina RRP a chríochnú.
I dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, sa chaibidil tíre de maidir le staid an smacht reachta sa Rómáin, agus i moltaí tír-shonracha an tSeimeastair Eorpaigh, cuireadh ábhair imní i dtábhacht maidir le hintuarthacht agus cáilíocht an phróisis reachtaigh i gcoitinne.
Coimisiún na Veinéise, Tuairim maidir leis an dréachtdlí lena scoirtear an rannóg chun cionta coiriúla i measc breithiúna a imscrúdú (CDL-AD(2022)003).
Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta - Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa Rómáin, lch. 2.
Féach tagairt Chomhairle na hEorpa CM/Notes/1280/H46-21.
Chuir an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine smachtbhannaí ar an Rómáin in 2005 toisc nár chloígh an Stát nó eintitis dhlíthiúla atá faoi fhreagracht an Stáit le cinntí críochnaitheacha cúirte intíre, nó go raibh moill mhór orthu cloí leis na cinntí sin.
Meabhrán uimh. L1/1814/26.02.2019 maidir le ‘Bearta chun a Áirithiú go bhForghníomhaítear Breithiúnais in aghaidh Féichiúnaí Poiblí, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le neamhfhorghníomhú breithiúnas a thugtar i gcoinne féichiúnaí poiblí, nó maidir le forghníomhú moillithe na mbreithiúnas sin.’
Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2022 - Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa Rómáin, lch. 28.
Féach Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, COM(2022) 500 final, lch. 24.
Níor eisigh an tionól iomlánach aon chinneadh in 2022, agus d’eisigh sé seacht gcinn in 2021. In 2021, bhain ceann de na hiarrataí ar géilleadh dóibh le ráitis phoiblí ar an teilifís a rinne comhalta amháin den Uaschomhairle Giúistíseachta faoin ionchúiseamh. Ba é conclúid rannóg na n‑ionchúisitheoirí i mí na Nollag 2021 go raibh tionchar tromchúiseach ag na ráitis ar neamhspleáchas agus ar neamhchlaontacht ionchúisitheoirí, go háirithe iad sin a leagtar de chúram orthu cionta éillitheachta a imscrúdú.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor Din România’ agus páirtithe eile, i gcásanna uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-294/19, C-355/19 agus C-379/19, ECLI:EU:C:2021:393, mír 207.
Sa tuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn i gcás na Rómáine faoi SCF, (COM(2021) 370 final), tugtar faoi deara go bhfuil cásanna fós ann inar ábhair imní go fóill iad imscrúduithe araíonachta agus smachtbhannaí troma ar ghiúistísí a dhéanann cáineadh ar éifeachtúlacht agus neamhspleáchas na mbreithiúna. Le déanaí, na himeachtaí araíonachta a thionscain an Chigireacht Bhreithiúnach in aghaidh breitheamh i gCúirt Achomhairc Pitești, chruthaigh siad ábhair imní den sórt sin, go bunúsach toisc gur chinn sé an reachtaíocht lena mbunaítear SIIJ a dhífheidhmiú i bhfianaise bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó mí na Bealtaine 2021. Ar deireadh dhiúltaigh an Uaschomhairle Giúistíseachta an ghníomhaíocht araíonachta le cinneadh an 14 Aibreán 2022.
C-817/21, R.I. v Inspecția Judiciară, N.L.
Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v. an Pholainn (An córas araíonachta do bhreithiúna), C-791/19, ECLI:EU:C:2021:596, mír 138, agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion e.a., i gcásanna uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, ECLI:EU:C:2021:1034, mír 239.
Idir an 1 Meitheamh 2021 agus an 30 Meán Fómhair 2022, rinne ANI anailís ar bhreis agus 1 700 comhad agus d’aimsigh sé 218 dteagmhas ionracais: 120 cás neamh‑chomhoiriúnachta, 81 chás coinbhleachta leasa riaracháin agus 17 gcás rachmais gan údar. Shainaithin cigirí ionracais 68 gcás a bhaineann le cionta coiriúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus chuir siad faoi bhráid na gcomhlachtaí inniúla iad le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe.
Mar a aithníodh san ionchur ón Rómáin don Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, lch. 27 agus an Stiúrthóireacht Náisiúnta Frith‑Éillithe (DNA), Tuarascáil 2021 ar Ghníomhaíocht, lch. 8.
An Chúirt Bhunreachtúil, Cinneadh Uimh. 514, an 14 Iúil 2021. D’áitigh an Chúirt, ós rud é gur rannóg speisialaithe é DNA laistigh d’Oifig an Ionchúisitheora atá ceangailte den Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, gur cheart go mbeadh an tsinsearacht chéanna ag a ionchúisitheoirí agus atá ag ionchúisitheoirí in Oifig an Ionchúisitheora atá ceangailte don Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas (12 bhliain). D’áitigh DNA agus DIICOT nach bhforáiltear sa dlí bunreachtúil maidir leis an tsinsearacht a theastaíonn don oibríocht laistigh de struchtúr oifige ionchúisitheora, agus luaigh siad na cúiseanna praiticiúla a bhí leis an laghdú go dtí 7 mbliana sinsearachta.
In Earrach 2022, d’oibrigh DNA le 14 ionchúisitheoir tarmligthe as 145 post líonta (10 % den fhoireann). An dlí nua ar reacht an dlí giúistísí, ní dhéantar aon fhoráil ann maidir le haon tarmligean ó DNA/DIICOT; ach is féidir foireann a chur ar iasacht ó oifigí ionchúisimh eile chuig DNA/DIICOT (uair amháin, ar feadh 1 bhliain ar a mhéad).
Garsprioc 429 i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine.
Mar a tugadh faoi deara i mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor Din România’ agus páirtithe eile, i gcásanna uamtha C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-294/19, C-355/19 agus C-379/19, EU:C:2021:393, míreanna 221-222.
Sa tuairim uaidh in 2022, mhol Coimisiún na Veinéise inniúlachtaí na sainseirbhísí ionchúisimh (DNA agus DIICOT) a athbhunú chun cionta laistigh dá sainchúram a rinne breithiúna agus ionchúisitheoirí a imscrúdú agus a ionchúiseamh freisin, agus thug sé dá aire ‘gur cheart go mbeadh sé de chuspóir ag scor [SIIJ] níos mó éifeachtúlachta a áirithiú maidir le cionta – go háirithe éillitheacht – arna ndéanamh ag breithiúna agus ionchúisitheoirí a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Struchtúr ionchúisitheoirí neamhspeisialaithe ar leibhéal na n‑oifigí ionchúisitheora atá ceangailte den Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas agus atá ceangailte do na cúirteanna achomhairc, níl sé inchreidte go mbeadh struchtúr den chineál sin in ann imscrúduithe a dhéanamh ar líomhaintí maidir le héillitheacht i measc breithiúna agus ionchúisitheoirí ar bhealach níos fearr ná an tseirbhís ionchúisimh speisialaithe reatha, arb é DNA.’ (féach Coimisiún na Veinéise, Tuairim maidir leis an dréachtdlí lena gcuirtear deireadh leis an rannóg chun cionta coiriúla a dhéanann breithiúna a imscrúdú (CDL-AD(2022)003), pointe 37).
Aighneacht i scríbhinn a fuarthas ón Ard‑Ionchúisitheoir i gcomhthéacs na cuairte tíre ar an Rómáin i dtaca le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Airteagal 3(5) den Dlí nua. I gcás easaontais idir an dá oifig ionchúisimh, is é an tArd‑Ionchúisitheoir a chinneann an bhfanann na cásanna uamtha.
Cúirt Bhunreachtúil na Rómáine, Cinneadh uimh. 685/2018 agus Cinneadh uimh. 417/2019. Rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil, an cleachtas comhaltaí de jure a cheapadh i gcomhdhéanamh na bpainéal cúig bhreitheamh den Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, go raibh an cleachtas sin contrártha don riail a d’éiligh go ndéanfaí gach comhalta a tharraingt trí chrannchur. Rialaigh sé freisin nár bhunaigh an Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas sainphainéil triúr breithiúna a bhunú chun déileáil le cionta éillitheachta ar dtús. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta, Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa Rómáin, lch. 10.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion e.a., i gcásanna uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19.
Cinneadh ón Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas an 7 Aibreán 2022.
Cinneadh ón Ard‑Chúirt um Achomharc agus um Cheartas an 10 Bealtaine 2022 i gcás 105/1/2019.
DNA, preaseisiúint an 28 Deireadh Fómhair 2022, https://www.pna.ro/comunicat.xhtml?id=11549 .
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion e.a., i gcásanna uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta, Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta sa Rómáin, lch. 14.
Rinne Teach na dTeachtaí leasú ar a rialacha nós imeachta in 2019 chun tagairt shonrach a thabhairt isteach do na critéir a leagtar amach i dtuarascáil Choimisiún na Veinéise maidir le cuspóir agus tarscaoileadh na díolúine parlaimintí. Sa tuarascáil uaidh i mí an Mhárta 2021, tugann GRECO dá aire gur cosúil gur cuireadh deireadh, trí bhíthin litreach, le ceanglas neamhfhoirmiúil ar chomhlachtaí ionchúisimh an comhad iomlán a thíolacadh agus aire nó iar-aire atá ina chomhalta den Pharlaimint freisin á ionchúiseamh. Greco RC4(2021).
Ó bhí tuarascáil SCF 2021 ann, tá líon níos lú cásanna ionchúisimh ann a bhaineann le breabaireacht i gcomparáid le 2020 agus 2021, agus leanadh ar aghaidh béim a leagan ar líomhaintí éillitheachta a bhaineann le hoifigigh riaracháin phoiblí a imscrúdú.
Leagtar amach an méid sin freisin i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine, ina bhfuil ceanglas i nGarsprioc 426 maidir le ‘Teacht i bhfeidhm an Chinnidh Rialtais lena bhformheastar an Straitéis Náisiúnta Frith‑Éillithe nua’.
Ina theannta sin, bhí sé sin faoi réir Gharsprioc uimh. 422 de Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Rómáine lena n‑éilítear ‘Teacht i bhfeidhm an dlí lena leasaítear cumhachtaí na Gníomhaireachta Náisiúnta Bainistithe Sócmhainní Urghafa.’
Figiúirí an 31 Deireadh Fómhair 2022, a chuir ANABI ar fáil chun críocha na tuarascála ar dhul chun cinn a seoladh chuig an gCoimisiún i mí na Samhna 2022.
Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 (C(2006) 6569)
Deireadh a chur le SCF i gcás na Rómáine, is éard a bheadh ann cinneadh ón gCoimisiún lena gcúlghairtear Cinneadh 2006/928/CE an 13 Nollaig 2006 ón gCoimisiún lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (C(2006) 6569).