EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0612

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise a chur ar fionraí go páirteach, an Comhaontú maidir le heisiúint víosaí a éascú

COM/2021/612 final

An Bhruiséil,29.9.2021

COM(2021) 612 final

2021/0311(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise a chur ar fionraí go páirteach, an Comhaontú maidir le heisiúint víosaí a éascú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na mBealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú (dá ngairtear ‘an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú’ anseo feasta), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2020 1 , i gcomhthráth leis an gComhaontú um Athligean Isteach 2 . Is é is cuspóir don Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a éascú, víosaí a eisiúint chuig saoránaigh an Aontais agus na Bealarúise, ar bhonn na cómhalartachta, le haghaidh fanacht atá beartaithe ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá i dtréimhse 180 lá.

Cuidíonn an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú le teagmhálacha idir daoine a fheabhsú agus luachanna a comhroinnt, lena n‑áirítear cearta an duine agus luachana daonlathacha an Aontais. Cuirtear i dtreis, i mbrollach an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú, an tábhacht a bhaineann leis na bunphrionsabail a rialaíonn an comhar idir an tAontas agus an Bhealarúis chomh maith leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí, lena n‑áirítear cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha, a eascraíonn ó na hionstraimí idirnáisiúnta atá ina gceangal orthu.

An 12 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le freagairt an Aontais ar an méid a bhí ag tarlú sa Bhealarúis 3 . Ina conclúidí, d’athdhearbhaigh an Chomhairle nach raibh toghchán uachtaránachta an 9 Lúnasa 2020 saor ná cóir agus nach raibh dlisteanacht dhaonlathach ag réimeas na Bealarúise. D’athdhearbhaigh an Chomhairle a lántacaíocht do cheannasacht agus do neamhspleáchas na Bealarúise agus chuir sí i dtábhacht an ceart daonlathach atá ag muintir na Bealarúise a n‑uachtarán a thogh trí thoghchán saor cóir, gan cur isteach seachtrach. Meabhraíodh thairis sin sna conclúidí na bearta sriantacha, ina bhfuil cosc taistil agus calcadh sócmhainní, a forchuireadh ar 40 duine a bhí freagrach as calaois an toghcháin uachtaránachta agus as an bhfeachtas géar foréigneach a rinneadh in aghaidh lucht agóidí síochánta, agus sonraíodh go raibh an tAontas réidh le bearta sriantacha breise a ghlacadh in aghaidh eintiteas agus oifigigh ardchéimiúla, lena n‑áirítear Aleksandr Lukashenko 4 .

Mhéadaigh an tAontas an comhar déthaobhach le húdaráis na Bealarúise ar an leibhéal lárnach, mhéadaigh sé a thacaíocht do mhuintir na Bealarúise agus do shochaí shibhialta na Bealarúise, agus rinne sé a chúnamh déthaobhach airgeadais a athshocrú dá réir. I gcomhréir leis na bearta sin, chuir an tAontas Eorpach acmhainní breise airgeadais ar fáil láithreach d’íospartaigh an fhoréigin, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do na meáin neamhspleácha.

Leantar den chur faoi chois ar ghníomhaithe freasúra, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar chosantóirí chearta an duine agus ar na meáin neamhspleácha. Bhí níos mó ná 670 príosúnach polaitiúil ann faoi lár mhí Mheán Fómhair 2021 agus tá a líon ag fás gach seachtain. Tá trialacha a spreagtar go polaitiúil ar siúl ina n‑aghaidh, agus is minic a dhéantar iad taobh thiar de dhoirse dúnta agus faoi deifir agus is iad fíoraisc náireacha de bhlianta fada príosúnachta is toradh orthu.

Leanadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú agus cuireadh ar athlá bunú an Chomhchoiste um Éascú Víosaí, a raibh sé mar aidhm leis faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe.  

Ag freagairt don Aontas ar an gcaoi a bhfuil gach cuid de shochaí na Bealarúise á cur faoi chois go brúidiúil agus go leanúnach, agus go háirithe fuadach na heitilte paisinéirí an 23 Bealtaine 2021, chuir an tAontas cosc ar aeriompróirí na Bealarúise eitilt thar chríoch an Aontais agus teacht chuig aerfoirt an Aontais 5 , agus thug sé isteach an ceathrú pacáiste de smachtbhannaí lenar sonraíodh daoine aonair agus eintitis 6 mar aon le smachtbhannaí eacnamaíocha dírithe 7 .

Ina dhiaidh sin, rinne an Bhealarúis diongbháil na mbeart sin, gur fhógair sí a cuid rannpháirtíochta i gComhpháirtíocht an Oirthir a bheith curtha ar fionraí aici agus d’fhógair sí freisin fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach an 28 Meitheamh 2021. Ina theannta sin, mheabhraigh an Bhealarúis a hambasadóir chuig an Aontas le haghaidh comhairliúcháin, d’iarr sí go ndéanfaí ambasadóir an Aontais chuig an mBruiséil a aisghairm le haghaidh comhairliúcháin agus d’fhógair sí go ndiúltófaí d’ionadaithe na n‑institiúidí Eorpacha agus na ndaoine aonair ón Aontas a bhí páirteach in ullmhú na smachtbhannaí dul isteach sa Bhealarúis. D’éiligh údaráis na Bealarúise go gcuirfí gníomhaíochtaí institiúidí cultúrtha na mBallstát ar fionraí. Shonraigh an Bhealarúis freisin go ndéanfadh sí machnamh ar fhrithbhearta eile a d’fhéadfaí a dhéanamh. Thairis sin, an 8 Meán Fómhair 2021, cuireadh bille ar fionraíochta an Chomhaontaithe um Athligean Isteach leis an Aontas faoi bhráid Pharlaimint na Bealarúise.

Cé go bhfuil an staid ag teorainneacha seachtracha an Aontais leis an mBealarúis tar éis cobhsú ó thaobh teacht isteach, lena n‑áirítear mar gheall ar eitiltí díreacha ó Baghdad go Minsk a bheith curtha ar fionraí, tá sí dian i gcónaí agus tá brú mór fós ar an imirce mar go bhfuil líon na n‑iarrachtaí cosctha chun an teorainn a thrasnú go neamhrialta ard i gcónaí. Ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith, thrasnaigh 4145 duine teorainn na Liotuáine-na Bealarúise go neamhrialta; tá an uimhir seo 56 n‑uaire níos airde ná 2020. Is as an Iaráic (2805) a tháinig breis agus leath de na náisiúnaigh tríú tír a thrasnaigh teorainn na Liotuáine leis an mBealarúis, agus ina dhiaidh sin tháinig náisiúnaigh de chuid an Chongó Brazzaville, Chamarún agus céatadán beag náisiúnach ón tSiria, ón Iaráin agus ón Afganastáin. Maidir leis an bPolainn, sa tréimhse chéanna, thrasnaigh 1 493 náisiúnach tríú tír an teorainn leis an mBealarúis. Tá an líon sin 23 dhuine níos airde i gcomparáid le 2020. Ar an gcaoi chéanna, is iad muintir na hIaráice na príomhnáisiúntachtaí, ach is mó líon na náisiúnach Afganastánach atá iontu. I dtéarmaí coibhneasta, áfach, ba ar an Laitvia a tháinig an méadú ba mhó ar líon na ndaoine a braitheadh ag trasnú teorann neamhrialta ó 3 chás 2020 go 377 gcás in 2021. Baineann an treocht chéanna leis na hiarratais ar thearmann. I gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, tá 14 uair níos mó iarratas ar thearmann taifeadta ag an Liotuáin go dtí seo in 2021 (2 399), ó náisiúnaigh na hIaráice (50 %) den chuid is mó. Chláraigh an Pholainn 131 % níos mó iarratas ar thearmann (4109) agus is iad Afganastánaigh na hiarratasóirí is minice (33 %), ina dhiaidh sin Bealarúisigh (29 %) agus Rúisis (18 %). Ar an gcaoi chéanna, fuair an Laitvia 465 n‑iarratas ar thearmann, beagnach 6 n‑uaire níos airde ná 2020.

Tugann an t‑ardú tobann seo le fios go bhfuil an réimeas ag spreagadh imirce neamhrialta chun críocha polaitiúla, agus go háirithe frithbheart in aghaidh na Liotuáine, na Polainne agus na Laitvia as a seasamh maidir leis an mBealarúis. Tá freagairt aontaithe de dhíth ar ghníomhaíocht na Bealarúise i gcoinne Bhallstáit an Aontais.

2.BEARTA ATÁ BEARTAITHE

Tugadh an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú i gcrích ar bhonn go bhfuil an urraim do chearta an duine agus do phrionsabail an daonlathais ar cheann de na bunphrionsabail a rialaíonn an comhar idir an tAontas agus an Bhealarúis chomh maith lena n‑oibleagáidí agus a bhfreagrachtaí 8 . D’aithin an tAontas agus an Bhealarúis araon nár cheart go n‑eascródh imirce neamhrialta as an gComhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú agus aird ar leith á tabhairt acu ar an tslándáil agus ar athligean isteach 9 .

I bhfianaise an chomhthéacs a ndéantar cur síos air thuas, tá na prionsabail sin á sárú ag an mBealarúis. Ní hamháin go gcuireann an Bhealarúis caidreamh frithpháirteach idir an tAontas agus a Bhallstáit i mbaol ach cuireann sí leis na sáruithe ar chearta an duine atá contrártha lena hoibleagáidí idirnáisiúnta 10 .

Dá bhrí sin, beart iomchuí is ea cur i bhfeidhm airteagal áirithe den Chomhaontú um Éascú Víosaí a chur ar fionraí, lena bhforáiltear d’éascuithe do chatagóirí sonracha áirithe iarratasóirí, eadhon:

(i) comhaltaí de thoscaireachtaí oifigiúla na Bealarúise lena n‑áirítear buanchomhaltaí na dtoscaireachtaí sin ar cheart dóibh, tar éis cuireadh oifigiúil a dhíriú chuig an mBealarúis, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe oifigiúla, i gcomhairliúcháin, in idirbheartaíocht nó i gcláir um malartú, agus in imeachtaí a reachtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

(ii) comhaltaí de Rialtais náisiúnta agus réigiúnacha na Bealarúise agus de na Parlaimintí, de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise agus de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, i bhfeidhmiú a ndualgas;

Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm na nAirteagal seo a leanas den Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a chur ar fionraí: Airteagal 4(1), pointe (a), ar) “Fianaise dhoiciméadach maidir le cuspóir an turais”, Airteagal 5(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 5(2), pointe (a), maidir le) ‘Eisiúint víosaí iliontrála’ agus Airteagal 6(3), pointe (a) agus pointe (b), maidir le) ‘Táillí ar iarratais ar víosaí a phróiseáil’.

A luaithe a thiocfaidh an Cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm, cuirfear cur i bhfeidhm rialacha sonracha dá bhforáiltear sna forálacha sin ar fionraí. Dá bhrí sin, beidh feidhm ag rialacha ginearálta an Chóid Víosaí ina ionad sin 11 .

Níl cur i bhfeidhm forálacha eile an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú curtha ar fionraí agus leanfaidh an éascú dá bhforáiltear iontu i ndáil le gnáthshaoránaigh na Bealarúise d’fheidhm a bheith acu. Leis sin, beifear in ann ‘teagmhálacha idir dhaoine’ a choimeád. Níor cheart, áfach, feidhm a bhaint as na forálacha nár cuireadh i bhfeidhm sa Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú chun dul timpeall ar chuspóir an chinnidh ón gComhairle maidir le fionraí páirteach an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú. Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le hiarrachtaí teacht timpeall ar an bhfionraí pháirteach nó maidir leis na hiarrachtaí sin a líomhnaítear i dtaca leis an Comhaontú um Éascú Víosaí.

3.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí nós imeachta an togra seo. Is é Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí substainteach.

Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 14(5) den Chomhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú ‘go bhféadfaidh gach Páirtí an Comhaontú seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Cuirfear an cinneadh maidir le fionraí in iúl don Pháirtí eile tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. An Páirtí a chuir feidhm an Chomhaontaithe seo ar fionraí, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna atá leis an bhfionraí.’  

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ní bhaineann le hábhar.

Comhréireacht

Ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, eadhon cabhair áirithe atá ann cheana a chur ar fionraí d’oifigigh na Bealarúise agus ag an am céanna leanúint de thacaíocht a thabhairt do ghnáthshaoránaigh na Bealarúise, trí nósanna imeachta víosaí a éascú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh costais bhreise ar bhuiséad an Aontais ag gabháil leis an togra seo.

2021/0311 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise a chur ar fionraí go páirteach, an Comhaontú maidir le heisiúint víosaí a éascú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 77(2), pointe (a) agus Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú (‘an Comhaontú’), 12 is Comhaontú é a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2020 i gcomhthráth leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine atá ina gcónaí gan údarú a athligean isteach 13 (‘an Comhaontú um Athligean Isteach’).

(2)Is é is cuspóir don Chomhaontú eisiúint na víosaí chuig saoránaigh an Aontais agus na Bealarúise a éascú, ar bhonn na cómhalartachta, i gcás tréimhse fanachta atá beartaithe le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá i rith tréimhse 180 lá. Cuidíonn an Comhaontú le teagmhálacha idir daoine a fheabhsú agus le luachanna a chomhroinnt, lena náirítear cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha.

(3)Faoi Airteagal 14(5) den Chomhaontú, is féidir le gach ceann de na páirtithe cuid den Chomhaontú a chur ar fionraí nó é a chur ar fionraí ina iomláine. 48 nuair an chloig ar a dhéanaí tar éis dó a theacht i bhfeidhm is ea a thabharfar fógra don pháirtí eile maidir leis an gcinneadh faoin gcur ar fionraí. An Páirtí a chuir an Comhaontú ar fionraí, is é a chuirfidh an Páirtí eile ar an eolas a thúisce a bheidh deireadh feidhme le cúiseanna na fionraíochta.

(4)Ag freagairt don Aontas ar an gcaoi a bhfuil gach cuid de shochaí na Bealarúise á cur faoi chois go brúidiúil agus go leanúnach, agus go háirithe fuadach na heitilte paisinéirí an 23 Bealtaine 2021, chuir an tAontas cosc ar aeriompróirí na Bealarúise eitilt thar chríoch an Aontais agus teacht chuig aerfoirt an Aontais, agus thug sé isteach an ceathrú pacáiste de smachtbhannaí lenar sonraíodh daoine aonair agus eintitis mar aon le smachtbhannaí eacnamaíocha dírithe trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 14 agus Cinneadh 2012/642/CBES 15 .

(5)Ina dhiaidh sin, rinne an Bhealarúis diongbháil na mbeart sin, gur fhógair sí a cuid rannpháirtíochta i gComhpháirtíocht an Oirthir a bheith curtha ar fionraí aici agus d’fhógair sí freisin fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach an 28 Meitheamh 2021. An 8 Meán Fómhair 2021, cuireadh bille faoi bhráid Pharlaimint na Bealarúise maidir le fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach leis an Aontas Eorpach.

(6)An tráth céanna, tháinig méadú nach bhfacthas riamh ar ghluaiseachtaí imirce neamhrialta ón mBealarúis sa Liotuáin, rud atá ag tarlú sa Pholainn agus sa Laitvia le déanaí chomh maith. Is éard a thugtar le fios leis an méadú tobann seo go bhfuil an réimeas ag spreagadh na hinimirce neamhrialta chun críoch polaitiúil, agus is frithbheart é go háirithe in aghaidh na Liotuáine, na Polainne agus na Laitvia as an seasamh atá acu i leith na Bealarúise.

(7)Na gníomhartha thuasluaite atá á ndéanamh ag an mBealarúis, is sárú iad ar na prionsabail bhunúsacha ar ar tugadh an Comhaontú i gcrích, agus téann siad in aghaidh leasanna an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, ní thugann gníomhaíochtaí na Bealarúise urraim do chearta an duine ná do na prionsabail dhaonlathacha toisc go spreagann siad an imirce neamhrialta ó chríoch na Bealarúise isteach san Aontas.

(8)Dá bhrí sin, cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe an Chomhaontaithe lena bhforáiltear maidir le víosaí gearrfhanachta a éascú do chatagóirí áirithe iarratasóirí, eadhon comhaltaí de thoscaireachtaí oifigiúla de chuid na Bealarúise, comhaltaí de Rialtais agus de Pharlaimintí na Bealarúise idir náisiúnta agus réigiúnach, comhaltaí de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise agus de Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach na Bealarúise, agus iad i mbun a gcuid dualgas, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a chur ar fionraí.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na forálacha seo a leanas den Chomhaontú, is forálacha iad a chuirfear a gcur i bhfeidhm ar fionraí:

(a)Airteagal 4(1), pointe (a) a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, lena náirítear comhalta buan de thoscaireacht den sórt sin atá le bheith rannpháirteach, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe oifigiúla, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

(b)Airteagal 5(1), pointí (a) agus (b) a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta, agus é i mbun a chuid dualgas, de Rialtas nó Parlaimint na Bealarúise idir náisiúnta nó réigiúnach, sin nó atá ina chomhalta de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise nó de Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach na Bealarúise, mar aon le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta buan de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

(c)Airteagal 5(2), pointe (a) a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

(d)Airteagal 6(3), pointí (a) agus (b) a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de Rialtas nó de Pharlaimint na Bealarúise idir náisiúnta nó réigiúnach, sin nó atá ina chomhalta de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise nó de Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach na Bealarúise, nó le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dara lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú (IO L 180, 9.6.2020).
(2)    An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine atá faoi chónaí gan údarú a athligean isteach (IO L 181, 9.6.2020).
(3)    Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBealarúis, an 12 Deireadh Fómhair 2020, 11661/20.
(4)    Glacadh an dara pacáiste smachtbhannaí an 6.11.2020 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1648 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8ú(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis; Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1650 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 370I)). Glacadh an tríú pacáiste smachtbhannaí an 17.12.2020 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2129 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8ú(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis; Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/2130 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 426I)). Áirítear sna bearta sriantacha sa dá phacáiste toirmeasc taistil agus calcadh sócmhainní a bhaineann leis na daoine aonair agus na heintitis a liostaítear sna gníomhartha thuasluaite.
(5)    Rialachán (AE) 2021/907 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis agus Cinneadh (CBES) 2021/908 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 197I).
(6)    Rialachán (AE) 2021/996 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8ú(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i leith na Bealarúise; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8ú(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i leith na Bealarúise; Cinneadh (CBES) 2021/1001 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis; Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 219I). Tá na daoine aonair agus na heintitis atá liostaithe sna gníomhartha thuasluaite faoi réir reo sócmhainní agus tá cosc ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí AE cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta. Áirítear leis na bearta sriantacha freisin toirmeasc ar thaisteal do dhaoine ar an liosta.
(7)    Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis; Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 224I).
(8)    Aithris 3 den bhrollach den Chomhaontú um Éascú Víosaí.
(9)    Aithris 2 den bhrollach den Chomhaontú um Éascú Víosaí.
(10)    Mar a cuireadh i láthair i dTuarascáil an Rapóirtéara Speisialta maidir le staid chearta an duine sa Bhealarúis, Anaïs Marin, A/HRC/47/49, 4 Bealtaine 2021.
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí, IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
(12)    An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú (IO L 180, 9.6.2020).
(13)    An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine atá faoi ina gcónaí gan údarú a athligean isteach (IO L 181, 9.6.2020).
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Uachtarán Lukashenko agus oifigigh áirithe de chuid na Bealarúise (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) 2021/907 ón gComhairle (IO L 197I, 4.6.2021), Rialachán (AE) 2021/996 ón gComhairle (IO L 219I , 21.6.2021, lch. 1), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle (IO L 219I , 21.6.2021, lch. 3), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/999 ón gComhairle (IO L 219I , 21.6.2021, lch. 55) agus Rialachán (AE) ón gComhairle 2021/1030 (IO L 224I , 24.6.2021, lch. 1).
(15)    Cinneadh (CE) Uimh. 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1) arna leasú le Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2021/908 (IO L 197I, 4.6.2021, lch. 3), Cinneadh (CBES) 2021/1001 ón gComhairle (IO L 219I , 21.6.2021, lch. 67), Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle (IO L 219I , 21.6.2021, lch. 70) agus Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle (IO L 224I, 24.6.2021).
Top