Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0113

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

COM/2021/113 final

An Bhruiséil,11.3.2021

COM(2021) 113 final

2021/0058(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Is é cuspóir an togra seo na bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), ar páirtí conarthach é an tAontas Eorpach ann ó 1995 i leith, a thrasuí i ndlí an Aontais. Is í IOTC an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh (ERBI) atá freagrach as bainistiú tuinníní agus acmhainní iascaigh atá cosúil le tuinníní san Aigéan Indiach. In 2019, bhí 62 shoitheach iascaireachta ghníomhacha ag an Aontas a bhí ag feidhmiú i limistéar Chomhaontú IOTC; soithí peas‑saighne agus spiléir a bhí sa chuid is mó acu, a bhí dírithe go príomha ar speicis tuinníní trópaiceacha, agus colgáin, siorcanna gorma agus tuinníní colgacha a bheag nó a mhór.

Is comhaltaí de IOTC iad páirtithe conarthacha uile IOTC. Tá sainordú ag IOTC bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (‘rúin’) a ghlacadh le haghaidh na n‑iascach atá faoina chúram, agus tá na bearta sin ceangailteach ar a pháirtithe conarthacha.

Faoi Airteagal IX(4) den Chomhaontú maidir le Bunú Choimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, beidh rúin ina gceangal ar na comhaltaí 120 lá ón dáta ar thug IOTC fógra. Dréachtóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, treoirlínte caibidlíochta bunaithe ar shainordú cúig bliana a leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle agus é bunaithe ar chomhairle eolaíoch. I gcomhréir leis an sainordú, cuirtear na treoracha sin i láthair, déantar iad a phlé agus a fhormhuiniú ag meitheal na Comhairle, agus déantar iad a choigeartú a thuilleadh, chun forbairtí fíor-ama a chur san áireamh, ag cruinnithe comhordaithe le Ballstáit arna reáchtáil ag cruinnithe bliantúla NAFO. Tagann an Coimisiún, an Chomhairle agus ionadaithe na bpáirtithe leasmhara le chéile i gcruinnithe bliantúla Thoscaireacht an Aontais chuig IOTC.

Faoi Airteagal IX(5) de Chomhaontú IOTC, is féidir le páirtithe conarthacha agóidí a dhéanamh i gcoinne cinneadh ó IOTC laistigh de 120 lá tar éis do Rúnaí Feidhmiúcháin IOTC fógra a fháil ina thaobh. Beidh gach beart ceangailteach mura ndéanfar aon agóid nó mura dtarraingeofar siar aon agóid ina dhiaidh sin. Tagann an nós imeachta agóide faoi Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), toisc go bhfuil éifeacht dhlíthiúil ag bearta bainistíochta agus caomhnaithe IOTC (CMManna) (i.e. bíonn siad ceangailteach ar pháirtithe conarthacha). Sula ndéanann sé cinneadh agóid a dhéanamh in aghaidh birt, iarrann an Coimisiún ar chomhlachtaí ábhartha na Comhairle an cinneadh chun agóid a dhéanamh a fhormhuiniú. Ordaítear le hAirteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach mór don Aontas cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta. áirítear leis sin comhlíonadh bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO.

Cé go bhfuil sé dírithe go príomha ar na páirtithe conarthacha, cuireann rúin ó IOTC oibleagáidí ar oibreoirí freisin (e.g. máistrí soithigh).

Cumhdaítear leis an togra seo na bearta atá glactha ag IOTC ó 2008 i leith, arna leasú (i gcásanna áirithe) ag a chruinnithe bliantúla. Ní mór don Aontas a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta sin, mar oibleagáidí idirnáisiúnta, a luaithe a thiocfaidh siad i bhfeidhm. Tá an togra seo ceaptha chun an leagan is déanaí de rúin IOTC a thrasuí agus chun sásra a bhunú chun iad a thrasuí agus a chur chun feidhme amach anseo.

Maireann an próiseas reachtach lena ndéantar CMManna arna nglacadh ag ERBInna a thrasuí i ndlí an AE, ón gcéad dréacht-togra ón gCoimisiún go dtí go nglacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa gníomh críochnaitheach, 18 mí ar an meán. Áirithíonn cumhachtaí tarmligthe, i gcomhréir le treoracha ón gcomhreachtóir, go mbeidh an tAontas in ann bearta a thrasuí go tapa a rachaidh chun tairbhe chabhlach an Aontais, a chuirfidh feabhas ar an gcothrom iomaíochta agus a thacóidh a thuilleadh le bainistiú inbhuanaithe fadtéarmach stoc. Déantar foráil sa togra seo maidir le cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún faoi Airteagal 290 CFAE, chun freastal ar leasuithe (go minic, is dócha) ar bhearta IOTC agus chun a áirithiú go mbeidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar comhchéim le soithí iascaireachta de chuid na bpáirtithe conarthacha eile. Samplaí de bhearta den sórt sin is ea bearta maolaithe le haghaidh turtair mhara a gabhadh i dtrealamh iascaireachta áirithe, ceanglais maidir le faisnéis faoi shoithí atá ag iascaireacht tuinníní agus colgán, cumhdach íosta breathnóra agus samplóra allamuigh le haghaidh iascaigh áirithe, coinníollacha cairtfhostaíochta, faisnéis íosta maidir le comhaontuithe rialtas le rialtas agus soithí a bhfuil bratach choigríche ar foluain orthu, agus spriocdhátaí tuairiscithe.

Bunaíodh na spriocdhátaí tuairiscithe a leagtar amach sa togra seo ar bhonn spriocdhátaí i rúin ó IOTC. Is é an aidhm a chur ar chumas an Aontais tuarascálacha tráthúla a chur faoi bhráid Rúnaíocht NAFO.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaíonn an togra seo forálacha eile de dhlí an Aontais sa réimse seo agus tá sé comhsheasmhach leo i gcoitinne. Mar sin féin, bunaítear maoluithe ar ghníomhartha atá ann cheana i gcásanna áirithe mar gheall ar chineál na mbeart níos sonraí atá beartaithe.

Rinneadh forálacha sonracha de roinnt rún ó IOTC a thrasuí go deireanach trí Theideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú 1 . Ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, is fearr, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú (trí Theideal III de a scriosadh) chun forbairtí nach gcumhdaítear go fóill faoi dhlí an Aontais a chur san áireamh ó glacadh é.

Déantar rúin ó IOTC maidir le tréimhsí iascaireachta le haghaidh soithí peas-saighne agus teorainneacha sruthfheistí um chomhbhailiú éisc a imíonn le sruth a thrasuí i Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle 2 .

Tá an togra i gcomhréir le Cuid VI (Beartas Seachtrach) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (CBI) lena bhforáiltear go seolfaidh an tAontas a chaidreamh iascaigh sheachtraigh i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, lena mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais bunaithe ar chomhar iascaigh réigiúnaigh, agus lena dtugtar páirt don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach chun comhlíonadh a áirithiú.

Déantar Rialachán (AE) 2017/2403 3 maidir le bainistiú a dhéanamh ar chabhlaigh sheachtracha a chomhlánú leis an togra, lena bhforáiltear go bhfuil soithí iascaireachta an Aontais faoi réir liosta údaruithe iascaireachta faoi choinníollacha agus rialacha an ERBI i gceist, agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 4 ón gComhairle maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe.

Ní chumhdaítear deiseanna iascaireachta don Aontas arna gcinneadh ag NAFO leis an togra seo. Faoi Airteagal 43(3) CFAE, tá sé de shaincheart ag an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla, agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Neamhbhainteach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE lena leagtar amach forálacha maidir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.

•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ós rud é go dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE), níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

•An chomhréireacht

Áiritheofar leis an togra go bhfuil dlí an Aontais i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag IOTC agus go gcomhlíonann an tAontas na cinntí a dhéanann RFMO a bhfuil sé ina pháirtí conarthach ann. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

•Rogha ionstraime

Is Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle í an ionstraim atá beartaithe.

3.TORTHAÍ Ó MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann sé le hábhar.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is é is cuspóir don togra seo bearta IOTC atá ina gceangal ar na páirtithe conarthacha a thrasuí agus a chur chun feidhme. Téitear i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta agus ionadaithe tionscail ó thíortha an Aontais sa tréimhse go díreach roimh chruinnithe NAFO ar lena linn a ghlactar na moltaí sin agus ar feadh na caibidlíochta ag Cruinniú Bliantúil NAFO. Dá bharr sin, níor measadh go raibh sé riachtanach comhairliúchán le páirtithe leasmhara a reáchtáil maidir leis an rialachán seo.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

•Measúnú tionchair

Ní bhaineann sé le hábhar. Baineann sé sin le trasuí beart atá infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit.

•Oiriúnacht Rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.

•Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint chearta bunúsacha na saoránach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá forálacha ginearálta i gcaibidil I maidir le hábhar, raon feidhme agus cuspóir an Rialacháin. Tá sainmhínithe ann chomh maith. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i Limistéar Chomhaontú NAFO.

Déileálann Caibidil II le bearta bainistíochta agus caomhnaithe, lena n‑áirítear forálacha maidir le tuinníní trópaiceacha (e.g. buíshrónach agus mórshúileach), siorcanna gorma, úsáid agus dearadh feistí comhbhailithe éisc, toirmeasc ar iascaireacht ar bhaoithe sonraí, agus trasloingsiú ag an gcalafort a iascach.

I gCaibidil III leagtar amach bearta chun speicis mhuirí áirithe (ealásmabrainciaigh, lena n‑áirítear siorcanna agus roic) a chosaint agus chun céiticigh, turtair mhara agus éanlaith mhara a chaomhnú. Áirítear orthu sin forálacha maidir sonraí, dualgais scaoilte agus bearta maolaithe.

I gCaibidil IV tá forálacha maidir le bearta rialaithe, údaruithe iascaireachta, scéim bhreathnóirí réigiúnach agus ceanglais a bhaineann le taifid ar shoithí iascaireachta, cumarsáid, córas faireacháin soithí, caighdeáin bhainistíochta soithí agus marcáil soithí, agus maidir le soithí iascaireachta a chairtfhostú.

Baineann Caibidil V le rialuithe ar shonraí gabhála agus iarrachta agus leagtar síos oibleagáidí a bhaineann le comhaontuithe rochtana, dualgais tuairiscithe faoin gclár staidrimh agus ceanglais maidir le clár doiciméad tuinníní mórshúileacha.

I gCaibidil VI pléitear bearta agus cigireacht Bhallstát an chalafoirt, agus leagtar síos forálacha maidir le forfheidhmiú, sáruithe agus iascaireacht NNN.

I gCaibidil X tá forálacha deiridh maidir le cúrsaí lena n‑áirítear rúndacht teachtaireachtaí agus tuarascálacha leictreonacha, an nós imeachta chun leasuithe, cumhachtaí tarmligthe agus leasuithe ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a chur síos.

2021/0058 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 5 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar chaoi a chothóidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.

(2)Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE 6 ón gComhairle, d’fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982. Trí bhíthin Chinneadh 98/414/CE ón gComhairle, d’fhormheas an tAontas an Comhaontú a bhaineann leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme maidir le Bainistíocht agus Caomhnú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach 7 , ina bhfuil prionsabail agus rialacha i dtaca le caomhnú agus bainistiú acmhainní bitheolaíocha na farraige. I gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú.

(3)De bhun Chinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 8 , is páirtí conarthach é an tAontas sa Chomhaontú maidir leis an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) a bhunú.

(4)Glacann IOTC bearta bliantúla bainistíochta agus caomhnaithe (CMManna) trí bhíthin rún atá ceangailteach ar pháirtithe conarthacha agus ar pháirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha in IOTC, agus ar an Aontas. Ag an gcruinniú bliantúil is déanaí a tionóladh i mí an Mheithimh 2019, glacadh roinnt rún nua. Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme rúin ó IOTC, arna nglacadh idir 2000 agus 2019, seachas i gcás beart ar cuid de dhlí an Aontais iad cheana féin.

(5)Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh reachtaíocht de chuid an Aontais chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ina n‑áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 9 ón gComhairle, bunaítear córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 10 ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 11 ón gComhairle, bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá forálacha sna rialacháin sin cheana féin lena gcumhdaítear roinnt beart a leagtar síos i rúin ó IOTC. Dá bhrí sin, ní gá na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá seasamh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú go mbainisteofar acmhainní iascaigh i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais iascaigh (CBI), go háirithe leis an gcuspóir maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn uastáirgeacht inbhuanaithe (‘ UTI’) a thabhairt, agus leis an gcuspóir maidir le dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de.

(7)Chun rúin ó IOTC a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, ar rúin IOTC iad lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rúin a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a leasú maidir le liosta faisnéise le haghaidh gach soithigh i ndáil leis an liosta de shoithigh ghníomhacha a bhíonn ag iascaireacht tuinníní agus colgán, an céatadán de chlúdach breathnóra agus samplóirí allamuigh le haghaidh an iascaigh ar mionscála, coinníollacha cairtfhostaíochta, céatadán de chigireachtaí ar ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort, spriocdhátaí tuairiscithe agus Iarscríbhinní 1 go 6 a ghabhann leis an Rialachán lena gcumhdaítear ceanglas IOTC maidir le tuairisciú gabhálacha, bearta maolaithe i ndáil le héanlaith mhara, bailiú sonraí agus feistí um chomhbhailiú éisc agus ceanglais maidir le cairtfhostú, chomh maith le tagairtí do Bhearta Bainistíochta agus Caomhnaithe IOTC a bhaineann leis an dearbhú trasloingsithe, prionsabail faoi FADanna a dhearadh agus a úsáid a bhaineann le dul i bhfostú a laghdú agus lena dtuairisciú, dearadh FADanna in-bhithmhillte nach dtéann i bhfostú, nós imeachta IOTC um chalafoirt a shannadh, nósanna imeachta láimhseála roc den chineál mobulidae, treoirlínte láimhseála beart maolaithe le haghaidh turtair mhara a ghabhtar le trealamh iascaireachta áirithe, marcáil agus sainaithint soithí, doiciméid tuairiscithe NNN, doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha, fógraí i dtaobh teacht isteach go calafort an stáit, íoschaighdeáin nósanna imeachta cigireachta Bhallstát an chalafoirt, foirmeacha tuairiscithe le haghaidh sáruithe, agus téimpléid tuairiscithe le haghaidh gabhálacha agus bearta iascaireachta.

(8)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 12 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. 

(9)Ós rud é go bhforáiltear tacar nua cuimsitheach rialacha leis an Rialachán seo, ba cheart na forálacha a bhaineann le CMM IOTC a scriosadh, ar forálacha iad a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 13 , i Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 14 agus i Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 15 . Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha Ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe a bhaineann le hiascaireacht sa limistéar a chumhdaítear faoin gComhaontú maidir leis an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) a bhunú 16 .

Airteagal 2
Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(1)Soithí iascaireachta an Aontais a oibríonn sa limistéar;

(2)Soithí iascaireachta an Aontais i gcás trasloingsithe agus speicis IOTC a thabhairt i dtír speiceas IOTC lasmuigh den limistéar;

(3)agus soithí iascaireachta tríú tír a bhaineann úsáid as calafoirt sna Ballstáit agus a iompraíonn speicis IOTC nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)Ciallaíonn ‘An Comhaontú’ an Comhaontú maidir leis an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh a bhunú;

(2)ciallaíonn ‘An Limistéar’ na codanna sin den Aigéan Indiach mar a shainmhínítear iad sa Chomhaontú (Airteagal II agus Iarscríbhinn A);

(3)Ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta an Aontais’ aon soitheach de mhéid ar bith a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain air, a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, chun acmhainní iascaigh a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n‑áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán;

(4)Ciallaíonn ‘speicis IOTC’ tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní agus siorcanna a liostaítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú, agus speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin;

(5)Ciallaíonn ‘CPC’ páirtí conarthach sa Chomhaontú nó páirtí comhoibritheach neamhchonarthach;

(6)Ciallaíonn ‘CMC’ beart bainistíochta agus caomhnaithe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag IOTC de bhun Airteagail V(2)(c) agus IX(1) den Chomhaontú, mar a leasaítear go tréimhsiúil 17 ;

(7)Ciallaíonn ‘mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine’ éisc atá i bhfostú nó brúite sa pheaslíon saighne, nó a bhfuil damáiste déanta dóibh de dheasca scriosadh, nó a bhásaigh agus a milleadh san eangach mar gur cuireadh bac ar ghnáth-aisghabháil na heangaí agus na n‑iasc agus gur cuireadh bac ar iarrachtaí chun na héisc a scaoileadh beo ar ais isteach san fharraige mar gheall ar mhainneachtain trealaimh. Ní áirítear ar iasc atá neamhoiriúnach lena chaitheamh ag an duine iasc a mheastar a bheith neamh-inmhianaithe i dtéarmaí méide, indíoltachta nó comhdhéanamh speiceas; nó a milleadh nó atá éillithe de dheasca gníomh nó faillí a rinne criú shoitheach iascaireachta an Aontais;

(8)Ciallaíonn ‘feiste um chomhbhailiú éisc’ (FAD) réad, struchtúr nó feiste d’aon ábhar, bíodh sé nádúrtha nó de dhéantús an duine, a úsáidtear agus/nó a rianaítear, chun spriocspeicis tuinníní a chomhbhailiú lena ngabháil ina dhiaidh sin;

(9)Ciallaíonn ‘sruthfheiste um chomhbhailiú éisc’ FAD nach bhfuil ar teaghrán le grinneall an aigéin;

(10)Ciallaíonn ‘FAD ar ancaire’ FAD atá ar teaghrán le grinneall an aigéin;

(11)Ciallaíonn 'baoithe sonraí' feistí atá ar snámh, srutha nó atá ar ancaire, a úsáideann eagraíochtaí nó eintitis eolaíochta aitheanta nó rialtais chun sonraí comhshaoil a bhailiú go leictreonach agus a thomhas, ach nach n‑úsáidtear iad chun críche gníomhaíochtaí iascaireachta;

(12)Ciallaíonn ‘dearbhú trasloingsithe IOTC’ an doiciméad in Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 19/06;

(13)Ciallaíonn ‘uimhir IMO’ uimhir seacht ndigit, a shanntar do shoitheach faoi údarás na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO);

(14)Ciallaíonn ‘cairtfhostú’ comhaontú nó socrú ar dá réir atá soitheach, a bhfuil bratach CPC ar foluain aige, ar conradh go ceann tréimhse shainithe ag oibreoir faoi CPC eile gan an bhratach a athrú. Tagraíonn ‘CPC ar chairtfhostú’ do CPC a bhfuil an chomhroinnt cuótaí nó deiseanna iascaireachta aige agus tagraíonn ‘CPC brataí’ do CPC faoina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe cláraithe;

(15)Ciallaíonn ‘soitheach iompair’ soitheach tacaíochta atá ag gabháil do thrasloingsiú agus ag fáil speicis IOTC ó shoitheach eile

Caibidil II 
Bainistiú agus Caomhnú

Roinn 1
Tuinníní Trópaiceacha

Airteagal 4
Toirmeasc ar aschur

1.Déanfaidh soithí peas-saighneoireachta an Aontais gach gabháil de thuinníní trópaiceacha (tuinníní mórshúileacha, tuinníní buí agus tuinníní aigéanacha) a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír, ach amháin i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas:

(a)go bhfuil iasc mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, nó

(b)nach bhfuil toilleadh stórála leordhóthanach ann chun tuinníní trópaiceacha agus na speicis nach spriocspeicis iad a choinneáil, is é sin le rá na speicis a ghabhtar le linn chor deiridh de thuras.

2.Ní fhéadfar éisc dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a chaitheamh amach ach amháin má dhéanann an máistir agus an criú iarracht na tuinníní trópaiceacha agus na speicis nach spriocspeicis iad a scaoileadh beo ar ais isteach san fharraige a luaithe is féidir; agus ní dhéantar tuilleadh iascaireachta tar éis an aischuir go dtí go ndéanfar na tuinníní trópaiceacha agus na speicis nach spriocspeicis iad a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

3.Déanfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) a thaifeadadh sa logleabhar ábhartha lena n‑áirítear tonnáiste measta, agus comhdhéanamh de speicis na n‑iasc a aischuireadh; agus tonnáiste measta agus comhdhéanamh de speicis na n‑iasc coinnithe ón gcor sin.

4.Chun críoch an Airteagail seo, ní áirítear le speicis nach spriocspeicis iad speicis tuinníní, mar aon le ronnaigh dhea-dhathacha, doráid, éisc thruicir, mairlíní, wahoo, agus baracúdaigh.

Airteagal 5
Toirmeasc ar iascaireacht timpeall baoithe sonraí

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais iascaireacht laistigh de mhuirmhíle ó bhaoi sonraí ná ní chuirfidh siad isteach ar bhaoi sonraí sa Limistéar, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)an baoi a chiorclú le trealamh iascaireachta;

(b)an soitheach a cheangal de bhaoi sonraí ná feistiú leis, ná aon trealamh iascaireachta, páirt ná roinn den soitheach a cheangal de bhaoi sonraí ná feistiú leis ná dá théad ná lena théad; nó

(c)téad ancaire baoi sonraí a ghearradh.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh cláir thaighde eolaíocha na mBallstát ar ina leith a tugadh fógra do IOTC soithí iascaireachta an Aontais a oibriú laistigh de mhuirmhíle amháin de bhaoi sonraí ar choinníoll nach gcuirfidh siad isteach ar na baoithe sonraí sin.

3.Ní fhéadfaidh soithí iascaireachta an Aontais baoi sonraí sa Limistéar a thabhairt ar bord mura rud é gur údaraigh a úinéir go sainráite é nó gur iarr a úinéir go sainráite orthu é sin a dhéanamh.

4.Soithí iascaireachta an Aontais atá ag oibriú sa Limistéar, coimeádfaidh siad faire ar bhaoithe sonraí ar muir agus déanfaidh siad gach beart réasúnta ionas nach rachaidh siad i bhfostú i dtrealamh iascaireachta nó nach gcuirfidh siad isteach go díreach ar na baoithe sonraí sin ar bhealach ar bith. I gcás ina rachaidh trealamh shoithí iascaireachta de chuid an Aontais i bhfostú le baoi sonraí, bainfidh siad an trealamh iascaireachta atá i bhfostú agus a laghad damáiste is féidir a dhéanamh don bhaoi sonraí.

5.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon bhaoi sonraí ar ina leith a thug siad faoi deara go ndearnadh damáiste dó nó go raibh sé do-oibrithe ar bhealach eile a thuairisciú dá mBallstáit bhrataí, mar aon leis na sonraí breathnóireachta, suíomh an bhaoi, agus aon fhaisnéis inaitheanta ina leith. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin, mar aon le faisnéis faoi shuíomh acmhainní baoithe sonraí atá curtha amach ar an bhfarraige acu ar fud an Limistéir, chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

Roinn 2 
Mairlíní

Airteagal 6
Bearta bainistíochta agus caomhnaithe

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais ar bord aon easamail de mhairlíní riabhacha, mairlíní gorma ná de cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach ar lú ná 60 cm an fad óna ngiall íochtarach go gabhal a n‑eireabaill. Má ghabhann siad iasc den chineál sin, cuirfidh siad ar ais san fharraige iad láithreach bonn.

2.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais a ghabhann mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma nó colgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach na sonraí ábhartha maidir le gabhálacha agus iarracht a thaifeadadh i gcomhréir le hIarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.Cuirfidh na Ballstáit clár maidir le bailiú sonraí chun feidhme chun tuairisciú cruinn a áirithiú maidir gabhálacha mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma nó gabhálacha cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

4.Ina dtuarascáil náisiúnta eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 51(6) tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun na hiascaigh a bhainistiú ar mhaithe le mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma agus colgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach a shaothrú agus a chaomhnú.

Roinn 3
Siorcanna Gorma

Airteagal 7
Siorcanna Gorma

1.Déanfar gabhálacha siorcanna gorma (Prionace glauca) a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais a thaifeadadh sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Cuirfidh na Ballstáit cláir maidir le bailiú sonraí chun feidhme lena n‑áiritheofar tuairisciú feabhsaithe ar shonraí cruinne maidir le gabháil siorcanna gorma, an iarracht, an méid agus na sonraí i ndáil le hábhar muirí aischurtha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le gabhálacha siorcanna gorma a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

3.Áireoidh na Ballstáit ina dtuarascáil cur chun feidhme faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha siorcanna gorma i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

4.Moltar do na Ballstáit taighde eolaíoch a dhéanamh maidir le siorcanna gorma lena gcuirfí faisnéis ar fáil faoi phríomhthréithe bitheolaíocha, éiceolaíocha, iompraíochta, beatha, imirce, marthanas iarscaoilte agus treoirlínte maidir lena scaoileadh saor go sábháilte agus na hiasclanna a shainaithint, chomh maith le feabhas a chur ar chleachtais iascaireachta. Áireofar an fhaisnéis sin sna tuarascálacha a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51(6).

Roinn 4

Aerárthaí, FADanna agus soilse saorga a úsáid chun iascaireachta

Airteagal 8
Toirmeasc ar aerárthaí a úsáid chun éisc a ghabháil

1.Ní úsáidfidh soithí iascaireachta, soithí tacaíochta ná soithí soláthair an Aontais aerárthaí ná aerfheithiclí gan foireann mar áis iascaireachta. Aon tarlú oibríochta iascaireachta a dhéantar sa Limistéar le háis aerárthaigh nó aerfheithicle gan foireann, déanfar í a thuairisciú láithreach bonn chuig an mBallstát brataí agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht IOTC ar an eolas faoi sin gan mhoill.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfar aerárthaí agus aerfheithiclí gan foireann a úsáid chun críoch eolaíoch, faireacháin, rialaithe agus faireachais.

Airteagal 9
Feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna)

1.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais taifead ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar le FADanna srutha agus le FADanna atá ar ancaire, ar leithligh, ag baint úsáid as na míreanna sonraí ar leith in Iarscríbhinn 2. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51.

2.Tarchuirfear faisnéis laethúil faoi gach FAD gníomhach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis faoin dáta, sainaithint baoithe uirlise, soitheach sannta agus suíomh laethúil, an fhaisnéis sin arna tiomsú gach mí agus arna cur isteach ar a laghad 60 lá ach tráth nach déanaí ná 90 lá ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC.

3.Déanfaidh na Ballstáit pleananna bainistíochta a tharraingt suas maidir le FADanna srutha arna n‑úsáid ag gach ceann dá gcuid soithí peas-saighne. Déanfaidh na pleananna bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)cloí leis na treoirlínte dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 2 ar a laghad;

(b)tionscnaimh nó suirbhéanna a áireamh sna pleananna bainistíochta chun gabháil tuinníní beaga mórshúileacha, tuinníní buí agus speicis nach spriocspeicis iad a bhaineann le FADanna a imscrúdú, agus a mhéid is féidir, a íoslaghdú;

(c)treoirlínte a chur san áireamh chun cailliúint nó tréigean FADanna a chosc a mhéid is féidir; agus

(d)na pleananna bainistíochta a bheith bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM 19/02 maidir le dul i bhfostú siorcanna, turtair mhara nó aon speiceas eile a laghdú.

4.Tráth nach déanaí ná 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5), maidir le dul chun cinn phleananna bainistíochta FADanna, lena n‑áirítear athbhreithnithe ar na pleananna bainistíochta a cuireadh isteach ar dtús, agus lena n‑áirítear athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm phrionsabail Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM19/02. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC.

Airteagal 10
FADanna nach dtéann i bhfostú agus atá in-bhithmhillte

Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais dearaí agus ábhair FADanna nach rachaidh i bhfostú chun FADanna a thógáil, mar a shonraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM 19/02.

Airteagal 11

Toirmeasc ar shoilse saorga a úsáid chun iasc a mhealladh

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais soilse saorga ar dhromchla an uisce ná faoin uisce a úsáid, a shuiteáil ná a oibriú chun tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a chomhbhailiú.

2.Tá toirmeasc ar shoilse a úsáid ar FADanna srutha.

3.I gcás ina dtiocfaidh soithí iascaireachta an Aontais ar FADanna srutha atá feistithe le soilse saorga sa Limistéar, bainfidh siad iad láithreach bonn agus tabharfaidh siad ar ais go dtí an calafort iad.

4.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais gníomhaíochtaí iascaireachta timpeall aon soithigh ná i ngar dó ná ní dhéanfaidh siad FAD srutha atá feistithe le soilse saorga chun tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a mhealladh sa Limistéar.

5.Níl na soilse loingseoireachta ná na soilse is gá chun dálaí sábháilte oibre a áirithiú faoi réir an toirmisc i mír 1.

Roinn 5
Trasloingsithe sa chalafort

Airteagal 12
Trasloingsiú

1.Déanfar gach oibríocht trasloingsithe de speicis IOTC i gcalafoirt a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle nó i gcomhréir le mír 5 de CMM 16/11.

2.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais atá i mbun iascaigh speiceas IOTC a ngabhálacha a thrasloingsiú chuig aon soitheach eile mura rud é go ndearnadh na gabhálacha a mheá i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 13
Oibríochtaí trasloingsithe

1.Ní fhéadfar oibríochtaí trasloingsithe i gcalafort a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:

(a)sula ndéanfar trasloingsiú, ní mór do mháistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údaráis stát an chalafoirt 48 uair an chloig ar a laghad roimh ré:

–ainm an tsoithigh iascaireachta agus a uimhir i dtaifead IOTC na soithí iascaireachta;

–ainm an tsoithigh iompair, agus an táirge atá le trasloingsiú;

–an tonnáiste de réir táirge atá le trasloingsiú;

–dáta agus suíomh an trasloingsithe;

–meánna móra iascaigh inar gabhadh na tuinníní agus na speicis atá cosúil le tuinníní agus na siorcanna.

(b)déanfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais dearbhú trasloingsithe a thaifeadadh agus a tharchur sa logleabhar leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus leis na nósanna imeachta i Rialachán (AE) Uimh. 404/2011.

(c)Tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an trasloingsithe, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta an Aontais lena mbaineann dearbhú trasloingsithe IOTC a chomhlánú agus cuirfidh sé chuig a Bhallstát brataí é, mar aon le huimhir an tsoithigh i dtaifead IOTC na soithí iascaireachta.

2.Déanfaidh máistir soithigh iompair de chuid an Aontais dearbhú trasloingsithe a thaifeadadh agus a tharchur sa logleabhar leictreonach, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus leis na nósanna imeachta i Rialachán (AE) Uimh. 404/2011. Déanfaidh an máistir dearbhú trasloingsithe IOTC a chomhlánú freisin agus a tharchur, laistigh de 24 uair an chloig, chuig údaráis inniúla stát an chalafoirt.

Airteagal 14
Gabhálacha trasloingsithe a thabhairt i dtír ag soithigh iompair an Aontais

1.De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, is é 48 uair ar a laghad roimh an am a meastar a bhainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt.

2.Déanfaidh na Ballstáit ina dtugtar trasloingsithe i dtír na bearta iomchuí chun cruinneas na faisnéise a fuarthas a fhíorú agus comhoibreoidh siad le Ballstát brataí an tsoithigh iompair, le Stát an chalafoirt ina ndearnadh an trasloingsiú agus le stáit bhrataí na soithí iascaireachta gabhála lena mbaineann chun a áirithiú go mbeidh na gabhálacha a thugtar i dtír comhsheasmhach le méid na ngabhálacha a tuairiscíodh le haghaidh gach soithigh iascaireachta. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

3.Tabharfaidh máistir soithigh iompair de chuid an Aontais a théann i dtír i dtríú tír réamhfhógra, ar a laghad 48 uair an chloig roimh theacht isteach i gcalafort agus sa bhreis ar an réamhfhógra dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an tríú tír a bhfuil sé beartaithe ag an soitheach trasloingsithe a thabhairt i dtír ina calafort. Cuirfidh an máistir dearbhú trasloingsithe IOTC chuig údaráis inniúla an Stáit freisin ina dtabharfar trasloingsithe i dtír agus ní thabharfar i dtír iad sula dtabharfar údarás dóibh é sin a dhéanamh.

4.I gcás ina dtabharfar gabhálacha i dtír i dtríú tír, comhoibreoidh máistir an tsoithigh iompair le húdaráis stát an chalafoirt.

5.Déanfaidh Ballstáit bhrataí shoithí iascaireachta an Aontais sonraí maidir leis na trasloingsithe a rinne a gcuid soithí a chur ina dtuarascálacha i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

Caibidil III

Speicis Mhuirí Áirithe a Chosaint

Roinn 1
Ealásmabrainciaigh

Airteagal 15

Bearta ginearálta caomhnaithe maidir le siorcanna

1.Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais treoracha aitheantais agus cleachtais láimhseála IOTC.

2.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais, a mhéid is féidir, speicis de shiorcanna a ghabhtar de thaisme agus beo ar bord soithí a scaoileadh saor gan ghortú go pras, cé is moite de shiorcanna gorma.

3.Déanfar na gabhálacha sin a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n‑áirítear an stádas maidir le scaoileadh (marbh nó beo).

4.Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le gach gabháil siorcanna, lena n‑áirítear na sonraí stairiúla uile, na meastacháin agus stádas saoil na n‑ábhar muirí aischurtha agus scaoileadh siorcanna (marbh nó beo) agus minicíochtaí méide siorcanna a ghabhann a gcuid soithí iascaireachta a thuairisciú don Choimisiún ina dtuarascáil, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

Airteagal 16

Siorcanna bána aigéanacha

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chuid de shiorcanna bána aigéanacha ná den chonablach iomlán díobh a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar díol.

2.De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do bhreathnóirí eolaíocha samplaí bitheolaíocha a bhailiú ó shiorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa Limistéar agus atá marbh tráth a thógtar ar bord iad, ar choinníoll go bhfuil na samplaí mar chuid de thionscadal taighde arna fhormheas ag Coiste Eolaíoch IOTC nó ag Meitheal IOTC um Éiceachórais agus Foghabhálacha.

3.I gcás inar féidir é, féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le taighde a dhéanamh ar shiorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa Limistéar, d'fhonn limistéir a d’fhéadfadh bheith ina n‑iasclanna a shainaithint.

Airteagal 17

Siorcanna súisteála

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chuid de shiorcanna súisteála de gach speiceas den phór Alopiidae ná den chonablach iomlán díobh sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar díol.

2.De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do bhreathnóirí eolaíocha samplaí bitheolaíocha a bhailiú ó shiorcanna súisteála a ghabhtar sa Limistéar agus atá marbh tráth a thógtar ar bord iad, ar choinníoll go bhfuil na samplaí mar chuid de thionscadal taighde arna fhormheas ag Coiste Eolaíoch IOTC nó ag Meitheal IOTC um Éiceachórais agus Foghabhálacha.

3.Scaoilfidh soithí iascaireachta áineasa agus spóirt gach siorc súisteála beo ar ais isteach san fharraige. In imthosca ar bith, ní dhéanfaidh siad iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a thairiscint lena ndíol. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlisí ag iascairí áineasa agus spóirt a dhéanann iascaireacht a bhfuil an riosca ann go ngabhfadh siad siorcanna, uirlisí atá oiriúnach chun na hainmhithe a scaoileadh beo ar ais isteach san fharraige.

4.Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le taighde a dhéanamh ar shiorcanna súisteála a ghabhtar sa Limistéar, d‘fhonn limistéir a d’fhéadfadh bheith ina n‑iasclanna a shainaithint.

Airteagal 18

Roic de chineál Mobulidae

1.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chineál trealaimh a chur amach d’aon ghnó timpeall roc den chineál mobulidae más rud é go bhfacthas an t‑ainmhí sular cuireadh tús leis an gcor.

2.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chuid de roc den chineál mobulidae ná den chonablach iomlán de a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar díol.

3.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais roic den chineál mobulidae a ghabhtar de thaisme a scaoileadh beo agus gan ghortú ar ais isteach san fharraige gan mhoill, a mhéid is indéanta, a luaithe a fheicfear iad san eangach, ar an duán, nó ar an deic, sa dóigh go ndéanfar an díobháil is lú is féidir do na roic aonair a ghabhtar dá thoradh sin, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach chun nósanna imeachta láimhseála a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 19/03 a chur i bhfeidhm, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh.

4.D’ainneoin mhír 3, i gcás ina ndéanfaidh soitheach peas-saighne de chuid an Aontais roc den chineál mobulidae a ghabháil agus a reo go neamhbheartaithe i mbun a chuid oibríochtaí, tabharfaidh sé an roc iomlán suas do na húdaráis rialtais atá freagrach, nó d’údarás inniúil eile, nó déanfaidh sé é a dhiúscairt ag an bpointe a dtugtar i dtír é. Ní féidir roic den chineál mobulidae a thugtar suas ar an mbealach sin a dhíol ná a mhalartú ach is féidir iad a bhronnadh lena gcaitheamh ag an duine sa bhaile.

5.Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais teicnící cuí maidir le maolú, sainaithint, láimhseáil agus scaoileadh saor agus coinneoidh siad ar bord gach trealamh is gá chun roic den chineál mobulidae a scaoileadh saor.

Airteagal 19

Míolsiorcanna

1.Toirmiscfear soithí iascaireachta an Aontais peaslíon saighne a chur d’aon ghnó timpeall míolsiorca sa Limistéar más rud é go bhfacthas an t‑ainmhí sular cuireadh tús leis an gcor.

2.I gcás ina ndéanfar míolsiorc a chiorclú go neamhbheartaithe nó go rachaidh sé i bhfostú sa trealamh iascaireachta, déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais an méid seo a leanas:

(a)gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte é, i gcomhréir le treoirlínte dea-chleachtais Choiste Eolaíoch IOTC chun míolsiorcanna a scaoileadh agus a láimhseáil go sábháilte;

(b)an teagmhas a thuairisciú do Bhallstát brataí an tsoithigh, leis an bhfaisnéis seo a leanas:

–an líon speiceas aonair;

–tuairisc ghairid ar an idirghníomhú, lena n‑áirítear mionsonraí maidir le conas agus cén fáth ar tharla an t‑idirghníomhú, más féidir;

–an áit a ndearnadh an ciorclú;

–na bearta a rinneadh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte iad; agus

–measúnú ar stádas saoil an mhíolsiorca agus é á scaoileadh saor, agus chomh maith leis sin, ar scaoileadh ar ais isteach san fharraige é agus é beo ach go bhfuair bás sé ina dhiaidh sin.

Roinn 2
Speicis eile

Airteagal 20
Céiticigh

1.Toirmiscfear soithí iascaireachta an Aontais peaslíon saighne a chur d’aon ghnó timpeall céiticigh sa Limistéar más rud é go bhfeictear an t‑ainmhí sula gcuirtear tús leis an gcor.

2.I gcás ina ndéanfar céiticeach a chiorclú i bpeaslíon saighne de thaisme, nó i gcás go ngabhfar é le cineálacha eile trealaimh le haghaidh iascaireacht tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a bhaineann le céiticigh, déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais an méid seo a leanas:

(a)gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear sábháilte é, i gcomhréir le treoirlínte dea-chleachtais Choiste Eolaíoch IOTC chun céiticigh a scaoileadh saor agus a láimhseáil go sábháilte;

(b)an teagmhas a thuairisciú d’údarás ábhartha an Bhallstáit brataí, leis an bhfaisnéis seo a leanas:

–an speiceas (más eol);

–an líon speiceas aonair;

–tuairisc ghairid ar an idirghníomhú, lena n‑áirítear mionsonraí maidir le conas agus cén fáth ar tharla an t‑idirghníomhú, más féidir;

–an áit a ndearnadh an ciorclú;

–na bearta a rinneadh chun a áirithiú go scaoilfear saor sábháilte iad; agus

–measúnú ar stádas saoil an ainmhí agus é á scaoileadh saor, agus chomh maith leis sin, ar scaoileadh ar ais isteach san fharraige é agus é beo ach go bhfuair bás sé ina dhiaidh sin.

3.Tuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, trí logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n‑áirítear an stádas tráth a scaoilte (marbh nó beo), nó nuair a bheidh breathnóir ar bord de bharr cláir breathnóireachta agus seolfaidh siad chuig an gCoimisiún í, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) agus (5).

Airteagal 21
Turtair mhara

1.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais na bearta maolaithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)Ní mór do shoithí spiléireachta gearrthóirí doruithe agus uirlisí bainte duán a bheith ar bord acu d’fhonn turtair mhara a gabhadh nó a chuaigh i bhfostú a láimhseáil go hiomchuí agus a scaoileadh saor ar ais isteach san fharraige go pras, gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor agus go láimhseálfar go sábháilte iad de réir threoirlínte láimhseála IOTC 18 .

(b)déanfaidh soithí peas-saighne, a mhéid is indéanta, an méid seo a leanas:

–cosc a chur ar thurtair mhara a chiorclú, agus i gcás ina ndéanfar turtair mhara a chiorclú nó go rachaidh siad i bhfostú, bearta is indéanta a dhéanamh chun an turtar a scaoileadh saor go sábháilte i gcomhréir le treoirlínte láimhseála IOTC;

–gach turtar muirí a fhaightear agus iad i bhfostú i bhfeistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) nó i dtrealamh iascaireachta eile a scaoileadh;

–i gcás turtar mara atá i bhfostú sa líon, stop a chur leis an rollóir eangaí a luaithe a thagann an turtar amach as an uisce. Sula gcuirfear an rollóir eangacha ar siúl arís, déanfaidh an t‑oibreoir an turtar a bhaint as fostú gan díobháil a dhéanamh dó, agus cabhróidh sé lena thabhairt slán sula gcuirfear ar ais isteach san uisce é; agus

–eangacha cochaill a iompar agus a úsáid, nuair is iomchuí, chun turtair mhara a láimhseáil.

2.Tabharfaidh soithí iascaireachta an Aontais, más indéanta, aon turtar muirí gafa atá i dtámhshuan nó nach bhfuil ag bogadh ar bord a luaithe is féidir agus féachfaidh siad lena thabhairt slán, lena n‑áirítear cabhrú lena athbheochan, sula gcuirfidh siad ar ais san uisce go sábháilte é.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go n‑úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais na teicnící cuí maidir le maolú, sainaithint, láimhseáil agus baint duán agus go gcoinneoidh siad ar bord an trealamh uile is gá chun turtair mhuirí a scaoileadh saor, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach i gcomhréir leis na treoirlínte láimhseála i gCártaí Aitheantais Turtar Mara IOTC a chuirtear ar fáil i dtreoirlínte láimhseála IOTC dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

4.Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar chur chun feidhme Threoirlínte FAO maidir le Básmhaireacht Turtar Mara a Laghdú in Oibríochtaí Iascaireachta 19 .

5.Cuirfidh na Ballstáit na sonraí uile ar a soithí a bhí ag idirghníomhú le turtair mhara chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Áireofar sna sonraí leibhéal an chlúdaigh logleabhar nó breathnóra agus meastachán ar bhásmhaireacht iomlán na dturtar mara a gabhadh de thaisme ina n‑iascaigh.

6.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais gach teagmhas a bhaineann le turtair mhara le linn oibríochtaí iascaireachta a thaifeadadh, lena n‑áirítear stádas maidir lena scaoileadh saor (marbh nó beo) sna logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Déanfaidh siad na teagmhais sin a thuairisciú dá mBallstáit brataí agus faisnéis a thabhairt, más féidir, maidir leis an speiceas, suíomh na gabhála, na coinníollacha, na gníomhaíochtaí a dhéantar ar bord agus an áit a scaoiltear iad. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

Airteagal 22

Éanlaith mhara

1.Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais bearta maolaithe chun leibhéil na foghabhála éanlaithe mara a laghdú ar fud gach limistéir iascaireachta, gach séasúir agus gach iascaigh:

(a)sa limistéar laisteas de dhomhanleithead 25 chéim ó dheas, úsáidfidh gach soitheach spiléireachta dhá cheann ar a laghad de na trí bheart mhaolaithe atá in Iarscríbhinn 4 agus comhlíonfaidh siad na híoschaighdeáin maidir leis na bearta sin;

(b)comhlíonfaidh dearadh agus úsáid línte scanraithe éan na sonraíochtaí breise atá in Iarscríbhinn 5.

2.Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais sonraí maidir le fogabhálacha teagmhasacha d’éanlaith mhara a thaifeadadh de réir speiceas, go háirithe tríd an Scéim Breathnóirí Réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 30, agus déanfaidh siad iad sin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Glacfaidh breathnóirí, a mhéid is féidir, grianghraif d’éanlaith mhara a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais agus déanfaidh siad na grianghraif sin a tharchur chuig saineolaithe náisiúnta éanlaithe mara nó chuig Rúnaíocht IOTC le haghaidh dearbhú sainaitheantais.

3.Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún conas a chuirfear an Scéim Breathnóirí Réigiúnach chun feidhme dá dtagraítear i mír 30, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

Caibidil IV

Bearta Rialaithe

Roinn 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 23

Doiciméadacht ar bord shoithí iascaireachta an Aontais

1.Coinneoidh soithí iascaireachta an Aontais logleabhair iascaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Coinneofar an taifead bunaidh atá sna logleabhair iascaireachta ar bord an tsoithigh iascaireachta ar feadh 12 mhí ar a laghad.

2.Ní mór do shoithí iascaireachta an Aontais doiciméid bhailí arna n‑eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit brataí a bheith ar bord acu lena n‑áirítear na doiciméid seo a leanas:

(a)ceadúnas, cead nó údarú chun iascaireachta agus téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an gceadúnas, leis an gcead nó leis an údarú;

(b)ainm an tsoithigh

(c)calafort ina bhfuil an soitheach cláraithe agus an uimhir chlárúcháin nó na huimhreacha clárúcháin;

(d)comhartha aitheantais idirnáisiúnta;

(e)ainmneacha agus seoltaí an úinéara/na n‑úinéirí agus, i gcás inarb infheidhme, an chairtfhostóra;

(f)fad foriomlán; agus

(g)cumhacht innill, in kw/each-chumhacht, nuair is iomchuí.

3.Déanfaidh na Ballstáit bailíocht na ndoiciméad atá le bheith á n‑iompar ar bord soithí iascaireachta a fhíorú go rialta, ar a laghad uair amháin gach bliain.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gurb é an t‑údarás inniúil a eiseoidh agus a dheimhneoidh gach doiciméad atá á n‑iompar ar bord aon leasú breise orthu sin agus go ndéanfar iad a mharcáil ar bhealach go bhféadfar iad a shainaithint go héasca i gcomhréir le caighdeáin a ghlactar go ginearálta amhail Sonraíochtaí Caighdeánacha FAO maidir le Marcáil agus Sainaithint Soithí Iascaireachta 20 .

Roinn 2
Taifead ar shoithí

Airteagal 24

Taifead ar shoithí iascaireachta údaraithe

1.Déanfar soithí iascaireachta an Aontais seo a leanas a chlárú i dtaifead IOTC ar shoithí iascaireachta:

(a)soithí a bhfuil fad foriomlán 24 mhéadar nó níos mó iontu;

(b)soithí a bhfuil fad foriomlán 24 mhéadar nó níos lú iontu má dhéanann soithí iascaireachta an Aontais iascaireacht lasmuigh den limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE).

2.Soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil cláraithe sa taifead IOTC dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh siad údaraithe iascaireacht a dhéanamh ar speicis IOTC, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír ná tacaíocht a thabhairt d’aon ghníomhaíocht iascaireachta ná FADanna srutha a chur amach sa Limistéar. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le soithí a bhfuil fad foriomlán níos lú ná 24 méadar iontu agus atá ag oibriú laistigh de LEE Ballstáit.

3.Déanfaidh na Ballstáit liosta na soithí a chomhlíonann ceanglais mhír 1 agus atá údaraithe chun oibriú sa Limistéar a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar ar an liosta sin an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach:

(a)ainm an tsoithigh (ainm na soithí), an uimhir chlárúcháin (na huimhreacha clárúcháin);

(b)uimhir IMO;

(c)an t‑ainm (na hainmneacha) a bhí air roimhe (más ann dó) nó cuir in iúl nach bhfuil sé ar fáil;

(d)an bhrat (na brataí) a bhí air roimhe (más ann di) nó cuir in iúl nach bhfuil sí ar fáil;

(e)mionsonraí maidir le scriosadh ó chlárlanna eile (más ann dóibh) nó cuir in iúl nach bhfuil siad ar fáil;

(f)glao-chomhartha (glao-chomharthaí) idirnáisiúnta raidió (más ann dó), nó cuir in iúl nach bhfuil sé ar fáil;

(g)calafort clárúcháin;

(h)an cineál soithigh nó soithí, fad foriomlán (m) agus olltonnáiste (GT);

(i)toirt iomlán na boilge éisc (na mbolg éisc) i méadair chiúbacha;

(j)ainm agus seoladh an úinéara (na n‑úinéirí) agus an oibritheora (na n‑oibritheoirí);

(k)ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil (na n‑úinéirí tairbhiúla), más eol céard é agus murab ionann é agus úinéir/oibreoir an tsoithigh nó cuir in iúl nach bhfuil sé ar fáil;

(l)ainm, seoladh agus uimhir chlárúcháin na cuideachta a oibríonn an soitheach (más ann di);

(m)an trealamh a úsáidtear;

(n)an tréimhse ama (na tréimhsí ama) atá údaraithe le haghaidh na hiascaireachta agus/nó an trasloingsithe ;

(o)grianghraif dhaite den soitheach ina léirítear an méid seo a leanas:

–an deasbhord agus an clébhord, agus an struchtúr iomlán le feiceáil ar gach ceann acu;

–an bogha;

–grianghraf amháin ar a laghad ina léirítear ar a laghad ceann amháin de na marcálacha seachtracha a shonraítear i bpointe (a).

Beidh feidhm ag ceanglas a leagtar síos i mír 3(o) ón 1 Eanáir 2022 maidir le soithí nach bhfuil údaraithe chun oibriú lasmuigh de LEE an Bhallstáit.

4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon ábhar a cuireadh le Taifead IOTC nó faoi aon ábhar a scriosadh nó a leasaíodh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.

5.Le linn na bliana, soláthróidh an Coimisiún, más gá, faisnéis nuashonraithe do Rúnaíocht IOTC faoi shoithí iascaireachta an Aontais atá cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 25 
Faisnéis a chur in iúl

An fhaisnéis ar ina leith a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24, tabharfar í i bhformáid leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2017/2403.

Airteagal 26

Soithí iascaireachta a údarú

1.Eiseoidh na Ballstáit údarú do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2403 chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis IOTC.

2.Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin teimpléad nuashonraithe den údarú oifigiúil chun iascaireacht a dhéanamh lasmuigh de dhlínsí náisiúnta, agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sin nuair a athróidh sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa teimpléad:

(a)ainm an údaráis inniúil;

(b)ainm agus sonraí teagmhála phearsanra an údaráis inniúil;

(c)síniú phearsanra an údaráis inniúil; agus

(d)stampa oifigiúil an údaráis inniúil.

3.Úsáidfear an teimpléad dá dtagraítear i mír 2 go heisiach chun críocha faireacháin, rialaithe agus faireachais agus ní sárú é difear idir an teimpléad agus an t‑údarú a iompraítear ar bord an tsoithigh, ach spreagfaidh sé an Stát rialaithe chun an tsaincheist a shoiléiriú le hÚdarás Inniúil aitheanta Stát brataí an tsoithigh i dtrácht.

Airteagal 27

Oibleagáidí ar Bhallstáit a eisíonn údaruithe iascaireachta

1.Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)gan a soithí a údarú chun oibriú sa Limistéar ach amháin má tá siad in ann na ceanglais agus na freagrachtaí faoi Chomhaontú IOTC, faoin Rialachán seo agus faoi CMM a chomhlíonadh;

(b)na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann a soithí iascaireachta an Rialachán seo agus CMM;

(c)na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcoinníonn a soithí iascaireachta cúnta deimhnithe bailí ar bord maidir le clárú soithí agus údaruithe bailí chun iascaireacht nó trasloingsiú a dhéanamh;

(d)a áirithiú nach bhfuil stair ar bith ag a soithí iascaireachta údaraithe ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN nó, i gcás ina mbeidh an stair sin ag soitheach, go gcuireann an t‑úinéir nua fianaise leordhóthanach ar fáil lena léirítear an méid seo a leanas:

–níl aon leas dlíthiúil, tairbhiúil ná airgeadais ag na húinéirí ná ag na hoibreoirí roimhe sin sa soitheach sin agus níl aon rialú acu air;

–tá páirtithe an teagmhais NNN tar éis an t‑ábhar a réiteach go hoifigiúil agus tá na smachtbhannaí curtha i gcrích;

–i ndiaidh dóibh na fíorais ábhartha uile a chur san áireamh, níl a soithí iascaireachta cúnta ag gabháil d’iascaireacht NNN agus níl aon bhaint acu leis an iascaireacht sin.

(e)a áirithiú, a mhéid is féidir faoin reachtaíocht náisiúnta, nach bhfuil lámh ná páirt ag úinéirí agus oibreoirí a soithí cúnta iascaireachta i ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann le tuinníní arna ndéanamh ag soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus nach bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin;

(f)na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú, a mhéid is féidir faoin reachtaíocht náisiúnta, go bhfuil úinéirí soithí cúnta iascaireachta atá ar thaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24(1) ina saoránaigh den Bhallstát brataí nó ina n‑eintitis dhlíthiúla sa Bhallstát brataí, ionas gur féidir aon rialú nó aon ghníomh pionósach a dhéanamh ina gcoinne nuair is gá.

2.Déanfaidh na Ballstáit torthaí an athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta a rinneadh de bhun mhír 1 a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

3.Na Ballstáit a eisíonn ceadúnais dá soithí údaraithe iascaireachta, tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún gach beart a glacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I go CMM 05/07, agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 05/07, agus i gcomhréir le hAirteagal 51 den Rialachán seo.

Airteagal 28

Bearta i gcoinne soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC ar shoithí

1.Soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil cláraithe sa taifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24(1), ní dhéanfaidh siad iascaireacht ar speicis IOTC, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír sa Limistéar.

2.Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú maidir le speicis atá cumhdaithe ag cláir doiciméad staidrimh, déanfaidh na Ballstáit seo a leanas:

(a)gan doiciméid staidrimh a bhailíochtú ach amháin i gcás shoithí an Aontais atá ar thaifead IOTC;

(b)é a éileamh go mbeidh doiciméid staidrimh ag gabháil leis na speicis atá cumhdaithe ag cláir doiciméad staidrimh a ghabhfaidh soithí iascaireachta an Aontais sa Limistéar nuair a allmhairítear isteach i gcríoch CPC iad; agus

(c)go ndéanfar comhoibriú, agus gabháil de speicis atá cumhdaithe ag cláir doiciméad staidrimh á hallmhairiú, le Ballstáit Bhrataí na soithí a ghabhann na speicis sin i gcomhar le chéile chun a áirithiú nach mbeidh bréagfhaisnéis sna doiciméid staidrimh.

3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis fhíorasach lena léirítear go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC ag déanamh iascaireacht ar speicis IOTC sa Limistéar nó ag déanamh trasloingsithe orthu. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin bhfaisnéis sin do Rúnaíocht IOTC láithreach bonn.

Airteagal 29

Taifead ar shoithí gníomhacha atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní agus ar cholgáin

1.Na Ballstáit sin a bhfuil soithí acu atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní agus ar cholgáin sa Limistéar, agus úsáid á baint acu as teimpléad tuairiscithe iomchuí IOTC, déanfaidh siad liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhí gníomhach sa Limistéar le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra gach bliain:

(a)ar mó ná 24 mhéadar an fad foriomlán atá iontu,

(b)nó i gcás soithí ar lú ná 24 mhéadar an fad atá iontu, na soithí sin a oibríonn in uiscí lasmuigh de LEE an Bhallstáit bhrataí.

2.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC roimh an 15 Feabhra gach bliain.

3.Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach ar liosta na soithí dá dtagraítear i mír 1:

(a)uimhir IOTC;

(b)ainm agus uimhir chlárúcháin;

(c)uimhir IMO, má tá sí ar fáil;

(d)an bhratach roimhe seo (más ann di);

(e)comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó);

(f)cineál, fad agus olltonnáiste an tsoithigh (GT);

(g)ainm agus seoladh an úinéara, an chairtfhostóra nó an oibreora (más ábhartha);

(h)an príomh-spriocspeiceas; agus

(i)an tréimhse údaraithe.

Roinn 3
Scéim Réigiúnach Breathnóirí

Airteagal 30
Scéim Réigiúnach Breathnóirí

1.Áiritheoidh soithí iascaireachta an Aontais a bhfuil fad iomlán 24 mhéadar nó níos mó agus níos lú ná 24 mhéadar iontu a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh dá LEE go mbeidh ar a laghad 5 % den líon oibríochtaí/cor le haghaidh gach cineál trealaimh clúdaithe ag breathnóirí a fhormhuineoidh an scéim réigiúnach breathnóirí.

2.Nuair atá breathnóir dá dtagraítear i mír 1 á iompar ag soithí peas-saighne, déanfaidh an breathnóir sin faireachán freisin ar na gabhálacha atá á dtabhairt i dtír chun comhdhéanamh gabhálacha tuinníní mórshúileacha a shainaithint.

3.Níl an ceanglas i mír 2 infheidhme maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil scéim samplála acu cheana féin agus a gcomhlíonann a clúdach na ceanglais a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 31

Oibleagáidí na mbreathnóirí

1.Déanfaidh breathnóirí ar bord shoithí iascaireachta an Aontais an méid seo a leanas:

(a)a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú agus suíomhanna an tsoithigh a fhíorú;

(b)breathnóireacht agus meastachán a dhéanamh ar na gabhálacha a mhéid is féidir d’fhonn comhdhéanamh na gabhála a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar ábhar muirí aischurtha, ar fhoghabhálacha agus ar mhinicíocht méideanna;

(c)an cineál trealaimh, méid an mhogaill agus na forbhaill atá in úsáid ag an máistir a thaifeadadh;

(d)faisnéis a bhailiú ionas gur féidir cros-seiceáil a dhéanamh ar iontrálacha a dhéantar sna logleabhair (comhdhéanamh agus cainníochtaí na speiceas, meáchan agus suíomh beo agus próiseáilte, más ann dóibh); agus

(e)obair eolaíoch a dhéanamh de réir mar a d’iarr Coiste Eolaíoch IOTC.

2.Laistigh de 30 lá tar éis gach turas a chríochnú, tabharfaidh an breathnóir tuairisc don Bhallstát brataí. Is de réir limistéir de dhomhanleithead 1˚ faoi dhomhanfhad 1˚ a chuirfear an tuarascáil ar fáil. Cuirfidh na Ballstáit gach tuarascáil chuig an gCoimisiún laistigh de 140 lá tar éis dóibh é a fháil, ach áiritheoidh siad go seolfar, go leanúnach i rith na bliana, na tuarascálacha a fhaigheann siad ón mbreathnóir atá ar bord an chabhlaigh spiléireachta. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC laistigh de 10 lá.

Airteagal 32
Samplóirí allamuigh

1.Déanfaidh na samplóirí allamuigh faireachán ar an líon gabhálacha a thugann soithí iascaireachta mionscála an Aontais i dtír ag an áit ina dtugtar gabhálacha i dtír. Maidir le soithí iascaireachta ar mhionscála, ba cheart do na samplóirí ar a laghad 5 % den líon iomlán turas iascaireachta a dhéanann na soithí sin nó den líon iomlán soithí iascaireachta gníomhacha a chumhdach.

2.Baileoidh samplóirí allamuigh faisnéis maidir le talamh le linn díluchtú soithí iascaireachta. Is féidir cláir samplála allamuigh a úsáid chun gabhálacha, foghabhálacha coinnithe a chainníochtú agus tuairisceáin chlib a bhailiú.

3.Déanfaidh na samplóirí allamuigh faireachán ar ghabhálacha ag an áit ina dtugtar iad i dtír d’fhonn líon gabhála de réir méide agus de réir cineál báid, trealaimh agus speicis a mheas, nó déanfaidh siad an obair eolaíoch sin mar a d’iarr Coiste Eolaíoch IOTC.

Airteagal 33

Oibleagáidí na mBallstát

1.Earcóidh na Ballstáit breathnóirí cáilithe lena gcur ar bord soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu.

2.Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh breathnóirí in ann a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach inniúil agus sábháilte;

(b)a áirithiú go gcaithfidh breathnóirí tréimhsí ar shoithí éagsúla le linn a sainchúraimí a chur i gcrích;

(c)a áirithiú go soláthrófar, ar an soitheach ar a gcuirfear an breathnóir, bia agus lóistín oiriúnach le linn imlonnú an bhreathnóra ar an leibhéal céanna leis na hoifigigh, nuair is féidir;

(d)a áirithiú go n‑oibreoidh an máistir soithigh i gcomhar leis na breathnóirí chun gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go sábháilte, lena n‑áirítear rochtain a sholáthar, de réir mar is gá, ar an ngabháil a choinnítear agus ar an ngabháil a bhfuil sé beartaithe é a aschur; agus

(e)costas na scéime breathnóirí a sheasamh.

3.Déanfaidh na Ballstáit an líon soithí a ndéantar faireachán orthu agus an clúdach a dhéantar de réir cineál trealaimh a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(6).

Roinn 4
Faireachán agus faireachas

Airteagal 34

Córas um fhaireachán soithí

1.Déanfaidh na Ballstáit, tráth nach déanaí ná dhá lá oibre tar éis dóibh cliseadh teicniúil nó neamhfheidhmiú na feiste faireacháin soithí ar bord soithigh iascaireachta an Aontais a bhrath nó a fhógairt, suíomh geografach an tsoithigh a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC, nó áiritheoidh siad go gcuirfidh máistir nó úinéir an tsoithigh, nó a n‑ionadaí, na suíomhanna sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC.

2.I gcás ina measfaidh Ballstát nach gcomhlíonann feiste faireacháin soithigh amháin nó níos mó atá ar bord soithigh Ballstáit bhrataí eile nó CPC eile na coinníollacha oibríochtúla is gá, nó go ndearnadh crioscaíl leo, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi láithreach agus cuirfidh an Coimisiún an fógra ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig Ballstát brataí an tsoithigh.

Airteagal 35

Cairtfhostú

1.Beidh cairtfhostú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)thoiligh CPC na brataí i scríbhinn leis an gcomhaontú um chairtfhostú;

(b)ní mhaireann an oibríocht iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú níos mó ná 12 mhí san iomlán in aon bhliain féilire;

(c)déanfar soithí iascaireachta atá le cairtfhostú a chlárú le CPC freagrach a thoileoidh go sainráite le CMManna a chomhlíonadh agus iad a fhorfheidhmiú ar a soithí. Déanfaidh gach CPC brataí a ndualgas a chomhlíonadh go héifeachtach maidir lena soithí iascaireachta a rialú chun comhlíonadh CMM a áirithiú;

(d)beidh soithí iascaireachta atá le cairtfhostú ar thaifead IOTC dá dtagraítear in Airteagal 24, agus beidh siad údaraithe chun oibriú sa Limistéar;

(e)i gcás ina gceadóidh CPC cairtfhostaithe don soitheach cairtfhostaithe oibriú ar an mórmhuir, beidh CPC brataí freagrach as iascaireacht mhórmhara a dhéanfar de bhun an tsocraithe cairtfhostaithe a rialú;

(f)déanfaidh soithí cairtfhostaithe an Scéim um Fhaireachán Soithí (VMS) agus sonraí gabhála a thuairisciú don CPC cairtfhostaithe agus do CPC na brataí araon, agus do Rúnaíocht IOTC, mar a fhoráiltear sa Scéim um Fhógra Cairtfhostaithe a shonraítear in Iarscríbhinn 6;

(g)déanfar gach gabháil, lena n‑áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a dhéanfar de bhun an chomhaontaithe um chairtfhostú, a chomhaireamh in aghaidh chuóta nó dheiseanna iascaireachta CPC cairtfhostaithe. Déanfar an clúdach breathnóra ar bord na soithí cairtfhostaithe sin a chomhaireamh in aghaidh ráta cumhdaigh CPC cairtfhostaithe le haghaidh na gníomhaíochta iascaireachta a dhéanann sé faoin gcomhaontú um chairtfhostú;

(h)tuairisceoidh CPC cairtfhostaithe gach gabháil do IOTC, lena n‑áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, agus faisnéis eile a theastaíonn ó IOTC;

(i)déanfar soithí cairtfhostaithe a fheistiú go cuí le VMS, agus marcálfar trealamh iascaireachta ar mhaithe le bainistiú éifeachtach iascaigh;

(j)clúdach breathnóra ar 5 % ar a laghad den iarracht iascaireachta;

(k)beidh ceadúnas iascaireachta ag soithí cairtfhostaithe a eiseoidh CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN IOTC;

(l)ní údarófar do shoithí cairtfhostaithe cuóta CPC brataí a úsáid, agus ní údarófar don soitheach, i gcás ar bith, iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná comhaontú amháin um chairtfhostú ag an am céanna;

(m)déanfar gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt CPC, nó faoi mhaoirseacht dhíreach CPC, chun a áirithiú nach mbainfidh gníomhaíochtaí na soithí cairtfhostaithe an bonn de CMM.

Airteagal 36
Scéim um fhógra cairtfhostaithe

1.Tabharfaidh an Ballstát cairtfhostúcháin fógra don Choimisiún faoi aon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 50 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe a chur isteach go leictreonach agus gan mhoill:

(a)an t‑ainm (in aibítir na bunteanga clárúcháin agus san aibítir Laidineach araon) agus clárú an tsoithigh chairtfhostaithe, agus uimhir IMO:

(b)ainm agus seoladh teagmhála úinéir tairbhiúil an tsoithigh;

(c)tuairisc ar an soitheach, lena n‑áirítear fad foriomlán, cineál soithigh agus an cineál modha nó modhanna iascaireachta atá le húsáid faoin gcairt;

(d)cóip den chomhaontú um chairtfhostú agus aon údarú nó ceadúnas iascaireachta a d’eisigh sé don soitheach, lena n‑áirítear an chionroinnt cuóta nó an deis iascaireachta a sannadh don soitheach, agus fad an tsocraithe maidir le cairtfhostú;

(e)a toiliú leis an gcomhaontú um chairtfhostú; agus

(f)na bearta a glacadh chun na forálacha sin a chur chun feidhme.

2.Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún maidir le haon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 50 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach.

3.Tar éis dó an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2 a fháil, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC:

(a)a toiliú leis an gcomhaontú um chairtfhostú;

(b)na bearta arna a glacadh chun na forálacha sin a chur chun feidhme; agus

(c)a chomhaontú CMM a chomhlíonadh.

4.Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le tús, fionraí, atosú agus foirceannadh na n‑oibríochtaí iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú.

5.Faoin 10 Feabhra gach bliain, déanfaidh na Ballstáit atá ag cairtfhostú soithí iascaireachta sonraí na gcomhaontuithe cairtfhostaithe a dhéantar sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, lena n‑áirítear faisnéis faoi ghabhálacha a gabhadh agus faoi iarracht iascaireachta a rinne na soithí cairtfhostaithe mar aon leis an leibhéal de chlúdach breathnóra a baineadh amach ar na soithí cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1)(j). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 28 Feabhra gach bliain.

Airteagal 37
Soithí nach bhfuil náisiúntacht acu

I gcás ina bhfaighidh soitheach nó aerárthach Ballstáit amharc ar shoithí iascaireachta a mheastar a bheith gan náisiúntacht, nó a dheimhnítear a bheith gan náisiúntacht, agus a d’fhéadfadh a bheith ag iascaireacht ar mhórmhuir an Limistéir, tabharfaidh an Ballstát sin tuairisc faoin amharc sin don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC láithreach.

Airteagal 38

Soithí iascaireachta a bhfuil bratach áise acu

Maidir le soithí spiléireachta tuinníní ar mhórscála a bhfuil bratach áise acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)diúltú do shoithí a bhfuil bratach áise acu teacht i dtír agus trasloingsiú, ar soithí iad atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdaíonn éifeachtacht bhearta an Rialacháin seo nó na mbeart a ghlac IOTC;

(b)gach gníomhaíocht is féidir a dhéanamh chun a n‑allmhaireoirí, iompróirí agus oibreoirí eile lena mbaineann a spreagadh chun staonadh ó thuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní a idirbheartú agus a thrasloingsiú, ar tuinníní agus speicis iad atá cosúil le tuinníní a ghabhann soithí atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an mbratach áise atá acu;

(c)a áitiú ar a monaróirí agus ar dhaoine gnó eile lena mbaineann cosc a chur ar a gcuid soithí agus trealaimh/feistí a úsáid le haghaidh oibríochtaí iascaireachta spiléireachta a bhaineann leis an mbratach áise; agus

(d)faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis agus í a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí de chuid soithí iascaireachta a bhaineann leis an mbratach áise, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí samplála calafoirt a dhéanann Rúnaíocht IOTC.

Caibidil V

Sonraí Gabhála agus Comhaontuithe Rochtana

Roinn 1
Sonraí gabhála a rialú

Airteagal 39
Taifead ar shonraí gabhála agus iarrachta

1.Coinneoidh soithí iascaireachta an Aontais logleabhar leictreonach chun taifead a dhéanamh ar shonraí lena n‑áirítear, mar íoscheanglais, an fhaisnéis agus na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn 1.

2.Comhlánóidh máistir an tsoithigh iascaireachta an logleabhar agus cuirfear é chuig an mBallstát brataí agus chuig an Stát cósta ar ina LEE a rinne soitheach iascaireachta an Aontais iascaireacht. Ní chuirfear ar fáil don Stát cósta ach an chuid sin den logleabhar a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht a dhéantar in LEE an Stáit chósta.

3.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí uile d’aon bhliain ar leith a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn comhiomlánaithe ina dtuarascálacha bliantúla, i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

Airteagal 40
Deimhniú gabhála na dtuinníní mórshúileacha

1.Beidh ag gabháil leis na tuinníní mórshúileacha uile a allmhairítear i gcríoch Bhallstáit Doiciméad Staidrimh IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha, dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06, nó deimhniú athonnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IOTC a chomhlíonann ceanglais Fhoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06.

2.De mhaolú ar mhír 1, níl tuinníní mórshúileacha a ghabhann soithí peas-saighne nó soithí le cuaillí agus doruithe (baoite), agus atá beartaithe go príomha do na monarchana cannadóireachta sa Limistéar, faoi réir an cheanglais staidrimh seo.

3.Déanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a bhailíochtú i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06, i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)Déanfaidh Ballstát brataí an tsoithigh a ghabh na tuinníní, nó, i gcás ina mbeidh an soitheach ag oibriú faoi shocrú cairtfhostaithe, déanfaidh an Ballstát a d’onnmhairigh na tuinníní doiciméad staidrimh IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha a bhailíochtú; agus

(b)déanfaidh an Stát a d’athonnmhairigh na tuinníní an deimhniú athonnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IOTC a bhailíochtú;

(c)féadfaidh an Ballstát ina dtugtar na táirgí i dtír doiciméid staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha a ghabhann soithí an Aontais a bhailíochtú, ar choinníoll go ndéantar na cainníochtaí comhfhreagracha de na tuinníní mórshúileacha a onnmhairiú lasmuigh den Aontas ó chríoch na mBallstát ina dtugtar na táirgí i dtír.

4.Faoin 15 Márta gach bliain (le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin) agus faoin 15 Meán Fómhair (le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh den bhliain reatha) déanfaidh na Ballstáit a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha na sonraí a bhailítear faoi chlár na ndoiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha a thuairisciú don Choimisiún, agus úsáid á baint as formáid Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í faoin 1 Aibreán agus faoin 1 Deireadh Fómhair faoi seach.

5.Scrúdóidh na Ballstáit a onnmhairíonn tuinníní mórshúileacha sonraí onnmhairiúcháin a luaithe a gheobhaidh siad na sonraí allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 4, agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún go bliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

Caibidil VI 
Bearta Stát an Chalafoirt, Cigireacht, Forfheidhmiú agus NNN

Roinn 1

Bearta stát an chalafoirt

Airteagal 41

Pointí teagmhála agus calafoirt ainmnithe

1.Ballstát ar mian leis rochtain ar a gcuid calafort a thabhairt do shoithí tríú tír a bhfuil speicis IOTC ar bord acu a gabhadh sa Limistéar nó táirgí iascaigh de thionscnamh speiceas IOTC nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)an calafort ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach ann a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(b)pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c)pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta a fháil de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na bpointí teagmhála ainmnithe agus na gcalafort ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin.

Airteagal 42

Réamhfhógra

1.De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is é 48 uair ar a laghad roimh an am a meastar a bhainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt.

2.De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is í an fhaisnéis atá le soláthar ag máistrí soithí iascaireachta tríú tír nó ag a n‑ionadaithe, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 16/11 agus beidh deimhniú gabhála ag gabháil leis a bheidh bailíochtaithe i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 más rud é go n‑iompraíonn an soitheach iascaireachta tríú tír táirgí iascaigh IOTC ar bord.

3.Féadfar an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 den Airteagal seo a tharchur go leictreonach trí bhíthin an iarratais ar e-PSM 21 .

4.Féadfaidh Ballstáit an chalafoirt aon fhaisnéis bhreise a iarraidh chun a chinneadh ar ghabh na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 d’iascaireacht NNN nó do ghníomhaíochtaí gaolmhara.

Airteagal 43
Údarú chun teacht isteach, tabhairt i dtír agus trasloingsiú i gcalafoirt

1.Tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a fháil de bhun Airteagal 42 den Rialachán seo, déanfaidh Ballstát calafoirt cinneadh maidir le húdarú a thabhairt nó diúltú don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach ina chalafoirt agus iad a úsáid. I gcás inar diúltaíodh do shoitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach, cuirfidh Ballstát an chalafoirt Stát brataí an tsoithigh agus an Coimisiún ar an eolas agus cuirfidh siad an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. Maidir le soithí iascaireachta atá ar liosta soithí NNN IOTC, diúltóidh na Ballstáit chalafoirt dóibh teacht isteach ina gcalafoirt.

2.I gcás ina mbeidh réamhfhógra faighte ag e-PSM, cuirfidh Ballstát an chalafoirt a chinneadh in iúl maidir le teacht isteach i gcalafort a údarú nó a dhiúltú leis an iarratas céanna.

3.De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, i gcás soithí iompair, is dearbhú trasloingsithe IOTC a bheidh sa dearbhú a éilítear agus cuirfidh siad isteach an dearbhú sin 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a thiocfaidh siad i dtír. Déanfaidh na Ballstáit ina dtabharfar trasloingsithe i dtír na bearta iomchuí chun cruinneas na faisnéise a fuarthas a fhíorú agus comhoibreoidh siad le Stát brataí an tsoithigh iompair, le haon Bhallstát calafoirt a bhfuil baint aige leis na trasloingsithe a thabharfar i dtír agus le stáit bhrataí na soithí iascaireachta gabhála lena mbaineann chun a áirithiú go mbeidh na gabhálacha ag teacht le méid tuairiscithe gabhála gach soithigh iascaireachta gabhála. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

4.I gcás ina bhfaighidh Ballstát an chalafoirt dearbhú maidir le gabháil nó trasloingsiú ó shoitheach iascaireachta gabhála de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh Ballstáit an chalafoirt na bearta iomchuí chun cruinneas na faisnéise a fuarthas a fhíorú agus comhoibreoidh siad le an CPC brataí chun a áirithiú go bhfuil na gabhálacha a thugtar i dtír agus/nó trasloingsithe comhsheasmhach leis an líon gabhálacha a thuairiscítear maidir le gach soitheach gabhála.

5.Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh gach Ballstát calafoirt faoi bhráid an Choimisiúin liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh sa Limistéar sa bhliain féilire roimhe sin. Áireofar an fhaisnéis sin sa teimpléad iomchuí do thuarascáil IOTC agus sonrófar inti comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speiceas a thugtar i dtír. Scrúdóidh an Coimisiún na tuarascálacha sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC iad faoin 30 Meitheamh gach bliain.

Roinn 2

Cigireacht

Airteagal 44
Cigireacht chalafoirt

1.Gach bliain, déanfaidh Ballstát an chalafoirt cigireacht ina gcalafoirt ainmnithe ar 5 % ar a laghad de gach gabháil a thugtar i dtír nó de gach trasloingsiú a bhaineann le speicis IOTC a dhéanann soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu.

2.Leis an gcigireacht, déanfar faireachán ar na gabhálacha uile a thugtar i dtír nó ar an trasloingsiú iomlán agus áireofar léi cros-seiceáil idir na cainníochtaí, de réir speicis, a taifeadadh sa réamhfhógra agus na cainníochtaí de réir speiceas a thugtar i dtír nó a thrasloingsítear go hiarbhír. Agus an ghabháil tugtha i dtír nó an trasloingsiú curtha i gcrích, deimhneoidh agus nótálfaidh an cigire na cainníochtaí de réir speicis éisc a bheidh fágtha ar bord.

Airteagal 45
Nós imeachta cigireachta

1.Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo de bhreis ar na rialacha maidir leis an nós imeachta cigireachta a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.Beidh cigirí ó Bhallstáit an chalafoirt ina gcigirí a bheidh cáilithe mar is cuí chun na críche sin, agus beidh doiciméad aitheantais bailí acu a thaispeánfaidh siad do mháistir an tsoithigh a mbeidh cigireacht le déanamh air.

3.Mar íoschaighdeán, áiritheoidh Ballstáit an chalafoirt go ndéanfaidh a gcigirí na cúraimí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 16/11. Agus cigireachtaí á ndéanamh acu ina gcalafoirt, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt de cheangal ar mháistir an tsoithigh gach cúnamh agus faisnéis is gá a thabhairt do chigirí, agus ábhar agus doiciméid ábhartha a thaispeáint de réir mar is gá, nó cóipeanna deimhnithe díobh a thaispeáint.

4.Sa tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí gach cigireachta, déanfaidh gach Ballstát calafoirt, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 16/11 a chur san áireamh. Laistigh de 3 lá oibre ón gcigireacht a chríochnú, déanfaidh Ballstát an chalafoirt cóip den tuarascáil chigireachta agus, arna iarraidh sin, cóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe di, a tharchur chuig máistir an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air, chuig an Stát brataí, agus chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC.

5.Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt faoi bhráid an Choimisiúin liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh i limistéar IOTC an bhliain féilire roimhe sin. Sonrófar san fhaisnéis sin comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speicis a thugtar i dtír. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 1 Iúil gach bliain.

Roinn 3

Forfheidhmiú

Airteagal 46
An nós imeachta i gcás ina mbeidh fianaise ann ar sháruithe ar bhearta IOTC le linn na gcigireachtaí calafort

1.Más rud é go soláthraíonn an fhaisnéis a bhailítear le linn na cigireachta fianaise a léiríonn go bhfuil sárú ar bhearta IOTC déanta ag soitheach iascaireachta, beidh feidhm ag an Airteagal seo de bhreis ar Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt cóip den tuarascáil chigireachta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 3 lá oibre. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig pointe teagmhála CPC na brataí gan mhoill.

3.Tabharfaidh Ballstáit an chalafoirt fógra gan mhoill d’údarás inniúil CPC brataí agus don Choimisiún maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanfar i gcás sáruithe agus tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC.

Airteagal 47

Sáruithe líomhnaithe a thuairiscíonn na Ballstáit

1.Maidir le haon fhaisnéis dhoiciméadaithe a léiríonn cásanna ina bhféadfadh sé nár chomhlíon aon soitheach iascaireachta bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC sa Limistéar sa 2 bhliain roimhe sin 40 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin, agus úsáid á baint acu as foirm tuairiscithe Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 18/03. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más iomchuí, cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC í 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

2.Beidh faisnéis maidir le gníomhaíocht iascaireachta NNN gach ceann de na soithí liostaithe ag gabháil leis an bhfaisnéis dhoiciméadaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)tuarascálacha maidir leis an ngníomhaíocht líomhnaithe iascaireachta NNN a bhaineann le CMM atá i bhfeidhm;

(b)faisnéis trádála a fhaightear ar bhonn staidreamh ábhartha trádála amhail staidreamh ó dhoiciméid staidrimh agus staidreamh infhíoraithe eile náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(c)faisnéis a fhaightear ó fhoinsí eile nó a bailíodh ó mheánna iascaireachta amhail an méid seo a leanas:

–faisnéis a bhailítear ó chigireachtaí a dhéantar i gcalafort nó ar muir; nó

–faisnéis ó stáit chósta lena n‑áirítear sonraí trasfhreagróra VMS nó ón gCóras Aitheantais Uathoibríoch (AIS), sonraí faireachais ó shatailítí nó ó shócmhainní aerbheirthe nó ar muir; nó

–cláir IOTC, ach amháin i gcás ina sonrófar leis an gclár sin go gcoinneofaí an fhaisnéis a bhailítear faoi rún; nó

–faisnéis agus saineolas a bhailíonn tríú páirtithe.

Airteagal 48
Sáruithe líomhnaithe a thuairiscíonn CPC agus Rúnaíocht IOTC

1.I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún aon fhaisnéis ó CPC nó ó Rúnaíocht IOTC a léiríonn gníomhaíochtaí líomhnaithe iascaireachta NNN ag soitheach iascaireachta an Aontais, tarchuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann fionnachtana aon imscrúdaithe a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i ndáil le líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon ghníomhaíochtaí atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonadh de, a chur in iúl don Choimisiún 45 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig IOTC 15 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

Airteagal 49

Dréachtliosta de shoithí NNN IOTC

1.Má fhaigheann an Coimisiún fógra oifigiúil go bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar dhréachtliosta soithí NNN IOTC ó Rúnaíocht IOTC, déanfaidh sé an fógra sin, lena n‑áirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadaithe eile a sholáthróidh Rúnaíocht IOTC, a tharchur chuig an mBallstát brataí lena mbaineann.

2.Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann barúlacha tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh IOTC. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a scrúdú agus a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh.

3.A luaithe a bheidh fógra faighte acu ón gCoimisiún, déanfaidh údaráis an Bhallstáit brataí lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)fógra a thabhairt d’úinéir agus d’oibreoirí an tsoithigh iascaireachta go bhfuil sé ar dhréachtliosta shoithí NNN IOTC agus go bhféadfadh iarmhairtí teacht as é a bheith deimhnithe go bhfuil sé ar liosta shoithí NNN atá glactha ag IOTC, agus

(b)dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na soithí atá ar dhréachtliosta IOTC NNN, chun a ngníomhaíochtaí a chinneadh agus chun athruithe a d’fhéadfadh teacht ar ainm, ar bhratach nó ar úinéir cláraithe na soithí sin a bhrath.

Airteagal 50

Dréachtliosta de shoithí NNN IOTC

1.Chun cosc a chur ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá ar dhréachtliosta shoithí NNN dá dtagraítear faoi Airteagal 49 a bheith ar dhréachtliosta shoithí NNN, déanfaidh an Ballstát brataí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún:

(a)a thaispeáint gur chomhlíon an soitheach, gach tráth ábhartha, coinníollacha a údaraithe agus:

–go ndearna an soitheach iascaireacht ar bhealach atá i gcomhréir le CMM;

–go ndearna an soitheach gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh de na huiscí atá faoi dhlínse Stáit chósta ar bhealach atá comhsheasmhach le dlíthe agus rialacháin an Stáit chósta sin; nó

–gur ar speicis nach gcumhdaítear leis an gComhaontú a rinne an soitheach iascaireacht go heisiach; nó

(b)a thaispeáint go ndearnadh gníomhaíocht phionósach éifeachtach mar fhreagairt ar na gníomhaíochtaí iascaireachta NNN atá i gceist, lena n‑áirítear ionchúiseamh agus smachtbhannaí atá dian go leor a fhorchur le go mbeidh siad éifeachtach ó thaobh comhlíonadh a áirithiú agus sáruithe breise a dhíspreagadh.

2.Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í gan mhoill.

Caibidil VII
Forálacha Deiridh

Airteagal 51

Tuairisciú Sonraí

1.Roimh an 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, maidir leis na heilimintí seo a leanas, agus an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07 á úsáid:

(a)meastacháin ar an ngabháil iomlán de réir speicis agus trealaimh, go ráithiúil más féidir, iad á ndeighilt, nuair is féidir, de réir gabhálacha coinnithe i mbeomheáchan agus de réir ábhar muirí aischurtha i mbeomheáchain nó i líon, le haghaidh gach speicis faoi shainordú IOTC chomh maith leis na speicis elasmobranchii is mó a ghabhtar de réir na dtaifead ar ghabhálacha agus ar theagmhais;

(b)sonraí iomlána gabhála maidir le céiticigh, turtair mhuirí agus sonraí faoi éanlaith mhara dá dtagraítear in Airteagail 20, 21 agus 22, faoi seach;

(c)i gcás an iascaigh peas-saighne agus an iascaigh le cuaillí agus doruithe, déanfar sonraí maidir leis an ngabháil agus iarracht a shrathú de réir modh iascaireachta. Déanfar na sonraí a eachtarshuí go dtí an líon iomlán gabhálacha míosúla náisiúnta i gcás gach trealaimh agus déanfar doiciméid ina dtugtar tuairisc ar na nósanna imeachta eachtarshuímh a chur isteach go rialta freisin;

(d)i gcás na n‑iascach spiléireachta, maidir le sonraí faoi ghabhálacha de réir speicis, lín nó meáchain, agus de réir iarrachta chomh maith leis an líon duán a úsáideadh, soláthrófar iad le limistéar greille 5° agus le sraitheanna míosúla. Déanfar doiciméid ina dtugtar tuairisc ar na nósanna imeachta eachtarshuímh a chur isteach go rialta freisin;

(e)achoimre ar na gabhálacha tuinníní buí is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 39;

(f)gabhálacha nialasacha a thuairisceofar trí úsáid a bhaint as an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07.

2.Is leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chuirfidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta seo a leanas ó chabhlach na soithí peas-saighne atá ag baint úsáid as soithí soláthair agus FADanna:

(a)líon agus saintréithe na soithí peas-saighne soláthair, atá ag oibriú faoina mbratach, nó atá ag tabhairt cúnaimh do shoithí peas-saighne atá ag oibriú faoina mbratach, nó atá ceadúnaithe chun oibriú ina LEE, a oibríodh sa limistéar;

(b)an líon laethanta a chaitear ar muir i gcás soithí peas-saighne agus soithí soláthair peas-saighne in aghaidh gach limistéir greille 1° agus in aghaidh na míosa atá le tuairisciú ag Ballstát brataí an tsoithigh soláthair;

(c)suíomhanna, dátaí agus am socraithe, aitheantóir agus cineál FAD, agus saintréithe deartha FAD gach FAD.

3.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, maidir leis an gcineál soithí agus maidir le sonraí sealadacha agus deiridh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar na dátaí seo a leanas:

(a)Cuirfear isteach sonraí sealadacha maidir le cabhlaigh spiléireachta a d’oibrigh ar an mórmhuir le haghaidh na bliana roimhe sin tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear na sonraí deiridh isteach tráth nach déanaí ná an 15 Nollaig gach bliain;

(b)Déanfar sonraí deiridh maidir le gach cabhlach eile, lena n‑áirítear soithí soláthair, a chur isteach tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh gach bliain.

4.Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis, agus seolfaidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í faoi na spriocdhátaí sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán.

5.Cuirfidh na Ballstáit faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, ina mbeidh an fhaisnéis maidir leis na bearta a rinneadh chun a n‑oibleagáidí tuairiscithe a chur chun feidhme i gcás gach iascaigh IOTC, lena n‑áirítear speicis siorcanna a gabhadh i gcomhlachas le hiascaigh IOTC, go háirithe na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar a mbailiú sonraí le haghaidh gabhálacha díreacha agus gabhálacha de thaisme. Tiomsóidh an Coimisiún an fhaisnéis i dtuarascáil chur chun feidhme an Aontais agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í.

6.Cuirfidh na Ballstáit bhrataí tuarascáil eolaíoch náisiúnta chuig an gCoimisiún gach bliain, tráth nach déanaí ná 45 lá roimh sheisiún Choiste Eolaíoch IOTC, ar dháta a chuirfidh an Coimisiún in iúl, ina mbeidh na pointí seo a leanas:

(a)staidreamh ginearálta na n‑iascach;

(b)tuarascáil ar chur chun feidhme mholtaí an Choiste;

(c)an dul chun cinn a rinneadh maidir le taighde mar a fhoráiltear in Airteagal 15(4), Airteagal 16(3), Airteagal 17(4), Airteagal 18(5); agus

(d)faisnéis ábhartha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás na speiceas atá faoi shainordú IOTC chomh maith le siorcanna, speicis eile ar seachtháirgí iad agus speicis foghabhála.

7.Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 a thuairisciú i gcomhréir leis an teimpléad a fhorordóidh Coiste Eolaíoch IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an teimpléad riachtanach chuig na Ballstáit bhrataí. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil, cuirfidh sé i dtuarascáil Aontais iad agus seolfaidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í.

Airteagal 52
Rúndacht

Na sonraí a bhaileofar agus a mhalartófar faoi chuimsiú an Rialacháin seo caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 53

An nós imeachta maidir le leasuithe

1.I gcás inar gá, d'fhonn leasuithe ar rúin ó IOTC atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, nó na rúin sin a fhorlíonadh, beidh na leasuithe sin ceangailteach ar an Aontas, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar rúin ó IOTC, agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)faisnéis in aghaidh an tsoithigh maidir leis an liosta soithí gníomhacha le haghaidh tuinníní agus colgán, d’Airteagal 24(3);

(b)an céatadán de chlúdach breathnóra d’Airteagal 30(1);

(c)clúdach samplóirí allamuigh le haghaidh iascach ar mhionscála d’Airteagal 32(1);

(d)coinníollacha maidir le cairtfhostú d’Airteagal 35(1);

(e)an céatadán de na cigireachtaí ar ghabhálacha calafoirt a thugtar i dtír d’Airteagal 44(1);

(f)spriocdhátaí tuairiscithe d’Airteagal 29(1) agus(2), Airteagal 45(5), Airteagal 51;

(g)Iarscríbhinn 1 go dtí 6;

(h)tagairtí do ghníomhartha idirnáisiúnta d’Airteagal 3(12), Airteagal 9(3)(d), Airteagal 9(4), Airteagal 10, Airteagal 12(1), Airteagal 18(3) agus (5), Airteagal 21(4), Airteagal 23(4), Airteagal 27(3), Airteagal 40(1), (3) agus (4), Airteagal 42(2) agus (3), Airteagal 45 (3) agus (4), Airteagal 47(1), Airteagal 51(1), agus Airteagal 51(1)(f).

2.Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó forlíonadh ar na rúin ó IOTC lena mbaineann i ndlí an Aontais.

Airteagal 54
Tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 53 go ceann tréimhse cúig bliana ón [ll.mm.bbbb]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 53 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 53 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 55
Leasuithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003, agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

1.Scriostar Airteagal 2(b), Airteagal 20, Airteagal 20a, Airteagal 20b, Airteagal 20c, Airteagal 20d, Airteagal 20e, Airteagal 21 agus Airteagal 21a de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001.

2.Scriostar Airteagal 1(b), Airteagal 8(b) agus Iarscríbhinní VII, XII, XIV agus XVIII Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003.

3.Scriostar Airteagal 4(2), Airteagal 18, Airteagal 19, agus Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007.

Airteagal 56
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).
(2)    Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear do 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6)    Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Mara an 10 Nollaig 1982 agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(7)    Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir le daingniú ag an gComhphobal Eorpach den Chomhaontú a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le bainistíocht agus caomhnú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).
(8)    Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gComhaontú maidir leis an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh a bhunú (IO L 236, 5.10.1995, lch. 24).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(10)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(12)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(13)    Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1).
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal (IO L 295, 13.11.2003, lch. 1).
(15)    Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).
(16)    Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gComhaontú maidir leis an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh a bhunú (OJ L 236, 5.10.1995, lch. 24).
(17)    https://www.iotc.org/cmms
(18)     https://www.iotc.org/sites/default/files/documents/2018/11/IOTC_turtles_for_web.pdf
(19)    http://www.fao.org/publications/card/en/c/525d1262-f0ae-5270-bd6e-ac4ab03bbaf9/
(20)    http://www.fao.org/3/a-i7783e.pdf
(21)     https://www.iotc.org/compliance/port-state-measures
Top

An Bhruiséil,11.3.2021

COM(2021) 113 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle


IARSCRÍBHINN 1

Déan taifead uair amháin gach cor iascaireachta/cur amach/oibríocht

Tabhair faoi deara: i gcás an trealaimh go léir san iarscríbhinn seo, úsáid an fhormáid seo a leanas le haghaidh an dáta agus an ama

I gcás an dáta: nuair a thaifeadtar dáta an choir/an chur amach/na hoibríochta taifead an BBBB/MM/LL

I gcás an ama taifead an t‑am 24 uair an chloig ina am áitiúil, GMT nó am náisiúnta agus sonraigh go soiléir cén t‑am a úsáideadh.

OIBRÍOCHT

I gcás spiléir:

Dáta an choir

An suíomh de réir domhanleithid agus domhanfhaid: féadfar an suíomh ag meán lae nó an suíomh roimh úsáid an trealaimh nó cód limistéir na hoibríochta (e.g. LEE na Séiséal, An mhórmhuir, etc.) a úsáid ar bhonn roghnach

An t‑am a chuirtear tús leis an gcor agus, nuair is féidir, an t‑am a dhéantar an trealamh a thabhairt isteach

An líon duán idir snámháin: má tá comhairimh éagsúla duán idir snámháin i gcor iascaireachta amháin, taifead an líon is ionadaíche (an meánlíon)

An líon iomlán duán a úsáidtear sa chor

An líon bataí solais a úsáidtear sa chor

An cineál baoite a úsáidtear sa chor: e.g. iasc, scuideanna, etc.

Mar rogha, teocht dhromchla na farraige ag meán lae a shonraítear pointe deachúlach amháin (XX.X oC)

I gcás peaslíon saighne:

Dáta an choir

An cineál imeachta: cor iascaireachta nó FAD nua a chur amach

An suíomh lena sonraítear domhanleithead agus domhanfhad an imeachta agus am an imeachta, nó mura dtarlaíonn aon imeacht i rith an lae, ag meán lae

Más rud é go bhfuil an eangach curtha amach: sonraigh an raibh an cor an-mhaith, nach raibh sé go maith, go raibh sé go maith; an cineál scoile (scoil a bhí ag snámh i bhfad ar shiúl ó FAD nó scoil a bhí ag snámh thart ar FAD. Más thart ar FAD, sonraigh an cineál FAD sin (e.g. lomán nó réad nádúrtha eile, FAD srutha, FAD atá ar ancaire, etc.). Féach CMM 18/08 

Nósanna imeachta maidir le plean bainistíochta le haghaidh feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), lena n‑áirítear teorainn don líon FADanna, sonraíocht níos mionsonraithe maidir le tuairisciú gabhála ó chor eangacha thart ar FADanna, agus forbairt dearthaí feabhsaithe FADanna chun laghdú a dhéanamh ar a mhinice a théann speicis nach spriocspeicis iad i bhfostú (nó aon Réiteach a chuirfear ina n‑ionad sin ina dhiaidh)

Mar rogha, teocht dhromchla na farraige ag meán lae a shonraítear le pointe deachúlach amháin (XX.X oC)

I gcás eangach gheolbhaigh:

Dáta an choir taifead an dáta le haghaidh gach coir nó gach lae ar muir (le haghaidh laethanta gan cor eangacha)

Fad iomlán na heangaí (méadair): fad dorú snámhachta a úsáidtear le haghaidh gach coir i méadair

Am a chuirtear tús leis an iascaireacht: taifead an t‑am a dhéantar gach cor eangaí agus, nuair is féidir, an t‑am a dhéantar an trealamh a aisghabháil

Tús agus críoch an tsuímh de réir domhanleithid agus domhanfhaid: taifead domhanleithead agus domhanfhad a léiríonn an limistéar a bhfuil do threalamh curtha amach laistigh de nó, mura ndéantar aon chor, taifead an domhanleithead agus domhanfhad ag meán lae i gcás laethanta nach ndéantar cor eangaí

Doimhneacht ag a bhfuil an eangach curtha amach (méadair): an doimhneacht neasach ag a bhfuil an eangach gheolbhaigh curtha amach

I gcás Slatiascaireachta:

Déanfar an fhaisnéis maidir leis an iarracht iascaireachta i logleabhair a thaifeadadh de réir lae. Déanfar an fhaisnéis faoi ghabhálacha i logleabhair a thaifeadadh de réir turas iascaireachta nó, más féidir, de réir laethanta iascaireachta.

Dáta oibríochta: taifead an lá nó an dáta

Suíomh de réir domhanleithid agus domhanfhaid ag meán lae

An líon slat iascaireachta a úsáidtear ar feadh an lae sin

An t‑am a chuirtear tús leis an iascaireacht (taifead an t‑am go díreach tar éis don iascaireacht bhaoite a bheith críochnaithe agus an t‑am a chuireann an soitheach chun na farraige le dul ag iascaireacht. I gcás laethanta iascaireachta i ndiaidh a chéile, taifead an t‑am a thosaíonn an cuardach) agus am críochnaithe na hiascaireachta (taifead an t‑am go díreach tar éis d’iascaireacht na scoile deireanaí a bheith críochnaithe; Ar laethanta iascaireachta i ndiaidh a chéile, is é sin an t‑am a chuirtear stop le hiascaireacht na scoile deireanaí). I gcás laethanta iascaireachta i ndiaidh a chéile, ba cheart an líon laethanta iascaireachta a thaifeadadh.

An cineál scoile: FAD a bhaineann le scoil agus/nó scoil nach mbíonn gar dó

GABHÁIL

Meáchan gabhála (kg) nó an líon de réir speiceas in aghaidh an choir/an chur amach/an teagmhais iascaireachta i ndáil le gach ceann de na speicis agus an cineál próiseála a shonraítear sa roinn ‘Speicis’ thíos:

I gcás spiléir de réir lín agus meáchain

I gcás peaslíonta saighne de réir meáchain

I gcás eangach gheolbhaigh de réir meáchain

I gcás slatiascaireachta, meachán nó líon

SPEICIS

I gcás spiléir:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín gorm deisceartach (Thunnus maccoyii)

SBF

Mairlín gobghearr (Tetrapturus angustirostris)

SSP

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Siorc gorm (Prionace glauca)

BSH

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Siorc mácó (Isurusspp.)

MAK

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Craosaire (Lamna nasus)

POR

tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Siorc ceann casúir (Sphyrna spp.)

SPN

Colgán (Xiphias gladius)

SWO

síodsiorc (Carcharhinus falciformis)

FAL

Mairlín riabhach (Tetrapturus audax)

MLS

Éisc chnámhacha eile

MZZ

Mairlín gorm (Makaira nigricans)

BUM

Siorcanna eile

SKH

Mairlín dubh (Makaira indica)

BLM

Éanlaith mhara (an líon acu) 1

Colgán na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus)

SFA

Mamaigh mhuirí (an líon acu)

MAM

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Siorcanna súisteála (Alopias spp.)

THR

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus).

OCS

Speicis atá le taifeadadh ar bhonn roghnach

Siorc tíograch (Galeocerdo cuvier)

TIG

Siorc crogallach (Pseudocarcharias kamoharai)

PSK

Siorc bán mór (Carcharodon carcharias)

WSH

Roic na caille agus deamhanroic (Mobulidae)

MAN

roc peiligeach an gha nimhe (Pteroplatytrygon violacea)

PLS

Roic eile

I gcás Peaslíonta Saighne:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Mamaigh mhuirí (an líon acu)

MAM

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Míolsiorcanna (Typus Rhincodon) (an líon acu)

RHN

tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Siorcanna súisteála (Alopias spp.)

THR

Speicis eile IOTC

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus).

OCS

síodsiorc (Carcharhinus falciformis)

FAL

Speicis atá le taifeadadh ar bhonn roghnach

Cód FAO

Roic na caille agus deamhanroic (Mobulidae)

MAN

Siorcanna eile

SKH

Roic eile

Éisc chnámhacha eile

MZZ

I gcás eangach gheolbhaigh:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Mairlín gobghearr (Tetrapturus angustirostris)

SSP

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Siorc gorm (Prionace glauca)

BSH

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Siorc mácó (Isurusspp.)

MAK

tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Craosaire (Lamna nasus)

POR

Tuinnín earrfhada (Thunnus tonggol)

LOT

Siorc ceann casúir (Sphyrna spp.)

SPN

Tuinnín frigéid (Auxis thazard)

FRI

Siorcanna eile 

SKH

Tuinnín piléir (Auxis rochei)

BLT

Éisc chnámhacha eile

MZZ

Kawakawa (Euthynnus affinis)

KAW

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Ronnach buí caolbhandach (Scomberomorus commerson)

COM

Mamaigh mhuirí (an líon acu)

MAM

Rí-ronnach Ind-Chiúin-Aigéanach (Scomberomorus guttatus)

GUT

Míolsiorcanna (Typus Rhincodon) (an líon acu)

RHN

Colgán (Xiphias gladius)

SWO

Éanlaith mhara (an líon acu) 2

Colgán na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus)

SFA

Siorcanna súisteála (Alopias spp.)

THR

Mairlíní (Tetrapturus spp, Makaira spp.)

BIL

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus). 

OCS

Tuinnín gorm deisceartach (Thunnus maccoyii)

SBF

Speicis roghnacha atá le taifeadadh

Siorc tíograch (Galeocerdo cuvier)

TIG

Siorc crogallach (Pseudocarcharias kamoharai)

PSK

Roic na caille agus deamhanroic (Mobulidae)

MAN

roc peiligeach an gha nimhe (Pteroplatytrygon violacea)

PLS

Roic eile



I gcás Slatiascaireachta:

Príomhspeicis

Cód FAO

Speicis eile

Cód FAO

Tuinnín colgach (Thunnus alalunga)

ALB

Éisc chnámhacha eile

MZZ

Tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus)

BET

Siorcanna 

SKH

Tuinnín buí (Thunnus albacares)

YFT

Roic

Tuinnín aigéanach (Katsuwonus pelamis)

SKJ

Turtair mhara (an líon acu)

TTX

Tuinnín frigéid agus piléir (Auxis spp.)

FRZ

Kawakawa (Euthynnus affinis)

KAW

Tuinnín earrfhada (Thunnus tonggol)

LOT

Rí-ronnach buí caolbhandach (Scomberomorus commerson)

COM

Speicis eile IOTC

NÓTAÍ TRÁCHTA:

Ba cheart ábhar muirí aischurtha i leith tuinníní, éisc atá cosúil le tuinníní agus siorcanna a thaifeadadh de réir speiceas i meáchan (kg) nó de réir an lín i gcás an trealaimh go léir sna nótaí tráchta 

Ba cheart aon idirghníomhaíocht le míolsiorcanna (Rhincodon typus), mamaigh mhuirí, agus éanlaith mhara a thaifeadadh sna nótaí tráchta

Scríobhtar faisnéis eile sna nótaí tráchta freisin

Tabhair faoi deara: Meastar gur íoscheanglas iad na speicis atá sna logleabhair. Mar rogha, ba cheart siorcanna agus/nó speicis éisc eile a ghabhtar go minic a chur sna logleabhair de réir na limistéar agus na n‑iascach .

IARSCRÍBHINN 2

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE PLEANANNA BAINISTÍOCHTA I nDÁIL LE SRUTHFEISTÍ UM CHOMHBHAILIÚ ÉISC (DFAD) A ULLMHÚ

Chun tacú le hoibleagáidí maidir le Plean Bainistíochta DFAD (DFAD-MP) atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit ag a bhfuil cabhlaigh ag iascaireacht sa limistéar faoi réimse inniúlachta IOTC, atá gaolmhar le DFADanna, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh in DFAD-MP:

1. Cuspóir

2. Raon feidhme

Tuairisc ar a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

cineálacha soithí agus soithí tacaíochta agus tairisceana

an líon DFADanna agus an líon rabhcán DFADanna atá le cur amach

nósanna imeachta tuairiscithe le haghaidh DFAD a chur amach

foghabhálacha de thaisme a laghdú agus beartas maidir lena n‑úsáid

idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh

pleananna chun faireachán a dhéanamh ar DFADanna caillte agus iad a aisghabháil

ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht DFADanna”

3. Socruithe institiúideacha chun Pleananna Bainistíochta DFAD a bhainistiú:

freagrachtaí institiúideacha

próisis iarratais maidir le rabhcháin DFADanna agus/nó rabhcáin DFADanna a fhormheas le haghaidh a gcur amach

oibleagáidí úinéirí agus máistrí soithí i leith rabhcáin DFADanna agus/nó rabhcáin DFADanna a chur amach agus a úsáid

Beartas athsholáthair DFADanna agus/nó DFADanna

oibleagáidí maidir le tuairisciú

4. Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil DFADanna

Tréithe dearaidh DFAD (tuairisc)

Marcálacha agus aitheantóirí DFADanna, lena n‑áirítear rabhcháin DFADanna

ceanglais soilsiúcháin

frithchaiteoirí radair

fad infheicthe

baoithe raidió (ceanglas maidir le sraithuimhreacha)

trasghlacadóirí satailíte (ceanglas maidir le sraithuimhreacha)

5. Limistéir is infheidhme:

Mionsonraí maidir le limistéir nó tréimhsí atá iata, e.g. uiscí teorann, lánaí loingseoireachta , gaireacht d'iascaigh ar mhionscála, etc.

6. Tréimhse is infheidhme maidir le DFAD-MP.

7. Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme DFAD-MP.

8. Teimpléad logleabhair DFAD (sonraí atá le bailiú arna sonrú in Iarscríbhinn 3).



IARSCRÍBHINN 3

SONRAÍ A BHAILIÚ LE hAGHAIDH DFADanna

a) Maidir le gach gníomhaíocht thart ar DFAD, cibé acu a dhéantar cor iascaireachta ina diaidh nó nach ndéantar, déanfaidh gach soitheach iascaireachta, tacaíochta agus soláthair an fhaisnéis a leanas a thuairisciú:
i. Soitheach (ainm agus uimhir chláraithe an tsoithigh iascaireachta, tacaíochta agus soláthair)

ii. Suíomh (ina shuíomh geografach den teagmhas (Domhanleithead agus Domhanfhad) de réir céimeanna agus nóiméad)

iii. Dáta (LL/MM/BBBB, lá/mí/bliain)

iv. Aitheantóir DFAD (DFAD nó an sainaitheantas rabhcháin)

v. An cineál DFAD (FAD srutha déanta as ábhar nádúrtha, FAD srutha déanta as ábhair shaorga),

vi. Tréithe dearaidh DFAD

• Gné agus ábhar na páirte snámhachta agus an struchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce;

vii. An cineál gníomhaíochta, (dul chuig an DFAD, tabhairt isteach eangaí, aisghabháil, caillteanas, idirghabháil maidir le trealamh leictreonach seirbhíse).

b) Má thugtar faoi chor iascaireachta tar éis dul chuig DFAD, torthaí an choir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, cibé acu a dhéantar iad a choinneáil nó a aischur marbh nó beo nó nach ndéantar. Tuairisceoidh CPCanna na sonraí sin a dhéantar a chomhiomlánú in aghaidh an tsoithigh ar chéim 1*1 (i gcás inarb infheidhme) agus go míosúil don Rúnaíocht

SONRAÍ A BHAILIÚ LE hAGHAIDH AFADanna

a) Aon ghníomhaíocht timpeall AFAD.
b) Maidir le gach gníomhaíocht timpeall AFAD (deisiú, idirghabháil, comhdhlúthú, etc.), cibé acu a leanann cor iascaireachta nó aon ghníomhaíocht eile nó nach leanann, tá an méid seo a leanas le tuairisciú:

ii. Suíomh (ina shuíomh geografach den teagmhas (Domhanleithead agus Domhanfhad) de réir céimeanna agus nóiméad)

ii. Dáta (LL/MM/BBBB, lá/mí/bliain)

iii. aitheantóir AFAD (i.e. Marcáil FAD nó an sainaitheantas rabhcháin nó faisnéis ar bith lenar féidir an t
‑úinéir a aithint).

c) Má thugtar faoi chor iascaireachta tar éis dul chuig FAD nó gníomhaíochtaí iascaireachta eile, torthaí an choir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, cibé acu a dhéantar iad a choinneáil nó a aischur marbh nó beo nó nach ndéantar.

IARSCRÍBHINN 4

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mhara in iascaigh spiléir

 
Maolú

Tuairisc

Sonraíochtaí

Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá

Gan doruithe a chur idir camhaoir agus coineascar muirí. 
Gan ach a laghad is gá de shoilsiú deice a bheith ann.

Déantar coineascar muirí agus camhaoir mhuirí a shainmhíniú faoi mar a leagtar amach iad i dtáblaí an Almanaig Loingseoireachta maidir leis an domhanleithead, am áitiúil agus dáta ábhartha. 
Níor cheart don soilsiú íosta deice na híoschaighdeáin sábháilteachta agus loingseoireachta a shárú.

Línte scanraithe éan (línte Tori)

Déanfar línte scanraithe éan a úsáid nuair atá trealamh spiléir in úsáid chun an ruaig a chur ar éin ó theacht i ngiorracht don snúda.

I gcás soithí is faide ná 35 m nó cothrom leis:

·Is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a úsáid. Más indéanta, moltar do na soithí an dara cuaille tori agus an dara líne scanraithe éan a úsáid tráth a bhíonn líon mór éan ann nó cuid mhór gníomhaíochtaí éan ann; is ceart an dá líne scanraithe éan a úsáid an tráth céanna, ceann ar gach taobh den dorú atá á chur;

·Ní mór fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná 100 m nó cothrom leis;

·Is ceart úsáid a bhaint as sraoilleáin fhada atá sách fada le go sínfeadh siad chomh fada le barr na farraige agus í ina calm;

·ní mór gan na sraoilleáin fhada a bheith níos faide ná 5 m ó chéile.

I gcás soithí atá níos giorra na 35 m:

·Is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a úsáid.

·Ní mór fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná 75 m nó cothrom leis;

·Is gá sraoilleáin atá fada agus/nó gearr (ach níos faide ná 1 m ar fad) a úsáid agus iad a bheith ceangailte den líne mar a leanas:

·Sraoilleáin ghearra: gan de bhearna níos faide ná 2 m a bheith eatarthu.

·Sraoilleáin fhada: gan de bhearna níos faide ná 5 m a bheith eatarthu den chéad 55 m de líne scanraithe éan.

Cuirtear treoirlínte breise maidir le dearadh agus úsáid línte scanraithe éan ar fáil in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an rialachán seo.

Meáchan ar na línte

Meáchain líne a chur ar an snúda sula gcuirfear san uisce é

Níos mó ná 45 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 1 m ón duán; nó 
Níos mó ná 60 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 3.5 m ón duán; nó 
Níos mó ná meáchan 98 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 4 m ón duán.

IARSCRÍBHINN 5

Treoirlínte Forlíontacha maidir le Dearadh agus Úsáid Línte Scanraithe Éan

Brollach

Tá na híoschaighdeáin theicniúla maidir le húsáid línte scanraithe éan le fáil in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ní thugtar iad anseo arís. Tá na treoirlínte forlíontacha seo ceaptha chun cuidiú le rialacháin maidir le línte scanraithe éan i gcás soithí spiléir a ullmhú agus a chur chun feidhme. D'ainneoin go bhfuil na treoirlínte seo sách soiléir, moltar éifeachtúlacht na línte scanraithe éan a fheabhsú trí thástáil a dhéanamh laistigh de cheanglais Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an rialachán. Cuirtear san áireamh sna treoirlínte athróga comhshaoil agus oibríochtúla, ina measc dálaí aimsire mar aon leis an luas lena gcuirtear amach na línte agus méid na loinge, ar fachtóirí iad uile a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht agus ar dhearadh na línte scanraithe le baoití a chosaint ar éin. D'fhonn na hathróga sin a chur san áireamh féadfaidh athrú teacht ar dhearadh na línte scanraithe éan agus ar an úsáid a bhaintear astu ar choinníoll nach ndéanfar dochar d'fheidhmíocht na línte. Tá sé beartaithe feabhas leanúnach a chur ar dhearadh na línte scanraithe éan agus, dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin amach anseo.

Dearadh na línte scanraithe éan (féach Figiúr 1)

1. Gléas tarraingthe iomchuí ar an gcuid sin den líne scanraithe éan atá san uisce, féadfaidh gléas den chineál sin fairsinge aeir na líne a fheabhsú.
2. Ba cheart go mbeadh an chuid sin den líne atá os cionn an uisce sách éadrom chun nach bhféadfadh na héin a gluaiseachtaí a thuar nó nach rachadh siad i dtaithí uirthi agus ba cheart go mbeadh an líne sách trom chun nach gcuirfeadh an ghaoth dá treo í.

3. Is fearr an líne a cheangal den soitheach le sclóin láidir bhairille chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin.

4. Ba cheart na sraoilleáin a bheith déanta as ábhar atá feiceálach agus a bhogann go beoga ar bhealach nach féidir a thuar (mar shampla, líne fhíneálta láidir atá cumhdaithe le feadánra polúireatáin dearg) atá ar crochadh ó sclóin láidir trí bhealach (chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin) agus iad ceangailte den líne scanraithe éan.

5. Ba cheart dhá dhual nó níos mó a bheith i ngach sraoilleán.

6. Ba cheart a bheith in ann an sraoilleán a bhaint trí bhíthin fáiscín sa chaoi gur éifeachtúla stuáil na líne.

Línte scanraithe éan a úsáid

1. Ba cheart an líne a bheith ar crochadh ó chuaille atá feistithe den soitheach. Ba cheart an cuaille scanraithe éan a shocrú chomh hard agus is féidir sa chaoi go ndéanfadh an líne bhaoití a bhfuil fad maith idir iad agus cúl an tsoithigh a chosaint agus nach rachadh sí i bhfostú sa trealamh iascaireachta. Dá airde an cuaille is fearr an chosaint baoití. Mar shampla, thabharfadh cuaille atá tuairim is 7 m os cionn na huiscelíne thart ar 100 m de chosaint baoití.
2. Mura bhfuil ach líne amháin scanraithe éan in úsáid ag soithí, is ceart í a chur taobh na gaoithe de bhaoití báite. Má chuirtear amach duáin bhaoiteáilte taobh amuigh den mharbhshruth, is ceart pointe ceangail na líne sraoilleán den soitheach a bheith suite roinnt méadar taobh amuigh de thaobh an tsoithigh ar a ndéantar na baoití a chur amach. Má tá dhá líne scanraithe éan in úsáid ag soithí, ní mór na duáin bhaoiteáilte a chur amach taobh istigh den limistéar idir an dá líne scanraithe éan.

3. Moltar go ndéanfar iliomad línte scanraithe éan a chur amach chun cosaint bhreise ar éin a thabhairt do bhaoití.

4. Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ní mór línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus lena chinntiú gur féidir leanúint d'oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh. Is féidir scaoilteán a bheith mar chuid den líne scanraithe éan chun fadhbanna sábháilteachta agus oibríochtúla a laghdú sa chás go rachadh snámhán spiléir in achrann nó i bhfostú i bhfairsinge uisce na líne sraoilleán.

5. Nuair a bhíonn meaisín caite amach baoití (BCM) in úsáid ag iascairí, ní mór dóibh a chinntiú go ndéantar comhordú ar na línte scanraithe éan agus an meaisín mar a leanas: i) a áirithiú go gcaitheann BCM na baoití go díreach faoi chosaint na línte scanraithe éan, agus ii) nuair a bhíonn BCM (nó cuid mhór BCManna) in ann caitheamh le clébhord agus deasbhord araon, ba cheart dhá líne scanraithe éan a úsáid.

6. Nuair a bhíonn an snúda á chaitheamh amach de lámh, ní mór do na hiascairí a chinntiú go gcaitear amach na duáin bhaoiteáilte agus na codanna corntha den snúda faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan agus go seachnaítear an tsuaiteacht liáin a mhoilleodh an ráta suncála.

7. Moltar d'iascairí crainn tochrais láimhe, leictreacha nó hiodrálacha a shuiteáil chun cur amach agus aisghabháil na línte scanraithe éan a éascú.

Fadlíne (Cumraíocht Ghiair): Meánfhad líne brainse (méadair): Fad díreach i méadair idir snap agus duán.

Aistriúchán:

Snámhphointe

Leibhéal na farraige

Teocht dhromchla na farraige

Fad na líne snámhachta

Ábhar na príomhlíne

Meánfhad idir brainsí

Fad líne an bhrainse

Maidí solais

An cineál snúda/riain

An cineál duáin

An cineál baoite

Duáin idir snámháin (duáin in aghaidh an chiseáin)

IARSCRÍBHINN 6

Forálacha ginearálta maidir leis an gcomhaontú um chairtfhostú

Beidh na coinníollacha seo a leanas sa chomhaontú um chairtfhostú:

Thoiligh CPC brataí i scríbhinn leis an gcomhaontú um chairtfhostú;

Ní rachaidh fad na n‑oibríochtaí iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú thar 12 mhí san iomlán in aon bhliain féilire;

Déanfar soithí iascaireachta atá le cairtfhostú a chlárú le Páirtithe Conarthacha agus Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha freagracha, a chomhaontaíonn go sainráite le Bearta Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC a chur i bhfeidhm agus iad a fhorfheidhmiú ar a gcuid soithí. Déanfaidh gach Páirtí Conarthach nó gach Páirtí Comhoibritheach brataí Neamhchonarthach lena mbaineann a ndualgas a fheidhmiú go héifeachtach maidir lena soithí iascaireachta a rialú chun a áirithiú go gcomhlíonfar Bearta Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC.

Beidh soithí iascaireachta atá le cairtfhostú ar thaifead IOTC ar shoithí atá údaraithe chun oibriú sa limistéar faoi Réimse Inniúlachta IOTC.

Gan dochar do dhualgais CPC ar chairtfhostú, áiritheoidh CPC brataí go gcomhlíonann an soitheach cairtfhostaithe reachtaíocht CPC ar chairtfhostú agus reachtaíocht CPCanna brataí araon agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh soithí cairtfhostaithe Bearta ábhartha Caomhnaithe agus Bainistíochta arna mbunú ag IOTC, i gcomhréir lena gcearta, lena n‑oibleagáidí agus lena ndlínse faoin dlí idirnáisiúnta. Má cheadaíonn CPC ar chairtfhostú don soitheach cairtfhostaithe dul ag iascaireacht ar an mórmhuir, is é CPC brataí a bheidh freagrach as an iascaireacht mhórmhara a dhéanfar de bhun shocrú na cairtfhostaithe. Tuairisceoidh an soitheach cairtfhostaithe VMS agus sonraí gabhála do CPCanna (ar chairtfhostú agus bratach orthu) agus do Rúnaíocht IOTC araon.

Déanfar gach gabháil (stairiúil agus reatha/atá le teacht) a chomhaireamh in aghaidh chuóta nó deiseanna iascaireachta CPC cairtfhostaithe, is é sin gach gabháil lena n‑áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a dhéanfar de bhun an chomhaontaithe um chairtfhostú. Déanfar clúdach breathnóra (stairiúil, reatha/atá le teacht) ar bord soithí den sórt sin a chomhaireamh freisin in aghaidh ráta cumhdaigh CPC ar chairtfhostú ar feadh na tréimhse a mbeidh an soitheach ag iascaireacht faoin gComhaontú um Chairtfhostú.

Tuairisceoidh CPC ar chairtfhostú don IOTC na gabhálacha go léir, lena n‑áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, agus faisnéis eile a éileoidh IOTC, agus de réir na Scéime um Fhógra Cairtfhostaithe a shonraítear i gCuid III de CMM 19/07.

Úsáidfear Córais Faireacháin Soithí (VMS) agus, de réir mar is iomchuí, uirlisí chun limistéir iascaireachta a dhifreáil, amhail clibeanna éisc nó marcanna éisc, de réir Bhearta ábhartha Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC chun iascach a bhainistiú go héifeachtach.

Beidh clúdach breathnóra ann do 5 % ar a laghad den iarracht iascaireachta.

Beidh ceadúnas iascaireachta ag na soithí cairtfhostaithe a eiseoidh CPC ar chairtfhostú, agus ní bheidh siad ar liosta NNN IOTC, agus/nó ar liosta NNN d’Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistíochta Iascaigh eile.

Agus iad ag oibriú faoi chomhaontuithe um chairtfhostú, ní údarófar do na soithí cairtfhostaithe, a mhéid is féidir, cuóta (más ann dó) ná teidlíocht Pháirtithe Conarthacha brataí ná Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha a úsáid. I gcás ar bith, ní údarófar don soitheach iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná comhaontú amháin um chairtfhostú ag an am céanna.

Mura bhforáiltear go sonrach sa chomhaontú um chairtfhostú, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus leis an rialachán náisiúnta ábhartha, déanfar gabhálacha na soithí cairtfhostaithe a dhíluchtú go heisiach i gCalafoirt an Pháirtí Chonarthaigh ar chairtfhostú nó faoina mhaoirseacht dhíreach chun a áirithiú nach mbainfidh gníomhaíochtaí na soithí cairtfhostaithe an bonn de Bhearta Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC.

Coinneofar cóip den doiciméadacht chairtfhostaithe ar bord an tsoithigh chairtfhostaithe i gcónaí.

(1)    I gcás ina bhfuil CPC ag cur an chláir breathnóra chun feidhme go hiomlán, féadfar a roghnú cé acu a sholáthrófar sonraí faoi éanlaith mhara nó nach soláthrófar
(2)    I gcás ina bhfuil CPC ag cur an chláir breathnóra chun feidhme go hiomlán, féadfar a roghnú cé acu a sholáthrófar sonraí faoi éanlaith mhara nó nach soláthrófar
Top