AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.8.2021
COM(2021) 492 final
2021/0279(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle um Chomhar a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) chun Moladh Uimh. XX/2020 a ghlacadh maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
2.Comhthéacs
2.1.An Comhaontú
Is é is aidhm don Chomhaontú creat a chur ar fáil d’idirphlé polaitiúil agus do chomhar polaitiúil idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit agus Poblacht na hAsarbaiseáine (‘na Páirtithe’) chun caidreamh polaitiúil a fhorbairt. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 1999.
2.2.An Chomhairle um Chomhar
Scrúdaíonn an Chomhairle um Chomhar aon mhór-shaincheist a thagann chun cinn faoin gComhaontú agus aon saincheist déthaobhach nó idirnáisiúnta eile ar leas coiteann í chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Féadfaidh an Chomhairle um Chomhar moltaí iomchuí a dhéanamh, trí chomhaontú idir na Páirtithe. Is iad comhaltaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus comhaltaí an Choimisiún Eorpaigh, de pháirt, agus comhaltaí Rialtas Phoblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, atá ar an gComhairle um Chomhar. Tá a rialacha nós imeachta féin ag an gComhairle um Chomhar.
2.3.Gníomh na Comhairle um Chomhar
Ba cheart don Chomhairle um Chomhar Moladh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta (2018-2020) le haghaidh na tréimhse 2021-2027 (‘an Gníomh’).
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhairle um Chomhar bunaithe ar an Moladh atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Leanann Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta de chuspóirí Bheartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa a bhaint amach mar aon le cuspóirí Chomhpháirtíocht an Oirthir. Beidh siad sin ina dtreoir don chlársceidealú ilbhliantúil ar chomhar airgeadais an Aontais leis an Asarbaiseáin.
Tá sé deimhnithe ag na Páirtithe go bhfuil Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta fós ina mbonn bailí chun caidreamh na bPáirtithe a fhorbairt mar aon lena dtiomantas iomlán maidir leis na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme.
Leanann Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta 2018- 2020 de bheith ina mbonn don chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
Is chun leas an Aontais atá sé tosaíochtaí na Comhpháirtíochta a shíneadh.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua an dhlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu sin, freisin, ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh.’
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhlacht arna bhunú leis an gComhaontú is ea an Chomhairle um Chomhar.
An Gníomh a iarrtar ar Chomhairle um Chomhar a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá an Gníomh in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, eadhon clársceidealú ilbhliantúil an chomhair airgeadais faoin gcreat tacaíochta aonair. Is amhlaidh atá toisc go ndéantar foráil in Airteagal 7(2) de Rialachán 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta maidir le tíortha inarb ann do dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán sin, nach mór creat tacaíochta aonair ilbhliantúil cuimsitheach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Ní mór do na doiciméid sin a bheith ina bpleananna gníomhaíochta, nó ina ndoiciméid choibhéiseacha eile a chomhaontaítear ar bhonn comhpháirteach, amhail Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta.
Leis an nGníomh ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gCinneadh sin.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
I dtaca leis an mbunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé ar aidhm agus ar inneachar an ghnímh a nglactar seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a aithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin ar an mbunús dlí nach foláir a bheith leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir an Ghnímh le comhar leis an Asarbaiseáin faoin gComhaontú agus faoi Bheartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa.
4.3.Conclúid
Is iad Airteagail 207 agus 209 i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE bunús dlí an Chinnidh sin.
5.Foilsiú
Ós rud é go leasófar tréimhse cur chun feidhme Thosaíochtaí na Comhpháirtíochta le Gníomh na Comhairle um Chomhar, ba cheart é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0279 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle um Chomhar a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207 agus 209 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile (an ‘Comhaontú’) an 22 Aibreán 1996 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1999.
(2)Faoi Airteagal 81 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle um Chomhar, a bunaíodh leis an gComhaontú, moltaí a dhéanamh d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.
(3)Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin an 28 Meán Fómhair 2018, glacadh Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin le haghaidh na tréimhse 2018-2020.
(4)Ba cheart don Chomhairle um Chomhar glacadh leis an Moladh maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin go dtí 2027, agus é sin a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn.
(5)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin a bhunú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le moladh a ghlacadh chun síneadh a chur le tréimhse chur chun feidhme Thosaíochtaí na Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin go dtí 2027, beidh an seasamh sin bunaithe ar dhréachtmholadh na Comhairle um Chomhar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán